BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Márta 2022 ( *1 ) ( i )

(Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Seirbhísí poist – Córas praghsála arna ghlacadh ag soláthraí seirbhíse uilíche – Fíneáil arna forchur ag údarás rialála náisiúnta na hearnála poist – Fíneáil arna forchur ag údarás iomaíochta náisiúnta – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – An cion céanna a bheith ann – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Carnadh imeachtaí agus pionós – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Comhréireacht)

I gCás C‑117/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg), trí bhreith an 19 Feabhra 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Márta 2020, sna himeachtaí idir

bpost SA

agus

Autorité belge de la concurrence,

Páirtithe leasmhara:

Publimail SA,

An Coimisiún Eorpach,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe (Rapóirtéir), C. Lycourgos, E. Regan, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, T. von Danwitz, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 22 Márta 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

bpost SA, ag J. Bocken, S. Gnedasj, K. Verbouwe agus S. Mathieu, avocats,

Rialtas na Beilge, ag J.-C. Halleux, L. Van den Broeck agus C. Pochet, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Vernet agus E. de Lophem, avocats,

Rialtas na Gearmáine, ar dtús ag J. Möller agus S. Heimerl, agus J. Möller ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag M.Smolek, J. Vláčil agus I. Gavrilova, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Gréige, ag L. Kotroni, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó F. Meloncelli, avvocato dello Stato,

Rialtas na Laitvia, ar dtús ag K. Pommere agus V. Kalniņa, agus K. Pommere ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus M. Wiącek, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane, R.I. Haţieganu agus A. Wellman, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag H. van Vliet, P. Rossi, A. Cleenewerck de Crayencour agus F. van Schaik, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 2 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir bpost SA agus an Autorité belge de la concurrence (údarás iomaíochta, an Bheilg), a tháinig i gcomharbas ar an Conseil de la concurrence (an Chomhairle Iomaíochta) (le chéile, “an t-údarás iomaíochta”), maidir le dlíthiúlacht cinnidh lenar ordaíodh do bpost fíneáil a íoc mar gheall ar mhí-úsáid ceannasachta (“an cinneadh ón údarás iomaíochta”).

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Is é is cuspóir do Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO 1998 L 15, lch. 14), arna leasú le Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 (IO 2008 L 52, lch. 3) (“Treoir 97/67”), ná margadh na seirbhísí poist a léirscaoileadh de réir a chéile.

4

Foráiltear le haithrisí 8 agus 41 de Threoir 97/67 mar a leanas:

“(8)

de bhrí gur gá na bearta lena n-áiritheofar go ndéanfar an margadh a léirscaoileadh de réir a chéile agus ar bhealach rialaithe agus go mbeidh cothromaíocht chóir i gcur i bhfeidhm na mbeart sin ar fud [an Aontais Eorpaigh], agus oibleagáidí agus cearta na soláthraithe seirbhísí uilíocha á n-urramú, chun an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san earnáil poist féin a ráthú;

[...]

(41)

de bhrí nach ndéantar difear leis an Treoir seo do chur i bhfeidhm rialacha an Chonartha, go háirithe a rialacha maidir le hiomaíocht agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar”.

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 12 den Treoir sin, go háirithe, go ndéanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh na taraifí le haghaidh gach ceann de na seirbhísí atá mar chuid den tseirbhís uilíoch trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Dlí na Beilge

6

Déantar le hAirteagail 144a agus Airteagal 144b de Dhlí an 21 Márta 1991 maidir le gnóthais eacnamaíocha phoiblí áirithe a athchóiriú (Moniteur belge an 27 Márta 1991, lch. 6155), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí, Airteagal 12 de Threoir 97/67 a thrasuí i ndlí na Beilge.

7

Foráiltear le hAirteagal 3 de Dhlí an 10 Meitheamh 2006 maidir le hiomaíocht eacnamaíoch a chosaint (Moniteur belge an 29 Meitheamh 2006, lch. 32755), arna chomhordú ag Foraithne Ríoga an 15 Meán Fómhair 2006 (Moniteur belge an 29 Meán Fómhair 2006, lch. 50613), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (“an Dlí maidir le hiomaíocht a chosaint”), mar seo a leanas:

“Toirmeascfar mí-úsáid a bheith á baint ag gnóthas amháin nó níos mó as margadh na Beilge lena mbaineann nó i gcuid mhór de, gan gá a bheith le cinneadh roimh ré chuige sin.

