BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

29 Márta 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Inghlacthacht — Airteagal 267 CFAE — Coincheap “cúirt nó binse” — Airteagal 19(1) CAE — Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — An smacht reachta — Cosaint dlí éifeachtach — Prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna — Cúirt arna bunú roimhe ré le dlí — Comhlacht breithiúnach a raibh comhalta de ceaptha mar bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht polaitiúil de chuid an fheidhmeannais réimeas neamhdhaonlathach — Modh oibríochta de Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn) — Míbhunreachtúlacht an dlí a bhfuil an Chomhairle sin comhdhéanta ar a bhonn — An fhéidearthacht an comhlacht sin a cháiliú mar chúirt nó binse neamhchlaon agus neamhspleách de réir bhrí dhlí an Aontais)

I gCás C-132/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn), trí ordú an 18 Nollaig 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 10 Márta 2020, sna himeachtaí idir

BN,

DM,

EN

agus

Getin Noble Bank S.A.,

Páirtithe leasmhara:

Rzecznik Praw Obywatelskich,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Jarukaitis (Rapóirtéir), I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, T. von Danwitz, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: M. Aleksejev, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 2 Márta 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rzecznik Praw Obywatelskich, ag M. Taborowski agus P. Filipek,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, agus ag A. Dalkowska agus S. Żyrek, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag K. Herrmann, N. Ruiz García agus P. J. O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag Éisteacht an 8 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 38 agus an chéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir BN, DM, EN agus Getin Noble Bank S.A., institiúid baincéireachta, maidir leis an éagothroime a líomhnaítear a bhaineann le clásal i gcomhaontú creidmheasa arna chur i gcrích ag BN, DM agus EN leis an institiúid sin.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Foráiltear le hAirteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le tomhaltóirí agus le hiomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag díoltóir nó ag soláthróir.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1 forálacha a fhágann gur féidir le daoine nó eagraíochtaí, a bhfuil leas dlisteanach acu faoin dlí náisiúnta maidir le tomhaltóirí a chosaint, caingean a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann os comhair na gcúirteanna nó os comhair comhlachtaí riaracháin inniúla chun cinneadh a dhéanamh cibé an bhfuil na téarmaí conarthacha a tarraingíodh suas le haghaidh úsáide ginearálta éagóraí, ionas gur féidir leo modhanna iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar úsáid na dtéarmaí sin.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Polainne

An Bunreacht

4

Foráiltear in Airteagal 179 den Bhunreacht:

“Ceapfaidh Uachtarán na Poblachta na breithiúna, ar thogra ón Krajowa Rada Sądownictwa [(Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn) (‘KRS’)], go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5

De réir Airteagal 180(1) den Bhunreacht, tá na breithiúna do-aistrithe.

6

De bhun Airteagal 186(1) den Bhunreacht:

“Beidh [KRS] ina chaomhnóir ar neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear le hAirteagal 187 den Bhunreacht:

“1.   Tá [KRS] comhdhéanta mar a leanas:

(1)

an chéad Uachtarán ar an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn)], an tAire Dlí agus Cirt, Uachtarán ar an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin, an Pholainn)] agus duine arna ainmniú ag Uachtarán na Poblachta,

(2)

15 chomhalta arna dtoghadh as measc bhreithiúna an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], na ngnáthchúirteanna, na gcúirteanna riaracháin agus na gcúirteanna míleata,

(3)

ceathrar comhaltaí arna dtoghadh ag [an Sejm (Teach íochtarach na parlaiminte, an Pholainn)] as measc na bhfeisirí agus beirt chomhaltaí arna dtoghadh ag an Seanad as measc na seanadóirí.

[...]

3.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí arna dtoghadh [ag KRS].

4.   Sainmhínítear an córas, an réimse gníomhaíochta, modh oibre [KRS] agus modh ina dtoghfar a chomhaltaí de réir an dlí.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Leagtar amach in Airteagal 190(1) den Bhunreacht:

“Tá cinntí an [Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil, an Pholainn)] ina gceangal ar bhonn erga omnes agus tá siad críochnaitheach.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí Foraithne an 6 Feabhra 1928 maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna

9

Leis an rozporządzenie z mocą ustawy — Prawo o ustroju sądów powszechnych (Dlí Foraithne maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna) an 6 Feabhra 1928, sa leagan a bhí i bhfeidhm go dtí an 1 Meán Fómhair 1985, atá ábhartha sna príomhimeachtaí Dz. U. de 1964, Uimh. 6, iontráil 40 (“Dlí an 6 Feabhra 1928 maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna”), foráiltear mar a leanas in Airteagal 2 de:

“I nDaon-Phoblacht na Polainne, is é is cuspóir d’fheidhmiú an cheartais ná an méid seo a leanas a chosaint:

(a)

an córas daonlathach agus a fhorbairt i dtreo an tsóisialachais;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

10

I gcomhréir le hAirteagal 53 den Dlí Foraithne sin, cheap an Rada Państwa (Comhairle Stáit) de Dhaon-Phoblacht na Polainne breithiúna na ngnáthchúirteanna ar thogra ón Aire Dlí agus Cirt.

11

De bhua Airteagal 57 den Dlí Foraithne sin, ar dhul i mbun oifige dó, glacadh breitheamh, arna cheapadh ag Comhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Polainne, mionn os comhair Uachtarán na cúirte inniúla i gcomhréir le modh forordaithe, ach níor ghlac sé mionn ina dhiaidh sin nuair a d'athraigh sé a phost.

12

Rinneadh foráil d’fhoirm an mhionna sa dekret o rocie ślubowania ministrów, funkcjonariuszów państwowych, sędziów i prokuratorów oraz funkcjonariuszów służby bezpieczeństwa publicznego (Foraithne maidir le hairí, oifigigh rialtais, breithiúna, ionchúisitheoirí agus oifigigh sheirbhísí slándála poiblí a chur faoi mhionn), an 6 Deireadh Fómhair 1948 (Dz. U. de 1948, Uimh. 49, iontráil 370). Faoi Airteagal 1(C) den fhoraithne sin, cuireadh breitheamh faoi mhionn i gcomhréir leis an modh seo a leanas:

“Geallaim go sollúnta rannchuidiú [...] le post an bhreithimh a cuireadh de chúram orm, i mo réimse gníomhaíochta agus ar theann mo dhíchill, le comhdhlúthú saoirse, ceannasacht agus cumhacht stát daonlathach na Polainne, a mbeidh mé dílis dó i gcónaí; an t-ord atá bunaithe ar phrionsabail bhunreachtúla shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla Dhaon-Phoblacht na Polainne a chosaint agus a neartú; forálacha an dlí a chosaint go daingean, agus cóir chomhionann a thabhairt do gach saoránach; urraim don dlí agus dílseacht do stát daonlathach na Polainne a neartú; oibleagáidí m’oifige a chomhlíonadh ar bhealach díograiseach agus go docht, ceart dlí a chur i bhfeidhm go neamhchlaonta de réir mo choinsiasa agus de réir na bhforálacha dlíthiúla, agus rúndacht ghairmiúil á hurramú, agus a bheith faoi threoir phrionsabail na dínite, an chuibhis agus an cheartais shóisialta i gcomhthéacs an nós imeachta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

13

De réir Airteagal 59(1) de Dhlí Foraithne an 6 Feabhra 1928 maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna, cuireadh Comhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Polainne, ag gníomhú di ar thogra ón Aire Dlí agus Cirt, breitheamh as oifig más rud é nár thug an breitheamh sin ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh cuí na n-oibleagáidí atá ar bhreitheamh.

Dlí an 20 Meitheamh 1985 maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna

14

Le ustawa — Prawo o ustroju sądów powszechnych (Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna) an 20 Meitheamh 1985 (Dz. U. Uimh. 31, iontráil 137), sa leagan a bhí i bhfeidhm go dtí an 29 Nollaig 1989, foráiltear mar a leanas in Airteagal 6(2) de:

“Ceapfaidh Comhairle Stáit [Dhaon-Phoblacht na Polainne] na breithiúna nó cuirfidh sí as oifig iad ar thogra ón Aire Dlí agus Cirt.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Léitear Airteagal 59 den dlí sin mar a leanas:

“1.   Le linn dó dul i mbun oifige, cuirtear breitheamh faoin mionn seo a leanas os comhair an Aire Dlí agus Cirt:

‘Geallaim go sollúnta rannchuidiú, le post an bhreithimh a cuireadh de chúram orm, i mo réimse gníomhaíochta agus ar theann mo dhíchill, le comhdhlúthú na saoirse, na ceannasachta agus na forbartha i ngach réimse de Dhaon-Phoblacht na Polainne, a mbeidh mé dílis di i gcónaí; a heagrú polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch a chosaint, gnóthachtálacha na n-oibrithe, an mhaoin chomhchoiteann agus cearta agus leasanna na saoránach atá faoi chosaint an dlí a chosaint; smacht reachta an phobail a áirithiú agus coinsias dlíthiúil na saoránach a neartú; oibleagáidí m’oifige a chomhlíonadh ar bhealach díograiseach agus go docht, ceart dlí a chur i bhfeidhm go neamhchlaonta de réir mo choinsiasa agus de réir na bhforálacha dlíthiúla, agus rúndacht ghairmiúil á hurramú, agus a bheith faoi threoir phrionsabail na dínite, an chuibhis agus an cheartais shóisialta i gcomhthéacs an nós imeachta’.

[...]

3.   Ní ghlacann an breitheamh a aistríonn go dtí post eile an mionn arís; ní bhaineann sé seo le ceapadh breithimh chun na Cúirte Uachtaraí [de Dhaon‑Phoblacht na Polainne].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Sonraítear le hAirteagal 61 den dlí sin:

“1.   Cuirfidh an Chomhairle Stáit [Daon-Phoblacht na Polainne], ar thogra ón Aire Dlí agus Cirt, breitheamh as oifig más rud é nach dtugann an breitheamh sin ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh cuí na n-oibleagáidí atá ar bhreitheamh. Sula n-eiseoidh an tAire Dlí agus Cirt a thogra, éistfidh sé le mínithe an bhreithimh, seachas nuair nach féidir déanamh amhlaidh. [...]

[...]

3.   Cailleann an breitheamh an ceart chun breithiúnas a thabhairt a luaithe a chuirtear rún maidir lena chur as oifig in iúl dó.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí an 12 Bealtaine 2011 maidir le KRS

17

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 11(1) go (5) den ustawa o Krajowej Radzie Sądownictwa (Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna), an 12 Bealtaine 2011 (Dz. U. Uimh. 126 de 2011, iontráil 714, “Dlí an 12 Bealtaine 2011 maidir le KRS”):

“1.   Roghnóidh Comhthionól Ginearálta Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí beirt chomhaltaí den Chomhairle as measc bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí.

2.   Roghnóidh Comhthionól Ginearálta Bhreithiúna na hArd-Chúirte Riaracháin, mar aon le hionadaithe Chomhthionól Ginearálta Chúirteanna Riaracháin an Réigiúin, beirt chomhaltaí den Chomhairle as measc bhreithiúna na gCúirteanna Riaracháin.

