TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Straitéis um an tSochaí Shibhialta

_____________

Straitéis an Aontais chun tacaíocht, cosaint agus cumhacht a thabhairt don tsochaí shibhialta

(tuairim arna hiarraidh ag an gCoimisiún Eorpach 1 )

SOC/840

Rapóirtéirí ginearálta:

Pietro Vittorio BARBIERI

Peter SCHMIDT

Christa SCHWENG

GA

Bunús dlí

Riail 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Comhairliúchán

13/5/2025

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

17/7/2025

Seisiún iomlánach Uimh.

598

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

152/00/02

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Bunaíodh CESE in 1957 le Conradh na Róimhe i gcáil comhlacht comhairleach d’institiúidí an Aontais. Cuireann sé ar chumas na sochaí sibhialta eagraithe a tuairimí a chur in iúl ar an leibhéal Eorpach agus tionchar a imirt ar phróiseas ceaptha beartais an Aontais. Tá ról suntasach imeartha ag CESE i gcur chun cinn an idirphlé shibhialta ó bunaíodh é agus, leis an tuairim seo, bronnfaidh sé treoirphlean ar an gCoimisiún Eorpach le haghaidh straitéis um an tsochaí shibhialta mar aon le togra le haghaidh ardán comhpháirteach don tsochaí shibhialta.

1.2Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach ar son straitéis chuimsitheach um an tsochaí shibhialta agus ardán don tsochaí shibhialta. Is amhlaidh is tábhachtaí a leithéid anois agus an daonlathas faoi bhagairt agus spás na sochaí sibhialta faoi bhrú, sna Ballstáit agus ar bhonn domhanda araon.

1.3Ba cheart do straitéis Eorpach um an tsochaí shibhialta bearta a thabhairt isteach arna mbunú ar an méid seo a leanas:

·timpeallacht shábháilte fhabhrach don tsochaí shibhialta;

·inbhuanaitheacht agus neamhspleáchas (trí bhíthin an chistiúcháin); agus

·rannpháirtíocht shibhialta láidir agus idirphlé sibhialta láidir (trí shásraí atá ann cheana a struchtúrú agus a threisiú).

1.4Ba cheart comhaontú idirinstitiúideach maidir leis an idirphlé sibhialta, arna éascú ag CESE, a bheith ina chuid den straitéis, le comhleanúnachas a áirithiú i gcur chuige an idirphlé shibhialta sna hinstitiúidí Eorpacha go léir.

1.5Cuireann CESE i bhfáth freisin, de bhreis ar straitéis um an tsochaí shibhialta agus ardán don tsochaí shibhialta, gur cheart comhar idirinstitiúideach is láidre agus is struchtúrtha a bheith ar bun mar aon le hidirphlé struchtúrtha cuimsitheach maidir le moltaí CESE.

1.6I bhfianaise na taithí agus an líonra atá aige, molann CESE go ndéanfadh sé féin treoirthionscadal a sheoladh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, d’fhonn tús a chur le hidirphlé leathan ag céim luath den phróiseas polaitiúil. Dhíreofaí thar aon rud eile ar shaincheisteanna a bhaineann leis an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta, agus phléifí iad i gcomhpháirt leis an nGrúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in CESE (Grúpa FRRL). A luaithe a dhéanfaí an tionscadal a chur chun feidhme agus a mheas, d’fhéadfaí próisis leathana idirphlé den chineál céanna a mholadh le haghaidh ábhair eile a bhfuil tábhacht leo don tsochaí shibhialta.

1.7D’fhéadfadh an t-ardán an méid a leanas a dhéanamh:

·idirphlé a threorú (arna éascú ag na comhlachtaí rialaithe) maidir leis an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta, agus rannchuidiú, ina dhiaidh sin, le próisis pholaitiúla tábhachtacha, mar shampla clár oibre bliantúil an Choimisiúin;

·comhdháil bhliantúil maidir leis an idirphlé shibhialta a óstáil le gurbh fhéidir dréachtmholtaí a chur i láthair agus a bheachtú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara uile;

·an t-idirphlé sibhialta a fhaire trí bhíthin scórchlár bliantúil, rud a dhéanfadh eolas do thuarascálacha débhliantúla ar an idirphlé sóisialta; agus

·an bealach a réiteach do chomhaontú idirinstitiúideach maidir leis an idirphlé sibhialta, arna éascú ag CESE, le comhleanúnachas a áirithiú i gcur chuige an idirphlé shibhialta sna hinstitiúidí Eorpacha go léir, i gcomhréir leis na prionsabail a liostaítear i bpointe 3.7.1.