Féadfaidh na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheith i gceist leis na cleachtais mhí-úsáideacha sin:

1

praghsanna ceannaigh nó díola éagóracha nó aon choinníoll trádála éagóraí eile a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

2

srian a chur le táirgeadh, le margaí nó le forbairt theicniúil, sa dóigh go ndéantar dochar do thomhaltóirí;

3

coinníollacha neamhionanna a chur i bhfeidhm ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

4

cur i gcrích conarthaí a chur faoi réir oibleagáidí forlíontacha a bheith glactha ag na comhpháirtithe, oibleagáidí nach bhfuil aon bhaint acu, ó nádúr nó de réir úsáid tráchtála, le hábhar conarthaí dá leithéidí.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

8

Sa Bheilg, is é bpost an soláthraí seirbhíse poist stairiúil. Cuireann sé seirbhísí dáilte poist ar fáil don phobal i gcoitinne, ach freisin do dhá chatagóir shonracha custaiméirí, eadhon seoltóirí bulcphoist, ar tomhaltóirí deiridh iad, agus gnóthais ródúcháin, ar idirghabhálaithe iad a sholáthraíonn seirbhísí réamhtheachtacha na seirbhíse dáilte poist iad féin, tríd an bpost a ullmhú agus a thaisceadh.

9

Ón mbliain 2010 ar aghaidh, tá córas praghsála nua curtha i bhfeidhm ag bpost chun post fógraíochta a bhfuil seoladh air agus post riaracháin a dháileadh, ar córas é atá bunaithe ar an tsamhail “in aghaidh an tseoltóra”. De réir na samhla sin, rinneadh na lacáistí cainníochtúla a deonaíodh d’idirghabhálaithe a ríomh, ní ar bhonn mhéid iomlán an phoist a thuilleadh ó na seoltóirí go léir dár sholáthair siad a seirbhísí, ach ar bhonn mhéid na seoltaí a thaisc gach seoltóir leis féin.

10

Le cinneadh an 20 Iúil 2011, d’ordaigh an Institut belge des services postage et des télécommunications (IBPT) (“údarás rialála na hearnála poist”), ar bhonn Airteagal 144a agus Airteagal 144b(1)(5) de Dhlí an 21 Márta 1991 maidir le gnóthais eacnamaíocha phoiblí áirithe a athchóiriú, sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí, do bpost fíneáil EUR 2.3 milliún a íoc as sárú a dhéanamh ar riail an neamh-idirdhealaithe i gcúrsaí taraife (“an cinneadh ó údarás rialála na hearnála poist”). De réir an chinnidh sin, bhí an córas praghsála nua a chuir bpost i bhfeidhm ón mbliain 2010 ar aghaidh bunaithe ar éagsúlacht éagórach sa chaoi ar caitheadh leis na hidirghabhálaithe agus na custaiméirí díreacha. Thairis sin, chuir údarás rialála na hearnála poist in iúl nach raibh baint ag an nós imeachta ba bhonn le glacadh an chinnidh sin le cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta.

11

Le breithiúnas an 10 Márta 2016, chuir an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg) an cinneadh ó údarás rialála na hearnála poist ar neamhní, ar an bhforas nach raibh an cleachtas praghsála i gceist idirdhealaitheach. Tugadh an breithiúnas sin, a tháinig chun bheith críochnaitheach, i ndiaidh tarchur chun réamhrialú, inar tugadh breithiúnas an 11 Feabhra 2015, bpost (C‑340/13, EU:C:2015:77).

12

Idir an dá linn, an 10 Nollaig 2012, leis an gcinneadh ón údarás iomaíochta, chinn an t-údarás sin go raibh mí-úsáid á baint ag bpost as a cheannasacht, ar mí-úsáid í a thoirmeasctar le hAirteagal 3 den Dlí maidir le hiomaíocht a chosaint agus le hAirteagal 102 CFAE. Is éard a bhí i gceist leis an mí-úsáid sin ná a chóras praghsála nua a bheith glactha agus curtha chun feidhme ag bpost le linn na tréimhse ó mhí Eanáir 2010 go dtí mí Iúil 2011. De réir an chinnidh sin, bhí éifeacht eisiatach ag an gcóras sin ar idirghabhálaithe agus ar iomaitheoirí ionchasacha bpost agus éifeacht dílseachta ar a phríomhchustaiméirí, de chineál go ndearnadh na bacainní iontrála sa mhargadh a mhéadú. Mar gheall ar an mí-úsáid sin, ordaíodh do bpost fíneáil EUR 37399786 a íoc, arna ríomh ag cur san áireamh na fíneála a d’fhorchuir údarás rialála na hearnála poist roimhe sin. Ní raibh baint ag an nós imeachta a raibh glacadh an chinneadh sin mar thoradh air le haon chleachtais idirdhealaitheacha a bheith ann.