3.   Roghnóidh Comhthionól na n-Ionadaithe do na Comhthionóil Breithiúna de chuid na gCúirteanna Achomhairc beirt chomhaltaí den Chomhairle as measc a chomhaltaí.

4.   Roghnóidh Comhthionól na n-Ionadaithe do na Comhthionóil Ghinearálta Breithiúna de chuid na gCúirteanna Náisiúnta ochtar comhaltaí den Chomhairle as measc a chomhaltaí.

5.   Roghnóidh Comhthionól na mBreithiúna Míleata comhalta den Chomhairle as measc a chomhaltaí.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

18

Léitear Airteagal 12 den dlí sin mar a leanas:

“1.   Roghnóidh Comhthionóil Ghinearálta na mBreithiúna de Chúirteanna Riaracháin an Réigiúin beirt ionadaithe as measc a gcomhaltaí.

2.   Roghnófar ionadaithe Chomhthionóil Ghinearálta Bhreithiúna na gCúirteanna Riaracháin tráth nach déanaí ná an mhí roimh dhul in éag do théarma oifige chomhaltaí na Comhairle, arna roghnú as measc breithiúna na gcúirteanna riaracháin. Roghnófar ionadaithe ar feadh tréimhse ceithre bliana.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

19

Foráiltear le hAirteagal 13 den dlí sin:

“1.   Roghnóidh Comhthionóil Bhreithiúna na gCúirteanna Achomhairc ionadaithe do Chomhthionóil Bhreithiúna na gCúirteanna Achomhairc as measc a gcomhaltaí don chúigiú cuid de líon na mbreithiúna ó chúirt achomhairc ar leith.

2.   Roghnóidh Comhthionóil Ghinearálta Bhreithiúna na gCúirteanna Réigiúnacha ionadaithe do Chomhthionóil Ghinearálta Bhreithiúna na gCúirteanna Réigiúnacha as measc a gcomhaltaí le haghaidh 1/50ú de líon na mbreithiúna i gcúirt réigiúnach.

3.   Roghnóidh na hionadaithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 tráth nach déanaí ná an mhí sula rachaidh téarma oifige chomhaltaí na Comhairle in éag, arna roghnú as measc bhreithiúna na ngnáthchúirteanna. Roghnófar ionadaithe ar feadh tréimhse ceithre bliana.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An Dlí maidir le KRS

20

Leasaíodh Dlí an 12 Bealtaine 2011 maidir le KRS, go háirithe, le ustawa o zmianie ustawy o Krajowej Radzie Sądownictwa oraz niektórych innych ustaw (dlí lena leasaítear an dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus dlíthe áirithe eile), an 8 Nollaig 2017 (Dz. U. De 2018, iontráil 3) agus le ustawa o zmianie ustawy – Prawo o ustroju sád ó w powszechnych oraz niektórych innych ustaw (dlí lena leasaítear an dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna agus dlíthe áirithe eile), an 20 Iúil 2018 (Dz. U. de 2018, iontráil 1443) (“an Dlí maidir le KRS”).

21

Foráiltear le hAirteagal 9a den Dlí maidir le KRS:

“1.   Toghfaidh an Sejm (Teach íochtarach Pharlaimint na Polainne), as measc bhreithiúna an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], na ngnáthchúirteanna, na gcúirteanna riaracháin agus na gcúirteanna míleata, 15 chomhalta [de KRS] le haghaidh comhthéarma oifige ceithre bliana.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

22

Foráiltear le hAirteagal 37(1) den dlí sin mar a leanas:

“Má tá iarratas déanta ag roinnt iarrthóirí ar phost mar bhreitheamh, déanfaidh [KRS] na hiarratais go léir a cuireadh isteach a scrúdú agus a mheas le chéile. Sa chás sin, glacfaidh [KRS] rún lena n-áirítear a chinntí maidir le togra a chur i láthair le haghaidh ceapacháin mar bhreitheamh, ag féachaint do na hiarrthóirí uile.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

23

Foráiltear le hAirteagal 44 den dlí sin mar a leanas:

“1.   Féadfaidh rannpháirtí sa nós imeachta achomharc a thaisceadh os comhair an [Sąd Najwyższ (Cúirt Uachtarach)] ar an bhforas go bhfuil rún [KRS] neamhdhleathach, mura bhforáiltear le forálacha ar leith dá mhalairt. [...]

1a.   I gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], is féidir achomharc a thaisceadh os comhair an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)]. Sna cásanna sin, ní féidir achomharc a thaisceadh os comhair an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)]. Ní fhéadfadh achomharc os comhair an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard‑Chúirt Riaracháin)] a bheith bunaithe ar líomhain go ndearnadh measúnú míchuí ar an gcomhlíonadh atá déanta ag na hiarrthóirí ar na critéir a cuireadh san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar chur i láthair an togra le haghaidh ceapacháin mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)].

1b.   Mura ndearna na rannpháirtithe go léir sa nós imeachta agóid in aghaidh an rúin dá dtagraítear in Airteagal 37(1) i gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], tá an rún sin críochnaitheach sa chuid ina bhfuil an cinneadh ar chur i láthair an togra le haghaidh ceapacháin mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] agus sa chuid sin den chinneadh gan togra le haghaidh ceapacháin mar bhreitheamh de chuid na cúirte céanna sin a chur i láthair, maidir leis na rannpháirtithe sa nós imeachta nach bhfuil achomharc taiscthe acu.

2.   Déanann Uachtarán [KRS] an t-achomharc a thaisceadh laistigh de dhá sheachtain tar éis an fógra faoin rún a thabhairt mar aon leis an ráiteas ar na cúiseanna. [...]

[...]

4.   I gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], is ionann an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)] ag neamhniú rún de KRS gan togra a dhéanamh le haghaidh ceapacháin mar bhreitheamh de chuid an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] agus glacadh le hiarratas ó rannpháirtí sa nós imeachta a rinne an t‑achomharc a thaisc, d’fholúntas mar bhreitheamh ag an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], post nach bhfuil, ar dháta a thugann an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)] a chinneadh, na h-imeachtaí ina leith os comhair KRS críochnaithe nó, i gcás nach bhfuil aon imeachtaí den sórt sin, don chéad fholúntas eile mar bhreitheamh san [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] arna fhoilsiú.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An Dlí maidir leis an gCód Sibhialta

24

Airteagal 385(1) den ustawa – Foráiltear leis an Kodeks cywilny (Dlí lena dtugtar isteach an Cód Sibhialta), an 23 Aibreán 1964 (Dz. U. de 1964 Uimh. 16), sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí:

“Ní bheidh na clásail chonarthacha arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóir nach ndearnadh caibidlíocht aonair orthu ina gceangal ar an tomhaltóir nuair a shainítear leo cearta agus oibleagáidí an tomhaltóra ar bhealach atá contrártha leis an moráltacht, agus dochar follasach á dhéanamh dá leasanna (clásail neamhdhleathacha). Ní bhaineann an fhoráil seo le clásail lena sainítear príomhoibleagáidí na bpáirtithe, lena n-áirítear praghas nó luach saothair, má dhéantar iad a fhoirmliú ar bhealach aonchiallach.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Cód an Nós Imeachta Shibhialta

25

De bhun Airteagal 367 den ustawa — Kodeks postępowania cywilnego (Dlí lena dtugtar isteach Cód an Nós Imeachta Shibhialta) an 17 Samhain 1964, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí (“Cód an Nós Imeachta Shibhialta”):

“1.   Féadfar achomharc a thabhairt os comhair chúirt dara céime in aghaidh bhreithiúnas chúirt céadchéime.

2.   Déanann an chúirt réigiúnach scrúdú ar na hachomhairc i gcoinne bhreithiúnais na cúirte dúiche agus déanann an [Sąd Apelacyjny (Cúirt Achomhairc, an Pholainn)] scrúdú ar na hachomhairc i gcoinne bhreithiúnas na cúirte réigiúnaí ag an gcéad chéim.

3.   Déanann cúirt dara céime cás a scrúdú i bpainéal breithiúnach de thriúr breithiúna. I seomra iata, tabharfaidh an chúirt breith i bpainéal breithiúnach de bhreitheamh amháin, ach amháin nuair atá breithiúnas á thabhairt aici.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

26

Foráiltear le hAirteagal 379 den chód sin mar a leanas:

“Cuirfear an nós imeachta ar neamhní:

[...]

(4)

más rud é go bhfuil comhdhéanamh na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair contrártha leis na forálacha dlíthiúla nó má ghlac breitheamh a dícháilíodh go hiomlán páirt i scrúdú an cháis [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

27

Foráiltear le hAirteagal 398 den chód sin mar a leanas:

“1.   Féadfaidh páirtí achomharc ar phointí dlí a thaisceadh ar na forais seo a leanas:

[...]

(2)

sárú ar fhorálacha nós imeachta dá bhféadfadh fíorthionchar a bheith ag an locht sin ar thoradh na díospóide.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

28

I gcomhréir le hAirteagal 398(1) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta, “déanfaidh an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] an t-achomharc ar phointí dlí a scrúdú faoi raon feidhme an achomhairc agus na bhforas atá leis; faoi raon feidhme an achomhairc, cuirfidh sé neamhniú an nós imeachta san áireamh i dtús báire, áfach”.

[aistriúchán neamhoifigiúil]

29

Leagtar amach in Airteagal 398 den chód sin:

“1.   Má sheasann sí leis an achomharc ar phointe dlí, déanfaidh an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] an breithiúnas faoi achomharc ar fad nó cuid de a chur ar neamhní agus tarchuirfidh sí an cás ar ais chuig an gcúirt a thug an breithiúnas nó chuig cúirt eile den aicme chéanna le hathbhreithniú. [...]

2.   Má tharchuirtear an cás le hathbhreithniú, déanfaidh an chúirt an cás a scrúdú i bpainéal breithiúnach eile.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

30

Foráiltear le hAirteagal 401 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta:

“Is féidir a iarraidh go n-athosclófar imeachtaí neamhbhailíochta:

(1)

má tá duine nach bhfuil údaraithe tar éis suí ar an bpainéal breithiúnach gan cheadúnas nó má thug breitheamh a dícháilíodh go hiomlán breithiúnas agus nach raibh an páirtí in ann a agairt go n-eiseofaí é sula raibh feidhm res judicata ag an mbreithiúnas.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

31

Trí iarraidh an 28 Feabhra 2017, a rinneadh an 3 Márta 2017 os comhair an Sąd Okręgowy w Świdnicy (Cúirt Réigiúnach, Świdnica, an Pholainn), d’iarr BN, DM agus EN go n-ordófaí do Getin Noble Bank suim 175 107.10 zloty Polainnis (PLN) a íoc leo i gcomhpháirt agus go leithleach (tuairim is EUR 39485), mar aon le hús mainneachtana reachtúil, ag maíomh go bhfuil an sásra um innéacsú an chreidmheasa dá bhforáiltear i gconradh iasachta morgáiste arna innéacsú go hairgeadra eachtrach, eadhon, franc na hEilvéise (CHF), éagórach, chomh maith le héagothroime an chlásail árachais chuachta i gcás go ndiúltaítear morgáiste a fháil le linn na chéad trí mhí den chreidmheas seo.

