BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Feabhra 2022 ( *1 )

“Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/40/AE – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Táirgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Toirmeasc ar iad a chur ar an margadh – Modh tomhais – Toitíní le scagaire a bhfuil micrea‑phoill aerála acu – Tástálacha astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Caighdeáin nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Comhréireacht le ceanglais foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Comhréireacht le prionsabal na trédhearcachta”

I gCás C-160/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Rechtbank Rotterdam (Cúirt Rotterdam, an Ísiltír), trí bhreith an 20 Márta 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Márta 2020, sna himeachtaí idir

Stichting Rookpreventie Jeugd,

Stichting Inspire2live,

Rode Kruis Ziekenhuis BV,

Stichting ClaudicatioNet,

Nederlandse Vereniging voor Kindergeneeskunde,

Nederlandse Vereniging voor Verzekeringsgeneeskunde,

Accare, Stichting Universitaire en Algemene Kinder- en Jeugdpsychiatrie Noord-Nederland,

Vereniging Praktijkhoudende Huisartsen,

Nederlandse Vereniging van Artsen voor Longziekten en Tuberculose,

Nederlandse Federatie van Kankerpatiëntenorganisaties,

Nederlandse Vereniging Arbeids- en Bedrijfsgeneeskunde,

Nederlandse Vereniging voor Cardiologie,

Koepel van Artsen Maatschappij en Gezondheid,

Koninklijke Nederlandse Maatschappij tot bevordering der Tandheelkunde,

College van Burgemeester en Wethouders van Amsterdam

agus

Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport,

i láthair:

Vereniging Nederlandse Sigaretten- en Kerftabakfabrikanten (VSK),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin (Rapóirtéir), I. Jarukaitis agus J. Passer, Uachtaráin ar Dhlísheomra, J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L.S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: H. Saugmandsgaard Øe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha i scríbhinn arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Stichting Rookpreventie Jeugd, Stichting Inspire2live, Rode Kruis Ziekenhuis BV, Stichting ClaudicatioNet, Nederlandse Vereniging voor Kindergeneeskunde, Nederlandse Vereniging voor Verzekeringsgeneeskunde, Accare, Stichting Universitaire en Algemene Kinder- en Jeugdpsychiatrie Noord-Nederland, Vereniging Praktijkhoudende Huisartsen, Nederlandse Vereniging van Artsen voor Longziekten en Tuberculose, Nederlandse Federatie van Kankerpatiëntenorganisaties, Nederlandse Vereniging Arbeids- en Bedrijfsgeneeskunde, Nederlandse Vereniging voor Cardiologie, Koepel van Artsen Maatschappij en Gezondheid, Koninklijke Nederlandse Maatschappij tot bevordering der Tandheelkunde, College van Burgemeester en Wethouders van Amsterdam, ag Me A. van den Biesen, advocaat,

Vereniging Nederlandse Sigaretten- en Kerftabakfabrikanten (VSK), ag W. Knibbeler, B. Verheijen agus P.D. van den Berg, advocaten,

rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman et C.S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

Parlaimint na hEorpa, ag L. Visaggio, R. van de Westelaken agus W. D. Kuzmienko, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag S. Emmerechts agus Á. de Elera-San Miguel Hurtado chomh maith le P. Plaza García, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag I. Rubene agus S. Delaude chomh maith le F. Thiran agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le bailíocht agus léirmhíniú Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014, maidir le comhfhogasú dlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L 127, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir Stichting Rookpreventie Jeugd (Fondúireacht um chosc ar chaitheamh tobac i measc daoine óga, an Ísiltír) agus 14 eintiteas eile ó Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport (Státrúnaí Sláinte, Leasa agus Spóirt, an Ísiltír) (“Státrúnaí”) faoin modh tomhais i leith leibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní.

An dlí lena mbaineann

Dlí idirnáisiúnta

3

Tháinig Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (“CCRT”), a tugadh chun críche sa Ghinéiv an 21 Bealtaine 2003, a bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bpáirtithe ann, i bhfeidhm an 27 Feabhra 2005. Foráiltear le hAirteagal 5, mír 3, de CCRT:

“Agus a mbeartais sláinte poiblí maidir le rialú tobac á sainiú agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Páirtithe nach mbeidh tionchar ag leasanna tráchtála agus leasanna eile thionscal an tobac ar na beartais sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4

De réir Airteagal 7 de CCRT:

“[...] Molann Comhdháil na bPáirtithe treoirlínte iomchuí maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagail [8 go 13 de CCRT].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Baineann Airteagail 8 go 13 de CCRT le bearta chun an t-éileamh ar thobac a laghdú. Baineann siad, faoi seach, le cosaint in aghaidh nochtadh do dheatach tobac, rialáil ábhair táirgí tobac, rialáil na faisnéise atá le soláthar ar tháirgí tobac, pacáistiú agus lipéadú táirgí tobac, oideachas poiblí agus feasacht ar shaincheisteanna rialaithe tobac chomh maith le cosc domhanda ar fhógraíocht, ar chur chun cinn agus ar urraíocht tobac.

6

Foráiltear le hAirteagal 9 de CCRT:

“Molann Comhdháil na bPáirtithe, i gcomhairle le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, treoirlínte chun ábhar agus astaíochtaí táirgí tobac a thástáil agus a anailísiú, agus chun an t-ábhar agus na hastaíochtaí sin a rialáil. Déanann gach Páirtí bearta éifeachtacha reachtacha, feidhmiúcháin, riaracháin nó bearta eile a bhaineann leis na tástálacha agus an anailís sin agus na rialacháin sin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, faoi réir fhormheas na n-údarás náisiúnta inniúil.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí an Aontas Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 216/2013

7

Leagtar amach sa chúigiú agus sa séú haithris de Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2013, L 69, lch. 1):

“(5)

Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i [mbreithiúnas Skoma-Lux (C-161/06 EU:C:2007:773)] nach bhfuil gníomhartha dlí an Aontais ina gceangal ar dhaoine aonair mura bhfoilsítear iad go cuí san Iris Oifigiúil agus nach ionann iad a chur ar fáil ar líne agus foilsiú bailí san Iris Oifigiúil in éagmais, i ndlí an Aontais, aon riail maidir leis sin.

(6)

Dá mba rud é gurbh ionann foilsiú san Iris Oifigiúil i bhfoirm leictreonach agus bailí, d’fhéadfaí rochtain níos gasta agus níos eacnamaíche a fháil ar dhlí an Aontais. Ba cheart go mbeadh an deis i gcónaí ag saoránaigh, áfach, leagan clóite den Iris Oifigiúil a fháil ó Oifig na bhFoilseachán.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán sin:

“1.   Foilsítear an Iris Oifigiúil i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir leis an Rialachán seo, i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh.