1.8Molann CESE don Choimisiún Eorpach acmhainní leordhóthanacha a chur i leataobh chun idirphlé sóisialta na hEorpa a neartú ar gach leibhéal, agus cistiúchán a chur ar fáil chun an t‑ardán don tsochaí shibhialta a chur ar bun. An treoirthionscadal atá molta, chuirfeadh sé ar chumas an Choimisiúin an tionscnamh comhairliúcháin leathain atá molta a thástáil gan an iomarca achmhainní breise a úsáid, ó tá formhór na n-uirlisí lena mbaineann in úsáid cheana féin.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Sa litir mhisin 2 a chuir Uachtarán an Choimisiúin chuig an gCoimisinéir ainmnithe um an Daonlathas, um an gCeartas agus um an Smacht Reachta, Michael McGrath, chuir sí in iúl, ar mhaithe le borradh a chur faoin teagmháil leis an tsochaí shibhialta maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus saincheisteanna gaolmhara, go gcuirfí de chúram ar an Uasal McGrath ardán don tsochaí shibhialta a thógáil chun idirphlé sibhialta is córasaí a chothú, agus feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar don tsochaí shibhialta, gníomhaithe agus cosantóirí chearta an duine agus iad i mbun oibre.

2.2Sa mhír ábhartha de chlár oibre 2025 an Choimisiúin, maítear go bhfuil ‘ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lenár gcórais dhaonlathacha agus ár n‑institiúidí daonlathacha a chosaint’ agus go gcuirfidh ‘an Coimisiún seo dlús lena rannpháirtíocht chun tacú leis an tsochaí shibhialta, í a chosaint agus í a chumhachtú.’ Faoin teideal ‘Tionscnaimh nua’, sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gclár oibre, tugann an Coimisiún gealltanas straitéis an Aontais a chur le chéile ‘chun tacaíocht, cosaint agus cumhacht a thabhairt don tsochaí shibhialta (neamhreachtach, R3 2025)’. Sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’, d’fhógair an Coimisiún Eorpach gurbh iad na príomhchuspóirí sealadacha a bheadh ag an straitéis sin an teagmháil fhóinteach a neartú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag plé le réimse leathan beartas de chuid an Aontais agus cosaint is mó a thabhairt dóibh san obair sin freisin. Luadh freisin go ndéanfaí mar chuid den straitéis tionscnaimh a mholadh chun tacú le timpeallacht fhabhrach mar aon le bearta ar leibhéal an Aontais chun crapadh an spáis shibhialta a chosc. Mholfaí freisin bearta chun feabhas a chur ar an idirphlé idir na húdaráis phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus saincheisteanna gaolmhara. Ar an leibhéal Eorpach, chuimseofaí leis sin teagmháil a dhéanamh trí bhíthin ardán don tsochaí shibhialta 3 .

2.3Ba le Conradh na Róimhe a bunaíodh CESE i gcáil comhlacht comhairleach a mbeadh ionadaithe páirteach ann thar ceann catagóirí eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla agus thar ceann ghnáthphobal na mBallstát. Cuireann Airteagal 300 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) leis an méid sin: ‘Beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.’ Is é an cúram atá ar CESE rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta trí bhíthin a thuairimí neamhspleácha féin maidir leis na saincheisteanna a thagann lena réimse sainchúraimí de réir na gConarthaí. I measc an iliomad nuálaíochtaí a tugadh isteach ar an leibhéal Eorpach agus domhanda le Conradh na Róimhe, tá bunchlocha an daonlathais rannpháirtigh i bhfoirm comhairliúcháin dhíreacha struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta eagraithe. Is caol díreach as an daonlathas rannpháirteach a thagann ról an Choiste, óir cuireann sé ar chumas ionadaithe na n-eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta náisiúnta a dtuairimí a chur in iúl maidir le reachtaíocht an Aontais, dul i gcomhar le chéile chun teacht ar chomhréiteach agus prionsabail an daonlathais a chur chun feidhme, agus glór na sochaí sibhialta a chur chun cinn, na grúpaí mionlaigh san áireamh, ar bhonn trédhearcach.

2.4Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), conradh lenar leagadh síos bunchlocha le haghaidh fíor-idirphlé sibhialta struchtúrtha ar an leibhéal Eorpach, chuir sé go mór leis na deiseanna a bhí ann an daonlathas rannpháirteach a fhorbairt tuilleadh. Caithfidh an t-idirphlé sibhialta a bheith fite fuaite leis an idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta, rud a d’áiritheodh rannpháirt fhadtéarmach na sochaí sibhialta eagraithe i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa.

2.5Mar theach an daonlathais rannpháirtigh, is ardán é CESE ar ar féidir le gach cuid den tsochaí shibhialta í féin a chur in iúl agus is foinse thacaíochta é freisin do na hiarrachtaí ról a thabhairt don tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais. Tá CESE mar a bheadh teach solais ann, agus an tsochaí shibhialta á treorú aige i dtreo phróisis chinnteoireachta an Aontais. An phríomhfheidhm atá aige ná an daonlathas rannpháirteach a chur chun cinn, a eagrú agus a chur chun tosaigh in institiúidí an Aontais.

