BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

17 Bealtaine 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Conradh morgáiste – Nádúr éagórach an “chlásail íosráta” dá bhforáiltear sa chonradh sin – Rialacha náisiúnta maidir leis an nós imeachta achomhairc – Teorainn ama leis an dearbhú go bhfuil téarma éagórach ar neamhní – Aisíoc – Cumhachtaí athbhreithnithe na cúirte achomhairc náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

I gCás C‑869/19,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), trí bhreith an 27 Samhain 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Samhain 2019, sna himeachtaí idir

L

agus

Unicaja Banco SA, ar a dtugtaí Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin (Rapóirtéir) agus I. Jarukaitis, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: E. Tanchev,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 26 Aibreán 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

L, ag M. Pérez Peña, abogado,

Unicaja Banco SA, ar a dtugtaí Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU, ag J. M. Rodríguez Cárcamo agus A. M. Rodríguez Conde, abogados,

Rialtas na Spáinne, ag S. Centeno Huerta agus M. J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag M. Smolek, J. Vláčil agus S. Šindelková, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó G. Rocchitta, avvocato dello Stato,

an Coimisiún Eorpach, ag N. Ruiz García, J. Baquero Cruz agus C. Valero, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIorua, ag L.‑M. Moen Jünge, M. Nilsen agus J. T. Kaasin, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir L agus Banco de Caja España de Inversiones, Salamanca y Soria SAU, a tháinig i gcomharbas ar Unicaja Banco SA (le chéile “an bhunaíocht bhaincéireachta”), maidir le mainneachtain na cúirte achomhairc náisiúnta saincheist a ardú uaithi féin ina líomhnaítear sárú ar dhlí an Aontais.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Sonraítear sa cheathrú haithris is fiche de Threoir 93/13 nach mór do “chúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a bheith ar fáil dóibh chun cosc a chur ar chur i bhfeidhm téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra”. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6(1) den Treoir sin:

“Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh sin de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí céanna, más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Spáinne

5

De réir Airteagal 1303 Código Civil (Cód Sibhialta):

“Nuair a dhearbhófar go bhfuil oibleagáid ar neamhní, ní mór do na páirtithe conarthacha aiseag a dhéanamh dá chéile i leith na nithe a bhí ina n‑ábhar don chonradh, mar aon leis na torthaí air agus an praghas mar aon le hús, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sna hAirteagail seo a leanas.”

6

Foráiltear le hAirteagal 216 de Ley 1/2000 den Enjuiciamiento Civil (Dlí 1/2000 maidir leis an gCód Nós Imeachta Sibhialta) an 7 Eanáir 2000 (BOE Uimh. 7, an 8 Eanáir 2000, lch. 575) (“LEC”):

“Cinneann na cúirteanna sibhialta na cásanna os a gcomhair ar bhonn na bhfíricí, na fianaise agus aighneachtaí na bpáirtithe, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa dlí i gcásanna áirithe.”

7

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 218(1) LEC:

“Ní mór cinntí breithiúnacha a bheith soiléir agus beacht agus a bheith ag freagairt d’éilimh agus d’aighneachtaí eile na bpáirtithe agus déanta in am trátha le linn na n‑imeachtaí. Ní mór a chuimsiú sna cinntí sin na dearbhuithe atá le déanamh, cinneadh a dhéanamh iontu i gcoinne nó i bhfabhar an chosantóra agus a chinneadh iontu na pointí uile faoi dhíospóid a bhí ina n‑ábhar don díospóireacht.

Déanfaidh an chúirt, gan imeacht ón gcúis chaingne trí ghlacadh le hábhair fíorais nó dlí ar leithligh ó na heilimintí sin ar mhian leis na páirtithe a chur ar aghaidh, rialú de réir na rialacha is infheidhme maidir leis an gcás, fiú murar luaigh na páirtithe sa díospóid i gceart iad nó murar d’agair siad iad.”