2.   Gan dochar d’Airteagal 3, is í an Iris Oifigiúil amháin a fhoilsítear i bhfoirm leictreonach (“eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil”) a bheidh barántúil agus lena mbeidh éifeachtaí dlíthiúla.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2014/40

9

Leagtar amach in Aithrisí 7, 8 agus 11 de Threoir 2014/40:

“(7)

Tá gá le gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh freisin chun Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Rialú Tobac (CCRT) an Bealtaine 2003 a chur chun feidhme, dá bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ina bpáirtithe, agus a bhfuil forálacha an Chreat‑Choinbhinsiúin seo ina gceangal orthu. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhorálacha CCRT a bhaineann le hábhar táirgí tobac a rialáil, rialáil nochta faisnéise faoi tháirgí tobac, pacáistiú agus lipéadú táirgí tobac, fógraíocht agus trádáil aindleathach i dtáirgí tobac. Ghlac páirtithe CCRT, lena n-áirítear an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, sraith treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha CCRT de chomhthoil ag comhdhálacha éagsúla.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 114(3) [CFAE], ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a ghlacadh mar bhonn le tograí reachtacha, agus go háirithe ba cheart aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha a chur san áireamh. Ní gnáth-thráchtearraí táirgí tobac agus, i bhfianaise na n-iarmhairtí an-díobhálach atá ag tobac ar shláinte an duine, ba cheart béim a leagan ar chosaint sláinte chun leitheadúlacht úsáide tobac i measc daoine óga a laghdú, go háirithe.

[...]

(11)

Ba cheart tagairt a dhéanamh do chaighdeáin ISO a aithnítear go hidirnáisiúnta chun an méid tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin i dtoitíní a thomhas […] Ba cheart an próiseas fíoraithe a chosaint ó thionchar thionscal an tobac trí úsáid a bhaint as saotharlanna neamhspleácha, lena n-áirítear saotharlanna Stáit. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear le hAirteagal 1 den Treoir sin:

“Is é cuspóir na Treorach seo dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil leis na nithe seo a leanas:

a)

comhábhair agus astaíochtaí táirgí tobac agus na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara, lena n-áirítear uasleibhéil astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin do thoitíní;

[...]

d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh tobac agus táirgí gaolmhara a éascú, ag glacadh mar bhonn le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine, go háirithe do dhaoine óga, agus chun oibleagáidí an Aontais Eorpaigh faoi Chreat‑Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac (CCRT) a chomhlíonadh.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

21)

ciallaíonn ‘astuithe’, substaintí a scaoiltear nuair a úsáidtear tobac nó táirge gaolmhar chun na críche atá beartaithe dó, amhail substaintí atá sa deatach nó substaintí a scaoiltear le linn táirge tobac gan toit a úsáid;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

12

De réir Airteagal 3(1) den Treoir chéanna:

“Ní fhéadfaidh na leibhéil astaíochta ó thoitíní a chuirtear ar an margadh nó a mhonaraítear sna Ballstáit (‘uasleibhéil astaíochtaí’) dul thar:

a)

10 mg tarra in aghaidh an toitín;

b)

1 mg nicitín in aghaidh an toitín;

c)

10 mg aonocsaíde carbóin in aghaidh an toitín.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2014/40:

“1.   Déanfar astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní a thomhas bunaithe ar chaighdeán ISO 4387 do tharra, ar chaighdeán ISO 10315 do nicitín agus ar chaighdeán ISO 8454 d’aonocsaíd charbóin.

Cinnfear cruinneas tomhais tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin de réir ISO 8243.

2.   Fíorófar na bearta dá dtagraítear i mír 1 i saotharlanna arna bhformheas agus arna maoirsiú ag údaráis inniúla na mBallstát.

Ní bheidh na saotharlanna sin faoi úinéireacht thionscal an tobac ná ní rialóidh an tionscal sin iad, go díreach nó go hindíreach.

[...]

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún [Eorpach] gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun na modhanna tomhais i leith astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a oiriúnú de réir mar is gá sin i bhfianaise forbairtí eolaíocha agus teicniúla nó caighdeáin arna nglacadh go hidirnáisiúnta.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhanna tomhais a úsáideann siad le haghaidh astaíochtaí ó thoitíní seachas na cinn dá dtagraítear i mír 3 agus le haghaidh astaíochtaí ó tháirgí tobac seachas toitíní.

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Foráiltear le hAirteagal 24 den Treoir sin:

“1.   Ní féidir leis na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann leis na gnéithe a rialaítear leis an Treoir seo agus faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian a chur ar tháirgí tobac nó ar tháirgí gaolmhara a chur ar an margadh i gcás ina gcomhlíonann siad an Treoir seo.

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear don cheart atá ag Ballstát ceanglais a choimeád ar bun nó cinn nua a thabhairt isteach, is infheidhme maidir leis na táirgí go léir arna gcur ar an margadh, maidir le pacáistiú táirgí tobac a chaighdeánú, i gcás go mbeidh údar maith leis sin ar fhorais sláinte poiblí, agus an t-ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithítear leis an Treoir seo á chur san áireamh. Beidh na bearta sin ina mbearta comhréireacha agus ní bheidh siad ina modh idirdhealaithe threallaigh nó ina srian faoi cheilt ar thrádáil idir na Ballstáit. Cuirfear na bearta sin in iúl don Choimisiún, mar aon leis na cúiseanna a thugann údar lena gcoimeád nó iad a thabhairt isteach.

3.   Féadfaidh Ballstát freisin catagóir áirithe tobac nó táirgí gaolmhara a thoirmeasc ar fhorais a bhaineann le staid shonrach an Bhallstáit sin agus ar choinníoll go bhfuil údar maith leis na forálacha sin mar gheall ar an ngá atá le sláinte an phobail a chosaint, agus an t-ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithítear leis an Treoir seo á chur san áireamh. Cuirfear na forálacha náisiúnta sin in iúl don Choimisiún, mar aon leis na cúiseanna a thugann údar dá dtabhairt isteach. Laistigh de 6 mhí ón bhfógra dá bhforáiltear sa mhír seo a fháil, déanfaidh an Coimisiún na forálacha náisiúnta a fhormheas nó a dhiúltú tar éis a chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil údar maith leo, an bhfuil siad riachtanach agus comhréireach i bhfianaise a gcuspóirí, agus an t-ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithítear leis an Treoir seo á chur san áireamh, nó cibé acu an modh idirdhealaithe threallaigh nó srian faoi cheilt ar thrádáil idir Ballstáit iad. In éagmais cinneadh ón gCoimisiún laistigh den tréimhse sé mhí sin, measfar go mbeidh na forálacha náisiúnta formheasta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hÍsiltíre

15

Le hAirteagal 17a, mír 4 den Tabaks- en rookwarenwet (an gníomh um tháirgí tobac agus táirgí caitheamh tobac), lenar trasuíodh Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40, ceadaítear don Státrúnaí toirmeasc a chur, le rialachán aireachta ar chúiseanna a bhaineann le sláinte an phobail a chosaint, ar chatagóirí áirithe táirgí tobac a chomhlíonann ar shlí eile na ceanglais dá bhforáiltear le dlí nó a leagtar síos dá bhun.

Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

16

I litreacha dar dáta an 31 Iúil agus an 2 Lúnasa 2018, d’iarr na gearánaithe sna príomhimeachtaí ar Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit (Údarás rialaithe táirgí bia agus tomhaltóirí na hÍsiltíre ‘NVWA’) a áirithiú go gcomhlíonann toitíní le scagaire a thairgtear do thomhaltóirí san Ísiltír, nuair a úsáidtear iad chun na críche atá beartaithe dóibh, na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/40. D’iarr siad freisin go n-éileodh NVWA ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí táirgí tobac, trí shrian riaracháin, toitíní le scagaire nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta sin a tharraingt siar ón margadh.

17

Bunaíodh an t-iarratas ar urghair sin ar staideár a rinne an Rijksinstituut voor Volksgezondheid en Milieu (an institiúid náisiúnta um shláinte phoiblí agus an comhshaol, an Ísiltír, “RIVM”), an 13 Meitheamh 2018, óna ndealraíonn sé, i gcás go gcuirtear an modh tomhais ‘Canadian Intense’ i bhfeidhm seachas an modh a fhorordaítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/40, sáraíonn na toitíní le scagaire go léir a dhíoltar san Ísiltír na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Treoir sin. Is é tuairim na ngearánaithe sna príomhimeachtaí nach gcuirtear san áireamh leis an modh tomhais dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Treoir sin an bealach a n-úsáidtear scagaire toitíní, is é go mblocálann méara agus liopaí an té a chaitheann tobac na micrea-phoill sa scagaire. Ceadaíonn na micrea-phoill sa scagaire aer glan a tharraingt tríd an scagaire, agus mar sin laghdaítear an méid tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin de réir mar a mheasctar iad. Thaispeánfadh na tomhais a dhéantar ar thoitíní de bhrandaí éagsúla a bhfuil a scagaire aeráilte astaíochtaí ó dhá uair go níos mó ná fiche uair níos ísle ná mar a bhreathnaítear nuair a chlúdaítear an scagaire. Go deimhin, dá n-úsáidfí iad de réir na húsáide atá beartaithe, chuirfí bac ar na micrea-phoill sin den chuid is mó le méara agus liopaí an duine a chaitheann tobac, ionas go n-ionanálódh sé cainníochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin i bhfad níos airde ná na huasleibhéil astaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2014/40.

18

An 20 Meán Fómhair 2018, dhiúltaigh NVWA an t-iarratas ar urghaire.

19

Chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc riaracháin i gcoinne chinneadh an 20 Meán Fómhair 2018 faoi bhráid an Státrunaí. Trí chinneadh an 31 Eanáir 2019, dhiúltaigh sé an t-achomharc sin de bharr nach raibh bunús leis ós rud é gur thionscain an Stichting Rookpreventie Jeugd é agus mar do-ghlactha ós rud é gur thionscain na hiarratasóirí eile sna príomhimeachtaí é.

20

Chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ansin faoi bhráid na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne chinneadh an 31 Eanáir 2019. Thaisc an Vereniging Nederlandse Sigaretten- en Kerftabakfabrikanten (VSK) (comhlachas na hÍsiltíre de mhonaróirí toitíní agus táirgí tobac) iarratas chun idirghabháil a dhéanamh sa nós imeachta, iarratas a deonaíodh.

21

Os comhair na cúirte a rinne an tarchur, mhaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí nach gceanglaítear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2014/40 go n‑úsáidfear modh sonrach chun leibhéil astaíochta a thomhas, agus nach bhfuil caighdeáin ISO, ar a mbonn a bheidh na tomhais le déanamh, ina saintreoracha a bhaineann le cur i bhfeidhm ginearálta. D’áitigh siad go n-eascraíonn sé ó staidéir éagsúla, eadhon staidéar RIVM an 13 Meitheamh 2018, agus an ceann a foilsíodh in Journal of the National Cancer Institute an 22 Bealtaine 2017, dar teideal ‘Cigarette Filter Ventilation and its Relationship to Increasing Rates of Lung Adenocarcinoma’, (“Aeráil an scagaire i dtoitíní agus a gaol le rátaí méadaithe adanacarcanóma scamhóg”), chomh maith le litreacha a sheol an Státrúnaí chuig an gCoimisiún, gurb é an modh tomhais ‘Canadian Intense’ an modh tomhais ba cheart a chur i bhfeidhm chun na leibhéil bheachta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a astaítear ó thoitíní le scagaire a úsáidtear chun na críche atá beartaithe dó.

22

Ar an gcéad dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhforáiltear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2014/40 do thomhas na gcainníochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a astaíonn toitíní ar bhonn chaighdeáin ISO nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu go héasca agus ní féidir dul i gcomhairle leo ach ar tháille a íoc, de bhrí go bhfuil an chosaint a thugtar do shaoránaigh le hAirteagal 3(1) de Threoir 2014/40 bunaithe ar na caighdeáin sin. Fiafraíonn an chúirt dá bhrí sin an bhfuil córas rialála den sórt sin ag luí leis an gcóras poiblíochta do ghníomhartha reachtacha an Aontais agus le prionsabal na trédhearcachta.

23

Ar an dara dul síos, deir an chúirt a rinne an tarchur, i ngach ceann de chaighdeáin ISO a luaitear in Airteagal 4 de Threoir 2014/40, go ndéantar tagairt, maidir le tomhas an leibhéil astaíochtaí ábhartha, do chaighdeán ISO 3308. Mar sin féin, baineann an caighdeán seo le húsáid de mheaisín caitheamh tobac. Measann an chúirt a rinne an tarchur go leanann sé ón gcaighdeán sin nach mór, ní hamháin na leibhéil tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a thomhas agus a fhíorú leis an modh forordaithe, ach go bhféadfaí nó go gcaithfear iad a thomhas agus a fhíorú ar bhealaí eile agus le láidreachtaí éagsúla caithimh tobac mheicniúil.