2.6Ó 1992 i leith, tá líon suntasach tuairimí, staidéar agus ráiteas foilsithe ag an gCoiste maidir leis an idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirteach. Tá achoimre ar an méid sin go léir ar fáil sa chuntas Compendium on Participatory Democracy: A success story written by the EESC 4 , doiciméad a thugtar cothrom le dáta go leanúnach.

2.7Seo thíos liosta de na héachtaí agus na foilseacháin is mó is fiú a lua.

·Tuarascáil faisnéise ó CESE dar teideal The Citizens’ Europe, an 8 Aibreán 1992, rud a chuir tús leis an gcaint ar idirphlé a dhéanamh leis na saoránaigh agus lena gcuid ionadaithe.

·Tuairim féintionscnaimh The role and contribution of civil society organisations in the building of Europe, an 22 Meán Fómhair 1999, rud a spreag Airteagal 11 CAE agus a cuireadh ag gabháil leis.

·Bunú an Ghrúpa Idirchaidrimh in 2004 (i gcomhar le heagraíochtaí agus líonraí de chuid na sochaí sibhialta Eorpaí) chun creat a chur ar fáil le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhar polaitiúil i gcás saincheisteanna trasearnálacha arb ábhair leasa choitinn iad. Comhaltaí de CESE agus 47 n-eagraíocht agus líonra Eorpacha atá sa ghrúpa. Tugtar faoi deara gurbh é CESE an chéad chomhlacht den Aontas Eorpach a ghlac próiseas daonlathais rannpháirtigh.

·Seachtain na Sochaí Sibhialta a óstálann CESE ar bhonn bliantúil chun teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus leis an tsochaí shibhialta tríd is tríd chun idirphlé a chothú maidir le saincheisteanna tábhachtacha ar gá don Eoraip aghaidh a thabhairt orthu. Teach na sochaí sibhialta eagraithe is ea CESE, óir tugann sé ardán do na grúpaí sin chun a dtuairimí a chur in iúl agus chun rannchuidiú le ceapadh beartais an Aontais.

·Bunú an Ghrúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh in 2013, grúpa ar a bhfuil an cúram beartas CESE maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a stiúradh agus moltaí a dhéanamh le haghaidh bearta institiúideacha a d’fhéadfadh an ionstraim sin a fhorbairt a thuilleadh. Coinníonn an Grúpa ad hoc i dteagmháil rialta le lucht eagraithe na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thacaíonn ar bhonn gníomhach leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus leis an tsaoránacht ghníomhach. Cuid acu sin, is comhpháirtithe buana iad de chuid imeacht suaitheanta bliantúil CESE, Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (imeacht a reáchtáiltear le linn Sheachtain na Sochaí Sibhialta ó 2024 i leith).

·Comhlachtaí caidrimh sheachtraigh CESE, a choinníonn súil ghéar ar bheartais trádála agus forbartha an Aontais trí bhíthin idirphlé le heagraíochtaí sochaí sibhialta ó thíortha agus réigiúin nach cuid den Aontas iad a bhfuil caidreamh foirmiúil ag an Aontas leo.

·Bunú an Ghrúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta in 2018 chun cur i gcoinne theacht chun cinn an phobalachais agus chrapadh spásanna na sochaí sibhialta. Is éard is aidhm don Ghrúpa ad hoc seo measúnú a dhéanamh ar staid na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta sna Ballstáit. Tugann sé aird ar leith ar na cearta atá tábhachtach don tsochaí shibhialta, na comhpháirtithe sóisialta san áireamh, mar shampla an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse tuairimí a nochtadh (saoirse na meán san áireamh), ceart an neamh-idirdhealaithe, mar aon le staid ghinearálta an smachta reachta. Tuarascáil bhliantúil deiridh an Ghrúpa ad hoc, déanann sé eolas do Thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta.

·An líonra comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta atá cothaithe le fada an lá ag CESE. Is mór an chabhair na naisc sin maidir le muinín a thógáil idir na saoránaigh, an tsochaí shibhialta agus na húdaráis phoiblí, agus áirithíonn siad go mbíonn páirtithe leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta páirteach sa chinnteoireacht phoiblí.

·Tuairim SOC/526 ó CESE, mí Dheireadh Fómhair 2016, tuairim a chuir chun tosaigh den chéad uair an smaoineamh fóram bliantúil a thionól le gurbh fhéidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta plé a dhéanamh ar an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta. I dTuairim SOC/627, a glacadh i mí an Mheithimh 2019 5 , chuir CESE chun tosaigh arís an togra uaidh fóram bliantúil ar leibhéal an Aontais a bhunú maidir leis na cearta bunúsacha agus an smacht reachta.