8

De réir Airteagal 465(5) LEC:

“Ní rialófar san ordú nó breithiúnas achomhairc ach ar na pointí agus ar na saincheisteanna a ardaítear san achomharc agus, i gcás inarb iomchuí, san iarratas go ndéanfar an t‑achomharc a dhíbhe nó sa chros‑achomharc dá dtagraítear in Airteagal 461. Ní féidir dochar a dhéanamh don achomharcóir le cinneadh na cúirte, ach amháin má tá an dochar sin ann toisc gur ceadaíodh cros-achomharc an fhreagróra.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist arna tarchur chun réamhrialú

9

Le conradh a tugadh i gcrích an 22 Márta 2006, dheonaigh an bhunaíocht bhaincéireachta iasacht mhorgáiste de EUR 120000 do L chun ceannach tí aonteaghlaigh a mhaoiniú. Bhí an iasacht inaisíoctha i 360 tráthchuid mhíosúil. Tógadh an iasacht sin amach ag ráta seasta de 3.35 % don chéad bhliain agus ansin ag ráta athraitheach do na blianta eile, an ráta deiridh á ríomh trí 0.52 % a shuimiú le ráta Euribor tar éis na chéad bhliana. Áiríodh sa chonradh sin “clásal íosráta” nach bhféadfadh an ráta athraitheach a bheith níos ísle ná 3 %.

10

Deir an chúirt a rinne an tarchur gur chuir an bhunaíocht bhaincéireachta an “clásal íosráta” i bhfeidhm maidir le L in 2009, nuair a thit ráta Euribor go géar. I mí Eanáir 2016, thug L caingean os comhair Juzgado de Primera Instancia de Valladolid (an Chúirt Chéadchéime, Valladolid, an Spáinn) i gcoinne na bunaíochta sin, ag iarraidh neamhniú an chlásail sin agus aisíoc na suimeanna a fuarthas go míchuí de bhun an chlásail sin. D’áitigh L, toisc nár tugadh dóthain faisnéise di faoin téarma sin a bheith ann agus faoina ábharthacht i scéim an chomhaontaithe iasachta faoi cheist, gur ghá a dhearbhú go raibh sé éagórach mar gheall ar an easpa trédhearcachta ann. Ina cosaint, rinne an bhunaíocht bhaincéireachta an agóid gur cuireadh in iúl do L go raibh an téarma sin sa chomhaontú iasachta.

11

Le breithiúnas an 6 Meitheamh 2016, cheadaigh an Juzgado de Primera Instancia de Valladolid (an Chúirt Chéadchéime, Valladolid) an chaingean, agus chinn an chúirt sin go raibh an “clásal íosráta” éagórach ar an bhforas nach raibh sé trédhearcach. Dá bhrí sin, d’ordaigh sí don bhunaíocht bhaincéireachta na suimeanna a fuarthas go míchuí ina leith sin, mar aon le hús, a aisíoc le L. Rialaigh an chúirt sin, áfach, nach mbeadh feidhm ag an aisíoc ach ón 9 Bealtaine 2013 ar aghaidh, de bhun bhreithiúnas Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) Uimh. 241/2013 an 9 Bealtaine 2013 (“breithiúnas an 9 Bealtaine 2013”), a chuireann teorainn ama leis na héifeachtaí a bheadh ag dearbhú go bhfuil an “clásal íosráta” den sórt sin ar neamhní. D’ordaigh an chúirt sin freisin don bhunaíocht bhaincéireachta na costais a íoc.

12

An 14 Iúil 2016, rinne an bhunaíocht bhaincéireachta achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin chuig an Audiencia Provincial de Valladolid (an Chúirt Chúige, Valladolid, an Spáinn), sa mhéid is gur ordaíodh di na costais go léir a íoc. D’áitigh an bhunaíocht bhaincéireachta nár cheart a ordú di costais uile na caingne sin a íoc, ós rud é nár glacadh le caingean L ach go páirteach mar gheall ar an teorannú ama le héifeachtaí an dearbhaithe go bhfuil an clásal lena mbaineann ar neamhní.

