Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 24 Feabhra 2022 (1)

Cás C625/20

KM

v

Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Social nº 26 de Barcelona (Cúirt Shóisialta Uimh. 26, Barcelona, an Spáinn))

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Cóir chomhionann idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta – Treoir 79/7/CEE – Airteagal 4(1) – Sochair a ríomh – Diúltú dhá liúntas buanéagumais a dhámhachtain faoin scéim slándála sóisialta chéanna – Dámhachtain dhá shochar éagumais nó níos mó a fuarthas faoi scéimeanna slándála sóisialta éagsúla – Comparadóirí ábhartha)






1.        De réir an tsleachta cháiliúil a luaitear le Mark Twain, ‘tá trí chineál bréag ann: bréaga, bréaga damnaithe, agus staidrimh’. (2) Léiríonn an sliocht sin cumhacht áititheach na n‑uimhreacha i réimse dlí in aghaidh idirdhealú de chuid an Aontais, agus iarrann sé freisin go mbeifí cúramach nuair a bhíonn argóint bunaithe go hiomlán orthu. Ar thaobh amháin, tá ról suntasach ag uimhreacha agus sonraí staidrimh maidir le hidirdhealú indíreach a bhunú, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar dhuine a mhaíonn go bhfuil sé thíos leis a chruthú go gcuirtear an grúpa daoine lena mbaineann sé nó sí faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le grúpa eile. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag baint le húsáid uimhreacha agus staidrimh chun idirdhealú indíreach a bhunú, toisc go bhféadfadh an toradh a bheith éagsúil ag brath ar an ngrúpa tagartha a úsáidtear chun an chomparáid a dhéanamh. Mar a deir údar amháin go deisbhéalach, ‘ní feiniméan statach é an t‑idirdhealú’, ‘is féidir é a athrú, téann sé in oiriúint d’imthosca nua; agus é faoi ionsaí éiríonn sé caolchúiseach, fiú deacair teacht air’. (3) Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na grúpaí sin a shainaithint ar bhealach sonrach beacht.

2.        Baineann an díospóid sna príomhimeachtaí le KM, an fostaí, agus an Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS) (Institiúid Náisiúnta Slándála Sóisialta, an Spáinn) maidir le neamhaithint dhá liúntas easláine ceirde dá éis faoi scéim slándála sóisialta aonair.

3.        Go sonrach, leis an iarraidh seo ar réamhrialú, tá an chúirt a rinne an tarchur – Juzgado de lo Social nº 26 de Barcelona (Cúirt Shóisialta Uimh. 26, Barcelona, an Spáinn) – ag iarraidh ar an gCúirt treoir a thabhairt maidir leis an gcion sonrach daoine ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh an ndéanann an reachtaíocht náisiúnta idir lámha idirdhealú indíreach ar fhorais ghnéis agus inscne. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur mná iad 48.09 % de na hoibrithe atá cláraithe i Scéim Slándála Sóisialta Ghinearálta na Spáinne (Régimen General de la Seguridad Social) (‘RGSS’) agus 36.15 % de na hoibrithe atá cleamhnaithe leis an Scéim Speisialta d’Oibrithe Féinfhostaithe (Régimen Especial de Trabajadores Autónomos) (‘RETA’). (4) Dá bhrí sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh sé nach mbeadh sé chomh dóchúil céanna do mhná ná d’fhir tairbhí an dá scéim sin a chomhcheangal.

4.        Dá bhrí sin, iarrtar ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh an ndéanann córas slándála sóisialta na Spáinne idirdhealú indíreach ar mhná ar fhorais ghnéis agus inscne lena gceadaítear dhá shochar a dhámhachtain faoi scéimeanna slándála sóisialta éagsúla, agus ag an am céanna toirmeasc a chur ar dhá shochar a fháil faoi scéim aonair, fiú i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta don dá shochar.

5.        Go háirithe, iarrtar ar an gCúirt an mhodheolaíocht iomchuí a chinneadh chun idirdhealú indíreach a bhunú de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile. (5) Mar a d’iarr an Chúirt, sa Tuairim seo, díreoidh mé ar na gnéithe modheolaíochta thuasluaite i gcomhthéacs na liúntas easláine ceirde a dhámhtar d’fhostaithe.

I.      An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

1.      Treoir 79/7

6.        Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 79/7:

‘Is é cuspóir na Treorach seo ná prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta, dá ngairtear “prionsabal na córa comhionainne” anseo feasta, a chur chun feidhme de réir a chéile i réimse na slándála sóisialta agus i réimsí eile na cosanta sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Luaitear in Airteagal 3(1)(a) den Treoir sin go mbeidh feidhm aige maidir le scéimeanna reachtúla lena dtugtar cosaint i gcoinne, i measc rioscaí eile, rioscaí ‘breoiteachta’ agus ‘easláine’.

8.        Foráiltear le hAirteagal 4(1) de Threoir 79/7:

‘Ciallaíonn prionsabal na córa comhionainne nach ndéanfar aon idirdhealú de chineál ar bith ar fhoras gnéis, go díreach nó go hindíreach, trí thagairt a dhéanamh go háirithe do stádas pósta nó teaghlaigh, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

–        raon feidhme na scéimeanna agus na coinníollacha rochtana orthu;

[...]

–        ríomh na sochar lena n‑áirítear méaduithe atá dlite i leith céile agus i leith cleithiúnaithe agus na coinníollacha lena rialaítear fad agus coinneáil na teidlíochta chun sochar.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

2.      Treoir 2006/54

9.        Foráiltear an méid seo a (6) leanas le hAirteagal 1 de Threoir 2006/54/CE:

‘Is é cuspóir na Treorach seo ná cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha a áirithiú.

Chuige sin, tá forálacha ann chun prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme i ndáil leis an méid seo a leanas:

[...]

(b) dálaí oibre, lena n‑áirítear pá;

(c) scéimeanna slándála sóisialta ceirde.

[...]’

10.      In Airteagal 2(1)(f) den Treoir sin, sainmhínítear ‘scéimeanna slándála sóisialta ceirde’ mar ‘scéimeanna nach rialaítear le [Treoir 79/7] arb é is cuspóir dóibh sochair a sholáthar d’oibrithe, bídís fostaithe nó féinfhostaithe, i ngnóthas nó i ngrúpa gnóthas, i réimsí gníomhaíochta eacnamaíche, in earnáil gairme nó i ngrúpa earnálacha, ar sochair iad atá beartaithe chun na sochair a sholáthraítear le scéimeanna reachtúla slándála sóisialta a fhorlíonadh nó chun a n‑ionad a ghabháil, bíodh ballraíocht i scéimeanna den sórt sin éigeantach nó roghnach’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na Spáinne

1.      LGSS

11.      Foráiltear le hAirteagal 9(1) den Ley General de la Seguridad Social (Dlí ginearálta maidir le slándáil shóisialta), sa leagan comhdhlúite arna fhormheas ag Real Decreto Legislativo 8/2015 por el que se aprueba el texto refundido de la Ley General de la Seguridad Social (Foraithne Reachtach Ríoga Uimh. 8/2015 lena bhformheastar téacs athbhreithnithe an Dlí Ghinearálta maidir le slándáil shóisialta) an 30 Deireadh Fómhair 2015 (7) (‘LGSS’), gurb é an scéim ghinearálta a bheidh sa chóras slándála sóisialta, a thagann faoi Theideal II den Dlí sin agus na scéimeanna speisialta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Dlí sin.

12.      Luaitear in Airteagal 10(1) de LGSS go bhfuil scéimeanna speisialta le bunú le haghaidh gníomhaíochtaí ceirde lena gceanglaítear, mar gheall ar a gcineál, coinníollacha speisialta ama agus áite ina gcuirtear i gcrích iad, nó mar gheall ar an gcineál próisis táirgthe, go mbunófar scéimeanna den sórt sin chun cur i bhfeidhm cuí sochar slándála sóisialta a áirithiú. Foráiltear le hAirteagal 10(2)(a) de LGSS, i measc daoine eile, go bhfuil oibrithe féinfhostaithe le clárú i scéimeanna speisialta.

