BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
(Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2020/470 – Síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré den pháirt eile – Bunús dlí don nós imeachta – Airteagal 218(7) CFAE – Nós imeachta agus socrú vótála is infheidhme)
I gCás C-275/20,
caingean le haghaidh neamhniú de bhun Airteagal 263 CFAE, a taisceadh an 23 Meitheamh 2020,
An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag J.-F. Brakeland, M. Afonso agus D. Schaffrin, i gcáil Gníomhairí,
iarratasóir,
agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag P. Plaza García agus B. Driessen, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
arna thacú ag:
Poblacht na Fraince, arna hionadú ag J.-L. Carré, T. Stehelin, E. de Moustier agus A. Daniel, i gcáil Gníomhairí,
Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M. K. Bulterman, C. S. Schillemans agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,
idiragraithe,
AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, I. Jarukaitis (Rapóirtéir), I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin ar Dhlísheomraí, M. Ilešič, T. von Danwitz, F. Biltgen, P. G. Xuereb agus N. Wahl, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 28 Deireadh Fómhair 2021,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena iarratas, iarann an Coimisiún Eorpach go ndéanfar neamhniú ar Chinneadh (AE) 2020/470 ón gComhairle, an 25 Márta 2020 maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO 2020 L 101, lch. 1, “an cinneadh atá faoi chonspóid”). |
An dlí lena mbaineann
An Prótacal maidir le Comhar Cultúrtha
|
2 |
Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha (IO 2011 L 127, lch. 1418) (“an Prótacal”), a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO 2011 L 127, lch. 6) (“an Comhaontú”), foráiltear, ina Airteagal 5, dar teideal “Comhléiriúcháin chlosamhairc,” do theidlíocht le haghaidh comhléiriúcháin chlosamhairc, chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach chun ábhar cultúrtha réigiúnach nó áitiúil a chur chun cinn (“an teidlíocht lena mbaineann”). Is mar seo a leanas atá foclaíocht an Airteagail sin: “[...] 3. Éascóidh na páirtithe, i gcomhréir lena reachtaíocht faoi seach, comhléiriúcháin idir léiritheoirí de pháirt [an Aontais Eorpaigh] agus na Cóiré, go háirithe tríd an [teidlíocht lena mbaineann] a dheonú do chomhléiriúcháin. [...] 8.
[...]” [aistriúchán neamhoifigiúil] |
Cinneadh 2011/265/AE
|
3 |
Foráiltear mar a leanas le haithris 6 de Chinneadh 2011/265/AE ón gComhairle, an 16 Meán Fómhair 2010, maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO 2011 L 127, lch. 1): “I gcomhréir le hAirteagal 218(7), [CFAE], féadfaidh Comhairle [an Aontais Eorpaigh] a údarú don Choimisiún formheas a thabhairt ar leasuithe teoranta áirithe ar an gComhaontú. Is iomchuí an Coimisiún a údarú chun dul in éag [na teidlíochta lena mbaineann] a fhógairt, mura gcinneann an Coimisiún síneadh a chur le hinfheidhmeacht na teidlíochta sin agus go ndéanann an Chomhairle é sin a fhormheas i gcomhréir le nós imeachta speisialta, agus nádúr íogair na gné sin den Chomhaontú á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil an Comhaontú le tabhairt i gcrích ag an Aontas agus a Bhallstáit. [...]” [aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 4(1) den Chinneadh sin: “Tabharfaidh an Coimisiún fógra do [Phoblacht na] Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse [na teidlíochta lena mbaineann] de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5(8) [den Phrótacal], ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, ceithre mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Sa chás deireanach sin, beidh an fhoráil sin infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta. Chun críocha sonrach cinnidh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse cur i bhfeidhm, is d'aon toil a ghníomhóidh an Chomhairle.” [aistriúchán neamhoifigiúil] |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/226/AE
|
5 |
Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme Uimh. 2014/226/AE ón gComhairle, an 14 Aibreán 2014, maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin chlosamhairc de bhun Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO 2014 L 124, lch. 25), cuireadh síneadh 3 bliana le tréimhse na teidlíochta lena mbaineann, ón 1 Iúil 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017. |
Cinneadh (AE) 2015/2169
|
6 |
Le Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle, an 1 Deireadh Fómhair 2015, maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, (IO 2015 L 307, lch. 2), formheasadh an Comhaontú sin thar ceann an Aontais. Tá an fhoclaíocht chéanna ag aithris 6 den Chinneadh sin agus aithris 6 de Chinneadh 2011/265. Ar an gcaoi chéanna, tá foclaíocht Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 i dtéarmaí atá comhchosúil le téarmaí Airteagal 4(1) de Chinneadh 2011/265. |
Cinneadh (AE) 2017/1107
|
7 |
Le Cinneadh (AE) 2017/1107 ón gComhairle, an 8 Meitheamh 2017, maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin chlosamhairc de bhun Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO 2017 L 160, lch. 33), cuireadh síneadh 3 bliana le tréimhse na teidlíochta lena mbaineann, ón 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2020. |
An cinneadh atá faoi chonspóid
|
8 |
Foráiltear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a glacadh ar bhonn Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, go gcuirfear síneadh 3 bliana le tréimhse na teidlíochta lena mbaineann, ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2023. |
Ráiteas faoi na saghsanna ordaithe atá á lorg ag na páirtithe agus na himeachtaí atá os comhair na Cúirte
|
9 |
Iarann an Coimisiún ar an gCúirt an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú agus a ordú don Chomhairle na costais a íoc. |
|
10 |
Áitíonn an Chomhairle gur cheart an chaingean a dhiúltú agus a ordú don Choimisiún na costais a íoc. Mar rogha air sin, más gá an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú, iarrann sí ar an gCúirt a éifeachtaí a choinneáil go dtí go leigheasfar é ar bhonn na bhforas arna gcinneadh leis an neamhniú. |
|
11 |
Le cinntí ó Uachtarán na Cúirte an 7 Nollaig 2020, ceadaíodh do Phoblacht na Fraince agus do Ríocht na hÍsiltíre idirghabháil a dhéanamh mar thaca leis na horduithe atá á lorg ag an gComhairle. |
Maidir leis an gcaingean
Argóintí na bpáirtithe
|
12 |
Mar thaca lena chaingean le haghaidh neamhniú, tógann an Coimisiún pléadáil dlí aonair, lena líomhnaítear go bhfuil úsáid Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 mar bhunús dlí don chinneadh atá faoi chonspóid ar neamhréir leis na Conarthaí agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. |
|
13 |
I gcomhthéacs na pléadála dlí aonair sin, maíonn an Coimisiún, tríd an mbunús dlí sin a úsáid, lena gceanglaítear ar an gComhairle gníomhú d’aon toil agus lena n-eisiatar rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa, seachas Airteagal 218(6)(a)(v) CFAE a choinneáil mar bhunús dlí nós imeachta, lena bhforáiltear, i gcomhar le hAirteagal 218(8), an chéad fhomhír, de CFAE, do vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, tar éis toiliú a fháil ón bParlaimint, mar a mhol sé, gur athraigh an Chomhairle an socrú vótala is infheidhme agus go ndearna sí neamhaird ar shainchumas na Parlaiminte maidir le síneadh a chur leis an tréimhse a bhfuil cuid de chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm. |
|
14 |
Measann an Coimisiún gur “bunús dlí tánaisteach” atá in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, a mbeadh sárú á dhéanamh lena úsáid ar phrionsabal na tabhartha cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 13(2) CAE agus ar phrionsabal na cothromaíochta institiúidí. |
|
15 |
Thairis sin, dar leis an institiúid sin, tá sé neamhréireach a chur de cheangal ar an gComhairle gníomhú d’aon toil chun an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan cé gur thrí thromlach cáilithe a cinneadh an teidlíocht sin a bhunú, le glacadh Chinneadh 2011/265, agus nuair a ghlac an tAontas leis, de bhun an dlí idirnáisiúnta, go ndéanfaí athnuachan uirthi, i bprionsabal, go huathoibríoch. Bheadh cur i bhfeidhm riail inmheánach níos déine agus an ceanglas atá ar an gComhairle glacadh le hathnuachan na teidlíochta sin ag teacht salach ar chuspóir na hathnuachana uathoibríche a chomhaontaigh páirtithe an Chomhaontaithe, agus, dá bhrí sin, bheadh sé contrártha leis an gcásdlí maidir le tosaíocht comhaontuithe idirnáisiúnta ar dhlí tánaisteach an Aontais. |
