BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)
9 Meitheamh 2022 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Cód Custaim an Chomhphobail – Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 – Airteagal 29 – Luach custaim a chinneadh – Luach idirbhirt – Airteagal 29(1)(d) – An coincheap ‘daoine gaolmhara’ – Airteagal 31 – Faisnéis ó bhunachar sonraí náisiúnta a bhreithniú chun luach custaim a chinneadh – Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 – Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f) – Cásanna ina measfar daoine a bheith gaolmhar – Airteagal 181a – Amhrais bunaithe ar fhírinne an phraghais dhearbhaithe)
I gCás C‑599/20,
IARRADH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Liotuáin), trí bhreith an 3 Samhain 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Samhain 2020, sna himeachtaí
‘Baltic Master’ UAB
v
Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos,
idiragraí:
Vilniaus teritorinė muitinė,
tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán an Dlísheomra, J. Passer, F. Biltgen, N. Wahl (Rapóirtéir) agus M. L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: M. Ferreira, Príomhriarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 17 Samhain 2021,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
‘Baltic Master’ UAB, ag D. Aukštuolytė, advokatė, |
– |
Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis, S. Grigonis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Seice, ag O. Serdula, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na hEastóine, ag N. Grünberg, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na Spáinne, ag J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na Fraince, ag G. Bain, A.-L. Desjonquères, D. Dubois agus C. Mosser, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus A. Hanje, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag F. Clotuche-Duvieusart agus J. Jokubauskaitė, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 20 Eanáir 2022,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú Airteagal 29(1)(d) agus Airteagal 31(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (IO 1992 L 302, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 82/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 19 Nollaig 1996 (IO 1997 L 17, lch. 1; ‘Cód Custaim an Chomhphobail’), agus Airteagal 143(b), (e) agus (f) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 2913/92 (IO 1993 L 253, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 46/1999 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 1999 (IO 1999 L 10, lch. 1; ‘an Rialachán Cur Chun Feidhme’). |
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir ‘Baltic Master’ UAB agus an Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos (Roinn Custaim atá ceangailte le hAireacht Airgeadais Phoblacht na Liotuáine) maidir le luach custaim earraí allmhairithe áirithe a chinneadh. |
An dlí lena mbaineann
Cód Custaim an Chomhphobail
3 |
Foráiltear le hAirteagal 29(1) agus (2) de Chód Custaim an Chomhphobail: ‘1. Is é príomhbhunús luacha custaim earraí an luach idirbhirt, eadhon an praghas iarbhír a íocadh nó a bheidh iníoctha iarbhír i leith earraí nuair a dhíoltar iad lena n‑onnmhairiú go dtí críoch chustaim an Chomhphobail, agus iad oiriúnaithe, i gcás inar gá, i gcomhréir le bearta a ghlacfar de bhun Airteagail 32 agus 33, ar an gcoinníoll: [...]
2.
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 30 den Rialachán sin: ‘1. I gcás nach bhféadfar an luach custaim a chinneadh faoi Airteagal 29, tá sé le cinneadh trí dhul go seicheamhach trí fhomhíreanna (a), (b), (c) agus (d) de mhír 2 a ghabhann leis an gcéad fhomhír faoinar féidir a chinneadh, faoi réir an choinníll go gcuirfear fomhíreanna (c) agus (d) chun feidhme san ord contrártha má iarrann an dearbhóir amhlaidh; ní féidir forálacha na chéad fhomhíre eile in ord a leagfar síos de bhua na míre seo a chur i bhfeidhm ach amháin nuair nach féidir an luach sin a chinneadh faoi fhomhír áirithe. 2. Is éard a bheidh sa luach custaim a chinnfear faoin Airteagal seo:
3. Déanfar aon choinníollacha agus rialacha breise maidir le cur i bhfeidhm mhír 2 thuas a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta coiste.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 |
Foráiltear le hAirteagal 31 den Chód sin mar seo a leanas: ‘1. I gcás nach bhféadfar luach custaim earraí allmhairithe a chinneadh faoi Airteagail 29 nó 30, cinnfear é ar bhonn sonraí a bheidh ar fáil sa Chomhphobal, ag baint úsáid as modh réasúnach a bheidh ag luí le prionsabail agus le forálacha ginearálta na nithe seo a leanas:
agus
2. Ní chinnfear aon luach custaim faoi mhír 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
An Rialachán Cur Chun Feidhme
6 |
Sonraítear in Airteagal 142(1)(d) den Rialachán Cur Chun Feidhme: ‘Chun críocha an teidil seo: [...]
