BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
22 Nollaig 2022 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Airteagal 86(1) – An coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” – Airteagal 87(3) – Úsáid réasúnach táirgí íocshláinte – Airteagal 90 – Ábhar fógraíochta faoi thoirmeasc – Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith – Fógraíocht de réir an phraghais – Fógraíocht le haghaidh tairiscintí bolscaireachta – Fógraíocht le haghaidh díolacháin chomhcheangailte – Toirmeasc)
I gCás C‑530/20,
Iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil, an Laitvia), trí bhreith an 6 Deireadh Fómhair 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 20 Deireadh Fómhair 2020, sna himeachtaí idir
“EUROAPTIEKA” SIA
i láthair:
Ministru kabinets,
Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, C. Lycourgos, E. Regan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi (Rapóirtéir), D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, F. Biltgen, M. Gavalec, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
“EUROAPTIEKA” SIA, ag M. Pētersons, advokāts, |
– |
Rialtas na Gréige, ag A. Dimitrakopoulou agus V. Karra, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Laitvia, K. Pommere, I. Romanovska agus V. Soņeca, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Sauka agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Nollaig 2021,
ag féachaint d’ordú an 2 Márta 2022 go ndéanfar an nós imeachta ó bhéal a athoscailt agus i ndiaidh éisteacht an 22 Márta 2022,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
“EUROAPTIEKA” SIA, ag M. Pētersons, advokāts, |
– |
Rialtas na Laitvia, ag J. Davidoviča agus I. Romanovska, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Sauka agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim Bhreise an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Meitheamh 2022,
an breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 86(1), Airteagal 87(3) agus Airteagal 90 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67), arna leasú le Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 (IO 2004 L 136, lch. 34) (“Treoir 2001/83”). |
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí a thionscain “EUROAPTIEKA” SIA, cuideachta atá bunaithe sa Laitvia agus atá i mbun gnó cógaisíochta sa Bhallstát sin, maidir le dlíthiúlacht forála náisiúnta lena gcuirtear cosc ar chineálacha áirithe fógraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
3 |
De réir aithrisí 2 agus 45 de Threoir 2001/83:
[...]
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4 |
I dteideal VIII den Treoir sin, dar teideal “Fógraíocht” agus Teideal VIIIa den Treoir sin, dar teideal “Faisnéis agus fógraíocht”, tá Airteagail 86 go 88 agus Airteagail 88a go 100 den Treoir sin, faoi seach. |
5 |
Foráiltear le hAirteagal 86 den Treoir sin don mhéid seo a leanas: “1. Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte’ gach cineál faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol nó úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn; áireofar leis, go háirithe:
[...] 2. Ní chuimsítear leis an Teideal seo:
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6 |
Foráiltear le hAirteagal 87 de Threoir 2001/83: “1. Cuirfidh na Ballstáit cosc ar aon fhógraíocht a dhéantar maidir le táirge íocshláinte nár tugadh údarú margaíochta ina leith i gcomhréir le dlí an Chomhphobail. 2. Ní mór do gach gné den fhógraíocht maidir le táirge íocshláinte a bheith ag teacht leis an bhfaisnéis atá san achoimre ar shaintréithe an táirge. 3. Sa chás ina bhfuil fógraíocht á déanamh maidir le táirge íocshláinte:
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 88(1) go (3) den Treoir sin: “1. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar fhógraíocht ar tháirgí íocshláinte don phobal i gcoitinne:
2. Féadfar fógraíocht a dhéanamh don phobal i gcoitinne maidir le táirgí íocshláinte atá beartaithe, de réir a gcomhdhéanaimh nó a gcuspóra, lena n‑úsáid gan idirghabháil dochtúra le haghaidh diagnóisiú, oideasú nó faireachán ar an gcóir leighis, más gá le comhairle ón bpoitigéir, agus atá ceaptha chuige sin. 3. Féadfaidh na Ballstáit cosc a chur ar a gcríoch ar fhógraíocht don phobal i gcoitinne i dtaca le táirgí íocshláinte ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith.” |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
8 |
De réir Airteagal 89(1) den Treoir chéanna: “Gan dochar d’Airteagal 88, in aon fhógraíocht don phobal i gcoitinne i dtaca le táirge íocshláinte, ní mór: [...]
