BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

12 Iúil 2022 ( *1 )

(Achomharc — Fuinneamh — Margadh inmheánach sa ghás nádúrtha — Treoir 2009/73/CE — Treoir (AE) 2019/692 — Infheidhmeacht Threoir 2009/73 a leathnú maidir le píblínte gáis idir na Ballstáit agus tríú tíortha — An ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE — Caingean le haghaidh neamhniú — An coinníoll nach mór go mbeadh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an mbeart is ábhar dá chaingean nó dá caingean — Easpa lánrogha maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an iarratasóir — An coinníoll nach mór go mbeadh baint ag an iarratasóir go leithleach leis an mbeart is ábhar dá chaingean nó dá caingean — Coigeartú na ndíolúintí lena n-eisiatar an t-iarratasóir mar an t-aon oibreoir amháin ó thairbhe na ndíolúintí sin — Iarraidh ar dhoiciméid a tharraingt siar ó chomhad — Rialacha maidir le fianaise a thabhairt ar aird os comhair bhreithiúnacht an Aontais Eorpaigh — Doiciméid inmheánacha de chuid institiúidí an Aontais)

I gCás C-348/20 P,

ACHOMHARC faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 28 Iúil 2020,

Nord Stream 2 AG, arna bhunú i Zug (an Eilvéis), dá ndéanann, chun críocha na nósanna imeachta i scríbhinn agus ó bhéal, L. Van den Hende, advocaat, L. Malý, solicitor-advocate, J. Penz-Evren, Rechtsanwältin, agus M. Schonberg, solicitor-advocate ionadaíocht,

iarratasóir,

arb iad seo a leanas na páirtithe eile sna himeachtaí:

Parlaimint na hEorpa, dá ndéanann I. McDowell, L. Visaggio, J. Etienne agus O. Denkov ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann A. Lo Monaco, K. Pavlaki agus S. Boelaert ionadaíocht ar dtús, agus ina dhiaidh sin dá ndéanann A. Lo Monaco agus K. Pavlaki ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

cosantóirí ag an gcéad chéim,

arna dtacú ag:

Poblacht na hEastóine, dá ndéanann N. Grünberg ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire,

Poblacht na Laitvia, dá ndéanann K. Pommere agus V. Soņeca ar dtús agus ansin K. Pommere ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Polainne, dá ndéanann B. Majczyna ionadaíocht, i gcáil Gníomhaire,

idiragraithe san achomharc,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal (Rapóirtéir), K. Jürimäe, C. Lycourgos, S. Rodin, I. Jarukaitis agus N. Jääskinen, Uachtaráin Dlísheomra, J. –C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis éisteacht le tuairimí an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena achomharc, iarrann Nord Stream 2 AG go ndéanfaí Ordú de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 20 Bealtaine 2020, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle (T-526/19, “an t-ordú atá faoi achomharc”, EU:T:2020:210), a chur ar neamhní, a mhéid a rinne sé, ar thaobh amháin, a chaingean a dhíbheadh toisc í a bheith neamh-inghlactha maidir le Treoir (AE) 2019/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019, lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (IO 2019 L 117, lch. 1, “an Treoir atá faoi dhíospóid”) a chur ar neamhní, agus ar an taobh eile, d’ordaigh sé, go háirithe, doiciméid áirithe arna dtáirgeadh ag an iarratasóir a bhaint den chomhad.

An dlí lena mbaineann

An Treoir atá faoi dhíospóid agus Treoir 2009/73

2

Leis an Treoir atá faoi dhíospóid, leasaítear Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009, maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO 2009 L 211, lch. 94). Foráiltear le haithrisí 1 go 4 agus 9 den Treoir atá faoi dhíospóid mar a leanas:

“(1)

Is é is aidhm don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ar fud an Chomhphobail ó 1999 i leith, fíor-rogha a thabhairt do chustaiméirí deiridh uile an Aontais [Eorpaigh], cibé acu saoránaigh nó gnóthais iad, mar aon le deiseanna nua gnó, dálaí cóir iomaíochta, praghsanna iomaíocha, comharthaí infheistíochta éifeachtúla agus caighdeáin níos airde seirbhíse, agus cuidiú chun cinnteacht an tsoláthair agus an inbhuanaitheacht a áirithiú.

(2)

Chuidigh Treoir 2003/55/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 98/30/CE (IO 2003 L 176, lch. 57),] agus [2009/73] go mór chun margadh inmheánach sa ghás nádúrtha a chur ar bun.

(3)

Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo dul i ngleic leis na bacainní atá ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha de dheasca rialacha margaidh an Aontais nár comhlíonadh maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. Beartaítear leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo a áirithiú go mbeidh na rialacha is infheidhme maidir le línte tarchuir gáis a nascann dhá Bhallstát nó níos mó, go mbeidh siad infheidhme freisin, laistigh den Aontas, maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu. [...]

(4)

Chun an t-easnamh i dtaca le rialacha sonracha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu a chur san áireamh roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann díolúine ó fhorálacha áirithe de Threoir [2009/73] a thabhairt i dtaca le línte tarchuir gáis sin arna gcur i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó roimh an dáta sin. [...]

[...]

(9)

Bainfidh infheidhmeacht Threoir [2009/73] le línte tarchuir gáis go dtí tríú tíortha agus uathu le críoch na mBallstát amháin i gcónaí. Maidir le línte tarchuir gáis amach ón gcósta, ba cheart Treoir [2009/73] a bheith infheidhme maidir le huiscí teorann an Bhallstáit ina bhfuil an chéad phointe idirnaisc chuig gréasán na mBallstát eile.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3

I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2009/73, arna leasú leis an Treoir atá faoi dhíospóid (“Treoir 2009/73”), leagtar síos comhrialacha maidir le tarchur, dáileadh, soláthar agus stóráil gáis nádúrtha agus leagtar síos léi na rialacha a bhaineann le heagrú agus feidhmiú na hearnála sa ghás nádúrtha, rochtain ar an margadh, na critéir agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le húdaruithe a dheonú i dtaobh tarchur, dáileadh, soláthar agus stóráil gáis nádúrtha, agus i dtaobh córais a oibriú.

4

De réir aithris 13 de Threoir 2009/73, “Trí oibreoir córais nó oibreoir tarchuir a chur ar bun atá neamhspleách ar na leasanna soláthair agus táirgthe, ba cheart do ghnóthas atá comhtháite go hingearach a bheith in ann úinéireacht ar shócmhainní gréasáin a choinneáil agus, ag an am céanna, deighilt éifeachtach idir leasanna a áirithiú, ar choinníoll go ndéanann oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir tarchuir neamhspleách den sórt sin gach feidhm de chuid oibreora córais agus ar choinníoll sásraí mionsonraithe rialála agus sásraí forleathana rialála i bhfeidhm”.[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Ó tháinig an Treoir atá faoi dhíospóid i bhfeidhm, foráiltear le hAirteagal 2(17) de Threoir 2009/73 nach gclúdaítear leis an gcoincheap “idirnasc”“líne tharchuir a thrasnaíonn teorainn nó a shíneann thar theorainn idir dhá Bhallstát chun críche córas tarchuir náisiúnta na mBallstát sin a nascadh” amháin, ach freisin “líne tharchuir idir Ballstát agus tríú tír chomh fada le críoch an Bhallstáit sin nó chomh fada le huiscí teorann an Bhallstáit sin”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2009/73, dar teideal “Córais tarchuir agus oibreoirí córais tarchuir a dhíchuachadh”, mar a leanas:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas, ón 3 Márta 2012 ar aghaidh:

a)

i gcás gach gnóthais ar leis córas tarchuir, go ngníomhóidh sé mar oibreoir córais tarchuir;

b)

nach mbeidh an duine ná na daoine céanna i dteideal:

i)

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair, ná rialú a fheidhmiú ná aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchuir nó ar chóras tarchuir;

ii)

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchuir nó ar chóras tarchuir, ná rialú a fheidhmiú ná aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair;

c)

maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchuir nó i gcás córas tarchuir, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus

d)

nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin ná de chomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas, de chuid gnóthais a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna táirgthe nó soláthair ná de chuid oibreoir córais tarchuir nó córas tarchuir.

[...]

8.   Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir teorainn an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas gáis nádúrtha atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 23 Bealtaine 2019, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann:

a)

oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 14;

b)

comhlíonfaidh siad forálacha Chaibidil IV.

9.   Sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir ar an 3 Meán Fómhair 2009 agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí oibreoir an chórais tarchuir i gcomparáid le forálacha Chaibidil IV, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an gcuid sin den chóras tarchuir a nascann Ballstát le tríú tír idir teorainn an Bhallstáit sin agus an chéad phointe nasctha chuig gréasán an Bhallstáit sin, sa chás gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach an córas tarchuir an 23 Bealtaine 2019 agus go bhfuil socruithe i bhfeidhm a ráthóidh neamhspleáchas níos éifeachtaí oibreoir an chórais tarchuir i gcomparáid le forálacha Chaibidil IV, féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 32(1) den Treoir sin, dar teideal “Rochtain tríú páirtí”, mar a leanas:

“Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas um rochtain tríú páirtí ar an gcóras tarchuir agus dáileacháin, agus ar shaoráidí [gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)], bunaithe ar tharaifí foilsithe, córas is infheidhme maidir le gach custaiméir, lena n-áirítear gnóthais soláthair, agus a chuirfear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus gan idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí córais. Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfaidh údarás rialála dá dtagraítear in Airteagal 39(1) na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bun lena ríomh, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 41, agus go bhfoilseofar na taraifí sin – agus na modheolaíochtaí, i gcás nach ndéanfar ach modheolaíochtaí a fhormheas – sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear le hAirteagal 36 den Treoir sin, dar teideal “Bonneagar nua”, i mír 1 den Treoir sin, go bhféadfaidh mórbhonneagar nua gáis, eadhon, idirnascairí, saoráidí GNL nó saoráidí stórála, ar a thionscnamh féin, tairbhe a bhaint, ar feadh tréimhse sonraithe, ó dhíolúine ó na forálacha a leagtar amach, go háirithe, in Airteagail 9 agus 32 de, faoi na coinníollacha a leagtar amach iontu, lena n-áirítear, go háirithe, na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b), ar dá réir nach mór go mbeadh leibhéal an riosca a bhaineann leis an infheistíocht sa chaoi is nach ndéanfaí an infheistíocht mura ndeonófaí díolúine. Thairis sin, ó tháinig an Treoir atá faoi dhíospóid i bhfeidhm, foráiltear le hAirteagal 36(1)(e) de Threoir 2009/73 nach ndéanfaidh an díolúine a dheonaítear faoin bhforáil sin do bhonneagar nua dochar, go háirithe, do “shlándáil an tsoláthair gáis nádúrtha san Aontas”.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73, dar teideal “Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála”:

“6.   Beidh na húdaráis rialála freagrach as a shocrú nó a fhormheas, fada go leor roimh a dteacht i bhfeidhm, ar a laghad na modheolaíochtaí a úsáidfear chun iad seo a leanas a ríomh nó chun na téarmaí agus na coinníollacha ina leith a leagan síos:

a)

ceangal chuig agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena n-áirítear taraifí tarchuir agus dáileacháin, agus téarmaí, coinníollacha agus taraifí maidir le rochtain ar shaoráidí GNL. Fágfaidh na taraifí nó na modheolaíochtaí gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin agus sna saoráidí GNL a dhéanamh ar bhealach lenar féidir leis na hinfheistíochtaí sin inmharthanacht na ngréasán agus na saoráidí GNL a áirithiú;

[...]

c)

rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú.

[...]

8.   Agus na taraifí nó na modheolaíochtaí agus na seirbhísí cothromaíochta á socrú nó á bhformheas acu, áiritheoidh na húdaráis rialála go dtabharfar dreasacht iomchuí do na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin, sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse araon, chun cur le héifeachtúlachtaí, chun comhtháthú an mhargaidh agus slándáil an tsoláthair a chothú agus chun tacú leis na gníomhaíochtaí taighde gaolmhara.

[...]

10.   Beidh sé d’údarás ag na húdaráis rialála a cheangal ar oibreoirí córais tarchuir gáis nádúrtha, córais stórála, córais GNL agus córais dáileacháin, lena n-áirítear na taraifí agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, a mhodhnú chun a áirithiú go mbeidh siad comhréireach agus go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach iad. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Cuireadh isteach Airteagal 49a den Treoir sin, dar teideal “Maolú maidir le línte tarchuir go dtí tríú tíortha agus uathu”, leis an Treoir atá faoi dhíospóid agus sonraítear ann:

“1.   Maidir leis na línte tarchuir gáis idir Ballstát agus tríú tíortha arna gcur i gcrích roimh an 23 Bealtaine 2019, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an chéad phointe nasctha leis an líne tharchuir sin le gréasán Ballstáit cinneadh a dhéanamh maolú ó Airteagail 9, 10, 11 agus 32 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) do na codanna de sin ina bhfuil líne tharchuir gáis ina chríoch agus ina uiscí teorann, ar chúiseanna oibiachtúla amhail trí aisghabháil an infheistíocht a rinneadh a éascú nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, ar choinníoll nach ndéanfadh an díolúine dochar do chumas iomaíochta ná d'fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha, ná do shlándáil an tsoláthair san Aontas.

