BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an tOchtú Dlísheomra)

6 Deireadh Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Cánachas díreach — Saoirse bhunaíochta — Cáin chorparáide — Socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha — Ioncam inchánach a shocrú ar bhonn ioncaim íosta toimhdithe — Cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí náisiúnta rialáilte a eisiamh ó raon feidhme na socruithe cánach seo)

I gCásanna Uamtha C‑433/21 agus C‑434/21,

IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Corte suprema di cassazione (an Chúirt Freaschuir Uachtarach, an Iodáil), trí bhreitheanna an 8 Iúil 2021, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Iúil 2021, sna himeachtaí idir

Agenzia delle Entrate

v

Contship Italia

tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Jääskinen (Rapóirtéir), Uachtarán an Dlísheomra, M. Safjan agus N. Piçarra, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Contship Italia SpA, ag F. d’Ayala Valva, avvocato,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. De Bellis, D. G. Pintus agus F. Urbani Neri, avvocati dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag W. Roels agus P. Rossi, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh, agus an tAbhcóide Ginearálta éistithe, rialú a thabhairt gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 18 CFAE, arna léamh i gcomhar le prionsabal na saoirse bunaíochta a thíolactar in Airteagal 49 CFAE.

2

Rinneadh na hiarrataí seo in dhá imeacht, ar comhionann a bhfíricí cé is moite de na blianta cánach lena mbaineann, eadhon, an bhliain chánach 2005 i gcás C‑433/21 agus an bhliain chánach 2004 i gcás C‑434/21, idir Contship Italia SpA (“Contship”), arb í an chuideachta éadála ar Borgo Supermercati Srl agus atá ina chomharba dlíthiúil air, agus an Agenzia delle Entrate (an t‑Údarás Fioscach, an Iodáil) maidir leis na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha a chur i bhfeidhm.

An dlí lena mbaineann

3

Leagtar seo a leanas amach in Airteagal 30(1) den legge n. 724 – Misure di razionalizzazione della finanza pubblica (Dlí Uimh. 724 maidir le bearta cuíchóirithe airgeadais phoiblí), an 23 Nollaig 1994 (gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 304 an 30 Nollaig 1994) sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (“Dlí Uimh. 724/1994”):

“Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil cuideachtaí comhstoic, comhpháirtíochtaí faoi theorainn scaireanna, cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, comhpháirtíochtaí ginearálta, comhphairtíochtaí teoranta agus cuideachtaí agus eintiteas neamh-chónaitheacha atá buanbhunaithe sa chríoch náisiúnta, mura gcruthófar a mhalairt, ina gcuideachtaí caocha más lú comhiomlán an lánioncaim agus na méaduithe ar fharasbairr agus ar fháltais, cé is moite díobhsan atá urghnách de thoradh an ráitéis ioncaim, i gcás ina n‑éilítear amhlaidh, ná suim na méideanna a fhaightear ar chur i bhfeidhm an méid seo a leanas: (a) 1 % de luach na maoine a léirítear in Airteagal 53(1)(c) den decreto del Presidente della Repubblica n. 917 – Approvazione del testo unico delle imposte sui redditi (Foraithne Uimh. 917 ó Uachtarán na Poblachta lena bhformheastar an téacs comhdhlúite maidir leis an gcáin ioncaim), an 22 Nollaig 1986 (gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 302, an 31 Nollaig 1986), fiú más sócmhainní dochta airgeadais iad, móide luach na gcreidmheasanna; (b) 4 % de luach na sóchmhainní dochta arb iad atá iontu ná réadmhaoin agus maoin dá dtagraítear in Airteagal 8a(1)(a) den decreto del Presidente della Repubblica n. 633 – Istituzione e disciplina dell’imposta sul valore aggiunto (Foraithne Uimh. 633 ó Uachtarán na Poblachta lena mbunaítear agus lena rialaítear cáin bhreisluacha) an 26 Deireadh Fómhair 1972 (gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 292, an 11 Samhain 1972, lch. 2), arna leasú, lena n‑áirítear réadmhaoin agus maoin atá ar léas; (c) 15 % de luach na sócmhainní eile, lena n-áirítear sócmhainní atá ar léas.

[...]

Ní bheidh na forálacha thuasluaite infheidhme maidir le: [...]