|
16 |
Sa fhreagra, cuireann an Coimisiún in iúl, mar fhreagra ar argóint na Comhairle nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar “bhunús dlí tánaisteach,” ach ar Airteagal 218(7) CFAE, go bhfuil sé ar aon intinn le tuairim na Comhairle gurb í aidhm an chinnidh sin ná chun Comhaontú a leasú, de réir bhrí na forála sin, a mhéid a chuirtear síneadh léi le cur i bhfeidhm forála atá sa Phrótacal. Bíodh sin mar atá, measann sé nach bhféadfaí Airteagal 3(1) den Chinneadh 2015/2169 a thuiscint mar chás ina gcuirfí Airteagal 218(7) CFAE i bhfeidhm, ós rud é nach bhforáiltear leis an gComhaontú sin, trí fhoráil a dhéanamh d’athnuachan uathoibríoch ar an teidlíocht lena mbaineann go ceann tréimhsí leantacha den fhad céanna, d’aon chéim nós imeachta faoi leith le haghaidh athnuachan na teidlíochta sin, ionas nach mbeadh gá don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún an athnuachan sin a fhormheas. |
|
17 |
Thairis sin, dar leis, tá na coinníollacha nós imeachta a ngabhann údarú líomhnaithe an Choimisiúin leo ar neamhréir le hAirteagal 218 CFAE agus bheadh sé mídhleathach úsáid a bhaint as “bunús dlí tánaisteach” lena n-éilítear vótáil d’aon toil sa Chomhairle. |
|
18 |
Ina theannta sin, maíonn sé maidir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 nach dtugtar údarú leis an Airteagal sin chun formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gComhaontú, de réir bhrí Airteagal 218(7) CFAE, ach léireoidh sé, go simplí, cumhacht an Choimisiúin, i gcás ina ndéantar cinneadh i gcoinne athnuachan na teidlíochta lena mbaineann, chun ionadaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE, ach fós é a bheith de chumhacht ag an gComhairle, áfach, cinneadh a dhéanamh maidir leis an athnuachan sin. Mar sin, níor aistríodh an chumhacht cinnteoireachta iarbhír, de réir coinníollacha sonracha, chuig an gCoimisiún. |
|
19 |
Cuireann an Chomhairle, le tacaíocht ó Phoblacht na Fraince agus ó Ríocht na hÍsiltíre, i gcoinne argóint an Choimisiúin, agus í ag áitiú go príomhúil go bhfuil an nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn Airteagail 218(7) CFAE, mar a léirítear go han-soiléir sa tagairt shainráite don fhoráil sin in aithris 6 de Chinneadh 2015/2169, agus go bhfuil an nós imeachta sin ag luí leis an bhforáil sin den Chonradh FAE. |
|
20 |
Áitíonn an Chomhairle go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 218(7) CFAE, ós rud é, ar thaobh amháin, gurb ionann athnuachan na teidlíochta lena mbaineann agus leasú ar chuid shonrach agus neamhspleách den Chomhaontú a dhéantar trí nós imeachta simplithe a bhunaítear in Airteagal 5(8) den Phrótacal. Go háirithe, bheadh an Coimisiún údaraithe, ina cháil mar idirbheartaí, an teidlíocht lena mbaineann a leasú trí í a scriosadh ar dhul in éag na tréimhse reatha 3 bliana agus fógra a thabhairt do Phoblacht na Cóiré faoin gcinneadh sin. Ar an taobh eile, cuirtear coinníollacha bailí ag gabháil leis an údarú sin arna thabhairt don Choimisiún leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169. |
|
21 |
Maidir leis an gceanglas chun vóta d’aon toil a bheith sa Chomhairle, áitíonn an Chomhairle gurb é atá i gceist le hathnuachan na teidlíochta lena mbaineann ná maolú ar an riail ghinearálta go gcuirtear deireadh leis an teidlíocht sin mura ndéantar cinneadh dá mhalairt, rud lena dtabharfaí údar le coinníollacha níos déine a chur i bhfeidhm. |
|
22 |
Mar rogha air sin, áitíonn an Chomhairle, i gcás ina gcinneann an Chúirt nach raibh sé indéanta foráil do vóta d’aon toil den sórt sin i measc na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 218(7) CFAE, gurb í an oibleagáid chun gníomhú d’aon toil amháin nach mbeadh bailí. Mar sin féin, ós rud é gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid d’aon toil, caithfidh go raibh tromlach cáilithe sa Chomhairle ina leith agus, dá bhrí sin, ní mór a mheas, dar léi, gur glacadh leis go bailí. |
|
23 |