Beidh teorainn ama leis an maolú sin suas go dtí 20 bliain bunaithe ar údar oibiachtúil, tréimhse is féidir a athnuachan má bhíonn údar leis sin agus féadfaidh sé a bheith faoi réir coinníollacha a chuideoidh chun na dálaí thuas a bhaint amach.

[...]

3.   Glacfar cinntí de bhun mhír 1 agus mhír 2 faoin 24 Bealtaine 2020. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi aon chinntí den sórt sin don Choimisiún [Eorpach] agus foilseoidh siad iad.”

11

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Treoir atá faoi dhíospóid, déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh lena dtabhairt i bhfeidhm faoin 24 Feabhra 2020, gan dochar d'aon díolúine a d'fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 49a de Threoir 2009/73.

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001

12

De réir Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43):

“1.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

a)

leasa an phobail maidir le:

[...]

caidreamh idirnáisiúnta;

[...]

2.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint:

[...]

imeachtaí breithiúnacha agus tuairimí dlíthiúla,

[...]

mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cúlra na díospóide

13

Chun críocha an imeachta reatha, féadfar achoimre a dhéanamh ar chúlra na díospóide, a leagtar amach i míreanna 1 go 11 den ordú atá faoi achomharc.

14

Is cuideachta faoi dhlí na hEilvéise é an t-iarratasóir, Nord Stream 2, arb é cuideachta comhstoic phoiblí na Rúise, Gazprom, an t-aon scairshealbhóir atá aici. Tá sé freagrach as pleanáil, tógáil agus oibriú phíblíne mhuirí Nord Stream 2, ina bhfuil an ciste, dar luach EUR 9.5 billiún, á mhaoiniú ag 50 % ag ENGIE SA, OMV AG, Royal Dutch Shell plc, Uniper SE agus Wintershall Dea GmbH.

15

I mí Eanáir 2017, cuireadh tús leis an obair ar chlúdach coincréite na bpíopaí a bhí beartaithe don phíblíne mhuirí seo, agus tharla an seachadadh deiridh i mí Mheán Fómhair 2018.

16

Leis an bpíblíne mhuirí sin, ina bhfuil dhá líne tarchuir gáis, áiritheofar an sreabhadh gáis idir Vyborg (an Rúis) agus Lubmin (an Ghearmáin). A luaithe a bheidh sé ar chríoch na Gearmáine, déanfar gás a sheachadtar tríd an bpíblíne mhuirí chéanna a iompar trí phíblíne talún ENEL agus trí phíblíne talún EUGAL.

17

Ar an togra ón gCoimisiún an 8 Samhain 2017 [Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, COM (2017) 660 final], ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, an 17 Aibreán 2019, an Treoir atá faoi chonspóid, a tháinig i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe, is é sin le rá, an 23 Bealtaine 2019. Ar an dáta sin, de réir an iarratasóra, bhí 95% de na hoibreacha do chlúdach coincréite phíopaí phíblíne Nord Stream 2 curtha i gcrích, agus, faoi seach, 610 km agus 432 km den dá líne den phíblíne sin ag bun na farraige teorann agus/nó limistéar eacnamaíoch eisiach na Rúise, na Fionlainne, na Sualainne agus na Gearmáine.

An nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta

18

Trí iarratas a rinneadh ag Clárlann na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2019, thionscain an t-iarratasóir caingean os a comhair chun an Treoir atá faoi dhíospóid a neamhniú ina hiomláine, inar ardaíodh sé fhoras achomhairc chuige sin.

19

Le doiciméid ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 10 Deireadh Fómhair agus an 14 Deireadh Fómhair 2019, faoi seach, rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle agóid do-ghlacachta maidir leis an gcaingean sin ag iarraidh an Treoir atá faoi dhíospóid a neamhniú.

20

Thairis sin, le doiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 11 Deireadh Fómhair 2019, d’iarr an Chomhairle ar an gCúirt Ghinearálta a ordú nár cheart doiciméid áirithe a chur sa chomhad nó, maidir leis na doiciméid arna dtáirgeadh ag an iarratasóir, gur cheart iad a bhaint den chomhad. I gcomhthéacs na hiarrata teagmhasaí sin, dúirt an Chomhairle go raibh roinnt iarrataí faighte aici, faoi Rialachán Uimh. 1049/2001, a bhaineann le doiciméid maidir leis an gcaibidlíocht chun comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise agus maidir leis an nós imeachta reachtach chun an Treoir atá faoi dhíospóid a ghlacadh, nach raibh, ar an dáta ar ar cuireadh an iarraidh theagmhasach sin isteach, rochtain ar aon cheann de na doiciméid sin tugtha aici agus nach raibh, ar an dáta ar ar thionscain an t-iarratasóir an chaingean, aon agóid maidir le diúltú na n-iarrataí ar rochtain ar na doiciméid sin a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta.

21

Le doiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2019, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta beart eagraithe nós imeachta a ghlacadh chun ordú a dhéanamh doiciméid áirithe atá i seilbh na Comhairle a thabhairt ar aird.

22

Ar an 17 Eanáir 2020, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a dtuairimí isteach maidir leis an iarratas sin ar bheart eagrúcháin nós imeachta, d’iarr an Chomhairle freisin, ar an ócáid sin, go mbainfí den chomhad doiciméid áirithe atá i gceangal ag an iarratasóir leis an iarraidh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

An t-ordú atá faoi achomharc

Iarrataí ar dhoiciméid a tharraingt siar agus ar bheart eagraithe nós imeachta

23

Leis an ordú atá faoi achomharc, d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta, maidir leis an iarraidh theagmhasach ar tharraingt siar doiciméad a thaisc an Chomhairle an 11 Deireadh Fómhair 2019, ar thaobh amháin, go ndéanfaí na doiciméid arna dtáirgeadh ag an iarratasóir mar Iarscríbhinn A 14 (moladh a ghlac an Coimisiún an 9 Meitheamh 2017 chuig an gComhairle d’fhonn cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hoibriú phíblíne Nord Stream 2, “an moladh ón gCoimisiún”) agus O 20 (“tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle an 27 Meán Fómhair 2017 maidir leis an moladh seo arna dhíriú chuig Buanionadaithe Bhallstáit an Aontais chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, “tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle”) a bhaint den chomhad agus ní chuirfí sleachta an iarratais ná na n-iarscríbhinní ina bhfuil sleachta as na doiciméid seo atáirgthe san áireamh. Ar an taobh eile, maidir leis an iarraidh ón gComhairle an 17 Eanáir 2020 ina tuairimí maidir leis an iarraidh ón iarratasóir ar bheart eagraithe nós imeachta chun doiciméid a tharraingt siar, d’ordaigh an Chúirt Ghinearálta go mbainfí den chomhad an dá dhoiciméad arna dtáirgeadh ag an iarratasóir mar Iarscríbhinní M 26 agus M 30 (doiciméid ina bhfuil tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine sa nós imeachta reachtach as ar eascair glacadh na Treorach atá faoi dhíospóid, “tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine”).

24

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i míreanna 38 go 45 den ordú atá faoi achomharc, agus í ag brath go háirithe ar ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint (C-650/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:438), agus maidir le breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit (C-457/18, EU:C:2020:65), cé nach raibh forálacha Rialachán Uimh. 1049/2001 infheidhme sa nós imeachta os a comhair, go raibh luach táscach áirithe, mar sin féin, ag baint leis na forálacha sin maidir le comhardú na leasanna a theastaíonn chun cinneadh a dhéanamh ar an iarraidh theagmhasach ar tharraingt siar na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 23 den bhreithiúnas seo.

25

Ina dhiaidh sin, i míreanna 47 go 56 den ordú atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle agus chinn sí go raibh sé de cheart ag an institiúid sin, maidir leis an tuairim sin, na tuairimí dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 a chosaint.

26

Ina theannta sin, i míreanna 57 go 64 den ordú atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an moladh ón gCoimisiún agus tháinig sí ar an gconclúid go raibh an Chomhairle i dteideal a mheas go ndéanfaí nochtadh an mholta sin dochar, go sonrach agus go héifeachtach, do chosaint leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, a thug bonn cirt ann féin an moladh a bhaint den chomhad.

27

Ar deireadh, i míreanna 125 go 135 den ordú atá faoi achomharc, scrúdaigh an Chúirt Ghinearálta tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Ag cur san áireamh, ar thaobh amháin, nár shuigh an t-iarratasóir go bhfuarthas na leaganacha gan eagar den dá dhoiciméad ina bhfuil na tuairimí sin i gceart agus, ar an taobh eile, go ndéanfadh nochtadh an dá dhoiciméad sin dochar go sonrach agus go héifeachtach do chosaint leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta an Aontais, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, go háirithe trí sheasamh an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta eadrána sin arna dtionscnamh ina choinne ag an iarratasóir a lagú, chinn an Chúirt Ghinearálta gur cheart géilleadh d’iarratas na Comhairle na doiciméid a bhaint den chomhad, agus luaigh sí nach raibh an dá dhoiciméad in aon chás de chineál ar bith a thaispeánfadh go raibh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an Treoir atá faoi dhíospóid de réir bhrí an dara habairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 263 CFAE, ionas nach raibh aon chúis ann chun a cheangal ar an gComhairle iad a thabhairt ar aird.

Inghlacthacht na caingne

28

Le linn a rialú ar na pléadálacha do-ghlacachta a rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle, thosaigh an Chúirt Ghinearálta ag meabhrú, ar thaobh amháin, i mír 78 den ordú atá faoi achomharc, nár leor an fíoras gur tugadh an chaingean i gcoinne treorach chun go ndearbhófaí an chaingean sin a bheith neamh-inghlactha agus, ar an dara dul síos, i míreanna 79 go 85 den ordú sin, gur gníomh reachtach í an Treoir atá faoi dhíospóid, a díríodh ar na Ballstáit agus a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha uile lena mbaineann, agus de thoradh air sin go raibh inghlacthacht na caingne sin faoi réir, de bhua an dara habairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 263 CFAE, an coinníoll go mbeadh baint dhíreach agus leithleach ag an iarratasóir leis an Treoir sin.

29

Mar thoradh ar na forbairtí a leagtar amach i míreanna 102 go 124 den ordú atá faoi achomharc, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta an chaingean chéanna a bheith neamh-inghlactha ar an bhforas nach raibh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an Treoir atá faoi dhíospóid.

30

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i míreanna 106 agus 107 den ordú atá faoi achomharc, nach bhféadfadh treoir, inti féin, oibleagáidí a fhorchur ar dhuine aonair agus nach bhféadfadh na húdaráis náisiúnta brath uirthi, mar sin, i gcoinne an duine aonair sin in éagmais na mbeart trasuite a ghlacadh roimh ré. Dá bhrí sin, ní féidir le forálacha na treorach atá á díospóid, roimh ghlacadh na mbeart trasuite, a bheith ina bhfoinse dhíreach nó láithreach oibleagáidí ar an iarratasóir agus féadfaidh, ar an mbonn sin, na forálacha difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra.

31

I míreanna 108 agus 109 den ordú atá faoi achomharc, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, ag tagairt do bhreithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America agus páirtithe eile (C-366/10, EU:C:2011:864), nach bhfuil gníomhaíochtaí an iarratasóra, as seo amach, atá faoi réir Threoir 2009/73 go páirteach, ach mar thoradh ar an rogha atá aige nó aici a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht a fhorbairt agus a choinneáil i gcríoch an Aontais Eorpaigh. As seasamh leis na hargóintí a chuir an t-iarratasóir chun cinn, cuirtear san áireamh aon uair a fhorchuirtear le reachtas an Aontais oibleagáidí, i réimse ar leith, ar oibreoirí nach raibh siad faoi réir roimhe sin, déanfaidh reachtaíocht an Aontais difear riachtanach agus díreach do na hoibreoirí sin, de réir bhrí an dara habairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 263 CFAE.

32

I míreanna 110 agus 111 den ordú atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, sa chás seo, nach raibh na hoibreoirí faoi réir oibleagáidí Threoir 2009/73, ach amháin trí na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir atá faoi dhíospóid, agus, ar an dáta ar ar thionscain an t-iarratasóir an chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta, ní raibh bearta trasuite den sórt sin glactha maidir le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.