13

Le breithiúnas an 10 Samhain 2016, chuir an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil) an cinneadh ón údarás iomaíochta ar neamhní mar gheall go raibh sé ar neamhréir leis an bprionsabal ne bis in idem. Mheas an chúirt sin go raibh na fíorais chéanna i gceist sna himeachtaí arna seoladh ag údarás rialála na hearnála poist agus ag an údarás iomaíochta.

14

Le breithiúnas an 22 Samhain 2018, neamhnigh an Cour de cassation (an Chúirt Uachtarach, an Bheilg) an breithiúnas sin agus tharchuir sé an cás ar ais chuig an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil).

15

Sna himeachtaí i ndiaidh an tarchuir sin, phléigh bpost, an t-údarás iomaíochta agus an Coimisiún Eorpach, agus é ag idiragairt mar amicus curiae, comhlíonadh an phrionsabail ne bis in idem agus na coinníollacha lena chur i bhfeidhm.

16

Ina hiarraidh ar réamhrialú, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil na himeachtaí arna seoladh ag údarás rialála na hearnála poist agus ag an údarás iomaíochta faoi seach beartaithe chun pionóis riaracháin a fhorchur, ar pionóis iad a ceapadh chun sáruithe éagsúla a phionósú a eascraíonn, maidir le sárú amháin, as mainneachtain i leith reachtaíocht earnáilsonrach a chomhlíonadh agus, maidir le sárú eile, as mainneachtain i ndlí na hiomaíochta a chomhlíonadh. Sna himthosca sin, measann an chúirt sin nach mór, i bprionsabal, brath ar chásdlí na Cúirte a bhaineann leis an bprionsabal ne bis in idem i réimse dhlí na hiomaíochta, mar a eascraíonn sé, go háirithe, ó bhreithiúnas an 14 Feabhra 2012, Toshiba Corporation agus páirtithe eile (C-17/10, EU:C:2012:72). Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, is léir ón gcásdlí sin, chun a fhíorú an mbaineann dhá nós imeachta leis na fíorais chéanna, gur cheart scrúdú a dhéanamh an gcomhlíontar trí chritéar charnacha, eadhon céannacht na bhfíoras, céannacht na gciontóirí agus céannacht an leasa dhlíthiúil cosanta. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, áfach, nach gcuirtear an critéar deireanach i bhfeidhm i réimsí seachas dlí na hiomaíochta.

17

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil bunús an dá nós imeachta atá i gceist sna príomhimeachtaí le fáil i ngníomhartha reachtaíochta éagsúla, atá dírithe ar leasanna dlíthiúla difriúla a chosaint. Bhí na himeachtaí arna seoladh ag údarás rialála na hearnála poist dírithe ar léirscaoileadh na hearnála poist a áirithiú trí rialacha maidir le trédhearcacht agus neamh-idirdhealú i gcúrsaí taraife, agus bhí na himeachtaí arna seoladh ag an údarás iomaíochta dírithe ar shaoriomaíocht a ráthú laistigh den mhargadh inmheánach trí chosc a chur, go háirithe, ar mhí-úsáid ceannasachta. Dar leis an gcúirt sin, tá gá leis an gcritéar maidir le céannacht an leasa dhlíthiúil cosanta chun éifeachtacht chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta a áirithiú.

18

Mar sin féin, measann an chúirt a rinne an tarchur, de bhrí go bhfuil éiginnteacht ann maidir le hábharthacht an chritéir sin, i bhfianaise chásdlí na Cúirte, go bhfuil sé riachtanach soiléiriú a fháil ón gCúirt ina leith sin.

19

Thairis sin, tá an chúirt sin in amhras maidir leis na coinníollacha i ndáil le haon charnadh imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhonn teorannú ar an bprionsabal ne bis in idem, i bhfianaise an chásdlí a eascraíonn as breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci (C-524/15,EU:C:2018:197), an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile (C-537/16, EU:C:2018:193), agus an 20 Márta 2018, Di Puma agus Zecca (C-596/16 agus C-597/16, EU:C:2018:192).

20

Sna himthosca sin, chinn an cour d’appel de Bruxelles (Cúirt Achomhairc, an Bhruiséil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)

An gcaithfear an prionsabal [ne] bis in idem, mar a ráthaítear é le hAirteagal 50 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach gcuirfear cosc leis ar údarás inniúil riaracháin Ballstáit fíneáil a fhorchur as sárú ar dhlí iomaíochta na hEorpa, i gcás mar atá sa chás seo, inar éigiontaíodh an duine dlítheanach céanna go críochnaitheach cheana féin ó fhíneáil riaracháin a d’fhorchuir an rialtóir náisiúnta poist air as sárú líomhainte ar an reachtaíocht phoist, ar bhonn na bhfíoras céanna nó fíoras comhchosúil, a mhéid nach bhfuil critéar aontacht an leasa dhlíthiúil cosanta á chomhlíonadh toisc go mbaineann an cás seo le dhá shárú éagsúla ar dhá ghníomh reachtaíochta dhifriúla in dhá réimse dlí ar leith?

