BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

28 Meitheamh 2022 ( *1 )

(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh — Dliteanas na mBallstát i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais — Sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta — Sárú ar Bhunreacht Ballstáit atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta — Prionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachta)

I gCás C-278/20,

imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh de bhun Airteagal 258 CFAE, a tionscnaíodh an 24 Meitheamh 2020,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag J. Baquero Cruz, I. Martínez del Peral agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

v

Ríocht na Spáinne, arna hionadú ag L. Aguilera Ruiz, S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis (Rapóirtéir) agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, agus L.S. Rossi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 28 Meán Fómhair 2021,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena chaingean, iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt Bhreithiúnais a aithint, trí Airteagal 32(3) go (6), agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Ley 40/2015 de Régimen Jurídico del Sector Público (Dlí 40/2015 maidir le córas dlíthiúil na hearnála poiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015 (BOE Uimh. 236 an 2 Deireadh Fómhair 2015, lch. 89411, “Dlí 40/2015”), agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Ley 39/2015 del Procedimiento Administrativo Común de las Administraciones Públicas (Dlí 39/2015 maidir le nós imeachta riaracháin choitinn an riaracháin phoiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015 (BOE Uimh. 236 an 2 Deireadh Fómhair 2015, lch. 89343, “Dlí 39/2015”), a ghlacadh agus a choimeád i bhfeidhm, go ndearna Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta.

I. Dlí na Spáinne

A. An Bunreacht

2

Foráiltear le Bunreacht na Spáinne (an “Bunreacht”), in Airteagal 106(2) go mbeidh “[a]n ceart ag daoine príobháideacha, i gcoinníollacha a leagtar síos le dlí, cúiteamh a ghnóthú i ndáil le haon dochar a dhéantar dá maoin nó dá gcearta, seachas i gcás force majeure, nuair atá an dochar sin mar thoradh ar fheidhmiú na seirbhísí poiblí.”

B. Bundlí 6/1985

3

Foráiltear le Ley orgánica 6/1985 del Poder Judicial (Bundlí 6/1985 maidir leis na breithiúna) an 1 Iúil 1985 (BOE Uimh. 157 an 2 Iúil 1985, lch. 20632), arna leasú le Bundlí 7/2015 an 21 Iúil 2015 (BOE Uimh. 174 an 22 Iúil 2015, lch. 61593) (“Bundlí 6/1985”), in Airteagal 4a(1) go “[g]cuirfidh na breithiúna agus na cúirteanna dlí an Aontais i bhfeidhm [...] i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh”.

C. Dlí 29/1998

4

Leagtar amach in Airteagal 31 de Ley 29/1998 reguladora de la Jurisdicción Contencioso-Administrativa (Dlí 29/1998 lena n-eagraítear an chúirt riaracháin) an 13 Iúil 1998 (BOE Uimh. 167 an 14 Iúil 1998, lch. 23516) arna leasú le Ley 20/2013 de garantía de la unidad de mercado (Dlí 20/2013 lena n-áirithítear aontacht an mhargaidh), an 9 Nollaig 2013 (BOE Uimh. 295, an 10 Nollaig 2013, lch. 97953) (“Dlí 29/1998”):

“1.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go ndearbhófaí go bhfuil na gníomhartha agus na forálacha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne de bhun na caibidle roimh ré[, dar teideal “Gníomhaíochtaí riaracháin gur féidir a chur ina gcoinne”] neamhdhleathach agus, más iomchuí, go gcuirfí ar neamhní iad.

2.   Féadfaidh sé freisin a iarraidh go n-aithneofaí staid dhlíthiúil ar leith agus go nglacfaí bearta cuí d’fhonn an staid sin a athbhunú ina hiomláine, lena n-áirítear damáiste a chúiteamh, más iomchuí.”

5

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 32(2) den dlí sin:

“Nuair is ábhar don chaingean gníomh substainteach atá ina ionsaí neamhdhleathach, féadfaidh an t-iarratasóir a iarraidh go ndearbhofaí go bhfuil sé neamhdhleathach, go n-ordófaí deireadh a chur leis an ngníomh sin agus go nglacfaí, más iomchuí, na bearta eile dá bhforáiltear in Airteagal 31(2).”

6

Is mar seo a leanas atá Airteagal 37(2) agus (3) den dlí sin:

“2.   Nuair is ann do roinnt caingne le haidhm chomhionann acu atá ar feitheamh os comhair breithimh nó cúirte, beidh iallach ar an mbreitheamh nó ar an gcúirt sin, mura bhfuil na cásanna sin uamtha, tar éis na páirtithe a éisteacht laistigh de theorainn ama choitinn de chúig lá, tosaíocht phróiseála a thabhairt do chaingean amháin nó níos mó agus na caingne eile a chur ar fionraí go dtí go rialaíonn sé nó sí ar na chéad chinn díobh sin.

3.   Chomh luath is a thugtar rialú cinntitheach [sa chás le tosaíocht], cuirfidh an Cláraitheoir [...] é sin in iúl do na hiarratasóirí atá bainteach leis na cásanna a cuireadh ar fionraí ionas go bhféadfaidh siad a iarraidh, laistigh de theorainn ama de chúig lá, síneadh a chur le héifeachtaí an rialaithe sna coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 111 nó leanúint leis na himeachtaí, nó scor nó tarraingt siar ón gcaingean.” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

7

Leagtar amach, le hAirteagal 71(1)(d) den dlí céanna, an méid seo a leanas:

“Nuair a cheadaítear an chaingean riaracháin leis an rialú nó leis an mbreithiúnas:

[...]

d)

Má ghlactar le hiarratas chun damáiste a chúiteamh, dearbhófar an ceart chun cúiteamh a fháil i ngach cás, agus sonrófar freisin an páirtí a bhfuil orthu an cúiteamh a chur ar fáil. [...]”

8

De réir Airteagal 110(1) de Dhlí 29/1998:

“Maidir le cúrsaí cánach, maidir leis an bhfoireann atá ag obair ar son an riaracháin phoiblí agus maidir le haontacht an mhargaidh, féadfar éifeachtaí rialaithe chinntithigh, lenar aithníodh staid dhlíthiúil ar leith do dhuine amháin nó níos mó, a leathnú chun go gcumhdaítear daoine eile leo, le forghníomhú an rialaithe sin, nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

a)

Tá na páirtithe lena mbaineann sa staid dhlithiúil chéanna is atá na daoine a bhain an rialú fabhrach amach.

b)

Tá dlínse ag an mbreitheamh nó ag an gcúirt a thug an cinneadh chun a n-iarratas go n-aithneofaí an staid ar leith sin a éisteacht agus a chinneadh freisin.

c)

Iarann na daoine lena mbaineann éifeachtaí an rialaithe a leathnú laistigh de theorainn ama de bhliain amháin ag tosú ón bhfógra deireanach a tugadh do na daoine is páirtithe sna himeachtaí maidir leis an rialú sin. I gcás go dtionscnaítear achomharc chun tairbhe an dlí nó caingean le haghaidh athbhreithnithe, tosaíonn an teorainn ama sin ón bhfógra deireanach den chinneadh lena dtugtar rialú cinntitheach ina leith sin.”

9

Sonraítear le hAirteagal 111 den dlí sin:

“Nuair a cinneadh bac a chur ar na himeachtaí i gcaingean amháin nó níos mó i gcomhréir le forálacha Airteagal 37(2), chomh luath agus a dhearbhaítear go bhfuil an rialú a tugadh sa chás le tosaíocht chinntitheach, iarrfaidh an Cláraitheoir ar na hiarratasóirí atá bainteach leis na cásanna a cuireadh ar fionraí a chur in iúl, laistigh de theorainn ama de chúig lá, an bhfuil leathnú ar éifeachtaí an rialaithe uathu nó an bhfuil siad ag iarraidh leanúint leis na himeachtaí a cuireadh ar fionraí, nó an bhfuil siad ag scor nó ag tarraingt siar ón gcaingean.

Má iarrtar éifeachtaí an rialaithe sin a leathnú, ceadóidh an breitheamh nó an chúirt an t-iarratas, seachas má chomhlíontar an coinníoll dá bhforáiltear in Airteagal 110(5)(b), nó ceann de na forais neamh-inghlactha den chaingean dá foráiltear in Airteagal 69 den dlí sin.”

D. D. Cód ginearálta na gcánacha

10

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 221 de Ley 58/2003, General Tributaria (Dlí 58/2003 cód ginearálta na gcánacha) an 17 Nollaig 2003 (BOE Uimh. 302 an 18 Nollaig 2003, lch. 44987), sa leagan atá infheidhme i leith fhíorais an cháis atá idir lámha (“cód ginearálta na gcánacha”):

“1.   Bunófar an nós imeachta aitheantais don cheart chun suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú go huathoibríoch, nó arna iarraidh sin ag an bpáirtí leasmhar, sna cásanna seo a leanas:

a)

Nuair a íocadh fiacha cánach nó pionóis airgeadais faoi dhó.

b)

Nuair a bhí an méid a íocadh níos mó ná an méid a bhí le híoc mar gheall ar ghníomh riaracháin nó féinmheasúnú.

E. Dlí 39/2015

11

Foráiltear mar a leanas le Dlí 39/2015 in Airteagal 67 de, dar teideal “Iarratais ar thionscnamh imeachtaí dliteanais”:

“1.   Ní fhéadfaidh na daoine leasmhara tionscnamh imeachtaí dliteanais a iarraidh ach amháin mura bhfuil a gceart chun cúiteamh a éileamh faoi urchosc reachta. Cuirfear an ceart chun cúiteamh a éileamh faoi urchosc reachta bliain i ndiaidh don fhíoras nó don ghníomh ba chúis leis an gcúiteamh tarlú, nó i ndiaidh dá n-éifeacht dhíobhálach teacht chun cinn. I gcás go ndearnadh damáiste fisiceach nó síceolaíoch do dhaoine, tosaítear ag comhaireamh na teorann ama ón bpointe go leigheastar iad nó go gcinntear réimse na n-iarmhairtí lena mbaineann.

[...]

I gcás dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus (5) de Dhlí [40/2015], cuirfear an ceart chun cúiteamh a éileamh faoi urchosc reachta bliain i ndiaidh fhoilsiú an bhreithiúnais lenar fógraíodh go raibh an gníomh míbhunreachtúil nó go raibh sé ar neamhréir le dlí an Aontais in “Boletín Oficial del Estado” nó in “Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh”, de réir an cháis [...].

[...]”

12

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 106(4) de Dhlí 39/2015:

“Féadfaidh an riarachán poiblí, nuair a dhearbhaíonn sé go bhfuil foráil nó gníomh ar neamhní, sa chinneadh céanna, an cúiteamh ba chóir a chur ar fáil do na daoine leasmhara a bhunú, má chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in [Airteagal] 32(2) agus [in Airteagal] 34(1) de [Dhlí 40/2015] [...]”

F. Dlí 40/2015

13

Tá caibidil dar teideal “Dliteanas an riaracháin phoiblí” i nDlí 40/2015, faoina chéad teideal, ina leagtar amach Airteagal 32 go 37 den dlí sin.

14

Foráiltear le hAirteagal 32 den dlí thuasluaite, maidir leis na prionsabail lena rialaítear dliteanas an riaracháin phoiblí:

“1.   Tá sé de cheart ag na daoine príobháideacha cúiteamh a ghnóthú ó na riaracháin phoiblí lena mbaineann le haon dochar a rinneadh dá maoin agus dá gcearta dá mba rud é go raibh an dochar sin mar thoradh ar fheidhmiú gnách nó neamh-ghnách na seirbhísí poiblí, seachas i gcás force majeure nó i gcás dochar a bhfuil ar an duine príobháideach, de réir an dlí, a ghlacadh air féin go dlíthiúil.

Níl leor an neamhniú, trí bhealach riaracháin nó próiseas dlí riaracháin, ar ghníomhartha nó ar fhorálacha riaracháin, ann féin, chun a bheith mar chúis le ceart chun cúiteamh a ghnóthú.

2.   In aon chás, ní mór don damáiste lena mbaineann a bheith fírinneach, inchainníochtúil go heacnamaíoch agus sainiúil i leith duine nó grúpa daoine.

3.   Sa tslí chéanna, tá sé de cheart ag na daoine príobháideacha cúiteamh a ghnóthú ón riarachán poiblí le haghaidh aon dochair a rinneadh dá maoin agus dá gcearta a lean as cur i bhfeidhm gníomhartha reachtacha nach gníomhartha maidir le díshealbhú cearta iad, nach bhfuil orthu a ghlacadh orthu féin go dlíthiúil, chomh fada is a fhoráiltear dó sin sna gníomhartha reachtacha lena mbaineann agus faoi na coinníollacha a sonraítear leo.

Féadfar dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir sna cásanna seo a leanas freisin, ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagadh amach sna míreanna thuas:

a)

Nuair a leanann an damáiste as cur i bhfeidhm rialach le stádas dlí ar dearbhaíodh í a bheith míbhunreachtúil, ar chuntar go gcomhlíontar na ceanglais a luaitear i mír 4.

b)

Nuair a leanann an damáiste as cur i bhfeidhm rialach atá ar neamhréir le dlí an Aontais [...], i gcomhréir le forálacha mhír 5.

4.   Má tá an damáiste mar thoradh ar chur i bhfeidhm rialach le stádas dlí ar dearbhaíodh é a bheith míbhunreachtúil, féadfaidh an duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú dá mba rud é go bhfuair sé, os comhair aon chúirte, cinneadh cinntitheach ag diúltú do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin a bhí mar chúis leis an damáiste, ar chuntar gur agair an duine príobháideach an mhíbhunreachtúlacht a aithníodh ina dhiaidh sin.

5.   Má tá an damáiste mar thoradh ar chur i bhfeidhm rialach ar dearbhaíodh go raibh sí ar neamhréir le dlí an Aontais [...], féadfaidh an duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú dá mba rud é go bhfuair sé, os comhair aon chúirte, cinneadh cinntitheach ag diúltú do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin a bhí mar chúis leis an damáiste, ar chuntar gur agair an duine príobháideach an sárú ar dhlí an Aontais [...] a aithníodh ina dhiaidh sin. Thairis sin, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

Ní mór go mbeidh sé d’aidhm ag an riail dlí cearta a thabhairt do dhaoine príobháideacha.

b)

Ní mór don sárú a bheith tromchúiseach go leor.

c)

Ní mór gurb ann do nasc cúisíoch díreach idir neamhchomhlíonadh an cheanglais a bhí ar an údarás atá freagrach faoi dhlí an Aontais [...] agus an damáiste a d’fhulaing na daoine príobháideacha.

6.   Beidh éifeacht ag an gcinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí míbhunreachtúil nó go bhfuil an riail ar neamhréir le dlí an Aontais [...] ón am a fhoilsítear é in “Boletín Oficial del Estado” nó in “Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh”, de réir an cháis, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

7.   Rialófar dliteanas an Stáit le haghaidh feidhmiú riar an cheartais le [Ley Orgánica 6/1985 del Poder Judicial (Bundlí 6/1985 maidir leis na breithiúna) an 1 Iúil 1985].

[...]”

15

Foráiltear sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, dar teideal “Cúiteamh”:

“I gcás dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus (5), féadfar cúiteamh a ghnóthú i leith damáiste a tharla laistigh de theorainn ama de chúig bliana roimh dháta foilsithe an chinnidh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí míbhunreachtúil nó go bhfuil an riail ar neamhréir le dlí an Aontais [...], mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.”

II. Nós imeachta réamhdlíthíochta

16

I ndiaidh na ngearán arna ndéanamh ag na daoine príobháideacha, thionscain an Coimisiún, an 25 Iúil 2016, imeachtaí EU Pilot i gcoinne Ríocht na Spáinne, bunaithe ar Airteagal 32 agus 34 de Dhlí 40/2015. Mhaígh an Coimisiún sárú féideartha ar phrionsabal na coibhéise agus ar phrionsabal na héifeachtachta, sa chaoi go gcuirtear srian leo ar neamhspleáchas na mBallstát agus iad ag leagadh síos na gcoinníollacha lena rialaítear a ndliteanas i leith sáruithe ar dhlí an Aontais gur féidir a chur ina leith. Toisc nár éirigh leis na himeachtaí sin, cuireadh clabhsúr leo, agus thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú.

17

Le litir an 15 Meitheamh 2017, thug an institiúid sin fógra don Bhallstát sin chun a bharúlacha a chur in iúl maidir lena ábhair imní i leith Airteagal 32 agus 34 de Dhlí 40/2015 agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, maidir leis an dá phrionsabal sin. Le litir an 4 Lúnasa 2017, chuir an Ballstát sin na forais a bhí aige le meas go raibh na forálacha sin i gcomhréir leis na prionsabail thuasluaite in iúl don institiúid sin.