[...]” |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
9 |
Tá an fhoclaíocht in Airteagal 90 den Treoir sin mar a leanas: “Ní fhéadfaidh aon ábhar a bheith san fhógraíocht don phobal i gcoitinne maidir le táirge íocshláinte:
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na Laitvia
10 |
Foráiltear mar seo a leanas i bpointe 18.12 de Ministru kabineta noteikumi Nr. 378 “Zāļu reklamēšanas kārtība un kārtība, kādā zāļu ražotājs ir tiesīgs nodot ārstiem bezmaksas zāļu paraugus” (Foraithne Uimh. 378 ó Chomhairle na nAirí i leith “Rialacha mionsonraithe maidir le fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus rialacha mionsonraithe faoina n‑údaraítear samplaí saor in aisce a sholáthar ag monaróirí táirgí íocshláinte do dhochtúirí”) an 17 Bealtaine 2011 (Latvijas Vēstnesis, 2011, Uimh. 78, “Foraithne Uimh. 378”): “Agus fógraíocht á déanamh don phobal i gcoitinne maidir le táirge íocshláinte, cuirtear toirmeasc ar fhaisnéis a chur san áireamh lena spreagfar táirge íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas an táirge íocshláinte, le díol speisialta a fhógairt nó le tabhairt le fios go ndíolfar an táirge íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile (lena n‑áireofar ar phraghas laghdaithe) nó le táirgí eile.” |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
11 |
Tá EUROAPTIEKA ina chuid de ghrúpa a bhfuil líonra cógaslann agus cuideachtaí dáileacháin táirgí íocshláinte miondíola aige sa Laitvia. I gcomhréir le dlí na Laitvia, údaraítear do na cógaslanna táirgí sláinte a sholáthar nach táirgí íocshláinte iad. |
12 |
I mí an Mhárta 2016, d’fhógair EUROAPTIEKA díolachán promóisin ar a shuíomh gréasáin agus ina nuachtlitir mhíosúil, ag tairiscint laghdú de 15 % ar phraghas gach táirge íocshláinte má cheannaítear ar a laghad trí tháirge. Le cinneadh an 1 Aibreán 2016, chuir an Veselības inspekcijas Zāļu kontroles nodaļa (Cigireacht na Sláinte Poiblí, an tSeirbhís Rialaithe Táirgí Íocshláinte, an Laitvia), ar bhonn phointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378, cosc ar EUROAPTIEKA fógraíocht maidir leis an díolachán promóisin sin a scaipeadh. |
13 |
An 8 Eanáir 2020, thionscain EUROAPTIEKA caingean bhunreachtúil i gcoinne na forála sin os comhair an Latvijas Republikas Satversmes tiesa (Cúirt Bhunreachtúil, an Laitvia), an chúirt a rinne an tarchur. Mar thaca leis an gcaingean, áitíonn EUROAPTIEKA, inter alia, go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin ní hamháin maidir le fógraíocht i ndáil le táirge íocshláinte sonraithe, ach freisin maidir le fógraíocht i ndáil le táirgí íocshláinte i gcoitinne. Dar leis, ní hé go bhfuil feidhm ag forálacha Threoir 2001/83, a bhfuil Foraithne Uimh. 378 beartaithe lena cur chun feidhme, áfach, maidir le haon fhógraíocht a bhaineann leis an earnáil cógaisíochta nó le táirgí íocshláinte i gcoitinne, ach maidir le fógraíocht a bhaineann le táirgí íocshláinte sonraithe amháin. Áitíonn EUROAPTIEKA go ndéantar comhchuibhiú iomlán leis an Treoir sin i réimse na fógraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte agus go gcuirtear cosc léi, dá bhrí sin, ar na Ballstáit rialacha forlíontacha a leagan síos ina reachtaíocht lena gcuirtear srian leis an bhfógraíocht sin. Trí phointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378 a leagan síos, rinne Comhairle na nAirí liosta na n‑ábhar fógraíochta a gcuirtear cosc orthu in Airteagal 90 de Threoir 2001/83 a fhorlíonadh agus, dá bhrí sin, sháraigh sí an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE. |
14 |
Óna taobhsa, measann Comhairle na nAirí gur chóir an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” atá in Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 a léiriú go leathan agus go bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar aon fhógraíocht nach bhfuil i gcomhréir leis an gceanglas, dá bhforáiltear in Airteagal 87(3) den Treoir sin, go gcaithfidh fógraíocht a dhéantar maidir le táirge íocshláinte úsáid réasúnach an táirge sin a spreagadh, ní hamháin maidir le táirge íocshláinte sonraithe, ach freisin maidir le haon táirge íocshláinte go ginearálta. Dar léi, glacadh pointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378 d’fhonn úsáid mhíréasúnach táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta a laghdú, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar fhógraíocht maidir le táirgí íocshláinte den sórt sin mar gheall ar a bpraghas. Tá na ceanglais níos déine a fhorchuirtear leis an bhforáil náisiúnta sin bunaithe ar an ngá, a leagtar síos in aithris 45 den Treoir sin, le sláinte an phobail a chosaint i gcoinne na rioscaí a bhaineann le fógraíocht iomarcach agus dhíchéillí. Dá réir sin, tá an fhoráil náisiúnta sin, i gcomhréir leis an Treoir sin. |
15 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur gur riail atá i bpointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378 a bhaineann le fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte de réir bhrí Threoir 2001/83 agus go gcumasaítear leis sin rialacha amhail iad siúd a leagtar síos leis an bhforáil náisiúnta sin a ghlacadh, sa chás go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir leis na cuspóirí arna saothrú ag an Treoir sin. Mar sin féin, tá an chúirt sin in amhras faoi léiriú Airteagal 86(1) agus Airteagal 87(3) agus Airteagal 90 den Treoir sin. |
16 |