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f) den Rialachán sin: ‘Chun críocha Theideal II, Caibidil 3 den Chód agus an Teidil seo, ní mheasfar gaol a bheith idir daoine ach amháin sna cásanna seo a leanas: [...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
8 |
Foráiltear le hAirteagal 181a den Rialachán sin: ‘1. Ní gá do na húdaráis chustaim an luacháil chustaim ar earraí allmhairithe a chinneadh ar bhonn an mhodha luacha idirbhirt más rud é, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2, nach bhfuil siad deimhin de, ar bhonn amhras réasúnach, gurb ionann an luach dearbhaithe agus an méid iomlán a íocadh nó atá iníoctha amhail dá dtagraítear in Airteagal 29 den Chód. 2. I gcás ina mbeidh an t‑amhras a thuairiscítear i mír 1 ar na húdaráis chustaim, féadfaidh siad faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 178(4). Má leantar den amhras sin, ní mór do na húdaráis chustaim, sula dtiocfaidh siad ar chinneadh críochnaitheach, fógra a thabhairt don duine lena mbaineann, agus an fógra a bheith i scríbhinn má iarrtar sin, faoi fhorais an amhrais sin agus deis réasúnach a thabhairt dó freagra a thabhairt. Déanfar cinneadh críochnaitheach agus na forais atá leis a chur in iúl i scríbhinn don duine lena mbaineann.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
9 |
In Iarscríbhinn 23 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme, dar teideal ‘Nótaí léirithe maidir le luach custaim’, tá, inter alia, na nótaí léirithe maidir le hAirteagal 29(2) agus (3) agus Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail agus Airteagal 143(1)(e) den Rialachán sin:
|
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
10 |
Idir 2009 agus 2012, d’allmhairigh Baltic Master cainníochtaí éagsúla earraí de thionscnamh na Malaeisia isteach sa Liotuáin, ar earraí iad a cheannaigh sé ó Gus Group (‘an díoltóir’). Sna dearbhuithe custaim, cuireadh na hearraí sin i láthair mar ‘pháirteanna de mheaisíní aerchóiriúcháin’. Níor tagraíodh sna dearbhuithe sin ach d’aon chód TARIC amháin, mar aon le meáchan iomlán na n‑earraí sin i gcileagraim. Sna dearbhuithe sin, léirigh Baltic Master gurb é an luach custaim luach idirbhirt na n‑earraí sin, is é sin le rá, an praghas a léirítear ar a sonraisc cheannaigh. |
11 |
Tar éis do Vilniaus teritorinė muitinė (Údarás Custaim Réigiúnach Vilnias, an Liotuáin) cigireacht a dhéanamh ar na hallmhairí sin, dhréachtaigh an t‑údarás custaim sin tuarascáil inar mhínigh sé gur dhiúltaigh sé an luach idirbhirt a luaitear in 23 dhearbhú allmhairiúcháin a chur san áireamh, ar an bhforás gurb amhlaidh, mar gheall ar chineál an chaidrimh gnó a bhí ag Baltic Master leis an díoltóir, nár mhór a mheas gur daoine gaolmhara iad na gnóthais sin, de réir bhrí Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail, agus go raibh sé dodhéanta luach custaim na n‑earraí a bhí i gceist a chinneadh ar bhonn Airteagail 29 agus 30 den Chód sin. Sa tuarascáil sin, shuigh an t‑údarás sin luach custaim i gcomhréir le hAirteagal 31 den Chód sin, ag tagairt do na sonraí atá ar fáil i gcóras faisnéise custaim na n‑údarás náisiúnta chun luach earraí a chinneadh chun críoch custaim. |
12 |
Rinne Baltic Master agóid i gcoinne na tuarascála sin os comhair na Roinne Custaim atá ag gabháil le hAireacht Airgeadais Phoblacht na Liotuáine, agus dheimhnigh an Roinn Custaim an tuarascáil sin le cinneadh an 31 Márta 2014. |
13 |
Rinne Baltic Master achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Mokestinių ginčų komisija prie Lietuvos Respublikos vyriausybės (Coimisiún um Dhíospóidí Cánach atá ag gabháil le Rialtas Phoblacht na Liotuáine). An 2 Iúil 2014, dheimhnigh an Coimisiún um Dhíospóidí Cánach an cinneadh sin ach dhíolmhaigh sé Baltic Master ó ús mainneachtana a íoc. |
14 |
Ina dhiaidh sin, thug Baltic Master caingean os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias, an Liotuáin), inar iarr sé go ndéanfaí iarraidh ar réamhrialú chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le léiriú Airteagail 29, 30 agus 31 de Chód Custaim an Chomhphobail agus Airteagal 143 den Rialachán Cur Chun Feidhme. Le breithiúnas an 5 Eanáir 2015, dhiúltaigh an chúirt sin don chaingean sin, agus í den tuairim nach raibh gá le léiriú ar dhlí an Aontais Eorpaigh. |