(2)

An gcaithfear an prionsabal [ne] bis in idem, mar a ráthaítear é le hAirteagal 50 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc leis ar údarás inniúil riaracháin Ballstáit fíneáil a fhorchur as sárú ar dhlí iomaíochta na hEorpa, i gcás mar atá sa chás seo, inar éigiontaíodh an duine dlítheanach céanna go críochnaitheach cheana féin ó fhíneáil riaracháin a d’fhorchuir an rialtóir náisiúnta poist air as sárú líomhainte ar an reachtaíocht phoist, ar bhonn na bhfhíoras céanna nó fíoras comhchosúil, ar an bhforas go bhfuil bonn cirt leis an bprionsabal [ne] bis in idem a theorannú toisc go bhfuil cuspóir comhlántach leasa ghinearálta á shaothrú ag an reachtaíocht i réimse na hiomaíochta, eadhon córas gan saobhadh ar an iomaíocht a chosaint agus a chaomhnú laistigh den mhargadh inmheánach, agus nach dtéitear thar a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú go dlisteanach leis an reachtaíocht sin a bhaint amach, agus/nó chun ceart agus saoirse na n-oibreoirí eile chun gnó a sheoladh ar bhonn Airteagal 16 den Chairt a chosaint?”

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

21

Lena ceisteanna, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 50 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go ciallaíonn sé go cuirtear cosc leis duine dlítheanach a phionósú le fíneáil as sárú a bheith déanta aige ar dhlí iomaíochta an Aontais, más rud é, i ndáil leis na fíorais chéanna, go raibh an duine sin ina ábhar do chinneadh críochnaitheach cheana féin i ndiaidh nós imeachta a bhaineann le sárú ar reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh.

Réamhbharúlacha

22

Ba cheart a choinneáil i gcuimhne gur bunphrionsabal de dhlí an Aontais é an prionsabal ne bis in idem (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2002, Limburgse Vinyl Maatschappij agus páirtithe eile v anCoimisiúnC-238/99 P, C-244/99 P, C-245/99 P, C-247/99 P, C‑250/99 P go C-252/99 P agus C-254/99 P, EU:C:2002:582, mír 59), atá cumhdaithe anois in Airteagal 50 den Chairt.

23

Tá ceart san fhoráil sin a fhreagraíonn don cheart dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a chur i bhfios, a mhéid a chuimsítear sa Chairt cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún sin, go bhforáiltear le hAirteagal 52(3) den Chairt gurb ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme a thugtar dóibh faoin gCoinbhinsiún sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún céanna maidir le léirmhíniú Airteagal 50 den Chairt a chur san áireamh, gan dochar do neamhspleáchas dhlí an Aontais ná do neamhspleáchas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 23 agus mír 60).

24

Foráiltear le hAirteagal 50 den Chairt mar seo a leanas: “ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí”. Dá réir sin, cuirtear cosc leis an bprionsabal ne bis in idem ar charnadh imeachtaí agus pionós atá de chineál coiriúil de réir bhrí an Airteagail sin i ndáil leis na fíorais chéanna agus i gcoinne an duine chéanna (breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25

Maidir le measúnú a dhéanamh ar chineál coiriúil na n-imeachtaí agus na bpionós atá i gceist, measúnú ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é a dhéanamh, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil trí chritéar ábhartha. Is é an chéad cheann ná aicmiú dlíthiúil an chiona faoin dlí náisiúnta, an dara ceann ná cineál an chiona agus an tríú ceann ná déine an phionóis a d'fhéadfaí a chur ar an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Meitheamh 2012, Bonda, C‑489/10, EU:C:2012:319, mír 37, agus an 20 Márta 2018, Menci, C‑524/15, EU:C:2018:197, mír 26 agus mír 27).

26

Ba cheart a chur in iúl, i ndáil leis sin, nach bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 50 den Chairt teoranta d’imeachtaí agus do phionóis a aicmítear mar “choiriúil” faoin dlí náisiúnta, ach go gcuimsítear leis — beag beann ar aicmiú den sórt sin faoin dlí náisiúnta — imeachtaí agus pionóis nach mór a mheas mar a bheith de chineál coiriúil ar bhonn an dá chritéar eile dá dtagraítear sa mhír roimhe seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 30).

27

Sa chás seo, áfach, is leor a thabhairt faoi deara, mar a luaigh an chúirt a rinne an tarchur, go bhfuil an dá nós imeachta lena mbaineann na príomhimeachtaí dírithe ar phionóis riaracháin de chineál coiriúil a fhorchur, sa chaoi nach bhfuil aicmiú coiriúil na n-imeachtaí sin, i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i mír 25 den bhreithiúnas seo, faoi cheist.