San athfhreagra, cuireann an Chomhairle i gcoinne argóint an Choimisiúin, go háirithe, go bhféadfadh an tAontas an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan gan dul i muinín nós imeachta inmheánach nuair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún an teidlíocht sin a athnuachan, cé go mbeadh gá le nós imeachta cinnteoireachta chun deireadh a chur léi. Dar léi, ní fhéadfaí, de bharr nádúr uathoibríoch athnuachan na teidlíochta lena mbaineann maidir le gach ceann de na páirtithe sa Chomhaontú, bac a chur ar gach cineál nós imeachta cinnteoireachta inmheánacha, ós rud é, agus tréimhse na teidlíochta sin teoranta do thrí bliana, nach mór cinneadh a dhéanamh gach 3 bliana de réir na nósanna imeachta cinnteoireachta inmheánacha iomchuí. Mura gcomhlíonfaí na nósanna imeachta cinnteoireachta sin, dhéanfaí dochar do neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais agus don chothromaíocht institiúideach arna mbunú ag údair na gConarthaí. |
|
24 |
Áitíonn an Chomhairle gur bunús dlí iomchuí é Airteagal 218(7) CFAE don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169. Cuireann sí in iúl, go háirithe, go mbunaítear le hAirteagal 5(8) den Phrótacal, nós imeachta simplithe chun an Prótacal sin a leasú trí fhoráil a dhéanamh do thoiliú intuigthe chun an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan agus d’fhógra roimh ré chun deireadh a chur leis an teidlíocht sin. |
|
25 |
Áitíonn Poblacht na Fraince go gcuireann an cinneadh atá faoi chonspóid nós imeachta atá bunaithe ar Airteagal 218(7) CFAE chun feidhme agus, mar sin, go bhfuil sé mícheart go maíonn an Coimisiún gur bhunaigh an Chomhairle an cinneadh sin ar bhunús dlí nach bhforáiltear dó sa Chonradh FAE. Ar an gcéad dul síos, measann sí gurb ionann na rialacha mionsonraithe chun an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan agus cás ina gcuirtear an fhoráil sin den Chonradh FAE i bhfeidhm. Dar léi, ar thaobh amháin, le hathnuachan na teidlíochta lena mbaineann, cuirtear síneadh ama le cur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann leis an teidlíocht sin, atá mar chomhpháirteanna sonracha agus neamhspleácha den Phrótacal, agus, go contrártha, mura ndéantar athnuachan ar an teidlíocht thuasluaite, baintear, go bunúsach, éifeacht dlí na bhforálacha sin díobh. Sa tslí sin, bheadh athnuachan na teidlíochta lena mbaineann comhionann le leasú ar an bPrótacal sin. |
|
26 |
Ar an taobh eile, i gcás go bhfanann na páirtithe ina dtost, tagann athnuachan uathoibríoch den teidlíocht lena mbaineann, dar leis an mBallstát sin, laistigh den chatagóir d’fhorálacha lena ndéantar maolú ar an nós imeachta athbhreithniúcháin ar dhlí ginearálta na gcomhaontaithe idirnáisiúnta, arb ionann í agus simpliú den nós imeachta sin. |
|
27 |
Sa dara háit, measann Poblacht na Fraince go bhfuil an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, Airteagal 218(7) CFAE ag déanamh cur chun feidhme ceart, a mhéid a bhforáiltear leis nach mór don Chomhairle formheas a thabhairt ar chinneadh an Choimisiúin gan deireadh na teidlíochta lena mbaineann a fhógairt. Cuireann sí in iúl, maidir leis sin, go dtugtar, le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, fíorchumhacht cinnteoireachta don Choimisiún maidir leis an rogha atá le déanamh gach 3 bliana, agus coinníollacha sonracha á gcur ag gabháil leis an údarú sin, de réir bhrí Airteagal 218(7) CFAE. Bheadh an srian sin dlisteanach dá mba rud é gur maolú ar Airteagal 218(5), (6) agus (9) CFAE í an fhoráil dheireanach sin, agus gur cuid de na gníomhartha lena sainmhínítear beartais an Aontais agus lena gceaptar a ghníomhaíochtaí seachtracha í athnuachan na teidlíochta lena mbaineann. Ní bheadh ann le dul i muinín vóta d’aon toil ach bealach chun formheas a fheidhmiú, ag an gComhairle, maidir le cinneadh an Choimisiúin gan cur i gcoinne athnuachan na teidlíochta sin agus cé acu má tá an cleachtas sin dleathach nó nach bhfuil ní bheadh aon tionchar aige ar bhailíocht an cheanglais a éilítear le formheas den chineál sin. |
|
28 |
Sa tríú háit agus ar deireadh, dearbhaíonn Poblacht na Fraince nach bhféadfaí, i gcás ar bith, ag féachaint don phrionsabal de neamhspleáchas dhlíchóras an Aontais, an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan in éagmais gníomh de chuid an Aontais lena bhforálfaí go sonrach di, sin beag beann ar an bhfíoras nach bhfuil athnuachan shainráite mar sin riachtanach sa dlíchóras idirnáisiúnta. |