·Togra 39 den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a reáchtáladh in 2021 agus 2022, a mhol ‘Athchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach trí ról níos mó a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta eagraithe. Na struchtúir atá ann cheana a neartú chun riachtanais agus ionchais shaoránaigh an Aontais a léiriú níos fearr sa phróiseas cinnteoireachta, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad i saol daonlathach na hEorpa. Laistigh den chreat sin, ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumhachtú mar éascaitheoir agus ráthóir ghníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil Saoránach.’ Deirtear freisin sa togra sin gur rud ‘ríthábhachtach do shaol daonlathach an Aontais Eorpaigh’ é ‘sochaí shibhialta bhríomhar’ a bheith ann. Molann Togra 36 ‘An tsochaí shibhialta eagraithe agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus struchtúir atá ann cheana amhail Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) a áireamh i bpróiseas rannpháirtíochta na saoránach’.

·Tuairim SOC/728 ó CESE, Measúnú Tionchair an Aontais ó thaobh na hÓige de, rud arb uirlis é a ceapadh chun rannpháirtíocht na n-óg agus príomhshruthú na hóige a neartú sa cheapadh beartas arna bhunú ar an gcomhairliúchán, an measúnú tionchair agus bearta maolúcháin, tuairim a d’fhág gurbh é CESE an chéad institiúid den Aontas a ghabh air féin an uirlis sin a chur chun feidhme. I gcás CESE, is éard is brí leis sin páirt a thabhairt d’ionadaithe na hóige in ullmhú na dtuairimí. I mí Aibreáin 2024, rinne Biúró CESE modheolaíocht a fhormheas a bhí dréachtaithe ag an nGrúpa um an Óige in CESE maidir le Measúnú Tionchair an Aontais ó thaobh na hÓige de a chur i bhfeidhm in CESE, rud ar a dtabharfar ‘promhadh na hóige ar bheartais an Aontais’ i gcomhthéacs CESE.

·Bunú an Ghrúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach in 2017, rud ar comhlacht cothrománach é a thacaíonn leis an obair a dhéantar i rannóga CESE. Díríonn sé ar thograí ó shochaí shibhialta na hEorpa a scrúdú ar tograí iad a bhaineann leis an bhfás inbhuanaithe agus an fhostaíocht inbhuanaithe, rud a chinntíonn ionchur leanúnach ó CESE i dtimthriall bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh.

·Tuairim SOC/782 ó CESE dar teideal An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh ar tuairim straitéiseach í maidir leis an idirphlé sibhialta a glacadh i mí Feabhra 2024 agus a bhfuil go leor gnéithe inti a theastódh chun straitéis a chruthú don idirphlé sibhialta.

·An bhaint a bhí ag CESE le hionchuir agus ardáin éagsúla de chuid na sochaí sibhialta a eagrú nó a éascú, cuir i gcás an Fóram Eorpach um Imirce, Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (i gcomhar leis an gCoimisiún) agus cruinnithe comhchéime na hóige. Le linn chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, d’éascaigh CESE ionchuir na sochaí sibhialta i gcéad athbhreithniú deonach an Aontais.

3.Straitéis an Aontais chun tacaíocht, cosaint agus cumhacht a thabhairt don tsochaí shibhialta

3.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach ar son straitéis chuimsitheach um an tsochaí shibhialta agus ardán don tsochaí shibhialta. Is amhlaidh is tábhachtaí a leithéid anois agus an daonlathas faoi bhagairt agus spás na sochaí sibhialta faoi bhrú, sna Ballstáit agus ar bhonn domhanda araon. Ní mór acmhainní uile na sochaí a shlógadh chun Aontas Eorpach athléimneach a thógáil, go háirithe i bhfianaise na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair mar aon le drochstaid na geopholaitíochta.

3.2Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé straitéis chuimsitheach um an tsochaí shibhialta a sheoladh chun sochaí shibhialta láidir a chosaint agus ardán a chruthú don tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach mar arbh fhéidir leis na hinstitiúidí Eorpacha dul i dteagmháil agus dul i gcomhar leis an tsochaí shibhialta ar bhonn nithiúil fóinteach.

3.3Cuireann CESE in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé Airteagal 11 CAE a chur chun feidhme ina iomláine chun na forálacha atá ann faoi láthair maidir leis an gcomhairliúchán a chomhlánú.

3.4Ba cheart do straitéis Eorpach um an tsochaí shibhialta bearta a thabhairt isteach arna mbunú ar an méid seo a leanas:

·timpeallacht shábháilte fhabhrach don tsochaí shibhialta;

·inbhuanaitheacht agus neamhspleáchas (trí bhíthin an chistiúcháin); agus

·rannpháirtíocht shibhialta láidir agus idirphlé sibhialta láidir (trí shásraí atá ann cheana a struchtúrú agus a chothú ar an leibhéal Eorpach trí bhíthin ardán don tsochaí shibhialta, mar a shainítear thíos).