28

Tá cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem faoi réir coinníoll dúbailte, eadhon, ar thaobh amháin, go bhfuil cinneadh críochnaitheach ann roimhe seo (an coinníoll “bis”) agus, ar an taobh eile, go mbaineann an cinneadh roimhe seo leis na fíorais chéanna agus a mbaineann na himeachtaí nó na cinntí ina dhiaidh sin leo (an coinníoll “idem”).

An coinníoll “bis”

29

Maidir leis an gcoinníoll “bis”, chun go bhféadfar cinneadh breithiúnach a mheas mar chinneadh lenar tugadh rialú críochnaitheach ar na fíorais a cuireadh faoi réir an dara nós imeachta, is gá, ní hamháin go bhfuil an cinneadh sin críochnaitheach, ach freisin gur tugadh é i ndiaidh thuillteanais an cháis a mheas (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Meitheamh 2014, M, C-398/12, EU:C:2014:1057, mír 28 agus mír 30).

30

Sa chás seo, is léir ó chinntí na cúirte a rinne an tarchur gur cuireadh an cinneadh ó údarás rialála na hearnála poist ar neamhní le breithiúnas atá tagtha chun bheith críochnaitheach, ar dá réir a éigiontaíodh bpost i leith na n-imeachtaí a tionscnaíodh ina choinne ar bhonn na reachtaíochta earnáilsonraí poist. Faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, dealraíonn sé, dá bhrí sin, gur cuireadh clabhsúr leis an gcéad nós imeachta le cinneadh críochnaitheach, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.

An coinníoll “idem”

31

Maidir leis an gcoinníoll “idem”, is léir ó fhoclaíocht féin Airteagal 50 den Chairt go dtoirmeasctar leis aon duine a thriail nó a phionósú níos mó ná uair amháin as an gcion céanna.

32

Mar a luann an chúirt a rinne an tarchur ina hiarraidh ar réamhrialú, baineann an dá nós imeachta atá i gceist sna príomhimeachtaí leis an duine dlítheanach céanna, eadhon bpost.

33

De réir chásdlí socair na Cúirte, is é an critéar ábhartha lena ndéantar measúnú i dtaobh an é an cion céanna ná céannacht na bhfíoras ábhartha, a thuigtear mar thacar d’imthosca nithiúla atá dodhealaithe óna chéile agus ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh go críochnaitheach an duine atá i dtrácht ar a mbonn. Dá réir sin, toirmeasctar le hAirteagal 50 den Chairt, i leith fíorais chomhionanna, roinnt pionós de chineál coiriúil a fhorchur i ndiaidh nósanna imeachta éagsúla arna reáchtáil chun na gcríoch sin (breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 35, agus an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile, C-537/16, EU:C:2018:193, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach bhfuil aicmiú dlíthiúil na bhfíoras sa dlí náisiúnta agus an leasa dhlíthiúil cosanta ábhartha chun a shuíomh go bhfuil an cion céanna ann, a mhéid nach féidir raon feidhme na cosanta a thugtar le hAirteagal 50 den Chairt a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát (breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 36, agus an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile, C-537/16, EU:C:2018:193, mír 38).

35

Is amhlaidh atá maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem a chumhdaítear in Airteagal 50 den Chairt i réimse dhlí iomaíochta an Aontais, ós rud é, mar a thug tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 95 agus mír 122 dá Thuairim, nach féidir le raon feidhme na cosanta a thugtar don fhoráil sin a bheith éagsúil ó réimse amháin de dhlí an Aontais go réimse eile, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais.

36

I ndáil leis sin, ba cheart a chur in iúl freisin, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo, go gceanglaítear leis an gcoinníoll “idem” go mbeidh na fíorais ábhartha díreach mar an gcéanna. Ar an taobh eile, níl sé i gceist go mbeidh feidhm ag an bprionsabal ne bis in idem i gcás nach ionann na fíorais atá i gceist ach go bhfuil siad cosúil lena chéile amháin.

37

Go deimhin, tuigtear céannacht na bhfíoras ábhartha mar thacar d’imthosca sonracha a eascraíonn as imeachtaí arb ionann iad, go bunúsach, a mhéid a luaitear an déantóir céanna ina leith agus go bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile ó thaobh ama agus spáis de (féach, chuige sin, ECtHR, 10 Feabhra 2009, Sergueï Zolotoukhine v an Rúis, CE:ECHR:2009:0210JUD001493903, mír 83 agus mír 84 agus ECtHR, 20 Bealtaine 2014, Pirttimäki v an Fhionlainn, CE:ECHR:2014:0520JUD003523211, míreanna 49 go 52).