33

Ansin, i mír 111 agus i míreanna 112 go 115 den ordú atá faoi achomharc, leag an Chúirt Ghinearálta amach, go bunúsach, in aon chás, go raibh lánrogha leathan ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na bhforálacha sin de Threoir 2009/73. Thug an Chúirt Ghinearálta dá haire chuige sin, ar thaobh amháin, ó theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid, go raibh an deis ag na Ballstáit, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 9(8) agus (9) den Treoir sin, cinneadh a dhéanamh gan an oibleagáid maidir le córais tarchuir agus oibreoirí córas tarchuir dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) den Treoir sin a dhíchuachadh ar idirnascairí. Ar an taobh eile, faoi na leasuithe a rinneadh leis an Treoir atá faoi dhíospóid, go háirithe na leasuithe a bhaineann le hAirteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73, féadfaidh údaráis náisiúnta a chinneadh anois díolúine ar airteagail áirithe de Threoir 2009/73 a dheonú do mhórbhonneagar nua gáis agus do línte tarchuir gáis idir na Ballstáit agus tríú tíortha arna gcur i gcrích roimh an 23 Bealtaine 2019.

34

Ar deireadh, i mír 117 den ordú atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfadh an t-iarratasóir, mar thaca lena chuid argóintí lena léirítear go bhfuil baint dhíreach ag an Treoir atá faoi dhíospóid leis, ag brath ar an réiteach a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 13 Márta 2008, an Coimisiún v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159). Níl staid dhlíthiúil agus fhíorasach an cháis is cúis leis an mbreithiúnas sin inchomparáide ar bhealach ar bith leis an gcás seo, ós rud é nach bhfuil i gceist le hábhar an cháis seo ach treoir, nach bhfuil ann, thairis sin, “neamhthipiciúil”, i bhfianaise an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE.

Ráiteas faoi na saghsanna ordaithe atá á lorg ag na páirtithe agus na himeachtaí atá os comhair na Cúirte Breithiúnais

35

Trína achomharc, iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an agóid do-ghlacachta a dhíbhe, an chaingean inghlactha a dhearbhú agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breith a fháil ar shubstaint an cháis;

de rogha air sin, a dhearbhú go bhfuil baint dhíreach ag an Treoir atá faoi dhíospóid leis an iarratasóir agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breith a fháil i dtaobh an mbaineann an Treoir sin go leithleach leis nó an mbeadh sé páirteach sa scrúdú ar an gceist sin ar shubstaint an cháis, agus

a ordú don Pharlaimint agus don Chomhairle na costais a íoc.

36

Iarann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t-achomharc a dhíbhe agus

a ordú don iarratasóir na costais a íoc.

37

Trí chinntí Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 22 Deireadh Fómhair, an 12 agus an 19 Samhain 2020 faoi seach, tugadh cead idiragairt do Phoblacht na hEastóine, do Phoblacht na Laitvia agus do Phoblacht na Polainne chun tacú le ráiteas faoi na saghsanna ordaithe atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle.

38

An 16 Iúil 2021, tar éis beart eagraithe nós imeachta a ghlac an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 62(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, rinne an t-iarratasóir na doiciméid a bhí taiscthe roimhe sin aige leis an gCúirt Ghinearálta mar Iarscríbhinní A 14, O 20, M 26 agus M 30 a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

39

Le litir dar dáta an 17 Márta 2022, chuir ionadaithe an iarratasóra in iúl don Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil siad, ón 1 Márta 2022 i leith, ag déanamh ionadaíochta ar an iarratasóir a thuilleadh, ach luaigh siad go bhféadfadh duine de na hionadaithe sin fanacht mar phointe teagmhála idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an t-iarratasóir go dtí go mbeidh ionadaí nua ceaptha ag an iarratasóir.

An t-achomharc

40

Tá dhá fhoras ag an iarratasóir chun tacú lena achomharc. Líomhnaítear leis an gcéad fhoras achomhairc, arna roinnt ina dhá chuid, earráidí dlí i measúnú na Cúirte Ginearálta nach raibh baint dhíreach aige leis an Treoir atá faoi dhíospóid, de réir bhrí an cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

41

Líomhnaítear leis an dara foras achomhairc roinnt earráidí dlí maidir le hathbhreithniú na Cúirte Ginearálta ar iarrataí na Comhairle maidir le doiciméid a tharraingt siar.

An chéad fhoras achomhairc

Barúlacha tosaigh

42

Chun críocha an t-achomharc a scrúdú, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne a thionscain an t-iarratasóir chun an Treoir atá faoi dhíospóid a neamhniú i bhfianaise na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dara habairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 263 CFAE, ar coinníollacha iad nach bhfuil caingean den sórt sin inghlactha ach amháin sa chás go bhfuil baint dhíreach agus leithleach ag an iarratasóir leis an ngníomh a chonspóidtear. Ós rud é, dar leis an gCúirt Ghinearálta, nach raibh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an Treoir atá faoi dhíospóid agus go raibh na coinníollacha sin carnach, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean toisc í a bheith neamh-inghlactha gan rialú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh baint go leithleach ag an iarratasóir leis an Treoir sin.

43

De réir an chásdlí shocair, dá dtagraítear ag an gCúirt Ghinearálta i mír 102 den ordú atá faoi achomharc, ar choinníoll nach mór baint dhíreach a bheith ag duine nádúrtha nó dlítheanach leis an mbeart is ábhar dá chaingean, ní mór dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh, eadhon, ar thaobh amháin, nach mór don bheart sin difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an duine sin agus, ar an taobh eile, nach mór dó aon lánrogha a fhágáil dóibh siúd atá freagrach as a chur chun feidhme, eadhon, an cur chun feidhme sin a bheith uathoibríoch amháin ar bhonn rialacha an Aontais astu féin, gan rialacha idirmheánacha eile a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 28 Feabhra 2019, an Chomhairle v Growth Energy agus Renewable Fuels AssociationC-465/16 P, EU:C:2019:155, mír 69 agus an cásdlí a luaitear).

44

Is amhlaidh atá, mar a luaigh an Chúirt Ghinearálta freisin i mír 103 den ordú atá faoi achomharc, nuair is teoiriciúil amháin atá an fhéidearthacht dóibh siúd lena mbaineann gan dul i ngleic le gníomh an Aontais, níl amhras ar bith ar a dtoilteanas chun gníomhú i gcomhréir leis (breithiúnais an 23 Samhain 1971, Bock v an Coimisiún, 62/70, EU:C:1971:108, míreanna 6 go 8, agus an 4 Nollaig 2019, PGNiG Supply & Trading v an Coimisiún, C-117/18 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:1042, mír 30 agus an cásdlí a luaitear).

45

Tríd an dá chuid den chéad fhoras achomhairc, díospóideann an t-iarratasóir iarratas na Cúirte Ginearálta ar an gcéad agus an dara ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo faoi seach.

An chéad chuid den chéad fhoras achomhairc

– Argóintí na bpáirtithe

46

Sa chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, lena dtagraítear do mhíreanna 106 go 111 den ordú atá faoi achomharc, líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach ndearna an Treoir atá faoi dhíospóid difear díreach dá staid dhlíthiúil ar an bhforas gur treoir a bhí inti.

47

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil foras na Cúirte Ginearálta san ordú atá faoi achomharc ar dá réir nach féidir le treoir í féin, roimh ghlacadh na mbeart trasuite ag an mBallstát lena mbaineann nó roimh dhul in éag na tréimhse a leagtar síos chun na críche sin, difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil oibreora, go bhfuil sé mícheart i bprionsabal féin. B’ionann sin agus cosc a chur ar aon chaingean i gcoinne treorach ar bhonn an cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, ós rud é, sa chleachtas, go rachadh an tréimhse chun caingean a thaisceadh in éag go córasach roimh ghlacadh na mbeart trasuite is gá. Trína bheith ag brath ar an bhforas sin, níor chomhlíon an Chúirt Ghinearálta an cásdlí a luaitear i mír 78 den ordú atá faoi achomharc, agus dá réir sin ní leor ann féin go nglacfar gníomh i bhfoirm treorach chun a eisiamh go bhféadfadh baint dhíreach agus leithleach a bheith ag duine aonair.

48

Ar an dara dul síos, líomhnaíonn an t-iarratasóir go bhfuil an fíoras, a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 111 den ordú atá faoi achomharc, ar an dáta ar ar thionscain a chaingean, nach raibh an Treoir atá faoi dhíospóid trasuite fós ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine neamhábhartha. De réir an iarratasóra, is ag brath ar ábhar na treorach sin a bhíonn tionchar díreach ag treoir ar staid dhlíthiúil duine agus ní ar ghlacadh féideartha beart lena dtrasuítear an treoir sin. Maidir leis sin, leagtar síos ann gurb ionann an coinníoll maidir le hinghlacthacht nach mór baint dhíreach a bheith ag an iarratasóir leis an ngníomh a chonspóidtear, de réir bhrí an cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, agus an dara nó an tríú habairt den fhoráil sin, a thugann le tuiscint gur coinníoll breise atá ar leithligh ón gcoinníoll inghlacthachta sin é an coinníoll lena gceanglaítear “nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis” an ngníomh a chonspóidtear, de réir bhrí an tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

49

Ar an tríú dul síos, líomhnaíonn an t-iarratasóir go raibh an difear atá á dhéanamh ag an Treoir atá faoi dhíospóid, ar an dáta ar ar thionscain a chaingean le haghaidh neamhniú, faoi réir rialacha Threoir 2009/73, cé nár cumhdaíodh í sular glacadh í. Bheadh móréifeachtaí tromchúiseacha dlíthiúla ag an athrú sin ar an stádas dlíthiúil. I gcás nach mbeidh aon lánrogha ag na Ballstáit lena mbaineann maidir le beart an Aontais a chur chun feidhme, mar is amhlaidh sa chás seo, ní bheadh i gceist leis teorainn ama chun an beart sin a thrasuí ach infheidhmeacht iomlán an bhirt sin a chur siar in am.

50

Ar deireadh, ar an gceathrú dul síos, measann an t-iarratasóir nach raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint don Chúirt Ghinearálta, mar gur léir gur chinn sí i mír 109 den ordú atá faoi achomharc, gurbh ionann a aithint go raibh tionchar díreach ag an Treoir atá faoi dhíospóid uirthi agus cumhacht a thabhairt d’oibreoir ar bith díospóid a dhéanamh i gcoinne gach birt reachtaigh lena bhforchuirtear oibleagáidí nua air, arb é an príomhshrian lena gcuirtear cosc ar “dhoirse móra oscailte a oscailt” le haghaidh bearta reachtacha coinníoll inghlacthachta a thabhairt nach mór don iarratasóir a bheith bainteach go leithleach leis an mbeart is ábhar dá chaingean.

51

Ar an taobh eile, aontaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle le réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta.

52

Dar leis an bParlaimint, bhí bonn cirt ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh nach bhféadfadh treoir, lena n-áirítear an Treoir atá faoi dhíospóid, roimh ghlacadh na mbeart trasuite nó dhul in éag na tréimhse a leagtar síos chun na críche sin, difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil oibreora, de réir bhrí an cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

53

Thairis sin, measann an Pharlaimint go bhfuil argóint an iarratasóra go bhfuil an teorainn ama maidir le trasuí i gcoibhneas le “hinfheidhmeacht iomlán an bhirt sin a chur siar in am” mícheart freisin. Tá an argóint sin bunaithe ar an tuiscint go bhféadfadh an beart sin, go ginearálta, difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra, rud nach bhfuil fíor.

54

Ina theannta sin, aontaíonn an Pharlaimint le hanailís na Cúirte Ginearálta go mbeadh sé d’éifeacht ag seasamh le hargóint an iarratasóra aon éifeacht úsáideach a bhaint den choinníoll ar dá réir nach mór don iarratasóir baint dhíreach a bheith aige leis an mbeart is ábhar dá chaingean. Dá bhrí sin, bheadh baint dhíreach ag aon reachtaíocht nua le aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú sa réimse ina bhfuil an reachtaíocht á rialú.

55

Líomhnaíonn an Chomhairle go bhfuil argóint an iarratasóra bunaithe ar mhíléamh an ordaithe atá faoi achomharc, sa mhéid is nár chinn an Chúirt Ghinearálta gur leor inti féin foirm treorach an bhirt atá i gceist chun a eisiamh go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag an Treoir atá faoi dhíospóid ar a staid dhlíthiúil. Os a choinne sin, chinn an Chúirt Ghinearálta mar is ceart nach ndéanann an Treoir atá faoi dhíospóid difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra, ós rud é nach bhféadfaidh údarás rialála na Gearmáine, an Bundesnetzagentur (Gníomhaireacht Líonra Chónaidhme, an Ghearmáin), in éagmais gur ghlac Poblacht Chónaidhme na Gearmáine na bearta lena dtrasuítear an Treoir atá faoi dhíospóid, a cheangal ar an iarratasóir na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir sin a chomhlíonadh.