13

Le breithiúnas an 13 Eanáir 2017, cheadaigh an chúirt achomhairc an t‑achomharc, agus chuir sí breithiúnas na chéad chéime ar ceal sa mhéid gur ordaíodh don bhunaíocht bhaincéireachta na costais a íoc. Deir an chúirt a rinne an tarchur nár leasaigh an chúirt achomhairc an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin a mhéid a bhaineann sé sin leis na héifeachtaí aisíoca a bhí ag an dearbhú go bhfuil an clásal sin ar neamhní, ós rud é nach raibh siad ina n‑ábhar don achomharc. Deir an chúirt a rinne an tarchur freisin nár bhraith an chúirt achomhairc, chun an breithiúnas céadchéime a chur ar neamhní go páirteach, ar bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980), inar rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go gcoisctear le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13 cásdlí náisiúnta, amhail an cásdlí i mbreithiúnas an 9 Bealtaine 2013, a chuireann teorainn ama leis na héifeachtaí aisíoca a bhaineann le dearbhú breithiúnach maidir le nádúr éagórach téarma conartha arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir do na suimeanna sin amháin a d’íoc an tomhaltóir sin go míchuí tar éis an chinnidh bhreithiúnaigh go raibh an téarma sin éagórach.

14

Thug L achomharc os comhair an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) i gcoinne an bhreithiúnais achomhairc. Mar thaca lena hachomharc, éilíonn L, trí mhainneachtain bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980) a chur i bhfeidhm agus trí mhainneachtain ordú a thabhairt uaithi féin na méideanna a íocadh faoin “gclásal íosráta” a aisíoc go hiomlán, gur sháraigh an Audiencia Provincial de Valladolid (an Chúirt Chúige, Valladolid), inter alia, Airteagal 1303 den Chód Sibhialta, lena rialaítear éifeachtaí aisig a bhaineann le neamhniú oibleagáidí agus conarthaí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13, lena bhforáiltear nach bhfuil téarmaí éagóracha ina gceangal ar thomhaltóirí. D’áitigh an bhunaíocht bhaincéireachta gur cheart an t‑achomharc a dhíbhe ar an bhforas nach ndearna L achomharc i gcoinne bhreithiúnas na chéad chéime sa mhéid gur chuir an chúirt sin teorainn ama le héifeachtaí aisíoca an dearbhaithe go raibh an téarma éagórach i gceist ar neamhní, agus nach raibh sí i dteideal anois achomharc a dhéanamh maidir le teorannú ama na n‑éifeachtaí sin.

15

Deir an chúirt a rinne an tarchur, sna cásanna a bhí ar feitheamh os comhair chúirteanna na Spáinne ar an dáta a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980), go gcoisctear le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13 cásdlí an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) ag eascairt as breithiúnas an 9 Bealtaine 2013 lena gcuirtear teorainn ama leis na héifeachtaí aisíoca a bhaineann le neamhniú “clásal íosráta” i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích idir tomhaltóirí agus díoltóirí nó soláthróirí, go bhfuil teorainn curtha ag tomhaltóirí lena gcaingne le haghaidh aisíocaíochta, i gcomhréir leis an gcásdlí náisiúnta seo, do na méideanna a íocadh go míchuí tar éis an 9 Bealtaine 2013. De bhun prionsabail éagsúla de nós imeachta sibhialta na Spáinne, amhail an prionsabal maidir leis an gcuid oibríochtúil, prionsabal na “comhfhreagrachta” agus an prionsabal maidir leis an toirmeasc ar reformatio in peius, chinn an Audiencia Provincial de Valladolid (an Chúirt Chúige, Valladolid), sa chás seo, gan aisíoc iomlán na suimeanna a fuarthas faoin “gclásal íosráta” a ordú, ós rud é nach ndearna L achomharc i gcoinne an bhreithiúnais a tugadh ag an gcéad chéim.