24

Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil na modhanna tomhais agus bailíochtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 ag teacht le cuspóir na Treorach sin, mar is léir ina réamhrá, agus an é nach féidir na leibhéil astaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Treoir sin a thomhas ach amháin ar bhonn mhodh ISO 3308. Ar thaobh amháin, chuir an chúirt in iúl go maíonn na gearánaithe sna príomhimeachtaí, pointe nach gcuirtear ina aghaidh, gur bunaíodh na modhanna tomhais sin le rannpháirtíocht thionscal an tobac. Ar an taobh eile, shonraigh sí go gcuirfeadh mainneachtain an teorainn a chomhlíonadh ar shubstaintí a astaítear le toitíní le scagaire a úsáid i gcomhréir lena n-úsáid bheartaithe, an cuspóir a leagtar amach in aithris 8 den Treoir sin i mbaol, chun ardleibhéal cosanta sláinte a chinntiú. Is cúis iontais don chúirt a rinne an tarchur mar sin faoin gcoinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann idir Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 agus Airteagal 114(3) CFAE, CCRT agus Airteagail 24 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

25

Ar an gceathrú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i gcás go bhfuil Airteagal 4(1), mír 1, de Threoir 2014/40 contrártha go háirithe d’Airteagal 297, mír 1 CFAE, do Rialachán Uimh. 216/2013 agus do phrionsabal na trédhearcachta, an bhfuil Treoir 2014/40 gan éifeacht ina hiomláine nó i dtaca le hAirteagal 4, mír 1, di amháin. Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin cén modh malartach is féidir nó ba cheart a úsáid agus an bhfuil dlínse ag an gCúirt chun é a fhorordú nó, ar leibhéal níos ísle, an cúram maidir le rialacháin nua a ghlacadh sa réimse seo a chur siar chuig reachtas an Aontais Eorpaigh nó chuig na Ballstáit. Ina theannta sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, de réir dhlí na hÍsiltíre a thrasuigh Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40, go bhféadfaidh an Státrúnaí, ar chúiseanna a bhaineann le sláinte an phobail a chosaint, a thoirmeasc le rialachán aireachta catagóirí áirithe tobac a chomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear sa dlí nó a leagtar síos de bhun an dlí.

26

Sna himthosca sin, chinn Rechtbank Rotterdam (cúirt Rotterdam, an Ísiltír) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

“1)

An gcomhlíonann dearadh an mhodha tomhais dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, bunaithe ar chaighdeáin ISO nach bhfuil ar fáil go héasca, Airteagal 297, mír 1, CFAE [agus Rialachán Uimh. 216/2013] chomh maith le prionsabal na trédhearcachta atá, i measc nithe eile, mar bhonn leis?

2)

An bhfuil caighdeáin ISO 4387, 10315, 8454 agus 8243, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm mar a chiallaíonn, i gcomhthéacs léiriú agus cur i bhfeidhm na forála seo, ní hamháin go gcaithfear astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a thomhas (agus a fhíorú) leis an modh forordaithe, ach féadfar nó ní mór iad a thomhas (agus a fhíorú) trí mhodhanna eile agus le láidreacht éagsúil?

3)

a)

An bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 contrártha do bhunphrionsabail na Treorach sin agus d’Airteagal 4(2) den Treoir sin agus d’Airteagal 5, mír 3, de [CCRT] ar an bhforas gur imir tionscal an tobac ról i mbunú chaighdeáin ISO a luaitear in Airteagal 4(1)?

b)

An bhfuil Airteagal 4, mír 1 de Threoir 2014/40 contrártha do bhunphrionsabail na Treorach sin, d’Airteagal 114(3), CFAE, do raon feidhme an [CCRT] agus d’Airteagal 24 agus d’Airteagal 35 den [Chairt] ar bhonn nach ndéantar leis an modh a fhorordaítear ann na hastaíochtaí a tháirgtear ó thoitíní le scagaire le linn a n-úsáide beartaithe a thomhas, os rud é nach gcuirtear san áireamh leis an modh sin go gcuirtear bac mór, le linn na húsáide atá beartaithe, ar na micrea-phoill aerála atá sna scagairí ag liopaí agus mhéara an chaiteora?

4)

a)

Cén modh tomhais (agus fíorú) eile is féidir nó ba cheart a úsáid má thugann an Chúirt:

freagra diúltach ar an gcéad cheist

freagra dearfach ar an dara ceist

freagra dearfach ar cheist 3(a) agus/nó (b)?

b)

Mura bhfuil an Chúirt in ann freagra a thabhairt ar cheist 4 (a), i gcás nach bhfuil modh tomhais ar fáil go sealadach, an bhfuiltear i gcás dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40?”

Maidir leis na ceisteanna a tarchuireadh

An dara ceist

27

Lena dara ceist, ar cheart a scrúdú ar dtús, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach an gá Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a léirmhíniú amhail is go bhforáiltear leis ach na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní atá beartaithe le cur ar an margadh nó le monarú sna Ballstáit, a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Treoir sin, a thomhas trí na modhanna tomhais a dhíorthaítear ó chaighdeáin ISO 4387, 10315, 8454 agus 8243 a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

28

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go socraítear le hAirteagal 3(1) de Threoir 2014/40 na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní a chuirtear ar an margadh nó a mhonaraítear sna Ballstáit. Foráiltear le hAirteagal 4(1) den Treoir sin go ndéanfar astaíochtaí na substaintí sin a thomhas ar bhonn chaighdeán ISO 4387 maidir le tarra, chaighdeán ISO 10315 maidir le nicitín agus chaighdeán ISO 8454 maidir le haonocsaíd charbóin, agus cruinneas na dtomhas sin á chinneadh i gcomhréir le ISO 8243.

29

I gcomhréir le cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais Eorpaigh á léirmhíniú, tá sé tábhachtach a chur san áireamh ní hamháin a téarmaí i gcomhréir lena ngnáthbhrí sa teanga laethúil, ach freisin a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear sa rialachán ar cuid di é (breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2021, Dyrektor Z. Oddziału Regionalnego Agencji Restrukturyzacji i Modernizacji Rolnictwa, C-373/20, EU:C:2021:850, mír 36).