15 |
Agus achomharc á éisteacht aici i gcoinne an bhreithiúnais sin, sheas Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Uachtarach Riaracháin na Liotuáine), an chúirt a rinne an tarchur, leis an mbreithiúnas sin le breithiúnas an 22 Márta 2016. |
16 |
Tar éis bhreithiúnas ECtHR an 16 Aibreán 2019, Baltic Master LTD v. an Liotuáin (CE:ECHR:2019:0416JUD005509216), inar chinn an chúirt sin, ar tugadh achomharc os a comhair arna dhéanamh ag Baltic Master i gcoinne Phoblacht na Liotuáine, go ndearnadh sárú ar Airteagal 6(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950, mar gheall ar neamhdhóthanacht na réasúnaíochta maidir le diúltú chúirteanna na Liotuáine iarraidh ar réamhrialú a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, dheonaigh an chúirt a rinne an tarchur iarratas ar athoscailt na n‑imeachtaí arna dtionscnamh ag Baltic Master. |
17 |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, níl aon doiciméad sa chomhad atá os a comhair lena dtugtar bunús le gaol a bheith, chun críocha Airteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme, idir an díoltóir agus Baltic Master. Níl aon fhaisnéis ann lena bhféadfaí a mheas gur comhpháirtithe gnó de réir dlí iad na gnóthais sin, de réir bhrí Airteagal 143(1)(b) den Rialachán sin, nó go bhfuil caidreamh díreach nó indíreach rialaithe i gceist, amhail dá dtagraítear in Airteagal 143(1)(e) agus (f). |
18 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, áfach, go bhfuil sé suite, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an díoltóir agus Baltic Master nasctha trí chaidreamh tráchtála fadtéarmach, ar an dara dul síos, gur soláthraíodh na hearraí gan conradh díolacháin lena sainítear seachadadh, íocaíocht, tabhairt ar ais na n‑earraí agus coinníollacha eile a bhaineann go sonrach le hidirbhearta den sórt sin, ar an tríú dul síos, gur seachadadh na hearraí gan aon réamhíocaíocht agus in ainneoin go raibh méideanna suntasacha fós dlite don díoltóir ag Baltic Master i ndáil le seachadtaí roimhe sin, ar an gceathrú dul síos, nach ndearnadh aon fhoráil maidir le forfheidhmiú ná bearta maolaithe riosca d’ainneoin luach an‑ard na n‑idirbheart atá i gceist, ar an gcúigiú dul síos, nach ann d’aon fhianaise lena dtugtar le fios go ndearna an díoltóir faireachán ar chur chun feidhme cuí íocaíochtaí dlite agus ar chomhlíonadh oibleagáidí eile agus, ar deireadh, ar an séú dul síos, gur sainaithníodh cásanna inar ghníomhaigh fostaithe Baltic Master thar ceann an díoltóra faoi údarú agus inar úsáid siad a stampa corparáideach. |
19 |
Tugtar le fios leis na tosca a liostaítear sa mhír roimhe seo go bhfuil gaol an‑dlúth idir Baltic Master agus an díoltóir, agus dá bhrí sin go ndearnadh na hidirbhearta atá i gceist faoi choinníollacha nach saintréithe de ghnáthchúrsa an ghnó iad agus ní ann d’aon toisc oibiachtúil lenar féidir údar maith a thabhairt le loighic eacnamaíoch na n‑idirbheart sin. Comhfhreagraíonn iompar den sórt sin d’iompar i gcásanna ina rialaíonn páirtí amháin an páirtí eile nó ina mbíonn an dá pháirtí faoi riail tríú páirtí. |
20 |
Dá bhrí sin, tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim gur féidir leis na fíorais sin a léiriú go raibh rialú de facto ann, agus go bhféadfaí a mheas gur daoine gaolmhara iad na páirtithe san idirbheart faoi Airteagal 143(1)(e) nó (f) den Rialachán Cur Chun Feidhme. Cuireann an chúirt sin in iúl freisin, ar bhonn na bhfíoras sin, gur mheas Údarás Custaim Réigiúnach Vilnias gur daoine gaolmhara iad Baltic Master agus an díoltóir, i gcomhréir le hAirteagal 143(1)(b) den Rialachán sin, is é sin le rá, daoine a aithnítear mar chomhpháirtithe, ach níl sí cinnte an bhfuil bunús maith le haicmiú den sórt sin i bhfianaise fhoclaíocht na forála deiridh sin, ina dtagraítear do dhaoine ar comhpháirtithe de réir dlí iad. |
21 |