16

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire nach bhfuil an prionsabal nach bhfuil téarmaí éagóracha ina gceangal ar thomhaltóirí, a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, absalóideach agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh siad a bheith faoi réir teorainneacha a bhaineann le riar cuí an cheartais, amhail res judicata nó socrú teorainneacha ama réasúnacha chun imeachtaí a thionscnamh. Tá cosúlacht éigin idir res judicata agus an riail i ndlí na Spáinne nach bhféadfaidh an chúirt achomhairc, mura gconspóideann aon cheann de na páirtithe cuid den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas, a héifeachtaí a bhaint di ná a hábhar a mhodhnú.

17

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, áfach, faoi chomhoiriúnacht an phrionsabail maidir leis an gcuid oibríochtúil, phrionsabal na “comhfhreagrachta” agus an phrionsabail maidir leis an toirmisc ar reformatio in peius faoin dlí náisiúnta le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13. Ceistíonn an chúirt sin, go háirithe, ar cheart, i bhfianaise bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980), do chúirt náisiúnta a éisteann achomharc arna thabhairt ag an mbunaíocht bhaincéireachta amháin, agus ní ag an tomhaltóir, a ordú, d’ainneoin na bprionsabal sin, go ndéanfaí na méideanna a íocadh faoin téarma éagórach a aisíoc go hiomlán.

18

Sna himthosca sin, chinn an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“An gcuireann Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 bac ar chur i bhfeidhm na bprionsabal nós imeachta, arb iad an prionsabal maidir leis an gcuid oibríochtúil, prionsabal na “comhfhreagrachta” agus an prionsabal maidir leis an toirmisc ar reformatio in peius, lena gcuirtear cosc ar an gcúirt, atá ag éisteacht achomharc na bunaíochta baincéireachta i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi “chlásal íosráta” a dearbhaíodh a bheith ar neamhní, aisíoc iomlán na suimeanna sin a ordú agus, ar an gcaoi sin, an t‑achomharcóir a chur faoi mhíbhuntáiste, ar an bhforas nach ndearna an tomhaltóir agóid in aghaidh na teorann sin?”

An cheist arna tarchur chun réamhrialú

19

Lena ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa chaoi go ciallaíonn sé go bhfuil bac ar phrionsabail de nós imeachta cúirte náisiúnta a chur i bhfeidhm, faoi nach féidir leis an gcúirt náisiúnta, atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi théarma atá dearbhaithe a bheith éagórach, saincheist a ardú, uaithi féin, ina líomhnaítear sárú ar an bhforáil sin agus a ordú go n‑aisíocfar na suimeanna sin ina n‑iomláine.

20

Ní mór a mheabhrú go bhforálfaidh na Ballstáit, faoi Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, nach mbeidh téarmaí éagóracha i gconradh arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó soláthróir ina gceangal ar thomhaltóirí.

21

Thairis sin, ceanglaítear le Treoir 93/13 ar na Ballstáit, mar is léir ó Airteagal 7(1) di, arna léamh in éineacht leis an gceathrú haithris is fiche di, foráil a dhéanamh maidir le modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun bac a chur ar úsáid leanúnach téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó soláthróirí (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

In éagmais rialacha arna leagan síos le dlí an Aontais, is faoi dhlíchóras inmheánach na mBallstát a bhaineann rialacha mionsonraithe na nósanna imeachta maidir le cosaint na gceart a eascraíonn ó dhlí an Aontais a áirithiú, de bhua phrionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát. Mar sin féin, ní fhéadfaidh na rialacha mionsonraithe sin a bheith níos lú fabhair ná na rialacha lena rialaítear cásanna inmheánacha comhchosúla (prionsabal na coibhéise) ná a bheith réitithe ar shlí a fhágfaidh go mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta a thugtar i ndlíchóras an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta) (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

23

Maidir le prionsabal na coibhéise, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i bpointe 44 dá Thuairim, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a chinneadh, i bhfianaise na rialacha mionsonraithe nós imeachta le haghaidh achomharc is infheidhme faoin dlí náisiúnta, comhlíonadh an phrionsabail sin i bhfianaise ábhar, chúis agus eilimintí bunriachtanacha na gcaingne lena mbaineann (féach, go háirithe, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, EOS KSI Slovensko, C‑448/17, EU:C:2018:745, mír 40)

24

Maidir leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 a mheas mar riail atá coibhéiseach le rialacha náisiúnta atá rangaithe, laistigh den chóras dlí inmheánach, mar rialacha beartais phoiblí (breithiúnas an 17 Bealtaine 2018, Karel de Grote – Hogeschool Katholieke Hogeschool Antwerpen, C‑147/16, EU:C:2018:320, mír 35).