|
29 |
Dhearbhaigh Ríocht na hÍsiltíre a haontú iomlán le seasamh na Comhairle agus leis na hargóintí uile a cuireadh chun cinn mar thaca leis. |
Breithniú na Cúirte
|
30 |
Is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur glacadh é de bhun Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, ina bhforáiltear, go háirithe, amhail Airteagal 4(1) de Chinneadh 2011/265, go dtabharfaidh an Coimisiún fógra do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta lena mbaineann, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle d’aon toil, ar thogra ón gCoimisiún, ceithre mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. |
|
31 |
Mar thaca leis an bpléadáil dlí aonair, maíonn an Coimisiún gur úsáid an Chomhairle “bunús dlí tánaisteach” go mídhleathach tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a bhunú ar Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169. |
|
32 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go leagtar síos na rialacha maidir leis an mbealach ina dtagann institiúidí an Aontais ar a gcinntí sna Conarthaí agus ní féidir leis na Ballstáit ná na hinstitiúidí féin iad a dhiúscairt. Is faoi na Conarthaí amháin, dá bhrí sin, a d'fhéadfaí, i gcásanna áirithe, institiúid a údarú chun nós imeachta cinnteoireachta arna bhunú fúthu a leasú. Mar sin, chun a aithint gur féidir le hinstitiúid bunúis dlí thánaistigh a bhunú, bíodh sin chun na rialacha mionsonraithe maidir le glacadh gnímh a neartú nó a éascú, is ionann sin agus cumhacht reachtach a bhronnadh uirthi, a théann thar an chumhacht dá bhforáiltear sna Conarthaí. D’fhágfadh sé sin chomh maith go bhféadfadh sí dochar a dhéanamh do phrionsabal na cothromaíochta institiúidí, a chiallaíonn nach mór do gach institiúid a cumhacht a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar chumhachtaí na n-institiúidí eile. (féach, chuige sin, Breithiúnas an 6 Bealtaine 2008, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-133/06, EU:C:2008:257, míreanna 54 go 57, agus Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2016, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-14/15 agus C-116/15, EU:C:2016:715, mír 47). |
|
33 |
Sa chás seo, is léir ó aithris 6 de Chinneadh 2015/2169 gurb é Airteagal 218(7), CFAE bunús dlí an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) den Chinneadh sin, agus an aithris sin ag cur in iúl, go bhféadfadh an Chomhairle, i gcomhréir leis an bhforáil sin den Chonradh FAE, an Coimisiún a údarú chun leasuithe teoranta áirithe ar an gComhaontú a fhormheas agus go bhfuil sé iomchuí an Coimisiún a údarú chun dul in éag na teidlíochta lena mbaineann a fhógairt, mura gcinneann sé síneadh a chur leis an teidlíocht sin agus go bhformheasann an Chomhairle é sin i gcomhréir le nós imeachta speisialta, agus nádúr íogair na gné sin den Chomhaontú á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil an Comhaontú le tabhairt i gcrích ag an Aontas agus a Bhallstáit. |
|
34 |
Dá bhrí sin, ní mór an phléadáil dlí aonair a d’ardaigh an Coimisiún a dhiúltú más rud é go dtagann an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, arna chur chun feidhme leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, faoi raon feidhme Airteagal 218(7), CFAE agus go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, a mhéid a n-éilítear léi, le haghaidh athnuachan na teidlíochta lena mbaineann, vóta d’aon toil sa Chomhairle. |
|
35 |
Foráiltear le hAirteagal 218(7), CFAE go bhféadfadh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna (5), (6) agus (9) den Airteagal sin, agus Comhaontú á thabhairt i gcrích, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gComhaontú, nuair a fhorálfar ann go nglacfar na leasuithe sin trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gComhaontú sin. Foráiltear leis, thairis sin, go bhféadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin. |
|
36 |