32

Le breithiúnas an 21 Lúnasa 2018, d’ordaigh an chúirt sin do Getin Noble Bank suim iomlán PLN 16120,12 (tuairim is EUR 3634) a íoc leis na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, móide ús mainneachtana reachtúil, agus chuir sí aicmiú neamhdhleathach ar chlásail chonarthacha an chomhaontaithe creidmheasa atá i gceist sna príomhimeachtaí lenar cuireadh ar chumas an bhainc praghas fhranc na hEilvéise a shocrú go treallach, in ionad an mheánphraghais atá socraithe ag Narodowy Bank Polski (Banc Náisiúnta na Polainne) a chur san áireamh, gan, áfach, an sásra innéacsaithe a neamhbhailiú ina iomláine.

33

Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław, an Pholainn). Le breithiúnas an 28 Feabhra 2019, rinne an chúirt sin an breithiúnas sin a dheimhniú.

34

Tionscnaíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), ina áitíonn siad, go bunúsach, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, go ndéantar sárú leis an mbreithiúnas ar Airteagal 3851 den dlí maidir leis an gCód Sibhialta, a mhéid nach n-aithnítear leis go bhfágann cineál éagórach an chlásail innéacsaithe dá bhforáiltear sa chonradh atá i gceist sna príomhimeachtaí an sásra innéacsaithe iomlán dá bhforáiltear sa chonradh sin gan feidhm idir na páirtithe.

35

I gcomhthéacs inghlacthacht an achomhairc sin a scrúdú, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, agus í comhdhéanta de bhreitheamh den dlísheomra sibhialta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn) nach mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh, de bhua Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13, maidir leis an bhféidearthacht caingean a thionscnamh, bíodh sin de chineál riaracháin nó breithiúnach, chun a chinneadh an bhfuil na clásail chonarthacha éagórach agus an bhfuil foráil i ndlí na Polainne gur caingean bhreithiúnach í caingean den sórt sin. Dá bhrí sin, measann an chúirt a rinne an tarchur nach mór do chomhlacht náisiúnta a dhéanann cineál éagórach na gclásal conarthach a scrúdú na coinníollacha uile a chomhlíonadh chun é a aicmiú mar “chúirt nó binse”, de réir bhrí dhlí an Aontais.

36

Maidir leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go raibh painéal breithiúnach an Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław), a thug breithiúnas an 28 Feabhra 2019 atá faoi achomharc os comhair na cúirte a rinne an tarchur (“an breithiúnas faoi achomharc”), comhdhéanta de thriúr breithiúna, eadhon, FO, GP agus HK, a bhféadfaí a neamhspleáchas a thabhairt faoi cheist, ag féachaint do na himthosca a bhaineann lena gceapadh mar bhreithimh.

37

Deir an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, gurb é an chéad cheapachán de FO don phost mar bhreitheamh a tháinig as rún an 9 Márta 1978 ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Polainne, ansin gur ceapadh é mar bhreitheamh san Sąd Wojewódzki (an Chúirt Réigiúnach, an Pholainn) le rún an 18 Aibreán 1984 ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Polainne, agus ar deireadh gur ceapadh é mar bhreitheamh sa Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław) le cinneadh ó Uachtarán Phoblacht na Polainne an 23 Eanáir 1998, ar thogra ó KRS. Ceapadh GP agus HK do phoist mar bhreithiúna sa Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław) le cinntí ó Uachtarán Phoblacht na Polainne an 12 Márta 2015 agus an 16 Aibreán 2012 faoi seach.

38

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur ceapadh FO ina chéad phost mar bhreitheamh tráth a raibh Daon-Phoblacht na Polainne (“DPP”) ina Stát Cumannach agus measann sí go raibh a cheapachán ina dhiaidh sin ina bhreitheamh sa Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław) mar thoradh ar chinneadh ó chomhlachtaí neamhdhaonlathacha agus claonta roimhe sin. Ina theannta sin, tar éis dheireadh réimeas Cumannach DPP, ní dhearnadh aon athbhreithniú maidir leis an gcomhlíonadh, le linn na tréimhse ina raibh an réimeas sin i bhfeidhm, a bhí á dhéanamh ag na breithiúna arna gceapadh ag an réimeas sin, ar phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh.

39

Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur ina theannta sin, in 1998, nuair a ceapadh FO chuig Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław), ní hamháin nárbh ghá réasúnú a dhéanamh ar rúin KRS, ach nach raibh siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach ach oiread.

40

Ina theannta sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur chinn an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil), i mbreithiúnas an 20 Meitheamh 2017, nach raibh KRS ag feidhmiú ar bhealach trédhearcach idir 2000 agus 2018 agus go raibh comhdhéanamh a fhoirmíochtaí ag teacht salach ar an mBunreacht. De réir na cúirte a rinne an tarchur, ba le linn na tréimhse sin a ceapadh GP agus HK mar bhreithiúna ag Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław).

41

Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gá di, d’fhonn a áirithiú go n-urramófar an ceart maidir le cosaint dlí éifeachtach, scrúdú a dhéanamh cibé an bhfuil painéal breithiúnach an Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław), a thug an breithiúnas atá faoi achomharc, ag comhlíonadh na gceanglas maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, d’ainneoin forálacha bunreachtúla na Polainne lena ráthaítear do-aistritheacht na mbreithiúna.

42

De réir na cúirte a rinne an tarchur, ní mór scrúdú a dhéanamh ar na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla a bhaineann le ceapadh breithimh, ag gach céim de na himeachtaí breithiúnacha, d’fhonn neamhspleáchas an phainéil bhreithiúnaigh lena mbaineann sé, a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart an measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a dhéanamh in concreto, eadhon, tríd an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na socruithe chun breithiúna a cheapadh ar an gcás atá á scrúdú, a chur san áireamh.

43

De réir na cúirte a rinne an tarchur, dá ndéanfaí measúnú ar neamhspleáchas cúirte nó ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithimh in abstracto, eadhon, gan scrúdú a dhéanamh maidir le haon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag próiseas cheapachán an bhreithimh lena mbaineann ar an gcás atá á scrúdú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí teacht timpeall ar na rialacha a bhaineann le do-aistritheacht na mbreithiúna, ar rialacha iad atá leagtha síos i bprionsabal le forálacha bunreachtúla. I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach féidir, i bprionsabal, amhras a chaitheamh ar cheapachán breithimh i bhfianaise Bhunreacht agus chásdlí bunreachtúil na Polainne.

44

Dá bhrí sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, ní fhéadfaí muinín na ndaoine as na hinstitiúidí breithiúnacha a chaomhnú ach amháin dá ndéanfaí scrúdú in concreto ar “shaintréithe aonair” breithimh, amhail a sheasamh eiticiúil, i gcomhthéacs measúnú ar a neamhspleáchas.

45

Measann an chúirt a rinne an tarchur, ag féachaint do bhreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), nach féidir ach measúnú a dhéanamh in abstracto ar neamhspleáchas cúirte nó ar dhlíthiúlacht ceapacháin breithimh.

46

I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur gur lean Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), le breithiúnas an 5 Nollaig 2019, breithiúnas sin na Cúirte Breithiúnais agus chinn sí, ar an gcéad dul síos, nach raibh KRS ina chomhlacht neamhchlaonta agus neamhspleách ón reachtas agus ón bhfeidhmeannas agus, ar an dara dul síos, nach cúirt ná binse é, de réir bhrí dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, Dlísheomra Araíonachta an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach).

47

An 23 Eanáir 2020, ghlac na Dlísheomraí Sibhialta agus Coiriúla agus an Dlísheomra Saothair agus Slándála Sóisialta de chuid an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), rún comhpháirteach lena ndaingnítear an cásdlí a d’eascair as breithiúnas an 5 Nollaig 2019 dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, gan páirt a bheith glactha ag an mbreitheamh sa chúirt a rinne an tarchur.

48

De réir an bhreithimh sin, áfach, níl an rún sin ag teacht le rún eile an 8 Eanáir 2020, rún atá ceangailteach freisin, arna eisiúint ag an Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na cúirte céanna. Is léir ón rún sin, ar an gcéad dul síos, nuair a thugtar caingean os comhair an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) i gcoinne rún ó KRS maidir le hiarrthóir ar phost mar bhreitheamh, ní mór dó scrúdú a dhéanamh an bhfuil KRS neamhspleách i bhfianaise bhreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982) agus, ar an dara dul síos, nach bhféadfaidh an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) rún den sórt sin ó KRS a neamhniú ach amháin i gcás dhá chúinse, eadhon, má léiríonn an t-iarratasóir go raibh tionchar ag claontacht KRS ar ábhar an rúin sin nó, i gcás go bhfuil an breitheamh lena mbaineann ceaptha cheana féin agus ag féachaint don toirmeasc bunreachtúil ar bhailíocht gnímh ceapacháin breithimh a mheasúnú, má léiríonn an t-iarratasóir nach bhfuil an chúirt ina bhfuil an breitheamh lena mbaineann ina shuí neamhchlaonta agus neamhspleách.

49

Sna himthosca sin, chinn an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 [an chéad fhomhír agus an dara fomhír] den [Chairt] agus an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE chomh maith le hAirteagal 38 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir [93/13], a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn gurb ionann cúirt nó binse neamhspleách agus neamhchlaon, chomh maith le bheith cáilithe go hoiriúnach de réir bhrí dhlí an Aontais, agus cúirt nó binse ina suíonn duine arna cheapadh den chéad uair mar bhreitheamh nó arna cheapadh ina dhiaidh sin do leithéid de phost (i gcúirt níos airde) ag comhlacht polaitiúil de chuid feidhmeannas Stát ollsmachtach agus neamhdhaonlathach atá faoi réimeas Cumannach (‘Comhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Polainne’), ar thogra ó Aire Dlí agus Cirt an Stáit sin, ag cur san áireamh, go háirithe, [...] nádúr neamh-trédhearcach na gcritéar ceapacháin, [...] an fhéidearthacht breitheamh a chur as oifig tráth ar bith, [...] nár ghlac comhlacht féinrialála breithiúnach ná [...] údaráis phoiblí inniúla arna gcomhdhéanamh i dtoghcháin dhaonlathacha páirt sa nós imeachta ceapacháin, cás a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine i sochaí dhaonlathach?

(2)

An bhfuil sé ábhartha maidir leis an bhfreagra ar [an gcéad cheist] go bhféadfadh sé gur ceapadh breitheamh ina dhiaidh sin (i gcúirteanna níos airde) ar bhonn tréimhse iomchuí oibre (an tsinsearacht) a aithint agus ar bhonn measúnaithe ar an obair a rinneadh i bpost inar ceapadh an duine sin, den chéad uair ar a laghad, ag na húdaráis pholaitiúla dá dtagraítear sa [céad cheist] agus ar bhonn an nós imeachta a thuairiscítear ann, cás a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine i sochaí dhaonlathach?