(5) cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile [...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Leathnaíodh raon feidhme an eisiata dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 do “chuideachtaí agus eintitis faoina rialú atá cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus ar mhargaí rialáilte eachtracha agus do chuideachtaí agus eintitis atá liostaithe iontu féin agus do chuideachtaí faoina rialú, fiú go hindíreach” le hAirteagal 1(109) den legge n. 296 – Disposizioni per la formazione del bilancio annuale e pluriennale dello Stato (legge finanziaria 2007) [Dlí Uimh. 296 maidir le forálacha lena socraítear buiséad bliantúil agus ilbhliantúil an Stáit (an Dlí Airgeadais 2007)], an 27 Nollaig 2006 (gnáthfhorlíonadh ar GURI Uimh. 299, an 27 Nollaig 2006), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (“Dlí Uimh. 296/2006”) le héifeacht ón mbliain chánach a bhí ann an 4 Iúil 2006.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

5

Ba chuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi dhlí na hIodáile é Borgo Supermercati a bhí ar úinéireacht 100% ag Eurokai KGaA, a bhí liostaithe ar stocmhalartán sa Ghearmáin. Le linn na mblianta cánach 2004 agus 2005, “cuideachta sealbhaíochta amháin” a bhí i Borgo Supermercati ós rud é nach raibh ar bun aige mar ghníomhaíocht ach a chuid scaireanna i Mika Srl a bhainistiú, inarbh eisean an t‑aon scairshealbhóir amháin.

6

Le dhá fhógra measúnachta, a bhaineann leis na blianta cánach 2004 agus 2005, bhí an t-údarás cánach den tuairim, de réir Airteagal 30 de Dhlí Uimh. 724/1994, gur chomhlíon Borgo Supermercati na critéir ionas go bhféadfaí a mheas go bhfuil sé ina chuideachta chaoch agus, i gcomhréir leis an Airteagal sin, shocraigh sé an t‑ioncam atá inchánach chun críocha cánach corparáide (imposta sui redditi delle società; IRES) ag an gcuideachta sin, lena athchruthú ó luach na sócmhainne amháin atá ar úinéireacht ag an gcuideachta sin, eadhon, na scaireanna 100 % i Mika atá i seilbh aige.

7

Thionscain Borgo Supermercati dhá chaingean i gcoinne an dá fhógra measúnachta seo os comhair Commissione tributaria provinciale di Genova (an Coimisiún Cánach Cúige, Genoa, an Iodáil) a dhiúltaigh an dá chaingean ina n‑iomláine.

8

Thug Borgo Supermercati dhá achomharc i gcoinne na gcinntí diúltaithe ag an gCoimisiún Cánach Cúige, Genoa os comhair Commissione tributaria regionale della Liguria (an Chúirt Réigiúnach Chánach, Liguria, an Iodáil) ar sheas leis an dá achomharc i bpáirt.

9

Rialaigh Commissione tributaria regionale della Liguria (an Chúirt Réigiúnach Chánach, Liguria) go bhféadfaí an foras i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithscheachanta cánach do chuideachtaí caocha dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, nach raibh ach cuideachtaí atá liostaithe go díreach faoina raon feidhme tráth na bhfíoras idir lámha sna príomhimeachtaí, a leathnú amhail go bhfuil Borgo Supermercati san áireamh toisc go raibh sé ar úinéireacht ag cuideachta atá liostaithe ar stocmhalartán sa Ghearmáin le linn na bliana cánach lena mbaineann. Ba ghá an léiriú fairsing seo de bhua an phrionsabail go bhfuil sé réasúnach agus iomchuí an foras i gcomhair eisiamh a bhaineann le liostú ar an stocmhalartán a léiriú i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, cé nach ndearna an reachtas aon fhoráil maidir le raon feidhme Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 a leathnú mar sin go dtí an t‑athchóiriú arna thabhairt isteach le Dlí Uimh. 296/2006.

10

Rinne an t-údarás cánach agus Contship, a rinne eádáil ar Borgo Supermercati san idirlinn, achomharc i gcoinne chinntí Commissione tributaria regionale della Liguria (an Chúirt Réigiúnach Chánach, Liguria) os comhair an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Freaschuir Uachtarach, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur.