56

Thairis sin, ní féidir an Treoir atá faoi dhíospóid, mar threoir de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE, inti féin, a chur i gcoinne daoine aonair, nach bhfuil aon díospóid ag an iarratasóir ina leith.

57

Cuireann an Chomhairle in iúl freisin, ar thaobh amháin, nach bhfuil aon bhunús sa chásdlí ag an léirmhíniú a chuir an t-iarratasóir chun cinn á chur in iúl nach mór den choinníoll ar dá réir nach mór don bheart is ábhar dá chaingean difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra a scrúdú i bhfianaise shubstaint an bhirt atá i gceist. Ar an taobh eile, ní bheadh feidhm ag an gcoinníoll a bhaineann le gníomhartha “nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil” leo ach amháin maidir le gníomhartha rialála, de réir bhrí an tríú abairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcoinníoll deireanach sin athrú a dhéanamh ar an gcoinníoll nach mór baint dhíreach a bheith ag an iarratasóir a bheith leis an mbeart is ábhar dá chaingean, de réir bhrí an dara habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

58

Líomhnaíonn Rialtas na hEastóine, na Laitvia agus na Polainne, go bunúsach, na hargóintí a chuir an Pharlaimint agus an Chomhairle chun cinn.

59

Cuireann Rialtas na Polainne in iúl, ar thaobh amháin, go raibh feidhm ag Treoir 2009/73 cheana féin maidir le píblíne Nord Stream 2 sular glacadh an Treoir atá faoi dhíospóid, agus is é a bhí i gceist leis an Treoir sin na socruithe praiticiúla a leagan síos chun Treoir 2009/73 a thrasuí agus a chur i bhfeidhm i ndáil le píblínte amhail píblíne Nord Stream 2.

60

Ar an taobh eile, de réir an rialtais sin, ní mór an coinníoll ar dá réir nach mór don bheart is ábhar dá chaingean difear díreach a dhéanamh don iarratasóra a chomhlíonadh ar an dáta ar ar a tionscnaíodh an chaingean, a bheadh in easnamh sa chás reatha. Is comhfhoras é nach raibh píblíne Nord Stream 2 críochnaithe ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid nó ar an dáta ar ar thionscain an chaingean arna tíolacadh ag an iarratasóir.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

61

Baineann an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc le cé acu an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach ndearna an Treoir atá faoi dhíospóid difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra agus, dá bhrí sin, nár chomhlíonann sí an chéad choinníoll den dá choinníoll a leagtar amach sa chásdlí dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas reatha.

62

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú gurb é cásdlí socair go bhfuil caingean le haghaidh neamhniú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE ar fáil i ndáil le na bhforálacha uile arna nglacadh ag na hinstitiúidí, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith acu (breithiúnas an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, EU:C:2021:426, mír 37 agus an cásdlí a luaitear).

63

Chun a chinneadh an mbeidh na héifeachtaí sin ag gníomh agus an féidir leis, dá bhrí sin, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú de bhua Airteagal 263 CFAE, ba cheart breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéar oibiachtúil, amhail inneachar an ghnímh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin á chur san áireamh agus cumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é (breithiúnas an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, EU:C:2021:426, mír 38).

64

Dá bhrí sin, ní féidir inniúlacht an ghnímh chun difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a mheas i bhfianaise an fhíorais gur i bhfoirm treorach atá an gníomh sin.

65

Cé gur chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, i mír 78 den ordú atá faoi achomharc, nár leor an chaingean i gcoinne treorach chun a dhearbhú go raibh an chaingean neamh-inghlactha, dealraíonn sé, mar sin féin, i ndiaidh a réasúnaíocht, go háirithe i míreanna 106 agus 107 den ordú sin, go raibh sí ag brath go príomha, d’fhonn a chinneadh nach ndearna an Treoir atá faoi dhíospóid difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra, ar nach féidir le treoir, inti féin, oibleagáidí a chruthú ar bhonn aonair ná a bheith ina bhfoinse dhíreach agus láithreach d'oibleagáidí den sórt sin, in éagmais beart trasuite.

66

Maidir leis sin, de réir mar a líomhnaíonn an t-iarratasóir, mar is ceart, sa mhéid gurb é is saintréith do gach treoir a neamhábaltacht oibleagáidí a fhorchur ar dhaoine aonair iad féin nó a bheith ag brath orthu ina n-aghaidh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Lúnasa 2018, Smith, C-122/17, EU:C:2018:631, mír 42 agus an cásdlí a luaitear), is éard atá i gceist leis an réasúnú arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta ná nach mór a chur as an áireamh go neamhbhalbh gur féidir leis na treoracha difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra agus, dá bhrí sin, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

67

Ar deireadh thiar, is é atá i gceist le cur chuige den sórt sin, gan aird a thabhairt ar an méid atá leagtha amach i míreanna 63 agus 64 den bhreithiúnas seo, ná tosaíocht a thabhairt, chun críocha athbhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll nach mór don bheart is ábhar don chaingean difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra, d’fhoirm an bhirt atá i gceist, eadhon, treoir, ar shubstaint an bhirt sin.

68

Ar an dara dul síos, is amhlaidh atá maidir le forais na Cúirte Ginearálta, a leagtar amach i míreanna 110 agus 111 den ordú atá faoi achomharc, ar dá réir a dhéantar difear, i bprionsabal, do dhaoine aonair ina staid dhlíthiúil seachas leis an Treoir ach leis na bearta lenar trasuíodh an Treoir sin amháin, de bhrí, ar an dáta ar ar thionscain an chaingean le haghaidh neamhniú, nach bhfuil aon cheann de na bearta sin glactha ag an mBallstát lena mbaineann, sa chás seo, ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine.

69

De réir an chásdlí shocair, tá sé d’oibleagáid ar gach ceann de na Ballstáit a ndírítear an Treoir chucu na bearta uile is gá a ghlacadh ina ndlíchóras náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh lánéifeacht leis an Treoir, i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú aige (breithiúnas an 8 Bealtaine 2008, Danske Svineproducenter, C-491/06, EU:C:2008:263, mír 28).

70

Mar sin féin, agus cur chuige na Cúirte Ginearálta a leagtar amach i mír 68 den bhreithiúnas seo a dheimhniú, d’fhágfadh sé a mheas freisin nach féidir le treoracha difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil daoine aonair riamh, sa mhéid is go mbíonn baint i gcónaí ag na héifeachtaí sin leis na bearta a ghlactar chun iad a thrasuí agus ní leis na treoracha féin.

71

Thairis sin, sna míreanna céanna den ordú atá faoi achomharc, tugtar neamhaird ar an idirdhealú nach mór a dhéanamh idir an coinníoll ar dá réir nach mór baint dhíreach a bheith ag an ngníomh is ábhar don chaingean leis an iarratasóir agus nach mbeidh bearta cur chun feidhme i gceist leis an ngníomh sin, a leagtar amach sa tríú habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE.

72

Dá bhrí sin, leagtar síos sa tríú habairt, a bhaineann leis an gceart caingean a thabhairt i gcoinne gníomhartha rialála, an coinníoll ar dá réir nach mór baint dhíreach a bheith ag an iarratasóir leis an ngníomh is ábhar dá chaingean agus an coinníoll lena gceanglaítear, chun go mbeidh an chaingean inghlactha, nach mbeidh bearta cur chun feidhme i gceist leis na gníomhartha sin, nach mbeidh an coinníoll deireanach sin sa bhreis ar an gcéad cheann agus, dá bhrí sin, nach féidir iad a scaradh óna chéile.

73

Maidir leis an gcoinníoll ar dá réir nach mór baint dhíreach a bheith ag an iarratasóir leis an ngníomh a chonspóidtear, i dtéarmaí comhionanna, sa dara habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE agus sa tríú habairt den fhoráil sin, ní mór an chiall chéanna a bheith leis i ngach cuid den abairt. Ní féidir an measúnú ar an gcoinníoll oibiachtúil sin a bheith éagsúil de réir abairtí éagsúla na forála sin.

74

Dá bhrí sin, féadfaidh baint dhíreach a bheith ag aon ghníomh, bíodh sé de chineál rialála nó de chineál eile, i bprionsabal, le duine aonair agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé difear díreach a dhéanamh dá staid dhlíthiúil, is cuma cé acu bearta cur chun feidhme atá i gceist leis nó nach bhfuil, lena n-áirítear, i gcás treorach, bearta trasuite. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeidh difear den sórt sin á dhéanamh ag an treoir atá i gceist, níl sé ábhartha, mar sin, bearta lena dtrasuítear an treoir sin a bheith glactha nó a ghlacadh mar sin féin, ós rud é nach gcuirtear cineál díreach an naisc idir an treoir sin agus na héifeachtaí sin faoi cheist leis na bearta sin, ar choinníoll nach bhfágfadh an treoir sin aon lánrogha ag na Ballstáit maidir leis an difear sin a fhorchur ar an duine aonair sin. Is é an coinníoll deireanach sin is ábhar don athbhreithniú ar an dara cuid den chéad fhoras achomhairc

75

Ar an tríú dul síos, maidir le hathbhreithniú ar inniúlacht na Treorach atá faoi dhíospóid difear díreach a dhéanamh do staid dhlíthiúil an iarratasóra i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 63 den bhreithiúnas seo, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé d’éifeacht ag an Treoir atá faoi dhíospóid, trí raon feidhme Threoir 2009/73 a leathnú chuig idirnascairí idir na Ballstáit agus tríú tíortha, amhail an t-idirnascaire a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a oibriú, oibríocht an idirnascaire sin a shocrú faoi réir na rialacha atá leagtha síos sa Treoir sin, trí na hoibleagáidí sonracha a leagann sé síos i ndáil leis sin a chur i bhfeidhm don iarratasóir, lena n-áirítear go háirithe na hoibleagáidí sin a bhaineann le córais tarchuir agus oibreoirí córais tarchuir a dhíchuachadh de bhua Airteagal 9 de Threoir 2009/73, agus na hoibleagáidí sin a bhaineann leis an gcóras um rochtain tríú páirtí ar an gcóras bunaithe ar tharaifí foilsithe arna nglacadh ag an údarás rialála lena mbaineann nó arna ríomh ar bhonn modhanna arna nglacadh ag an údarás sin, a leagtar amach in Airteagal 32 de Threoir 2009/73.

76

Maidir leis sin, mar a tugadh le fios i mír 74 den bhreithiúnas seo, tá cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin lena bhforchuirtear ar na Ballstáit bearta trasuite a ghlacadh, sa chás seo Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, neamhábhartha sa mhéid is nach bhfuil lánrogha ag an mBallstát sin maidir leis na bearta trasuite sin a d’fhéadfadh bac a chur ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an iarratasóir. In éagmais lánroghna den sórt sin, ní chuirtear in amhras cineál díreach an naisc idir an Treoir atá faoi dhíospóid agus forchur na n-oibleagáidí céanna leis na bearta trasuite sin.

77

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ba cheart a thabhairt faoi deara nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach ndearna an Treoir atá faoi dhíospóid difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra.

78

Ba cheart freisin diúltú d’argóintí Rialtas na Polainne ina bhfuil sé d’aidhm a léiriú nach raibh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an Treoir atá faoi dhíospóid ar fhorais atá éagsúil ó na forais a luaigh an Chúirt Ghinearálta san ordú atá faoi achomharc.

79

Ar thaobh amháin, maidir leis an argóint gur cuireadh Treoir 2009/73 i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid maidir le hidirnascairí amhail idirnascairí an iarratasóra, is léir go bhfuil an argóint sin, in aon chás, ag teacht salach ar chuspóir na Treorach sin, mar a leagtar amach in aithrisí 3 agus 4 de, agus leis an leasú ar shainmhíniú an choincheapa “idirnascaire” in Airteagal 2(17) de Threoir 2009/73.

80

Ar an taobh eile, murab ionann agus an méid atá á áitiú ag Rialtas na Polainne, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil difear díreach á dhéanamh ag an Treoir atá faoi dhíospóid ar staid dhlíthiúil an iarratasóra ar an bhforas, ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach sin nó ar an dáta ar ar thionscain a chaingean ina coinne, nach raibh idirnascadh an iarratasóra críochnaithe go fóill. Ar thaobh amháin, nuair a glacadh an Treoir sin agus nuair a tháinig an Treoir sin i bhfeidhm, bhí infheistíochtaí suntasacha déanta ag an iarratasóir cheana féin chun an t-idirnascaire sin a thógáil, a raibh beagnach i gcrích. Ar an taobh eile, cuirtear san áireamh go cruinn an cás maidir le píblínte nua a thógáil, go háirithe in Airteagal 36 de Threoir 2009/73, lena gceadaítear, faoi réir coinníollacha, díolúine a dheonú le haghaidh tionscadal bonneagair gáis, agus dá bhrí sin tá sé beartaithe léi freisin cás na bpíblínte gáis atá beartaithe agus nach bhfuil curtha i gcrích go fóill a rialú.