(3)

An bhfuil sé ábhartha maidir leis an bhfreagra ar [an gcéad cheist] nach raibh an ceapachán a rinneadh ina dhiaidh sin ar oifig bhreithiúnach [i gcúirteanna níos airde, cé is moite den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] faoi réir an choinníll go dtabharfaí mionn breithiúnach chun meas a léiriú ar luachanna sochaí dhaonlathach, agus [...] gur gheall an duine lena mbaineann, tráth a chéad cheapacháin, go gcaomhnófaí córas polaitiúil an Stáit Chumannaigh agus ‘riail dhlí na ndaoine’, cás a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine i sochaí dhaonlathach?

(4)

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 [an chéad fhomhír agus an dara fomhír] den Chairt agus an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE chomh maith le hAirteagal 38 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13, a léirmhíniú ar chaoi a gchiallaíonn gurb ionann cúirt nó binse neamhspleách agus neamhchlaon, chomh maith le bheith cáilithe go hoiriúnach de réir bhrí dhlí an Aontais, agus cúirt nó binse ina suíonn duine arna cheapadh den chéad uair mar bhreitheamh nó arna cheapadh ina dhiaidh sin do leithéid de phost (i gcúirt níos airde), agus sárú soiléir á dhéanamh ar rialacha bunreachtúla Ballstáit den Aontas Eorpach, ar an bhforas go ndearnadh an comhlacht a d’ainmnigh an duine sin mar iarrthóir agus a cheap é ina dhiaidh sin mar bhreithimh [eadhon, an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna)] a bhunú in aghaidh bhunreacht Ballstáit den Aontas [...], mar a chinn Cúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit sin, cás a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine i sochaí dhaonlathach?

(5)

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 [an chéad fhomhír agus an dara fomhír] den Chairt agus an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE chomh maith le hAirteagal 38 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn gurb ionann cúirt nó binse neamhspleách agus neamhchlaon, chomh maith le bheith cáilithe go hoiriúnach de réir bhrí dhlí an Aontais, agus cúirt nó binse ina suíonn duine, arna cheapadh den chéad uair mar bhreitheamh nó arna cheapadh ina dhiaidh sin do leithéid de phost (i gcúirt níos airde), a bhí roghnaithe mar iarrthóir le haghaidh ceapacháin den sórt sin i nós imeachta os comhair comhlachta measúnaithe iarrthóra [an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna)] más rud é nár chomhlíon an nós imeachta na critéir maidir le poiblíocht agus trédhearcacht na rialacha maidir le roghnú iarrthóirí, cás a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine i sochaí dhaonlathach?

(6)

An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, arna léamh i gcomhar leis [an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír] d’Airteagal 47 den Chairt agus leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, Airteagal 38 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, d’fhonn cosaint dlí éifeachtach a áirithiú mar mhodh chun cosc a chur ar úsáid chórasach téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag díoltóir nó ag soláthróir, go bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt is airde de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach [an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] an measúnú seo a leanas a dhéanamh, as a stuaim féin, ag gach céim de na himeachtaí:

(a)

an gcomhlíonann an chúirt dá dtagraítear [sa chéad agus sa cheathrú ceist] na critéir de chúirt neamhspleách agus neamhchlaon, mar aon le cúirt atá cáilithe go hoiriúnach de réir bhrí dhlí an Aontais, beag beann ar thionchar an mheasúnaithe ar na critéir a leagtar amach sna ceisteanna sin maidir le hinneachar an chinnidh maidir le héagóir téarma chonarthaigh, agus, ina theannta sin,

(b)

an bhfuil na himeachtaí os comhair na cúirte dá dtagraítear i [gceisteanna 1 agus 4] bailí [?]

(7)

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar leis [an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír] d’Airteagal 47 den Chairt agus leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, le hAirteagal 38 den Chairt agus le hAirteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh forálacha bunreachtúla de chuid Ballstáit den Aontas Eorpach [...] a bhaineann le heagrú na gcúirteanna nó breithiúna a cheapadh agus lena gcuirtear bac ar mheasúnú ar éifeachtacht cheapadh breithimh, i gcomhréir le dlí an Aontais [...], bac a chur ar chinneadh nach bhfuil cúirt neamhspleách nó nach bhfuil breitheamh a shuíonn uirthi neamhspleách mar gheall ar na cúinsí dá dtagraítear i [gceisteanna 1 go 5]?”

Iarraidh ar nós imeachta brostaithe agus ar chóir tosaíochta

50

D’iarr an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt déileáil leis an gcás seo faoin nós imeachta brostaithe de bhun Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca leis an iarraidh sin, mhaígh sí go raibh bonn cirt le nós imeachta den sórt sin a thionscnamh, go bunúsach, ní hamháin chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an bhreithiúnais atá faoi achomharc, ach freisin chun dlíthiúlacht na conspóide a chinneadh, ag féachaint do dhlí an Aontais, do stádas bunreachtúil roinnt breithiúna ón bPolainn, agus, dá bhrí sin, chun cineál agus éifeachtaí na mbreithiúnas arna dtabhairt ag painéil na mbreithiúna sin a chinneadh. Thairis sin, tá bonn cirt le nós imeachta den sórt sin toisc go bhféadfadh breithiúnas na Cúirte sa chás seo léirmhíniú dhlí an Aontais a fhorlíonadh d’fhonn contrárthacht idir an Bunreacht agus dlí an Aontais a sheachaint, mar a léirmhínítear i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), agus cinntí chúirteanna na Polainne a tugadh ar bhonn an bhreithiúnais sin.

51

Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte, ar iarratas ón gcúirt a rinne an tarchur, go heisceachtúil, uaidh féin, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, i gcás go n-éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, agus, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú.

52

Ní mór a mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ionstraim nós imeachta é an nós imeachta brostaithe sin atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar ábhair a bhfuil práinn eisceachtúil ag baint leo. Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach féidir an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil sé deacair, mar gheall ar chineál íogair agus casta na bhfadhbanna dlíthiúla a eascraíonn as cás, chun nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm, go háirithe más cosúil nach bhfuil sé oiriúnach an chuid i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte a ghiorrú (breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus páirtithe eile, C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19, EU:C:2021:393, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Sa chás seo, le hordú an 8 Bealtaine 2020, dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, don iarraidh go ndéileálfaí leis an gcás reatha faoin nós imeachta brostaithe. Cé nach bhfuil aon chomhghaol, i bprionsabal, idir an méid deacrachta atá le cás agus an phráinn atá le breith a thabhairt air, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sé deacair cineál íogair agus casta na bhfadhbanna dlíthiúla a eascraíonn as an gcás seo a chur i bhfeidhm le nós imeachta brostaithe (féach, mutatis mutandis, ordú Uachtarán na Cúirte an 18 Deireadh Fómhair 2017, Weiss agus páirtithe eile, C‑493/17, nár foilsíodh, EU:C:2017:792, mír 13). Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a chur in iúl gur tháinig an t-ordú tarchuir chuig an gCúirt beagnach trí mhí i ndiaidh dó a bheith tugtha, rud a thugann le fios nach mbaineann an cás reatha le cás práinne urghnách.

54

Mar sin féin, i bhfianaise na n-argóintí a léirigh an chúirt a rinne an tarchur, chinn Uachtarán na Cúirte, an 8 Bealtaine 2020, tosaíocht a thabhairt don chás reatha, de bhun Airteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt

55

Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 29 Nollaig 2021, d’iarr Rialtas na Polainne go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta.

56

Mar thaca leis an iarraidh sin, bhí an rialtas sin ag brath ar an bhfíoras gur chuir an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) cinneadh na cúirte céanna sin ar neamhní le cinneadh an 13 Nollaig 2020, ach gur tugadh an cinneadh sin i bpainéal breithiúnach eile, ar an bhforas, go háirithe, nach raibh aon ráthaíocht ann go raibh caighdeán neamhspleáchais agus neamhchlaontachta na gcúirteanna comhlíonta ag an gcúirt sin. De réir an rialtais sin, athneartaítear, le hábhar an chinnidh sin agus leis na hiarmhairtí a eascraíonn as, na hargóintí atá curtha ar aghaidh aige cheana féin os comhair na Cúirte sa chás seo agus, dá bhrí sin, is fiú scrúdú a dhéanamh air i gcomhthéacs an chinnidh sin.

57

I ndáil leis sin, ba chóir a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n-athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair, nó i gcás, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid sin den nós imeachta, ina dtíolacfaidh páirtí fíoras nua a mbeidh a chineál ina thoisc chinntitheach ar bhreith na Cúirte.

58

Sa chás seo, measann an Chúirt, áfach, tar éis di éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, go bhfuil, ag deireadh na céime scríofa den nós imeachta agus na héisteachta a tionóladh os a comhair, an fhianaise go léir is gá aici chun rialú a dhéanamh ar an iarraidh ar réamhrialú seo. Thairis sin, tugann sí dá haire nach léirítear leis an iarraidh a rinne Rialtas na Polainne an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt aon fhíoras nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh a iarrtar air dá bhrí sin.

59

Ní éilíonn Rialtas na Polainne go bhfuil aon tionchar ag an gcinneadh a rinneadh an 13 Nollaig 2020 ón Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) ar na príomhimeachtaí. Ní áitíonn an Rialtas ach go ndéanann na cúiseanna atá leagtha amach sa chinneadh sin “na hargóintí a athneartú”, maidir leis na hargóintí atá curtha faoi bhráid na Cúirte aige cheana féin sa chás seo.

60

Sna himthosca sin, ní gá a ordú go n-athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta.

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

61

Cuireann an Rzecznik Praw Obywatelskich (Ombudsman, an Pholainn) isteach go bhfuil an t-iarraidh ar réamhrialú sin neamh-inghlactha mar gheall ar lochtanna i gceapadh an bhreithimh, arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur, do phost an bhreithimh agus mar gheall ar amhras a d’fhéadfadh a bheith ann go dlisteanach maidir lena neamhspleáchas agus lena neamhchlaontacht.

62

I ndáil leis sin, maíonn an t-Ombudsman, ar an gcéad dul síos, nach féidir, sa chás reatha, an breitheamh sin a aicmiú mar “chúirt nó binse” de réir bhrí dhlí an Aontais. Le cineál agus tromchúis na lochtanna i gceapadh an bhreithimh, arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur, don phost mar bhreitheamh, bhainfí an bonn d’éifeachtacht an phróisis ceapacháin agus, dá bhrí sin, bheadh sé ina chúis leis an mbreitheamh sin ag cailleadh a stádais sa chúirt. Dar leis, tá na lochtanna sin de chineál a fhágann nach féidir an breitheamh sin a mheas mar chúirt atá bunaithe go bailí, a chomhlíonann critéar binse “arna bhunú le dlí”.

63

Ar an dara dul síos, maíonn an t-Ombudsman nach féidir, leis an measúnú ar na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha go léir a bhaineann leis an bpróiseas chun an breitheamh arb ionann é agus chúirt a rinne an tarchur a cheapadh, aon amhras dlisteanach maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh sin a chur as an áireamh.