11

Mar thaca lena n‑achomharc, áitíonn Contship, go bunúsach, gur cheart caitheamh leis an gcuideachta a rialaítear le dlí na Gearmáine agus a bhfuil 100% de scaireanna Borgo Supermercati ina seilbh, ar bhonn na reachtaíochta a léiriú go comhleanúnach, mar cheann de na “cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile” dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, sa leagan is infheidhme ratione temporis maidir leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí, agus, mar sin, ba cheart nach dtagann fochuideachta na cuideachta seo ex lege ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha. Dar le Contship, dhéanfaí idirdhealú ar bhonn náisiúntachta ar an eintiteas rialála mar aon le difear do shaoirse bhunaíochta agus do shaoirse tionscaimh eacnamaíoch agus trádála laistigh den Aontas Eorpach le hAirteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, sa leagan roimh Dhlí Uimh. 296/2006, a léiriú i mbealach nach bhfuil ar aon dul leis an gcur chuige a thuairiscítear thuas.

12

De réir Contship, dearbhaítear a léiriú leis an leasú a rinneadh ar Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 le Dlí Uimh. 296/2006 lenar tugadh an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréireacht leis na prionsabail a théann le dlíchóras an Aontais ar bhealach éigin.

13

Mar réamhphointe, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil sé mar aidhm ag na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha dá dtagraítear in Airteagal 30 de Dhlí Uimh. 724/1994 cur in aghaidh dul i muinín foirm dhlíthiúil shonrach chun críocha seachas iadsan lena spreagtar gnáthchóras na n‑eintiteas tráchtála comhchoiteann. Sonraíonn an chúirt sin nach bhfuil feidhm ag na socruithe sin ach amháin maidir le cuideachtaí tráchtála atá dírithe ar bhrabús a dhéanamh, lena n‑áirítear buanbhunaíochtaí atá ag cuideachtaí eachtracha agus cuideachtaí ar a dtugtar “seach-chríochacha”.

14

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil na cuideachtaí atá faoi réir na socruithe sin le sainaithint trí thástáil de “chineál oibríochtúil”, mar a thugtar air, a chur i bhfeidhm, ar tástáil í faoina measúnaítear táirgiúlacht shócmhainní na gcuideachtaí sin i ndáil le paraiméadair ioncaim íosta arna réamhchinneadh leis an dlí. Mar sin, i gcás ina ndearbhaíonn cuideachta, don bhliain chánach ábhartha, ioncam atá faoi bhun an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bparaiméadar ioncaim íosta sin, toimhdítear nach bhfuil gné oibríochtúil ag an gcuideachta sin, rud a fhágann go ndéantar a hioncam inchánach a chinneadh ar bhonn an ioncaim íosta lena dtoimhdítear an dlí.

15

Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin go bhforáiltear le hAirteagal 30 de Dhlí Uimh. 724/1994 d’fhorais lena n‑eisiatar ó raon feidhme na socruithe cánach sin. Áirítear i measc na bhforas eisiata sin an foras dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 lena sonraítear, sa leagan is infheidhme ratione temporis maidir leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí, nach bhfuil feidhm ag na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha maidir le “cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile”.

16

Cuireann an chúirt sin i dtreis gur leathnaíodh raon feidhme Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 le Dlí Uimh. 296/2006 do “chuideachtaí agus eintitis faoina rialú atá cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile nó ar mhargaí rialáilte eachtracha agus do chuideachtaí agus eintitis atá liostaithe iontu féin agus do chuideachtaí faoina rialú, fiú go hindíreach” le héifeacht ón mbliain chánach a bhí ann an 4 Iúil 2006. Mar sin féin, measann an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Freaschuir Uachtarach, an Iodáil) nach bhfuil an leasú sin infheidhme ratione temporis maidir leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí agus nár ceadaíodh le foclaíocht Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 mar a bhí ann roimh an leasú sin léiriú a ghlacadh ar dá réir a d’fhéadfadh leathnú raon feidhme an fhorais i gcomhair eisiamh a fhreagraíonn d’fhochuideachtaí cuideachtaí liostaithe, bíodh sin san Iodáil nó thar lear, a bheith infheidhme cheana féin tráth na n‑imeachtaí sin.

17

Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur faoi chomhréireacht Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí na príomhimeachtaí, le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, arna léamh i gcomhar le prionsabal na saoirse bunaíochta, a chumhdaítear in Airteagail 18 agus 49 CFAE faoi seach.