18

D’easaontaigh an Coimisiún leis na míniúcháin sin, agus d’eisigh sé, an 26 Eanáir 2018, tuairim réasúnaithe, inar athluaigh agus inar fhorbair sé na forais a bhí aige le meas go raibh Airteagal 32(3) go (6), agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015 agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2005 ar neamhréir leis na prionsabail chéanna.

19

I ndiaidh cruinniú a eagraíodh idir seirbhísí an Choimisiúin an 14 Márta 2018, d’fhreagair Ríocht na Spáinne don tuairim réasúnaithe le litir an 26 Márta 2018, gan a seasamh a ghéilleadh. Le litir an 20 Samhain 2018, áfach, chuir an Ballstát sin in iúl don Choimisiún go ndearna sé athbhreithniú ar a sheasamh agus go seolfadh sé chuige go luath bille reachtach d’fhonn dlí na Spáinne a chur i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais. Cuireadh an bille sin in iúl don Choimisiún an 21 Nollaig 2018.

20

I ndiaidh cruinniú eile a eagraíodh an 18 Márta 2019, sheol an Coimisiún, an 15 Bealtaine 2019, doiciméad chuig Ríocht na Spáinne ag cur in iúl na forais lena bhféadfadh an bille arna chur in iúl, dar leis, deireadh a chur leis an sárú ar phrionsabal na coibhéise gan deireadh a chur, áfach, leis an sárú ar phrionsabal na héifeachtachta.

21

Le litir an 31 Iúil 2019, chuir Ríocht na Spáinne in iúl nach mbeadh rialtas an Bhallstáit sin in ann billí reachtacha nua a ullmhú, toisc nach raibh de chúram aige ach déileáil le cúrsaí laethúla (Gobierno en funciones).

22

Sna himthosca sin, chinn an Coimisiún an chaingean atá idir lámha a thionscnamh.

III. An chaingean

A. Inghlacthacht

23

Maíonn Ríocht na Spáinne go bhfuil an chaingean atá idir lámha neamh-inghlactha toisc go n-iarrann an Coimisiún léi go ndéanfaí athmhúnlú ar chóras na Spáinne maidir le dliteanas an Stáit agus go ndíríonn sé ar chásanna nach bhfuil bainte le dliteanas an Stáit is reachtóir, rud a rachadh thar chuspóir na caingne mar a theorannaítear é sa tuairim réasúnaithe.

24

Ní mór a mheabhrú go socraítear cuspóir caingne maidir le mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh, agus Airteagal 258 CFAE á chur i bhfeidhm, le tuairim réasúnaithe an Choimisiúin, sa chaoi nach mór an chaingean a bhunú ar na forais agus saincheisteanna dlí céanna ar a bunaíodh an tuairim sin [breithiúnas an 24 Meitheamh 2021, an Coimisiún v an Spáinn (Meath ar réigiún nádúrtha Doñana), C-559/19, EU:C:2021:512, mír 160 agus an cásdlí dá dtagraítear].

25

Sa chás seo is fíor, ina iarratas, gur leag an Coimisiún amach roinnt breithnithe ginearálta maidir leis an gcóras do dhliteanas an Stáit dá bhforáiltear le dlí na Spáinne. Is léir go follasach, áfach, ó na horduithe atá á lorg san iarratas sin agus na hargóintí a forbraíodh mar thaca leo sin, nach n-iarrann an Coimisiún, leis an gcaingean seo, ach go n-aithneodh an Chúirt go ndearna Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus prionsabal na héifeachtachta toisc gur ghlac sí agus gur choimeád sí i bhfeidhm Airteagal 32(3) go (6) agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015 agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015 (“na forálacha atá faoi chonspóid”).

26

Eascraíonn sé, freisin, as an tuairim réasúnaithe atá ag gabháil leis an iarratas, gur dhírigh an Coimisiún, sa tuairim réasúnaithe, ar na forálacha céanna atá ina n-ábhar don chaingean seo.

27

Thairis sin, sa tuairim réasúnaithe agus san iarratas araon, ní dhírítear ar na forálacha sin ach a mhéid go rialaítear leo, go sonrach, dliteanas an Stáit is reachtóir i leith sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith. Thairis sin, sa tuairim réasúnaithe sin, bhí an Coimisiún cheana féin ag forbairt na bhforas agus na saincheisteanna dlí céanna is a d’fhorbair sé san iarratas.

28

Sna himthosca sin, ní fhéadfaí aon leathnú ar ábhar na caingne a aithint. Dá bharr sin, ní mór diúltú do phléadáil Ríocht na Spáinne go bhfuil an chaingean neamh‑inghlactha agus ní mór a dhearbhú go bhfuil an chaingean atá idir lámha inghlactha.

B. Substaint an cháis

1.   Réamhbharúlacha

29

Ar dtús, ní mór a mheabhrú go bhfuil an prionsabal de dhliteanas an Stáit i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith mar chuid bhunúsach de chóras na gconarthaí ar a bhfuil an prionsabal sin bunaithe (breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales, C-118/08, EU:C:2010:39, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

Tá feidhm ag an bprionsabal sin i leith aon cháis ina sáraíonn Ballstát dlí an Aontais, gan beann ar chomhlacht an Bhallstáit a rinne an gníomh nó an neamhghníomh atá mar bhunús don sárú, lena n-áirítear an reachtóir náisiúnta, agus gan beann ar an údarás poiblí ar a gcuirtear, i bprionsabal, de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann, an fhreagracht chun an damáiste sin a chúiteamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, míreanna 32 agus 36, agus breithiúnas an 25 Samhain 2010, Fuß, C-429/09, EU:C:2010:717, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Maidir leis na coinníollacha chun dliteanas a chur ar an Stát i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, chinn an Chúirt arís agus arís eile go bhfuil sé de cheart ag na daoine dá ndearnadh damáiste cúiteamh a ghnóthú nuair a chomhlíontar trí choinníoll, eadhon, go raibh sé d’aidhm ag an riail de dhlí an Aontais a sáraíodh cearta a thabhairt dóibh, go raibh sárú na rialach tromchúiseach go leor agus gurb ann do nasc cúisíoch díreach idir an sárú sin agus an damáiste a d’fhulaing na daoine príobháideacha sin (breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales, C-118/08, EU:C:2010:39, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C‑261/20, EU:C:2022:33, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32

Tá na trí choinníoll sin riachtanach agus leordhóthanach chun ceart chun cúiteamh a ghnóthú a chruthú do dhaoine príobháideacha, gan a chur as an áireamh gur féidir dliteanas a chur ar an Stát i gcoinníollacha nach bhfuil chomh srianta sin ar bhonn an dlí náisiúnta (breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 66, agus breithiúnas an 29 Iúil 2019, Hochtief Solutions Magyarországi Fióktelepe, C-620/17, EU:C:2019:630, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33

Faoi réir an chirt chun cúiteamh a ghnóthú, a bhfuil bunús aige i ndlí an Aontais nuair a chomhlíontar na trí choinníoll dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, is i gcomhthéacs an dlí náisiúnta maidir le dliteanas a bhfuil ar an Stát iarmhairtí an damáiste a rinneadh a chúiteamh, ar an tuiscint nach bhféadfaí na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht náisiúnta i leith damáiste a chúiteamh a bheith níos mífhabhraí ná na coinníollacha maidir le cúiteamh comhchosúil i leith cúrsaí inmheánacha (prionsabal na coibhéise) agus nach féidir leo a bheith leagtha síos i gcaoi ina mbeadh sé, sa chleachtas, dodhéanta nó ródheacair chun an cúiteamh a ghnóthú (prionsabal na héifeachtachta) (breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales, C-118/08, EU:C:2010:39, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Kantarev, C-571/16, EU:C:2018:807, mír 123).

34

Is i gcomhar leis an gcásdlí a luadh i míreanna 29 go 33 den bhreithiúnas atá idir lámha gur chóir caingean an Choimisiúin a scrúdú.

35

Mar thaca lena chaingean, tá dhá agóid leagtha amach ag an gCoimisiún, a maítear leis an gcéad cheann go ndearnadh sárú ar phrionsabal na héifeachtachta, agus leis an dara ceann, go ndearnadh sárú ar phrionsabal na coibhéise. Freagraíonn Ríocht na Spáinne, go príomhúil, ag maíomh gur chóir diúltú don chaingean sin ón dtús, toisc go ndearna an Coimisiún anailís pháirteach ar na leigheasanna dlí atá ar fáil sa Spáinn lena bhféadfaí damáiste a rinne an Stát mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear comhthéacs gníomhaíochta reachtaí, a chúiteamh, rud lena mbainfí an bonn den chaingean ina hiomlán. Maíonn sí, mar mhalairt rogha, nach bhfuil bunús ag ceachtar den dá agóid.

36

Ní mór anailís a dhéanamh ar phríomhargóintí Ríocht na Spáinne roimh scrúdú a dhéanamh ar gach ceann d’agóidí an Choimisiúin.

2.   Díriú an Choimisiúin ar fhorálacha áirithe sa dhlíchóras náisiúnta

(a)   Argóintí na bpáirtithe

37

Maíonn Ríocht na Spáinne nach ndearna an Coimisiún ach anailís pháirteach ar na leigheasanna dlí dá bhforáiltear i ndlíchóras na Spáinne lena bhféadfaí sáruithe ar dhlí an Aontais arna ndéanamh ag na húdaráis phoiblí a leigheas. Níl an anailís a chuirtear in iúl mar thaca leis an gcaingean seo, dá bharr sin, leordhóthanach chun an mhainneachtain a chuirtear i leith Ríocht na Spáinne a shuí agus dhéanfaí aisiompú neamhdhleathach ar an dualgas cruthúnais dá dheasca.

38

Maítear, sa chéad áit, nach bhfuil an fhéidearthacht chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir ach mar “shásra chun dlíchóras na Spáinne a shlánú” (cláusula de cierre del sistema), a bhfuil tionchar aige go hiarmharach nó go deireanach agus nach féidir é a mheas go haonarach. Ní féidir, ach amháin trí chóras na Spáinne chun damáiste arna dhéanamh ag na húdaráis phoiblí a chúiteamh a chur san áireamh ina iomlán, gur féidir a chinneadh an bhfuil an reachtaíocht maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta agus le prionsabal na coibhéise, rud nach ndearna an Coimisiún.

39

Maítear, mar sin, go bhforáiltear le dlí na Spáinne, ar dtús, do shraith nósanna imeachta lena bhféadfaí cúiteamh a éileamh i leith ghníomh díobhálach na n-údarás poiblí lasmuigh de chásanna dhliteanas an Stáit, eadhon, sa chéad áit, an deis chun cúiteamh a ghnóthú i gcomhthéacs na caingne riaracháin ina dhírítear ar an ngníomh a bhí mar chúis leis an damáiste, dá bhforáiltear in Airteagal 31(2), Airteagal 32(2) agus Airteagal 71(1)(d) de Dhlí 29/1998, agus sa dara háit, an nós imeachta um athbhreithniú ex officio ar ghníomhartha riaracháin, dá bhforáiltear in Airteagal 106(4) de Dhlí 39/2015, ina bhfuil an rialtas in ann cúiteamh a bhronnadh, agus, sa thríú háit, an nós imeachta chun suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú sa réimse cánach, dá bhforáiltear in Airteagal 221 agus na hairteagail leantacha de Chód Ginearálta na gCánacha.

40

I gcomhthéacs na nósanna imeachta sin, maítear nach bhfuil aon srian maidir le dlí an Aontais a agairt ná maidir leis an bhféidearthacht do bhreitheamh náisiúnta chun cinneadh a thabhairt maidir leis an dlí sin a urramú nó chun cúiteamh iomlán a bhronnadh. Tagraíonn Ríocht na Spáinne, chuige sin, d’Airteagal 4a de Bhundlí 6/1985, agus do bhreithiúnas den Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) an 7 Feabhra 2012 (caingean 419/2010, breithiúnas 1425/2012, ES:TS:2012:1425), lenar aithníodh ceart an iarratasóra chun aisíocaíocht a fháil i leith suimeanna a íocadh d’fhonn an dearbhán sóisialta a mhaoiniú toisc gur cuireadh foráil de dhlí foraithne ríoga i bhfeidhm leis an bhforaithne lena mbaineann, ar dearbhaíodh go raibh sí neamh-infheidhme toisc go raibh sí ar neamhréir le dlí an Aontais, agus le cásdlí ón Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Spáinn).

41

Ina dhiaidh sin, tagraíonn an Ballstát sin don bhealach nóis imeachta lenar féidir éifeachtaí rialú a leathnú, dá bhforáiltear in Airteagal 37(3), agus in Airteagal 110 agus 111 de Dhlí 29/1998. Leis an mbealach nóis imeachta sin táthar in ann, nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin, Stát a chur faoi dhliteanas atá ag eascairt as breithiúnas ón gCúirt lena n-aithnítear riail náisiúnta a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais.

42

Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 106 den Bhunreacht, tá an deis ag daoine príobháideacha cúiteamh a ghnóthú i leith ghníomhartha na n-údarás poiblí lena ndéantar damáiste dóibh ar meastar é a bheith neamhdhleathach, eadhon, damáiste nach bhfuil ar an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste a ghlacadh orthu féin, nuair is ann do nasc cúisíoch idir an damáiste sin agus gníomh an údaráis agus go dtionscnaítear na himeachtaí laistigh den teorainn ama d’urchosc reachta dá bhforáiltear. Cuirtear an nós imeachta sin chun feidhme le hAirteagal 32 de Dhlí 40/2015.

43

Beartaítear le mír 1 den Airteagal sin damáiste a chúiteamh nuair a rinneadh é i gcás feidhmiú gnách nó neamhghnách na seirbhísí poiblí — agus tuiscint leathan á glacadh ar an gcoincheap “seirbhís phoiblí” mar ghníomhaíocht riaracháin, eadhon, fíorais agus gníomhartha an rialtais, lena n-áirítear gníomhartha nó neamhghníomhartha substaintiúla amháin — agus féadtar an damáiste a rinneadh a chúiteamh, sa chéad áit, trí na gníomhartha arna nglacadh agus na dlíthe nó na rialacháin atá i gcomhréir leis an mBunreacht nó leis an dlí go ginearálta á gcur i bhfeidhm, nuair is ann d’íobairt indibhidiúil agus fíor-thromchúiseach, sa dara háit, trí na gníomhartha a glacadh agus rialacháin ar dearbhaíodh iad a bheith neamhdhleathach á gcur i bhfeidhm, má leanann an neamhdhleathacht sin as an dlí náisiúnta nó as dlí an Aontais, agus, sa tríú háit, trí na gníomhartha riaracháin ar dearbhaíodh iad a bheith neamhdhleathach i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó dlíthíochta-riaracháin, má leanann an neamhdhleathacht sin as an dlí náisiúnta nó as dlí an Aontais.

44

Thairis sin, le mír 4 den Airteagal sin féadtar damáiste a chúiteamh a rinneadh de thoradh ar ghníomhartha a glacadh agus dlíthe ar dearbhaíodh iad a bheith ar neamhréir leis an mBunreacht á gcur i bhfeidhm, agus fógraítear le mír 5 den Airteagal céanna do cheart chun damáiste a chúiteamh a rinneadh de thoradh ar ghníomhartha a glacadh agus dlíthe ar dhearbhaigh an Chúirt iad a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais á gcur i bhfeidhm.

45

Mar sin, maítear nach bhfuil san fhéidearthacht chun cúiteamh a ghnóthú de bhun dliteanas an Stáit is reachtóir, mar a rialaítear é leis na míreanna 4 agus 5 sin, ach leigheas dlí sonrach agus iarmharach, a chuirtear ar fáil do dhaoine príobháideacha, a thionscain imeachtaí eile cheana, agus a bhfuair cinneadh a bhí neamhfhabhrach agus nár cuireadh san áireamh ann an mhíbhunreachtúlacht nó an neamhréireacht le dlí an Aontais,, faoi seach, den riail lena mbaineann.

46

Sa dara háit, maítear go suífí, le hanailís chomparáideach ar chóras dhliteanas Stát na Spáinne agus ar chóras dhliteanas neamhchonarthach an Aontais, nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid in aon chás gur sáraíodh prionsabal na héifeachtachta toisc gur bunaíodh leigheas dlí sonrach chun cúiteamh a ghnóthú atá forlíontach, amhail an leigheas dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, toisc go bhfuil an córas Spáinneach níos fabhraí do shaoránaigh ná córas dhliteanas an Aontais. Go háirithe, ní féidir an nós imeachta maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais a úsáid chun teacht timpeall ar neamh-inghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú atá dírithe ar an neamhdhleathacht chéanna agus a bhfuil na cuspóirí airgeadais chéanna léi. A mhalairt air sin, maítear go gcuirtear leigheas dlí eile ar fáil le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 do dhaoine ar diúltaíodh dá gcaingne le rialú cinntitheach, ag cur leis an leigheas dlí maidir le dlíthíocht riaracháin lena gceadaítear cheana féin iarratais le haghaidh neamhniú agus éileamh ar chúiteamh a charnadh. Sna himthosca sin, maíonn Ríocht na Spáinne nach bhféadfaí prionsabal na héifeachtachta a léirmhíniú go héagsúil ag brath ar cé acu an Ballstát nó an institiúid de chuid an Aontais a rinne an gníomh díobhálach.