81

Sna himthosca sin, ní mór seasamh leis an gcéad chuid den chéad fhoras achomhairc.

An dara cuid den chéad fhoras achomhairc

– Argóintí na bpáirtithe

82

Sa dara cuid den chéad fhoras achomhairc, lena dtagraítear do mhíreanna 111 go 115 den ordú atá faoi achomharc, líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go raibh lánrogha ag na Ballstáit leis an Treoir atá faoi dhíospóid.

83

Áitíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil cur chuige na Cúirte Ginearálta maidir leis sin mícheart sa mhéid go bhfuil sé bunaithe ar mheasúnú ginearálta, gan scrúdú sonrach a bheith déanta ar an gcaoi ina raibh difear díreach á dhéanamh ag an Treoir atá faoi dhíospóid ar a staid dhlíthiúil, maidir leis an ábhar dá chaingean, i bhfianaise an chásdlí a d’eascair as breithiúnais an 19 Nollaig 2013, Telefónica v an Coimisiún (C-274/12 P, EU:C:2013:852, míreanna 30 agus 31), agus an 27 Feabhra 2014, Stichting Woonpunt agus páirtithe eile v an Coimisiún (C-132/12 P, EU:C:2014:100, míreanna 50 agus 51).

84

Líomhnaíonn an t-iarratasóir, ar an dara dul síos, maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le díchuachadh a mbeadh sé faoina réir tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid, cé go dtugtar aird i dTreoir 2009/73 ar an bhféidearthacht do na Ballstáit réitigh eile a thabhairt isteach seachas díchuachadh iomlán, go mbeadh tionchar suntasach diúltach ar a staid dhlíthiúil ag an dá ghné den rogha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha sa chás seo, eadhon, oibreoir an chórais neamhspleách agus an t-oibreoir tarchuir neamhspleách, amhail díchuachadh iomlán. Is amhlaidh atá i gcás na rialacha maidir le rochtain tríú páirtí agus rialáil taraifí atá, in aon chás, infheidhme maidir léi. Dá bhrí sin, i gcomhréir le téarmaí bhreithiúnas an 13 Márta 2008, anCoimisiún v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159), is iad an Treoir atá faoi dhíospóid agus Treoir 2009/73 lena leasaítear, agus go háirithe an ceanglas chun an toradh a bheartaítear leo a bhaint amach is cúis leis an gcur isteach ar staid dhlíthiúil an iarratasóra.

85

Ar an tríú dul síos, áitíonn an t-iarratasóir, maidir le lánrogha a d’fhéadfadh a bheith ag an mBallstát lena mbaineann i gcur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear in Airteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73, gur cheart lánroghna den sórt sin a bhunú trí thagairt dá staid ar leith agus maidir leis an ábhar dá chaingean, agus é á thabhairt faoi deara go bhfuil an chaingean sin dírithe go bunúsach ar Airteagal 49a de Threoir 2009/73, arna tionscnamh ag an Treoir atá faoi dhíospóid. Maidir leis an díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin, ba mhian le reachtas an Aontais, tríd an maolú sin a theorannú do línte tarchuir gáis “arna gcur i gcrích roimh an 23 Bealtaine 2019”, gan aon lánrogha a fhágáil ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, roghnaíodh dáta an teorannaithe seo go sonrach chun an t-iarratasóir a eisiamh ó thairbhe na díolúine sin. Ar an gcaoi chéanna, is comhfhoras é nach bhfuil a phíblíne incháilithe don díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Threoir 2009/73, gan aon rogha a bheith ag údaráis na Gearmáine ina leith sin.

86

Ar an taobh eile, aontaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle le réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta.

87

Ar an gcéad dul síos, líomhnaíonn an Pharlaimint go mbaineann an cásdlí a d’eascair as breithiúnas an 27 Feabhra 2014, Stichting Woonpuntagus páirtithe eile v an Coimisiún (C-132/12 P, EU:C:2014:100), a luaigh an t-iarratasóir, le gníomhartha rialála agus ní le gníomhartha reachtacha, ós rud é nach féidir leis an gcásdlí sin an cur chuige sriantach atá i réim maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine aonair i gcoinne na ngníomhartha deireanacha sin a chur faoi amhras.

88

Ar an dara dul síos, dar leis an bParlaimint, fágtar le foclaíocht na Treorach atá faoi dhíospóid lánrogha leathan ag na Ballstáit, go háirithe in Airteagal 9(8) agus (9) de Threoir 2009/73 agus in Airteagal 49a den Treoir sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar fhorálacha uile na Treorach atá faoi dhíospóid agus ní ar an bhféidearthacht díolúine a bhaint amach faoi Airteagal 49a de Threoir 2009/73.

89

Ar an tríú dul síos, baineann breithiúnas an 13 Márta 2008, an Coimisiún v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159), a ndearna an t-iarratasóir tagairt dó, le cás murab ionann agus an cás reatha, nach fhágfadh leis an ngníomh a chonspóidtear aon lánrogha ag na húdaráis náisiúnta.

90

Áitíonn an Chomhairle, ar an gcéad dul síos, go raibh caingean an iarratasóra dírithe i gcoinne na Treorach atá faoi dhíospóid ina hiomláine, agus mar thoradh air sin gur cheart anailís a dhéanamh ar an lánrogha a fágadh ag na Ballstáit i bhfianaise na Treorach sin ina hiomláine.

91

Ar an dara dul síos, líomhnaíonn an Chomhairle go bhfuil locht bunúsach ar an argóint nach raibh aon amhras ann faoin gcaoi a ndearna Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an Treoir atá faoi dhíospóid a thrasuí. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mbreithiúnas an 4 Nollaig 2019, Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo v an Coimisiún (C-342/18 P, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:1043), go dtugann Airteagal 36 de Threoir 2009/73 lánrogha d’údaráis rialála náisiúnta d’fhonn díolúintí a dheonú ó na rialacha a bunaíodh leis an Treoir sin. Tá feidhm ag an loighic chéanna maidir leis an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 49a den Treoir sin.

92

Ar an tríú dul síos, de réir na Comhairle, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh nach raibh staid dhlíthiúil agus fhíorasach an iarratasóra inchomparáide leis an staid a bhí ann sa chás ba chúis le breithiúnas an 13 Márta 2008, an Coimisiún v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159). Murab ionann agus an gníomh a chonspóidtear sa chás sin, is treoir “thipiciúil”, de bhua a foirme agus a hinneachair, í an Treoir atá faoi dhíospóid, de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE, is é sin le rá, “beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í”, ach fágtar “faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú”. Dá bhrí sin, níl aon nasc cúisíoch idir an Treoir atá faoi dhíospóid agus na héifeachtaí ar staid dhlíthiúil an iarratasóra.

93

Líomhnaíonn Rialtas na hEastóine, na Laitvia agus na Polainne, go bunúsach, na hargóintí a chuir an Pharlaimint agus an Chomhairle chun cinn.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

94

Baineann an dara cuid den chéad fhoras achomhairc le cé acu an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go bhfágtar leis an Treoir atá faoi dhíospóid lánrogha do na Ballstáit maidir lena cur chun feidhme, i gcomhréir leis an dara coinníoll den dá choinníoll a leagtar amach sa chásdlí dá dtagraítear i mír 43 den bhreithiúnas seo.

95

Ar an gcéad dul síos, ar thaobh amháin, leanann sé ón gcinneadh i mír 63 den bhreithiúnas seo nach mór scrúdú a dhéanamh ar cé acu an bhfágtar le gníomh lánrogha leo siúd atá freagrach as é a chur chun feidhme trí bhreathnú ar shubstaint an ghnímh féin.

96

Ar an taobh eile, toisc nach mór an gníomh a chonspóidtear a bheith ina ábhar do bhearta cur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás treorach, bearta trasuite, chun críocha a chur chun feidhme ní gá go gciallódh sin gurb ann do lánrogha dóibh siúd lena mbaineann an gníomh sin, mar a thugtar faoi deara i mír 74 den bhreithiúnas seo.

97

Ar an dara dul síos, nuair is féidir le gníomh ar leith, mar atá sa chás seo, roinnt éifeachtaí dlíthiúla a tháirgeadh ag brath ar na staideanna éagsúla a bhfuil sé beartaithe é a chur i bhfeidhm maidir leo, ní mór measúnú a dhéanamh gurb ann do lánrogha i bhfianaise na n-éifeachtaí dlíthiúla iarbhír lena mbaineann an chaingean agus a d’fhéadfadh tionchar iarbhír a bheith aige ar staid dhlíthiúil an duine lena mbaineann.

98

Dá bhrí sin, d’fhonn a mheas an bhfuil lánrogha ag na daoine lena mbaineann le gníomh maidir lena chur chun feidhme, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí dlíthiúla a eascraíonn as forálacha an ghnímh sin, ar ábhar na caingne iad, ar staid an duine a bhfuil an ceart achomhairc á agairt aige faoin dara habairt den cheathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE (féach, de réir analaí, breithiúnais an 27 Feabhra 2014, Stichting Woonpunt agus páirtithe eile v an Coimisiún, C-132/12 P, EU:C:2014:100, míreanna 50 agus 51, agus an 13 Márta 2018, European Union Copper Task Force v an Coimisiún, C-384/16 P, EU:C:2018:176, míreanna 38 agus 39).

99

Murab ionann agus an méid a áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, is é sin an cás freisin má tá baint ag an gcaingean go foirmiúil leis an ngníomh lena mbaineann ina hiomláine, má fhágtar leis na forais achomhairc a ardaíodh mar thaca leis an gcaingean sin gur féidir a chinneadh go mbaineann ábhar na caingne le gnéithe sonracha den ghníomh sin i ndáiríre.

100

Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar thaca lena argóint chun an easpa lánrogha a fhágtar faoi na Ballstáit ag an Treoir atá faoi dhíospóid maidir le héifeachtaí na Treorach sin ar a staid dlíthiúil a léiriú, gur áitigh an t-iarratasóir go bunúsach, i gcomhthéacs a chaingne, go raibh sé d’éifeacht ag an Treoir atá faoi dhíospóid, tar éis leasú a dhéanamh ar an gcoincheap “idirnascadh” dá bhforáiltear in Airteagal 2(17) de Threoir 2009/73, é a chur faoi réir oibleagáidí sonracha de chuid na Treorach sin, a bhaineann le díchuachadh na gcóras tarchuir agus oibreoirí an chórais tarchuir, dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir sin, mar aon leo siúd a bhaineann le rochtain tríú páirtí agus le rialáil taraifí, dá bhforáiltear in Airteagal 32 den Treoir sin, gan an deis a bheith aige tairbhe a bhaint as díolúine ar na rialacha sin faoi Airteagal 36 de Threoir 2009/73 nó Airteagal 49a den Treoir sin, arna chur isteach leis an Treoir atá faoi dhíospóid.

101

Dá bhrí sin, is i bhfianaise na bhforálacha sin agus staid nithiúil an iarratasóra ba cheart a chinneadh, tar éis ghlacadh agus theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid, go bhfágtar le Treoir 2009/73 lánrogha do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine maidir le cur chun feidhme na bhforálacha sin agus, go háirithe, a gcur i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir.

102

Maidir leis, ar an gcéad dul síos, na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta, i míreanna 114 agus 115 den ordú atá faoi achomharc, gurb ann do na féidearthachtaí díolúine sin, agus á sonrú go raibh lánrogha leathan ag na húdaráis rialála náisiúnta, chun críocha an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 49a a chur chun feidhme, maidir le díolúine den sórt sin a dheonú.

103

Agus an méid sin á dhéanamh aici, áfach, theip ar an gCúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh, ag cur staid an iarratasóra san áireamh agus ag díriú ar shubstaint na díolúine sin, an raibh na maoluithe sin in ann cur i bhfeidhm maidir le staid an iarratasóra agus ar fhág an Treoir atá faoi dhíospóid lánrogha ag an mBallstát lena mbaineann maidir lena cur chun feidhme i ndáil leis an iarratasóir.