18

Dar leis an gcúirt sin, d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh sensu stricto idir cuideachtaí a eisíonn urrúis a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus cuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí eachtracha mar thoradh ar Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994. Thairis sin, ós rud é nach ndéantar an foras i gcomhair eisiamh lena mbaineann, a d’fhéadfadh a bheith chun sochar fioscach, a leathnú do mháthairchuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus ar mhargaí rialáilte eachtracha, d’fhéadfaí srian a chur ar an tsaoirse bhunaíochta, leis an éifeacht bactha as a siocair, ar chuideachtaí iad ag a bhfuil sé de rún, cé go bhfuil siad neamhchónaitheach agus nach bhfuil buanbhunaíocht acu, saoirse thánaisteach bhunaíochta a fheidhmiú san Iodáil trí chuideachtaí cónaitheacha sa tír sin a rialú.

19

Sna himthosca sin, chinn an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Freaschuir Uachtarach, an Iodáil) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú i gcás C‑433/21 agus i gcás C‑434/21:

“An gcuirtear toirmeasc le hAirteagail 18 (sean‑Airteagal 12 CE) agus 49 (sean‑Airteagal 43 CE) CFAE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 30(1)(5) de [Dlí Uimh. 724/1994], sa leagan is infheidhme ratione temporis, roimh na leasuithe a tugadh isteach le [Dlí Uimh. 296/2006], nach n‑eisiatar leis ó raon feidhme na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha — atá bunaithe ar íosrialacha a shocrú maidir leis an ioncam agus na fáltais atá nasctha le luach sócmhainní sonracha cuideachta, ar tásc nach mbaintear na híosmhéideanna seo amach gur cuideachta chaoch an chuideachta lena mbaineann agus lena socraítear an t‑ioncam atá inchánach ar bhonn toimhdithe — ach cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus ní cuideachtaí agus eintitis a bhfuil a n‑urrúis á dtrádáil ar mhargaí rialáilte eachtracha, chomh maith leis na cuideachtaí agus na heintitis sin a rialaíonn na cuideachtaí agus na heintitis liostaithe sin nó atá faoi rialú acu, fiú go hindíreach?”

20

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2021, rinneadh na cásanna seo a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus chun críocha chinneadh na Cúirte.

Inghlacthacht na n‑iarrataí ar réamhrialú

21

Áitíonn Rialtas na hIodáile go bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú do-ghlachta ar an bhforas nach ndéantar ach cur i gcás leis an gceist a cuireadh sa dá chás uamtha.

22

Áitíonn an Rialtas sin nach raibh feidhm ag an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, tráth na bhfíoras idir lámha sna príomhimeachtaí na príomhimeachtaí, ach amháin maidir le cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte de chuid na hIodáile agus, mar thoradh air sin, ós rud é nár eisigh Contship urrúis riamh, bíodh sin ar mhargadh na hIodáile nó ar mhargadh eachtrach, nach bhféadfadh sé a áitiú go ndearnadh idirdhealú ina choinne sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

23

Ní mór a mheabhrú i ndáil leis sin gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar os a comhair a tugadh an díospóid, agus nach mór di glacadh le freagracht as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh ar an ngá le réamhrialú le bheith in ann a breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna arna gcur aici don Chúirt, i bhfianaise shainiúlachtaí an cháis. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tíolacadh le léiriú dhlí an Aontais, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnais an 18 Deireadh Fómhair 1990, Dzodzi, C‑297/88 agus C‑197/89, EU:C:1990:360, míreanna 34 agus 35; an 13 Samhain 2018, Levola Hengelo, C‑310/17, EU:C:2018:899, mír 27 agus an cásdlí a luaitear, agus an 28 Aibreán 2022, Caruter, C‑642/20, EU:C:2022:308, mír 28).

24

Ba cheart a mheabhrú, de réir an chásdlí shocair, go mbaineann toimhde ábharthachta le ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach ar faoin gcúirt sin atá sé a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé cruinneas a fhíorú. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú rialú ar cheist a tharchuireann cúirt náisiúnta ach amháin i gcás inar léir nach bhfuil aon bhaint ag an léirmhíniú ar dhlí an Aontais a iarrtar le fíorais iarbhír na príomhghníomhaíochta ná lena cuspóir, ach amháin i gcás inar ríléir nach bhfuil aon bhaint le fírinne nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí ag an léiriú a lorgaíodh ar dhlí an Aontais, sa chás nach bhfuil san fhadhb ach cur i gcás nó fiú sa chás nach bhfuil na fíricí agus pointí dlí ag an gCúirt is gá le freagra fónta a thabhairt ar na ceisteanna arna gcur os a comhair (breithiúnais an 5 Nollaig 2006, Cipolla agus páirtithe eile, C‑94/04 agus C‑202/04, EU:C:2006:758, mír 25; an 13 Samhain 2018, Levola Hengelo, C‑310/17, EU:C:2018:899, mír 28 agus an cásdlí a luaitear, agus an 28 Aibreán 2022, Caruter, C‑642/20, EU:C:2022:308, mír 29 agus an cásdlí a luaitear).