30

Is léir, ar an gcéad dul síos, ó théarmaí na chéad fhomhíre d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, go háirithe ón bhfrása “a thomhas” a úsáidtear inti, go dtagraíonn an fhoráil sin ar mhodh éigeantach do chaighdeáin ISO 4387, 10315 agus 8454 chun astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin faoi seach a thomhas agus nach luaitear aon mhodh eile tomhais ann. Is i dtéarmaí ríthábhachtacha freisin atá an dara mír den Airteagal 4(1) sin, go gcinntear cruinneas na dtomhas sin i gcomhréir le caighdeán ISO 8243.

31

Maidir le comhthéacs na forála sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceanglaítear ar na Ballstáit, faoi Airteagal 4(4), fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon mhodhanna tomhais eile a úsáideann siad le haghaidh substaintí seachas tarra, nicitín agus aonocsaíd charbóin a astaíonn toitíní agus le haghaidh substaintí a astaíonn táirgí tobac seachas toitíní. Ní leanann sé ó Airteagal 4 de Threoir 2014/40 ná ó aon fhoráil eile di go bhfuil na Ballstáit faoi cheangal ag oibleagáid fógra a thabhairt má úsáideann siad modhanna tomhais le haghaidh tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a astaíonn toitíní seachas na cinn dá bhforáiltear le caighdeáin ISO 4387, 10315 agus 8454, nó modhanna chun cruinneas tomhais na substaintí sin seachas an ceann dá bhforáiltear i gcaighdeán ISO 8243 a fhíorú. Ós rud é go leagtar béim in aithris 11 den Treoir sin gur cheart leibhéil tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin i dtoitíní a thomhas de réir na gcaighdeán sin a aithnítear ar leibhéal idirnáisiúnta, ba cheart a mheas go ndeimhnítear i gcomhthéacs Airteagal 4(1) den Treoir sin go bhforáiltear do chur i bhfeidhm eisiach na gcaighdeán sin sa fhoráil sin.

32

Ar deireadh, ba cheart a mheabhrú go bhfuil dhá chuspóir á saothrú ag Treoir 2014/40, chun feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí tobac agus do tháirgí gaolmhara a éascú, ag glacadh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine mar bhonn, go háirithe do dhaoine óga (breithiúnas an 22 Samhain 2018, Swedish Match, C-151/17, EU:C:2018:938, mír 40). Mar sin féin, gan dochar don scrúdú ar cheist 3(b), a bhaineann, go bunúsach, le bailíocht Airteagal 4(1), den Treoir sin i bhfianaise an cheanglais maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine, dá bhforáiltear go háirithe in Airteagal 114(3) CFAE, de bhrí nach n‑úsáidtear ach na modhanna dá bhforáiltear le caighdeáin ISO a luaitear in Airteagal 4(1) chun leibhéal na n-astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní a thomhas, comhlíonann sé an cuspóir sin maidir le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a mhéid a áirithíonn sé nach gcuirfear bac ar rochtain ar mhargadh an Aontais Eorpaigh do thoitíní agus ar a monarú laistigh den Aontas mar gheall ar chur i bhfeidhm modhanna éagsúla chun leibhéil na substaintí sin a thomhas sna Ballstáit.

33

I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, ní mór freagra a thabhairt ar an dara ceist nach mór Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a léiriú go bhforáiltear leis go bhfuil huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin na dtoitíní atá beartaithe a chur ar an margadh nó a mhonaraítear sna Ballstáit, a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Treoir sin, a thomhas ag baint úsáid as na modhanna tomhais a dhíorthaítear ó chaighdeáin ISO 4387, 10315, 8454 agus 8243, dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

An chéad cheist

34

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 bailí maidir le prionsabal na trédhearcachta, le Rialachán Uimh. 216/2013, chomh maith le hAirteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

35

Maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an prionsabal sin, atá dlúthnasctha le prionsabal na hoscailteachta, cumhdaithe sa dara mír d’Airteagal 1, agus in Airteagal 10(3) CAE, in Airteagail 15(1) agus 298(1) CFAE agus in Airteagal 42 den Chairt freisin. Fágann sé gur féidir rannpháirtíocht níos fearr na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta a áirithiú chomh maith le dlisteanacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht níos fearr a ráthú don riarachán i leith na saoránach i gcóras daonlathach (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Márta 2003, Interporc v an Coimisiún, C-41/00 P, EU:C:2003:125, mír 39, agus an 9 Samhain 2010, Volker und Markus Schecke agus Eifert, C-92/09 agus C-93/09, EU:C:2010:662, mír 68, chomh maith le hordú an 14 Bealtaine 2019, an Ungáir v an Pharlaimint, C-650/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:438, mír 13 agus cásdlí dá dtagraítear).

36

Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 15(1) CFAE, d’fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, go n-oibreoidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais leis an urraim is mó agus is féidir do phrionsabal na hoscailteachta. Chuige sin, ráthaítear ceart rochtana ar dhoiciméid faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 15(3) CFAE agus leagtar amach in Airteagal 42 den Chairt é, ceart a cuireadh chun feidhme, go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach (IO 2001 L 145, lch. 43).

37

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéantar tagairt in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 go deimhin do chaighdeáin ISO nár foilsíodh, ag an bpointe seo, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní fhoráiltear leis an bhforáil sin, áfach, d’aon srian ar rochtain ar na caighdeáin sin, lena n-áirítear faoi réir iarraidh ar rochtain arna déanamh faoi Rialachán Uimh. 1049/2001. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sé neamhbhailí i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta mar a leanann sé ó fhorálacha dhlí príomha an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 35 den bhreithiúnas seo.

38

Ar an dara dul síos, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Rialachán Uimh. 216/2013, ba cheart a mheabhrú nach féidir dlíthiúlacht inmheánach gnímh de chuid an Aontais a scrúdú i bhfianaise gnímh eile de chuid an Aontais den stádas céanna faoin ordlathas rialacha dlí, ach amháin má glacadh é de bhun an ghnímh deiridh sin nó má fhoráiltear go sainráite, i gceann amháin den dá ghníomh sin, go bhfuil tosaíocht ag ceann amháin ar an gceann eile (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-620/18, EU:C:2020:1001, mír 119). Mar sin féin, níor glacadh Treoir 2014/40 de bhun Rialachán Uimh. 216/2013 agus níl aon fhoráil sa dara ceann lena dtugtar tosaíocht dó go sainráite ar an Treoir sin. Ar aon chuma, trí fhoráil a dhéanamh go bhfoilseofar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i bhfoirm leictreonach, i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, ní leagtar síos le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin aon cheanglas a bhaineann le hinneachar ghníomhartha an Aontais nach mór a fhoilsiú ar an mbealach sin, amhail Treoir 2014/40.