38

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé cinneadh a dhéanamh an ionann na fíorais ab ábhar don dá nós imeachta arna dtionscnamh ar bhonn reachtaíocht earnáilsonrach agus dlí na hiomaíochta, faoi seach. I ndáil leis sin, ní mór don chúirt scrúdú a dhéanamh ar na fíorais a cuireadh san áireamh i ngach ceann de na nósanna imeachta agus ar thréimhse an tsáraithe líomhainte.

39

Sa chás go measfadh an chúirt a rinne an tarchur gurbh ionann na fíorais ab ábhar don dá nós imeachta atá i gceist sna príomhimeachtaí, b’ionann an carnadh sin agus teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt.

An bonn cirt le teorannú féideartha ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt

40

Féadfar bonn cirt a bheith le teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt ar bhonn Airteagal 52(1) den Chairt (breithiúnais an 27 Bealtaine 2014, Spasic, C-129/14 PPU, EU:C:2014:586, mír 55 agus mír 56, agus an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 40).

41

I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. De réir an dara habairt d’Airteagal 52(1) di, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

42

Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú ar foráladh le dlí, mar a dhealraíonn sé ón ábhar atá sa chomhad os comhair na Cúirte, d’idirghabháil gach ceann de na húdaráis náisiúnta lena mbaineann, ar ina leith a mhaítear gur tháinig carnadh imeachtaí agus pionós aisti.

43

Leis an bhféidearthacht sin chun imeachtaí agus pionóis a charnadh, urramaítear inneachar sár-riachtanach Airteagal 50 den Chairt, ar choinníoll nach gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta na fíorais chéanna a thriail agus a phionósú i ngeall ar an gcion céanna nó chun an cuspóir céanna a shaothrú, agus nach bhforáiltear léi ach don fhéidearthacht d’imeachtaí agus do phionóis faoi ghníomhartha éagsúla reachtaíochta a charnadh.

44

Maidir leis an gceist an bhfreagraíonn an teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt, atá mar thoradh ar charnadh imeachtaí agus pionós faoi reachtaíocht earnáilsonrach agus faoi dhlí na hiomaíochta araon, do chuspóir leasa ghinearálta, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cuspóirí dlisteanacha difriúla á saothrú leis an dá ghníomh reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

45

Dá bhrí sin, tá sé mar chuspóir ag an reachtaíocht earnáilsonrach atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena ndearnadh Treoir 97/67 a thrasuí, margadh inmheánach na seirbhísí poist a léirscaoileadh.

46

Maidir leis an Dlí maidir le hiomaíocht a chosaint agus Airteagal 102 CFAE, ar a raibh an cinneadh ón údarás iomaíochta bunaithe, ní mór a thabhairt faoi deara gur foráil de bheartas poiblí é an tAirteagal deireanach sin lena gcuirtear cosc ar mhí-úsáid ceannasachta agus lena ndéantar an cuspóir, atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a shaothrú, is é sin a áirithiú nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh sin a shaobhadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Iúil 2006, Manfredi agus páirtithe eile, C-295/04 go C-298/04, EU:C:2006:461, mír 31, agus an 17 Feabhra 2011, TeliaSonera Sverige, C-52/09, EU:C:2011:83, míreanna 20 go 22).

47

Dá bhrí sin, tá sé dlisteanach go ndéanfaidh Ballstát, chun a áirithiú go leanfar den phróiseas léirscaoilte ar mhargadh inmheánach na seirbhísí poist agus go ndéanfar feidhmiú cuí an mhargaidh sin a áirithiú, pionós a chur, ar thaobh amháin, ar sháruithe ar an reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh agus, ar an taobh eile, ar sháruithe ar na rialacha is infheidhme i ndlí na hiomaíochta, mar a bheartaítear in aithris 41 de Threoir 97/67.

48

Maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú, ceanglaítear leis an bprionsabal sin nach rachaidh an carnadh imeachtaí agus pionós dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú leis an reachtaíocht sin a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta iomchuí, gur ceart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t-ualach is éadroime, agus ní foláir nach mbeidh na míbhuntáistí a eascróidh as sin díréireach maidir leis na cuspóirí atá á saothrú (breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