25

Sa chás seo, is léir ó na horduithe tarchuir, cé nár eisigh Contship riamh urrúis ar mhargadh na hIodáile nó ar mhargadh eachtrach, go bhféadfadh cineál idirdhealaitheach an fhorais i gcomhair eisiamh dá bhforáiltear le hAirteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 a bheith mar thoradh ar fhochuideachtaí cuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus fochuideachtaí cuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte eachtracha a gcaitear leo godifriúil.

26

Thairis sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an mbeadh éifeacht bactha ag an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar chuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí rialaithe eachtracha, ar cuideachtaí iad, cé go bhfuil siad neamhchónaitheach agus nach bhfuil buanbhunaíocht acu, ag a bhfuil sé de rún, mar sin féin, saoirse thánaisteach bhunaíochta a fheidhmiú san Iodáil trí chuideachtaí cónaitheacha sa tír sin a rialú.

27

Dá bhrí sin, ní ríléir é nach mbaineann an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír na bpríomhghníomhaíochtaí ná a gcuspóir.

28

Is léir ón méid sin roimhe seo go bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú inghlactha.

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

Réamhbharúlacha

29

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 18 CFAE go neamhspleách ach amháin maidir le cásanna arna rialú ag dlí an Aontais nach leagtar síos le Conradh FAE aon toirmeasc sonrach ar idirdhealú ina leith. Dá bhrí sin, cuireadh prionsabal an neamh-idirdhealaithe chun feidhme, i réimse an chirt bhunaíochta, in Airteagal 49 CFAE (breithiúnais an 29 Feabhra 1996, Skanavi agus Chryssanthakopoulos, C‑193/94, EU:C:1996:70, míreanna 20 agus 21, agus an 5 Feabhra 2014, Hervis Sport- és Divatkereskedelmi, C‑385/12, EU:C:2014:47, mír 25, agus Ordú an 22 Deireadh Fómhair 2021, O agus páirtithe eile, C‑691/20, nár foilsíodh, EU:C:2021:895, míreanna 20 agus 21).

30

Dá réir sin, ós rud é go mbaineann na fíorais sna príomhimeachtaí le cuideachta Iodálach atá faoi rialú ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, is é Airteagal 49 CFAE an fhoráil ábhartha chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, mutatis mutandis, breithiúnais an 13 Samhain 2012, Test Claimants in the FII Group Litigation, C‑35/11, EU:C:2012:707, mír 91, agus an 3 Márta 2020, Tesco-Global Áruházak, C‑323/18, EU:C:2020:140, mír 52).

31

Mar thoradh air sin, ní mór Airteagal 49 CFAE amháin a léiriú, gan aon ghá a bheith ann le hAirteagal 18 CFAE a léiriú.

An tsaoirse bhunaíochta

32

Lena ceisteanna, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcuirtear toirmeasc leis an tsaoirse bhunaíochta a chumhdaítear in Airteagal 49 CFAE ar reachtaíocht amhail Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí, nach gceadaítear léi ach do chuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte náisiúnta, tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh eisiata ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, gan cuideachtaí eile a chur san áireamh san fhoras i gcomhair an eisiamh seo, bíodh siad náisiúnta nó eachtrach, nach dtrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte eachtracha.

33

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú go gceanglaítear le hAirteagal 49 CFAE deireadh a chur le srianta ar shaoirse bhunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit i gcríoch Ballstáit eile. Áirítear leis an tsaoirse sin, de bhun Airteagal 54 CFAE, do chuideachtaí arna mbunú i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstáit agus a bhfuil a n‑oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó laistigh den Aontas Eorpach, an ceart chun a ngníomhaíocht a fheidhmiú i mBallstáit eile trí fhochuideachta, trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Meán Fómhair 1999, Saint‑Gobain ZN, C‑307/97, EU:C:1999:438, mír 35, agus an 20 Eanáir 2021, Lexel, C‑484/19, EU:C:2021:34, mír 33 agus an cásdlí a luaitear).