13.      Luaitear i mír 1 d’Airteagal 163 de LGSS, dar teideal ‘Neamh-chomhoiriúnacht liúntas’, nach mór do liúntais faoin scéim slándála sóisialta ghinearálta a bheith ar neamhréir le chéile, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite. I gcás neamh-chomhoiriúnachta, ní mór don fhaighteoir ceann acu a roghnú.

2.      Foraithne Uimh. 2530/1970

14.      Luaitear in Airteagal 34 de Decreto 2530/1970 por el que se regula el régimen especial de la Seguridad Social de los trabajadores por cuenta propia o autónomos (Foraithne Uimh. 2530/1970 lena rialaítear an scéim slándála sóisialta speisialta do dhaoine féinfhostaithe) an 20 Lúnasa 1970, (8) nach mór do na liúntais a dheonaítear dá thairbhithe leis an scéim speisialta sin a bheith ar neamhréir le chéile, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite. Deirtear san Airteagal sin freisin nach mór do dhuine ar bith a d’fhéadfadh a bheith i dteideal dhá liúntas nó níos mó ná sin ceann acu a roghnú.

3.      Foraithne Ríoga Uimh. 691/1991

15.      Le Real Decreto 691/1991 sobre cómputo recíproco de cuotas entre regímenes de Seguridad Social (Foraithne Ríoga Uimh. 691/1991 maidir le ríomh cómhalartach ranníocaíochtaí idir scéimeanna slándála sóisialta) an 12 Aibreán 1991, (9) foráiltear in Airteagal 4(1) de, i gcás buaneasláine, i gcás ina bhfuil tréimhsí ranníocaíochta curtha isteach ag an duine, go comhleanúnach nó go malartach, faoi níos mó ná scéim amháin – scéim ghinearálta agus scéimeanna speisialta an chórais slándála sóisialta – go bhféadfaí na tréimhsí sin, agus na tréimhsí a ndéileáiltear leo amhlaidh, a cuireadh i gcrích faoi na rialacha lena rialaítear iad, a chomhiomlánú arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, ar choinníoll nach bhforluíonn siad, chun an ceart chun liúntas a fháil agus chun an ráta is infheidhme do bhlianta ranníocaíochta nó seirbhíse a chinneadh, i gcás inarb iomchuí.

4.      Breithiúnas Uimh. 3038/2013

16.      De réir bhreithiúnas Uimh. 3038/2013 an 14 Iúil 2014 ón Sala de lo Social del Tribunal Supremo (Rannán Sóisialta na Cúirte Uachtaraí, an Spáinn), bheadh an dá liúntas buanéagumais iomláin comhoiriúnach dá mbronnfaí iad faoi scéimeanna éagsúla.

II.    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

17.      D’oibrigh KM mar chúntóir riaracháin agus bhí sé cleamhnaithe ina leith sin, ó mhí na Bealtaine 1989 go dtí mí Aibreáin 1994, le scéim slándála sóisialta ghinearálta na Spáinne, RGSS.

18.      Le cinneadh INSS an 2 Márta 1999, measadh go raibh buanéagumas iomlán ar KM mar thoradh ar bhreoiteacht neamhghairmiúil, rud a chuir cosc uirthi leanúint lena gairm bheatha rialta. Dá bhrí sin, bhí sí i dteideal an sochar comhfhreagrach a fháil le héifeacht ón 19 Samhain 1998. Ríomhadh an sochar trí úsáid a bhaint as an ranníocaíocht leis an scéim sin le linn na tréimhse thuasluaite. (10)

19.      Is í an ghairm atá ag KM faoi láthair ná cúntóir cúraim lae agus tá sí cláraithe le RGSS ina leith sin ó mhí Feabhra 2015. Chuir sí tús le tréimhse éagumais shealadaigh chun oibre an 18 Iúil 2016.

20.      An 20 Márta 2018, d’eisigh INSS cinneadh inar dhearbhaigh sé go raibh buanéagumas iomlán ar KM mar thoradh ar thionóisc neamhghairmiúil inar bhris sí féimear. Dheonaigh INSS an liúntas comhfhreagrach di faoin RGSS trí úsáid a bhaint as na boinn ranníocaíochta don tréimhse ó mhí Feabhra 2015 go dtí mí Eanáir 2017. Mheas (11) INSS, de bhun Airteagal 163(1) de LGSS, go raibh na sochair a dámhadh in 1999 agus in 2018 neamh-chomhoiriúnach. Dá bhrí sin, chinn sí nach raibh an t‑iarratasóir ach i dteideal ceann amháin acu.

21.      Le cinneadh an 23 Eanáir 2019, dhiúltaigh an Dirección Provincial del INSS de Barcelona (Stiúrthóireacht Chúige INSS Barcelona, an Spáinn) don ghearán a thaisc an t‑iarratasóir a dhíbhe.

22.      An 12 Márta 2019, rinne KM agóid i gcoinne an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur ar an bhforas go bhfuil Airteagal 163(1) de LGSS contrártha d’Airteagal 4 de Threoir 79/7 agus d’Airteagal 5 de Threoir 2006/54. Dar léi, ba cheart dhá shochar buanéagumais a bhronnadh uirthi go carnach. Áitíonn an t‑iarratasóir, ós rud é go bhfuil cion na mban sna scéimeanna speisialta – agus, eadhon, in RETA – i bhfad níos ísle ná cion na bhfear, go n‑eascraíonn idirdhealú indíreach ar fhorais ghnéis nó inscne as na (12) rialacha maidir le neamh-chomhoiriúnacht sochar. Dá bhrí sin, fágann na rialacha sin go bhfuil sé níos deacra do mhná sochair a charnadh, ós rud é gur cuid níos lú go comhréireach iad de scéimeanna speisialta ná fir.

23.      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhfuil díbhe éilimh an iarratasóra ag INSS i gcomhréir leis an gcásdlí is déanaí ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn), (13) ar dá réir a mheastar go bhfuil dhá shochar comhoiriúnach nuair a dhámhtar iad faoi scéimeanna éagsúla (RGSS agus RETA de ghnáth, ós rud é gurb iad sin an dá scéim is mó ó thaobh ballraíochta de) (14) agus don éagumas céanna chun oibre. Mar sin féin, faoin scéim chéanna (de ghnáth RGSS, arb é an scéim is mó i dtéarmaí ballraíochta é), tá sochair neamh-chomhoiriúnach, cé gur tuilleadh an teidlíocht ar na sochair trí ranníocaíochtaí ar leithligh.

24.      Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an ionann córas den sórt sin agus idirdhealú indíreach ar fhorais ghnéis a thoirmisctear le hAirteagal 4 de Threoir 79/7 agus le hAirteagal 5 de Threoir 2006/54. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin, sna príomhimeachtaí, gur chruthaigh an t‑iarratasóir go ndearna sí ranníocaíochtaí leordhóthanacha ar leithligh chun cáiliú don dá shochar, an sochar a dámhadh in 1999 agus an sochar a dámhadh in 2018. (15)

25.      Cuireann na cúirteanna a rinne an tarchur in iúl go ndealraíonn sé go bhfuil cásdlí an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) maidir leis an reachtaíocht a bhaineann le neamhréireacht sochar neodrach ó thaobh gnéis de, ós rud é nach ndéantar aon idirdhealú ann maidir leis an bpointe seo ach amháin de réir líon na scéimeanna slándála sóisialta lenar rannchuidigh an duine lena mbaineann. Mar sin féin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le cur i bhfeidhm an chásdlí sin sa mhéid is go bhfuil tionchar níos mó aige ar oibrithe baineanna. Sa dá scéim is mó i dtéarmaí ballraíochta – RGSS agus RETA – bheadh an tairbhe a bhaineann le scéimeanna éagsúla a chomhcheangal i bhfad níos indéanta d’fhir ná do mhná, ós rud é go bhfuil cion na bhfear in RETA i bhfad níos airde ná cion na mban. (16) Dá réir sin, ós rud é nach bhfuil comhoiriúnacht dhá liúntas indéanta ach amháin dóibh siúd a fuarthas faoi dhá scéim éagsúla agus i bhfianaise an chion níos mó d’fhir in RETA, dhealródh sé go bhfuil sé i bhfad níos éasca d’fhir ná do mhná comhoiriúnacht den sórt sin a bhaint amach.