47

Sa tríú háit, in éagmais aonfhoirmeachais ag leibhéal an Aontais, maítear gur cuireadh iallach ar an gCoimisiún, leis an gcorrlach lánroghnach leathan atá ag na Ballstáit maidir le bunú a gcóras maidir le dliteanas neamhchonarthach, sula bhféadfadh sé a chinneadh ar sáraíodh na prionsabail lena mbaineann sa Spáinn, an córas Spáinneach, maidir le damáiste a rinne an Stát a chúiteamh, a chur san áireamh ina iomlán, chomh maith le cásdlí na Cúirte maidir le dliteanas na mBallstát agus an Aontais.

48

Sa cheathrú háit, maítear gur chuir an Coimisiún locht ar a anailís le hearráid réasúnaíochta lena mbainfí an bunús dá chaingean ina hiomlán. Tá sé d’aidhm ag Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 foráil a dhéanamh do dhamáiste a chúiteamh i ndálaí atá tagtha chun bheith cinntitheach, sa chaoi go raibh siad cheana féin ina n-ábhar do rialú ag diúltú dóibh trí na leigheasanna dlí gnácha, trí chúiteamh á chur ar fáil nach bhféadfaí a fháil seachas sin. Cé go gceadaítear, le dlí an Aontais, do chúirt náisiúnta gan dlí a chur i bhfeidhm ar an bhforas go bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Aontais, ní thugtar an chumhacht di chun foráil le stádas reachtach a chur ar neamhní le héifeacht erga omnes mura bhforáiltear do chumhacht den sórt sin sa dlíchóras náisiúnta, agus ní chuirtear iallach uirthi na daoine príobháideacha go léir a chúiteamh ar cuireadh riail dlí i bhfeidhm orthu ar dhearbhaigh aon chúirt náisiúnta í a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais. Ní éilítear leis ach go mbeadh ann do bhealach chun cúiteamh a ghnóthú i gcás go sáraítear dlí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na coibhéise. Maítear gurb ann do bhealaí den sórt sin i ndlí na Spáinne.

49

Ní féidir, áfach, an fíoras gur chinn breitheamh náisiúnta, le rialú in imeachtaí a thionscain duine príobháideach, go raibh riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais, a bheith mar fhoras leordhóthanach chun go bhféadfadh duine príobháideach eile, ar bhonn an rialaithe bhreithiúnais sin, imeachtaí a thionscnamh maidir le dliteanas an Stáit de bhun Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015. Thiocfadh an cur chuige sin salach ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ní bhíonn ann do na héifeachtaí erga omnes de dhearbhú neamhréireachta ach de bhun breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais nó ón Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil) nó i gcásanna áirithe ina gcuireann cúirteanna, a bhfuil an cumas sin acu, forálacha rialacháin ar neamhní. Maítear go bhfuil an Coimisiún ag meascadh suas caingne chun cúiteamh a ghnóthú le córas dhliteanas an Stáit.

50

Tá sé mícheart a mhaíomh, mar sin, mar a rinne an Coimisiún le linn na n‑imeachtaí réamhdlíthíochta, gur féidir le saoránach, ar an bhforas amháin go bhfuair saoránach eile rialú lenar dearbhaíodh go raibh riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais, imeachtaí a thionscnamh, ar bhonn an rialaithe sin, maidir le dliteanas an Stáit de bhun Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015. Níl an leigheas dlí sin ar fáil ach amháin nuair a dhearbhaítear le breithiúnas ón gCúirt go bhfuil riail den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais, agus is amhlaidh atá go sonrach de bharr éifeachtaí erga omnes breithiúnais den sórt sin.

51

In aon chás, ní féidir leis an gCoimisiún amhras a chaitheamh, ar bhonn phrionsabal na héifeachtachta, ar struchtúr chóras dhliteanas an Stáit sa dlíchóras Spáinneach, nach bhforáiltear leis do chaingean dhíreach maidir le dliteanas an Stáit gur féidir a thógáil os comhair breithimh. Ní mór do dhuine príobháideach, atá ag iarraidh damáiste a rinne na húdaráis phoiblí a chúiteamh, tosú i gcónaí le dul i dteagmháil leis an riarachán ionas go n-aithneodh sé dliteanas na n-údarás poiblí, agus, más iomchuí, ionas go nglacfadh sé leis an éileamh ar chúiteamh sin, bíodh go bhfuil an dliteanas sin mar thoradh ar ghníomh den rialtas, de na cúirteanna nó den reachtóir. I gcás go ndiúltaítear go sainráite nó go hintuigthe don iarratas sin, ní mór don duine príobháideach dul i muinín na cúirte riaracháin, a mbeidh sé de chúram aici measúnú a dhéanamh ar dhleathacht an chinnidh lena ndiúltaítear don dliteanas sin. Go ginearálta, dearbhaítear an neamhdhleathacht agus faightear cúiteamh i gcomhthéacs nós imeachta den sórt sin.

52

Tá ann do leigheas dlí eile chun cúiteamh a ghnóthú nuair a chuirtear dliteanas ar an Stát le dearbhú neamhréireachta ón gCúirt, dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, leigheas atá forlíontach agus neamheisiach, ar fáil dóibh siúd ar diúltaíodh dá n-éileamh ar dtús. Ní chuirtear bac in aon chás leis an leigheas dlí sin ar na breithiúna náisiúnta diúltú na dlíthe atá ar neamhréir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus cúiteamh a bhronnadh, i gcomhthéacs na caingne lena mbaineann, nó trí imeachtaí dliteanais indibhidiúlaithe. Cinntítear nádúr forlíontach an leighis dlí sin le mír 3 den Airteagal sin, ina n-úsáidtear an dobhriathar “freisin” agus an leigheas dlí sin á chur in iúl.

53

Maíonn an Coimisiún nach n-áirithítear go bhfuil an córas is infheidhme maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na coibhéise toisc gurb ann do leigheasanna dlí eile atá i gcomhréir leis na prionsabail sin. Cé go bhfuil gá anailís a dhéanamh ar na forálacha atá faoi chonspóid ina gcomhthéacs, is é cuspóir na hanailíse sin ná chun a mheas an bhfuil na forálacha sin, agus ní na leigheasanna dlí go léir gurb ann dóibh sa dlíchóras náisiúnta, de chineál chun a áirithiú gurb ann do bhealaí leordhóthanacha agus éifeachtacha d’fhonn na cearta a thugtar le dlíchóras an Aontais a urramú nuair a sháraíonn an reachtóir dlí an Aontais. De bharr na bhforálacha sin, áfach, tá iallach ar na cúirteanna Spáinneacha go léir, gan beann ar a leibhéal, diúltú do na hiarratais chun dliteanas neamhchonarthach a chur ar an Stát is reachtóir nuair nach bhfuil breithiúnas níos luaithe ón gCúirt ann mar thaca leo, nó tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chun na Cúirte sula mbeidh siad in ann glacadh le hiarratais den sórt sin, agus sin fiú mura bhfuil siad faoi réir ceanglais mar sin de bhun Airteagal 267 CFAE.

54

Tá cuspóirí éagsúla ag na himeachtaí éagsúla a agraíonn Ríocht na Spáinne ó na himeachtaí chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, arb iad amháin atá ábhartha sa chás seo. Níl siad ábhartha mar sin chun críocha an cháis seo.

55

Go háirithe, maidir le prionsabal na héifeachtachta, ní bheadh éifeacht ag an mbealach indíreach chun cúiteamh a ghnóthú trí dhliteanas an rialtais ach dá mba rud é gur aithin an Chúirt cheana féin go bhfuil an riail le stádas dlí lena mbaineann ar neamhréir le dlí an Aontais. Chuige sin, maíonn an Coimisiún, maidir le dlíchóras na Spáinne, nach bhfuil an t-údarás breithiúnach a bhfuil sé de fhreagracht air deileáil leis na caingne i gcoinne gníomhartha riaracháin inniúil chun rialú a thabhairt maidir le neamhréireacht forálacha reachtacha le dlí an Aontais. Mar thoradh air sin, má tá an gníomh riaracháin lena sáraítear dlí an Aontais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní féidir leis an gcúirt sin, i gcomhréir le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, a chinneadh gur chóir an damáiste a rinneadh leis an sárú sin a chúiteamh gan ceist a tharchur le haghaidh réamhrialú, rud a thagann salach ar phrionsabal na héifeachtachta.

56

Ní fhéadfaí a mheas gur foráil iarmharach é Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, toisc go rialaítear leis go sonrach damáiste a chúiteamh a tharla mar thoradh ar riail le stádas dlí atá, de réir cosúlachta, ar neamhréir le dlí an Aontais. In aon chás, má chineann Ballstát chun dliteanas an Stáit is reachtóir a scaradh ó chóras ginearálta dhliteanas an Stáit, trí é a chur faoi réir forálacha sonracha, ní mór dóibh sin prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na coibhéise a urramú.

57

Níl na coinníollacha lena rialaítear dliteanas neamhchonarthach an Aontais ábhartha i leith an cháis seo ach oiread. Ní dhéantar cáineadh ach ar na ceanglais nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 ar bhonn phrionsabal na héifeachtachta, agus cáintear coinníollacha substainteacha na forála sin i bhfianaise phrionsabal na coibhéise.

(b)   Breithniú na Cúirte

58

Ar an gcéad dul síos, ní mór a aithint, fiú i gcás go mbeadh bunús ag argóintí Ríocht na Spáinne a leagtar amach i míreanna 37 go 52 den bhreithiúnas seo, nach mbeadh tionchar acu ach maidir leis an measúnú ar an agóid i leith an tsáraithe ar phrionsabal na héifeachtachta. Tá agóid an Choimisiúin maidir leis an sárú ar phrionsabal na coibhéise teoranta do na himeachtaí maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir bunaithe ar shárú ar dhlí an Aontais, dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, a chur i gcomparáid leis na himeachtaí maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir bunaithe ar shárú ar an mBunreacht, dá bhforáiltear in Airteagal 32(4) den Dlí sin. Mar sin, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an dara hagóid sin, níl tionchar in aon chás ag an bhfíoras go bhforáiltear, thairis sin, le dlí na Spáinne, más gá, do leigheasanna dlí eile trína bhféadfadh le daoine príobháideacha damáiste a chúiteamh a rinne na húdaráis phoiblí dóibh mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais.

59

Agus an méid sin sonraithe, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, maidir le hargóintí Ríocht na Spáinne a leagtar amach i míreanna 38 go 45 den bhreithiúnas seo, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte maidir le prionsabal na héifeachtachta, nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina bhfuil ceist ann an bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair, de bharr fhoráil náisiúnta nóis imeachta, sa chleachtas, feidhmiú na gceart a thugtar do dhaoine príobháideacha le dlíchóras an Aontais, i bhfianaise ról na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, sheoladh an nós imeachta agus a ghnéithe speisialta, os comhair na gcúirteanna agus na n-údarás éagsúla náisiúnta, agus ag cur san áireamh, más iomchuí, bunphrionsabail an dlíchórais náisiúnta lena mbaineann, amhail, inter alia, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus stiúradh cuí riachtanach an nós imeachta (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Târşia, C-69/14, EU:C:2015:662, míreanna 36 agus 37 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management et Catania Multiservizi, C-561/19, EU:C:2021:799, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60

Ní eascraíonn sé as an méid sin áfach, i ngach cás ina mheasann an Coimisiún go bhfuiltear ag déanamh dochair, le foráil náisiúnta nóis imeachta atá infheidhme maidir le leigheas dlí dá bhforáiltear ag Ballstát, do phrionsabal na héifeachtachta, go mbeadh iallach ar an institiúid sin, d’fhonn fiúntas a seasaimh a léiriú, scrúdú córasach a dhéanamh ar na leigheasanna dlí go léir arb ann dóibh i ndlíchóras an Bhallstáit sin. De réir théarmaí an chásdlí sin, éilítear anailís, le measúnú ar urramú phrionsabal na héifeachtachta, ní hamháin ar na leigheasanna dlí go léir gurb ann dóibh i mBallstát, ach anailís i gcomhthéacs na forála a maítear a bheith dochrach don phrionsabal sin, agus d’fhéadfadh go mbeadh anailís ag gabháil leis an méid sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 40 dá thuairim freisin, ar fhorálacha nóis imeachta eile atá infheidhme i gcomhthéacs an leighis dlí a bhfuil amhras ann maidir lena chineál éifeachtach nó na leigheasanna dlí a bhfuil an aidhm chéanna acu is a bhfuil ag an leigheas dlí sin.

61

Sa chás idir lámha, áfach, níl agóid an Choimisiúin maidir leis an sárú ar phrionsabal na héifeachtachta dírithe ach ar shocruithe nóis imeachta faoi leith, a leagtar amach sna forálacha dá bhforáiltear i mír 25 den bhreithiúnas seo, atá infheidhme i leith an nós imeachta maidir le dliteanas an Stáit i leith sáruithe ar dhlí an Aontais gur féidir a chur i leith an reachtóra.

62

Eascraíonn sé as sin nach mbeadh argóintí Ríocht na Spáinne a leagtar amach i míreanna 38 go 45 den bhreithiúnas seo, de chineál chun a shuí nach bhfuil fiúntas ag baint leis an agóid maidir leis an sárú ar phrionsabal na héifeachtachta ach má cheadaítear do dhaoine príobháideacha le ceann amháin nó níos mó de na nósanna imeachta nó leigheasanna dlí ar a mbraitheann an Ballstát sin damáiste a chúiteamh a rinne an reachtóir dóibh mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais.

63

Chuige sin, ar dtús, maidir leis na nósanna imeachta a aithnítear i mír 39 den bhreithiúnas seo, ní mór a aithint go bhfuil difríocht ann idir an fhéidearthacht chun cúiteamh a ghnóthú do dhamáiste féideartha i gcomhthéacs caingne riaracháin, mar a leagtar amach in Airteagal 31(2) agus Airteagal 71(1)(d) de Dhlí 29/1998, ó thaobh an nádúir de, agus córas dhliteanas an Stáit is reachtóir.

64

Cinnte, maidir leis na dálaí, ar thaobh amháin, ina leanann an damáiste as gníomh nó neamhghníomh den reachtóir atá in aghaidh dhlí an Aontais, agus, ar an taobh eile, inarb ann do ghníomh riaracháin ar féidir agóid ina choinne, rinne Ríocht na Spáinne, ina pléadálacha agus ag an éisteacht, tagairt do bhreithiúnas den Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) a luaitear i mír 40 den bhreithiúnas seo, mar thaca lena seasamh sa chaoi go n-aithníonn an chúirt sin go bhfuil dlínse ag na cúirteanna riaracháin chun measúnú a dhéanamh maidir le riail le stádas dlí a bheith ar chomhréir le dlí an Aontais, d’fhonn a dhearbhú go bhfuil sí neamh-infheidhme i gcás ar leith, de bharr na heaspa comhréireachta, agus d’fhonn glacadh, mar thoradh air sin, le caingean riaracháin atá dírithe ar an ngníomh riaracháin lena gcuirtear an riail sin chun feidhme, agus chun a chinneadh, más iomchuí, i gcomhthéacs nós imeachta den sórt sin, athbhunú a dhéanamh ar stádas dlíthiúil an iarratasóra, sa chás sin, trí na suimeanna a íocadh go mícheart a aisíoc.

65

Ní féidir a chur as an áireamh mar sin, go dtugtar deis leis an leigheas dlí riaracháin, dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) de Dhlí 29/1998, do dhuine príobháideach dá ndearnadh damáiste le gníomh nó neamhghníomh den reachtóir atá in aghaidh dhlí an Aontais, i gcásanna ar leith, chun a chearta a athbhunú, mar a dtugadh iad dó le dlí an Aontais.

66

Ní mór a aithint, áfach, nach cosúil, ón bhfianaise a taisceadh sa chúirt, gurb amhlaidh a bheadh an cás sna himthosca go léir ina ndéanfaí damáiste do dhuine príobháideach le gníomh den reachtóir, go háirithe nuair nach féidir, leis an bhforáil de dhlí an Aontais a mhaítear a bheith sáraithe, de bharr a heaspa éifeachta dírí, teacht chun na conclúide nach bhfuil feidhm ag an riail le stádas dlí atá faoi chonspóid (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C-573/17, EU:C:2019:530, mír 68) nó nuair a tharlaíonn an damáiste de thoradh ar neamhghníomh an reachtóra.