Dá bhrí sin, is iomchuí a scrúdú, ar an gcéad dul síos, an údaraítear don Choimisiún le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasú ar an bPrótacal, agus an bhforáiltear leis an bPrótacal go nglacfar le leasú mar sin trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gComhaontú nó leis an bPrótacal sin. |
|
37 |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist an údaraíonn an Chomhairle don Choimisiúin, le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasú ar an bPrótacal, is iomchuí a thabhairt faoi deara gur léir ó Airteagal 5(8)(a) agus (b) den Phrótacal nach mór do na páirtithe sa Chomhaontú agus, ag teacht as sin, sa Phrótacal, a mheas gach 3 bliana, tar éis mheasúnú an Choiste “Comhar Cultúrtha” arna mbunú de bhun Airteagal 3(1) den Phrótacal sin, an bhfuil sé ar intinn acu an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan ar feadh tréimhse eile 3 bliana nó nach bhfuil. |
|
38 |
Foráiltear le hAirteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 maidir leis sin do nós imeachta inmheánach den Aontas lena dtabharfaí cumhacht don Choimisiún deireadh a chur leis an teidlíocht lena mbaineann ag deireadh gach tréimhse 3 bliana nó, má mheasann sé gur chóir an teidlíocht sin a athnuachan, togra chuige sin a chur faoi bhráid na Comhairle roimh dhul in éag gach tréimhse. Mar sin féin, mar a chur an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 60 dá Thuairim, mura ndéantar an teidlíocht sin a athnuachan, is ionann sin agus deireadh a chur le teidlíocht a tugadh isteach leis an bPrótacal agus a dhéantar athnuachan uirthi go hintuigthe agus go huathoibríoch gach 3 bliana i bprionsabal, agus mar sin ní mór foirceannadh den sórt sin a thuiscint mar leasú ar an bPrótacal sin. |
|
39 |
Dá bhrí sin, cé nach féidir a mheas go bhfuiltear ag iarraidh an Prótacal a leasú leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a bhfuil sé mar chuspóir aige an teidlíocht lena mbaineann a athnuachan go ceann tréimhse 3 bliana, is leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, is infheidhme maidir le cinneadh den sórt sin a ghlacadh, a údaraítear don Choimisiún measúnú a dhéanamh gach 3 bliana maidir le hathnuachan nó dul in éag na teidlíochta sin a fhógairt, chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dul in éag sin é féin, nó chun dul i muinín na Comhairle d’fhonn an teidlíochta thuasluaite a athnuachan. Ar an gcaoi sin, údaraítear don Choimisiún leis an nós imeachta sin cinntí a ghlacadh maidir leis an bPrótacal sin a leasú. |
|
40 |
Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas gurb ionann Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, arna chur chun feidhme leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, agus údarú a thug an Chomhairle don Choimisiún, tráth ar tugadh an Comhaontú agus, ag teacht as sin, an Prótacal a ghabhann leis i gcrích, chun “leasuithe ar an gComhaontú” a fhormheas, thar ceann an Aontais, de réir bhrí Airteagal 218(7), CFAE. |
|
41 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhforáiltear leis an bPrótacal go nglacfar le leasuithe air trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gComhaontú nó leis an bPrótacal, mar a éilítear le hAirteagal 218(7), CFAE, is iomchuí a thabhairt faoi deara nach dtugtar de chumhacht don Choiste “Comhar Cultúrtha” le hAirteagal 5(8)(a) agus (b) den Phrótacal leasuithe a dhéanamh ar an bPrótacal, agus nach dtugtar de chúram dó ach measúnuithe a dhéanamh ar thorthaí chur chun feidhme na teidlíochta lena mbaineann, mar a luaitear i mír 37 den Bhreithiúnas seo. Ar an taobh eile, foráiltear leis an bhforáil dheireanach sin do nós imeachta simplithe sa mhéid gur leor, mar a chur an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 67 dá Thuairim, chun deireadh a chur leis an teidlíocht sin, do pháirtí amháin sa Chomhaontú deireadh a chur léi trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí mhí roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse ina dhiaidh sin, agus in éagmais sin, déantar an teidlíocht sin a athnuachan go huathoibríoch. |
|
42 |