3.5Ní mór don Aontas timpeallacht shábháilte fhabhrach don tsochaí shibhialta a chinntiú tríd an méid a leanas a dhéanamh:

·ról na sochaí sibhialta eagraithe mar cheann de bhunchlocha an daonlathais, an chomhtháthaithe, na rannpháirtíochta agus na nuálaíochta sóisialta ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach a chur chun cinn agus sainghnéithe an róil sin a chur in iúl;

·sásra cosanta a fhorbairt do ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine laistigh den Aontas;

·ról CESE mar mhol, eadránaí, bealach cumarsáide agus éascaitheoir na sochaí sibhialta a neartú ar an leibhéal Eorpach, idirnáisiúnta agus náisiúnta; agus

·togra an Choimisiúin Eorpaigh maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha a ghlacadh agus forbairt ionstraime dlí den chineál céanna d’fhondúireachtaí a phlé.

3.6Caithfidh an tAontas an inbhuanaitheacht agus an neamhspleáchas a chur chun cinn trí bhíthin cistiúcháin, chun an méid a leanas a áirithiú:

·teacht a bheith ag gníomhaithe na sochaí sibhialta ar chistiúchán ilbhliantúil seasmhach solúbtha, agus acmhainní leordhóthanacha a bheith curtha ar fáil sa chreat airgeadais ilbhliantúil;

·rannpháirt a bheith ag eagraíochtaí sochaí sibhialta i gcur chun feidhme, faire agus measúnú na gclár cistiúcháin atá ábhartha dóibh;

·bacainní riaracháin, rialála agus fioscacha ar an rochtain ar chistiúchán agus ar thabhartais a bheith réitithe, bacainní trasteorann san áireamh;

·na hoibleagáidí Eorpacha agus idirnáisiúnta mar aon leis na cearta bunúsacha a bheith á gcomhlíonadh ina n-iomláine ag gach dlí a dhéanann difear d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus tuairimí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a bheith faighte sa chás go mbíonn athruithe reachtacha beartaithe a dhéanfadh difear dóibh;

·bearta a chuireann srian ar an rochtain ar chistiúchán gan a bheith curtha chun feidhme, agus gan mí-úsáid d’fhonn teorainn a chur leis an rannpháirtíocht phoiblí, leis an ngníomhaíocht shibhialta nó le saoirse na meán a bheith bainte as sásraí riaracháin, dlí nó airgeadais;

·daoine a bheith á spreagadh chun ciapadh nó ionsaithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta nó cosantóirí chearta an duine a thuairisciú, agus sáruithe dá leithéidí sin a bheith á dtaifeadadh go hiomchuí, á n-iniúchadh agus á n-ionchúiseamh chun an smacht reachta a dhaingniú;

·dlíthe an Aontais maidir leis an tsochaí shibhialta eagraithe a chosaint a bheith á bhforfheidhmiú i gceart, lena n-áirítear trí bhíthin bearta eatramhacha i gcás inar gá; agus

·tacaíocht a bheith á tabhairt d’eagraíochtaí sochaí sibhialta trí bhíthin cistiúchán inbhuanaithe don obair a dhéanann siad mar aon le sásraí fothaithe acmhainneachta.

3.7Caithfidh an tAontas rannpháirtíocht shibhialta agus idirphlé sibhialta is láidre a chinntiú trí na dálaí cuí a chothú agus tagarmharcanna a leagan síos, agus trí struchtúir idirphlé a chothú ar gach leibhéal.

3.7.1Dálaí cuí a chothú agus tagarmharcanna a leagan síos

3.7.1.1Má táthar chun idirphlé sibhialta fóinteach a chur ar bun, teastaíonn na dálaí cuí chun a chur ar chumas na bpáirtithe go léir páirt a ghlacadh ann. Tá sé tábhachtach a chinntiú freisin gur soiléir an ról agus na cúraimí atá ag gach páirtí. De bhreis air sin, ní mór do na hinstitiúidí a bheith freagrúil agus cuntasach, laistigh agus lasmuigh de shásraí an idirphlé, i gcomhréir leis na caighdeáin lena rialaítear ceart an dea-rialachais. Ní féidir leis an idirphlé sibhialta feidhmiú i gceart ar an leibhéal Eorpach mura mbíonn an t-idirphlé sibhialta á bhainistiú go maith ar an leibhéal náisiúnta. Má táthar chun timpeallacht fhabhrach a chruthú le haghaidh idirphlé sibhialta éifeachtach cuiditheach, ní mór coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Ina measc siúd tá muinín, cuntasacht, trédhearcacht agus coinníollacha atá fabhrach don rannpháirtíocht. Sa Chód Dea-Chleachtais maidir le Rannpháirtíocht Shibhialta sa Phróiseas Cinnteoireachta, a ghlac Comhdháil na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha Idirnáisiúnta i gComhairle na hEorpa, déantar achoimre ar na prionsabail agus na coinníollacha is mó is fiú a úsáid mar threoir (féach Iarscríbhinn I). Molann CESE go ndéanfaí mar chuid den straitéis um an tsochaí shibhialta cuspóirí a sholáthar agus táscairí a shainiú lena ngabhann tagarmharcanna soiléire do na Ballstáit agus do na hinstitiúidí Eorpacha maidir le spásanna sibhialta agus an t-idirphlé sibhialta ar an leibhéal náisiúnta.