67

Chuige sin, cé go bhfuil sé fíor gur chinntigh Ríocht na Spáinne ag an éisteacht nach ndéantar idirdhealú i ndlí na Spáinne maidir le cé acu an bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil de dhlí an Aontais atá i gceist nó nach bhfuil, agus cé go n-admhaíonn an Chúirt, ar bhonn an dlí náisiúnta amháin, gur féidir le cúirt náisiúnta aon fhoráil den dlí náisiúnta atá ar neamhréir le foráil de Dhlí an Aontais nach bhfuil éifeacht dhíreach aici a chur as an áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C-261/20, EU:C:2022:33, mír 33), fágtar, in éagmais gnímh riaracháin ar féidir a agóid ina choinne, nach bhfuil an leigheas dlí sin ar fáil do dhaoine príobháideacha, sa chaoi nach bhféadfaidís an leigheas sin a úsáid chun damáiste a chúiteamh nuair atá gníomh nó neamhghníomh den reachtóir náisiúnta mar bhunús leis, ach nach ndearnadh le gníomh riaracháin nó nuair nach féidir glacadh le gníomh riaracháin den sórt sin mar thoradh ar an iarratas aitheantais atá bunaithe ar Airteagal 31(2) de Dhlí 29/1998.

68

Ar deireadh, maidir leis na hargóintí a leagtar amach i mír 51 den bhreithiúnas seo, maíonn Ríocht na Spáinne, ar thaobh amháin, i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) de Dhlí 29/1998, go raibh sé “nach mór i gcónaí” indéanta pléadálacha a chur le chéile lena n-iarrtar damáiste a d’eascair as sárú ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag an reachtóir a chúiteamh, agus admhaíonn sí go hintuigthe mar sin nach amhlaidh an cás i gcónaí. Ar an taobh eile, cé gur féidir le duine príobháideach glacadh gnímh riaracháin a spreagadh trí iarratas ar chúiteamh a dhéanamh os comhair an rialtais, ní féidir dliteanas a chur ar an reachtóir sna himthosca go léir dá dtagraítear sa chásdlí a leagtar amach i míreanna 30 agus 31 den bhreithiúnas seo toisc gur thagair Ríocht na Spáinne í féin ina ráitis scríofa do bhreithiúnas den Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) an 18 Samhain 2020 (caingean 404/2019, breithiúnas 1534/2020, ES:TS:2020:3936), as a n-eascraíonn sé nach mór gur bhunaigh an riail lenar sáraíodh dlí an Aontais an ghníomhaíocht riaracháin nithiúil atá mar bhunús leis an damáiste a bhfuil cúiteamh iarrtha ina leith.

69

Ar bhonn na gcúiseanna go léir a leagtar amach i míreanna 64 go 68 den bhreithiúnas seo, ní leor gurb ann don leigheas dlí riaracháin, dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) de Dhlí 29/1998, chun diúltú láithreach do chéad agóid an Choimisiúin.

70

Sa tslí chéanna, ní leor, chuige sin, an leigheas dlí dá bhforáiltear in Airteagal 32(2) de Dhlí 29/1998, nach ndíríonn ach ar chásanna d’ionsaí neamhdhleathach arna dhéanamh ag an rialtas, ná an nós imeachta chun suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú sa réimse cánach, dá bhforáiltear in Airteagal 221 agus na hairteagail leantacha de chód ginearálta na gcánacha, nach ndíríonn ach ar a cheadú do dhuine príobháideach suimeanna airgead a aisghabháil ón údarás poiblí a ghearr iad, go hipitéiseach, go neamhdhleathach, go háirithe de bharr a raonta feidhme atá srianta go réimsí an-sonrach nach gcumhdaíonn na himthosca go léir ina bhféadfaí dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir agus cúiteamh a ghnóthú ar bhonn sárú ar dhlí an Aontais.

71

Maidir leis an nós imeachta athbhreithnithe ex officio de ghníomhartha riaracháin, dá bhforáiltear in Airteagal 106(4) de Dhlí 39/2015, ceadaítear leis do rialtas a dhearbhaíonn go bhfuil gníomh nó foráil ar neamhní a shuí, sa chinneadh céanna, an cúiteamh gur chóir a ghéilleadh do na daoine leasmhara. De thoradh ar fhoclaíocht na forála sin, áfach, níl an fhéidearthacht sin ar fáil ach amháin maidir leis an damáiste a rinne an riarachán poiblí agus níl comhartha ar bith ann go gceadófaí leis an bhforáil do dhuine príobháideach cúiteamh a ghnóthú do dhamáiste a mhaítear a bheith déanta dó le gníomh nó neamhghníomh den reachtóir, ar chaoi atá ar neamhréir le dlí an Aontais.

72

Ina dhiaidh sin, maidir leis an leigheas dlí nós imeachta lena gceadaítear éifeachtaí rialaithe a leathnú, dá bhforáiltear in Airteagal 110(1) de Dhlí 29/1998, ceadaítear leis éifeachtaí rialaithe chinntithigh lenar aithníodh staid dhlíthiúil ar leith do dhuine, sna coinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin, ionas go gcumhdaítear leo daoine eile atá sa staid dhlithiúil chéanna. Ní mór an staid sin a shuí roimh ré, áfach, chun dul i muinín na féidearthachta sin. Mar thoradh air sin, cé go n‑admhaítear gur féidir an t-aitheantas do dhliteanas an reachtóra náisiúnta i leith sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith a leathnú do dhaoine príobháideacha atá sa staid dhlithiúil chéanna leis na daoine ar bhain rialú leo inar aithníodh an dliteanas sin ina leith, éilítear le cur chun feidhme an nós imeachta leathnaithe sin gur bunaíodh an dliteanas sin níos luaithe i gcomhthéacs caingne níos luaithe. Mar sin, ní fhéadfaí na heasnaimh a mhaíonn an Coimisiún ina chéad agóid a leigheas leis sin.

73

Is amhlaidh atá maidir leis an bhféidearthacht chun héifeachtaí rialú a leathnú, dá bhforáiltear in Airteagal 37(3) agus in Airteagal 111 de Dhlí 29/1998, nach bhfuil feidhm aici, go bunúsach, ach maidir le cásanna a cuireadh ar fionraí agus iad ag feitheamh ar thorthaí cinntitheacha cás atá gaolta leo a próiseáladh le tosaíocht.

74

Ar deireadh, maidir leis an leigheas dlí lena gceadaítear go sonrach dliteanas a chur ar an Stát, ní mór a aithint, mar a luaigh Ríocht na Spáinne, go bhforáiltear do chásanna éagsúla ina bhféadfaí an dliteanas sin a chur ar an Stát in Airteagal 32 de Dhlí 40/2015. Ní dhírítear, áfach, ach le míreanna 3 go 6 den Airteagal sin, ar dhliteanas an Stáit is reachtóir go sonrach.

75

Mar sin, foráiltear le mír 1 den Airteagal sin don fhéidearthacht le haghaidh daoine príobháideacha chun cúiteamh a ghnóthú ó na riaracháin phoiblí lena mbaineann d’aon dochar a rinneadh dá maoin nó dá gcearta dá mba rud é go raibh an dochar sin de thoradh ar fheidhmiú gnách nó neamhghnách na seirbhísí poiblí, seachas i gcás force majeure nó dochar go bhfuil ar an duine príobháideach, de réir an dlí, a ghlacadh air féin go dlíthiúil, agus sonraítear leis an bhforáil sin nach gcruthaítear le neamhniú, trí bhealach riaracháin nó tríd an leigheas dlí riaracháin, gníomhartha nó forálacha riaracháin, ann féin, cearta chun cúiteamh a ghnóthú.

76

Más féidir amharc ar an leigheas dlí sin mar ghnáthleigheas dlí chun dliteanas a chur ar an Stát, tá gá le “feidhmiú [...] na seirbhísí poiblí” chun é a thionscain, coincheap nach bhfuil dírithe ar an reachtóir. Mar sin, ní chumhdaítear leis an leigheas dlí sin cúiteamh damáiste a rinneadh mar thoradh díreach ar ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir náisiúnta de bharr an tsáraithe ar dhlí an Aontais nuair nach féidir an damáiste sin a chur i leith gníomhaíocht de chuid na seirbhísí poiblí.

77

Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 57 dá thuairim freisin, bheadh na forálacha sonracha maidir le dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir, dá bhforáiltear in Airteagal 32(3) go (6) de Dhlí 40/2015, gan tairbhe dá mba rud é go gceadaíodh cheana féin leis an leigheas dlí dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) den Dlí sin dliteanas a chur ar an Stát i leith damáiste a rinne an reachtóir náisiúnta.

78

Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 32(3) den Dlí thuasluaite, ar mhaígh Ríocht na Spáinne ag an éisteacht gur leigheas ginearálta dlí a bhí inti chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir, lena n-áirítear dliteanas i leith na sáruithe ar dhlí an Aontais gur féidir a chur ina leith, ní mór a chur in iúl, mar a d’aithin an Ballstát sin, go sonraítear leis an dara fomhír de mhír 3, gur féidir dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir “freisin” nuair a chomhlíontar na ceanglais a luaitear i mír 4 nó i mír 5 den Airteagal sin. Ní mór teacht chun na conclúide, mar a mhaíonn an Ballstát sin, gur leigheasanna dlí breise nó forlíontacha atá sna leigheasanna dlí dá bhforáiltear sa dhá mhír dheireanacha sin, lenar féidir dliteanas a chur ar an Stáit is reachtóir, go háirithe i gcás sárú ar dhlí an Aontais, agus go gcuireann siad leis an leigheas ginearálta dlí, dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal sin.

79

Cuirtear an fhéidearthacht chun cúiteamh a ghnóthú de bhun na chéad forála sin, áfach, faoi réir an choinníll go bhforáiltear do sin sa ghníomh reachtach atá mar bhunús don damáiste agus go n-urramaítear na coinníollacha a sonraítear leis an ngníomh sin. Gan trácht, áfach, go bhfuil an chuma ar an scéal nach ann don fhéidearthacht sin ó thús nuair atá an damáiste mar thoradh ar neamhghníomh den reachtóir, is leor an imthoisc go bhfuil fáil ar chúiteamh de bhun na fomhíre sin faoi réir coinníll chun a chur as an áireamh go bhféadfaí an chaingean dá bhforáiltear san fhomhír chéanna a thuiscint mar leigheas dlí chun na heasnaimh a mhaíonn an Coimisiún a leigheas maidir le héifeachtacht an chórais de dhliteanas an Stáit is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais gur féidir a chur ina leith.

80

Ní féidir an breithniú ón mír thuas a aisiompú, leis an gcúinse, a mhaígh Ríocht na Spáinne san éisteacht, go mbeadh an chéad fhomhír d’Airteagal 32(3) de Dhlí 40/2015 ina hábhar do léirmhíniú solúbtha ag an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach), a chuirfeadh i bhfeidhm í ar shlí sholúbtha d’fhonn cosaint bhreithiúnach éifeachtach ar chearta daoine aonair a áirithiú.

81

Ní mór a mheabhrú, cé go gcaitear measúnú a dhéanamh ar raon feidhme forálacha reachtacha, rialaitheacha nó riaracháin náisiúnta agus an léirmhíniú a dhéanann na cúirteanna náisiúnta orthu á chur san áireamh (breithiúnas an 8 Meitheamh 1994, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe, C-382/92, EU:C:1994:233, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2015, an Coimisiún v an tSlóvaic, C-433/13, EU:C:2015:602, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear), nach leor cásdlí a bheith ann, fiú ó chúirt uachtarach, agus aird á tabhairt ar charachtar bunúsach an phrionsabail maidir le dliteanas an Bhallstáit i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2015, Ferreira da Silva e Brito agus páirtithe eile, C-160/14, EU:C:2015:565, mír 59) agus ina theannta sin ar na breithnithe a leagadh amach i mír 76 den bhreithiúnas seo, chun a áirithiú, leis an tsoiléireacht agus beachtas atá de dhíth, go gcuirfí leigheas dlí ar fáil leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 32(3) de Dhlí 40/2015 lena bhféadfaí diúltú láithreach do na cáintí arna leagan amach ag an gCoimisiún ina chéad agóid.

82

Dá bharr, toisc nach gceadaítear do dhaoine aonair, le haon cheann de na leigheasanna dlí dá dtagraíonn Ríocht na Spáinne i míreanna 38 go 45 den bhreithiúnas seo, dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir d’fhonn cúiteamh a ghnóthú le haghaidh damáiste a rinneadh dóibh mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an Stáit sin, ní fhéadfaí an Coimisiún a cháineadh toisc gur chruinnigh sé a anailís timpeall Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 i gcomhar le míreanna 3, 4 agus 6 den Airteagal sin, agus timpeall an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015 agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, ós rud é nach bhfuil aon fhoráil náisiúnta, seachas na forálacha sin amháin, lena bhforáiltear go sonrach don fhéidearthacht chun an dliteanas sin a chur ar an Stát.

83

Sa dara háit, maidir le heasnamh an Choimisiúin chun córas dhliteanas neamhchonarthach an Aontais a chur san áireamh, eascraíonn sé as an gcásdlí a mheabhraítear i mír 59 den bhreithiúnas seo go bhfuil gá, le haghaidh measúnú ar chomhréireacht fhoráil nós imeachta le prionsabal na héifeachtachta, go ndéantar an measúnú sin ní i leith na bhforálacha dá bhforáiltear i ndlíchórais eile, i bhfianaise ról na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, sheoladh an nós imeachta agus a ghnéithe speisialta, os comhair na gcúirteanna agus na n-údarás éagsúla náisiúnta, den Bhallstát lena mbaineann. Dá bharr sin, ní fhéadfadh cáintí Ríocht na Spáinne maidir le héifeachtacht chóras dhliteanas neamhchonarthach an Aontais a fhágáil go ndiúltófaí láithreach do chéad agóid an Choimisiúin.

84

Sa tríú háit, ní dhíolmhaítear na Ballstáit, leis an gcorrlach lánroghnach atá acu maidir le bunú a gcóras dliteanais i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, agus iad ag cur an chorrlaigh lánroghnaigh sin i bhfeidhm, ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí a chuirtear orthu le dlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile, C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19, EU:C:2021:393, mír 111 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar thoradh air sin, bíonn siad faoi cheangal go háirithe, i gcomhthéacs na gníomhaíochta sin, ag prionsabal na héifeachtachta.

85

Sa cheathrú háit, maidir leis na hargóintí a leagtar amach i míreanna 48 go 51 den bhreithiúnas seo, ní mór a aithint nach bhfuil an Coimisiún ag iarraidh amhras a chaitheamh ar struchtúr an chórais de dhliteanas an Stáit sa dhlíchóras Spáinneach. I ndáiríre, is í an t-aon aidhm atá ag an gcaingean seo ná chun a shuí cé acu an gceadaítear do dhaoine príobháideacha, leis an gcóras do dhliteanas an Stáit is reachtóir, mar a leagtar amach é sna forálacha atá faoi chonspóid, agus prionsabal na héifeachtachta agus prionsabal na coibhéise á n-urramú, cúiteamh a ghnóthú do dhamáiste a mhaítear go ndearna an reachtóir náisiúnta dóibh mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais.

86

Ós rud é, ar thaobh amháin, nach féidir a shuí ó thús gurb amhlaidh an cás le haon cheann de na nósanna imeachta nó leigheasanna dlí dá dtagraíonn Ríocht na Spáinne, atá luaite i míreanna 38 go 45 den bhreithiúnas seo, agus, ar an taobh eile, nach dtugtar féidearthacht éifeachtach leis an bhforáil ghinearálta a bheadh ábhartha chuige sin, de réir dhearbhuithe an Bhallstáit sin le linn na héisteachta, eadhon, an chéad fhomhír d’Airteagal 32(3) de Dhlí 40/2015, mar a cuireadh in iúl í i míreanna 79 go 81 den bhreithiúnas seo, chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir sna himthosca go léir ina bhfuil sárú ar dhlí an Aontais ina ábhar do chúiteamh de bhun an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 30 agus 31 den bhreithiúnas seo, tá sé riachtanach go bhforbraítear an t-aon leigheas dlí dá bhforáiltear chuige sin le haghaidh cásanna ina sáraítear dlí an Aontais, eadhon, an leigheas dlí dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) den Dlí sin, ar chaoi, go háirithe, nach bhfuil sé, sa chleachtas, dodhéanta nó ródheacair chun an cúiteamh sin a ghnóthú.

87

Ar deireadh, ar thaobh amháin, toisc go leanann sé as an méid thuas nach bhféadfaí an Coimisiún a cháineadh as an gcaingean seo a chruinniú timpeall na bhforálacha amháin i ndlí na Spáinne maidir le dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, ní fhéadfaí a mheas gur aisiompaíodh an dualgas cruthúnais go neamhdhleathach le hanailís an Choimisiúin.

88

Ar an taobh eile, agus na breithnithe sin go léir á gcur san áireamh, níl sé mar thoradh ach oiread ag an gcúinse gur “sásra chun dlíchóras na Spáinne a shlánú” é an córas do dhliteanas an Stáit is reachtóir, mar a leagtar amach é sna forálacha atá faoi chonspóid, gur cheart diúltú láithreach do chaingean an Choimisiúin mar chaingean gan bhunús, sa mhéid go ndéantar agóid léi in aghaidh éifeacht an chórais dliteanais amháin sin.