Cuireann an chúirt sin i dtreis, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, nach mór an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” a luaitear in Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83, a léiriú ar bhealach an‑leathan, bunaithe ar chuspóir bolscaireachta na teachtaireachta atá i gceist. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé leanúint ó fhoclaíocht na chéad fhleisce d’Airteagal 89(1)(b) den Treoir sin, ar dá réir nach mór ainm an táirge íocshláinte a áireamh in aon fhógraíocht a dhéantar i dtaca leis an táirge sin, gur “fógraíocht [...] ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na Treorach sin í fógraíocht ar tháirgí íocshláinte áirithe inaitheanta, agus iad sin amháin. Dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás, ní fhéadfadh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378 teacht faoin gcoincheap sin, de bhrí nach mbainfeadh an fhoráil sin le faisnéis a bhaineann le táirgí íocshláinte sonracha, amhail a n‑ainm, ach d’eiseofaí ón bhfógraíocht ar tháirgí íocshláinte faisnéis áirithe amhail í sin lena spreagtar na táirgí sin a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir an phraghais. |
17 |
Ansin, luann an chúirt sin go ndéantar comhchuibhiú iomlán i réimse na fógraíochta ar tháirgí íocshláinte le Treoir 2001/83. I ndáil leis sin, fiafraíonn sí, ós rud é nach bhfreagraíonn na toirmisc a leagtar síos i bpointe 18.12 d’Fhoraithne Uimh. 378 d’aon ábhar fógraíochta a gcuirtear cosc air le hAirteagal 90 den Treoir sin, agus ag glacadh leis go bhfuil feidhm ag an Treoir sin, an bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit foráil a dhéanamh ina reachtaíocht náisiúnta, do thoirmeasc ar ábhar fógraíochta seachas é sin a gcuirtear toirmeasc air le hAirteagal 90. |
18 |
I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ar deireadh, gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir a mheas an bhfuil ceanglais seachas iad siúd dá bhforáiltear go sainráite in Airteagal 90 i gcomhréir le Treoir 2001/83 i bhfianaise an chuspóra arna shaothrú ag an Treoir sin, is é sin, úsáid réasúnach táirgí íocshláinte a spreagadh, agus an gá le haon fhógraíocht iomarcach agus dhíchéillí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do shláinte an phobail a chosc. Dá réir sin, dar leis an gcúirt sin, d’fhéadfaí Airteagal 87(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise a haithris 45, a léiriú sa chaoi go gceadaítear leis do na Ballstáit toirmeasc a chur ar gach fógraíocht ar tháirgí íocshláinte atá iomarcach agus díchéillí go follasach, lena bhféadfaí difear a dhéanamh do shláinte an phobail. |
19 |
Sna himthosca sin, chinn Latvijas Republikas Satversmes tiesa (an Chúirt Bhunreachtúil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
An nós imeachta os comhair na Cúirte
20 |
An 13 Iúil 2021, chinn an Chúirt Bhreithiúnais an cás seo a shannadh ar an Tríú Dlísheomra. An lá céanna, d’iarr sí ar na daoine leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceisteanna áirithe a fhreagairt i scríbhinn, de bhun Airteagal 61(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. D’fhreagair an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, Rialtas na Gréige, Rialtas na Laitvia, Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach na ceisteanna sin. |
21 |
Sna sála ar an athrú ar chuid de Chomhaltaí na Cúirte agus comhdhéanamh nua na nDlísheomraí atá mar thoradh air sin, shann an Chúirt, trí chinneadh an 13 Deireadh Fómhair 2021, an cás sin ar an gCeathrú Dlísheomra. |
22 |
An 9 Nollaig 2021, thug an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim agus ansin cuireadh clabhsúr leis an gcéim ó bhéal den nós imeachta. |
23 |
Agus é den tuairim gurbh fhiú go gcuirfí an cheist maidir le himpleachtaí bhreithiúnais an 1 Deireadh Fómhair 2020A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne) (C‑649/18, EU:C:2020:764), agus an 15 Iúil 2021, DocMorris (C‑190/20, EU:C:2021:609), le haghaidh na gceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú sa chás seo, a shannadh ar fhoirmíocht ina bhfuil níos mó Breithiúna, chinn an Ceathrú Dlísheomra, an 13 Eanáir 2022, an cás seo a chur faoi bhráid na Cúirte ionas go ndéanfaí é a athshannadh ar fhoirmíocht den sórt sin, de bhun Airteagal 60(3) de na Rialacha Nós Imeachta. |
24 |
An 1 Feabhra 2022, chinn an Chúirt an cás seo a athshannadh ar an Mór-Dhlísheomra. |
25 |
Ina hordú an 2 Márta 2022, EUROAPTIEKA (C‑530/20, nár foilsíodh, EU:C:2022:146), d’ordaigh an Chúirt, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go n‑athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta sa chás seo, i gcomhréir le hAirteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta. |
26 |
An 9 Meitheamh 2022, thug an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim Bhreise. |
Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
27 |
Is léir ón ordú tarchuir agus ón gcomhad atá os comhair na Cúirte go bhfuil an fhoráil náisiúnta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí á léiriú ag údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin na Laitvia sa chaoi go bhfuil feidhm aici maidir leis an bhfógraíocht don phobal i gcoitinne le haghaidh táirge íocshláinte sonraithe agus le fógraíocht don phobal i gcoitinne le haghaidh táirgí íocshláinte neamhshonraithe, is é sin le rá, ar tháirgí íocshláinte i gcoitinne nó ar thacar táirgí íocshláinte neamhshonraithe. Thairis sin, is léir ón ordú tarchuir go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí go díreach le dlíthiúlacht na forála náisiúnta sin a mhéid a bhaineann sí leis an dara catagóir fógraíochta sin. |