3.7.1.2Molann CESE go mbeadh na saintréithe 6 seo a leanas ag an idirphlé sibhialta ar gach leibhéal, an leibhéal Eorpacha san áireamh:

·Caithfidh tábhacht a bheith leis. Tá an t-idirphlé sibhialta ceaptha a bheith ina fhíorchuid nithiúil den phróiseas cinnteoireachta, rud a éascaíonn an fhíordhíospóireacht agus a thugann spás d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena dtuairimí a chur in iúl. Rud dáiríre atá ag teastáil, seachas cur i gcéill.

·Ní mór cur chuige ar mhaithe le torthaí a ghlacadh agus rannpháirt na saoránach a éascú, idir na díospóireachtaí maidir le cuspóirí agus ábhar na mbeart reachtach agus na forálacha a bhaineann leis an tsochaí shibhialta, agus le linn chéimeanna na meastóireachta freisin.

·Caithfidh sé a bheith rialta.

·Caithfidh sé a bheith trédhearcach, caithfidh teacht a bheith ag an bpobal ar na rialacha agus critéir maidir le roghnú na bpáirtithe leasmhara agus roghnú na n-ábhar a phléifear, agus caithfear a áirithiú go bhfuil teacht ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an bhfaisnéis ábhartha go léir.

·Caithfidh dlisteanacht a bheith aige. Caithfear creidiúnú na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhunú ar dhlisteanacht agus ionadaíochas ceart. Is gá do na heagraíochtaí sochaí sibhialta cloí le prionsabail an daonlathais inmheánaigh, na féinrialach agus na trédhearcachta. Is gá dóibh samhail sheachbhrabúsach a ghlacadh agus a bheith tiomanta don leas coiteann nó do ghrúpaí sainleasa ar leith.

·Caithfear ligean do na páirtithe uile smaointe a roinnt. Is gá go mbeidh na heagraíochtaí sochaí sibhialta in ann a dtionscnaimh agus a dtosaíochtaí féin a chomhtháthú i gcláir oibre na mBallstát agus na n-institiúidí Eorpacha. Más féidir amlíne an idirphlé a chinneadh ar bhonn comhpháirteach is mó an tionchar a imreofar agus is féidir fadhbanna acmhainneachta a sheachaint.

·Caithfidh sé a bheith cuimsitheach agus ionadaíoch, agus, thar aon dream eile, na daoine is leochailí a chur san áireamh. Má táthar chun Aontas comhionannais a bhaint amach, caithfear a chinntiú go dtugtar aird ar thaobh na hinscne, LGBTIQ+, na n-imirceach, na ndaoine atá faoi mhíchumas agus phobal na Romach de.

·Caithfidh sé a bheith struchtúrtha agus comhordaithe. Ba cheart seirbhís chomhordúcháin a bheith páirteach in obair agus tograí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta.

·Ba cheart toradh agus obair leantach a bheith i gceist leis. Ar an leibhéal Eorpach, ba cheart d’insititiúidí an Aontais freagra a thabhairt ar ionchur na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta trí bhíthin scórchlár poiblí, rud a leagfadh amach na gníomhaíochtaí leantacha arna mbeartú nó a mhíneodh an fáth nach ndéanfaí aon ghníomh. Ba cheart freisin aiseolas a bhailiú ó na rannpháirtithe.

3.7.1.3D’aon ghuth ba cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta labhairt, chun neart a chur lena seasamh.

3.7.2Stuchtúir idirphlé a chothú agus a fheabhsú ar gach leibhéal

3.7.2.1Ós ag dul i méid atá an tionchar a imrítear ar an saol seo ag an gcoinbhleacht, an mhífhaisnéis agus an t-oll-easaontas sóisialta, ní mór don Aontas Eorpach athmhachnamh a dhéanamh gan mhoill ar an ról atá ag an tsochaí shibhialta agus an t-idirphlé sibhialta a neartú, ní hamháin mar bhonn faoina dhlisteanacht institiúideach féin ach freisin mar bhunchloch ar arbh fhéidir Eoraip is athléimní, is cuimsithí agus is rannpháirtí a thógáil 7 .