Thairis sin, níl an chúirt sin cinnte an féidir leas a bhaint as an modh chun an luach custaim a chinneadh a leagtar síos in Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail, i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, ina n‑úsáideann na húdaráis chustaim, chun na críche sin, faisnéis atá i mbunachar sonraí náisiúnta nach mbaineann ach le hallmhairiú aonair earraí nach féidir a mheas gur cinn chosúla iad de réir bhrí Airteagal 142(1)(d) den Rialachán Cur Chun Feidhme, cé gur don chód TARIC céanna a shanntar iad agus gur de thionscnamh na foinse céanna iad. |
22 |
Sna himthosca sin, chinn Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Liotuáin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar an gceist a tharchuirtear
An chéad cheist
23 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail agus Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f) den Rialachán Cur Chun Feidhme le léiriú amhail agus go gciallaíonn siad nach mór a mheas go bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir, i gcás nach ann d’aon doiciméad a fhágann gur féidir caidreamh den sórt sin a bhunú, ach ina bhféadfar a mheas go léiríonn na himthosca a bhaineann le tabhairt i gcrích na n‑idirbheart atá i gceist, arna bhfianú le heilimintí oibiachtúla, gur ann do rialú de facto. |
24 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú gurb é cuspóir dhlí an Aontais maidir le luacháil custaim córas cothrom, aonfhoirmeach, neodrach a thabhairt isteach lena n‑eisiatar úsáid luachanna custaim atá treallach nó samhailteach. Dá bhrí sin, ní mór fíorluach eacnamaíoch earra allmhairithe a léiriú leis an luach custaim agus ní mór gnéithe uile an earra sin a bhfuil luach eacnamaíoch acu a chur san áireamh (breithiúnas an 20 Meitheamh 2019, Oribalt Rīga, C‑1/18, EU:C:2019:519, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
25 |
Go háirithe, de bhua Airteagal 29 de Chód Custaim an Chomhphobail, is é luach custaim earraí allmhairithe a luach idirbhirt, eadhon, an praghas iarbhír a íocadh nó atá iníoctha ar na hearraí nuair a dhíoltar iad lena n‑onnmhairiú chuig críoch chustaim an Aontais Eorpaigh, faoi réir aon choigeartuithe, i gcás inar gá, i gcomhréir, go háirithe, le hAirteagal 32 den Chód sin (breithiúnas an 19 Samhain 2020, 5th AVENUE Products Trading, C‑775/19, EU:C:2020:948, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
26 |
Mar a luaigh an Chúirt cheana féin, ní mór an luach custaim a chinneadh go príomha de réir mhodh ‘luacha idirbhirt’ na n‑earraí allmhairithe. Glactar leis, dá bhrí sin, gurb é an modh sin chun an luach custaim a chinneadh an modh is iomchuí agus is minice a úsáidtear (breithiúnas an 19 Samhain 2020, 5th AVENUE Products Trading, C‑775/19, EU:C:2020:948, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
27 |
Mar riail ghinearálta, is é an praghas iarbhír a íocadh nó atá iníoctha ar na hearraí, dá bhrí sin, an bunús leis an luach custaim a ríomh, fiú más toisc é an praghas sin a bhféadfadh sé nach mór é a choigeartú i gcás inar gá ionas nach socrófar luach custaim atá treallach nó samhailteach (breithiúnas an 20 Meitheamh 2019, Oribalt Rīga, C‑1/18, EU:C:2019:519, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
28 |
É sin ráite, faoi Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail ceadaítear neamhaird a thabhairt ar luach idirbhirt earraí allmhairithe i gcás ina gcomhlíontar dhá choinníoll charnacha, eadhon, ar an gcéad dul síos, go bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir, de réir bhrí an chóid sin, agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil an luach idirbhirt sin inghlactha chun críocha an luach custaim a chinneadh. |
29 |
I gcomhréir le hAirteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme, ní fhéadfar a mheas go bhfuil gaol idir daoine ach amháin má thagann siad faoi cheann de na cásanna a liostaítear go huileghabhálach san fhoráil sin. Dá bhrí sin, de réir Airteagal 143(1)(b), meastar go bhfuil gaol idir daoine ar comhpháirtithe de réir dlí iad. Is amhlaidh atá, faoi Airteagal 143(1)(e) agus (f), i gcás ina rialaíonn duine amháin an duine eile go díreach nó go hindíreach nó i gcás ina rialaíonn tríú duine an bheirt go díreach nó go hindíreach. |