28 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, lena céad cheist, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go dtagann scaipeadh faisnéise lena spreagtar daoine chun táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína shonrú go ndíoltar na táirgí íocshláinte sin i dteannta táirgí íocshláinte eile, lena n‑áirítear ar phraghas laghdaithe, nó táirgí eile, faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach mbaineann an fhaisnéis sin le táirge íocshláinte sonraithe, ach le táirgí íocshláinte neamhshonraithe. |
29 |
Chun an cheist sin a fhreagairt, is gá a chinneadh, ar an gcéad dul síos, an gcuimsítear leis an gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83, fógraíocht ar tháirge íocshláinte sonraithe, agus sin amháin, nó an gcuimsítear freisin fógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe. Ar an dara dul síos, is gá a chinneadh an bhféadfadh gníomhaíochtaí amhail iad siúd dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí teacht faoin gcoincheap sin. |
Raon feidhme an choincheapa “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83
30 |
In Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83, sainmhínítear an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” mar “gach cineál faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn”. |
31 |
De bhrí nach dtagraítear do dhlíthe náisiúnta san fhoráil sin ar chaoi ar bith, ní mór a mheas gur coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais é an coincheap sin, nach mór a léiriú go haonfhoirmeach ar chríoch an Aontais, ag cur san áireamh, ní hamháin foclaíocht na forála sin, ach freisin an comhthéacs lena mbaineann agus na cuspóirí arna saothrú ag an reachtaíocht a bhfuil sí mar chuid di (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle(Tionchar ar thríú Stát), C‑872/19 P, EU:C:2021:507, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
32 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83, ní mór a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an fhoráil sin do “tháirgí íocshláinte” san iolra ar bhonn córasach. Thairis sin, sainmhínítear an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” ar bhealach an‑leathan san fhoráil sin, sa chaoi go gcuimsítear “gach cineál” faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe, lena n‑áirítear, go háirithe, “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte don phobal i gcoitinne”, rud nach gcuirtear as an áireamh go sainráite le hAirteagal 86(2) den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, MSD Sharp & Dohme, C‑316/09, EU:C:2011:275, mír 29). |
33 |
Sna himthosca sin, ní fhéadfaí a bhaint de thátal as foclaíocht Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 go n‑eisiatar fógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe ón gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin. |
34 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcomhthéacs lena mbaineann Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83, ní mór a thabhairt faoi deara, i measc fhorálacha Theidil VIII agus VIIIa den Treoir sin, go dtagraítear i gcinn áirithe don fhógraíocht le haghaidh “táirgí íocshláinte”, rud a thugann le tuiscint mar sin go bhféadfaidh an fhógraíocht sin a bheith bainteach le táirgí íocshláinte neamhshonraithe, fad a thagraíonn cinn eile d’fhógraíocht le haghaidh “táirge íocshláinte”. |
35 |
Mar sin féin, sa chéad áit, maidir le forálacha Theideal VIII de Threoir 2001/83, eadhon iad siúd atá in Airteagail 86 go 88 den Treoir sin, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar amach sna forálacha sin rialacha ginearálta agus bunúsacha a bhaineann le fógraíocht le haghaidh na dtáirgí íocshláinte sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, Novo Nordisk, C‑249/09,EU:C:2011:272, míreanna 22, 24 agus 25). Dá bhrí sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 44 dá Thuairim an 9 Nollaig 2021, tá na forálacha sin le cur i bhfeidhm maidir le gach gníomh arb é is aidhm dó oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn. |
36 |
Dá réir sin, murab ionann agus Airteagal 88 den Treoir sin, cé go dtagraítear le hAirteagal 87 den Treoir sa téacs d’fhógraíocht a dhéantar maidir le “táirge íocshláinte”, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Airteagal 87 a léiriú cheana sa chaoi go n‑áirítear leis na prionsabail ghinearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cineál agus ábhar fógraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte (breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, Novo Nordisk, C‑249/09, EU:C:2011:272, mír 25; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2007, Gintec, C‑374/05, EU:C:2007:654, míreanna 51 agus 55). |
37 |
Sa dara háit, maidir leis na forálacha faoi Theideal VIIIa de Threoir 2001/83, is fíor go dtagraítear le hAirteagail 89 agus 90 den Treoir sin, lena bhforáiltear do rialacha sonracha is infheidhme i leith na fógraíochta don phobal i gcoitinne, do “tháirge íocshláinte”, san uatha, agus mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, go bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 89(1)(b) den Treoir sin gur gá a bheith san fhógraíocht sin ainm an táirge íocshláinte ar a laghad. |
38 |
Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 89(1) den Treoir sin go bhfuil feidhm aige gan dochar d’Airteagal 88 di. Thairis sin, mar a d’áitigh, go bunúsach, Rialtas na Polainne agus an Coimisiún, ní leor go mbaineann na rialacha sonracha in Airteagail 89 agus 90 den Treoir sin le fógraíocht le haghaidh táirge íocshláinte sonraithe chun an sainmhíniú an‑leathan ar an gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” in Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 nó raon feidhme ginearálta na rialacha a leagtar síos in Airteagail 86 go 88 den Treoir sin a thabhairt faoi cheist. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a bhaint de thátal as Airteagal 89 den Treoir sin go gcaithfear an coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Airteagal 86(1) den Treoir sin a thuiscint sa chaoi go gcuimsítear fógraíocht a dhéantar maidir le táirge íocshláinte sonraithe, agus é sin amháin. |
39 |
Ar an tríú dul síos, maidir leis na cuspóirí arna saothrú ag Treoir 2001/83, is léir ó aithris 2 den Treoir sin gurb é is príomhchuspóir di sláinte an phobail a chosaint. |
40 |
I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin go bhféadfadh an fhógraíocht ar tháirgí íocshláinte dochar a dhéanamh do shláinte an phobail (breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, Novo Nordisk, C‑249/09, EU:C:2011:272, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear), i bhfianaise na n‑iarmhairtí tromchúiseacha don tsláinte a d’fhéadfadh leanúint ó dhrochúsáid nó ró-úsáid táirgí íocshláinte faoi oideas liachta (breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, MSD Sharp & Dohme, C‑316/09, EU:C:2011:275, mír 30) agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le húsáid iomarcach nó díchéillí táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne), C‑649/18, EU:C:2020:764, míreanna 80 agus 94). |
41 |
Is iomchuí cineál an‑sonrach na dtáirgí íocshláinte a thabhairt faoi deara, ar táirgí iad a ndealaítear go substaintiúil ó earraí eile, de bharr a n‑éifeachtaí teiripeacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Meán Fómhair 2019, VIPA, C‑222/18, EU:C:2019:751, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear). Tá sé de thoradh ag na héifeachtaí teiripeacha sin, má úsáidtear táirgí íocshláinte gan ghá nó ar bhealach mícheart, go bhféadfaidh siad dochar tromchúiseach a dhéanamh don tsláinte, gan an t‑othar a bheith in ann é sin a thuiscint agus iad á dtabhairt. Tá rioscaí i gceist le ró-úsáid nó úsáid mhícheart táirgí íocshláinte, thairis sin, do chothromaíocht airgeadais na gcóras náisiúnta slándála sóisialta (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Bealtaine 2009, Apothekerkammer des Saarlandes agus páirtithe eile, C‑171/07 agus C‑172/07, EU:C:2009:316, míreanna 32 agus 33). |
42 |
Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, cuirtear cosc gan eisceacht le hAirteagal 87(1) agus Airteagal 88(1)(a) de Threoir 2001/83, faoi seach, ar gach fógraíocht a dhéantar maidir le táirge íocshláinte nár tugadh údarú margaíochta ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais agus gach fógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach féidir a thabhairt ach ar oideas liachta agus, ar an taobh eile, le hAirteagal 88(3) den Treoir sin, ligtear do na Ballstáit toirmeasc a chur ar fhógraíocht don phobal i gcoitinne i dtaca le táirgí íocshláinte ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith. |
43 |
Ar an gcaoi chéanna, is foráil a fhreagraíonn don chuspóir bunúsach sláinte an phobail a chosaint é Airteagal 88(2) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise aithris 45 di, ar dá réir a údaraítear fógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta, faoi réir na coinníollacha agus na srianta dá bhforáiltear sa Treoir sin a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Nollaig 2003, Deutscher Apothekerverband, C‑322/01, EU:C:2003:664, mír 109, agus an 11 Meitheamh 2020, ratiopharm, C‑786/18, EU:C:2020:459, mír 40), de bhrí go bhféadfadh an fhógraíocht sin, mar is léir ó aithris 45, difear a dhéanamh do shláinte an phobail má tá sí iomarcach agus díchéillí. |
44 |
Bhainfí go mór den chuspóir bunúsach sláinte an phobail a chosaint dá ndéanfaí Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi nach dtagann gníomhaíocht faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn nach dtagraíonn do tháirge íocshláinte sonraithe faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte”, de réir bhrí na forála sin agus, dá bhrí sin, nach dtagann faoi na toirmisc, na coinníollacha agus na srianta dá bhforáiltear leis an Treoir sin i réimse na fógraíochta. |
45 |
Ós rud é go bhféadfadh fógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhshonraithe, amhail fógraíocht a bhaineann le haicme iomlán táirgí íocshláinte atá ceaptha chun an phaiteolaíocht chéanna a chóireáil, a bheith bainteach freisin le táirgí faoi oideas liachta nó táirgí ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, dá n‑eiseofaí fógraíocht den sórt sin ó raon feidhme fhorálacha Threoir 2001/83 maidir le fógraíocht, bhainfí go mór d’éifeacht úsáideach na dtoirmeasc a leagtar síos in Airteagal 88(1)(a) agus (3) den Treoir sin, a mhéid a d’fhágfadh sin nach dtiocfadh aon fhógraíocht nach mbaineann go sonrach le táirge íocshláinte a bhaineann leis an aicme sin faoi na toirmisc sin. |
46 |
Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach i míreanna 41, 56 agus 60 dá Thuairim an 9 Nollaig 2021, féadfaidh fógraíocht a dhéantar i ndáil le tacar neamhshonraithe táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta, amhail fógraíocht a bhaineann le haicme iomlán táirgí íocshláinte atá ar fáil le díol i gcógaslann, faoi mar is féidir le fógraíocht a dhéantar i ndáil le táirge íocshláinte sonraithe amháin, a bheith iomarcach agus díchéillí agus, dá réir sin, dochar a dhéanamh do shláinte an phobail, trí chustaiméirí a ghríosú chun úsáid díchéillí nó ró-úsáid na dtáirgí íocshláinte lena mbaineann. |
47 |
Is léir ó léiriú litriúil, córasach agus teileolaíoch d’Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 go gcuimsítear leis an gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin, gach cineál faisnéise ó dhoras go doras, stocaireachta nó gríosaithe arb é is aidhm di oideasú, soláthar, díol agus úsáid táirge íocshláinte sonraithe nó tairgí íocshláinte neamhshonraithe a chur chun cinn. |
48 |
Ní fhéadfadh breithiúnais an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne) (C‑649/18, EU:C:2020:764), agus an 15 Iúil 2021, DocMorris (C‑190/20, EU:C:2021:609), údar a thabhairt do léiriú difriúil ar Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83. |
49 |
Bhain an cás inar tugadh breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne) (C‑649/18, EU:C:2020:764), le gníomhaíocht cógaslainne a bhí bunaithe i mBallstát arbh é a bhí inti feachtas mór fógraíochta ilchineálach a dhéanamh do thomhaltóirí i mBallstát eile maidir lena seirbhísí díolacháin táirgí íocshláinte ar líne. Chinn an Chúirt, go bunúsach, go mbaineann an fhógraíocht le haghaidh seirbhísí díolacháin táirgí íocshláinte ar líne, ní le raon feidhme fhorálacha Threoir 2001/83 maidir le fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte, ach le raon feidhme Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1) (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne), C‑649/18, EU:C:2020:764, míreanna 50 agus 59). |
50 |
Maidir leis an gcás inar tugadh breithiúnas an 15 Iúil 2021, DocMorris (C‑190/20, EU:C:2021:609), bhain sé le feachtas fógraíochta a rinne cógaslann i bhfoirm crannchur promóisin ina bhféadfadh na rannpháirtithe earraí an tsaoil laethúil seachas táirgí íocshláinte a bhuachan, agus ina raibh rannpháirtíocht sa chrannchur sin faoi réir ordú le haghaidh táirge íocshláinte faoi oideas liachta. Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt, i míreanna 21 agus 22 den bhreithiúnas sin, go raibh an feachtas fógraíochta sin dírithe, ní ar dhul i gcion ar rogha an chliaint sin le haghaidh táirge íocshláinte sonraithe ach roimhe sin, ar an gcógaslann ina gceannódh an cliant an táirge íocshláinte, sa chaoi nach dtagann feachtas fógraíochta den sórt sin faoi raon feidhme Theideal VIII de Threoir 2001/83. |
51 |
Bíodh sin mar atá, gan dochar don mhéid a dhearbhaítear i mír 50 de bhreithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2020, A (Fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte agus iad a dhíol ar líne) (C‑649/18, EU:C:2020:764), agus mír 20 de bhreithiúnas an 15 Iúil 2021, DocMorris (C‑190/20, EU:C:2021:609), níl raon feidhme fhorálacha Threoir 2001/83 maidir le fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte teoranta don fhógraíocht a bhaineann le táirge íocshláinte sonraithe, agus sin amháin. |
Gníomhaíochtaí amhail iad siúd dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta sna príomhimeachtaí a mheas mar “fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83
52 |
Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 gurb é cuspóir na teachtaireachta an tsaintréith bhunúsach den choincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin, agus an ghné chinntitheach lena ndealaítear an fhógraíocht ó fhaisnéis amháin. Sa chás go bhfuil an teachtaireacht dírithe ar oideasú, soláthar, díol agus úsáid tairgí íocshláinte a chur chun cinn, is fógraíocht í de réir bhrí Threoir 2001/83. Os a choinne sin, ní thagann eolas atá faisnéiseach amháin gan rún bolscaireachta faoi fhorálacha na Treorach sin maidir le fógraíocht le haghaidh táirgí íocshláinte (breithiúnas an 5 Bealtaine 2011, MSD Sharp & Dohme, C‑316/09, EU:C:2011:275, míreanna 31 agus 32). |
53 |
Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go mbaineann na gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag an bhforáil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ina leith ní le heolas atá faisnéiseach amháin a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne maidir le táirgí íocshláinte, amhail faisnéis oibiachtúil faoin bpraghas, ach le faisnéis lena spreagtar táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir an phraghais, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trí dhíolachán comhcheangailte le táirgí íocshláinte eile a thuairisciú, ar phraghas laghdaithe, i gcásanna áirithe, nó le táirgí eile a dhíoltar sa chógaslann lena mbaineann. |
54 |
Faoi réir fíorú ón gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go bhfuil cuspóir bolscaireachta ag baint le gníomhaíochtaí den sórt sin agus, dá réir sin, go dtagann siad faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83. |
55 |
I bhfianaise an mhéid sin go léir, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an gcéad cheist go gcaithfear Airteagal 86(1) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go dtagann scaipeadh faisnéise lena spreagtar daoine chun táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína shonrú go ndíoltar na táirgí íocshláinte sin i dteannta táirgí íocshláinte eile, lena n‑áirítear ar phraghas laghdaithe, nó táirgí eile, faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach mbaineann an fhaisnéis sin le táirge íocshláinte sonraithe, ach le táirgí íocshláinte neamhshonraithe. |