26.      Thairis sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, léiríonn láithreacht níos ísle na mban in RETA go raibh sé níos deacra go traidisiúnta dóibh tabhairt faoi ghníomhaíochtaí lena mbaineann féinfhostaíocht mar gheall ar ról sochaíoch na mban mar chúramóirí agus mar chúramóirí baile. Mar thoradh air sin, measann an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfadh idirdhealú indíreach a bheith mar thoradh ar an riail náisiúnta atá i gceist, ní hamháin ar fhorais ghnéis, ach ar fhorais inscne freisin.

27.      Ar deireadh, míníonn an chúirt a rinne an tarchur nach féidir dhá shochar buanéagumais iomlána a dhámhachtain i leith an éagumais chéanna faoin scéim chéanna. Mar sin féin, is féidir dhá shochar buanéagumais iomlána chomhoiriúnacha a fháil don bhreoiteacht nó don ghortú céanna má dhámhtar iad faoi dhá scéim éagsúla.

28.      Sna himthosca sin, chinn an Juzgado de lo Social nº 26 de Barcelona (Cúirt Shóisialta Uimh. 26, Barcelona) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1) An bhfuil riail na Spáinne maidir le comhoiriúnacht na sochar arna bunú in Airteagal 163(1) de [LGSS], mar a léirmhínítear í le cásdlí, lena gcuirtear cosc ar dhá shochar buan‑mhíchumais arna ndámhachtain faoin scéim slándála sóisialta chéanna a mheas a bheith comhoiriúnach, cé go meastar go bhfuil sochair arna ndámhachtain faoi scéimeanna éagsúla comhoiriúnach, fiú más rud é, sa dá chás, gur tuilleadh teidlíocht de bhua ranníocaíochtaí ar leith, contrártha leis na rialacha Eorpacha arna mbunú in Airteagal 4 de [Threoir 79/7], agus Airteagal 5 de [Threoir 2006/54], ós rud é go bhféadfadh reachtaíocht na Spáinne a bheith ina cúis le hidirdhealú indíreach ar fhorais ghnéis nó inscne, ag féachaint do dháileadh inscne i scéimeanna éagsúla slándála sóisialta na Spáinne?

(2) Má thugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist, an bhféadfadh reachtaíocht na Spáinne a bheith contrártha leis an reachtaíocht Eorpach thuasluaite má bhaineann an dá thairbhe le gortuithe nó tinnis éagsúla?’

29.      Chuir KM, INSS, Rialtas na Spáinne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte. Chuir an Chúirt roinnt ceisteanna i scríbhinn le freagairt i scríbhinn chuig INSS agus chuig Rialtas na Spáinne. Thug na páirtithe sin freagra an 6 Nollaig 2021. Rinne na páirtithe thuasluaite uile argóintí ó bhéal os comhair na Cúirte ag éisteacht an 12 Eanáir 2022.

III. Anailís

A.      Réamhbharúlacha

30.      Ar dtús, ba cheart dom a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú le forálacha Threoir 79/7 agus Threoir 2006/54 araon. Maíonn an chúirt a rinne an tarchur gur luaigh sí an treoir dheireanach sin ina réamhthagairt i gcás ina bhfuil sí infheidhme. Measann INSS, Rialtas na Spáinne agus an Coimisiún nach ndealraíonn sé go bhfuil Treoir 2006/54 infheidhme maidir leis an liúntas éagumais atá i gceist sna príomhimeachtaí, ós rud é go bhfuil a raon feidhme teoranta do scéimeanna slándála sóisialta ceirde.

31.      I ndáil leis sin, ní mór dom a chur i bhfios go láidir go ndéantar idirdhealú i ndlí an Aontais idir scéimeanna pinsin ceirde, a thagann faoin gcoincheap ‘pá’ in Airteagal 157(1) agus (2) CFAE, (17) agus scéimeanna reachtúla sochair slándála sóisialta, nach dtagann faoin gcoincheap sin. (18) Is cásdlí socair é nach dtagann liúntas míchumais ranníocach den sórt sin faoin gcoincheap ‘pá’ de réir bhrí Airteagal 157(1) agus (2) CFAE ná de réir bhrí Threoir 2006/54. (19)

32.      Sa chás seo, is cuid de scéim reachtúil iad na liúntais atá i gceist sna príomhimeachtaí agus cuireann siad cosaint ar fáil i gcoinne rioscaí breoiteachta agus easláine. Is cosúil gur lú a bhraitheann liúntais den sórt sin ar chaidreamh fostaíochta ná ar chúinsí sóisialta. (20) Mar a luaigh an chúirt a rinne an tarchur san ordú tarchuir, ní raibh tréimhse ranníocaíochta roimhe sin ag teastáil i leith an tsochair a bronnadh ar KM in 2018, toisc gur tharla sé mar gheall ar thionóisc neamhghairmiúil, rud a chiallaíonn nach raibh ag teastáil ach a bheith cláraithe sa chóras slándála sóisialta. I ndáil leis sin, de réir Airteagal 1 de Threoir 79/7, is é is cuspóir don Treoir sin ná prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile, i réimse na slándála sóisialta agus i ngnéithe eile den chosaint shóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Treoir sin. Dá bhrí sin, measaim gurb ionann na liúntais atá i gceist sna príomhimeachtaí agus cosaint i gcoinne dhá cheann de na rioscaí a liostaítear in Airteagal 3(1) de Threoir 79/7, eadhon breoiteacht agus easlán, nach bhfuil ach an Treoir sin infheidhme ina leith. (21) Os a choinne sin, ní thagann na liúntais sin faoi raon feidhme Threoir 2006/54.

33.      Dá bhrí sin, tabharfaidh mé aghaidh ar na ceisteanna trí thagairt a dhéanamh do Threoir 79/7 amháin.

34.      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an gcaithfear a mheas go dtagann léirmhíniú forála dlí ag cúirt uachtarach Ballstáit faoi raon feidhme Threoir 79/7, ba cheart a mheabhrú nach mór raon feidhme na ndlíthe, na Rialachán nó na bhforálacha riaracháin náisiúnta a mheasúnú i bhfianaise an léirmhínithe a thugann cúirteanna náisiúnta dóibh agus, go háirithe, ag cúirteanna uachtaracha náisiúnta. (22) Dá bhrí sin, ós rud é gurb ionann an riail náisiúnta atá i gceist agus léirmhíniú breithiúnach (23) ag an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach), ní féidir an riail náisiúnta sin – ná an reachtaíocht náisiúnta atá mar bhonn léi – a bhaint ó chur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin.

35.      Ar an tríú dul síos, mar a chuir an Coimisiún in iúl, is fiú a thabhairt faoi deara nach gá don Chúirt scrúdú ar leith a dhéanamh ar an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ós rud é gur fo-thacar den chéad cheist í. Ní shonraítear sa dara ceist ach an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon an cás inar tháinig dhá éagumas as a chéile chun cinn mar gheall ar bhreoiteacht agus easlán éagsúil a chumhdaítear cheana féin leis an gcéad cheist.

36.      Ós rud é gur cleachtadh hipitéiseach a bheadh sa scrúdú ar an bhféidearthacht go mbeadh comharbas dhá éagumas ann mar gheall ar an tinneas nó an easlán céanna, táim den tuairim nach gá an tsaincheist sin a mheas ar leithligh.

B.      Measúnú ar na ceisteanna a tarchuireadh

37.      Lena céad cheist agus lena dara ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile toisc go mbaineann siad leis an tsaincheist chéanna, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 4(1) de Threoir 79/7 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta lena gceadaítear dhá shochar éagumais nó níos mó a fhaightear faoi scéimeanna éagsúla slándála sóisialta mar gheall ar dhá éagumas nó níos mó a dhámhachtain, agus toirmeasc á chur ar dhá shochar den sórt sin nó níos mó a fháil faoi scéim amháin, in ainneoin go gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta do na sochair sin go léir.