30 |
Sa chéad áit, ní féidir glacadh leis an argóint arna cur chun cinn, go bunúsach, ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún Eorpach ina mbarúlacha faoi seach, gur cheart neamhaird a thabhairt ar fhoclaíocht Airteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme toisc go bhféadfadh léiriú docht ar an bhforáil sin an bonn a bhaint d’éifeachtacht Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail agus difear a dhéanamh do chumas na n‑údarás custaim neamhaird a thabhairt ar luach idirbhirt. |
31 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go dtugtar neamhaird leis an argóint sin, ní hamháin ar chineál uileghabhálach na gcásanna a liostaítear in Airteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme, ach freisin ar an gcuspóir a shaothraítear leis an bhforáil sin agus le hAirteagal 29 de Chód Custaim an Chomhphobail. Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 24 go 26 den bhreithiúnas seo, is é modh luacha idirbhirt na n‑earraí allmhairithe an modh nach mór a chur i bhfeidhm ar dtús chun a luach custaim a chinneadh. Dá bhrí sin, ní mór léiriú docht a dhéanamh ar fhorálacha lena gceadaítear imeacht ón modh sin, toisc gur maoluithe ar an bprionsabal sin iad. |
32 |
Ar an dara dul síos, níl aon bhunús leis an maíomh gur dócha go ndéanfar difear do chumas na n‑údarás custaim neamhaird a thabhairt ar luach idirbhirt míchuí mar thoradh ar léiriú docht ar Airteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme. |
33 |
Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir lena fhoclaíocht féin, cumhdaítear le hAirteagal 143(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sraith cásanna ina bhféadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil gaol idir an díoltóir agus an ceannaitheoir agus ina bhféadfaidh siad, dá bhrí sin, i gcás inarb iomchuí, neamhaird a thabhairt ar an luach idirbhirt dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Chód Custaim an Chomhphobail. |
34 |
Ina dhiaidh sin, mar a chuir an Coimisiún i bhfios go láidir ag an éisteacht, le hAirteagal 181a den Rialachán Cur Chun Feidhme, a tugadh isteach tar éis leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin le Rialachán (CE) Uimh. 3254/94 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 1994, lena leasaítear Rialachán Uimh. 2454/93 (IO 1994 L 346, lch. 1), ceadaítear do na húdaráis chustaim neamhaird a thabhairt ar an luach idirbhirt chun críocha an luach custaim a chinneadh i gcás ina measann na húdaráis sin nach léiríonn an luach dearbhaithe fíorluach eacnamaíoch na n‑earraí allmhairithe, bíodh gaol idir Baltic Master agus an díoltóir nó ná bíodh (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Feabhra 2008, Carboni e derivati, C‑263/06, EU:C:2008:128, mír 52, agus breithiúnas an 16 Meitheamh 2016, EURO 2004. an Ungáir, C‑291/15, EU:C:2016:455, mír 31). |
35 |
Sa dara háit, maidir leis an gcaidreamh idir daoine de bharr iad a bheith ina gcomhpháirtithe aitheanta i ngnó, dá dtagraítear in Airteagal 143(1)(b) den Rialachán Cur Chun Feidhme, ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑eisiatar aon chaidreamh gnó de facto le foclaíocht na forála sin. |
36 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 42 agus 43 dá Thuairim, ceanglaítear leis an bhforáil sin, ina dtagraítear do dhaoine ar ‘comhpháirtithe gnó de réir dlí’ iad, chun críocha a bhunú gurb ann do chaidreamh, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos leis na forálacha náisiúnta maidir le comhpháirtithe aitheanta, agus ar an gcaoi sin go n‑eisiatar aon chaidreamh gnó nach caidreamh de réir dlí é. |
37 |
Sa tríú háit, maidir le daoine a mheastar gaol a bheith eatarthu, de réir Airteagal 143(1)(e) agus (f) den Rialachán Cur Chun Feidhme, i gcás ina rialaíonn duine de na daoine sin an duine eile go díreach nó go hindíreach, nó i gcás ina bhfuil an bheirt á rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú duine, tá sé tábhachtach, mar a dhearbhaítear leis an nóta léirithe maidir le luach custaim a bhaineann le hAirteagal 143(1)(e), a leagtar amach in Iarscríbhinn 23 a ghabhann leis an Rialachán sin, idirdhealú a dhéanamh idir rialú de jure, ar thaobh amháin, agus rialú de facto ar an taobh eile. |