39

Ar an tríú dul síos, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a mheabhrú go leanann sé ó théarmaí na forála deiridh sin nach féidir le gníomhartha reachtacha teacht i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu ach amháin tar éis iad a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Nollaig 2007, Skoma-Lux, C-161/06, EU:C:2007:773, mír 33, agus an 10 Márta 2009, Heinrich, C-345/06, EU:C:2009:140, mír 42).

40

Dá bhrí sin, ní féidir na gníomhartha a eascraíonn ó institiúidí an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine nádúrtha agus dlítheanacha i mBallstát sula mbeidh deis acu dul i dtaithí orthu trí fhoilsiú ceart in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Nollaig 2007, Skoma-Lux, C‑161/06, EU:C:2007:773, mír 37, agus an 10 Márta 2009, Heinrich, C-345/06, EU:C:2009:140, mír 43).

41

Eascraíonn an ceanglas sin i leith foilsiú ó phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, lena gceanglaítear go gcuirfear ar chumas na ndaoine lena mbaineann eolas a bheith acu ar raon iomlán a n-oibleagáidí a bhforchuirtear orthu faoi dhlí an Aontais. Ní mór go mbeadh dlíthithe, i ndáiríre, in ann a gcearta agus a n‑oibleagáidí a fhionnadh gan athbhrí (féach, go háirithe, breithiúnas an 10 Márta 2009, Heinrich, C‑345/06, EU:C:2009:140, mír 44).

42

Is amhlaidh an cás nuair a cheanglaítear le rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail Treoir 2014/40, ar na Ballstáit bearta a ghlacadh, chun é a chur chun feidhme, lena bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine aonair. Go deimhin, ní mór do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun dlí an Aontais a chur chun feidhme prionsabail ghinearálta an dlí sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ní mór bearta náisiúnta lena bhforchuirtear, de bhun rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh, oibleagáidí ar dhaoine aonair, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a fhoilsiú ionas gur féidir le páirtithe leasmhara eolas a chur orthu. I gcás den sórt sin, ní mór an deis a bheith ag páirtithe leasmhara freisin faisnéis a fháil faoi fhoinse na mbeart náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáidí orthu, i gcás ina bhfuil bearta den sórt sin glactha ag na Ballstáit i gcomhlíonadh oibleagáide a fhorchuirtear le dlí an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 10 Márta 2009, Heinrich, C‑345/06, EU:C:2009:140, míreanna 45 agus 46).

43

É sin ráite, de réir chásdlí na Cúirte, toisc nach bhforordaítear modh nó nós imeachta sonrach le foráil, ní chiallaíonn sé sin go sáraíonn sé prionsabal na deimhneachta dlíthiúla (breithiúnas an 4 Bealtaine 2016, Pillbox 38, C‑477/14, EU:C:2016:324, mír 101). Mar sin, ní gá do ghníomh reachtach féin soiléirithe de chineál teicniúil a sholáthar, ionas go mbeidh reachtóir an Aontais Eorpaigh in ann leas a bhaint as creat ginearálta dlí atá, más gá, le sonrú níos déanaí (breithiúnas an 30 Eanáir 2019, Planta Tabak, C‑220/17, EU:C:2019:76, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

De réir analaí, agus an rogha leathan atá ag reachtóir an Aontais Eorpaigh i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó á cur san áireamh freisin nuair a bhíonn roghanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta i gceist lena ghníomhaíocht agus nuair a iarrtar air measúnuithe agus meastóireachtaí casta a dhéanamh (breithiúnas an 30 Eanáir 2019, Planta Tabak, C‑220/17, EU:C:2019:76, mír 44), is féidir leis an reachtóir sin tagairt a dhéanamh, sna gníomhartha a ghlacann sé, do chaighdeáin theicniúla arna mbunú le comhlacht um chaighdeánú, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).

45

Ba cheart a shonrú, áfach, go gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeadh an tagairt do chaighdeáin den sórt sin soiléir, beacht agus intuartha maidir lena héifeachtaí, ionas gur féidir leo siúd lena mbaineann iad féin a dhíriú ar chásanna agus ar chaidreamh dlíthiúil a bhaineann le hord dlíthiúil an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-482/17, EU:C:2019:1035, mír 148 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcomhlíonann an tagairt a dhéantar in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 do chaighdeáin ISO an ceanglas sin agus, ar an dara dul síos, is fíor gur foilsíodh Treoir 2014/40, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) CFAE, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Sna himthosca sin, ag féachaint don mhéid a leagtar amach i míreanna 43 agus 44 den bhreithiúnas seo, cé go dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin do chaighdeáin ISO nach bhfuil foilsithe ag an gcéim seo, ní leor sin chun amhras a chaitheamh ar bhailíocht na forála sin faoi Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

47

Is é an toradh atá air sin ná nár nochtadh leis an mbreithniú ar an gcéad cheist a chuir an chúirt a rinne an tarchur aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, Rialachán Uimh. 216/2013 agus Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

48

Ag féachaint d’amhras na cúirte a rinne an tarchur, áfach, ónar tháinig an chéad cheist chun cinn, a bhfuil achoimre uirthi i mír 22 den bhreithiúnas seo, ba cheart a chur in iúl freisin, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, mar a shoiléirítear i míreanna 41, 42 agus 45 den bhreithiúnas seo, nach bhféadtar caighdeáin theicniúla arna mbunú ag comhlacht um chaighdeánú, amhail ISO, agus arna ndéanamh éigeantach le gníomh reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorchur i gcoinne daoine aonair i gcoitinne ach amháin má fhoilsítear iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

49

I gcás go ndéanann comhlacht den sórt sin caighdeáin den sórt sin a oiriúnú, beidh mar thoradh ar an méid sin nach mbeidh ach an leagan de na caighdeáin sin a fhoilsítear ina gceangal ar dhaoine aonair i gcoitinne.

50

Sa chás seo, ní féidir le gnóthais, mar is léir ó Airteagail 3(1) agus 4(1) de Threoir 2014/40 a léamh le chéile, toitíní a chur ar mhargadh na mBallstát ná a mhonarú, a sáraíonn a leibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin na huasleibhéil a leagtar síos leis an gcéad cheann de na forálacha sin, arna dtomhas trí chur i bhfeidhm na modhanna dá bhforáiltear le caighdeáin ISO dá dtagraítear sa dara ceann de na forálacha sin. Sna himthosca sin, ní mór a mheas go gcuirtear oibleagáid ar na gnóthais sin le hAirteagal 4(1) den Treoir sin.