I ndáil leis sin, ba cheart a chur in iúl go bhfuil sé de cheart ag na húdaráis phoiblí freagairtí dlíthiúla comhlántacha a roghnú maidir le cineálacha áirithe iompair atá díobhálach don tsochaí trí nósanna imeachta éagsúla lena ndéantar iomlán comhleanúnach a bhunú chun déileáil leis an bhfadhb shóisialta atá i gceist ina gnéithe éagsúla, ar choinníoll nach ionann na freagairtí dlíthiúla comhcheangailte sin agus ualach iomarcach ar an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, ECtHR, 15 Samhain 2016, A agus B v an Iorua, CE:ECHR:2016:1115JUD002413011, mír 121 agus mír 132). Dá réir sin, féadfar é a chur san áireamh go bhfuil cuspóirí leasa ghinearálta ar leith á saothrú le dhá nós imeachta a bhfuil sé dlisteanach iad a chosaint go carnach, i gcomhthéacs na hanailíse ar chomhréireacht carnadh imeachtaí agus pionós, mar thoisc chun bonn cirt a thabhairt leis an gcarnadh sin, ar choinníoll go bhfuil na nósanna imeachta sin comhlántach agus gur féidir an t-ualach breise a léirítear leis an gcarnadh sin a chosaint i ngeall ar an dá chuspóir atá á saothrú.

50

Leis na rialacha náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh carnadh imeachtaí agus pionós faoi reachtaíocht earnáilsonrach agus faoi dhlí na hiomaíochta a bheith ann, féadfar cuspóir leasa ghinearálta a bhaint amach chun cur i bhfeidhm éifeachtach an dá ghníomh reachtaíochta atá i gceist a áirithiú, ar choinníoll go saothraíonn siad na cuspóirí dlisteanacha difriúla dá dtagraítear i mír 45 agus mír 46 den bhreithiúnas seo. I ndáil leis sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na bhforálacha náisiúnta is bonn leis na himeachtaí arna dtionscnamh ag údarás rialála na hearnála poist agus ag an údarás iomaíochta faoi seach, i dtaobh an féidir bonn cirt a thabhairt, sna príomhimeachtaí, le carnadh pionós de chineál coiriúil leis an bhfíoras go bhfuil cuspóirí comhlántacha á saothrú leis na himeachtaí arna dtionscnamh ag na húdaráis sin, agus gnéithe éagsúla den iompar sáraitheach céanna mar chuspóir acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 44).

51

Maidir le fíor-riachtanais i leith carnadh imeachtaí agus pionós den sórt sin, ní mór a mheas an bhfuil rialacha soiléire agus beachta ann lenar féidir a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do charnadh imeachtaí agus pionós, chomh maith leis an gcomhordú idir na húdaráis éagsúla, an ndearnadh an dá nós imeachta a sheoladh ar bhealach sách comhordaithe agus sách gar dá chéile ó thaobh ama de agus ar cuireadh an pionós, más infheidhme, arna fhorchur sna chéad imeachtaí a bhí ann ar bhonn croineolaíoch, san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an dara pionós, ionas go mbeadh na hualaí a eascraíonn, do na daoine lena mbaineann, as carnadh den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus go bhfreagródh na pionóis fhoriomlána a d’fhorchuirfí do thromchúis na gcionta a rinneadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, míreanna 49, 52, 53, 55 agus 58, agus ECtHR, 15 Samhain 2016, A agus B v an Iorua, CE:ECHR:2016:1115JUD002413011, míreanna 130 go 132).

52

Is fíor nach féidir, de réir mar a chuireann an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 109 dá Thuairim, measúnú ar an riachtanas a thuairiscítear sa mhír roimhe seo agus, dá bhrí sin, an anailís fhoriomlán i dtaobh an bhféadfar bonn cirt a thabhairt le carnadh an dá nós imeachta faoi Airteagal 52(1) den Chairt a dhéanamh go hiomlán ach ar bhonn ex post, ag féachaint do chineál cuid de na tosca atá le cur san áireamh.

53

Mar sin féin, leis an gcosaint a eascraíonn as an gcoinníoll dúbailte a bhfuil cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem faoina réir, dá dtagraítear i mír 28 den bhreithiúnas seo, faoi réir an bhoinn cirt a d’fhéadfadh a bheith ann, faoi Airteagal 52(1) den Chairt, maidir le teorannú ar na cearta a eascraíonn as an bprionsabal sin i gcás ar leith, urramaítear inneachar sár-riachtanach Airteagal 50 den Chairt. Go deimhin, mar is léir ó mhír 51 den bhreithiúnas seo, más rud é go bhfuil bonn cirt den sórt sin á agairt, ní mór a shuíomh go raibh fíorghá le carnadh na n-imeachtaí atá i gceist, ag cur san áireamh sa chomhthéacs sin, go bunúsach, nasc ábhartha agus ama atá sách dlúth a bheith ann idir an dá nós imeachta i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 61, agus, de réir analaí, ECtHR, 15 Samhain 2016, A agus B v an Iorua, CE:ECHR:2016:1115JUD002413011, mír 130). Dá bhrí sin, déantar an bonn cirt a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le carnadh pionós a theorannú le coinníollacha atá beartaithe, go háirithe, má chomhlíontar iad, chun teorainn a chur, gan bheithsine “bis” ann féin a thabhairt faoi amhras, áfach, le cineál sainiúil na nósanna imeachta atá i gceist ó thaobh na feidhme de, agus, dá bhrí sin, an tionchar nithiúil a bhíonn ar na daoine lena mbaineann ag an bhfíoras go ndéantar na nósanna imeachta sin, arna seoladh ina leith, a charnadh.