104

Maidir leis an lánrogha sin a bheith ann de bhua na díolúine dá bhforáiltear in Airteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73, ba cheart a chinneadh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire freisin, go bunúsach, i míreanna 74 agus 75 dá Thuairim, nach féidir aon cheann de na díolúintí sin a chur i bhfeidhm maidir le staid an iarratasóra, a mhéid, ar thaobh amháin, go raibh cinneadh déanta cheana ar na hinfheistíochtaí do phíblíne Nord Stream 2 ar an dáta ar ar glacadh an Treoir atá faoi dhíospóid, lena n-eisiatar an phíblíne sin tairbhe a bhaint as díolúine faoi Airteagal 36 de Threoir 2009/73, atá infheidhme maidir le mórbhonneagar nua gáis nó maidir le méaduithe suntasacha ar acmhainn na mbonneagar atá ann cheana, agus, ar an taobh eile, ar an dáta sin, ba léir nach bhféadfaí an phíblíne sin a chríochnú roimh an 23 Bealtaine 2019, rud a chuirfeadh cosc ar dhíolúine a dheonú faoi Airteagal 49a den Treoir sin.

105

Sna himthosca sin, cé gur fíor go bhfuil lánrogha ag na Ballstáit maidir le díolúintí den sórt sin a dheonú do ghnóthais gáis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 36 agus 49a faoi seach de Threoir 2009/73, níl aon lánrogha acu maidir leis an bhféidearthacht na díolúintí sin a dheonú don iarratasóir, nach gcomhlíonann na coinníollacha sin. Dá bhrí sin, tá nasc díreach idir teacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid agus forchur na n-oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2009/73, ar an iarratasóir leis an Treoir sin, dá dtagraítear i mír 75 den bhreithiúnas seo.

106

Ar an dara dul síos, sna himthosca sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh an bhfuil lánrogha ag an mBallstát lena mbaineann i ndáil leis an iarratasóir chun críocha an toradh atá le baint amach a chinneadh, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin go n-éalódh an t-iarratasóir ó na hoibleagáidí sin.

107

I ndáil leis an méid sin, maidir leis an oibleagáid díchuachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir 2009/73, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 112 den ordú atá faoi achomharc, gur féidir leis na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, faoin dara fomhír d’Airteagal 9(8)(a) agus (b), agus mír (9) den Treoir sin, gan an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm, go háirithe, maidir le hidirnaisc amhail píblíne gháis Nord Stream 2. Sa chás sin, ní mór do na Ballstáit sin, in ionad struchtúir úinéireachta a scaradh ó struchtúir soláthair agus táirgthe, oibreoir córais neamhspleách a ainmniú faoi Airteagal 14 den Treoir sin nó oibreoir córais tarchuir neamhspleách. Tá lánrogha ag na Ballstáit sin ansin, de réir na Cúirte Ginearálta, ina leith sin.

108

Ní leor cinneadh den sórt sin, áfach, chun a chinneadh go bhfuil lánrogha ag na húdaráis náisiúnta maidir leis an oibleagáid díchuachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Threoir 2009/73.

109

Leanann sé ó aithris 13 de Threoir 2009/73, cé gur cheart don dá chuid den rogha mhalartach maidir leis an oibleagáid díchuachta dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) den Treoir sin “do ghnóthas atá comhtháite go hingearach a bheith in ann úinéireacht ar shócmhainní gréasáin a choinneáil”, nach mór dóibh, mar sin féin, “deighilt éifeachtach idir leasanna a áirithiú”, ní mór don oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir tarchuir neamhspleách “gach feidhm de chuid oibreora córais” a chur i bhfeidhm agus a bheith faoi réir “sásraí mionsonraithe rialála agus sásraí forleathana rialála”.

110

Fágann sé sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire freisin, go bunúsach, i míreanna 80 agus 81 dá Thuairim, beag beann ar an rogha a roghnaíodh faoi dheireadh as measc na roghanna dá dtagraítear i mír 107 den bhreithiúnas seo, go n-athrófar seasamh dlíthiúil an iarratasóra ar ndóigh, ós rud é nach dtugtar le hAirteagal 9 de Threoir 2009/73 ach rogha na modhanna do na Ballstáit chun toradh dea-shainithe, eadhon, deighilt éifeachtach struchtúr tarchuir ó struchtúir táirgeachta agus soláthair, a bhaint amach. Dá bhrí sin, cé nach mbaintear aon solúbthacht de na Ballstáit chun Airteagal 9 a chur chun feidhme, níl aon lánrogha acu maidir leis an oibleagáid díchuachta dá bhforáiltear san fhoráil sin, agus dá thoradh sin ní fhéadfaidh an t-iarratasóir é a sheachaint, beag beann ar an rogha a rinneadh as ceann amháin de na trí mhodh a leagtar síos san fhoráil sin.

111

Is amhlaidh atá leis na hoibleagáidí faoi Airteagal 32 de Threoir 2009/73, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 41(6), (8) agus (10) de. Ceanglaítear leis na hoibleagáidí sin, go háirithe, ar oibreoirí tarchuir atá faoi réir na Treorach sin rochtain a sholáthar do thríú páirtithe ar a ngréasán ar bhonn córais a chuirtear i bhfeidhm go hoibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar tharaifí comhréireacha, arna bhfoilsiú agus arna bhformheas ag an údarás rialála inniúil. Ní mór don údarás sin, i gcomhthéacs an fhormheasa ar na taraifí sin, go háirithe, dreasachtaí iomchuí a sholáthar chun oibreoirí córais tarchuir a spreagadh chun cur le héifeachtúlachtaí.

112

Cé go gceanglaítear leis na hoibleagáidí sin, go háirithe ar na húdaráis rialála náisiúnta, glacadh bearta de chineál teicniúil chun críocha iad a chur chun feidhme, is amhlaidh i gcónaí nach féidir leis na bearta sin an toradh atá ag na hoibleagáidí sin a athrú, eadhon, go ráthóidh oibreoirí córais tarchuir rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gcóras sin do thríú páirtithe faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i dTreoir 2009/73, agus é mar aidhm ag na bearta sin rochtain éifeachtach ar an margadh sin a áirithiú do na rannpháirtithe uile sa mhargadh.

113

Maidir leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach freisin, i mír 117 den ordú atá faoi achomharc, nach raibh an t-iarratasóir in ann brath ar bhreithiúnas an 13 Márta 2008, Commission v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159). Cé go bhfuil an cás as ar eascair an breithiúnas sin éagsúil leis an gcás reatha a mhéid a bhain sé leis na héifeachtaí dlíthiúla a tháinig as cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun treorach, is amhlaidh atá i gcónaí go leagtar síos an treoir sin ar deireadh le fórsa ceangailteach an chinnidh sin agus go gcinntear leis an gcinneadh sin, in aon chás, amhail na forálacha thuasluaite den Treoir atá faoi dhíospóid dá dtagraítear i míreanna 110 agus 111 den bhreithiúnas seo, an toradh atá le baint amach, nach raibh aon lánrogha ag na Ballstáit ina leith.

114

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go raibh lánrogha ag na Ballstáit leis an Treoir atá faoi dhíospóid, gan staid an iarratasóra a chur san áireamh agus gurb é iarmhairt dhíreach theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid an t-iarratasóir a chur faoi réir oibleagáidí, agus nach bhféadfaí toradh na Treorach sin a athrú. Sna himthosca sin, ní mór seasamh leis an dara cuid den chéad fhoras achomhairc freisin.

115

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór a mheas go bhfuil bunús maith leis an gcéad fhoras achomhairc, ós rud é gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach raibh baint dhíreach ag an iarratasóir leis an Treoir atá faoi dhíospóid. Léiríonn sé sin nach mór mír 4 den chuid oibríochtúil den ordú atá faoi achomharc a chur ar neamhní, ós rud é, sa mhír sin, gur rinneadh an chaingean a thionscain an t-iarratasóir a dhíbheadh toisc í a bheith neamh-inghlactha ar an bhforas sin.

An dara foras achomhairc

– Argóintí na bpáirtithe

116

Ar an dara foras achomhairc, líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí dlí agus í ag scrúdú an iarraidh ar dhoiciméid na Comhairle a tharraingt siar, rud a d’fhág go raibh sé mícheart ordú a thabhairt go ndéanfaí tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle, an moladh ón gCoimisiún agus tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhaint den chomhad agus ní chuirfí sleachta an iarratais ná na n-iarscríbhinní ina bhfuil sleachta as na doiciméid seo atáirgthe san áireamh.

117

Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, líomhnaíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína measúnú ina hiomláine a bhunú ar an gcreat a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1049/2001, lena rialaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid, gan a chur san áireamh an raibh na doiciméid atá i gceist úsáideach chun an díospóid a réiteach, mar a éilítear leis an gcásdlí a d’eascair as breithiúnas an 12 Bealtaine 2015, Dalli v an Coimisiún (T-562/12, EU:T:2015:270).

118

Ar an dara dul síos, áitíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin tríd an creat dlí sriantach a chur i bhfeidhm ar na doiciméid atá i gceist, a shainmhínigh an Chúirt Bhreithiúnais in imthosca tromchúiseacha agus sonracha na gcásanna ba chúis le hordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint (C-650/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:438) agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit (C-457/18, EU:C:2020:65). Measann an t-iarratasóir, go háirithe, go bhfuil na doiciméid sin go léir mar chuid d’obair ullmhúcháin na Treorach atá faoi dhíospóid, ionas go dtiocfaidh siad faoi raon feidhme phrionsabal na trédhearcachta méadaithe a chumhdaítear i mbreithiúnas an 1 Iúil 2008, an tSualainn agus Turco v an Chomhairle (C-39/05 P agus C-52/05 P, EU:C:2008:374). Theip ar an gCúirt Ghinearálta freisin freagra a thabhairt don argóint gur luaigh institiúidí an Aontais sleachta áirithe den tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle go mion sa togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha.

119

Ar an tríú dul síos, áitíonn an t-iarratasóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí chun tábhacht shuntasach a thabhairt don nós imeachta eadrána a thionscain sí faoin gConradh um Chairt Fuinnimh, a síníodh i Liospóin an 17 Nollaig 1994 (IO 1994 L 380, lch. 24), a formheasadh thar ceann na gComhphobal Eorpach le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 1997 (IO 1998 L 69, lch. 1). Thug an Chúirt Ghinearálta bonn cirt lena cur chuige toisc gur ghá leas an phobail a chosaint maidir le caidreamh idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, ach níor mhínigh sí conas a d’fhéadfadh na doiciméid atá i gceist a thabhairt ar aird dochar a dhéanamh dóibh. Ní thagann nós imeachta eadrána faoi raon feidhme “caidreamh idirnáisiúnta” de réir bhrí na forála sin.

120

Áitíonn an Chomhairle go bhfuil an dara foras achomhairc neamh-inghlactha ar an bhforas, dar léi, go bhfuil an foras achomhairc sin ag iarraidh athbhreithniú ón gCúirt Bhreithiúnais ar an measúnú ar na fíorais a rinne an Chúirt Ghinearálta.

121

Ina theannta sin, measann an Pharlaimint agus an Chomhairle nach mór an dara foras achomhairc a dhiúltú, in aon chás, mar fhoras gan bhunús.

122

Ar an gcéad dul síos, cuireann an Pharlaimint in iúl go bhfuil argóint iomlán an iarratasóra bunaithe ar an réamh-mhíthuiscint gur theip ar an gCúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh an raibh na doiciméid atá i gceist “ábhartha go follasach maidir le toradh na díospóide”, agus cuireann an Chomhairle in iúl, sa chomhthéacs sin, nár chuir an Chúirt Ghinearálta forálacha Rialachán Uimh. 1049/2001 i bhfeidhm go heisiach nó go díreach. De réir na Comhairle, rinne an Chúirt Ghinearálta na leasanna a bhí i gceist a chothromú i ndáiríre, i gcomhréir leis an gcásdlí a d’eascair as breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Bealtaine 2015, Dalli v an Coimisiún (T-562/12, EU:T:2015:270).

123

Ar an dara dul síos, sonraíonn an Chomhairle, maidir leis sin, nár chinn an Chúirt Ghinearálta, mar riail ghinearálta, nach féidir doiciméid a úsáid i nós imeachta ach amháin má tá údar ag an údar nó an institiúid is cosantóir iad a thabhairt ar aird. Os a choinne sin, rinne an Chúirt Ghinearálta anailís mhionsonraithe ar imthosca uile an cháis a bhí os a comhair agus chinn sí go raibh gá leis na doiciméid atá i gceist a bhaint den chomhad ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.

124

Ar an tríú dul síos, líomhnaíonn an Pharlaimint gur chinn an Chúirt Ghinearálta, mar is ceart, i gcomhréir leis an gcásdlí a d’eascair as ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint (C-650/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:438), agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit (C-457/18, EU:C:2020:65), agus í ag brath, sa chás seo, ar thuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle, go raibh an t-iarratasóir ag iarraidh, i ndáiríre, dul i ngleic leis an gComhairle leis an tuairim a fuair sí óna Seirbhís Dlí agus dá bhrí sin iallach a chur ar an gComhairle seasamh poiblí a ghlacadh ar an tuairim sin, rud a dhéanfadh dochar do leas na hinstitiúide sin tairbhe a bhaint as tuairimí dlíthiúla.