34

Is éard is aidhm leis an tsaoirse bhunaíochta ná a áirithiú go gcaitear mar náisiúnaigh sa Stát óstach le náisiúnaigh Ballstáit eile agus le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 54 CFAE agus cuirtear cosc, a mhéid a bhaineann sé le cuideachtaí, ar aon idirdhealú bunaithe ar shuíomh na ceanncheathrún (breithiúnais an 12 Nollaig 2006, Test Claimants in Class IV of the ACT Group Litigation, C‑374/04, EU:C:2006:773, mír 43, agus an 3 Márta 2020, Tesco-Global Áruházak, C-323/18, EU:C:2020:140, mír 59 agus an cásdlí a luaitear).

35

I ndáil leis sin, ní hamháin go gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú follasach bunaithe ar shuíomh cheanncheathrún na gcuideachtaí, ach cuirtear toirmeasc ar gach cineál idirdhealaithe faoi cheilt as a dtagann an toradh céanna, trí chritéir idirdhealaithe eile a chur i bhfeidhm (breithiúnais an 5 Feabhra 2014, Hervis Sport‑ és Divatkereskedelmi, C‑385/12, EU:C:2014:47, mír 30; an 3 Márta 2020, Tesco-Global Áruházak, C‑323/18, EU:C:2020:140, mír 62; agus an 25 Feabhra 2021, Novo Banco, C‑712/19, EU:C:2021:137, mír 31).

36

Féadfar toirmeasc mar sin a bheith i gceist le reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar idirdhealú, chun críocha ioncam inchánach a shocrú, de réir an tsuímh ina thrádáiltear na scaireanna lena mbaineann.

37

Mar sin féin, sa chás seo, i gcomhréir le hAirteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, sa leagan is infheidhme ratione temporis leis na fíorais idir lámha sna príomhimeachtaí, ní féidir ach “cuideachtaí agus eintitis a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte na hIodáile” amháin tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha.

38

Dá réir sin, i bhfianaise raon feidhme na forála sin, is léir nach n‑eascraíonn aon difríocht sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí maidir leis an gcaoi a gcaitear le cuideachta atá i seilbh máthairchuideachta atá liostaithe sa Ghearmáin, amhail Contship, agus cuideachta atá i seilbh máthairchuideachta atá liostaithe san Iodáil. Ós rud é nach gceadaítear leis an reachtaíocht sin ach do chuideachtaí atá liostaithe iad féin ar mhargadh rialáilte na hIodáile tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh eisiata ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caoch, dá bhforáiltear le hAirteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, ní bhaineann sé le hábhar cibé an fochuideachta máthairchuideachta atá liostaithe san Iodáil nó thar lear í cuideachta.

39

Os a choinne sin, is léir ón bhfaisnéis a bhí ar fáil don Chúirt nár eisigh Contship scaireanna riamh ar mhargadh rialáilte na hIodáile agus, ar an gcúis sin, nár bhain sé tairbhe as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, ar aon dul le gach cuideachta neamhliostaithe eile de chuid na hIodáile. Mar thoradh air sin, dá mbeadh Contship faoi rialú ag cuideachta atá liostaithe san Iodáil seachas ag cuideachta atá liostaithe sa Ghearmáin, ní fhéadfadh sí brath ar an bhforas i gcomhair eisiamh a leagtar síos san fhoráil sin ach an oiread.

40

Sna himthosca sin, ní féidir a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 go gcaitear go difriúil le cuideachta atá i seilbh máthairchuideachta atá liostaithe thar lear agus cuideachta atá i seilbh máthairchuideachta atá liostaithe san Iodáil.

41

Sa dara háit, is léir ó chásdlí socair go gcuirtear cosc le hAirteagal 49 CFAE ar aon bheart náisiúnta, fiú gan idirdhealú ar bhonn náisiúntachta, a d’fhéadfadh bac a chur ar shaoránaigh an Aontais an tsaoirse bhunaíochta a ráthaítear le Conradh FAE a fheidhmiú nó gur lú an tarraingt a bheadh acu ar fheidhmiú na saoirse sin, agus go bhféadfadh a leithéid d’éifeachtaí sriantacha bactha teacht chun cinn, inter alia, i gcás ina bhféadfaí, mar gheall ar an reachtaíocht náisiúnta, cuideachta a dhíspreagadh ó fho-eintitis a bhunú, amhail buanbhunaíochtaí, i mBallstáit eile agus óna gníomhaíochtaí a dhéanamh trí na heintitis sin (breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2020, Vivendi, C‑719/18, EU:C:2020:627, mír 51, agus Ordú an 22 Deireadh Fómhair 2021, O agus páirtithe eile, C‑691/20, nár foilsíodh, EU:C:2021:895, mír 23).