54

Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú, i bhfianaise na n‑imthosca go léir sna príomhimeachtaí, an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo comhlíonta sa díospóid seo. Chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt sin, is cuí an soiléiriú seo a leanas a thabhairt mar sin féin.

55

Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, má tá foráil sa dlí náisiúnta lena bhforáiltear, dála Airteagal 14 de Dhlí an 17 Eanáir 2003 maidir le stádas rialtóir earnálacha poist agus teileachumarsáide na Beilge (Moniteur belge an 24 Eanáir 2003, lch. 2591), ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é a fhíorú, do chomhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann, bheadh sé sin ina chreat ábhartha chun an comhordú dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo a áirithiú. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé freisin a fhíorú ar tharla an comhordú sin sa chás seo.

56

Ar an dara dul síos, faoi réir measúnú ón gcúirt a rinne an tarchur, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil fianaise sa chomhad atá os comhair na Cúirte go bhfuil neasacht ama sách gar idir an dá nós imeachta arna seoladh agus idir na cinntí a glacadh faoin reachtaíocht earnáilsonrach agus faoi dhlí na hiomaíochta. Dá bhrí sin, is cosúil gur sheol údarás rialála na hearnála poist agus an t-údarás iomaíochta a n‑imeachtaí go comhthráthach, go páirteach ar a laghad. Thug an dá údarás a gcinntí ar dhátaí atá gar dá chéile, eadhon an 20 Iúil 2011 agus an 10 Nollaig 2012 faoi seach, rud a léiríonn, ag cur san áireamh, ina theannta sin, castacht na n-imscrúduithe i réimse na hiomaíochta, nasc ama sách dlúth.

57

Ar deireadh, ní leor ann féin go bhfuil an fhíneáil arna forchur i gcomhthéacs an dara nós imeachta níos airde ná an fhíneáil arna forchur i gcomhthéacs an chéad nós imeachta, le cinneadh críochnaitheach, chun gur féidir a mheas go bhfuil an carnadh imeachtaí agus pionós maidir leis an duine dlítheanach lena mbaineann díréireach, ag féachaint, go háirithe, don fhíoras go bhféadfadh an dá nós imeachta sin a bheith ina bhfreagairtí dlíthiúla comhlántacha agus comhcheangailte, ach difriúla mar sin féin, ar an iompar céanna.

58

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a chuirtear ná nach mór Airteagal 50 den Chairt, arna léamh in éineacht le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc leis duine dlítheanach a phionósú le fíneáil as sárú a bheith déanta aige ar dhlí iomaíochta an Aontais, sa chás, i ndáil leis na fíorais chéanna, go raibh an duine sin ina ábhar do chinneadh críochnaitheach cheana féin i ndiaidh nós imeachta a bhaineann le sárú ar reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh, ar choinníoll go bhfuil rialacha soiléire agus beachta ann lenar féidir a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir carnadh imeachtaí agus pionós, chomh maith leis an gcomhordú idir an dá údarás inniúla, gur seoladh an dá nós imeachta ar bhealach sách comhordaithe laistigh de thréimhse ghearr agus go bhfreagraíonn iomlán na bpionós a fhorchuirtear do thromchúis na gcionta a rinneadh.

Costais

59

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh in éineacht le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc leis duine dlítheanach a phionósú le fíneáil as sárú a bheith déanta aige ar dhlí iomaíochta an Aontais, sa chás, i ndáil leis na fíorais chéanna, go raibh an duine sin ina ábhar do chinneadh críochnaitheach cheana féin i ndiaidh nós imeachta a bhaineann le sárú ar reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh, ar choinníoll go bhfuil rialacha soiléire agus beachta ann lenar féidir a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir carnadh imeachtaí agus pionós, chomh maith leis an gcomhordú idir an dá údarás inniúla, gur seoladh an dá nós imeachta ar bhealach sách comhordaithe laistigh de thréimhse ghearr agus go bhfreagraíonn iomlán na bpionós a fhorchuirtear do thromchúis na gcionta a rinneadh.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis

( i ) Rinneadh leasuithe teanga (agus formáidithe) ar mhíreanna 6, 10, 23, 25, 30,31, 35, 37, 40, 41, 49, 50, 59 tar éis dóibh a bheith foilsithe ar líne den chéad uair.