38.      Ar dtús, ní mór dom a chur i bhfios go láidir gur chinn an Chúirt go comhsheasmhach gur faoi na Ballstáit atá sé a gcórais slándála sóisialta a eagrú agus, in éagmais chomhchuibhiú an Aontais, na coinníollacha maidir le deonú sochar slándála sóisialta a chinneadh. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ní mór do na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh mar sin féin. (24)

39.      De bhun Airteagal 4(1) de Threoir 79/7, ciallaíonn prionsabal na córa comhionainne nach ndéanfar aon idirdhealú ar fhorais ghnéis go díreach nó go hindíreach trí thagairt a dhéanamh, go háirithe maidir le raon feidhme na scéimeanna slándála sóisialta, na coinníollacha rochtana orthu agus ríomh na sochar slándála sóisialta. Agus a gcumhacht á feidhmiú acu i gcúrsaí slándála sóisialta, ní mór do na Ballstáit an fhoráil sin a chomhlíonadh lena léirítear go nithiúil prionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear anois in Airteagal 21 den Chairt. (25)

40.      De réir chásdlí socair na Cúirte, is éard atá i gceist le hidirdhealú ná rialacha éagsúla a chur i bhfeidhm maidir le cásanna inchomparáide nó an riail chéanna a chur i bhfeidhm maidir le cásanna éagsúla, ach amháin má tá údar oibiachtúil leis an gcóir sin. (26)

41.      Sa chás seo, is féidir a chur as an áireamh go n‑eascraíonn idirdhealú díreach as an mbeart náisiúnta atá i gceist. Leis an mbeart sin, cuirtear bac ar dhá shochar a fháil faoi scéim slándála sóisialta aonair, fiú i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta don dá shochar. Ós rud é go bhfuil feidhm ag an mbeart sin gan idirdhealú maidir le hoibrithe fireanna agus baineanna araon, níl sé idirdhealaitheach go díreach ar fhorais ghnéis. Is gá, dá bhrí sin, a fháil amach an idirdhealú indíreach a d’fhéadfadh a bheith ann. (27)

42.      Ní shainmhínítear idirdhealú indíreach le Treoir 79/7. De réir cásdlí socair, áfach, tá idirdhealú indíreach bunaithe ar ghnéas i gcás ina gcuirfeadh foráil, critéar nó cleachtas atá neodrach de réir dealraimh daoine de ghnéas amháin faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le daoine den ghnéas eile. (28)

43.      Leanann sé ón sainmhíniú sin go bhfuil anailís trí chéim i gceist le hidirdhealú indíreach a bheith ann a bhaineann, ar an gcéad dul síos, le neodracht na forála, an chritéir nó an chleachtais atá i gceist, ar an dara dul síos, le cinneadh na ndaoine lena mbaineann agus iad siúd atá i staid inchomparáide leo agus, ar an tríú dul síos, leis an míbhuntáiste a eascraíonn as foráil, critéar nó cleachtas den sórt sin.

44.      Sa chás seo, is léir dom nach n‑ardaíonn an chéad chéim den anailís aon saincheisteanna, ós rud é nach gconspóidtear go bhfuil an riail náisiúnta atá i gceist, a bhaineann leis an dá ghnéas ar bhealach doiléir, go hiomlán neodrach. Dá bhrí sin, díreoidh an Tuairim seo ar an dá chéim atá fágtha. Ní mór don Chúirt tosú trí na daoine atá le cur i gcomparáid a chinneadh. Ina dhiaidh sin, scrúdóidh an Chúirt an cheist an gcuireann an riail náisiúnta atá i gceist daoine de ghnéas amháin faoi mhíbhuntáiste ar leith. Ós rud é gur iarr an Chúirt Tuairim atá dírithe ar an dá cheist sin amháin, ní dhéanfaidh mé scrúdú ar shaincheist na réasúnuithe a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an míbhuntáiste líomhnaithe.

1.      Cinneadh na ndaoine ar féidir a mheas go bhfuil siad i staid inchomparáide le staid an iarratasóra

45.      Áitíonn KM, go bunúsach, gur sháraigh INSS prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais ghnéis, ós rud é go bhfuil dhá shochar arna ndámhachtain faoi scéimeanna éagsúla slándála sóisialta comhoiriúnach d’éagumais chomhionanna, agus go gcoisctear dámhachtain an dá shochar chéanna faoi scéim amháin, amhail RGSS. Áitíonn INSS agus Rialtas na Spáinne, go bunúsach, go bhfuil daoine a rannchuidigh le córais slándála sóisialta seachas RGSS i staid éagsúil leo siúd a rannchuidigh le RGSS amháin.

46.      Chun a chinneadh an bhfuil dhá chás inchomparáide, ní mór ábhar agus cuspóir na reachtaíochta atá i gceist a chur san áireamh. Is ansin amháin a fhéadfaidh an Chúirt dul i muinín na comparadóirí ábhartha a shainaithint.

(a)    Ábhar agus cuspóir na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist

47.      Ba cheart dom a mheabhrú gur cásdlí socair é nach mór measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht cásanna ní ar bhealach domhanda agus teibí, ach ar bhealach sonrach nithiúil. Ní mór breathnú sa mheasúnú sin ar na heilimintí go léir a léiríonn na cásanna sin, i bhfianaise, go háirithe, ábhar agus chuspóir na reachtaíochta náisiúnta lena ndéantar an t‑idirdhealú atá i gceist. (29) Ina theannta sin, ní cheanglaítear leis an gceanglas a bhaineann le hinchomparáideacht cásanna go mbeidh na cásanna sin comhionann, ach nach mbeidh siad ach cosúil lena chéile. (30)

48.      Sa chás seo, is léir ón gcáschomhad os comhair na Cúirte go mbaineann an cinneadh atá faoi chonspóid le dhá liúntas buanéagumais a dhámhachtain do KM. Dá bhrí sin, baineann an t‑ábhar atá i gceist leis an gceist an bhfuil duine ag a bhfuil dhá éagumas dá éis nó níos mó i dteideal sochar slándála sóisialta amháin nó níos mó a fháil. Faoi réir fíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur agus na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht náisiúnta lena ndeonaítear na sochair sin á gcur san áireamh, dealraíonn sé, prima facie, gurb é cuspóir na sochar sin cosaint shóisialta a dheonú don duine atá cleamhnaithe le scéim slándála sóisialta in aghaidh rioscaí a bhaineann le breoiteacht agus/nó le heaslán.

49.      Agus ábhar agus cuspóir na sochar atá i gceist á meas, níl aon difríocht idir duine a fhulaingíonn dhá éagumas chun oibre nó níos mó dá éis agus a rannchuidigh go hiomlán le scéim slándála sóisialta amháin, amhail RGSS, agus duine a fhulaingíonn ó na héagumais chéanna sin ach a rannchuidigh le go leor scéimeanna. Éilíonn an dá chatagóir daoine an chosaint shóisialta chéanna i gcoinne rioscaí a bhaineann le breoiteacht agus/nó le heaslán.

50.      Ina ionad sin, d’áitigh INSS agus chuir sí an‑bhéim ag an éisteacht ar an bhfíoras go bhfuil na daoine a rannchuidigh le RGSS agus na daoine a rannchuidigh le RETA i staid dhifriúil, ós rud é nach ionann na rioscaí a chumhdaítear leis na scéimeanna sin. Ní aontaím leis sin. Os a choinne sin, creidim nár cheart an measúnú inchomparáideachta chun críocha Airteagal 4(1) de Threoir 79/7 a dhéanamh de réir rioscaí den sórt sin, ach de réir theidlíocht na cosanta sóisialta.

51.      Dá bhrí sin, táim den tuairim go bhfuil duine atá thíos le dhá éagumas chun oibre nó níos mó dá éis agus nár rannchuidigh ach le scéim slándála sóisialta amháin, amhail RGSS, agus duine atá thíos leis na héagumais chéanna sin ach a rannchuidigh le go leor scéimeanna i staid inchomparáide maidir leis an gcosaint shóisialta a theastaíonn uathu.