42

I ndáil leis sin, ní mór a chur i dtreis gurb amhlaidh, faoi phrionsabal neamhspleáchas fioscach na mBallstát, in éagmais bearta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gur faoi na Ballstáit atá sé na bearta cánach is infheidhme maidir le cuideachtaí caocha toimhdithe a chinneadh. Mar sin féin, ní mór an chumhacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus, go háirithe, forálacha Chonradh FAE maidir leis an tsaoirse bhunaíochta (féach, mutatis mutandis, breithiúnais an 30 Meitheamh 2011, Meilicke agus páirtithe eile, C‑262/09, EU:C:2011:438, míreanna 37 agus 38, agus an 19 Nollaig 2019, Brussels Securities, C 389/18, EU:C:2019:1132, mír 48 agus an cásdlí a luaitear).

43

Sa chás seo, áfach, is léir ón reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, nuair atá máthairchuideachta ar mhargadh rialáilte na hIodáile, ní féidir a fo-chuideachta tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, ar aon dul le gach fo-cuideachta neamhliostaithe eile de chuid na hIodáile.

44

Is léir nach bhfuil aon chóir chánach atá chun sochar na bhfochuideachtaí faoi réir an choinníll go bhfuil na máthairchuideachtaí liostaithe sa stocmhargadh náisiúnta.

45

Mar sin, ós rud é nach bhfuil an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí i bhfabhar cuideachtaí arna sealbhú ag máthairchuideachtaí atá liostaithe ar an margadh rialáilte náisiúnta ar mian leo tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, ní fhéadfaidh aon éifeacht bactha a bheith mar thoradh ar an reachtaíocht sin do mháthairchuideachtaí atá liostaithe ar mhargaí eachtracha.

46

Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar aon dul leis an gCoimisiún Eorpach, nach raibh feidhm ag an bhforas i gcomhair eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994 ach maidir le cuideachtaí toimhdithe caocha ar trádáladh a scaireanna ar mhargaí rialáilte na hIodáile agus ar an gcaoi sin gur eisíodh cuideachtaí caocha atá liostaithe ar mhargaí eachtracha, lena n‑áirítear cuideachtaí de chuid Ballstát seachas Poblacht na hIodáile. Ní eascraíonn na cúinsí amhlaidh, áfach, as na cásanna sna príomhimeachtaí agus, mar sin, rachadhfreagra ón gCúirt maidir le cibé an gcaitear a mheas go bhfuil a leithéid de dhifreáil ina idirdhealú maidir leis an tsaoirse bhunaíochta thar na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú agus ní fhónfadh sé don chúirt a rinne an tarchur ar mhaithe le teacht ar réiteach sna príomhimeachtaí.

47

Dá bhrí sin, maidir le srian ar raon feidhme pearsanta an fhorais i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha dá bhforáiltear le hAirteagal 30(1)(5) de Dhlí Uimh. 724/1994, amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní leor an srian sin chun bac a chur ar mháthairchuideachta atá liostaithe ar mhargadh rialáilte eachtrach a bhunú san Iodáil nó chun nach mbeidh sé chomh tarraingteach céanna.

48

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, an freagra atá le tabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur ná nach mór Airteagal 49 CFAE a léiriú amhail nach gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi ach do chuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte náisiúnta, tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, gan cuideachtaí eile a chur san áireamh san fhoras i gcomhair eisiamh seo, bíodh siad náisiúnta nó eachtrach, nach dtrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte eachtracha.

Costais

49

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na páirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léiriú amhail nach gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi ach do chuideachtaí a thrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte náisiúnta, tairbhe a bhaint as an bhforas i gcomhair eisiamh ó chur i bhfeidhm na socruithe frithsheachanta cánach do chuideachtaí caocha, gan cuideachtaí eile a chur san áireamh san fhoras i gcomhair eisiamh seo, bíodh siad náisiúnta nó eachtrach, nach dtrádáiltear a gcuid urrús ar mhargaí rialáilte náisiúnta, ach atá faoi rialú ag cuideachtaí agus eintitis atá liostaithe ar mhargaí rialáilte eachtracha.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.