64

Dá bhrí sin, de réir an Ombudsman, ní chomhlíonann an breitheamh arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur an dá chritéar riachtanacha chun a bheith ina “chúirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, eadhon, a bheith bunaithe le dlí agus neamhspleách agus neamhchlaonta. Is leor mainneachtain ar chomhlíonadh na gceanglas sin, go carnach nó ina n-aonar, chun cinneadh a dhéanamh nach bhfuil an chúirt a rinne an tarchur i dteideal ceisteanna a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú i gcomhthéacs an nós imeachta comhair dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE.

65

Tugann an Coimisiún Eorpach dá aire, gan líomhain go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú neamh-inghlactha, go raibh gníomh ceapacháin an bhreithimh arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) bunaithe ar rún ó KRS an 28 Lúnasa 2018. Cé gur cuireadh forfheidhmiú an rúin sin ar fionraí le horduithe ón Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin) an 27 Meán Fómhair agus an 8 Deireadh Fómhair 2018, cheap Uachtarán Phoblacht na Polainne an breitheamh sin, mar sin féin, don Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach). Sna himthosca sin, measann an Coimisiún go bhfuil amhras ann i dtaobh cibé an gcomhlíonann an breitheamh sin an ceanglas a bheith ina “bhinse arna bhunú roimh ré le dlí”, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt.

66

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, de réir chásdlí socair na Cúirte, chun a chinneadh an “cúirt nó binse” é an comhlacht a rinne an tarchur lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, ceist a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais amháin, agus ar an gcaoi sin d’fhonn a chinneadh an bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha, go gcuireann an Chúirt san áireamh roinnt toscaí, amhail, inter alia, bunús dleathach an chomhlachta, a bhuaine, cineál éigeantach a dhlínse, cineál inter partes a nós imeachta, cur i bhfeidhm rialacha dlí arna dhéanamh ag an gcomhlacht lena mbaineann agus a neamhspleáchas (breithiúnais an 21 Eanáir 2020, Banco de Santander, C-274/14, EU:C:2020:17, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 42).

67

Sa chás seo, tá an iarraidh ar réamhrialú tugtha ag an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), atá faoi cheangal, agus oibleagáid air rialú a thabhairt in limine litis ar inghlacthacht an achomhairc dá dtagraítear i mír 34 den bhreithiúnas seo, ar bhonn an dlí náisiúnta, scrúdú a dhéanamh chuige sin ar dhlíthiúlacht chomhdhéanamh an phainéil bhreithiúnaigh a thug an breithiúnas atá faoi achomharc.

68

Ní chonspóidtear go gcomhlíonann an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) na ceanglais atá leagtha amach i mír 66 den bhreithiúnas seo. Is í an cheist a chuireann an t-Ombudsman sa chás seo ná cibé an gcomhlíonann an breitheamh lena mbaineann, atá ina shuí mar bhreitheamh aonair sa phainéal a rinne an iarraidh reatha ar réamhrialú chuig an gCúirt, na ceanglais nach mór do chomhlacht a shásamh chun go n-aicmeofaí é mar “chúirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

69

Mar sin féin, a mhéid a dhéanann cúirt náisiúnta iarraidh ar réamhrialú, ní mór a thoimhdiú go gcomhlíonann an chúirt sin na ceanglais sin, dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo, beag beann ar a chomhdhéanamh iarbhír.

70

Is léir ó chásdlí socraithe, in imeachtaí le haghaidh réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, nach faoin gCúirt atá sé, i bhfianaise leithdháileadh na bhfeidhmeanna idir í siúd agus an chúirt náisiúnta, a chinneadh ar tugadh an t‑ordú tarchuir i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le heagrú agus nós imeachta na gcúirteanna. Dá bhrí sin, ní mór don Chúirt seasamh leis an ordú tarchuir ó chúirt de chuid Ballstáit, fad is nár cuireadh ar leataobh é i gcomhthéacs aon leigheasanna dlí dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta (breithiúnais an 14 Eanáir 1982, Reina, 65/81, EU:C:1982:6, mír 7, agus an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 44).

71

Thairis sin, ní mór a chur in iúl gurb é an nós imeachta um tharchur chun réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE bunchloch chóras breithiúnach an Aontais a bhunaítear leis na Conarthaí lena dtionscnaítear idirphlé idir cúirt amháin agus cúirt eile, go háirithe idir an Chúirt Bhreithiúnais agus cúirteanna agus binsí na mBallstát, arb é is aidhm dó aontacht maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a chomhsheasmhacht, a lánéifeacht agus a uathriail a áirithiú agus, ar deireadh, cineál sonrach an dlí arna bhunú leis na Conarthaí [breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Ainmniú na mBreithiúna sa Chúirt Uachtarach — Achomharc), C-824/18, EU:C:2021:153, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear].

72

Féadfar an toimhde a leagtar amach i mír 69 den bhreithiúnas seo a bhréagnú, mar sin féin, i gcás ina mbainfí de thátal as cinneadh breithiúnach críochnaitheach arna thabhairt ag cúirt náisiúnta nó idirnáisiúnta nach bhfuil an breitheamh arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur ina bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i bhfianaise an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt.

73

Sa chás seo, ós rud é nach raibh an Chúirt ar an eolas, tráth ar tugadh an chuid ó bhéal den nós imeachta chun críche, go raibh an breitheamh arb ionann é agus an chúirt a rinne an tarchur lena mbaineann faoi réir cinneadh breithiúnach críochnaitheach den sórt sin, ní fhéadfadh, de bharr aon locht sa nós imeachta náisiúnta maidir le ceapadh an bhreithimh sin, an iarraidh reatha ar réamhrialú a bheith neamh-inghlactha.

74

Ní mór a thabhairt le fios go bhfuil feidhm ag an toimhde dá dtagraítear i mír 69 den bhreithiúnas seo chun críocha measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht iarrataí ar réamhrialú, i gcomhthéacs Airteagal 267 CFAE, agus chun na gcríoch sin amháin. Ní féidir a thuiscint uaidh sin gur gá go mbeifí in ann, de bharr na gcoinníollacha maidir le ceapadh na mbreithiúna arb ionann iad agus an chúirt a rinne an tarchur, na ráthaíochtaí a chomhlíonadh maidir le rochtain ar bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE nó Airteagal 47 den Chairt.

75

Ar deireadh, ní mór a lua, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 77 dá Thuairim, go bhféadfadh gá a bheith le measúnú difriúil ón measúnú a d’eascair as mír 68 go 74 den bhreithiúnas seo in imthosca, lasmuigh de staid phearsanta an bhreithimh nó na mbreithiúna a thíolacann iarraidh go foirmiúil faoi Airteagal 267 CFAE, ina bhfuil iarmhairtí ann, mar gheall ar ghnéithe eile, d’fheidhmiú na cúirte a rinne an tarchur a bhfuil na breithiúna sin inti agus, ar an gcaoi sin, a rannchuidíonn le difear a dhéanamh do neamhspleáchas agus do neamhchlaontacht na cúirte sin.

76

Is léir ón méid sin roimhe seo go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

Ceisteanna 1 go 5

Réamhbharúlacha

77

Baineann an chéad cheist go dtí an cúigiú ceist arna dtarchur chun réamhrialú le léirmhíniú Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar leis an gcéad mhír agus leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt agus leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, chomh maith le hAirteagal 38 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13.

78

Mar sin féin, is léir ó fhorais an ordaithe tarchuir go mbaineann na ceisteanna sin, go bunúsach, le léirmhíniú ar phrionsabal neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbinsí, ar a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13, go bunúsach, go bhféadfaidh tomhaltóirí cosc a chur ar úsáid leanúnach téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag díoltóir nó ag soláthróir, go háirithe trí imeachtaí a thabhairt os comhair na mbinsí inniúla, agus go mbaineann an cás sna príomhimeachtaí, go háirithe, le haitheantas éagórach na dtéarmaí conarthacha.

79

Sna himthosca sin, ní gá an chéad cheist go dtí an cúigiú ceist a scrúdú ach amháin i bhfianaise an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13.

An chéad cheist go dtí an tríú ceist

80

Leis an gcéad cheist agus an tríú ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a gchiallaíonn go dtoirmeasctar aicmiú mar bhinse neamhspleách neamhchlaon do phainéal breithiúnach de chuid Ballstáit ina bhfuil breitheamh ag suí agus é ceaptha den chéad uair chun poist den sórt sin nó inar tháinig a cheapacháin ina dhiaidh sin chuig cúirt níos airde mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh ag comhlacht de réimeas neamhdhaonlathach a bhí ann sa Bhallstát sin roimh a aontachas leis an Aontas, agus lena n-áirítear cás ina raibh ceapacháin an bhreithimh sin chuig cúirteanna tar éis dheireadh an réimis sin bunaithe, go háirithe, ar an sinsearacht a fuair an breitheamh sin le linn na tréimhse a raibh an córas sin i bhfeidhm nó i gcás nár ghlac sé nó sí an mionn breithiúnach ach amháin nuair a bhí sé nó sí ceaptha ina bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht den réimeas céanna sin.

81

Baineann an chéad cheist go dtí an tríú ceist le trí chúinse a bhaineann le ceapadh FO, atá ar dhuine den triúr breithiúna a chomhdhéanann an painéal breithiúnach a thug an breithiúnas atá faoi achomharc, a measann an chúirt a rinne an tarchur a bheith ina bhfadhb i bhfianaise na bhforálacha dá dtagraítear i mír 80 den bhreithiúnas seo.

82

Ar an gcéad dul síos, luann an chúirt a rinne an tarchur go raibh FO ceaptha mar bhreitheamh den chéad uair ag Comhairle Stáit DPP, a bhí ina chomhlacht polaitiúil d’fheidhmeannas DPP, ar thogra ón Aire Dlí agus Cirt a bhí ann ag an am agus de bhua Dhlí Foraithne an 6 Feabhra 1928 maidir le heagrú na ngnáthchúirteanna, gan an ceapachán sin a bheith bunaithe ar chritéir thrédhearcacha, gan comhlacht féinrialála breithiúnach ná údarás poiblí arna bhunú tar éis toghcháin dhaonlathacha a bheith rannpháirteach sa nós imeachta chun an breitheamh sin a cheapadh, agus gan é a bheith ráthaithe go bhfuil FO do-aistrithe.

83

Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhféadadh FO a bheith ceaptha ina dhiaidh sin chun poist mar bhreitheamh i gcúirteanna níos airde bunaithe ar a shinsearacht mar bhreitheamh le linn tréimhse ina raibh réimeas cumannach i bhfeidhm sa Pholainn agus ar mheasúnú ar a chuid dualgas mar bhreitheamh i bpost ar cheap an réimeas céanna sin chuige é.

84

Ar an tríú dul síos, luann an chúirt a rinne an tarchur nár ghlac FO mionn breithiúnach tar éis dheireadh réimeas Cumannach DPP, ach nuair a ceapadh é mar bhreitheamh den chéad uair leis an réimeas sin, gheall sé, go háirithe, go gcosnódh sé córas polaitiúil an Stáit Chumannaigh.