Is iomchuí, thairis sin, a chur in iúl go bhféadfaí a mheas gurb ionann na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 agus cur i bhfeidhm na féidearthachta, dá bhforáiltear in Airteagal 218(7) CFAE, don Chomhairle chun coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú arna dheonú don Choimisiún, ós rud é go gceanglaítear leis an bhforáil sin de Chinneadh 2015/2169 ar an gCoimisiún, má mheasann sé gurb iomchuí gan deireadh a chur leis an teidlíocht lena mbaineann ach é a athnuachan ar feadh tréimhse 3 bliana, togra a chur faoi bhráid na Comhairle ina leith sin ceithre mhí roimh dhul in éag na tréimhse reatha. |
|
43 |
Eascraíonn sé as sin, go contrártha le seasamh an Choimisiúin, go dtagann an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169, arna chur chun feidhme leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, faoi raon feidhme Airteagal 218(7), CFAE, sa tslí nár ghá an cinneadh sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218(6)(a), CFAE. |
|
44 |
Sa dara háit, maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, a mhéid a éilítear leis, le haghaidh athnuachan na teidlíochta lena mbaineann, vóta d’aon toil sa Chomhairle, is iomchuí a thabhairt faoi deara nach leagtar síos aon socrú vótála le hAirteagal 218(7) CFAE maidir le glacadh cinntí ag an gComhairle, a bhfuil inniúlacht coinnithe aici ina leith, i gcomhthéacs an údaraithe a thug sí don Choimisiún ar bhonn na forála sin. |
|
45 |
Sna himthosca sin, is trí thagairt d’Airteagal 218(8), CFAE nach mór an socrú vótála is infheidhme a chinneadh, i ngach cás aonair. I bhfianaise na húsáide, ar an gcéad dul síos, den fhrása “i gcaitheamh an nós imeachta,” sa chéad fhomhír den fhoráil sin agus, ar an dara dul síos, den téarma “áfach,” ag tús an dara fomhír den fhoráil sin, is iomchuí a mheas, mar riail ghinearálta, go ngníomhaíonn an Chomhairle trí thromlach cáilithe agus nach bhfuil sé ach sna cásanna a leagtar amach sa dara fomhír sin a ghníomhaíonn sí d’aon toil. Sna himthosca sin, ní mór an socrú vótála is infheidhme a chinneadh, i ngach cás aonair, de réir cé acu an mbaineann nó nach mbaineann sé leis na gcásanna deireanacha sin [féach, mutatis mutandis, Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Chomhairle(Comhaontú leis an Airméin), C-180/20, EU:C:2021:658, mír 29]. |
|
46 |
Go háirithe, baineann an chéad chás, arb é an t-aon cheann atá ábhartha sa chás seo, agus ina gceanglaítear ar an gComhairle gníomhú d’aon toil leis an dara fomhír d’Airteagal 218(8), CFAE, le cás ina mbainfeadh an Comhaontú le réimse ina bhfuil gá le haontoilíocht chun gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh, agus dá bharr sin, i gcás mar sin, cruthaítear nasc idir bunús dlí substainteach de chinneadh arna ghlacadh faoin Airteagal sin agus an socrú vótála is infheidhme maidir le glacadh an Chinnidh sin [féach, chuige sin, Breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, an Coimisiún v an Chomhairle(Comhaontú leis an gCasacstáin), C-244/17, EU:C:2018:662, mír 29]. |
|
47 |
Agus an nasc idir bunús dlí substainteach na gcinntí arna nglacadh i gcomhthéacs comhaontaithe agus an tsocraithe vótála is infheidhme maidir le glacadh na gcinntí sin áirithithe sa tslí sin, cuireann sé le caomhnú na siméadrachta idir na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhaíocht inmheánach an Aontais agus na nósanna imeachta a bhaineann lena ghníomhaíocht sheachtrach, agus urraim á tabhairt don chothromaíocht institiúideach arna bhunú ag údair na gConarthaí [féach, chuige sin, Breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2018, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú leis an gCasacstáin), C-244/17, EU:C:2018:662, mír 30]. |
|
48 |
Ní mór an siméadracht sin a áirithiú freisin, nuair a ghlactar cinneadh maidir le Comhaontú a leasú mar a fhoráiltear in Airteagal 218(7), CFAE. |
|
49 |
Ós rud é nach dtagann an teidlíocht lena mbaineann laistigh de réimse a bhfuil vóta d’aon toil ag teastáil sa Chomhairle ina leith chun gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh, níl an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Chinneadh 2015/2169 contrártha leis an méid a áitíonn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, a mhéid a éilítear leis go mbeadh vóta den sórt sin d’aon toil. Is é an socrú vótála is infheidhme maidir le cinntí a ghlacadh amhail an cinneadh atá faoi chonspóid ná, dá bhrí sin, an socrú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 218(8), CFAE, eadhon vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle. |