(b)    An ‘grúpa faoi mhíbhuntáiste’ agus a chomparadóir

52.      In Seymour-Smith, chinn (31) an Chúirt gurb é an cur chuige is fearr maidir le staidreamh a chur i gcomparáid ná breithniú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar chion na bhfear sa lucht saothair atá in ann an ceanglas atá i gceist a chomhlíonadh agus ar chion na bhfear nach bhfuil in ann amhlaidh a dhéanamh faoi seach, agus, ar an taobh eile, comparáid a dhéanamh idir na cionmhaireachtaí sin maidir le cion na mban sa lucht saothair. Dá bhrí sin, ní mór cás na ndaoine atá in ann cáiliú do cheart áirithe a chur i gcomparáid le cás na ndaoine nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh. (32)

53.      Chuir an Chúirt an cur chuige sin i bhfeidhm le déanaí in YS inar fiafraíodh, go bunúsach, an ndearnadh idirdhealú indíreach ar fhir, mar phríomhfhaighteoirí pinsean an‑mhór i gcomparáid le mná a fuair pinsin i bhfad níos lú ar an meán, le reachtaíocht na hOstaire lenar tugadh isteach, inter alia, ranníocaíocht ó ‘phinsin speisialta’ an‑mhór chun an t‑ioncam pinsin a dhaingniú. (33) Chun an cheist sin a fhreagairt, shainaithin an Chúirt, ar an gcéad dul síos, na daoine faoi mhíbhuntáiste atá i gceist. Chuimsigh an grúpa daoine sin iarfhostaithe gnóthas atá faoi rialú an Stáit a bhí ag fáil ‘pinsean sochair shainithe dhírigh’, ar mhó a mhéid ná tairseacha áirithe. (34) Ina dhiaidh sin, d’aithin an Chúirt an comparadóir arbh iad na daoine a bhí ag fáil pinsean ceirde ón Stát Cónaidhme nó ón gcúige a bhí i gceist. Agus an méid sin á dhéanamh aici, d’eisiaigh an Chúirt go sainráite iarfhostaithe gnóthas nach bhfuil faoi rialú an Stáit agus daoine a fhaigheann pinsean ceirde seachas ‘pinsean sochair shainithe dhírigh’, amhail ciste pinsin nó íocaíochtaí polasaí árachais saoil. (35) Mar thoradh air sin, ós rud é go n‑eisiann an Chúirt na daoine sin nach bhfuil baint dhíreach acu leis an riail atá i gceist, feictear dom go nglacann sí cur chuige sách dian chun na grúpaí atá le cur i gcomparáid a shainmhíniú.

54.      Sa chás seo, ós rud é go suitear gur oibrí í KM nach ndearna ach ranníocaíocht le RGSS, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gurb iad na daoine a d’fhéadfadh a bheith faoi mhíbhuntáiste leis an riail náisiúnta atá i gceist ná oibrithe atá cleamhnaithe le RGSS agus a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu dá éis faoin scéim sin. Dá bhrí sin, agus aird á tabhairt, ar an gcéad dul síos, ar an gceanglas thuasluaite maidir le measúnú sonrach agus nithiúil ar inchomparáideacht na gcásanna (36) agus, ar an dara dul síos, gurb é an critéar ábhartha ná cosaint slándála sóisialta na ndaoine a bhfuil dhá mhíchumas nó níos mó orthu dá éis, (37) táim den tuairim nach gcuimsítear sa ghrúpa faoi mhíbhuntáiste, sa chás seo, ach na daoine a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu dá éis a rannchuidigh le RGSS amháin.

55.      Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart a chur i bhfios, ós rud é go mbaineann na príomhimeachtaí atá i gceist le hoibrí a iarrann dámhachtain charnach na sochar a bhaineann le dhá éagumas faoin scéim RGSS, nár cheart don Chúirt na hoibrithe sin a rannchuidigh le scéimeanna seachas RGSS a chur san áireamh. Is iad an grúpa atá faoi mhíbhuntáiste sa chás seo ná na hoibrithe atá cleamhnaithe le RGSS – agus le RGSS amháin – nach féidir leo na sochair mar gheall ar dhá éagumas nó níos mó a chomhcheangal, toisc nach bhfuil na hoibrithe sin cleamhnaithe ach leis an scéim sin. Cé gur fíor go bhfuil feidhm ag riail neamh-chomhoiriúnachta na Spáinne maidir le scéimeanna éagsúla slándála sóisialta na Spáinne, níl aon bhaint ag cás na ndaoine atá cleamhnaithe le ceann amháin de na scéimeanna eile sin agus a rannchuidigh leis an scéim sin amháin leis an gcás seo. Murab ionann agus seasamh an Choimisiúin, creidim nach féidir leis an gCúirt freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur ach amháin trí scrúdú a dhéanamh ar staid na ndaoine a rannchuidigh le scéim slándála sóisialta ar leith – sa chás seo, RGSS – lena gcuirtear ar a cumas rialú sa díospóid atá os a comhair, a bhaineann leis na sochair a dhámhtar do dhuine a bhí cleamhnaithe le RGSS ar feadh dhá thréimhse.

56.      Ina dhiaidh sin, tagaim ar an gcomparadóir a aimsiú chun a chinneadh an bhfuil idirdhealú indíreach ar fhorais ghnéis ag baint leis an ngrúpa faoi mhíbhuntáiste a sainaithníodh. Is é mo thuairim gurb ionann an comparadóir agus na daoine a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu dá éis ach atá in ann dhá shochar nó níos mó ó scéimeanna slándála sóisialta éagsúla a chomhcheangal, ós rud é gur rannchuidigh siad leis na scéimeanna sin.

57.      Dá bhrí sin, maidir le sochair slándála sóisialta a dheonú do dhaoine a bhfuil dhá mhíchumas nó níos mó orthu ina dhiaidh sin, tá duine a rannchuidigh le RGSS amháin, amhail KM, i staid atá inchomparáide le cás duine a rannchuidigh le dhá scéim slándála sóisialta nó níos mó, amhail RGSS agus RETA. Tar éis dom an grúpa faoi mhíbhuntáiste agus a chomparadóir a chinneadh, déanaim anailís anois ar cibé an bhfuil difríocht sa chaoi a gcaitear le fir agus mná a bhaineann leis an dá ghrúpa sin. (38)

2.      An difríocht sa chóireáil idir fir agus m

(a)    Comparáid idir cion na mban agus cion na bhfear

58.      Is cásdlí socair é go bhféadfaí a shuíomh go bhfuil míbhuntáiste ar leith ann, mar shampla, dá gcruthófaí go bhfuil reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí mar mhíbhuntáiste ag cion i bhfad níos mó daoine de ghnéas amháin i gcomparáid le daoine den ghnéas eile. (39) Ciallaíonn sé sin gur féidir idirdhealú indíreach a shuíomh trí mhodh ar bith, lena n‑áirítear ar bhonn fianaise staidrimh. (40) I bprionsabal, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a chinneadh an féidir a shuíomh gurb ann do mhíbhuntáiste ar leith den sórt sin, ós rud é gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé cinntí fíorais a dhéanamh. (41) Go háirithe, mar a luaitear i mír 52 den Tuairim seo, i gcomhthéacs an idirdhealaithe inscne, chinn an Chúirt roimhe seo gurb é an cur chuige is fearr i leith na comparáide ná cionmhaireachtaí na bhfear sa lucht saothair faoi seach a ndéanann an riail atá i gceist difear dóibh agus cionmhaireachtaí na bhfear nach ndéanann sí difear dóibh a mheas, agus comparáid a dhéanamh idir sin agus na cionmhaireachtaí úd a bhaineann le mná sa lucht saothair. (42)

59.      Mar shampla, in YS, chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, nach mór don chúirt a rinne an tarchur na hoibrithe sin go léir atá faoi réir na reachtaíochta náisiúnta ina bhfuil bunús na héagsúlachta sa chóir a chur san áireamh. Ar an dara dul síos, d’athdhearbhaigh an Chúirt gurb é an cur chuige is fearr i leith na comparáide ná comparáid a dhéanamh idir cion na n‑oibrithe faoi seach a bhfuil agus nach bhfuil tionchar ag an difríocht líomhnaithe sa chóir i measc na bhfear sa lucht saothair a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin orthu agus an cion céanna ban sa lucht saothair a thagann faoina raon feidhme. (43)

60.      Mar thoradh air sin, creidim go dtugann an téarma ‘cion’ le tuiscint nach féidir slánuimhreacha a chur i gcomparáid, (44) ach deachúlacha, codáin nó céatadáin a léiríonn an chuid de ghrúpa áirithe sa ghrúpa iomlán. (45) Sa chás seo, chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil difríocht sa chóireáil idir fir agus mná, ní mór don chúirt a rinne an tarchur breathnú ar staid na mban i gcomparáid le staid na bhfear. Go sonrach, ní mór di comparáid a dhéanamh idir an dá chion shonracha seo a leanas.