125

Dearbhaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle sa chomhthéacs sin nach mbaineann aon cheann de na doiciméid atá i gceist, go háirithe tuairim dhlíthiúil na Comhairle, le nós imeachta reachtach, a ndearnadh an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha a leasú.

126

Ar an gceathrú dul síos, líomhnaíonn an Chomhairle gur ordaigh an Chúirt Ghinearálta go ndéanfaí na tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhaint den chomhad, go háirithe, ar an bhforas go ndéanfaí nochtadh a n-ábhar dochar do chosaint leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, lenar athbhunaíodh an status quo roimhe sin ina bhfuil breithiúnacht an Aontais an t-aon chomhlacht a mbeadh an chumhacht aige a ordú do na páirtithe doiciméid a thabhairt ar aird nó a n-ábharthacht a mheasúnú.

– Breithniú na Cúirte Breithiúnais

127

Ní mór diultú d’fhoras neamh-inghlacthachta a dhiúltaigh an Chomhairle i ndáil leis an dara foras achomhairc, leis an bhforas achomhairc sin, ar dá réir a iarrtar ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar chinntí fíorasacha arna ndéanamh ag an gCúirt Ghinearálta. Cé gurb ag an gCúirt Ghinearálta amháin a bheidh dlínse, i bprionsabal, chun na fíorais a aimsiú agus a mheas, ní iarrtar leis an bhforas achomhairc ar an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar na fíorais ar a raibh an Chúirt Ghinearálta ag brath sa chás seo, ach baineann sé le ceist dlí a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil a chuireann an Chúirt Ghinearálta i bhfeidhm chun críocha na fíorais sin a mheas.

128

Chun críocha scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas an dara foras achomhairc, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, ar thaobh amháin, go dtugtar le tuiscint le prionsabal chomhionannas na n-arm, arb é atoradh coincheap na trialach córa é, a ráthaítear go háirithe le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an oibleagáid chun deis réasúnach a thairiscint do gach páirtí a chás a chur i láthair, lena n-áirítear a fhianaise, faoi choinníollacha nach gcuireann sé faoi mhíbhuntáiste ar leith é i gcomparáid lena fhreasúra (breithiúnas an 16 Bealtaine 2017, Berlioz Investment Fund, C-682/15, EU:C:2017:373, mír 96).

129

Ar an taobh eile, de réir cásdlí seanbhunaithe, is é an prionsabal is infheidhme i ndlí an Aontais ná saormheastóireacht ar fhianaise, as a leanann sé nach bhféadfar inghlacthacht fianaise a thabharfar ar aird in am trátha a agóid os comhair bhreithiúnacht an Aontais Eorpaigh ach amháin ar an mbonn go bhfuarthas go neamhdhleathach í (breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2021, an Chúirt Iniúchóirí v Pinxten, C-130/19, EU:C:2021:782, mír 104).

130

Dá bhrí sin, i láthair fianaise a thugann páirtí ar aird go neamhdhleathach, amhail doiciméid inmheánacha dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1049/2001, nach raibh a dtabhairt ar aird údaraithe ag an institiúid lena mbaineann ná nár ordaigh breithiúnacht an Aontais iad, ní mór leasanna na bpáirtithe faoi seach sna himeachtaí maidir lena gceart chun trialach córa a mheá, ag cur san áireamh na leasanna atá á gcosaint leis na rialacha a sáraítear nó a ndearnadh sárú orthu le linn fianaise den sórt sin a fháil.

131

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire freisin, go bunúsach, i míreanna 119 agus 138 dá Thuairim, ní mór do bhreithiúnacht an Aontais, atá ag éisteacht le hiarratais chun an fhianaise chomhfhreagrach a bhaint, cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, leasanna an iarratasóra a thug an fhianaise sin ar aird agus, go háirithe, a n-úsáideacht chun tuillteanais na caingne a tugadh os a chomhair a mheas á cur san áireamh agus, ar an taobh eile, leasanna an pháirtí freasúra a d’fhéadfaí dochar a dhéanamh go sonrach agus go héifeachtach dá gcoimeádfaí an fhianaise sa chomhad.

132

Ar an dara dul síos, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh maidir le doiciméid inmheánacha a bhaint den chomhad dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1049/2001, cé nach bhfuil sé infheidhme i gcaingean ar nós na caingne a thionscain an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta, tá luach táscach áirithe ag baint leis chun na leasanna is gá chun rialú a dhéanamh ar iarraidh den sórt sin a chothromú (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:438, míreanna 12 agus 13).

133

Ní féidir a mheas, áfach, go rialaítear go cuimsitheach le Rialachán Uimh. 1049/2001 cothromaíocht na leasanna is gá chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhoiciméid a tharraingt siar ó chomhad an cháis.

134

Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán sin trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta a fheabhsú ar leibhéal an Aontais tríd an gceart rochtana ar dhoiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 15(3) CFAE agus a chumhdaítear in Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme (féach chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C-160/20, EU:C:2022:101, míreanna 35 agus 36), braitheann inghlacthacht na fianaise sa deireadh ar chothromaíocht idir na leasanna atá i gceist, i bhfianaise an chuspóra chun ceart na bpáirtithe chun triail chóir a fháil a áirithiú, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire freisin, go bunúsach, i míreanna 129 agus 130 dá Thuairim.

135

Ar an tríú dul síos, maidir le scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid atá i gceist i bhfianaise na bprionsabal atá leagtha amach thuas, ba cheart a mheas, ar an gcéad dul síos, nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag ordú go ndéanfaí tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle a bhaint den chomhad agus ní chuirfí sleachta an iarratais ná na n-iarscríbhinní ina bhfuil sleachta as na doiciméid seo atáirgthe san áireamh.

136

Maidir leis sin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais go mbeadh sé ag teacht salach ar leas an phobail atá ag iarraidh go mbeadh na hinstitiúidí in ann tairbhe a bhaint as tuairimí óna Seirbhís Dlí, arna tabhairt ar bhealach iomlán neamhspleách, chun go bhféadfaí doiciméid inmheánacha den sórt sin a thabhairt ar aird i gcomhthéacs díospóide os comhair na Cúirte Breithiúnas gan an tabhairt ar aird sin a bheith údaraithe ag an institiúid lena mbaineann nó ordaithe ag an gcúirt sin (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 53 agus an cásdlí a luaitear).

137

Trí thuairim dhlíthiúil den sórt sin a thabhairt ar aird gan údarú, déanann an t-iarratasóir comparáid idir an institiúid lena mbaineann, sa nós imeachta a bhaineann le bailíocht an ghnímh a chonspóidtear, agus tuairim ón tSeirbhís Dlí féin nuair a tarraingíodh suas an gníomh sin. I bprionsabal, trí ghlacadh leis go bhféadfaidh an t-iarratasóir sin tuairim dhlíthiúil institiúide nach bhfuil a nochtadh údaraithe ag an institiúid sin a chur ar an gcomhad, tugann sé neamhaird do na ceanglais maidir le triail chóir (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 54 agus an cásdlí a luaitear).

138

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, ar bhonn eisceachtúil, go bhféadfadh prionsabal na trédhearcachta bonn cirt a thabhairt le nochtadh doiciméid institiúide i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha, ar dhoiciméad é nár cuireadh ar fáil don phobal agus ina bhfuil tuairim dhlíthiúil i gcás ina mbaineann an tuairim dhlíthiúil sin le nós imeachta reachtach a bhfuil trédhearcacht níos mó ag teastáil ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, míreanna 56 go 59).

139

Ní chuirfidh an trédhearcacht sin cosc, áfach, go bhféadfadh sé go ndiúltófaí tuairim dhlíthiúil ar leith a nochtadh, arna bhunú i bhfianaise próisis reachtaigh ar leith ach ar tuairim í atá de chineál fíor-íogair nó go mbaineann raon feidhme fíor-leathan léi lena gcumhdaítear níos mó ná comhthéacs an phróisis reachtaíochta sin, ar bhonn tuairimí dlíthiúla a chosaint, agus sa chás sin is faoin institiúid lena mbaineann atá sé forais an diúltaithe sin a mhionsonrú (breithiúnas an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, mír 60).

140

Sa chás seo, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 50 agus 54 den ordú atá faoi achomharc, ní raibh baint ag tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle, nach raibh a thabhairt ar aird údaraithe ag an gComhairle, murab ionann agus sin a líomhnaíonn an t-iarratasóir, le próiseas reachtach, ach go bhfuil sé d’aidhm ag moladh ón gCoimisiún chuig an gComhairle tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus tríú Stát d’fhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Thairis sin, ní féidir difear a dhéanamh don chuspóir sin toisc gur luaigh institiúidí an Aontais féin an tuairim sin i gcomhthéacs ghlacadh na Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/73 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha.

141

Sna himthosca sin, suitear go leordhóthanach, ar thaobh amháin, go ndéanfadh coinneáil na tuairime sin sa chomhad dochar do cheart na Comhairle chun triail chóir a fháil agus do leas na Comhairle chun tuairimí neamhbhalbha, oibiachtúla agus cuimsitheacha a fháil agus, ar an taobh eile, nach bhfuil aon leas poiblí sáraitheach ann a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt le tabhairt ar aird na tuairime dlíthiúla atá i gceist ag an iarratasóir. Thairis sin, sa mhéid nach leor an t-aon leas atá ag an iarratasóir, beag beann ar a dhlisteanaí atá an leas sin, mar thacú lena chuid argóintí leis an tuairim sin chun bonn cirt a thabhairt do chur isteach den sórt sin ar chearta agus leasanna na Comhairle (féach, chuige sin, ordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, neamhfhoilsithe, EU:C:2019:438, míreanna 15 go 18, agus breithiúnas an 31 Eanáir 2020, an tSlóivéin v an Chróit, C-457/18, EU:C:2020:65, míreanna 70 agus 71), go háirithe ós rud é nach bhfuil fiúntas na hargóinte sin agus, dá bhrí sin, an fhéidearthacht sásamh a fháil ag brath ar bhealach ar bith ar thabhairt ar aird na tuairime sin, tá sé tábhachtach a thabhairt chun críche go bhfuil cothromaíocht na leasanna dá dtagraítear i mír 131 den bhreithiúnas seo i bhfabhar na gceart agus leasanna na Comhairle sin a chosaint.

142

Os a choinne sin, ar an dara dul síos, maidir leis an moladh ón gCoimisiún agus na tuairimí ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, dealraíonn sé, cé gur mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta féin, i mír 39 den ordú atá faoi achomharc, luach táscach Rialachán Uimh. 1049/2001 chun críocha scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar dhoiciméad a tharraingt siar, go bhfuil sé bunaithe, i ndáiríre, in ainneoin na tuisceana sin agus an méid a leagadh amach i míreanna 131 agus 133 den bhreithiúnas seo, ar forálacha an rialacháin sin go heisiach agus go háirithe ar an tríú fleasc d’Airteagal 4(1)(a) den rialachán sin, maidir le caidrimh idirnáisiúnta a chosaint, chun bonn cirt a thabhairt leis na doiciméid sin a tharraingt siar.

143

Maidir leis sin, ar thaobh amháin, cé go n-aithnítear leis go bhfuil an leas a bhaineann le caidreamh idirnáisiúnta a chosaint a chumhdaítear san fhoráil sin táscach sa chomhthéacs sin, is amhlaidh i gcónaí, chun críocha na leasanna dá dtagraítear i mír 131 den bhreithiúnas seo a chothromú, nach mór a shuí, trí na doiciméid sin a choinneáil sa chomhad, go bhféadfaí dochar a dhéanamh go sonrach agus go héifeachtach don leas a bhfuiltear ag brath air chun bonn cirt a thabhairt le tarraingt siar na ndoiciméad sin.

144

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, maidir le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 1049/2001, nach leor díreach go mbaineann doiciméad le leas atá faoi chosaint eisceachta ar an gceart rochtana a leagtar síos san fhoráil sin chun bonn cirt a thabhairt le cur i bhfeidhm na forála sin, ós rud é nach mór don institiúid lena mbaineann mínithe a thabhairt ar conas a d’fhéadfadh rochtain ar an doiciméad sin dochar a dhéanamh go sonrach agus go héifeachtach don leas sin, beag beann ar lánrogha leathan a bheith ag an institiúid sin i gcur i bhfeidhm an tríú fleasc d’Airteagal 4(1)(a) de Rialachán Uimh. 1049/2001. (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 2014, an Chomhairle v in’t Veld, C-350/12 P, EU:C:2014:2039, míreanna 515263 agus 64).