89

I bhfianaise an mhéid atá thuas, ní mór diúltú d’argóintí príomhúla Ríocht na Spáinne agus leanúint ar aghaidh le scrúdú na caingne atá idir lámha agus anailís a dhéanamh ar agóidí an Choimisiúin.

3.   An chéad agóid, go ndearnadh sárú ar phrionsabal na héifeachtachta

(a)   Forálacha Airteagal 32 de Dhlí 40/2015

90

Maíonn an Coimisiún go bhfuil sé mar thoradh ar na trí choinníoll carnacha a chuirtear i bhfeidhm le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 maidir le cúiteamh le haghaidh damáiste a rinne an reachtóir náisiúnta do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, má fhéachtar orthu ina n-aonar nó le chéile, ndéantar, go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair, sa chleachtas, cúiteamh a ghnóthú.

(1) An chéad chuid, maidir leis an gcoinníoll gurb ann do dhearbhú, ón gCúirt go bhfuil an riail a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais

(i) Argóintí na bpáirtithe

91

Cuireann an Coimisiún in iúl, ar dtús, go n-eascraíonn an riachtanas go mbeadh an damáiste a rinne an Stát is reachtóir mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais faoi réir an choinníll gurb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a cuireadh i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais as Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, sa chaoi go sonraítear leis an bhforáil sin go gcaithfidh an damáiste sin a bheith de thoradh ar “chur i bhfeidhm rialach ar dearbhaíodh go raibh sí ar neamhréir le dlí an Aontais”, arna léamh i gcomhar le mír 6 den Airteagal sin agus leis an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, lena dtagraítear d’fhoilsiú an chinnidh lena ndearbhaítear go sáraíodh dlí an Aontais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

92

Chuige sin, maíonn an Coimisiún, ar dtús, gurb iad cinntí na Cúirte a thugtar i gcomhthéacs imeachtaí chun mainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh a dhearbhú atá ina ndearbhuithe maidir le neamhréireacht an dlí náisiúnta le dlí an Aontais agus na cinntí sin amháin. Anuas air sin, fiú dá mba rud é gur leor gach cinneadh ón gCúirt chun an coinníoll lena mbaineann a chomhlíonadh i gcomhthéacs na chéad coda seo, maítear go gcruthaítear le cásdlí socair nach bhfuil sé riachtanach go mbeadh rialú tugtha ag an gCúirt chun go bhféadfaí sárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais a shuí agus go dtagann sé salach ar phrionsabal na héifeachtachta cúiteamh do dhamáiste a rinneadh mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith Ballstáit a chur faoi réir an cheanglais gurb ann do chinneadh níos luaithe ón gCúirt.

93

Ar an dara dul síos, ba chóir go mbeadh na cúirteanna atá inniúil chun imeachtaí maidir le dliteanas an Stáit a chinneadh agus a éisteacht, lena n-áirítear dliteanas mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an reachtóra, inniúil chun rialú a thabhairt iad féin, chun críocha an cháis seo, ar na himthosca go léir maidir le dliteanas a chur ar an Stáit, lena n-áirítear an imthoisc ina sáraítear dlí an Aontais, gan gá a bheith ann dóibh seasamh ar bhreithiúnas níos luaithe ón gCúirt agus gan iallach a bheith orthu ceist a tharchur chun na Cúirte le haghaidh réamhrialú ná fanacht ar chinneadh ón gCúirt i gcomhthéacs imeachtaí chun mainneachtain in oibleagáid a chomhlíonadh a dhearbhú. Ní fhágann an méid sin gur chóir go mbeadh gach cúirt in ann riail náisiúnta a chur ar neamhní le héifeacht erga omnes.

94

Ar an tríú dul síos, cuireann an Coimisiún in iúl go n-admhaíonn Ríocht na Spáinne nach féidir dul i muinín an leighis dlí sin ach amháin más ann do chinneadh níos luaithe ón gCúirt, ach go maíonn sí go bhfuil údar leis sin toisc, nuair a dhiúltaíonn cúirt náisiúnta do chaingean i gcoinne an ghnímh riaracháin atá mar chúis leis an damáiste, go bhfuil cinneadh ón gCúirt le héifeacht erga omnes riachtanach, i gcomhthéacs imeachtaí cúitimh níos luaithe, d’fhonn údarás res judicata an chinnidh a thug an chúirt sin a shárú agus d’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Tá sé de thoradh, áfach, ar bhreithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Köbler (C-224/01, EU:C:2003:513), nach bhfuil éifeacht res judicata ag rialú lena ndiúltaítear do chaingean atá dírithe ar ghníomh riaracháin, gan beann ar an gcúirt a bhfuil sí os a comhair, ach maidir le bailíocht an ghnímh riaracháin, agus ní maidir le cé acu an bhfuil ann do cheart chun cúiteamh a ghnóthú nó nach bhfuil.

95

Maíonn Ríocht na Spáinne nach gcuirtear coinníoll i ndlí na Spáinne in aon chás leis an damáiste a rinneadh mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais a chúiteamh, go mbeadh ann cheana féin do chinneadh ón gCúirt. Ní dhéantar aon difríocht a tharraingt agus ní bheadh aon sonraíocht i gceist leis an gcaingean riaracháin, maidir le himeachtaí chun suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú sa réimse cánach nó fiú maidir le himeachtaí chun dliteanas a chur ar an Stát i leith ghníomhartha an riaracháin phoiblí chuige sin.

96

Is féidir le gach cúirt Spáinneach a dhearbhú go bhfuil riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais agus is féidir leo, agus iad ag aithint neamhdhleathacht gnímh, gníomhaíochta nó neamhghnímh den reachtóir náisiúnta de bharr a neamhréireacht le dlí an Aontais, diúltú dá gcur i bhfeidhm agus, más iomchuí, an cúiteamh atá de dhíth a bhronnadh mar thoradh ar neamhniú an ghnímh, na gníomhaíochta nó mar thoradh ar an dearbhú maidir le neamhdhleathacht an neamhghnímh gan gá a bheith ann le cinneadh níos luaithe ón gCúirt lena n-aithneofaí an neamhréireacht sin. Ní bhainfí cumhachtaí den sórt sin ó na breithiúna Spáinneacha toisc go bhforáiltear, in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, do chás faoi leith maidir le cinneadh ón gCúirt a bheith ann lena ndearbhófaí go bhfuil riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais. Thairis sin, beidh gach duine príobháideach in ann, má mheasann sé nár leigheasadh an damáiste a d’fhulaing sé, cé gur éirigh leis maidir leis an ngníomh neamhdhleathach a chur ar neamhní, cúiteamh a iarraidh ón rialtas, i gcomhréir le hAirteagal 4a de Bhundlí 6/1985 agus le Dlí 29/1998.

97

Foráiltear i ndlí na Spáinne le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, anuas air sin, fiú i gcásanna ina ndiúltaítear don iarratas chun an gníomh riaracháin a chur ar neamhní, agus ina mbíonn an gníomh sin cinntitheach dá dheasca sin, gur féidir an cineál cinntitheach sin a athrú níos déanaí le himeachtaí chun damáiste a chúiteamh. D’fhonn údarás res judicata an chinnidh diúltaithe de chúirt Spáinneach a shárú, áfach, bheadh breithiúnas ón gCúirt de dhíth; agus ní bheadh aon mhainneachtain maidir le prionsabal na héifeachtachta a urramú ag eascairt as sin.

98

Maítear go bhfuil an Coimisiún ag sárú fheidhmiú an chórais do dhliteanas an Stáit sa Spáinn agus ag sárú na cumhachta athbhreithnithe a fheidhmíonn an chúirt riaracháin. Déantar iarracht le ceanglais shonracha Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 gan ligean do dhuine príobháideach imeachtaí cúitimh a ath-oscailt ar an bhforas go bhfuair duine príobháideach eile, os comhair cúirte naisiúnta, rialú fabhrach, agus ar an bhforas sin amháin. Ní fhéadfadh ach rialú le héifeacht erga omnes tionchar “athbhreithnithe” den sórt sin a bheith aige ar rialuithe eile, ar eagla na heagla go dtiocfaí salach ar an deimhneacht dhlíthiúil, agus, i ndlíchóras na Spáinne, níl sé de chumas ach ag cúirteanna áirithe chun foráil de chineál ginearálta a chur ar neamhní le héifeacht erga omnes.

99

Maítear go rachfadh sé i bhfad thar cheanglais phrionsabal na héifeachtachta agus go mbainfeadh sé an tsubstaint d’inniúlacht na mBallstát chun dliteanas neamhchonarthach an Stáit a rialú dá mba rud é go n-éileofaí leigheas dlí neamhspleách a bhunú maidir le dliteanas neamhchonarthach i leith damáiste a rinne an reachtóir náisiúnta mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, agus neamhaird á tabhairt ar chur i bhfeidhm indibhidiúlaithe na rialach le stádas dlí lena mbaineann agus gan aird á tabhairt ar chomhlíonadh pé teorainn ama atá ann chun caingean den sórt sin a thionscnamh.

100

Maítear go ndearna an Coimisiún earráid freisin maidir leis an saghas cinnidh dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015. Ní mór an téarma “incumplimiento” a thuiscint, ní mar “mhainneachtain”, ach mar “chion” nó mar “shárú”. Níl an fhoráil sin teoranta mar sin do thagairt a dhéanamh do bhreithiúnas ón gCúirt a tugadh i gcomhthéacs imeachtaí a tionscnaíodh de bhun Airteagal 258 CFAE.

(ii) Breithniú na Cúirte

101

Foráiltear le hAirteagal 32(5)de Dhlí 40/2015, má tá an damáiste mar thoradh ar chur i bhfeidhm rialach ar dearbhaíodh go raibh sí ar neamhréir le dlí an Aontais, go bhféadfaidh an duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú dá mba rud é go bhfuair sé, os comhair aon chúirte, cinneadh cinntitheach ag diúltú do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, ar chuntar gur agair an duine príobháideach an sárú ar dhlí an Aontais a aithníodh ina dhiaidh sin, agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (c) den fhoráil sin. Aontaíonn na páirtithe, thairis sin, gur cheart an téarma “riail”, a úsáidtear san fhoráil lena mbaineann, a thuiscint, amhail a bhfuil in Airteagal 32(4) den Dlí sin, mar “riail le stádas dlí.”

102

Sonraítear leis an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, sna cásanna dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 32(5) den Dlí sin, gur féidir damáiste a chúiteamh nuair a rinneadh é laistigh de theorainn ama de chúig bliana roimh dháta foilsithe an chinnidh lenar dearbhaíodh go raibh an riail ar neamhréir le dlí an Aontais, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin, cé go gcuirtear in iúl leis an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, sna cásanna dliteanais céanna, go gcuirtear an ceart chun cúiteamh a éileamh faoi urchosc reachta bliain i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh sin san Iris Oifigiúil.

103

Leanann sé as sin go bhfuil údar ag an gCoimisiún a mhaíomh go n-éilítear leis na forálacha atá faoi chonspóid, mar choinníoll do dhuine príobháideach cúiteamh a ghnóthú i leith damáiste a rinneadh dó mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta, go mbeadh an sárú sin aitheanta ag an gCúirt roimhe sin.

104

Chinn an Chúirt cheana, áfach, má chuirtear an cúiteamh, atá le déanamh ag an mBallstát, a rinne sé do dhuine príobháideach trí dhlí an Aontais a shárú, faoi réir aitheantais níos luaithe, ag an gCúirt, de mhainneachtain i ndlí an Aontais atá inchurtha i leith an Bhallstáit sin, go dtagann sin salach ar phrionsabal na héifeachtachta sa dlí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 95). Sa tslí chéanna, chinn sí cheana nach bhféadfaí cúiteamh a thabhairt i leith damáiste a tharla mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith Ballstáit a chur faoi réir an cheanglais go mbeadh an sárú sin aitheanta i mbreithiúnas de chuid na Cúirte faoin nós imeachta um réamhrialú (breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales, C-118/08, EU:C:2010:39, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

105

Eascraíonn sé, thairis sin, as an gcásdlí a mheabhraítear i mír 30 den bhreithiúnas seo go bhfuil feidhm ag na prionsabail sin gan beann ar chomhlacht an Bhallstáit a rinne an gníomh nó an neamhghníomh atá mar bhunús leis an sárú ar dhlí an Aontais.

106

Dá bharr sin, tá sé neamhábhartha, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na coda den agóid atá idir lámha, cinneadh a dhéanamh cibé, mar a mhaíonn an Coimisiún, an éilítear leis na forálacha atá faoi chonspóid go mbeadh cinneadh tugtha ag an gCúirt ag aithint mhainneachtain Ríocht na Spáinne i gceann dá hoibleagáidí atá uirthi de bhun dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó, mar a mhaíonn an Ballstát sin, ar chóir na forálacha sin a thuiscint sa chaoi go dtagraítear leo d’aon chinneadh ón gCúirt lena bhféadfaí a thuiscint go bhfuil gníomh nó neamhghníomh de reachtóir na Spáinne ar neamhréir le dlí an Aontais. Go deimhin, leanann sé as an gcásdlí a mheabhraítear i mír 104 den bhreithiúnas seo nach bhféadfaí, in aon chás, cúiteamh as damáiste a rinne Ballstát, lena n-áirítear an reachtóir náisiúnta, mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, seachas trí phrionsabal na héifeachtachta a shárú, a chur faoi réir craoladh cinnidh níos luaithe ón gCúirt lena n-aithnítear mainneachtain an Bhallstáit lena mbaineann i ndlí an Aontais nó lena gcruthaítear go bhfuil an gníomh nó an neamhghníomh ba chúis leis an damáiste ar neamhréir le dlí an Aontais.

107

Tá sé tábhachtach, áfach, chuige sin, a mheas, mar a mhaíonn Ríocht na Spáinne, an gceadaítear, le leigheasanna dlí eile, dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir, gan, i gcomhthéacs na leigheasanna sin, cinneadh níos luaithe ón gCúirt a bheith de dhíth.

108

Ar dtús, cuireadh in iúl i míreanna 63 go 82 den bhreithiúnas seo nach n-áirithítear le haon cheann de na nósanna imeachta nó na leigheasanna dlí atá luaite ag Ríocht na Spáinne i míreanna 95 agus 96, nó i míreanna 38 go 45, go bhféadfadh duine príobháideach, in aon imthoisc ina bhfuil gá go mbeidh an sárú ar dhlí an Aontais ina ábhar do chúiteamh de bhun an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 30 agus 31 den bhreithiúnas seo, cúiteamh leordhóthanach a fháil don damáiste a rinneadh dó mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta.

109

Ina theannta sin, sa mhéid go bhfuil na hargóintí a leagtar amach i míreanna 97 go 99 den bhreithiúnas seo ar aon dul, go substaintiúil, leis na hargóintí ar diúltóidh dóibh cheana i míreanna 85, 86 agus 88 den bhreithiúnas, ní mór, ar na forais chéanna, diúltú dóibh freisin.

110

Ar deireadh, a mhéid is a mhaíonn Ríocht na Spáinne leis na hargóintí sin, go raibh an Coimisiún, go substaintiúil, ag iarraidh leigheas dlí a chur i bhfeidhm, leis an gcaingean atá idir lámha, lena gceadófaí d’aon duine dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir, agus neamhaird á déanamh aige ar aon mheasúnú indibhidiúlaithe nó ar urraim a léiriú ar theorainn ama chun caingean den sórt sin a thionscnamh, ní mór a aithint go bhfuil bonn na n-argóintí sin earráideach maidir le raon na caingne atá idir lámha, agus ní mór, dá bharr, diúltú dóibh.

111

Cé go ndéanann an Coimisiún iarracht, leis an gcaingean atá idir lámha, a áirithiú go bhféadfadh le duine dá ndearnadh damáiste le sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra Spáinnigh cúiteamh a ghnóthú i leith an damáiste sin lena n-áirítear i gcás nach ann do ghníomh riaracháin ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne, ní chaitheann an institiúid sin amhras ar bith ar an gcoinníoll, a leagtar síos in Airteagal 32(2) de Dhlí 40/2015, go mbeadh an damáiste atá á chúiteamh indibhidiúlaithe don duine nó don ghrúpa daoine agus, de bhun an dara fomhír de mhír 3 den Airteagal sin, conníoll a bhfuil feidhm aige freisin maidir leis na caingne dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) den Dlí sin.

112

Ní chuireann an Coimisiún i gcoinne an urchoisc reachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le himeachtaí i leith dhliteanas an Stáit is reachtóir a thionscnamh ach oiread, toisc go bhfuil bunú teorannacha ama réasúnta maidir le toirmeasc ar chás a thionscnamh, thairis sin, i bprionsabal, i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, agus is fíor sin, de réir sainmhínithe, fiú má tá sé de thoradh ar dhul i léig na dteorannacha ama sin go ndiúltaítear, go hiomlán nó go páirteach, do na himeachtaí a thionscnaítear (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Samhain 2019, Flausch agus páirtithe eile, C-280/18, EU:C:2019:928, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

113

I bhfianaise an mhéid sin, ní mór glacadh leis an gcéad chuid den chéad agóid.