85

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i dtús báire, go mbaineann na ceisteanna arna lua le himthosca a tharla roimh an 1 Bealtaine 2004, dáta aontachais Phoblacht na Polainne leis an Aontas Eorpach.

86

Ba cheart a mheabhrú nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais dlí an Aontais a léirmhíniú ach amháin maidir lena chur i bhfeidhm i mBallstát nua ó dháta a aontachais leis an Aontas (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Eanáir 2006, Ynos, C-302/04, EU:C:2006:9, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach mbaineann an cheist a iarrtar ar an gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh in limine litis le cás a raibh a iarmhairtí uile ag teacht as roimh aontachas Phoblacht na Polainne leis an Aontas (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Meán Fómhair 2014, X, C-318/13, EU:C:2014:2133, mír 23, agus an 6 Deireadh Fómhair 2016, Paoletti agus páirtithe eile, C-218/15, EU:C:2016:748, mír 41). Is leor a thabhairt faoi deara, cé go raibh sé ceaptha don phost mar bhreitheamh roimh an aontachas sin, go bhfuil stádas breithimh ag FO faoi láthair agus go gcomhlíonann sé feidhmeanna a chomhfhreagraíonn don stádas sin.

88

Ós rud é go ndearnadh an cinneadh sin maidir le dlínse na Cúirte, ba cheart a mheabhrú, cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoi inniúlacht na mBallstát, go bhfuil sé fós de cheanglas ar na Ballstáit, i bhfeidhmiú na dlínse sin, a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh (breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C-896/19, EU:C:2021:311, mír 48).

89

Mar a fhoráiltear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, is faoi na Ballstáit atá sé córas leigheasanna agus nósanna imeachta dlíthiúla a bhunú lena n-áiritheofar do dhaoine aonair go gcomhlíonfar a gceart chun cosanta dlí éifeachtaí sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais. Is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí ar chearta dhaoine aonair arna dtabhairt dóibh le dlí an Aontais, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, a eascraíonn as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, a chumhdaítear in Airteagail 6 agus 13 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (“CECD”), agus a dhearbhaítear anois in Airteagal 47 den Chairt. Ní mór, dá bhrí sin, an fhoráil deiridh sin a chur san áireamh go cuí chun an dara fomhír d’Airteagal 19(1) a léirmhíniú [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 102 agus an cásdlí dá dtagraítear].

90

Maidir le raon feidhme ábhartha an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, tagraítear leis an bhforáil sin do “réimsí atá folaithe le dlí an Aontais”, beag beann ar an gcás ina gcuireann na Ballstáit an dlí sin chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear].

91

De bhua an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, ní mór do gach Ballstát a áirithiú, dá bhrí sin, go háirithe maidir le comhlachtaí atá mar “chúirteanna nó binsí” de réir bhrí dhlí an Aontais, faoi chuimsiú a chórais leigheasanna dlíthiúla sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais agus atá, dá bhrí sin, in ann rialú, sa cháil sin, ar chur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais, go gcomhlíonann siad ceanglais na cosanta dlí éifeachtaí [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán), C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear].

92

Sa chás seo, táthar ar aon toil go bhfuil gnáthchúirt na Polainne, amhail Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław) ar iarradh uirthi, mar a tharla i gcomhthéacs an cháis sna príomhimeachtaí, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm agus léirmhíniú fhorálacha dhlí an Aontais, eadhon, na forálacha sin de Threoir 93/13, agus í ina “cúirt nó binse” de réir bhrí an dlí sin, faoi réim chóras leigheasanna dlí na Polainne sna “réimsí atá folaithe le dlí an Aontais”, de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE, agus go gcaithfidh sí dá dheasca sin ceanglais na cosanta dlí éifeachtaí a chomhlíonadh.

93

D’fhonn a áirithiú go mbeidh cúirt nó binse den sórt sin in ann an chosaint dlí éifeachtach a éilítear faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a sholáthar, tá caomhnú a neamhspleáchais agus a neamhchlaontachta riachtanach, mar a dheimhnítear sa dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ina luaitear rochtain ar bhinse “neamhspleách” mar cheann de na ceanglais atá nasctha leis an gceart bunúsach chun leigheas éifeachtach a fháil [breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear].

94

Mar a thug an Chúirt le fios arís agus arís eile, tá an ceanglas sin maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht cúirteanna agus binsí, atá ina ghné dhílis den chúram a bhaineann le breithiúnas a thabhairt, mar chuid lárnach den cheart chun cosanta dlí éifeachtaí agus den cheart bunúsach chun trialach córa, a bhfuil ríthábhacht ag gabháil leis mar ráthaíocht ar chosaint na gceart uile arna dtabhairt do dhaoine aonair le dlí an Aontais agus ar chaomhnú na luachanna is coiteann do na Ballstáit, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, go háirithe maidir le luach riail an dlí [breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear].

95

De réir cásdlí socraithe, leis na ráthaíochtaí sin maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, glactar leis go bhfuil rialacha ann, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta bhreithiúnaigh sin, an ceapachán chuige, an fad seirbhíse, agus na cúiseanna le tarraingt siar a gcomhaltaí, agóid ina n-aghaidh, agus iad a chur as post, lena gcuirtear deireadh le haon amhras réasúnta in aigne na ndaoine, maidir le neamh-thréscaoilteacht an chomhlachta sin i leith imthosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair (breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear].

96

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go gcosnófar breithiúna ar idirghabhálacha seachtracha nó ar bhrú lena bhféadfaí a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a chur i mbaol. Leis na rialacha is infheidhme maidir le stádas na mbreithiúna agus le feidhmiú a gcúram mar bhreithimh, ní mór, go háirithe, go mbeifí in ann ní hamháin aon tionchar díreach a eisiamh, i bhfoirm treoracha, ach freisin na cineálacha tionchair níos indírí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chinntí na mbreithiúna lena mbaineann, agus ar an gcaoi sin aon chuma go bhfuil easpa neamhspleáchais nó neamhchlaontachta ag na breithiúna sin a eisiamh, ar tionchar é a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín nach mór don cheartas a spreagadh i ndaoine aonair i sochaí dhaonlathach atá faoi réir an smachta reachta [breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C-748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear].

97

Dá bhrí sin, ní mór do na coinníollacha substainteacha agus do na rialacha nós imeachta lena rialaítear na cinntí lena gceaptar breithiúna a bheith de chineál nach féidir leo, in aigne na ndaoine, a bheith ina gcúis le hamhras dlisteanach ar neamh-thréscaoilteacht na mbreithiúna lena mbaineann i leith imthosca seachtracha agus ar a neodracht maidir leis na leasanna os a gcomhair, a luaithe a bhfuil na breithiúna sin ceaptha. Go háirithe, ní mór na téarmaí agus na coinníollacha sin a shamhlú ar bhealach chun na ceanglais a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C-896/19, EU:C:2021:311, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

98

Tá feidhm go háirithe ag na ceanglais a leagtar amach i míreanna 94 go 97 den bhreithiúnas seo ar chúirt, arna dílsiú le dlí Ballstáit, a bhfuil dlínse aici chun a ordú cosc a chur ar úsáid na dtéarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag díoltóir nó ag soláthróir, de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13. Athdheimhnítear leis an bhforáil dheireanach sin an ceart do thomhaltóirí a mheasann go bhfuil éagóir á déanamh orthu féin ag téarmaí den sórt sin chun leigheas éifeachtach a fháil.

99

Ina theannta sin, sa díospóid sna príomhimeachtaí, tá na hiarratasóirí ag lorg cúitimh as an damáiste a mhaíonn siad a d’fhulaing siad de dheasca chineál éagórach na dtéarmaí dá dtagraítear i mír 31 den bhreithiúnas seo, de réir bhrí na treorach sin. Freagraítear leis an díospóid sin do chás a rialaítear le dlí an Aontais, ionas go mbeidh na hiarratasóirí i dteideal brath ar an gceart chun cosanta dlí éifeachtaí a ráthaítear dóibh le hAirteagal 47 den Chairt [féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C-585/18, C-624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 81].

100

Lena céad trí cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil tionchar ag na himthosca a bhí ann roimh aontachas Phoblacht na Polainne leis an Aontas, dá dtagraítear i míreanna 82 go 84 den bhreithiúnas seo, ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht breithimh atá ina chuid de chomhdhéanamh painéil breithiúna faoi láthair.

101

Ní fhéadfaí tionchar den sórt sin a chinneadh ach amháin dá léireofaí caidreamh idir na rialacha náisiúnta faoinar tharla na cúinsí sin agus teacht chun cinn an amhrais dhlisteanaigh agus thromchúisigh atá ann faoi láthair, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann.

102

Is ar an measúnú sin amháin atá amhras na cúirte a rinne an tarchur bunaithe ar an tuiscint nach bhfuil breithiúna arna gceapadh ag comhlachtaí de chuid iar-réimeas neamhdhaonlathach na Polainne “neamhspleách”, ar an bhforas gur cheap na comhlachtaí sin iad, go bhfuair siad cuid dá sinsearacht le linn na tréimhse ina raibh an réimeas sin i bhfeidhm agus ar an bhforas gur i rith na tréimhse sin amháin a ghlac siad a mionn breithiúnach.

103

Cuireann an chúirt in iúl, cé gur cuireadh bearta saorghlanta áirithe chun feidhme tar éis dheireadh réimeas Cumannach DPP, ghlac an t-ord bunreachtúil daonlathach a lean an réimeas cumannach sin leis go bhféadfadh breithiúna arna gceapadh ag comhlachtaí DPP fanacht in oifig, i bprionsabal, mar a rinne Rialtas na Polainne a dhearbhú ag an éisteacht os comhair na Cúirte. Dá bhrí sin, baineann an chéad trí cheist le cás na mbreithiúna a fhanann ina bpost tar éis dheireadh an réimis neamhdhaonlathaigh de chuid DPP.

104

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go raibh ar Phoblacht na Polainne, le bheith páirteach san Aontas, na critéir atá le comhlíonadh ag na Stáit is iarrthóirí ar aontachas a chomhlíonadh, mar a bunaíodh le Comhairle Eorpach Chóbanhávan an 21 agus an 22 Meitheamh 1993. Go háirithe, ceanglaítear leis na critéir seo ar an stát is iarrthóir go bhfuil “institiúidí cobhsaí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, agus lena ráthaítear urraim agus cosaint do mhionlaigh” aige. Ar an gcaoi chéanna, sonraítear in Airteagal 49 CAE, lena bhforáiltear go bhféadfaidh aon Stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun a bheith ina bhall den Aontas, go bhfuil an tAontas comhdhéanta de Stáit a ghlac go saorálach agus go deonach leis na comhluachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear luach an smachta reachta, go n-urramaíonn sé na luachanna sin agus go ngeallann sé iad a chur chun cinn (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika, C-896/19, EU:C:2021:311, mír 61). Dá bhrí sin, tráth aontachas Phoblacht na Polainne leis an Aontas, measadh, i bprionsabal, go raibh an córas breithiúnach i gcomhréir le dlí an Aontais.