61.      Ar an gcéad dul síos, ní mór dó breathnú ar chion na mban sa ghrúpa faoi mhíbhuntáiste, is é sin an grúpa ban atá cleamhnaithe le RGSS amháin agus a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu faoin scéim sin, i ndáil le mná an ghrúpa faoi bhuntáiste, is é sin an grúpa ban atá cleamhnaithe le dhá scéim shóisialta nó níos mó agus a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu faoi na scéimeanna sin.

62.      Ar an dara dul síos, ní mór don chúirt náisiúnta cion na bhfear a chinneadh a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu agus nach bhfuil in ann dhá shochar slándála sóisialta nó níos mó a chomhcheangal i ndáil le líon na bhfear a bhfuil na héagumais sin orthu ach atá in ann dhá shochar slándála sóisialta nó níos mó a chomhcheangal.

(b)    Na cionmhaireachtaí sonracha atá i gceist

63.      Dealraíonn sé ó na freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn a chuir an Chúirt agus ón éisteacht nach bhfuil aon ghanntanas sonraí ann. Mar shampla, sna freagraí a thug siad ar na ceisteanna sin, dúirt INSS agus Rialtas na Spáinne, amhail ón 10 Samhain 2021, gurb é 3 388 líon na mban a bhfuil il-éagumas orthu agus a rannchuidigh go hiomlán le RGSS, agus gurb é 3 460 líon na mban a bhfuil il-éagumas orthu agus a rannchuidigh le go leor scéimeanna slándála sóisialta. Mar sin tá an cóimheas idir líon na mban sa ghrúpa faoi mhíbhuntáiste agus líon na mban sa ghrúpa faoi bhuntáiste thart ar aon le haon. Is iad na figiúirí faoi seach d’fhir ná 4 047 agus 7 723, rud a chiallaíonn, i gcás na bhfear, go bhfuil an cóimheas sin thart ar aon le dó.

64.      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a chinneadh an bhfuil an fhianaise staidrimh sin bailí, ionadaíoch agus suntasach. (46) Maidir leis na figiúirí sonracha sin, ba cheart a fháil amach an féidir iad a chur san áireamh, (47) go príomha i bhfianaise dháta na bhfíoras is cúis leis an díospóid.

65.      Thairis sin, ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir nach bhfuil an argóint a chuir KM chun cinn agus ar tharraing an chúirt a rinne an tarchur aird uirthi maidir le líon na gcleamhnaithe fireanna agus baineanna faoi scéimeanna RGSS agus RETA ábhartha sa chás seo. Go háirithe, ina tarchur chun réamhrialú, chuir an chúirt náisiúnta i bhfios go láidir gurb ionann mná go háirithe agus 48.09 % de chleamhnaithe RGSS, an 31 Eanáir 2020, cé nach raibh iontu ach 36.15 % de chleamhnaithe RETA. Níl aon bhaint ag na figiúirí (48) sin sa chás seo, ós rud é nach mbaineann siad ach le líon iomlán na mban i measc chleamhnaithe uile RGSS agus RETA, ach ní léiríonn siad cion na mban nó na bhfear atá faoi mhíbhuntáiste. Ní féidir leis na huimhreacha sin ach oiread nasc cúisíoch a shuí idir an míbhuntáiste líomhnaithe, is é sin nach féidir dhá shochar nó níos mó a chomhcheangal faoin scéim chéanna, agus inscne na n‑oibrithe atá i gceist.

66.      Ar na cúiseanna céanna, táim den tuairim nár (49) cheart don Chúirt na figiúirí a chuir INSS agus Rialtas na Spáinne isteach ina bhfreagraí i scríbhinn, a bhaineann le ráta rannpháirtíochta na bhfear agus na mban i scéim slándála sóisialta amháin nó i roinnt scéimeanna slándála sóisialta i mí Dheireadh Fómhair 2021, a chur san áireamh. Mar a d’áitigh an Coimisiún ag an éisteacht, ní léirítear sna figiúirí sin ach na daoine a bhaineann le scéim shóisialta amháin nó le go leor scéimeanna sóisialta tráth a cuireadh na figiúirí sin ar fáil, agus áirítear sa chur chuige a chuirtear i láthair i mír 63 thuas figiúirí ar gá dearcadh stairiúil níos fearr a bheith ag baint leo, ós rud é go mbaineann siad le héagumais ina dhiaidh sin thar thréimhse ama a fhágann nach mbíonn na figiúirí sin ag brath chomh mór sin ar theagmhais gan choinne. Tá buntáiste suntasach ag cur chuige (50) den sórt sin freisin nach mbaineann na cionmhaireachtaí measta le saincheist na ngníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí níos airde, amhail gníomhaíochtaí áirithe a dhéanann daoine féinfhostaithe atá cumhdaithe ag RETA, a luaigh INSS agus Rialtas na Spáinne ag an éisteacht. Nuair a dhéantar comparáid idir cion na mban agus na bhfear faoi seach a raibh il-éagumas orthu agus a rannchuidigh go hiomlán le RGSS i ndáil leo siúd a rannchuidigh leis an iliomad scéimeanna slándála sóisialta, rinneadh na grúpaí atá i gceist a chúngú cheana féin go dtí cion na ndaoine a bhfuil il-éagumas orthu. Dá bhrí sin, braitheann comparáid den sórt sin ar chionmhaireachtaí daoine a bhfuil il-éagumas orthu cheana féin agus ní ar dhearbhuimhreacha.

67.      I gcás ina gcinnfidh an chúirt náisiúnta na sonraí a luaitear i mír 63 thuas a chur san áireamh, ní mór di a mheas an bhfuil cion na mban a bhfuil dhá éagumas nó níos mó orthu a rannchuidigh go hiomlán le RGSS i ndáil le mná orthu a bhfuil il-éagumas a rannchuidigh le dhá scéim slándála sóisialta nó níos mó ‘i bhfad níos airde’ ná cion na bhfear sa mhéid gur ‘míbhuntáiste ar leith’ é de réir bhrí chásdlí na Cúirte. (51)

(c)    Cad is ‘cion i bhfad níos airde’ nó ‘cion i bhfad níos mó’ de dhaoine aonair ann

68.      Mar a luaigh mé cheana, (52) i gcomhréir leis na critéir arna bhforbairt ag an gCúirt chun a shuíomh gurb ann d’idirdhealú indíreach, ní mór a chinneadh an gcuireann an riail náisiúnta atá i gceist mná faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le fir. (53) I ndáil leis sin, chinn an Chúirt gur féidir a shuíomh go bhfuil míbhuntáiste ar leith den sórt sin ann, mar shampla, má chruthaítear go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist faoi mhíbhuntáiste ag cion i bhfad níos mó de dhaoine aonair d’aon ghnéas amháin i gcomparáid le daoine aonair den ghnéas eile. (54) Tá sé tábhachtach cion den sórt sin a bhunú chun a chinneadh an léirítear feiniméin dothuartha nó ghearrthéarmacha amháin leis na sonraí atá i gceist agus an cosúil go bhfuil siad suntasach go ginearálta. (55)

69.      Mar shampla, in Villar Láiz, cé gur fhág an Chúirt faoin gcúirt náisiúnta é a fhionnadh ar chuir an riail náisiúnta atá i gceist sciar i bhfad níos mó de mhná ná fir faoi mhíbhuntáiste, chuir sí san áireamh gur mná iad thart ar 75 % de na hoibrithe páirtaimseartha go léir. (56) Thairis sin, thug an Chúirt dá haire gur cuireadh 65 % de na hoibrithe a bhí ag gabháil d’obair pháirtaimseartha faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar chur i bhfeidhm an fhachtóra laghdaithe atá i gceist sna príomhimeachtaí. Nuair a dhéanann an reachtaíocht atá faoi chonspóid difear sonrach do bheagnach dhá thrian de na hoibrithe páirtaimseartha go léir agus nuair is mná iad trí cheathrú de na hoibrithe páirtaimseartha go léir, is cosúil go molann an Chúirt, cé go hintuigthe, go bhféadfaí mná a chur faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid le fir.