(2) An dara cuid, maidir leis an gcoinníoll go bhfuil gá go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, os comhair aon chúirte, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste

(i) Argóintí na bpáirtithe

114

Maíonn an Coimisiún, cé nach gcoisctear, le dlí an Aontais, cur i bhfeidhm rialacha náisiúnta lena bhforáiltear nach féidir le duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú i leith damáiste, nár chuir sé stop leis, d’aon ghnó nó le faillí, trí dhul i muinín leighis dlí, ní fíor sin ach ar chuntar nach bhfuil dul i muinín an leighis dlí sin ródheacair agus gur féidir é sin a éileamh go réasúnta ón duine dá ndearnadh damáiste. Toisc go bhforchuirtear an ceanglas sin go hiomlán agus gan choinníoll, le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, tá sé ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta.

115

Ní féidir an sárú sin ar phrionsabal na héifeachtachta a leigheas leis an bhfíoras gur sásra tacaíochta don ghnáthchóras do dhliteanas an Stáit í an chaingean maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir, ná leis an bhfíoras go bhfuil sé riachtanach chun an deimhneacht dhlíthiúil a chosaint, ná leis an bhfíoras gurb ann, sa Spáinn, do mhodhanna eile nós imeachta chun cearta a thugtar le dlíchóras an Aontais a agairt.

116

Thairis sin, tá an rialtas teoranta go minic do ghníomhartha rialála a ghlacadh chun na forálacha reachtacha a chur chun feidhme, gan aon chorrlach lánroghnach, agus bíonn na reachtóirí náisiúnta i gcás faoi leith maidir le dlí an Aontais, toisc go bhfuil orthu an dlí príomhúil agus tánaisteach go léir de chuid an Aontais a urramú. Dá bharr sin, níl sáruithe díreacha ar dhlí an Aontais arna ndéanamh ag reachtóirí náisiúnta annamh ná deacair le samhlú.

117

Maítear, thairis sin, nach bhfuil sé ábhartha ó thaobh phrionsabal na héifeachtachta de, go bhféadfadh aon chúirt an rialú cinntitheach atá de dhíth a chraoladh, toisc gurb é an ceanglas go mbeadh ann dor rialú den sórt sin atá ar neamhréir leis an bprionsabal sin a mhéid nach bhforáiltear d’aon eisceacht le haghaidh cásanna ina gcruthófaí deacrachtaí iomarcacha do dhaoine dá ndearnadh damáiste dul i muinín an leighis dlí, nó ina mbeadh sé míréasúnta an méid sin a chur de cheangal orthu.

118

Maíonn Ríocht na Spáinne, ar dtús, go leagtar síos an coinníoll lena mbaineann i gcomhthéacs an dara cuid seo de bharr chineál tacaíochta an chórais do dhliteanas an Stáit is reachtóir agus de bharr an riachtanais chun an prionsabal maidir le cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir a réiteach le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Maítear go bhfuil sé deacair damáiste a dhéanamh le gníomh an reachtóra in éagmais aon ghnímh riaracháin cur chun feidhme agus, d’fhonn a chinneadh an ann do cheart chun cúiteamh a ghnóthú, go mbeadh sé riachtanach ar aon chaoi measúnú a dhéanamh de réir an cháis ar neamhdhleathacht an damáiste a fulaingíodh, toisc nach mbronntar ceart chun cúiteamh a ghnóthú go huathoibríoch le dearbhú go bhfuil foráil ar neamhréir le dlí an Aontais.

119

Nuair atá an agóid bunaithe ar neamhréireacht dlí le dlí an Aontais, ní mór don duine príobháideach na fáthanna go ndéantar damáiste indibhidiúlaithe dó leis an dlí sin a léiriú agus a shuí gurb é an chúis leis ná “cur i bhfeidhm an dlí.” In éagmais bunúis lena seasfaí leis an bhfíoras gurb ann do “theagmhas díobhálach,” níl sé indéanta caingean dliteanais a thionscnamh tríd an modh breithiúnach. Ní féidir le daoine príobháideacha a mhaíomh go n-eascraíonn ceart chun cúiteamh a ghnóthú, gan srian ama a bheith air, as dlíthe le héifeachtaí atá leathnaithe ó thaobh an ama de agus atá ar neamhréir le dlí an Aontais.

120

Ina dhiaidh sin, cé go n-éilítear cinneadh cinntitheach níos luaithe ag diúltú don chaingean, níl sé riachtanach úsáid a bhaint as na leigheasanna dlí breithiúnacha go léir, toisc gur féidir an cinneadh cinntitheach, de réir théarmaí Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, a fháil “ó aon chúirt.”

121

Ar deireadh, agus ar aon chuma, maítear go ndéanfadh an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) léirmhíniú ar an gcoinníoll lena mbaineann i gcomhthéacs na coda seo agus ar chaoi atá fabhrach do dhaoine príobháideacha, agus lena n-áiritheofaí urramú phrionsabal na héifeachtachta.

(ii) Breithniú na Cúirte

122

Foráiltear le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, dá mba rud é go mbeadh an damáiste mar thoradh ar chur i bhfeidhm rialach le stádas dlí ar dearbhaíodh go raibh sí ar neamhréir le dlí an Aontais, nach féidir leis an duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú, ach ar chuntar, go háirithe, go bhfuair sé, ó aon chúirt, cinneadh cinntitheach lena ndiúltaítear do chaingean i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste.

123

Maidir le dliteanas Ballstáit, áfach, i leith sárú ar dhlí an Aontais, d’aithin an Chúirt cheana féin go bhféadfadh an breitheamh náisiúnta a fhíorú ar léirigh an duine dá ndearnadh damáiste dícheall réasúnta chun an dochar a sheachaint nó an raon de a theorannú agus, go háirithe, ar bhain sé úsáid, in am trátha, as na leigheasanna dlí go léir a bhí ar fáil dó. De réir prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíchórais na mBallstát, ní mór don duine dá ndearnadh damáiste, agus an riosca ann go mbeadh air an damáiste a thabhairt air féin, dícheall réasúnta a léiriú chun feidhm an damáiste air a theorannú. A mhalairt air sin, bheadh sé ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta iallach a chur ar dhaoine dá ndearnadh damáiste chun dul i muinín, go córasach, na leigheasanna dlí go léir atá ar fáil dóibh, toisc go gcruthófaí deacrachtaí iomarcacha dóibh leis nó nach bhféadfaí é sin a chur de cheangal orthu go réasúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 2009, Danske Slagterier, C-445/06, EU:C:2009:178, míreanna 60 go 62 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Kantarev, C-571/16, EU:C:2018:807, míreanna 140 go 142 agus an cásdlí dá dtagraítear).

124

Mar thoradh air sin, mura gcuirtear cosc, le dlí an Aontais, ar chur i bhfeidhm rialacha náisiúnta lena bhforáiltear nach féidir le duine príobháideach cúiteamh a ghnóthú i leith damáiste, nár chuir sé stop leis, d’aon ghnó nó le faillí, trí dhul i muinín leighis dlí, is é sin ar choinníoll nach gcruthófaí, leis an dul i muinín sin, deacrachtaí iomarcacha don duine dá ndearnadh damáiste nó go bhféadfaí an méid sin a chur de cheangal orthu go réasúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 2009, Danske Slagterier, C-445/06, EU:C:2009:178, mír 69).

125

Sa chás seo, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 82 dá thuairim freisin, is é sin díreach an méid dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015. Trí agóid a dhéanamh in am trátha in aghaidh an ghnímh riaracháin atá mar chúis leis an damáiste, is féidir leis an duine príobháideach lena mbaineann, i bprionsabal, tarlú an damáiste a sheachaint, nó ar a laghad a raon a theorannú.

126

Thairis sin, ní chuirtear iallach leis an bhforáil sin ar an duine príobháideach úsáid a bhaint as na leigheasanna dlí go léir atá ar fáil dó, ach amháin go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte aige maidir le caingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin sin, agus sin ó aon chúirt, ar leor an méid sin chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.

127

Ní mór a theacht ar an gconclúid, áfach, mar a mhaíonn an Coimisiún, go bhfuil sé dodhéanta cúiteamh a ghnóthú leis an bhforáil sin, nuair atá an damáiste mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus nuair nach ann do ghníomh riaracháin ar féidir leis an duine dá ndearnadh damáiste agóid a dhéanamh ina choinne, toisc nach féidir leis an duine dá ndearnadh damáiste, i gcás mar sin, caingean den sórt a éilítear a thionscnamh os comhair cúirte. Chuige sin, agus an cásdlí a mheabhraítear i mír 124 den bhreithiúnas seo á chur san áireamh, cuirtear as an áireamh go mbeadh iallach ar an duine dá ndearnadh damáiste atá i ndálaí den sórt sin, trí iompar gníomhach, glacadh gnímh riaracháin a spreagadh a bhféadfadh sé agóid a dhéanamh ina choinne ina dhiaidh sin, toisc nach bhféadfaí, in aon chás, an gníomh sin a mheas mar chúis leis an damáiste a líomhnaítear.

128

Mar thoradh air sin, tá Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta, sa chaoi nach bhforáiltear leis d’eisceacht i gcásanna ina gcruthófaí, le feidhmiú na caingne a fhorchuirtear leis, deacrachtaí iomarcacha don duine dá ndearnadh damáiste nó i gcás ina mbeadh sé míréasúnta an méid sin a chur de cheangal ar an duine sin, mar a bheadh an cás dá mba rud é gur lean an damáiste as gníomh nó neamhghníomh den reachtóir, ar neamhréir le dlí an Aontais, gan gníomh riaracháin a bheith ann a bhféadfaí argóint ina choinne.

129

Chuige sin, níl tionchar ag an líomhain nach bhféadfadh damáiste a bheith mar thoradh, chomh láithreach sin, ar ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir náisiúnta, ar an measúnú sin. Ar thaobh amháin, ní féidir údar a thabhairt le sárú phrionsabal na héifeachtachta toisc, in éagmais eisceachtaí mar a chuirtear síos orthu sa mhír roimhe, ní dhéanfaí sárú ar an bprionsabal sin ach go hannamh. Ar an taobh eile, agus na ceanglais ar leith a bhíonn ar reachtóirí náisiúnta maidir le dlí an Aontais a thrasuí sa dlí inmheánach á gcur san áireamh, níl sé neamhghnách i ndáiríre go bhfuil gníomhaíochtaí na reachtóirí sin, ar bhonn láithreach, mar chúis leis an damáiste a dhéantar do dhaoine príobháideacha.

130

Sa tslí chéanna, ní fhágann an fíoras nach bhfuiltear in ann a éileamh, de bhun phrionsabal na héifeachtachta, go ndéanfaí caingean a thionscnamh níos luaithe d’fhonn an damáiste a sheachaint nó a theorannú, i gcásanna ina gcruthófaí deacrachtaí iomarcacha leis an méid sin don duine dá ndearnadh an damáiste nó nach bhféadfaí é a éileamh uaidh go réasúnta, nach mbeadh ar an duine príobháideach atá ag iarraidh dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir a shuí, i gcomhthéacs imeachtaí leis an aidhm sin, go gcomhlíontar na coinníollacha riachtanacha chun an dliteanas sin a bhunú sa chás ar leith a ghabhann leis féin. Ní mór, de thoradh air sin, diúltú d’argóintí Ríocht na Spáinne a leagtar amach i míreanna 118 agus 119 den bhreithiúnas seo.

131

Maidir leis an dearbhú go ndéanfadh an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) léirmhíniú ar an gcoinníoll atá faoi chonspóid ar chaoi fhabhrach do dhaoine príobháideacha, ní mór diúltú dó sin ar fhorais atá ar aon dul leis na forais a leagtar amach i mír 81 den bhreithiúnas seo.

132

Mar sin, ní mór glacadh leis an dara cuid den chéad agóid a mhéid a chuirtear, le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir Spáinneach do dhaoine príobháideacha faoi réir an choinníll go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine dá ndearnadh damáiste, ó chúirt ar bith, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, gan a fhoráil d’eisceacht i gcásanna ina leanann an damáiste go díreach as gníomh nó neamhghníomh den reachtóir, atá ar neamhréir le dlí an Aontais, in éagmais aon ghnímh riaracháin ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne.

(3) An tríú cuid, maidir leis an gcoinníoll gur agair an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste an sárú ar dhlí an Aontais i gcomhthéacs caingne i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste

(i) Argóintí na bpáirtithe

133

Maíonn an Coimisiún go dteorannaítear an ceart chun cúiteamh a ghnóthú, leis an gcoinníoll gur agair an duine dá ndearnadh damáiste an sárú ar dhlí an Aontais i gcomhthéacs an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, do chásanna ina bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil de dhlí an Aontais a sáraíodh, cé gur féidir dliteanas a chur ar an Stát fiú i gcásanna ina sáraítear foráil de dhlí an Aontais nach bhfuil éifeacht den sórt sin aici.

134

Toisc, áfach, dar leis an gCoimisiún, i gcás nach bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil de dhlí an Aontais a sháraítear, nach féidir le daoine príobháideacha a gcearta a chosaint os comhair na gcúirteanna náisiúnta tríd an dlí inmheánach a bheith fágtha gan feidhm agus dlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm, bheadh sé, maidir leis na forálacha den sórt sin, iomarcach a éileamh go mbeadh an duine dá ndearnadh damáiste i ndiaidh an tsáraithe ar dhlí an Aontais a agairt i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha níos luaithe. Dá bharr sin, bheadh sé ródheacair mar thoradh ar an gcoinníoll sin chun damáiste a rinne reachtóir náisiúnta trí dhlí an Aontais a shárú a chúiteamh.

135

Ní féidir amhras a chaitheamh air sin toisc gur féidir leis na daoine príobháideacha aon fhoráil de dhlí an Aontais a agairt i gcomhthéacs imeachtaí chun gníomh riaracháin a chur ar neamhní, toisc nach bhfuil ar chúirteanna náisiúnta riail náisiúnta a fhágáil gan feidhm agus cearta a thugtar le dlíchóras an Aontais a chosaint go díreach ach i gcás forálacha de dhlí an Aontais le héifeacht dhíreach.

136

Maíonn Ríocht na Spáinne, arís, go leagtar síos an coinníoll sin de bharr chineál tacaíochta an chórais do dhliteanas an Stáit is reachtóir agus de bharr an riachtanais chun an prionsabal go gcúitítear damáiste a rinne an reachtóir a réiteach le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Mar sin, níl an ceanglas chun an sárú ar dhlí an Aontais a agairt i gcomhthéacs caingne níos luaithe, iomarcach, toisc go bhfuil ar gach iarratasóir a chearta a ghníomhú le dícheall agus toisc go gceadaítear le hAirteagal 32(5) na himeachtaí cúitimh a athoscailt i ndálaí atá cinntitheach.

137

Thairis sin, ní theorannaítear, i ndlí na Spáinne, ar shlí ar bith, an ceart chun cúiteamh a ghnóthú i gcásanna ina raibh éifeacht dhíreach ag an bhforáil de dhlí an Aontais a sáraíodh. Toisc nach bhfuil aon bhunús leis an hipitéis seo sna forálacha atá faoi chonspóid agus toisc go bhfuil an dualgas cruthúnais ar an gCoimisiún, maítear nach mór diúltú don chuid seo. In aon chás, ar thaobh amháin, ní fhágann an ceanglas atá ar dhuine príobháideach chun caingean a thionscnamh roimh ré, agus é ag agairt sárú ar dhlí an Aontais, nach féidir ach foráil le héifeacht dhíreach a agairt i gcomhthéacs na caingne sin, agus is féidir argóintí maidir le neamhréireacht dhlí na Spáinne le dlí an Aontais a ardú go neamhspleách ó éifeacht dhíreach na rialach de dhlí an Aontais a agraítear. Ar an taobh eile, léirmhíníonn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) an ceanglas sin ar shlí fhabhrach do dhaoine príobháideacha.

(ii) Breithniú na Cúirte

138

Foráiltear le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, i measc na gcoinníollacha a chuirtear an fhéidearthacht do dhuine príobháideach chun cúiteamh a ghnóthú le haghaidh damáiste atá mar thoradh ar shárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta faoi réir, do choinníoll lena n-éilítear gur agair an duine príobháideach sin, i gcomhthéacs na caingne a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin a bhí mar chúis leis an damáiste, an sárú ar dhlí an Aontais a aithníodh ina dhiaidh sin.

139

Ar dtús, ní mór a shoiléiriú nach bhfuil sé riachtanach anailís a dhéanamh ar an gcéad chuid ach sa mhéid go bhféadfaí dul i muinín caingne den sórt sin a fhorchur go bailí ar dhaoine príobháideacha dá ndearnadh damáiste agus na breithnithe a leagtar amach i míreanna 125 go 128 den bhreithiúnas seo á gcur san áireamh.