An dara agus an tríú ceist
56 |
Lena dara agus a tríú ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, sa chéad áit, an gcaithfear Airteagal 87(3) agus Airteagal 90 de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhoráil náisiúnta lena bhforchuirtear srianta nach bhforáiltear dóibh in Airteagal 90, trí thoirmeasc a chur ar fhaisnéis a áireamh i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte, faisnéis lena spreagfar táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína thabhairt le fios go ndíoltar na táirgí íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile, lena n‑áirítear ar phraghas laghdaithe, nó le táirgí eile. Fiafraíonn sí, sa dara háit, an féidir a mheas go bhfuil foráil náisiúnta den sórt sin beartaithe chun úsáid réasúnach táirgí íocshláinte, de réir Airteagal 87(3) den Treoir sin, a spreagadh. |
57 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir na faisnéise a thug Rialtas na Laitvia don Chúirt agus ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú, ní rialaíonn an fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ach amháin an fhógraíocht don phobal i gcoitinne le haghaidh táirgí íocshláinte ar údaraíodh iad a chur ar an margadh agus nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith. Ina fhreagra ar cheisteanna le haghaidh freagra i scríbhinn a chuir an Chúirt, luaigh Rialtas na Laitvia go bhfuil toirmeasc sa Laitvia ar fhógraíocht ar tháirgí íocshláinte neamhúdaraithe, faoi réir oideas liachta nó ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 87(1) agus Airteagal 88(1)(a) agus (3) de Threoir 2001/83. |
58 |
Agus an méid sin sonraithe, is iomchuí, chun freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear, sa chéad áit, a mheas an gceadaítear le hAirteagal 87(3) de Threoir 2001/83 do na Ballstáit, d’fhonn úsáid réasúnach táirgí íocshláinte a spreagadh, toirmeasc a chur ar ábhar eile seachas é sin dá dtagraítear in Airteagal 90 den Treoir sin i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, agus sa dara háit, an mbaineann na toirmisc amhail iad siúd dá bhforáiltear leis an bhforáil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le hábhar nach spreagann an úsáid réasúnach sin. |
Maidir leis an bhféidearthacht, do na Ballstáit, toirmeasc a chur ábhar seachas an t‑ábhar dá bhforáiltear in Airteagal 90 de Threoir 2001/83 san fhógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith
59 |
Mar a leagtar amach i míreanna 40 go 43 den bhreithiúnas seo, i gcás ina bhféadfadh fógraíocht ar tháirgí íocshláinte dochar a dhéanamh do shláinte an phobail, lena n‑áirítear i gcás ina mbaineann sí le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta, tá fógraíocht den sórt sin faoi réir toirmeasc, coinníollacha agus srianta dá bhforáiltear le Treoir 2001/83. |
60 |
Thairis sin, déantar comhchuibhiú iomlán i réimse na fógraíochta ar tháirgí íocshláinte leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, i gcás nach dtugtar an fhéidearthacht chun foráil a dhéanamh do rialacha difriúla do na Ballstáit go sainráite, is iad na ceanglais a fhéadfaidh na Ballstáit sin an fhógraíocht le haghaidh táirgí íocshláinte a chur faoina réir na ceanglais arna leagan síos sa Treoir agus iad sin amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2007, Gintec, C‑374/05, EU:C:2007:654, míreanna 20 agus 25). |
61 |
Maidir leis an bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, amhail í sin dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta atá faoi thrácht sna príomhimeachtaí, áirítear ar na coinníollacha agus srianta lena rialaítear an t‑údarú prionsabail a bhfuil an fhógraíocht sin faoina réir de réir Airteagal 88(2) de Threoir 2001/83, iad siúd dá bhforáiltear in Airteagail 87, 89 agus 90 den Treoir sin. |
62 |
I dtaca, go sonrach, leis an ngaol idir an ceanglas go spreagfaidh an fhógraíocht úsáid réasúnach táirgí íocshláinte, dá bhforáiltear in Airteagal 87(3) de Threoir 2001/83 agus na srianta dá dtagraítear in Airteagal 90 den Treoir sin, i bhfoirm liosta den ábhar fógraíochta a bhfuil toirmeasc air, is léir ó chásdlí na Cúirte nach gcuirtear cosc ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar ábhar den sórt sin, ar bhonn Airteagal 87(3) den Treoir sin, a mhéid a spreagfadh sin úsáid díchéillí táirgí íocshláinte, ós rud é nach bhfuil rialacha sonracha sa Treoir sin, go háirithe in Airteagal 90, a bhaineann le hábhar fógraíochta sonracha, ar mhaithe le bac a chur, i gcomhréir le haithris 45 den Treoir sin, ar gach fógraíocht iomarcach agus dhíchéillí le haghaidh táirgí íocshláinte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte an phobail (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2007, Gintec, C‑374/05, EU:C:2007:654, míreanna 51, 55 agus 59). |
63 |
Dá réir sin, fiú más léir ó Airteagal 88(2) de Threoir 2001/83 go bhfuil fógraíocht le haghaidh táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta údaraithe, ní mór do na Ballstáit a thoirmeasc, d’fhonn rioscaí do shláinte an phobail a sheachaint i gcomhréir leis an gcuspóir bunúsach sláinte an phobail sin a chosaint arna leagan síos in aithrisí 2 agus 45 den Treoir sin, go n‑áireofaí, i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le tairgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, ábhar a d’fhéadfadh úsáid díchéillí táirgí íocshláinte a spreagadh. |