70.      Sa chás seo, má chinneann an chúirt a rinne an tarchur na figiúirí a chuir INSS agus Rialtas na Spáinne isteach ina bhfreagraí i scríbhinn, (57) mar a luaitear i mír 63 thuas, a chur san áireamh, is cosúil go léiríonn na figiúirí sin, cé gur dócha go mbeidh thart ar bheirt as gach triúr fear a bhfuil il-éagumas orthu in ann buntáistí dhá scéim nó níos mó a chomhcheangal, (58) nach dócha go ndéanfaidh ach bean amháin as gach beirt a bhfuil il-éagumas orthu amhlaidh. (59) Os a choinne sin, cuirtear thart ar leath de na mná a bhfuil il-éagumas orthu faoi mhíbhuntáiste leis an riail náisiúnta atá i gceist, cé nach bhfuil sa chion sin ach aon trian d’fhir a bhfuil il-éagumas orthu. Dá bhrí sin, cé gur faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé na sonraí atá i gceist a léiriú, léiríonn na huimhreacha sin, i mo thuairimse, go ndéanfaidh an riail náisiúnta atá i gceist difear go comhréireach do níos mó  ban ná fear, ós rud é go gcuirtear cion i bhfad níos mó ban ná fir faoi mhíbhuntáiste leis an riail sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a bhaint de thátal as go bhfuil sé d’éifeacht ag an riail náisiúnta atá i gceist idirdhealú indíreach a dhéanamh in aghaidh na mban. Mar sin féin, má bhíonn na figiúirí a thíolactar os comhair na cúirte náisiúnta agus a chuireann sí san áireamh éagsúil ó na figiúirí a thíolactar os comhair na Cúirte, d’fhéadfadh an toradh deiridh a bheith éagsúil.

71.      Mar fhocal scoir, measaim gurb é an freagra ba cheart a thabhairt ar na ceisteanna nach mór Airteagal 4(1) de Threoir 79/7 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta lena gcuirtear, i ndáiríre, cion i bhfad níos mó de mhná ná fir faoi mhíbhuntáiste trí chead a thabhairt dhá shochar éagumais nó níos mó a fhaightear faoi scéimeanna éagsúla slándála sóisialta mar gheall ar dhá éagumas nó níos mó a dhámhachtain, agus toirmeasc á chur ar dhá shochar den sórt sin nó níos mó a fháil faoi scéim aonair, fiú i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta do na sochair sin go léir, rud atá le fionnadh ag an gcúirt a rinne an tarchur.

IV.    Conclúid

72.      Dá bhrí sin, i bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuir Juzgado de lo Social nº 26 de Barcelona (Cúirt Shóisialta Uimh. 26, Barcelona, an Spáinn) mar a leanas:

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta lena gcuirtear, i ndáiríre, cion i bhfad níos mó de mhná ná fir faoi mhíbhuntáiste trí chead a thabhairt dhá shochar éagumais nó níos mó a fhaightear faoi scéimeanna éagsúla slándála sóisialta mar gheall ar dhá éagumas nó níos mó a dhámhachtain, agus toirmeasc á chur ar dhá shochar den sórt sin nó níos mó a fháil faoi scéim aonair, fiú i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta do na sochair sin go léir, rud atá le fionnadh ag an gcúirt a rinne an tarchur.


1      Bunteanga: an Béarla.


2Twain, M., ‘Caibidil from My Autobiography – XX’, North American Review Uimh. 618, 5 Iúil 1907. Dealraíonn sé, áfach, gur féidir fíorbhunús an tsleachta a chur i leith go leor daoine eile.


3       Khaitan, T., ‘Indirect discrimination’, in Lippert‑Rasmussen, K. (eag.), The Routledge Handbook of the Ethics of Discrimination, Routledge, Abingdon, 2017. Arna rochtain an 1 Feabhra 2022, Routledge Handbooks Online.


4       De réir na réamhthagairtí, ba iad sin na sonraí a bhí ar fáil an 31 Eanáir 2020.


5       IO 1979 L 6, lch. 24.


6       Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO 2006 L 204, lch. 23).


7       BOE Uimh. 261 an 31 Deireadh Fómhair 2015.


8       BOE Uimh. 221 an 15 Meán Fómhair 1970.


9       BOE Uimh. 104 an 1 Bealtaine 1991.


10       Ag an éisteacht, mhínigh INSS, chun sochar den sórt sin a ríomh i ndáil le RGSS, nach mór di na hocht mbliana dheireanacha den tréimhse ranníocaíochta a chur san áireamh.


11       Ag an éisteacht, mhínigh INSS nach mór dó ranníocaíocht na 24 mhí dheireanacha a chur san áireamh chun an sochar sin a ríomh.


12       Amhail an 31 Eanáir 2020, ba mhná iad 36.15 % de na hoibrithe a bhí cláraithe le RETA.


13       Féach mír 16 thuas.


14       Míníonn an chúirt a rinne an tarchur gurb é RGSS an scéim lena gcumhdaítear oibrithe fostaithe i bhformhór na n‑earnálacha agus, an 31 Eanáir 2020, go raibh os cionn 14.5 milliún comhalta aige. Sa scéim sin, tá an dáileadh idir na hinscní cothrom a bheag nó a mhór, agus is ionann mná agus 48.09 %. Os a choinne sin, in RETA, lena gcumhdaítear oibrithe féinfhostaithe i bhformhór na n‑earnálacha agus a bhfuil líon mór comhaltaí ann freisin (os cionn 3 mhilliún comhalta), ní dhéanann mná ionadaíocht ach ar 36.15 %, rud nach léiríonn cion na mban sa daonra náisiúnta iomlán ná sa daonra gníomhach.


15       I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur deonaíodh an sochar buanéagumais iomláin a dámhadh in 1999 ar bhonn ranníocaíochtaí roimhe sin, cé nach raibh tréimhse ranníocaíochta roimhe sin ag teastáil don sochar a dámhadh in 2018, toisc gur tharla sé mar gheall ar thionóisc neamhghairmiúil, rud a chiallaíonn go raibh gach a raibh ag teastáil le clárú sa chóras slándála sóisialta. Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl freisin go mbeadh an cás difriúil dá mbronnfaí an dara liúntas ar fhoras dearbh-bhuanéagumais bhuain, toisc sa chás sin go mbeadh an sochar ina chúiteamh as éagumas chun obair de chineál ar bith a dhéanamh, lena n‑áireofaí éagumas chun leanúint ar aghaidh i ngairm ar leith.


16       Féach fonóta 14 thuas.


17       Chinn an Chúirt go gcumhdaítear leis an téarma ‘pá’ de réir bhrí Airteagal 157 CFAE pinsin a bhraitheann ar an gcaidreamh fostaíochta idir oibrí agus fostóir, cé is moite díobh siúd a eascraíonn as scéim reachtúil, lena ndéanann oibrithe, fostóirí agus b’fhéidir na húdaráis phoiblí ranníocaíocht i mbeart arna chinneadh ag an gcaidreamh fostaíochta níos lú ná mar a chinntear le breithnithe beartais shóisialta. Dá réir sin, ní féidir an coincheap sin a leathnú chun scéimeanna nó sochair slándála sóisialta a chuimsiú – amhail pinsin scoir – a rialaítear go díreach le reacht d’eisiamh aon ghné idirbheartaíochta laistigh den ghnóthas nó den earnáil ghairme lena mbaineann agus atá infheidhme go héigeantach maidir le catagóirí ginearálta fostaithe (féach breithiúnas an 22 Samhain 2012, Elbal Moreno, C‑385/11, EU:C:2012:746, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).


18       Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Instituto Nacional de la Seguridad Social (Forlíonadh pinsin do mháithreacha) (C‑450/18, EU:C:2019:696, pointí 24 agus 25).


19       Féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Feabhra 1996, Gillespie agus páirtithe eile (C‑342/93, EU:C:1996:46, mír 14); an 22 Samhain 2012, Elbal Moreno (C‑385/11, EU:C:2012:746, mír 25); agus an 14 Iúil 2016, Ornano (C‑335/15, EU:C:2016:564, mír 38).


20       Féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Instituto Nacional de la Seguridad Social (Forlíonadh pinsin do mháithreacha) (C‑450/18, EU:C:2019:1075, mír 29).


21       Ina theannta sin, is léir ó fhomhír (c) den dara mír d’Airteagal 1 de Threoir 2006/54, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1)(f) di, nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le scéimeanna reachtúla a rialaítear le Treoir 79/7.