38 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le rialú de jure a bheith ann, is léir ón bhfaisnéis a leagtar amach i mír 18 den bhreithiúnas seo nach ann d’aon doiciméad lena gceadaítear a mheas gurb ann do chaidreamh díreach nó indíreach rialaithe de jure, dá dtagraítear in Airteagal 143(1)(e) agus (f). Is cosúil, dá bhrí sin, go bhfuil rialú de jure eisiata sa díospóid sna príomhimeachtaí, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a fhíorú. |
39 |
Ar an dara dul síos, maidir le rialú de facto a bheith ann, leanann sé ón nóta léirithe dá dtagraítear i mír 37 den bhreithiúnas seo go measfar duine amháin a bheith ag rialú duine eile nuair atá an chéad duine sin in ann, go dlíthiúil nó go hoibríochtúil, srian nó treoir a chur ar an dara duine sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Iúil 2020, Direktor na Teritorialna direktsiya Yugozapadna Agentsiya Mitnitsi, C‑76/19, EU:C:2020:543, mír 67). |
40 |
Is cosúil go léiríonn na fíorais a leagtar amach i mír 18 den bhreithiúnas seo dlúthchaidreamh muiníne idir an díoltóir agus Baltic Master ach ní cosúil go dtacaíonn siad leis an gconclúid gurb ann do shrian nó treoir mar sin, rud atá le deimhniú, áfach, ag an gcúirt a rinne an tarchur. |
41 |
Más rud é, tar éis na seiceálacha sin, go gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur, sa chás seo, nach bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir de réir bhrí Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail, leanfadh sé nár mhór luach custaim na n‑earraí allmhairithe a chinneadh, i bprionsabal, ar bhonn a luacha idirbhirt seachas ar bhonn modh eile luachála, amhail an modh dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Chód sin. |
42 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail agus Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f) den Rialachán Cur Chun Feidhme a léiriú sa chaoi:
|
An dara ceist
43 |
Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail le léiriú amhail nach gcuirtear cosc leis ar chinneadh luacha custaim earraí allmhairithe, i gcás nach bhféadfaí é a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 30 den Chód sin, ar bhonn faisnéis atá i mbunachar sonraí náisiúnta a bhaineann le luach custaim earraí a bhfuil an tionscnamh céanna acu agus atá, cé nach bhfuil siad ‘cosúil’, de réir bhrí Airteagal 142(1)(d) den Rialachán Cur Chun Feidhme, sannta don chód TARIC céanna. |
44 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, mar is léir ó mhír 41 den bhreithiúnas seo, nach dtagann an dara ceist i gceist ach amháin más rud é, tar éis na seiceálacha a cheanglaítear uirthi a dhéanamh i bhfianaise an fhreagra ar an gcéad cheist, go raibh sé de cheangal ar an gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh go raibh na húdaráis chustaim i dteideal an luach idirbhirt a dhiúltú chun luach custaim na n‑earraí lena mbaineann a chinneadh, ar an bhforas, sa chás seo, go bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir de réir bhrí Airteagal 29(1)(d) de Chód Custaim an Chomhphobail agus nach bhfuil an luach idirbhirt inghlactha chun críoch custaim faoi Airteagal 29(2) den Chód sin. Dá dtiocfadh an chúirt a rinne an tarchur ar a mhalairt de chonclúid, gur ghá luach custaim na n‑earraí sin a chinneadh ar bhonn a luacha idirbhirt faoi Airteagal 29 den Chód, ní fhéadfaí an luach custaim sin a chinneadh ar bhonn Airteagal 31(1) den Chód sin, agus mar thoradh air sin bheadh an dara ceist, a bhaineann le léiriú na forála sin, gan chuspóir. |
45 |
Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú gur léir, ó fhoclaíocht Airteagail 29 go 31 de Chód Custaim an Chomhphobail agus ón ord nach mór na critéir chun an luach custaim a chinneadh a chur i bhfeidhm de bhun na nAirteagal sin, go bhfuil nasc forordaitheach idir na forálacha sin. Dá bhrí sin, i gcás nach féidir an luach custaim a chinneadh trí fhoráil ar leith a chur i bhfeidhm, is ansin amháin is iomchuí tagairt a dhéanamh don fhoráil a thagann díreach ina diaidh san ord a leagtar síos (breithiúnas an 16 Meitheamh 2016, EURO 2004. an Ungáir, C‑291/15, EU:C:2016:455, mír 29). |