25

Leanann, i gcomhréir le prionsabal na coibhéise, i gcás ina bhfuil, faoin dlí náisiúnta, an chúirt náisiúnta ag rialú ar achomharc i dteideal nó faoi oibleagáid measúnú a dhéanamh, uaithi féin, ar dhlíthiúlacht gnímh dhlíthiúil i bhfianaise rialacha náisiúnta beartais phoiblí, go gcaithfidh an chúirt sin a bheith i dteideal nó faoi oibleagáid freisin, fiú murar ardaíodh ag an gcéad chéim ceist maidir le dlíthiúlacht an ghnímh sin i bhfianaise na rialacha sin, measúnú a dhéanamh, uaithi féin, ar dhlíthiúlacht an ghnímh sin i bhfianaise na forála sin i dTreoir 93/13. Dá bhrí sin, i gcás den sórt sin, má thugann na nithe i gcomhad na cúirte achomhairc náisiúnta ar an gcúirt sin nádúr éagórach féideartha téarma chonarthaigh a cheistiú, tá sé d’oibleagáid ar an gcúirt sin dlíthiúlacht an téarma sin a mheasúnú, uaithi féin, i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos sa Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Bealtaine 2013, Jőrös, C‑397/11, EU:C:2013:340, mír 30).

26

Tá tuairimí éagsúla ag na páirtithe atá tar éis barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais sna himeachtaí seo maidir le cibé an bhfuil aon chásdlí de chuid an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Spáinn) nó an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) ar dá réir a bheadh feidhmiú uaithi féin rialacha beartais phoiblí mar eisceacht do phrionsabail nós imeachta na cúirte i gceist. Ós rud é gur foráil atá coibhéiseach le riail náisiúnta beartais phoiblí é Airteagal 6 de Threoir 93/13, leanann as sin, má mheastar, de réir cásdlí náisiúnta, gur eisceacht iad rialacha beartais phoiblí den sórt sin d’fheidhmiú phrionsabail nós imeachta na cúirte i gceist, nach mór don chúirt náisiúnta a éisteann an t‑achomharc a bheith in ann saincheist a ardú, uaithi féin, ina líomhnaítear sárú ar Airteagal 6(1) de Threoir 93/13.

27

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhfuil cásdlí náisiúnta den sórt sin ann. Má tá an cásdlí sin ann, bheadh sé ina cheangal ar an gcúirt a rinne an tarchur, i gcomhréir le prionsabal na coibhéise, na prionsabail sin de nós imeachta na cúirte a fhágáil gan feidhm agus cead a thabhairt don tomhaltóir feidhm a bhaint as na cearta atá aige faoi Threoir 93/13 agus a cheart chun brath ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, nó an fhéidearthacht sin a chur ar fáil dó uaithi féin.

28

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, leanann as cásdlí na Cúirte Breithiúnais go gcaithfear anailís a dhéanamh ar gach cás ina gcuirtear an cheist i dtaobh an bhfágann foráil náisiúnta nós imeachta go bhfuil cur i bhfeidhm dhlí an Aontais dodhéanta nó ródheacair, agus ról na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, seoladh an nós imeachta agus a ghnéithe speisialta ina n‑iomláine á gcur san áireamh, agus, i gcás inarb iomchuí, na prionsabail is bunús leis an gcóras breithiúnach náisiúnta, amhail cosaint chearta na cosanta, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus seoladh cuí na n-imeachtaí (breithiúnas an 22 Aibreán 2021, Profi Credit Slovakia, C‑485/19, EU:C:2021:313, mír 53.) Ó thaobh an mhéid sin de, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach féidir le hurramú phrionsabal na héifeachtachta dul chomh fada le héighníomhaíocht iomlán an tomhaltóra lena mbaineann a chúiteamh ina hiomláine (breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2015, ERSTE Bank Hungary, C‑32/14, EU:C:2015:637, mír 62).