51

Mar sin féin, in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, níl sé de chumas daoine aonair i gcoitinne, gan aird a thabhairt ar chásdlí dá dtagraítear i míreanna 41, 42 agus 45 den bhreithiúnas seo, eolas a bheith acu ar na modhanna chun leibhéil na n-astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin is infheidhme maidir le toitíní a thomhas.

52

Mar sin féin, ba cheart gnéithe sonracha an chórais arna bhunú ag ISO, atá comhdhéanta de líonra de chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, a chur san áireamh, lena gceadaítear do na comhlachtaí náisiúnta sin rochtain a thabhairt, arna iarraidh sin, ar an leagan oifigiúil agus barántúil de chaighdeáin arna mbunú ag ISO. Dá bhrí sin, nuair a bheidh rochtain ag na gnóthais ar leagan oifigiúil agus barántúil na gcaighdeán a luaitear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, beidh na caighdeáin sin agus mar sin an tagairt a dhéantar dóibh leis an bhforáil sin ina gceangal orthu.

53

I bhfianaise gach a bhfuil thuas, ní mór a thabhairt faoi deara nár nochtadh le breithniú na chéad cheiste aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 maidir le prionsabal na trédhearcachta, le Rialachán Uimh. 216/2013 agus Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

Ceist 3(a)

54

Le ceist 3(a), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach an bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 bailí i bhfianaise bhunphrionsabail na Treorach sin, Airteagal 4(2) den Treoir sin agus Airteagal 5(3) CCRT, toisc go raibh tionscal an tobac rannpháirteach i mbunú na gcaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40.

55

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil na bunphrionsabail i dTreoir 2014/40 leagtha amach ag an gcúirt a rinne an tarchur nach mór bailíocht Airteagal 4(1) den Treoir sin a scrúdú ina leith.

56

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go gceanglaítear le hAirteagal 4(2) de Threoir 2014/40 go ndéanfaí fíorú ar na tomhais ar astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ag saotharlanna arna bhformheas agus arna maoirsiú ag údaráis inniúla na mBallstát, nach mbaineann le tionscal an tobac agus nach bhfuil á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an tionscal sin. Dá bhrí sin, ní bhaineann an fhoráil sin le forbairt iarbhír chaighdeán ISO dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40.

57

Is gá, dá bhrí sin, bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a scrúdú i bhfianaise Airteagal 5(3) CCRT amháin, toisc gur ghlac tionscal an tobac páirt i mbunú na gcaighdeán atá i gceist leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).

58

Foráiltear le hAirteagal 5(3) CCRT, le linn dóibh a mbeartais sláinte poiblí a shainiú agus a chur i bhfeidhm maidir le rialú tobac, go n-áiritheoidh na páirtithe sa choinbhinsiún sin nach mbeidh tionchar ag na beartais sin ar leasanna an tionscail tobac, de réir na reachtaíochta náisiúnta.

59

Is léir ó théarmaí na forála sin nach gcuirtear cosc ar rannpháirtíocht thionscal an tobac i sainmhíniú agus i gcur i bhfeidhm na rialachán frith-chaithimh tobac, ach go ndéantar iarracht cosc a chur ar bheartais frith-thobac na bpáirtithe sa choinbhinsiún sin a bheith faoi thionchar leasanna an tionscail sin.

60

Tacaítear leis an léiriú sin ar Airteagal 5(3) CCRT leis na treoracha chun an fhoráil sin a chur i bhfeidhm, nach bhfuil aon fheidhm cheangailteach acu ach atá beartaithe, i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 9 CCRT, cabhrú leis na páirtithe conarthacha forálacha ceangailteacha an choinbhinsiúin sin a chur i bhfeidhm. Glacadh na treoracha sin de chomhthoil, lena n-áirítear ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, mar a tugadh faoi deara in aithris 7 de Threoir 2014/40 (breithiúnas an 4 Bealtaine 2016, Philip Morris Brands et al., C-547/14, EU:C:2016:325, míreanna 111 agus 112).

61

Moltar sna treoracha sin go mbeadh idirghníomhaíochtaí leis an tionscal tobac teoranta agus trédhearcach, agus go seachnófaí coinbhleachtaí leasa i measc oifigeach nó fostaithe gach ceann de na páirtithe in CCRT.

62

Dá bhrí sin, ní féidir bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a cheistiú i bhfianaise Airteagal 5(3) CCRT, toisc, mar a léirigh an chúirt a rinne an tarchur, gur ghlac an tionscal tobac páirt i mbunú na gcaighdeán atá i gceist le ISO.

63

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ba cheart a thabhairt faoi deara nár nochtadh le scrúdú ar cheist 3(a), aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 faoi Airteagal 5(3) CCRT.

Ceist 3(b)

64

Le ceist 3(b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 bailí i bhfianaise bhunphrionsabail na Treorach sin, Airteagal 114(3) CFAE, CCRT chomh maith le hAirteagail 24 agus 35 den Chairt toisc go dtaispeántar le staidéir eolaíocha nach léirítear leis na modhanna tomhais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Treoir sin na leibhéil tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní arna n-ionanálú iarbhír ag daoine a chaitheann tobac.

65

Mar réamhphointe, is fiú an cinneadh a rinneadh i mír 55 den bhreithiúnas seo a mheabhrú nach bhfuil na bunphrionsabail leagtha amach ag an gcúirt a rinne an tarchur ar cheart bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a scrúdú ina leith.

66

Mar thaca leis an gceist dá dtagraítear i mír 64 den bhreithiúnas seo, luann an chúirt a rinne an tarchur doiciméid éagsúla a thug Stichting Rookpreventie Jeugd ar aird sa díospóid sna príomhimeachtaí, a luaitear i mír 21 den bhreithiúnas seo.

67

Mar sin féin, leanann sé ó chásdlí socraithe na Cúirte nach mór bailíocht gnímh de chuid an Aontais Eorpaigh a mheasúnú i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil do reachtas an Aontaois Eorpaigh ar dháta glactha na reachtaíochta atá i gceist (breithiúnas an 3 Nollaig 2019, Poblacht na Seice v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-482/17, EU:C:2019:1035, mír 80).

68

Ós rud é go mbaineann na staidéir agus na doiciméid eile dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo le dáta tar éis an 3 Aibreán 2014, an dáta ar glacadh Treoir 2014/40, ní féidir iad a chur san áireamh agus bailíocht Airteagal 4(1) den Treoir sin á meas.

69

Dá bhrí sin, níor nochtadh le scrúdú ar cheist 3(b) aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4, mír 1, de Threoir 2014/40 maidir le hAirteagal 114, mír 3, CFAE, le CCRT mar aon le hAirteagail 24 agus 35 den Chairt.