3.7.2.2Ba cheart do straitéis um an tsochaí shibhialta aghaidh a thabhairt ar gach cineál idirphlé shibhialta, lena n-áirítear an t-idirphlé trasnach, an t-idirphlé ingearach/earnála agus an t‑idirphlé cothrománach (idirphlé i measc lucht na sochaí sibhialta féin).

3.7.2.3Beidh am ag teastáil má táthar chun rannpháirtíocht shibhialta is láidre agus idirphlé sibhialta struchtúrtha a áirithiú. Is gá an cleachtas atá ar bun faoi láthair a mheas, foghlaim uaidh sin agus prionsabail agus treoirlínte a tharraingt suas a d’fhéadfaí a chódú amach anseo i gcomhaontú idirinstitiúideach maidir leis an idirphlé sibhialta ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, molann CESE comhaontú idirinstitiúideach a ghlacadh maidir leis an idirphlé sibhialta, arna éascú ag CESE, chun cleachtas comhleanúnachas a áirithiú i gcur chuige an idirphlé shibhialta sna hinstitiúidí Eorpacha go léir, i gcomhréir leis na prionsabail a liostaítear i bpointe 3.7.1 den tuairim seo.

3.7.2.4Tá CESE réidh le hidirphlé fóinteach a dhéanamh ar bhonn réamhghníomhach le hinstitiúidí an Aontais. Molann sé don Choimisiún cruinniú bliantúil a thionól le CESE chun plé a dhéanamh ar mar a dhéanann sé na moltaí a dhéantar i dtuairimí CESE a chur chun feidhme (de bhreis ar an aiseolas i scríbhinn a fhaigheann CESE cheana féin) chun lúb aiseolais a chinntiú. D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt do CESE páirt a ghlacadh i gcruinnithe ábhartha nuair a bhíonn comhaid reachtacha nó comhaid bheartais a bhfuil nasc acu le tuairimí CESE ar an gclár oibre aici. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh an Chomhairle, ó am go chéile, páirt a thabhairt do CESE sa phróiseas reachtach lena ndéantar moltaí CESE a scrúdú agus a phlé.

3.7.2.5Lena chois sin, molann CESE tús a chur le próiseas leathan idirphlé (rud a pléadh mar chuid de threoirthionscadal i bpointe 4.3 den tuairim seo. D’fhéadfadh an méid sin a bheith ina chabhair agus rialachas agus struchtúr an idirphlé earnála á socrú amach anseo 8 .

3.7.2.6Is mór idir na cleachtais idirphlé shibhialta atá ar bun faoi láthair ar an leibhéal Eorpach, ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de. Má chruthaítear sásraí comhordúcháin idir na hinstitiúidí agus laistigh díobh, is féidir go gcabhróidh sé sin leis an bhforluí a laghdú agus úsáid na n-acmhainní a mhaolú.

3.7.2.7Mar a cuireadh in iúl i staidéar nua ó CESE 9 , an dúshlán atá romhainn anois ná a chinntiú go gcloíonn na haonaid ábhartha sna hinstitiúidí leis na croíphrionsabail, is é sin spás leordhóthanach a chur ar fáil le gur féidir glórtha na sochaí sibhialta a chloisteáil agus sásraí trédhearcacha a bhunú chun ionchur fóinteach a chomhtháthú sa cheapadh beartas. D’ainneoin na n-údar dóchais atá ann, tá ualach oibre le déanamh go fóill. D’fhéadfadh comhaontú idirinstitiúideach maidir leis an idirphlé sibhialta róil agus cuspóirí difriúla a bhronnadh ar na hinstitiúidí lena mbaineann, de réir, ar an gcéad dul síos, na sásraí arb ann dóibh cheana féin.

·I gcás na Comhairle, ba cheart leas a bhaint as an Seimeastar Eorpach, i measc uirlisí eile nach é.

·I gcás Pharlaimint na hEorpa, ba cheart cur le ról an Leas-Uachtaráin tharmligthe agus leis na deiseanna atá ann tionchar a imirt sna grúpaí polaitiúla agus sna coistí.

·I gcás an Choimisiúin Eorpaigh, ba cheart iarrachtaí an Choimisinéara tharmligthe a chomhordú leis na hArd-Stiúrthóireachtaí.

·I gcás CESE, ba cheart ról an Ghrúpa Idirchaidrimh a neartú.

3.7.2.8Na pointí seo, a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo, baineann siad leis an rannpháirtíocht shibhialta a neartú trí chumhacht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus struchtúir a bhunú a thacaíonn leis an oiliúint agus an fothú acmhainneachta ar son rannpháirtíocht an phobail. Céim ríthábhachtach é sin má táthar chun an straitéis iomlán a chur i gcrích ar an mbealach is fearr is féidir. Creideann CESE gur infheistíocht eacnamaíoch bhunthábhachtach a bheadh ann ar mhaithe le todhchaí na hEorpa.