46 |
Maidir le hAirteagal 30(2), go háirithe, de Chód Custaim an Chomhphobail, is cosúil ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte nach raibh na húdaráis chustaim inniúla i dteideal leas a bhaint as na modhanna chun an luach custaim a chinneadh a leagtar síos san fhoráil sin, ós rud é gur chinn Baltic Master na hearraí allmhairithe a chur i láthair go gonta sna dearbhuithe custaim, trí gan a sholáthar ach faisnéis maidir le cód TARIC na n‑earraí sin agus a meáchan iomlán, ach is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, áfach, é sin a fhíorú. I ndáil leis sin, is faoin gcúirt sin a bheidh sé aon fhaisnéis a chuir Baltic Master faoi bhráid na n‑údarás sin a chur san áireamh chun críocha Airteagal 29(2) de Chód Custaim an Chomhphobail a chur i bhfeidhm, arna léamh i bhfianaise an nóta léirithe maidir le luach custaim a bhaineann le hAirteagal 29(2), a leagtar amach in Iarscríbhinn 23 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme, nó Airteagal 181a den Rialachán sin a chur i bhfeidhm. |
47 |
Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt ar aird gurb amhlaidh, i gcomhréir le foclaíocht Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail, i gcás nach féidir luach custaim earraí allmhairithe a chinneadh faoi Airteagail 29 agus 30 den Chód sin, gur cheart é a chinneadh, ar bhonn sonraí a bheidh ar fáil san Aontas, trí úsáid a bhaint as modh réasúnach a bheidh ag luí le prionsabail agus le forálacha ginearálta na gcomhaontaithe idirnáisiúnta agus le forálacha Chaibidil 3 den Chód sin. |
48 |
Ar deireadh, i bpointe 1 den nóta léirithe maidir le luach custaim a bhaineann le hAirteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail, a leagtar amach in Iarscríbhinn 23 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme, sonraítear i dtosach gur cheart na luachanna custaim arna gcinneadh faoin bhforáil sin a bheith bunaithe, a mhéid is féidir, ar luachanna custaim a cinneadh roimhe sin. Tugtar ar aird ansin i bpointe 2 den nóta sin gur cheart gurbh ionann na modhanna luachála atá le húsáid faoin bhforáil sin agus iadsan a leagtar síos in Airteagail 29 go 30(2) den Chód sin, ach go mbeadh solúbthacht réasúnach maidir le cur i bhfeidhm modhanna den sórt sin i gcomhréir le haidhmeanna agus forálacha Airteagal 31 den Chód sin. |
49 |
Is léir ón bhfaisnéis a sholáthair an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, ar an gcéad dul síos, gur ‘codanna de mheaisíní aerchóiriúcháin’ an tuairisc a thug Baltic Master ar na hearraí allmhairithe atá i gceist ina dhearbhuithe custaim, agus iad á n‑aicmiú aige faoi chód TARIC amháin agus meáchan iomlán na n‑earraí sin á lua i gcileagraim. Ar an dara dul síos, de réir na faisnéise sin, thug an t‑údarás custaim lena mbaineann neamhaird ar an luach idirbhirt arna dhearbhú ag Baltic Master agus chinn sé luach custaim na n‑earraí sin i gcomhréir le hAirteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail, agus úsáid á baint as sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta a bhaineann le hearraí a d’allmhairigh allmhaireoir eile in 2010, eadhon, an bhliain tar éis bhliain an chéad allmhairithe atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna ndearbhú faoin gcód TARIC céanna agus ar de thionscnamh an mhonaróra chéanna iad. |
50 |
Sa chás seo, cuimsítear sa chód TARIC a úsáideadh bailiúchán éagsúil de pháirteanna meaisíní aerchóiriúcháin, amhail painéil phlaisteacha le haghaidh meaisíní mótair, fáinní miotail, píopaí, cáblaí tarchuir, lasca, braiteoirí brú, feistí lena ndáileadh ag aerálaithe in urláir foirgneamh agus ciorcaid leictreonacha. |
51 |