22       Féach, inter alia, breithiúnais an 8 Meitheamh 1994, an Coimisiún v an Ríocht Aontaithe (C‑382/92, EU:C:1994:233, mír 36), agus an 15 Márta 2018, Blanco Marqués (C‑431/16, EU:C:2018:189, mír 46).


23       Féach mír 16 thuas.


24       Féach, inter alia, breithiúnais an 4 Nollaig 2003, Kristiansen (C‑92/02, EU:C:2003:652, mír 31); an 4 Feabhra 2015, Melchior (C‑647/13, EU:C:2015:54, mír 21); agus an 10 Meán Fómhair 2015, Wojciechowski (C‑408/14, EU:C:2015:591, mír 35).


25       Féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Aibreán 2020, Associazione Avvocatura per i diritti LGBTI (C‑507/18, EU:C:2020:289, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).


26       Féach, inter alia, breithiúnais an 13 Feabhra 1996, Gillespie agus páirtithe eile (C‑342/93, EU:C:1996:46, mír 16), agus an 8 Bealtaine 2019, Praxair MRC (C‑486/18, EU:C:2019:379, mír 73).


27       Féach, inter alia, breithiúnais an 27 Deireadh Fómhair 1998, Boyle agus páirtithe eile (C‑411/96, EU:C:1998:506, mír 39), agus an 16 Iúil 2009, Gómez-Limón Sánchez-Camacho (C‑537/07, EU:C:2009:462, mír 53).


28       Féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). Cé gur shainmhínigh an Chúirt, sa chásdlí roimhe seo, ‘idirdhealú indíreach’ mar chás ‘ina noibríonn beart náisiúnta, cé gur ceapadh é i dtéarmaí neodracha, chun míbhuntáiste i leith i bhfad níos mó ban ná fear’ (béim curtha leis) (féach, go háirithe, breithiúnais an 20 Deireadh Fómhair 2011, Brachner, C‑123/10, EU:C:2011:675, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 22 Samhain 2012, Elbal Moreno, C‑385/11, EU:C:2012:746, mír 29), tá an sainmhíniú ar chásdlí atá ann faoi láthair comhionann le sainmhíniú Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2006/54. Maidir leis an athrú foirmlithe, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in TGSS (Dífhostaíocht oibrithe tí) (C‑389/20, EU:C:2021:777, fonóta 28).


29       Féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique et Lorraine agus páirtithe eile (C‑127/07, EU:C:2008:728, míreanna 25 agus 26); an 16 Iúil 2015, CHEZ Razpredelenie Bulgaria (C‑83/14, EU:C:2015:480, míreanna 89 agus 90); agus an 9 Márta 2017, Milkova (C‑406/15, EU:C:2017:198, míreanna 56 agus 57 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin breithiúnais an 1 Márta 2011, Association belge des Consommateurs TestAchats agus páirtithe eile (C‑236/09, EU:C:2011:100, mír 29); an 26 Meitheamh 2018, MB (Athrú ar phinsean inscne agus scoir) (C‑451/16, EU:C:2018:492, mír 42); agus an 22 Eanáir 2019, Cresco Investigation (C‑193/17, EU:C:2019:43, mír 42).


30       Féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Bealtaine 2011, Römer (C‑147/08, EU:C:2011:286, mír 42), agus an 19 Iúil 2017, Abercrombie & Fitch Italia (C‑143/16, EU:C:2017:566, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).


31       Breithiúnas an 9 Feabhra 1999 (C‑167/97, EU:C:1999:60).


32       Tobler, C., Limits and potential of the concept of indirect discrimination, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (an Coimisiún Eorpach), 2009, lch. 41. Tugtar na ‘cáilitheoirí’ agus na ‘neamhcháilitheoirí’ ar an dá ghrúpa.


33       Breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2020, YS (Pinsin cheirde na foirne bainistíochta) (C‑223/19, EU:C:2020:753, mír 40).


34       Breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2020, YS (Pinsin cheirde na foirne bainistíochta) (C‑223/19, EU:C:2020:753, mír 44).


35       Ibid., mír 45.


36       Féach mír 47 thuas.


37       Féach mír 51 thuas.


38       Féach mír 49 thuas.


39       Féach, go háirithe, breithiúnais an 14 Aibreán 2015, Cachaldora Fernández (C‑527/13, EU:C:2015:215, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, míreanna 37 agus 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).


40       Féach, inter alia, breithiúnais an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 46), agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, Schuch-Ghannadan (C‑274/18, EU:C:2019:828, mír 46).


41       Féach, go háirithe, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, míreanna 37 agus 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).


42       Féach, inter alia, breithiúnais an 9 Feabhra 1999, Seymour-Smith agus Perez (C‑167/97, EU:C:1999:60, mír 59); an 6 Nollaig 2007, Voß (C‑300/06, EU:C:2007:757, mír 40); agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, Schuch-Ghannadan (C‑274/18, EU:C:2019:828, mír 47).


43       Breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2020, YS (Pinsin cheirde na foirne bainistíochta) (C‑223/19, EU:C:2020:753, mír 52).


44       Is cineál cóimheasa é cion ina n‑áirítear an t‑uimhreoir san ainmneoir agus is féidir é a shloinneadh mar dheachúil, mar chodán, nó mar chéatadán.


45       Mar shampla, mhínigh an Chúirt nach leor é sin chun líon na ndaoine a ndéantar difear dóibh a chur san áireamh, ós rud é go mbraitheann sé sin ar líon na ndaoine atá ag obair atá gníomhach sa Bhallstát ina iomláine chomh maith le céatadáin na bhfear agus na mban atá fostaithe sa Bhallstát sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Feabhra 1999, Seymour-Smith agus Perez, C‑167/97, EU:C:1999:60, mír 59).


46       Féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 45).


47       Féach breithiúnas an 21 Eanáir 2021, INSS (C‑843/19, EU:C:2021:55, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in TGSS (Dífhostaíocht oibrithe tí) (C‑389/20, EU:C:2021:777, mír 56).


48       Maidir le huimhreacha sonracha, féach mír 24 agus fonóta 14 thuas.


49       Chuir INSS agus Rialtas na Spáinne figiúirí faoi bhráid na Cúirte ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, a léiríonn gurb é 10 295 048 líon na bhfear a dhéanann gníomhaíocht amháin, agus gurb é 198 558 líon na bhfear a rannchuidigh le níos mó ná scéim amháin. I gcás na mban, is iad 8 917 750 agus 185 116 na huimhreacha faoi seach.


50       Chuir na páirtithe i gcoinne thábhacht ghéarchéim COVID-19 maidir le comhdhéanamh inscne na scéimeanna slándála sóisialta i ndáil le staidreamh mhí Dheireadh Fómhair 2021.


51       Féach breithiúnas an 21 Eanáir 2021, INSS (C‑843/19, EU:C:2021:55, mír 31).


52       Mír 42 thuas.


53       Féach breithiúnais an 27 Deireadh Fómhair 1998, Boyle agus páirtithe eile (C‑411/96, EU:C:1998:506, mír 76); an 20 Deireadh Fómhair 2011, Brachner (C‑123/10, EU:C:2011:675, mír 56); agus an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 37).


54       Féach breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Schuch-Ghannadan (C‑274/18, EU:C:2019:828, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).


55       Féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Feabhra 1999, Seymour-Smith agus Perez (C‑167/97, EU:C:1999:60, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 40).


56       Breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Villar Láiz (C‑161/18, EU:C:2019:382, mír 42). Féach freisin De la Corte-Rodríguez, M., ‘Recent cases and the future of Directive 79/7 on equal treatment for men and women in social security: How to achieve its full potential’, European Journal of Social Security, iml. 23(1), 2021, lgh. 44-61.


57       Féach mír 63 thuas.


58       Mar a luadh i mír 63 thuas, tá 7 723 fhear ann a bhfuil il-éagumas orthu agus a chuir le go leor scéimeanna slándála sóisialta, agus is é 4 047 líon na bhfear a bhfuil il-éagumas orthu agus a chuir le RGSS amháin.


59       Mar a mhínítear i mír 63 thuas, is é 3 460 líon na mban a bhfuil il-éagumas orthu agus a rannchuidigh le go leor scéimeanna slándála sóisialta, agus is é 3 388 líon na mban a bhfuil il-éagumas orthu agus a rannchuidigh le RGSS amháin.