105

Sa chomhthéacs dá dtagraítear i míreanna 103 agus 104 den bhreithiúnas seo, ní chuireann an chúirt a rinne an tarchur aon fhianaise in iúl lena léireofaí an fáth go mbeadh coinníollacha an chéad cheapacháin, a rinneadh roimh dheireadh réimeas neamhdhaonlathach DPP, de bhreitheamh a choinnítear sa phost tar éis an cheapacháin sin, de chineál lena gcruthófaí amhras dlisteanach agus tromchúiseach, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh sin agus é ag gníomhú dá dhualgais bhreithiúnacha.

106

Go háirithe, ní léir ón ordú tarchuir go bhfuil aon mhíniú soiléir nithiúil ann maidir le conas is dóigh, mar thoradh ar na coinníollacha sin maidir le ceapachán breithimh den chéad uair, go bhféadfadh aon duine, institiúid nó comhlacht tionchar míchuí a imirt ar an mbreitheamh sin faoi láthair.

107

Leanann sé as na tosca sin nach féidir na cúinsí a bhaineann le céad cheapachán breithimh chuig an oifig sin, a tharla le linn na tréimhse ina raibh réimeas neamhdhaonlathach DPP i bhfeidhm, amhail iad siúd a aithníodh i míreanna 82 go 84 den bhreithiúnas seo, a mheas ar chaoi go dtarraingítear amhras dlisteanach agus tromchúiseach leo, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh sin agus é ag gníomhú dá dhualgais bhreithiúnacha ina dhiaidh sin.

108

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an tríú ceist ná nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, i gcás ina bhfuil breitheamh ceaptha den chéad uair chun poist den sórt sin nó inar tháinig a cheapacháin ina dhiaidh sin chuig cúirt níos airde mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh ag comhlacht de réimeas neamhdhaonlathach a bhí ann sa Bhallstát sin roimh a aontachas leis an Aontas, agus lena n-áirítear cás ina raibh ceapacháin an bhreithimh sin chuig cúirteanna tar éis dheireadh an réimis sin bunaithe, go háirithe, ar an sinsearacht a fuair an breitheamh sin le linn na tréimhse a raibh an córas sin i bhfeidhm nó i gcás nár ghlac sé nó sí an mionn breithiúnach ach amháin nuair a bhí sé nó sí ceaptha ina bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht den réimeas céanna sin, nach bhfuil an méid sin ann féin ina chúis le hamhras dlisteanach agus tromchúiseach a chruthú, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann, ná, mar sin, stádas binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí ina bhfuil an breitheamh ina shuí a thabhairt faoi cheist.

An ceathrú agus an cúigiú ceist

109

Lena ceathrú agus a cúigiú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar aicmiú mar bhinse neamhspleách neamhchlaon, arna bhunú roimh ré le dlí, do phainéal breithiúnach atá ina chúirt nó binse de chuid Ballstáit ina bhfuil breitheamh ina shuí ar ceapadh é mar bhreitheamh den chéad uair nó ar ceapadh chuig cúirt níos airde é ina dhaidh sin tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta ar bhonn forálacha reachtacha arna ndearbhú ina dhiaidh sin ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin a bheith míbhunreachtúil, nó tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta go rialta ach tar éis nós imeachta nach raibh trédhearcach, poiblí, ná faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

110

Maidir leis an gcéad chúinse, luann an chúirt a rinne an tarchur gur chinn an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil), i mbreithiúnas an 20 Meitheamh 2017, inter alia, go bhfuiltear ar neamhréir le hAirteagal 187(3) den Bhunreacht — lena bhforáiltear gur ceithre bliana atá i dtéarma oifige chomhaltaí tofa KRS — le hAirteagal 13(3) de Dhlí an 12 Bealtaine 2011 maidir le KRS, a léirmhínítear ar chaoi a thuigtear go bhfuil cineál aonair ag téarma oifige chomhaltaí KRS a roghnaítear as measc breithiúna na ngnáthchúirteanna. Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ós rud é gur ceapadh beirt chomhaltaí den phainéal breithiúnach a thug an breithiúnas atá faoi achomharc chuig poist mar bhreithiúna ag Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc Wrocław) ar bhonn rúin arna ghlacadh ag KRS i gcomhdhéanamh a d’eascair, do thromlach a chomhaltaí, as forálacha reachtacha a dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil) ina dhiaidh sin a bheith míbhunreachtúil, cibé an bhfuil nó nach bhfuil tionchar ag an méid sin ar neamhspleáchas na mbreithiúna sin.

111

Maidir leis an dara imthoisc, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, le linn na tréimhse díreach i ndiaidh dheireadh réimeas Cumannach DPP, gur ceapadh na breithiúna arna gceapadh ag an réimeas sin chuig poist bhreithiúnacha i gcúirteanna níos airde, tar éis nós imeachta a tharla os comhair KRS nuachruthaithe, nach raibh trédhearcach ná poiblí, áfach, agus ina theannta sin, nach raibh rúin KRS oscailte d’athbhreithniú breithiúnach go dtí 2007. I bhfianaise na fianaise sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir, de bharr gur ceapadh comhalta den phainéal breithiúnach a thug an breithiúnas atá faoi achomharc chuig Sąd Apelacyjny we Wrocławiu (Cúirt Achomhairc, Wrocław) le linn na tréimhse sin, amhras a tharraingt ar a neamhspleáchas.

112

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cásdlí na Cúirte dá dtagraítear i míreanna 89 go 97 den bhreithiúnas seo ábhartha freisin chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an gceathrú agus ar an gcúigiú ceist.

113

Thairis sin, chinn an Chúirt cheana féin gurb ionann ráthaíochtaí maidir le rochtain ar bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí, agus go háirithe na cinn sin lena gcinntear coincheap agus comhdhéanamh an bhinse sin, agus bunchloch an chirt chun triail chóir a fháil. Is gá a fhíorú an bhfuil comhlacht, trína chomhdhéanamh, ina bhinse den sórt sin, nuair a thagann amhras tromchúiseach chun cinn maidir leis an bpointe seo, ar mhaithe leis an muinín nach mór do bhinsí na sochaí daonlathaí a spreagadh i ndaoine aonair (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú ar Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C-542/18 RX-II agus C-543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).

114

Dá bhrí sin, i bhfianaise na gcúinsí a bhaineann le ceapadh na mbreithiúna lena mbaineann, tá an cheist ann an bhféadfaí a mheas gurb ionann na breithiúna sin agus “binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí, de réir bhrí dhlí an Aontais”.

115

Maidir leis an gcoincheap sin, is léir ón gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt, a léiríonn, go bunúsach agus mar a tugadh le fios cheana i mír 89 den bhreithiúnas seo, prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le cosaint dlí éifeachtach, dá dtagraítear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE freisin, go bhfuil gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ag binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 122].

116

Ina theannta sin, a mhéid a leagtar amach sa Chairt na cearta a chomhfhreagraíonn dóibh siúd a ráthaítear le CECD, is é is aidhm d’Airteagal 52(3) den Chairt an chomhsheasmhacht is gá a áirithiú idir na cearta atá sa Chairt agus na cearta comhfhreagracha a ráthaítear le CECD, gan an bonn a bhaint de neamhspleáchas dhlí an Aontais dá bhrí sin. De réir na mínithe maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), freagraítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt d’Airteagal 6(1) de CECD. Dá bhrí sin, ní mór don Chúirt a áirithiú go n-áiritheofar, lena léirmhíniú ar an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt, leibhéal cosanta nach bhfuil ag teacht salach ar an leibhéal a ráthaítear in Airteagal 6(1) den CECD, arna léirmhíniú ag ECtHR [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 123].

117

I ndáil leis sin, chuir ECtHR in iúl, go háirithe, cé gurb ionann an ceart chun “binse arna bhunú le dlí” a ráthaítear in Airteagal 6(1) den CECD agus ceart uathrialach, tá dlúthbhaint, mar sin féin, ag an gceart sin leis na ráthaíochtaí maidir le “neamhspleáchas” agus “neamhchlaontacht”, de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin, i mbreithiúnas ECtHR an 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v an Íoslainn, (CE:ECtHR:2020:1201JUD002637418, míreanna 231 agus 233), chinn an chúirt sin, go háirithe, cé go bhfuil na ceanglais institiúideacha in Airteagal 6(1) de CECD, lena saothraítear gach ceann acu mar aidhm shonrach, lena ndéantar ráthaíochtaí sonracha maidir le triail chóir, tá siad ar aon dul lena chéile maidir le prionsabail bhunúsacha na smachta reatha agus deighilt na gcumhachtaí a urramú, lena sonraítear, i ndáil leis sin, nach mór dóibh ar bhonn gach ceann de na ceanglais sin, an mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh sna daoine agus neamhspleáchas na cumhachta seo maidir leis na cumhachtaí eile a chaomhnú [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 124].

118

Go háirithe, i gcomhréir le prionsabal dheighilt na gcumhachtaí atá ina shainghné den smacht reachta, ní mór neamhspleáchas na gcúirteanna a áirithiú i ndáil leis an reachtas agus an bhfeidhmeannas [féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Samhain 2021Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C‑748/19 go C-754/19, EU:C:2021:931, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear].

119

Mar a tugadh faoi deara i míreanna 95 agus 96 den bhreithiúnas seo, leis na ceanglais maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht, glactar leis go bhfuil rialacha ann, lena n-áirítear, go háirithe, na rialacha sin a bhaineann le comhdhéanamh an chomhlachta agus lena chomhaltaí a cheapadh, lenar féidir deireadh a chur le haon amhras réasúnta in aigne na ndaoine, maidir le neamh‑thréscaoilteacht an chomhlachta sin i leith imthosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 128].

120

Maidir leis an bpróiseas chun breithiúna a cheapadh, go sonrach, dúirt ECtHR freisin, ina bhreithiúnas an 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v an Íoslainn(CE:ECtHR:2020:1201JUD002637418, míreanna 227 agus 232), ag féachaint do na hiarmhairtí bunúsacha atá ag an bpróiseas sin ar mhaithe le feidhmiú cuí agus dlisteanacht na mbreithiúna i Stát daonlathach a rialaítear leis an smacht reachta, is gné dhílis de choincheap na “binsí arna bhunú le dlí” é próiseas den sórt sin de réir bhrí Airteagal 6(1) de CECD, agus é á shonrú go ndéanfar neamhspleáchas binse, de réir bhrí na forála seo, a thomhas, go háirithe, leis an gcaoi a ceapadh a chomhaltaí [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 125].