64 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór Airteagal 87(3) de Threoir 2001/83, arna léamh i gcomhar le haithris 45 den Treoir sin a léiriú sa chaoi gur féidir leis na Ballstáit toirmeasc a chur ar ábhar seachas an t‑ábhar dá dtagraítear in Airteagal 90 den Treoir sin i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, sa chás gur dual don ábhar sin úsáid díchéillí na dtáirgí íocshláinte sin a spreagadh. |
Toirmisc amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí
65 |
Maidir leis an gceist an mbaineann na toirmisc amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí le hábhar den sórt sin, ní mór a thabhairt faoi deara, maidir le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, gur minic, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 30 dá Thuairim Bhreise an 9 Meitheamh 2022, go ndéanann an tomhaltóir deiridh measúnú é féin, gan cúnamh dochtúra, an bhfuil sé úsáideach nó an gá táirgí íocshláinte den sórt sin a cheannach. Ní bhíonn eolas sonrach agus oibiachtúil ag an tomhaltóir, áfach, lena bhféadfaidh sé luach na dtáirgí sin ó thaobh leighis de a mheas. Féadfaidh an fhógraíocht tionchar an‑tábhachtach a imirt ar mheasúnú agus rogha an tomhaltóra, i ndáil le cáilíocht an táirge íocshláinte agus an chainníocht le ceannach araon. |
66 |
Sa chomhthéacs sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 87 agus 88 dá Thuairim an 9 Nollaig 2021, is dual d’ábhar fógraíochta, amhail é sin dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith a cheannach bunaithe ar chritéar eacnamaíoch a bhaineann le praghas na dtáirgí íocshláinte sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh sé sin ar na tomhaltóirí sin na táirgí íocshláinte sin a cheannach agus a úsáid gan measúnú oibiachtúil a bheith déanta roimh ré bunaithe ar airíonna teiripeacha na dtáirgí sin agus ar na riachtanais shonracha leighis. |
67 |
I gcás fógraíocht a bhaineann aird an tomhaltóra ó mheasúnú oibiachtúil den ghá le táirge íocshláinte a úsáid, spreagann an fhógraíocht sin úsáid díchéillí agus iomarcach an táirge sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Samhain 2007, Gintec, C‑374/05, EU:C:2007:654, mír 56). |
68 |
Féadfaidh úsáid díchéillí agus iomarcach a bheith mar thoradh ar fhógraíocht, dála na fógraíochta dá dtagraítear san fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a bhaineann le tairiscintí bolscaireachta nó díolacháin chomhcheangailte táirgí íocshláinte agus táirgí eile, ina dtugtar le chéile táirgí íocshláinte agus táirgí eile tomhaltais, atá ina n‑ábhair lascainí agus laghduithe praghais má chaitear níos mó ná méid áirithe. |
69 |
Sna coinníollacha sin, ní mór a mheas, a mhéid a chuirtear cosc leo ar ábhar fógraíochta a scaipeadh lena spreagtar úsáid díchéillí agus iomarcach táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, freagraíonn toirmisc amhail iad sin dá bhforáiltear san fhoráil atá i gceist sna príomhimeachtaí don chuspóir bunúsach sláinte an phobail a chosaint. |
70 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann iad sin, ní le scaipeadh eolais atá faisnéiseach amháin, nach bhfuil aon rún bolscaireachta ag baint leis, ar tháirgí íocshláinte den sórt sin, ach ábhar a scaipeadh atá ceaptha chun ceannachán na dtáirgí íocshláinte sin a spreagadh, bíodh sin ag tagairt dá bpraghas, do dhíolachán speisialta nó do dhíolachán comhcheangailte le táirgí íocshláinte eile, ar phraghas laghdaithe, i gcásanna áirithe, nó i dteannta le táirgí eile. |
71 |
Is fíor gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go n‑éilíonn cosaint éifeachtach shláinte agus shaol an duine, inter alia, go ndíolfar táirgí íocshláinte ar phraghsanna réasúnta agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh iomaíocht ar bhonn an phraghais dul chun sochar don othar, a mhéid a d’fhéadfaí, i gcás inarb iomchuí, táirgí íocshláinte a chur ar fáil ar phraghsanna níos fearr (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2016, Deutsche Parkinson Vereinigung, C‑148/15, EU:C:2016:776, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
72 |
Mar sin féin, is léir ón gcáschomhad os comhair na Cúirte nach ndéantar san fhoráil náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ach toirmeasc a chur ar fhógraíocht le haghaidh tairiscintí bolscaireachta nó díolacháin chomhcheangailte, agus fógraíocht ar bhonn an phraghais, gan dochar don fhéidearthacht, áfach, a aithnítear i ndlí na Laitvia go bhféadfaidh eintitis atá i mbun gníomhaíocht margaíochta táirgí íocshláinte, lascainí agus laghduithe praghais a thabhairt agus táirgí íocshláinte agus táirgí eile sláinte á gceannach. |
73 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an dara ceist agus ar an tríú ceist nach mór Airteagal 87(3) agus Airteagal 90 de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar fhoráil náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar fhaisnéis a áireamh i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, faisnéis lena spreagtar táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína thabhairt le fios go ndíoltar an táirge íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile, lena n‑áirítear ar phraghas laghdaithe, nó le táirgí eile. |
Costais
74 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na páirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Laitvis.