29

Ina theannta sin, shonraigh an Chúirt go bhfuil ceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach i gceist leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit éifeachtacht na gceart atá ag daoine aonair faoi dhlí an Aontais a áirithiú, go háirithe i gcás na gceart a eascraíonn as Treoir 93/13, ceanglas a athdhearbhaítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin agus a chumhdaítear freisin in Airteagal 47 den Chairt, a bhfuil feidhm aige, inter alia, maidir le sainiú na rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann le caingne os comhair na gcúirteanna atá bunaithe ar na cearta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, BNP Paribas Personal Finance, C‑776/19 go C‑782/19, EU:C:2021:470, mír 9 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt, in éagmais athbhreithniú éifeachtach ar nádúr éagórach féideartha théarmaí an chonartha lena mbaineann, nach féidir urramú na gceart a thugtar le Treoir 93/13 a ráthú (breithiúnas an 4 Meitheamh 2020, Kancelaria Medius, C‑495/19, EU:C:2020:431, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31

Dá bhrí sin, ní féidir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, an bonn a bhaint de shubstaint an chirt atá ag tomhaltóirí de bhun na forála sin nach mbeidh siad faoi cheangal ag téarma a mheastar a bheith éagórach (breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:2016:980, mír 71, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 51).

32

Mar sin féin, tá sé tábhachtach a mheabhrú a thábhachtaí atá an prionsabal maidir le res judicata i ndlíchóras an Aontais Eorpaigh agus sna dlíchórais náisiúnta araon. Go bunúsach, tá sé ráite ag an gCúirt cheana féin, d’fhonn cobhsaíocht an dlí agus an chaidrimh dhlíthiúil agus riaradh cuí an cheartais araon a ráthú, tá sé tábhachtach nach bhféadfaí in ann cinntí cúirte atá críochnaitheach tar éis gach leigheas atá ar fáil a bheith ídithe nó tar éis dhul in éag na dteorainneacha ama atá ann chun na leigheasanna sin a fheidhmiú a thabhairt faoi cheist a thuilleadh (féach, go háirithe, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, Asturcom Telecomunicaciones, C‑40/08, EU:C:2009:615, míreanna 35 agus 36, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 46)

33

Chomh maith leis sin, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais nach cosaint absalóideach í cosaint an tomhaltóra. Chinn sí, go háirithe, nach gceanglaítear le dlí an Aontais ar chúirt náisiúnta gan rialacha nós imeachta inmheánach a thugann éifeacht res judicata do chinneadh a fheidhmiú, fiú i gcás ina leigheasfadh sé sin sárú ar fhoráil, de nádúr ar bith, atá i dTreoir 93/13 (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, Asturcom Telecomunicaciones, C‑40/08, EU:C:2009:615, mír 37, agus an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 68) faoi réir phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i bpointe 22 den bhreithiúnas seo, áfach.

34

I mír 72 dá breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980), chinn an Chúirt, mar sin, gurb ionann an teorainn ama leis na héifeachtaí dlíthiúla a eascraíonn as an dearbhú go raibh “clásail íosráta” ar neamhní, a rinne an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) ina bhreithiúnas an 9 Bealtaine 2013, go ginearálta, agus an ceart a bhaint de thomhaltóir a bhfuil conradh iasachta morgáiste, ina bhfuil clásal den sórt sin, tugtha i gcrích aige roimh an dáta sin chun aisíoc iomlán a fháil ar na suimeanna a d’íoc sé go míchuí don bhunaíocht bhaincéireachta ar bhonn an chlásail sin le linn na tréimhse roimh an 9 Bealtaine 2013.