145

Mar sin féin, ní léir ar bhealach ar bith ón ordú atá faoi achomharc go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú ar na míniúcháin a sholáthair an Chomhairle i bhfianaise na gceanglas sin. Os a choinne sin, níor chuir an Chúirt Ghinearálta isteach ach amháin, maidir leis an moladh ón gCoimisiún, i míreanna 57 agus i míreanna 60 go 63 den ordú atá faoi achomharc, an riosca go ndéanfaí dochar go sonrach agus go héifeachtach don leas lena mbaineann toisc go raibh baint ag an doiciméad sin le cinneadh a bhaineann le caibidlíocht idirnáisiúnta le tríú Stát a ghlacadh.

146

Maidir le tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, níor chinn an Chúirt Ghinearálta ach, chun críocha bonn cirt a thabhairt leis na tuairimí sin a bhaint den chomhad, go ndéanfaí nochtadh na dtuairimí sin dochar go sonrach agus go héifeachtach do chosaint leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, “go háirithe trí sheasamh an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta eadrána sin arna dtionscnamh ina choinne ag an iarratasóir a lagú”, gan míniú a thabhairt ar an gcaoi go mbeadh baint ag nós imeachta eadrána den sórt sin, de réir cosúlachta de chineál príobháideach, le caidrimh idirnáisiúnta an Aontais, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire freisin i mír 157 dá Thuairim, nó ag iarraidh a shuíomh, os a choinne sin, cad é an riosca, i ndáiríre go ndéanfaí dochar do chosaint leas an phobail sin trí na tuairimí sin a choinneáil sa chomhad.

147

Ar an taobh eile, fiú má suíodh go raibh leas an phobail curtha i mbaol mar gheall ar mholadh an Choimisiúin agus tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a choinneáil ar an gcomhad, is amhlaidh fós nach mór don Chúirt Ghinearálta cothromaíocht a bhaint amach ansin idir na leasanna a bhí i gceist, mar a cuireadh in iúl i mír 131 den bhreithiúnas seo, a theip uirthi a dhéanamh.

148

Sna himthosca sin, ní mór a mheas, trína ordú go ndéanfaí an moladh ón gCoimisiún agus na tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a bhaint den chomhad agus ní chuirfí sleachta an iarratais ná na n-iarscríbhinní ina bhfuil sleachta as na doiciméid seo atáirgthe san áireamh, rinne an Chúirt Ghinearálta earráidí dlíthiúla toisc gur chuir sí, ar thaobh amháin, forálacha Rialachán Uimh. 1049/2001 i bhfeidhm go heisiach chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh chun na doiciméid sin a bhaint den chomhad gan na leasanna atá i gceist a chothromú agus, ar an taobh eile, theip uirthi measúnú a dhéanamh, agus na míniúcháin a thug an Chomhairle maidir leis sin á gcur san áireamh, ar cé acu, trí na doiciméid chéanna a choinneáil sa chomhad, an bhféadfadh dochar a dhéanamh go sonrach agus go héifeachtach do chosaint leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

149

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór seasamh leis an dara foras achomhairc chomh maith a mhéid a bhaineann sé leis an moladh ón gCoimisiún agus le tuairimí de chuid Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Dá bhrí sin, ní mór pointe 1 den chuid oibríochtúil den ordú atá faoi achomharc, a mhéid a bhaineann an pointe sin leis an moladh ón gCoimisiún (Iarscríbhinn A 14), agus pointe 3 den chuid oibríochtúil sin a chur ar neamhní freisin.

150

Ní mór an chuid eile den achomharc a dhíbhe.

An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

151

Faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear ar neamhní breith na Cúirte Ginearálta, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid.

152

Sa chás seo, sa chás nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a thabhairt, ag an gcéim seo de na himeachtaí, ar shubstaint na caingne a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta, tá an fhaisnéis is gá aici chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar agóid do-ghlacachta a d’ardaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle le linn na n-imeachtaí ag an gcéad chéim.

153

Ar an gcéad dul síos, maidir le cé acu an bhfuil baint ag an iarratasóir go leithleach leis an Treoir atá faoi dhíospóid, líomhnaíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, gurb í píblíne mhuirí Nord Stream 2 an t-aon phíblíne nua chun cinn ar bhain an Treoir sin léi agus ar glacadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith, rinneadh infheistíocht an-suntasach sular glacadh an Treoir sin agus nach bhfuil a húinéir incháilithe chun tairbhe a bhaint as díolúine faoi Airteagal 49a de Threoir 2009/73.

154

Áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, go bunúsach, nach bhfuil baint ag an iarratasóir go leithleach leis an Treoir atá faoi dhíospóid. De réir na n-institiúidí sin, ós rud é gur féidir líon nó fiú céannacht na ndaoine a thagann faoina raon feidhme a chinneadh tráth ar leith, ní athraítear ar bhealach ar bith go bhfuil baint ag an Treoir sin, ar an mbealach céanna, le gach píblíne intíre nó píblíne mhuirí, atá ann cheana nó atá tugtha chun críche, atá nua nó a bheidh ann amach anseo, a nascann an tAontas le tríú tíortha. Dá bhrí sin, is ciorcal oscailte d’oibreoirí eacnamaíocha atá ann. In aon chás, teipeann ar an iarratasóir soiléiriú a thabhairt ar an difríocht idir píblíne Nord Stream 2 agus aon idirnascadh trasteorann eile le tríú tír.

155

Cuireann an Chomhairle in iúl, ar thaobh amháin, go ndéanann an t-iarratasóir agóid i gcoinne na Treorach atá faoi dhíospóid ina hiomláine, agus mar thoradh air sin nach bhfuil a chaingean teoranta do bhailíocht na gcoinníollacha díolúine a leagtar amach in Airteagal 49a de Threoir 2009/73, a cuireadh isteach leis an Treoir atá faoi dhíospóid. Ar an taobh eile, de réir na Comhairle, níl breithiúnais an 13 Márta 2008, an Coimisiún v Infront WM (C-125/06 P, EU:C:2008:159), agus an 27 Feabhra 2014, Stichting Woonpunt agus páirtithe eile v an Coimisiún (C-132/12 P, EU:C:2014:100), dá dtagraíonn an t-iarratasóir, ábhartha sa chás seo, a mhéid a bhaineann na breithiúnais sin le hoibreoirí a bhfuil cearta faighte acu roimhe sin a dhéanann idirdhealú leo go leithleach ó gach oibreoir eile.

156

Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú nach féidir le hábhair seachas iad siúd ar a ndírítear an cinneadh a mhaíomh go bhfuil baint acu go leithleach, de bhua an ceathrú fomhír d’Airteagal 263 CFAE, ach amháin má dhéanann an cinneadh sin difear dóibh mar gheall ar airíonna áirithe a bhaineann leo nó mar gheall ar imthosca ina ndéantar iad a idirdhealú ó gach duine eile agus mar gheall ar sin, déanann siad idirdhealú eatarthu féin amhail mar a dhéantar i gcás an duine a ndírítear air (breithiúnais an 15 Iúil 1963, Plaumann v an Coimisiún, 25/62, EU:C:1963:17, lch. 223, agus an 13 Márta 2018, European Union Copper Task Force v an Coimisiún, C-384/16 P, EU:C:2018:176, mír 93).

157

Sa chomhthéacs sin, eascraíonn sé as cásdlí seanbhunaithe nach dtugann an deis líon na ndaoine nó céannacht na ndaoine atá faoi réir beart a shainaithint a bheag nó a mhór, ar bhealach ar bith, gur gá iad a mheas mar dhaoine lena mbaineann an beart sin go leithleach leo, ar choinníoll go gcuirtear an beart sin i bhfeidhm de bhua staid oibiachtúil dhlíthiúil nó fhíorasach arna shainiú leis an ngníomh atá i gceist (breithiúnas an 13 Márta 2018, European Union Copper Task Force v an Coimisiún, C-384/16 P, EU:C:2018:176, mír 94 agus an cásdlí a luaitear).

158

Mar sin féin, is léir fós ó chásdlí socair, i gcás ina ndéanann gníomh difear do ghrúpa daoine a sainaithníodh nó a raibh in-sainaitheanta ar an dáta a glacadh an gníomh sin agus, de bhua critéir a bhaineann go sonrach le baill an ghrúpa sin, go bhféadfadh baint a bheith ag na daoine sin go leithleach leis an ngníomh sin sa mhéid go raibh siad mar chuid de chiorcal srianta oibreoirí eacnamaíocha (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2014, Stichting Woonpunt agus páirtithe eile v an Coimisiún, C-132/12 P, EU:C:2014:100, mír 59).

159

Sa chás seo, is fíor go bhfuil an Treoir atá faoi dhíospóid i dtéarmaí ginearálta agus go bhfuil feidhm aici go neamh-idirdhealaitheach maidir le haon oibreoir le píblíne gháis idir Ballstát agus tríú tír, lena gcuirtear na hoibreoirí dá dtagraítear faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir 2009/73. Ós rud é gur beag líon na n-oibreoirí sin, sa chomhthéacs sin, ní leor é a shuíomh go bhfuil baint acu go leithleach leis an Treoir atá faoi dhíospóid, agus na himthosca sin á míniú ní ag cineál na n-éifeachtaí dlíthiúla a eascraíonn as Treoir 2009/73, ach ag saintréithe an mhargaidh lena mbaineann.

160

Mar sin féin, mar a tugadh faoi deara i mír 104 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh an t-iarratasóir tairbhe a bhaint as díolúine faoi Airteagal 36 de Threoir 2009/73 nó faoi Airteagal 49a den Treoir sin.

161

Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheas, maidir leis na hidirnascairí atá ann cheana féin agus maidir leis na hidirnascairí atá fós le tógáil, gurb í píblíne Nord Stream 2 an t-aon phíblíne amháin a bheidh, agus a d’fhéadfadh a bheith, i gcás den sórt sin, sa mhéid go bhfuil díolúine ag oibritheoirí na n-idirnascairí eile go léir a chumhdaítear le Treoir 2009/73, nó go mbeifear in ann iad a dheonú, faoi cheann d’fhorálacha na Treorach sin dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo, mar a líomhnaíonn an t-iarratasóir gan é a bhréagnú.

162

Dá bhrí sin, tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach atá faoi dhíospóid, an gaol idir, ar thaobh amháin, síneadh raon feidhme Threoir 2009/73 go hidirnascairí idir na Ballstáit agus tríú tíortha, dá bhforáiltear in Airteagal 2(17) den Treoir sin, agus ar an taobh eile, go raibh éifeachtaí ag an gcoigeartú ar na coinníollacha maidir le díolúine dá bhforáiltear in Airteagail 36 agus 49a den Treoir sin maidir le staid dhlíthiúil an iarratasóra chun idirdhealú a dhéanamh uirthi ar bhealach atá comhchosúil leis an gcaoi a ndírítear ar sheolaí cinnidh.

163

Sna himthosca sin, ba cheart a mheas go bhfuil baint ag an iarratasóir go leithleach leis na coinníollacha díolúine a eascraíonn as Airteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73, arna leasú agus arna chur isteach faoi seach leis an Treoir atá faoi dhíospóid.

164

Ar an dara dul síos, i bhfianaise an mhéid atá leagtha amach i míreanna 61 go 81 agus 94 go 115 den bhreithiúnas seo, go bhfuil baint dhíreach ag an iarratasóir leis na forálacha sin freisin.

165

Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na forálacha sin inscartha ó fhorálacha eile de chuid Threoir 2009/73, arna leasú leis an Treoir atá faoi dhíospóid.

166

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú a thionscain an t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta inghlactha laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 163 den bhreithiúnas seo.

167

An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnas a thabhairt ar shubstaint na caingne sin le haghaidh neamhniú;

Costais

168

Ós rud é go ndéantar an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, ní mór na costais a bhaineann leis na himeachtaí reatha a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Tá mír 1 den chuid oibríochtúil d’ordú de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 20 Bealtaine 2020, Nord Stream 2 v an Pharlaimint agus an Chomhairle (T-526/19, EU:T:2020:210), a mhéid a bhaineann an mhír leis an moladh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 9 Meitheamh 2017 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh d’fhonn cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hoibriú phíblíne Nord Stream 2 (Iarscríbhinn A 14), chomh maith le míreanna 3 agus 4 den chuid oibríochtúil den ordú sin, curtha ar neamhní.

 

2.

Ní mór an chuid eile den achomharc a dhíbhe.

 

3.

Tá an chaingean le haghaidh neamhniú a thionscain Nord Stream 2 AG i gcoinne Threoir (AE) 2019/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Treoir 2009/73/CE maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha inghlactha, sa mhéid atá sí dírithe i gcoinne fhorálacha Airteagail 36 agus 49a de Threoir 2009/73 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE, arna leasú agus arna gcur isteach faoi seach le Treoir 2019/692.

 

4.

An cás a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh breithiúnas a thabhairt ar shubstaint na caingne sin le haghaidh neamhniú dá dtagraítear i mír 3 den chuid oibríochtúil seo.

 

5.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.