Dá bhrí sin, níl an chúirt a rinne an tarchur cinnte, i bhfianaise ilchineálacht na bpáirteanna a shanntar don chód TARIC sin agus in éagmais tuairisc mhionsonraithe ar na hearraí allmhairithe, an bhfuil sé indéanta luach custaim na n‑earraí allmhairithe sin a chinneadh sa díospóid atá os a comhair faoi Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail ar bhonn luach idirbhirt earraí cosúla, cé go nglactar leis, i ndáil leis an téarma ‘earraí cosúla’, a shainmhínítear in Airteagal 142(1)(d) den Rialachán Cur Chun Feidhme, go mbaineann gné aonchineálach leis na hearraí allmhairithe, rud is deacair a réiteach leis an raon earraí a aicmítear faoin gcód TARIC sin. |
52 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann sainmhíniú an téarma sin in Airteagal 142(1)(d) le cinneadh an luacha custaim faoi Airteagal 30(2)(b) de Chód Custaim an Chomhphobail. Cé gur léir ó phointe 2 den nóta léirithe, dá dtagraítear i mír 48 thuas, gurb iad na modhanna luachála is ceart a úsáid faoi Airteagal 31 den Chód sin iadsan a shainítear in Airteagal 29 agus in Airteagal 30(2) de, sonraítear sa phointe sin den nóta nach mór gur le solúbthacht réasúnach a chuirfear na modhanna sin i bhfeidhm, go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar an téarma ‘earraí cosúla’. |
53 |
In imthosca an cháis seo, ní féidir a mheas go bhfuil sé míréasúnach go mbeadh na húdaráis chustaim – tar éis dóibh neamhaird a thabhairt, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chód Custaim an Chomhphobail, ar luach idirbhirt earraí allmhairithe chun críocha a luach custaim a chinneadh – ag brath, le linn fíorú ina dhiaidh sin, ar fhaisnéis a chuir an dearbhóir isteach, eadhon meáchan na n‑earraí sin agus an cód TARIC lena mbaineann siad. Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil an cód sin bunaithe ar chóras dearbhuithe, arb é is aidhm dó a laghad is féidir foirmiúlachtaí agus rialuithe custaim a bheith ann agus calaois nó neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhuiséad an Aontais a chosc an tráth céanna (breithiúnas an 9 Iúil 2020, Unipack, C‑391/19, EU:C:2020:547, mír 22). |
54 |
Dá bhrí sin, agus aird á tabhairt, ar an gcéad dul síos, ar an ngá atá le luach custaim a shuí i gcás nach soláthraíonn gnóthas faisnéis atá cruinn nó iontaofa go leor maidir le luach custaim na n‑earraí lena mbaineann, agus ina dhiaidh sin, ar an gcúram cuí nach mór d’údaráis chustaim a fheidhmiú agus gach ceann de na modhanna comhleanúnacha chun an luach custaim a chinneadh á chur i bhfeidhm acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Samhain 2017, LS Customs Services, C‑46/16, EU:C:2017:839, mír 52) agus, ar deireadh, ‘an tsolúbthacht réasúnach’ nach mór a bheith ann agus na modhanna sin á gcur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 2 den nóta léirithe, dá dtagraítear i míreanna 48 agus 52 den bhreithiúnas seo, ní mór glacadh leis gurb ionann na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta a bhaineann le hearraí a shanntar don chód TARIC céanna agus de thionscnamh an díoltóra chéanna leis na hearraí lena mbaineann, agus ‘sonraí atá ar fáil san [Aontas Eorpach]’, de réir bhrí Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail, a fhéadfar a úsáid mar bhonn chun luach custaim na n‑earraí lena mbaineann a chinneadh. |
55 |
Is modh é tagairt do shonraí den sórt sin chun luach custaim a chinneadh atá ‘réasúnach’ de réir bhrí Airteagal 31(1) agus atá i gcomhréir le prionsabail agus forálacha ginearálta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus na bhforálacha dá dtagraítear in Airteagal 31(1) (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2017, GE Healthcare, C‑173/15, EU:C:2017:195, mír 81). |
56 |
I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 31(1) de Chód Custaim an Chomhphobail a léiriú amhail nach gcuirtear cosc leis ar chinneadh luacha custaim earraí allmhairithe, i gcás nach bhféadfaí é a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 30 den Chód sin, ar bhonn faisnéis atá i mbunachar sonraí náisiúnta a bhaineann le luach custaim earraí a bhfuil an tionscnamh céanna acu agus atá, cé nach bhfuil siad ‘cosúil’ de réir bhrí Airteagal 142(1)(d) den Rialachán Cur Chun Feidhme, sannta don chód TARIC céanna. |
Costais
57 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Liotuáinis.