121

Thairis sin, i mír 73 de bhreithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú ar Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún (C-542/18 RX-II agus C-543/18 RX-II, EU:C:2020:232), mheabhraigh an Chúirt, ag athlua ina leith seo cásdlí socraithe ECtHR, gurb é is cuspóir don téarma “arna bhunú le dlí” a thabhairt isteach sa chéad abairt d’Airteagal 6(1) den CECD, ná cosc a chur ar chás ina mbeadh eagrú an chórais bhreithiúnaigh fágtha faoi rogha an fheidhmeannais agus a áirithiú go mbeidh an t-ábhar seo á rialú ag dlí arna ghlacadh ag an reachtas ar bhealach a bhí i gcomhréir leis na rialacha a rialaíonn feidhmiú a inniúlachta. Léirítear leis an abairt sin, go háirithe, prionsabal an smachta reachta agus baineann sé ní hamháin leis an mbunús dlí don bhinse féin a bheith ann, ach freisin le comhdhéanamh an bhinse i ngach cás agus le haon fhoráil eile den dlí náisiúnta a fhágann, i gcás nach gcomhlíontar iad, go bhfuil rannpháirtíocht breitheamh amháin nó níos mó i scrúdú an cháis neamhdhleathach, lena n-áirítear, go háirithe, forálacha maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht chomhaltaí na cúirte lena mbaineann [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 129].

122

Mar sin, chinn an Chúirt, i gcás neamhrialtacht arb ann di le linn cheapadh na mbreithiúna laistigh den chóras breithiúnach lena mbaineann, go ngabhann sárú leis sin ar an gceanglas go mbeadh binse bunaithe le dlí, go háirithe i gcás go bhfuil an neamhrialtacht sin de chineál agus de thromchúis lena gcruthaítear fíorbhaol go bhféadfadh brainsí eile cumhachta, go háirithe an feidhmeannas, lánrogha mhíchuí a fheidhmiú lena gcuirfí sláine phróiseas an cheapacháin i mbaol agus go n-ardófaí, dá bhrí sin, amhras dlisteanach léi, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh nó na mbreithiúna lena mbaineann, arb ionann an cás nuair atá bunrialacha atá riachtanach do bhunú agus d’fheidhmiú an chórais bhreithiúnaigh seo faoi cheist [breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ainmniú), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 130 agus an cásdlí dá dtagraítear].

123

Is léir ón gcásdlí sin nach bhfuil gach earráid a d’fhéadfadh tarlú le linn an nós imeachta chun breitheamh a cheapadh de chineál lena bhféadfaí amhras a chaitheamh ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh sin agus, dá bhrí sin, ar an stádas atá ag painéal breithiúna ina bhfuil sé ina shuí mar “binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí” de réir bhrí dhlí an Aontais.

124

Sa chás seo, mar a shonraítear i mír 112 den bhreithiúnas seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur amhras in iúl i dtaobh an féidir a mheas go bhfuil an painéal breithiúnach a thug an breithiúnas atá faoi achomharc, ag féachaint dá chomhaltaí, ag comhlíonadh an stádais mar “binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí”.

125

Maidir leis an gcéad chás dá dtagraítear sa chúirt a rinne an tarchur agus dá dtagraítear i mír 110 den bhreithiúnas seo, eadhon gur ceapadh comhaltaí áirithe de chúirt Ballstáit don chúirt sin ar bhonn rúin arna ghlacadh ag comhlacht a raibh a chomhdhéanamh ag eascair as forálacha reachtacha a dhearbhaigh cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin ina dhiaidh sin a bheith míbhunreachtúil, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ón iarraidh ar réamhrialú, sa chás seo, nár ghlac an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil), sa bhreithiúnas an 20 Meitheamh 2017, seasamh maidir le neamhspleáchas KRS. Bhí na forálacha reachtacha ar dearbhaíodh iad a bheith míbhunreachtúil leis an mbreithiúnas sin ag déileáil, go bunúsach, leis an gcineál aonair de théarma oifige chomhaltaí KRS agus na rialacha dáilte ar ar a mbonn a roghnaíodh na comhaltaí sin laistigh de chúirteanna na Polainne.

126

Sna himthosca sin, maidir leis an dearbhú míbhunreachtúlachta i dtaobh na bhforálacha reachtacha ar ar a mbonn a raibh KRS comhdhéanta, dá dtagraítear i mír 110 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh an dearbhú sin ann féin a bheith ina chúis le hamhras a chaitheamh ar neamhspleáchas an chomhlachta sin, nó, dá bhrí sin, ar neamhspleáchas na mbreithiúna lena mbaineann i leith imthosca seachtracha.

127

Is san imthoisc seo go sonrach a dhéantar idirdhealú idir an cás seo agus na cásanna ba bhun le breithiúnais an 19 Samhain 2019A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C-585/18, C‑624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), agus an 15 Iúil 2021, An Coimisiún v an Pholainn (Córas Araíonachta do Bhreithiúna) (C-791/19, EU:C:2021:596). Murab ionann agus na forálacha reachtacha ar ar a mbonn a raibh KRS comhdhéanta, a raibh ceapadh na mbreithiúna lena mbaineann sna príomhimeachtaí déanta mar thoradh ar a rúin, leis an reachtaíocht atá i gceist sna cásanna as a n-eascraíonn an dá bhreithiúnas sin, ar ar a bonn a athraíodh comhdhéanamh KRS, neartaíodh tionchar an reachtais agus an fheidhmeannais ar roghnú chomhaltaí KRS ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hamhras dlisteanach agus tromchúiseach, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas KRS atá faoi cheist sna cásanna sin agus a ról i bpróiseas ceapacháin na mbreithiúna lena mbaineann agus, dá réir sin, neamhspleáchas na mbreithiúna sin agus na gcúirteanna nó na mbinsí ina suíonn siad.

128

Dheimhnigh ECtHR an cinneadh deiridh, a chinn go raibh an nós imeachta chun comhaltaí an Izba Dyscyplinarna (Dlísheomra Araíonachta) an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) a cheapadh, ar thogra an KRS comhdhéanta ar bhonn na reachtaíochta lena mbaineann sna cásanna ba bhun leis na breithiúnais a luadh sa phointe roimhe seo, bhí tionchar míchuí ag an reachtas agus an bhfeidhmeannas orthu, atá, ann féin, ar neamhréir le hAirteagal 6(1) CECD (féach, chuige sin, ECtHR, 22 Iúil 2021, Reczkowicz v an Pholainn, CE:ECHR:2021:0722JUD004344719, mír 276).

129

Ina theannta sin, ní dhearna an chúirt a rinne an tarchur aon fhianaise shonrach a chur ar aghaidh a d’fhéadfadh bunús a thabhairt le hamhras dlisteanach agus tromchúiseach a bheith ann, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna lena mbaineann toisc gur dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil) go raibh na forálacha reachtacha míbhunreachtúil ar ar a mbonn a raibh KRS, a bhí rannpháirteach sa nós imeachta as ar eascair ceapadh na mbreithiúna sin, comhdhéanta.

130

Ní mór teacht ar an gconclúid chéanna maidir leis an dara cás dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur agus dá dtagraítear i mír 111 den bhreithiúnas seo, eadhon go raibh duine de chomhaltaí cúirte Ballstáit roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht a measadh a bheith comhdhéanta go rialta, ach de réir nós imeachta nach raibh trédhearcach, poiblí ná faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag an am. Ní léir ón ordú tarchuir nach raibh KRS, mar a bhí sé comhdhéanta tar éis dheireadh chóras neamhdhaonlathach DPP, neamhspleách ón reachtas agus an bhfeidhmeannas.

131

Sna himthosca sin, ní féidir a mheas go bhfuil na himthosca dá dtagraítear sa cheathrú agus sa chúigiú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur, atá leagtha amach i míreanna 110 agus 111 den bhreithiúnas seo, de chineál lena bhféadfaí a chinneadh go ndearnadh sárú ar na rialacha bunúsacha is infheidhme maidir le ceapadh breithiúna, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 122 den bhreithiúnas seo.

132

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist agus ar an gcúigiú ceist ná nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar aicmiú mar bhinse neamhspleách neamhchlaon, arna bhunú roimh ré le dlí, do phainéal breithiúnach atá ina chúirt nó binse de chuid Ballstáit ina bhfuil breitheamh ina shuí ar ceapadh é mar bhreitheamh den chéad uair nó ar ceapadh chuig cúirt níos airde é ina dhaidh sin tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta ar bhonn forálacha reachtacha arna ndearbhú ina dhiaidh sin ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin a bheith míbhunreachtúil, nó tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta go rialta ach tar éis nós imeachta nach raibh trédhearcach, poiblí, ná faoi réir athbhreithniú breithiúnach, ar choinníoll nach bhfuil an neamhrialtacht sin de chineál ná de thromchúis lena gcruthófaí fíorbhaol léi go bhféadfadh brainsí cumhachta eile, go háirithe an feidhmeannas, lánrogha mhíchuí a fheidhmiú a chuirfeadh sláine phróiseas an cheapacháin i mbaol agus go n-ardófaí, dá bhrí sin, amhras dlisteanach agus tromchúiseach léi, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann.

An séú agus an seachtú ceist

133

I bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar an gcéad cheist go dtí an cúigiú ceist, ní gá an séú ná an seachtú ceist a fhreagairt.

Costais

134

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, i gcás ina bhfuil breitheamh ceaptha den chéad uair chun poist den sórt sin nó inar tháinig a cheapacháin ina dhiaidh sin chuig cúirt níos airde mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh ag comhlacht de réimeas neamhdhaonlathach a bhí ann sa Bhallstát sin roimh a aontachas leis an Aontas, agus lena n-áirítear cás ina raibh ceapacháin an bhreithimh sin chuig cúirteanna tar éis dheireadh an réimis sin bunaithe, go háirithe, ar an sinsearacht a fuair an breitheamh sin le linn na tréimhse a raibh an córas sin i bhfeidhm nó i gcás nár ghlac sé nó sí an mionn breithiúnach ach amháin nuair a bhí sé nó sí ceaptha ina bhreitheamh den chéad uair ag comhlacht den réimeas céanna sin, nach bhfuil an méid sin ann féin ina chúis le hamhras dlisteanach agus tromchúiseach a chruthú, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann, ná, mar sin, stádas binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí ina bhfuil an breitheamh ina shuí a thabhairt faoi cheist.

 

2.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 93/13 a léirmhíniú a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn go dtoirmeasctar aicmiú mar bhinse neamhspleách neamhchlaon, arna bhunú roimh ré le dlí, do phainéal breithiúnach atá ina chúirt nó binse de chuid Ballstáit ina bhfuil breitheamh ina shuí ar ceapadh é mar bhreitheamh den chéad uair nó ar ceapadh chuig cúirt níos airde é ina dhaidh sin tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta ar bhonn forálacha reachtacha arna ndearbhú ina dhiaidh sin ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin a bheith míbhunreachtúil, nó tar éis dó a bheith roghnaithe mar iarrthóir do phost mar bhreitheamh ag comhlacht atá comhdhéanta go rialta ach tar éis nós imeachta nach raibh trédhearcach, poiblí, ná faoi réir athbhreithniú breithiúnach, ar choinníoll nach bhfuil an neamhrialtacht sin de chineál ná de thromchúis lena gcruthófaí fíorbhaol léi go bhféadfadh brainsí cumhachta eile, go háirithe an feidhmeannas, lánrogha mhíchuí a fheidhmiú a chuirfeadh sláine phróiseas an cheapacháin i mbaol agus go n-ardófaí, dá bhrí sin, amhras dlisteanach agus tromchúiseach léi, in aigne na ndaoine, maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an bhreithimh lena mbaineann.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.