140

Leis an gcuid seo, tá an Coimisiún teoranta d’agóid a dhéanamh nach bhfuil an ceanglas ginearálta, a chuirtear ar an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, chun an sárú ar dhlí an Aontais a agairt, i gcomhthéacs na caingne roimh na himeachtaí dliteanais a d’fhéadfaí a éileamh uaidh d’fhonn an damáiste a sheachaint nó a fheidhm a theorannú, i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, toisc go dteipfeadh ar an duine sin agus é ag agairt an tsáraithe toisc nach bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil de dhlí an Aontais lena mbaineann, agus nach féidir, trí bheith ag agairt forála den sórt sin, gan éifeacht den sórt sin, damáiste a sheachaint nó a raon a theorannú.

141

Chuige sin, más rud é, mar a mhaíonn an Coimisiún, nach bhfuil iallach ar chúirt náisiúnta, ar bhonn dhlí an Aontais amháin, foráil dá dlí náisiúnta atá ar neamhréir le foráil de dhlí an Aontais a fhágáil gan feidhm mura bhfuil éifeacht dhíreach ag an dara foráil sin (breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C-573/17, EU:C:2019:530, mír 68), ní dhéantar dochar leis sin don fhéidearthacht, atá ann don chúirt sin, ar bhonn an dlí inmheánaigh, diúltú d’aon fhoráil den dlí náisiúnta atá ar neamhréir le foráil de dhlí an Aontais nach bhfuil éifeacht den sórt sin aici a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C-261/20, EU:C:2022:33, mír 33).

142

Thairis sin, tá ann do cheanglas léirmhínithe, mar thoradh ar chineál ceangailteach fhorálacha dhlí an Aontais, fiú na cinn nach bhfuil éifeacht dhíreach acu, lena n-éilítear go léirmhíneodh na cúirteanna náisiúnta an dlí náisiúnta i gcomhréir leis na forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Samhain 1990, Marleasing, C-106/89, EU:C:1990:395, míreanna 6 agus 8, agus breithiúnas an 21 Eanáir 2021, Whiteland Import Export, C-308/19, EU:C:2021:47, mír 30). Tá teorainneacha an cheanglais sin le fáil i bprionsabail ghinearálta an dlí, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, agus ní féidir an ceanglas a úsáid mar bhunús do léirmhíniú contre legem den dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Iúil 2006, Adeneler agus páirtithe eile, C-212/04, EU:C:2006:443, mír 110, agus breithiúnas an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin, C-261/20, EU:C:2022:33, mír 28).

143

I bhfianaise an mhéid sin, ní mór diúltú d’argóintí an Choimisiúin a mhéid a mhaíonn sé, leosan, nach féidir ach forálacha de dhlí an Aontais le héifeacht dhíreach a agairt go héifeachtach i gcomhthéacs caingne a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, toisc nach bhféadtar a chur as an áireamh, mar a mhaígh Ríocht na Spáinne le linn na héisteachta, nach n-athraíonn cumhachtaí an bhreithimh náisiúnta de réir cé acu an bhfuil éifeacht dhíreach nó nach bhfuil ag an bhforáil de dhlí an Aontais agus go bhfuil ag an mbreitheamh sin, ar bhonn an dlí inmheánaigh, cumhachtaí níos leithne ná na cumhachtaí a thugtar dó le dlí an Aontais. Thairis sin, féadtar brath ar fhoráil de dhlí an Aontais nach bhfuil éifeacht dhíreach aici freisin, de réir an cháis, d’fhonn léirmhíniú ar an dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais a fháil.

144

Chun gach críche, ní mór a chur in iúl go bhféadfadh an ceanglas atá ar an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, ón tréimhse roimh an gcaingean i gcoinne an ghnímh riaracháin ba leis an damáiste, agus lena n-iarrtar an gníomh sin a sheachaint nó a theorannú, go mbeadh sé i ndiaidh sárú ar dhlí an Aontais a agairt ar aithníodh é ina dhiaidh sin, agus murach sin, nach mbeadh sé in ann cúiteamh a ghnóthú don damáiste a rinneadh dó, a bheith mar dheacracht nós imeachta iomarcach, ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta. D’fhéadfadh sé a bheith, ag an bpointe sin, ródheacair, nó fiú dodhéanta, a thuar cén sárú ar dhlí an Aontais a aithneoidh an Chúirt ar deireadh.

145

Sna himthosca sin, ní mór diúltú don tríú cuid den chéad agóid.

(b)   Forálacha den tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015 agus den dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015

(1) Argóintí na bpáirtithe

146

Maíonn an Coimisiún go sáraítear prionsabal na héifeachtachta freisin, le, ar thaobh amháin, an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, faoina gcuirtear an ceart chun cúiteamh a ghnóthú faoi urchosc reachta bliain i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí lena mbaineann ar neamhréir le dlí an Aontais san Iris Oifigiúil agus, ar an taobh eile, an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, lena sriantar an damáiste gur féidir a bheith ina ábhar do chúiteamh go dtí damáiste a tharla sna cúig bliana roimh dháta an fhoilsithe sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

147

Sa chéad áit, maítear nach féidir glacadh leis go dtosófaí ag comhaireamh na teorann ama don urchosc reachta ó dháta a bhraitheann ar chinneadh ón gCúirt nach bhfuil riachtanach do chúirt náisiúnta, ní hamháin chun dliteanas a chur ar an Stát, ach freisin chun iallach a chur ar an mBallstát lena mbaineann an damáiste a tharla mar thoradh ar shárú ar dhlí an Aontais a chúiteamh. Tá sé de thoradh air sin go bhféachtar ar an gcinneadh níos luaithe ón gCúirt mar ghné lena suitear dliteanas an Stáit is reachtóir, mar a chinntítear thairis sin le foclaíocht Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, agus an méid sin de shárú ar chásdlí na Cúirte.

148

Sa dara háit, déantar sárú ar dhá bhealach ar phrionsabal na héifeachtachta le srian a chuirtear ar an damáiste gur féidir a chúiteamh do dhamáiste a tharla laistigh den chúig bliana roimh fhoilsiú an chinnidh lena ndearbhaítear go bhfuil an fhoráil lena mbaineann ar neamhréir le dlí an Aontais. Ar thaobh amháin, ní féidir teorainn ama den sórt sin a bhunú ó dháta a bhraitheann ar chinneadh ón gCúirt nach bhféadfaí a éileamh. Ar an taobh eile, tá srianadh den sórt sin ar neamhréir leis an bprionsabal go cúitítear damáiste a rinneadh ina iomlán, prionsabal atá lárnach do phrionsabal na héifeachtachta, agus éilítear cúiteamh an damáiste ina iomlán le cásdlí na Cúirte, lena n-áirítear bronnadh úis ar riaráistí.

149

Cé nach gcuirtear cosc, i bprionsabal, le dlí an Aontais, ar chur i bhfeidhm teorann ama d’urchosc reachta de chúig bliana, maidir le héilimh ar an Stát, ar chuntar go bhfuil feidhm aici maidir le héilimh chomhchosúla sa dlí inmheánach, is soiléir sa chás seo, toisc go n-éilítear leis an gcóras arna chruthú ag Airteagal 32(5) agus (6) de Dhlí 40/2015 go mbeadh bealach breithiúnach fada, tá an-dóchúlacht ann go rachadh níos mó ná cúig bliana thart sula ndéanfaidh an Chúirt rialú. Dá bharr sin, de bharr fhad an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, d’fhéadfaí bac a chur le cur san áireamh na tagartha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) den Dlí sin le cúiteamh an damáiste a fulaingíodh ina iomláine.

150

Maidir leis an soiléiriú gurb ionann an teorainn ama do dhamáiste gur féidir a chúiteamh agus cúig bliana “mura bhforáiltear a mhalairt” sa chinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais, níl sé sin le fáil sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, ach in Airteagal 32(6) den Dlí sin. Tá sé bainteach, mar sin, ní le féidearthacht don bhreitheamh náisiúnta atá ag rialú ar iarratas ar chúiteamh, ach le substaint de chinneadh ón gCúirt amháin.

151

Freagraíonn Ríocht na Spáinne, ar dtús báire, maidir le tús na teorann ama d’urchosc reachta na n-imeachtaí lena mbaineann, toisc nach bhfuil an ceanglas go mbeadh ann do bhreithiúnas níos luaithe ón gCúirt ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta, go gcaitear diúltú do cháineadh an Choimisiún ina leith sin. In aon chás, is féidir le haon chúirt Spáinneach a dhearbhú go bhfuil riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais, gan cinneadh ón gCúirt a bheith craolta chuige sin.

152

Thairis sin, ar thaobh amháin, toisc go bhfuil an damáiste mar thoradh, sa chás seo, ar riail dlí le héifeacht ghinearálta, ní fhéadtar tosú de bheith ag comhaireamh na teorann ama sin ach ó fhoilsiú an rialú lena n-aithnítear neamhdhleathacht na rialach dlí sin, toisc nach bhféadfaí a bheith feasach faoin neamhdhleathacht sin ach amháin leis an bhfoilsiú sin agus, dá bharr sin, faoin damáiste. Tá foilsiú in iris oifigiúil, áfach, mar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun eachtra dlí a chur in iúl.

153

Thairis sin, ní fhágann an fíoras go dtosaítear de bheith ag comhaireamh na teorann ama ón dáta a fhoilsítear an breithiúnas nach bhféadfaí imeachtaí a thionscnamh roimh an dáta sin trí leigheasanna dlí gnácha agus trí leigheas den chóras ginearálta do dhliteanas na n-údarás poiblí a leagtar amach in Airteagal 106 den Bhunreacht agus a rialaítear le hAirteagal 32(1) de Dhlí 40/2015.

154

Sa dara háit, maidir leis an teorainn ama maidir le damáiste gur féidir a chúiteamh, maíonn Ríocht na Spáinne go n-eascraíonn sé as míreanna 68 agus 69 de bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C-154/15, C-307/15 agus C-308/15, EU:C:2016:980), go bhfuil sé riachtanach, in ainneoin dearbhú go bhfuil siad ar neamhréir le dlí an Aontais, dálaí dlíthiúla cinntitheacha a urramú. Chuige sin, cuireann sí chun suntais arís go ndéantar tagairt le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, amhail mír 4 den Airteagal sin, do chás breise ina n-athosclaítear teorainn ama a bhfuil tagtha chun deiridh de réir leigheasanna dlí gnácha, rud a cheadaíonn cúiteamh a ghnóthú i gcásanna, i bprionsabal, ina gcuirfí cúiteamh as an áireamh. Bunaítear mar sin, le mír 5, riail dlí atá fabhrach do dhaoine príobháideacha, lena gceadaítear imeachtaí maidir le dliteanas a thionscnamh, a mbeidh sé mar thoradh orthu cinneadh a d’féadfadh a bheith ar neamhréir le cinneadh a bhfuil fórsa res judicata faighte aige cheana.

155

In aon chás, d’fhéadfadh duine príobháideach cúiteamh iomlán a ghnóthú dá dhamáiste trí dhul i muinín na n-imeachtaí cuí sula gcuirfear urchosc reachta leo, agus déanann Ríocht na Spáinne tagairt, chuige sin, don chéad fhomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, atá infheidhme maidir leis an gcás ginearálta de dhliteanas na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Dlí sin.

156

Thairis sin, ní fhoráiltear leis an gcásdlí go bhfuil cúiteamh ag teastáil le haghaidh aon damáiste atá bainteach le gníomhartha atá faoi urchosc reachta cheana. Bheadh sé díréireach cúiteamh iomlán a éileamh i leith dlíthe atá i bhfeidhm leis na blianta fada anuas. Ní prionsabal dosháraithe é an cúiteamh iomlán agus ní chóir dearmad a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don Státchiste poiblí.

157

Ar deireadh, toisc go sonraítear leis an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015 go bhfuil feidhm aici “mura bhforáiltear a mhalairt [sa chinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail ar neamhréir le dlí an Aontais]”, d’fhéadfadh an chúirt atá ag rialú ar an gcaingean dliteanais an cúiteamh a athmhúnlú de réir na gcoinníollacha agus a chinneadh gan an teorainn ama maidir le damáiste gur féidir a chúiteamh, mar a leagtar amach í san fhoráil sin, a chur i bhfeidhm.

(2) Breithniú na Cúirte

158

Sa chéad áit, maidir leis an gcuid de hargóintí an Choimisiúin ina dtagraítear don tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, ní mór a mheabhrú go bhforáiltear leis an bhforáil sin, i gcásanna de dhliteanas dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, go gcuirtear urchosc reachta leis an gceart chun cúiteamh a iarraidh bliain i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh, san Iris Oifigiúil, lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais. Thairis sin, ní cháineann an Coimisiún an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015 a mhéid a shonraítear leis an bhforáil sin an dáta ar a dtosaítear de bheith ag comhaireamh na teorann ama maidir le hurchosc reachta a chur ar imeachtaí maidir le dliteanas an Stáit is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith.

159

Toisc, áfach, nach bhféadfaí, mar a cuireadh in iúl i mír 106 den bhreithiúnas seo, cúiteamh ar dhamáiste a rinne an reachtóir náisiúnta do dhuine príobháideach mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais a chur, gan prionsabal na héifeachtachta a shárú, faoi réir an choinníll go mbeadh ann do chinneadh ón gCúirt cheana lena n-aithnítear mainneachtain an Bhallstáit i ndlí an Aontais nó as a n-eascraíonn go bhfuil an gníomh nó an neamhghníomh ba chúis leis an damáiste ar neamhréir le dlí an Aontais, ní fhéadfadh foilsiú cinnidh den sórt sin san Iris Oifigiúil, gan an prionsabal céanna a shárú, a bheith mar an t-aon phointe tosaithe ach oiread don teorainn ama maidir le hurchosc reachta a chur ar na himeachtaí chun dliteanas a chur ar an reachtóir sin i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith.

160

Maidir leis sin, ní mór diúltú do dhearbhú Ríocht na Spáinne gur féidir le duine príobháideach dá ndearnadh damáiste cúiteamh iomlán a ghnóthú don damáiste a rinneadh dó ar bhonn leigheasanna dlí gnácha agus tríd an gcóras ginearálta do dhliteanas na n-údarás poiblí dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Dhlí 40/2015. Ar thaobh amháin, mar a eascraíonn sé ó mhíreanna 63 go 82 den bhreithiúnas seo, ní áirithítear le haon cheann eile de na leigheasanna dlí nó leigheasanna dlí ar a mbraitheann Ríocht na Spáinne gur féidir dliteanas a chur ar an reachtóir náisiúnta i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith sna himthosca go léir ina ndéantar damáiste do dhuine príobháideach de thoradh ar shárú den sórt sin ag an reachtóir. Ar an taobh eile, is coinníoll é gur ghá a chomhlíonadh sula bhféadfaí fiú caingean mar sin a thionscnamh, de réir théarmaí na bhforálacha atá faoi chonspóid, go mbeadh ann do chinneadh den sórt sin.

161

Mar sin, ní mór a aithint go bhfuil bunús le cuid d’argóintí an Choimisiúin maidir le tús na teorann ama d’urchosc reachta, dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Dhlí 39/2015, sa chaoi nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin ach cásanna inarb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí ar neamhréir le dlí an Aontais.

162

Sa dara háit, i leith an teorannaithe ó thaobh ama de maidir leis an damáiste gur féidir a chúiteamh, ní mór a mheabhrú go bhforáiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, i gcás dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 32(5) den Dlí sin, gur féidir damáiste a chúiteamh i gcás gur tharla sé sa chúig bliana roimh fhoilsiú an chinnidh lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí lena mbaineann ar neamhréir le dlí an Aontais, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

163

Ní mór teacht chun ar an gconclúid, mar sin, go bhfuil sé d’éifeacht ag an bhforáil sin teorainn a chur, i gcásanna de dhliteanas an Stáit is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, leis an damáiste gur féidir a bheith ina ábhar do chúiteamh do dhamáiste a tharla sna cúig bliana roimh dháta foilsithe an chinnidh ón gCúirt san Iris Oifigiúil ina n-aithnítear mainneachtain Ríocht na Spáinne i ndlí an Aontais nó as a n-eascraíonn sé go bhfuil an gníomh nó neamhghníomh den reachtóir ba chúis leis an damáiste ar neamhréir le dlí an Aontais.