35

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, dá bhrí sin, nach gcuimsítear i gcásdlí náisiúnta, amhail an cásdlí a eascraíonn as breithiúnas an 9 Bealtaine 2013 ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach), a bhaineann le teorannú ama na n‑éifeachtaí dlíthiúla a eascraíonn as dearbhú go bhfuil téarma conarthach éagórach faoi Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, ach cosaint theoranta do thomhaltóirí a rinne conradh iasachta morgáiste ina bhfuil “clásal íosráta” roimh dháta fógartha an bhreithiúnais lena suitear an nádúr éagórach sin, agus is cosaint neamhiomlán agus neamhleor an chosaint sin agus ní hionann í agus modh leordhóthanach nó éifeachtach chun cosc a chur ar úsáid na dtéarmaí sin, contrártha d’fhorálacha Airteagal 7(1) den Treoir sin (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 73).

36

Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa chaoi gur cosc é ar chásdlí náisiúnta a chuireann teorainn ama leis na héifeachtaí aisíoca, ar éifeachtaí aisíoca iad a bhaineann leis an dearbhú gur téarma éagórach é téarma atá i gconradh a thug díoltóir nó soláthróir i gcrích le tomhaltóir, do shuimeanna amháin a íocadh go míchuí de bhun téarma den sórt sin tar éis fhógairt an bhreithiúnais go bhfuil sé éagórach (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 75).

37

Sna príomhimeachtaí, glactar leis nár thaisc an tomhaltóir achomharc nó cros‑achomharc i gcoinne bhreithiúnas na chéad chéime lena bhforchuirtear teorainn ama leis na héifeachtaí aisíoca i leith na suimeanna a fuarthas faoin téarma éagórach.

38

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, in imthosca an cháis seo, cé nár thionscain an tomhaltóir achomharc laistigh den tréimhse ama iomchuí, gur féidir a chur ina leith sin go raibh, nuair a thug an Chúirt Bhreithiúnas breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980), an tréimhse inar féidir achomharc nó cros-achomharc a thaisceadh faoin dlí náisiúnta imithe in éag cheana féin. In imthosca den sórt sin, ní féidir a mheas go raibh an tomhaltóir go hiomlán éighníomhach de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo toisc nach ndearna sí agóid os comhair cúirt achomhairc i gcoinne cásdlí de chuid an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) a bhí, go dtí sin, socair.

39

Dá bhrí sin, is é atá i gceist le cur i bhfeidhm phrionsabail nós imeachta na cúirte náisiúnta sin, agus modhanna nós imeachta a chuirfeadh ar chumas an tomhaltóra a chearta faoi Threoir 93/13 a dhearbhú á mbaint de, ná go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair na cearta sin a chosaint, agus ar an gcaoi sin déantar prionsabal na héifeachtachta a shárú.

40

I bhfianaise an mhéid roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tarchuireadh ná nach mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac leis ar chur i bhfeidhm phrionsabail nós imeachta na cúirte náisiúnta faoi nach féidir le cúirt náisiúnta atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc na suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi théarma a dearbhaíodh a bheith éagórach saincheist ina líomhnaítear sárú ar an bhforáil sin a ardú, uaithi féin, agus aisíoc iomlán na suimeanna sin a ordú, i gcás nach féidir mainneachtain an tomhaltóra lena mbaineann an teorainn ama sin a chonspóid a chur i leith éighníomhaíocht iomlán an tomhaltóra.

Costais

41

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac leis ar chur i bhfeidhm phrionsabail nós imeachta na cúirte náisiúnta faoi nach féidir le cúirt náisiúnta atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc na suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi théarma a dearbhaíodh a bheith éagórach saincheist ina líomhnaítear sárú ar an bhforáil sin a ardú, uaithi féin, agus aisíoc iomlán na suimeanna sin a ordú, i gcás nach féidir mainneachtain an tomhaltóra lena mbaineann an teorainn ama sin a chonspóid a chur i leith éighníomhaíocht iomlán an tomhaltóra.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.