Ceist 4(a)

70

Le ceist 4(a), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, mura bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 in-fhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair, cén modh tomhais i leith astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní is féidir a úsáid chun comhlíonadh na n-uasleibhéal astaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/40, a fhíorú.

71

Tagann an cheist sin chun cinn i gcomhthéacs díospóid a bhaineann le diúltú NVWA ordú a thabhairt do mhonaróirí, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí táirgí tobac, trí shrianadh riaracháin, toitíní le scagaire a thairgtear do thomhaltóirí san Ísiltír a aistarraingt ón margadh, nach gcomhlíonann, nuair a úsáidtear iad mar atá beartaithe, na leibhéil astaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/40.

72

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór do thoitíní a bheartaítear a chur ar margadh an Aontais Eorpaigh nó a mhonarú ann cloí leis na huasleibhéil astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/40.

73

Ba cheart a mheabhrú, áfach, nach bhfuil Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, a mhéid a thagraítear san fhoráil sin do chaighdeáin ISO nach bhfuil foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, in-fhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair i gcoitinne.

74

Dá réir sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, a mheas cibé an gcomhlíontar Treoir 2014/40 leis na modhanna a úsáidtear go hiarbhír chun leibhéil astaíochta na substaintí sin a thomhas, gan Airteagal 4, mír 1 a chur san áireamh.

75

I dtaca leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, gur léir ó Airteagal 2(21) den Treoir sin go dtagraítear leis an téarma “astaíochtaí” do na “substaintí a scaoiltear nuair a úsáidtear táirge tobac nó táirge gaolmhar chun na críche atá beartaithe dó, amhail substaintí atá i ndeatach nó substaintí a scaoiltear le linn táirge tobac gan toit a úsáid”.

76

Ar an dara dul síos, faoi Airteagal 4(2) den Treoir sin, déanann saotharlanna atá formheasta agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát tomhais ar leibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a fhíorú. Ní bhaineann na saotharlanna sin le tionscal an tobac agus níl siad faoina rialú, go díreach nó go hindíreach,.

77

Ar an tríú dul síos, de réir Airteagal 4(3) de Threoir 2014/40, ní mór forbairtí eolaíocha agus teicniúla nó caighdeáin arna nglacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh agus na modhanna arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na leibhéil astaíochta sin a thomhas a oiriúnú.

78

Ar an gceathrú dul síos, ní mór d’aon mhodh chun na huasleibhéil astaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Treoir sin a thomhas cuspóir na Treorach sin a chomhlíonadh go héifeachtach, a léirítear ina céad Airteagal, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, go háirithe do dhaoine óga.

79

Dá bhrí sin, ní mór gurb é an freagra ar cheist 4(a) nach mór, mura mbeidh Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 in-fhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair, go mbeadh an modh a úsáidtear chun Airteagal 3(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm a bheith iomchuí, de réir na bhforbairtí eolaíocha nó teicniúla nó na gcaighdeán arna nglacadh go hidirnáisiúnta, chun leibhéil na n-astaíochtaí a scaoiltear nuair a úsáidtear toitín chun na críche atá beartaithe dó a thomhas, bunaithe ar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, go háirithe do dhaoine óga, agus déanfar cruinneas na dtomhas a fhaightear leis an modh sin a fhíorú ag na saotharlanna formheasta agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin.

Ceist 4(b)

80

Le ceist 4(b), fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil feidhm ag Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40 maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

81

Le hAirteagal 17a(4) den ghníomh um tháirgí tobac agus táirgí caithimh tobac lenar trasuíodh Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40, ceadaítear don Státrúnaí toirmeasc a chur ar rialachán aireachta, ar chúiseanna a bhaineann le cosaint shláinte an phobail, catagóirí áirithe táirgí tobac a chomhlíonann ar shlí eile na ceanglais dá bhforáiltear leis an dlí nó a leagtar síos dá bhun.

82

Ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, go mbaineann toimhde ábharthachta le ceisteanna maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach ar faoin gcúirt sin atá sé a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé cruinneas a fhíorú. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a dhéanamh ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna n-iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Erzeugerorganisation Tiefkühlgemüse, C-516/16, EU:C:2017:1011, mír 80).

83

Ní dhealraíonn sé, áfach, ó aon fhianaise sa chomhad os comhair na Cúirte go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, fiú go páirteach, leis an rogha atá ar fáil don Státrúnaí faoi Airteagal 17a(4) den ghníomh um tháirgí tobac agus táirgí caithimh tobac, lenar trasuíodh Airteagal 24(3) de Threoir 2014/40.

84

Dá bhrí sin, is léir gurb ionann ceist 4(b) a fhreagairt sna himthosca seo agus tuairim chomhairleach a thabhairt ar cheist hipitéiseach, gan aird ar an gcúram a shanntar don Chúirt i gcomhthéacs an chomhair bhreithiúnaigh a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Erzeugerorganisation Tiefkühlgemüse, C-516/16, EU:C:2017:1011, mír 82).

85

Dá bhrí sin, tá ceist 4(b) do-ghlactha.

Costais

86

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe..

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 3 Aibreán 2014, maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE, a léirmhíniú amhail is go bhforáiltear léi go ndéanfar na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní atá beartaithe a chur ar an margadh nó a mhonarú sna Ballstáit, a shocraítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, a thomhas trí úsáid a bhaint as na modhanna tomhais a dhíorthaítear ó chaighdeáin ISO 4387, 10315, 8454 agus 8243, dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

 

2.

Níor nochtadh le scrúdú ar an gcéad cheist aon fhachtóir den sórt sin a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta, Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

 

3.

Níor nochtadh le scrúdú ar cheist 3(a), aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 5(3) de Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac.

 

4.

Níor nochtadh le scrúdú ar cheist 3(b), aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 114(3) CFAE, Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac agus Airteagail 24 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

 

5.

Mura mbeidh Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 in-fhorfheidhmithe i gcoinne daoine aonair, ní mór an modh a úsáidtear chun Airteagal 3(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm a bheith iomchuí, de réir forbairtí eolaíocha agus teicniúla nó caighdeáin arna nglacadh go hidirnáisiúnta, chun leibhéil na n-astaíochtaí a scaoiltear nuair a úsáidtear toitín chun na críche atá beartaithe dó a thomhas, agus bunaithe ar ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, go háirithe do dhaoine óga, agus déanfar cruinneas na dtomhas a fhaightear leis an modh sin a fhíorú ag na saotharlanna formheasta agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Treoir sin.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Ollainnis.