|
50 |
Ós rud é go luaitear in aithris 6 de Chinneadh 2015/2169 go ndéanann an Chomhairle formheas ar shíneadh a chur leis an teidlíocht lena mbaineann i gcomhréir le nós imeachta speisialta, agus nádúr íogair na gné sin den Chomhaontú á chur san áireamh mar aon leis an bhfíoras go bhfuil an Comhaontú le tabhairt i gcrích ag an Aontas agus a Bhallstáit, is iomchuí a lua, ar dtús, nach dtabharfadh nádúr íogair an ábhair lena mbaineann údar le bunús dlí thánaistigh a ghlacadh lena mbunaítear nós imeachta speisialta (féach, chuige sin, Breithiúnas, an 6 Bealtaine 2008, anPharlaimint v an Chomhairle, C-133/06, EU:C:2008:257, mír 59). Sa dara háit, ní thabharfadh na réasúin sin údar don Chomhairle neamhaird a dhéanamh ar an dualgas chun cloí leis na socruithe vótála dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE (féach, chuige sin, Breithiúnas an 28 Aibreán 2015, an Coimisiún v an Chomhairle, C-28/12, EU:C:2015:282, mír 55) agus, go háirithe, gan cloí leo sin i gcomhthéacs na gcoinníollacha sonracha gur féidir léi a chur ag gabháil leis an údarú arna dheonú don idirbheartaí de bhun Airteagal 218(7), CFAE. |
|
51 |
I bhfianaise na nithe thuasluaite go léir, ní mór glacadh leis an bpléadáil dlí aonair a d’ardaigh an Coimisiún agus, dá bhrí sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. |
Maidir le héifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil
|
52 |
Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt, i gcás ina neamhníonn sí an cinneadh atá faoi chonspóid, éifeachtaí an Chinnidh sin a choinneáil go dtí go leigheasfar é ar bhonn na bhforas arna gcinneadh leis an neamhniú. |
|
53 |
Faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, d’fhéadfadh an Chúirt, má mheasann sí go bhfuil gá leis, a chur in iúl cad iad na héifeachtaí de ghníomh atá neamhnithe ar chóir a mheas a bheith cinntitheach. |
|
54 |
Maidir leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte go bhféadtar, i bhfianaise na bhforas maidir le deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtaí gníomh den sórt sin a choinneáil go háirithe nuair a bheadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ann do na páirtithe lena mbaineann mar thoradh ar éifeachtaí láithreacha a neamhnithe [féach, mutatis mutandis, Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú leis an Airméin), C-180/20, EU:C:2021:658, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear]. |
|
55 |
Sa chás seo, d’fhéadfadh neamhniú an cinnidh atá faoi chonspóid, gan a chuid éifeachtaí a choinneáil, amhras a chaitheamh ar thiomantas an Aontais maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta lena mbaineann go ceann tréimhse trí bliana, ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus cur isteach mar sin ar dhea-fheidhmiú an Chomhaontaithe [féach, mutatis mutandis, Breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Chomhairle (Comhaontú leis an Airméin), C-180/20, EU:C:2021:658, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear]. |
|
56 |
Dá bhrí sin, is iomchuí, ar bhonn foras maidir le deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtaí an Chinnidh atá faoi chonspóid, a n-ordaítear a neamhniú leis an mBreithiúnas seo, a choinneáil go dtí go leigheasfar é ar bhonn na bhforas arna gcinneadh leis an neamhniú. |
Costais
|
57 |
De réir théarmaí Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má chineann an Chúirt amhlaidh. Ós rud é go bhfuil iarratas déanta ag an gCoimisiún ar na costais agus nár éirigh leis an gComhairle, is iomchuí a ordú di na costais a íoc. |
|
58 |
I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, iompróidh na Ballstáit a rinne idiragairt sna imeachtaí a gcostais féin. Is iomchuí, dá bhrí sin, a ordú do Phoblacht na Fraince agus do Ríocht na hÍsiltíre a gcostais féin a iompar. |
|
Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
|
Sínithe: |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.
( i ) Rinneadh leasuithe teanga (agus formáidithe) ar mhíreanna 13, 46, 49, 50, 53,55,tar éis dóibh a bheith foilsithe ar líne den chéad uair.