164

Chuige sin, in éagmais forálacha de dhlí an Aontais sa réimse sin, is faoin dlíchóras inmheánach de gach Ballstát atá sé chun raon an chúitimh a chinneadh chomh maith leis na rialacha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhamáiste atá mar thoradh ar shárú ar dhlí an Aontais, agus ní mór do na rialacha náisiúnta lena leagtar amach na critéir chun an raon sin a chinneadh agus na rialacha sin prionsabal na héifeachtachta a urramú go háirithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Samhain 2010, Fuß, C-429/09, EU:C:2010:717, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 28 Iúil 2016, Tomášová, C-168/15, EU:C:2016:602, mír 39). Mar sin, chinn an Chúirt arís is arís eile go bhfuil gá go mbeadh an cúiteamh a ghnóthaíonn daoine príobháideacha do dhamáiste a rinneadh dóibh mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais leordhóthanach i leith an damáiste a fulaingíodh (féach breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 82, agus breithiúnas an 29 Iúil 2019, Hochtief Solutions Magyarországi Fióktelepe, C-620/17, EU:C:2019:630, mír 46), sa chaoi go gcaitear a cheadú leis, más iomchuí, an damáiste a fulaingíodh go hiarbhír a chúiteamh ina iomláine (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Lúnasa 1993, Marshall, C-271/91, EU:C:1993:335, mír 26, agus breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Braathens Regional Aviation, C-30/19, EU:C:2021:269, mír 49).

165

Sa chás seo, áfach, ní mór a thabhairt faoi deara, trí fhoráil a dhéanamh, leis an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, nach féidir damáiste a rinne an reachtóir do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais a chúiteamh ach dá mba rud é gur tharla sé sna cúig bliana roimh an dáta a foilsíodh cinneadh ón gCúirt ina n-aithnítear mainneachtain Ríocht na Spáinne i ndlí an Aontais nó as a n-eascraíonn sé go bhfuil an gníomh nó an neamhghníomh den reachtóir ba chúis leis an damáiste ar neamhréir le dlí an Aontais, go bhfuil Ríocht na Spáinne ag cur bac ar dhaoine príobháideacha dá ndearnadh damáiste, i ngach cás, cúiteamh leordhóthanach a fháil don damáiste a rinneadh dóibh.

166

In éineacht leis an bhfíoras nach bhféadfaí, in aon chás, cúiteamh i leith damáiste a rinne an reachtóir trí shárú ar dhlí an Aontais a chur faoi réir an choinníll go mbeadh ann do chinneadh den sórt sin, tá sé d’éifeacht ag an gcoinníoll sin, agus fad an nós imeachta a gcraoltar cinneadh den sórt sin ina dhiaidh á chur san áireamh, eadhon, nós imeachta um mainneachtain, de réir bhrí Airteagal 258 CFAE, nó nós imeachta um réamhrialú, de bhun Airteagal 267 CFAE, go ndéantar cúiteamh den sórt sin a ghnóthú, sa chleachtas, dodhéanta nó ródheacair. Anuas air sin, cuirtear méadú le fad an nós imeachta le cur i bhfeidhm Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015, dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Dlí sin, agus lena n-éilítear cinneadh cinntitheach lena ndiúltaítear don chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste.

167

Mar sin, tá an coinníoll sin ar neamhréir le prionsabal na héifeachtachta freisin. Chuige sin, ní fhéadfadh Ríocht na Spáinne, ar bhonn na bhforas céanna a leagtar amach faoi seach i míreanna 85, 86 agus 88 agus i míreanna 63 go 82 den bhreithiúnas seo, argóint fhiúntach a dhéanamh bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 mar leigheas dlí forlíontach ná bunaithe ar na nósanna imeachta agus leigheasanna dlí eile dá dtagraíonn sí.

168

Sa tslí chéanna, níl an tagairt, sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015, don fhíoras gur féidir “a mhalairt” a fhoráil “sa chinneadh sin” mar chabhair ar bith don Bhallstát sin toisc gur léir, gan aon débhrí, ón bhforáil sin, go dtagraítear leis an téarma “cinneadh”, i leith damáiste a leanann as sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra, don “chinneadh [...] lena ndearbhaítear go bhfuil an riail ar neamhréir le dlí an Aontais”, is é sin le rá, do chinneadh ón gCúirt.

169

I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór glacadh leis go bhfuil bunús ag argóintí an Choimisiúin maidir leis an teorainn ama i leith damáiste gur féidir a chúiteamh, dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Dhlí 40/2015.

170

Dá bharr sin, ní mór glacadh, go páirteach, leis an gcéad agóid, lena maítear sárú ar phrionsabal na héifeachtachta.

4.   An dara agóid, lena maítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na coibhéise

(a)   Argóintí na bpáirtithe

171

Lena dara hagóid, maíonn an Coimisiún go bhfuil Ríocht na Spáinne ag déanamh mainneachtana ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise trí fhoráil a dhéanamh, in Airteagal 32(5)(a) agus (b) de Dhlí 40/2015, go mbeidh sé mar choinníoll chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir i gcás sárú ar dhlí an Aontais, faoi seach, go mbeadh sé d’aidhm ag an riail dlí a sáraíodh cearta a thabhairt do dhaoine príobháideacha agus go bhfuil an sárú sin tromchúiseach go leor.

172

Dar leis an institiúid sin, tá sé mar thoradh ar chásdlí na Cúirte go bhfuil prionsabal na coibhéise ábhartha chun measúnú a dhéanamh ní hamháin ar na coinníollacha nós imeachta lena rialaítear imeachtaí maidir le dliteanas an Stáit i leith damáiste a rinne sé mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, ach freisin na coinníollacha substaintiúla lena rialaítear tionscnamh na n-imeachtaí sin. Dá bharr, cé go gcuirtear i bhfeidhm le hAirteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 na trí choinníoll chéanna atá leordhóthanach, de réir chásdlí na Cúirte, chun dliteanas a chur ar Bhallstát i leith damáiste a rinne sé do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú ar dhlí an Aontais, níl aon ábharthacht ag baint leis sin, toisc nach féidir, leis an dlí náisiúnta, seachas trí phrionsabal an chomhionannais a shárú, na trí choinníoll sin a chur i bhfeidhm mura bhfuil feidhm acu freisin i leith iarratais ar chúiteamh chomhchosúla de chineál inmheánach.

173

Sa chás seo, áfach, ní fhoráiltear don dá choinníoll dá dtagraítear i mír 171 den bhreithiúnas seo in Airteagal 32(4) de Dhlí 40/2015 maidir le dliteanas a chur ar an Stát i gcás go sáraítear an Bunreacht, cé go n-eascraíonn sé as breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales (C-118/08, EU:C:2010:39), go bhfuil, i bhfianaise a n-aidhm agus a n-eilimintí bunúsacha, imeachtaí maidir le dliteanas an Stáit a tionscnaíodh ar bhonn sárú ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag riail le stádas dlí agus imeachtaí a tionscnaíodh ar bhonn sárú ar an mBunreacht ag riail le stádas dlí, arna aithint ag an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil), comhchosúil chun críocha phrionsabal na coibhéise a chur i bhfeidhm.

174

Maíonn Ríocht na Spáinne nach bhfuil bunús leis an dara hagóid a mhaíonn an Coimisiún, toisc nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an dá imeacht lena mbaineann comhchosúil. Is féidir le cásanna ina bhfuil dlí míbhunreachtúil a bheith an-difriúil ó chásanna ina bhfuil dlí ar neamhréir le dlí an Aontais, go háirithe, toisc go dtarlódh sé nach mbeadh baint ag cásanna áirithe de mhíbhunreachtúlacht le sárú ar chearta daoine príobháideacha. Thairis sin, tá difríocht shubstainteach ann idir dliteanas an Stáit a leanann as sárú ar dhlí an Aontais agus a leanann as dearbhú go bhfuil dlí míbhunreachtúil, sa chaoi gurb é atá i gceist leis an dara ceann sin ná dlí a chur ar neamhní ex tunc, sa chaoi go gcuirtear ar neamhní freisin na gníomhartha riaracháin a glacadh de bhun dlí a ndearbhaítear níos déanaí go bhfuil sé míbhunreachtúil. Ní mar sin a tharlódh maidir le cinneadh ón gCúirt lena n-aithnítear mainneachtain nó cinneadh a chraoltar i gcomhthéacs imeachtaí um réamhrialú.

175

Thairis sin, fiú dá nglacfaí leis go bhfuil an dá imeacht comhchosúil, ní dhéanann Airteagal 32(5) de Dhlí 40/2015 ach na coinníollacha a bunaíodh le dlí an Aontais a chódú, d’fhonn méadú a chur leis an deimhneacht dhlíthiúil. Maítear go bhfuil na coinníollacha sin bunúsach don chóras do dhliteanas an Stáit sa Spáinn, lena n-áirítear i gcás dliteanais a leanann as dearbhú maidir le míbhunreachtúlacht rialach a bhfuil stádas dlí aici. Is éard atá i gceist leis mar sin, i ngach cás, ná difríocht nach bhfuil ach foirmiúil.

(b)   Breithniú na Cúirte

176

I gcomhréir leis an méid a meabhraíodh cheana féin i mír 33 den bhreithiúnas seo, faoi réir an chirt chun cúiteamh a ghnóthú a bhfuil bunús díreach aige i ndlí an Aontais, nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 31 den bhreithiúnas seo, is i gcomhthéacs dhlí náisiúnta an dliteanais go bhfuil ar an mBallstát iarmhairtí an damáiste a rinne sé trí dhlí an Aontais a shárú a chúiteamh.

177

In éagmais reachtaíocht an Aontais sa réimse sin, is faoi dhlíchóras inmheánach gach Ballstáit atá sé na cúirteanna inniúla a shannadh agus eagrú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe nós imeachta lena rialaítear caingne dlí chun na cearta atá ag daoine aonair faoi dhlí an Aontais a chosaint, ach éilítear, áfach, le prionsabal na coibhéise, nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta maidir le damáiste a chúiteamh níos mífhabhraí ná na coinníollacha maidir le héilimh chomhchosúla de chineál inmheánach (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 1991Francovich agus páirtithe eile, C-6/90 agus C-9/90, EU:C:1991:428, míreanna 41 go 43 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 19 Bealtaine 2011, Iaia agus páirtithe eile, C-452/09, EU:C:2011:323, mír 16 agus an cásdlí dá dtagraítear).

178

Déantar iarracht le prionsabal na coibhéise, sa tslí sin, creat a chur leis an neamhspleáchas nóis imeachta atá ag Ballstáit nuair a chuireann siad dlí an Aontais i bhfeidhm agus nuair nach bhfuil ann d’fhoráil de dhlí an Aontais sa réimse sin. Mar thoradh air sin, maidir le dliteanas an Stáit i leith sárú ar dhlí an Aontais, níl sé de chuspóir ag an bprionsabal sin a bheith curtha i bhfeidhm ach nuair a chuirtear an dliteanas sin ar an Stát ar bhonn dhlí an Aontais agus, dá bharr, sin nuair a chomhlíontar na coinníollacha lena mbaineann, mar a mheabhraítear iad i mír 31 den bhreithiúnas seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 9 Nollaig 2010, Combinatie Spijker Infrabouw-De Jonge Konstruktie agus páirtithe eile, C-568/08, EU:C:2010:751, mír 92).

179

Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 122 dá thuairim, ní fhéadfaí ceanglas ar na Ballstáit a bhunú leis an bprionsabal sin d’fhonn cruthú cirt chun cúiteamh a ghnóthú, i gcoinníollacha níos fabhraí ná na coinníollacha dá bhforáiltear le cásdlí na Cúirte.

180

Sa chás seo, déanann an Coimisiún iarracht, leis an dara hagóid, amhras a chaitheamh ní ar na coinníollacha ina gcuirtear i bhfeidhm, sa Spáinn, an prionsabal maidir le dliteanas an Stáit i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, mar a shonraigh an Chúirt é, ach na coinníollacha ina gcuirtear dliteanas ar an Stát is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, mar a leagtar amach i ndlí na Spáinne iad, a nglactar leis, thairis sin, go gcuireann siad na coinníollacha a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte i bhfeidhm go dílis.

181

Mar a leanann sé ón mbreithniú i mír 179 den bhreithiúnas seo, áfach, fiú dá mba rud é go raibh na coinníollacha chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir i leith sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith níos mífhabhraí ná na coinníollacha chun dliteanas a chur ar an Stát is reachtóir i gcás sárú ar an mBunreacht, ní cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na coibhéise i gcás den sórt sin.

182

Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt arís is arís eile, más féidir le Ballstáit foráil a dhéanamh do thabhú a ndliteanas i gcoinníollacha nach bhfuil chomh sriantach leis na coinníollacha a leagtar amach ag an gCúirt, ní mór a mheas mar sin, go bhfuil an dliteanas sin á chur ar bhonn an dlí náisiúnta agus ní ar bhonn dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 66, agus breithiúnas an 8 Iúil 2021, Koleje Mazowieckie, C-120/20, EU:C:2021:553, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

183

Go ginearálta, ní féidir prionsabal na coibhéise a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear iallach ar Bhallstát leis a chóras inmheánach is fabhraí a chur ar fáil maidir leis na himeachtaí go léir a thionscnaítear i réimse áirithe den dlí (féach breithiúnas an 26 Eanáir 2010, Transportes Urbanos y Servicios Generales, C-118/08, EU:C:2010:39, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

184

Ní mór a lua, cinnte, mar a chuir an Coimisiún in iúl, gur shoiléirigh an Chúirt, roinnt uaireanta, gurb iad na coinníollacha foirmiúla chomh maith leis na coinníollacha substaintiúla a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le damáiste a chúiteamh a rinne Ballstát trí dhlí an Aontais a shárú nach féidir, go háirithe, a bheith níos mífhabhraí ná na coinníollacha maidir le cúiteamh comhchosúil de chineál inmheánach (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 1991, Francovich agus páirtithe eile, C-6/90 agus C-9/90, EU:C:1991:428, mír 43; breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, míreanna 98 agus 99 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 17 Aibreán 2007, AGM-COS.MET, C-470/03, EU:C:2007:213, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear). Fágann sin, mar a leanann sé ó théarmaí fiú an chásdlí sin, go mbaineann an soiléiriú sin go fóill leis na coinníollacha a leagtar amach leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le damáiste a chúiteamh tar éis bhunú an chirt chun cúiteamh a ghnóthú ar bhonn dhlí an Aontais.

185

Eascraíonn sé as sin go bhfuil an dara hagóid bunaithe ar mhíthuiscint ar chásdlí na Cúirte. Ní mór, mar sin, diúltú di toisc nach bhfuil bunús ag baint léi.

186

I bhfianaise an mhéid thuas, ní mór a aithint go ndearna Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta trí na forálacha atá faoi chonspóid a ghlacadh agus a choimeád i bhfeidhm, sa chaoi go gcuirtear leis na forálacha sin cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir Spáinneach do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais faoi réir:

an choinníll gurb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais;

an choinníll go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, ó chúirt ar bith, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, gan foráil d’eisceacht i gcásanna ina leanann an damáiste go díreach ó ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir, atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus nach bhfuil aon ghníomh riaracháin ann gur féidir argóint a dhéanamh ina choinne;

teorann ama d’urchosc reachta de bhliain amháin ó fhoilsiú chinneadh na Cúirte lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais san Iris Oifigiúil, gan cásanna nach bhfuil ann do chinneadh den sórt sin a chumhdach, agus

an choinníll nach féidir ach damáiste a tharla sna cúig bliana roimh an dáta foilsithe sin a chúiteamh, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

IV. Costais

187

De réir théarmaí Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má chineann an Chúirt amhlaidh. De bhun Airteagal 138(3) de na Rialacha sin, i gcás go dteipeann gach páirtí i gceann amháin nó níos mó de na pointí, íocfaidh gach páirtí a chostais féin.

188

Toisc gur iarr an Coimisiún agus Ríocht na Spáinne go n-ordófaí don pháirtí eile na costais a íoc agus toisc gur theip orthu faoi seach i gceann amháin nó níos mó de na pointí, ba chóir a chinneadh go n-íocfaidh siad a gcostais féin.

 

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Rinne Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta trí Airteagal 32(3) go (6) agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Ley 40/2015 de Régimen Jurídico del Sector Público (Dlí 40/2015 maidir le córas dlíthiúil na hearnála poiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015, agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Ley 39/2015 del Procedimiento Administrativo Común de las Administraciones Públicas (Dlí 39/2015 maidir le nós imeachta riaracháin choitinn an riaracháin phoiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015 a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm, sa chaoi go gcuirtear leis na forálacha sin cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir Spáinneach do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais faoi réir:

an choinníll gurb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais;

an choinníll go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, ó chúirt ar bith, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, gan foráil d’eisceacht i gcásanna ina leanann an damáiste go díreach ó ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir, atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus nach bhfuil aon ghníomh riaracháin ann gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne;

teorann ama d’urchosc reachta de bhliain amháin ó fhoilsiú chinneadh na Cúirte lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais san Iris Oifigiúil, gan cásanna nach bhfuil ann do chinneadh den sórt sin a chumhdach, agus

an choinníll nach féidir ach damáiste a tharla sna cúig bliana roimh an dáta foilsithe sin a chúiteamh, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

 

2.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

 

3.

Íocfaidh an Coimisiún Eorpach agus Ríocht na Spáinne a gcostais féin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.