4.Ardán don tsochaí shibhialta a thógáil

4.1Barúlacha ginearálta

4.1.1Caithfear aird chuí a thabhairt ar éagsúlacht ghníomhaithe na sochaí sibhialta, na dtionscnamh áitiúil, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na n-ardán náisiúnta. Mura n-aithnítear saintréithe gach cáis agus mura bhfreastalaítear orthu faoi seach, ní bheifear in ann rannpháirtíocht leathan a áirithiú agus ní bheidh an t-ardán éifeachtach ná dlisteanach. Is féidir le CESE ról lárnach a imirt maidir leis an dlisteanacht sin a sholáthar.

4.2Saineolas agus líonraí CESE a chur chun tairbhe

4.2.1Mar thúsphointe na hanailíse, ní mór féachaint an ann cheana féin do struchtúir nó institiúidí a mbeadh sé ar a gcumas a leithéid d’ardán a óstáil agus a bheadh toilteanach ar a dhéanamh. Bheadh CESE in ann an t-ardán a óstáil agus bheadh sé sásta déanamh amhlaidh. I bhfianaise na taithí atá aige ar an idirphlé agus an comhairliúchán a éascú, d’fheilfeadh an ról go mór dó. Tá an chuma ar an scéal go dtacaíonn Tograí 38 agus 39 den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa leis an méid sin. De réir Thogra 39, ba cheart ‘ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumhachtú mar éascaitheoir agus ráthóir gníomhaíochtaí an daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil Saoránach.’

4.2.2Dá dtabharfaí sainordú do CESE an t-ardán a óstáil, bheifí ag tacú le réimse sainchúraimí CESE, leis na feidhmeanna comhairleacha atá aige mar aon leis na modhanna oibre a chleachtann sé, ó bheifí ag ligean dó feidhmiú mar idirghabhálaí leis an tsochaí shibhialta. I bhfianaise na taithí, an tsaineolais agus na líonraí atá aige, caithfear páirt a thabhairt do CESE ón gcéad lá. Áirítear ar an saineolas sin eolas domhain chomhaltaí an Choiste ar a réimsí faoi seach; an fios gnó atá acu maidir le forbairt chomhchuí bheartas an Aontais a chur chun cinn; agus ionadaíocht láidir, ó tá sainordú ag na comhaltaí cinntí a dhéanamh thar ceann na ndaoine a ndéanann siad ionadaíocht dóibh. Tá obair an Choiste eagraithe chun idirghníomhaíocht a chinntiú idir na gnéithe ‘teicniúla’ nó ‘earnála’ 10 agus na gnéithe is ‘cothrománaí’. A bhuí leis an gcur chuige sin, áirithítear go bhfuil bonn sárobair theicniúil faoi gach tuairim, rudaí a ullmhaítear i ngrúpaí staidéir ar comhaltaí a bhfuil saineolas acu a mbaill. Cuireann sé scagaire daonlathach de chineál éigin ar fáil trí bhíthin a bhuan-rannóg, mar a ndéanann os cionn 100 comhalta an téacs a phlé, rud a fhágann go nglactar an chuid is mó de thuairimí an Choiste d’aon toil, rud ar léiriú é ar chur chuige ar leith an Choiste maidir leis an gcomhdhearcadh sóisialta a bhaint amach.

4.2.3Tá teacht ag CESE ar líonra ollmhór ar leith. Is sa tsochaí shibhialta náisiúnta atá comhaltaí CESE fréamhaithe, rud a chuireann ar a gcumas rannchuidiú le beartais an Aontais ó thaobh an ghnáthphobail de agus na díospóireachtaí móra Eorpacha a chur i mbéal an phobail áitiúil.

4.3Struchtúr agus rialachas an ardáin don tsochaí shibhialta

4.3.1I bhfianaise na taithí agus an líonra atá aige, molann CESE go ndéanfadh sé féin treoirthionscadal a sheoladh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, d’fhonn tús a chur le hidirphlé leathan ag céim luath den phróiseas polaitiúil. Dhíreofaí thar aon rud eile ar shaincheisteanna a bhaineann leis an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta, agus phléifí iad i gcomhpháirt le Grúpa FRRL in CESE. An aidhm a bheadh ag an ardán don tsochaí shibhialta ná rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a leathnú i gcás na n-eagraíochtaí siúd a bhíonn ag plé leis an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta, chun saincheisteanna a shainaithint arb ábhar imní ar leith iad d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an ghnáthphobail agus rannchuidiú le tuarascálacha de chuid CESE agus de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar na saincheisteanna céanna sin. Molann CESE grúpa stiúrtha a chur ar bun laistigh den ardán a mbeadh an Coimisiún Eorpach, CESE agus an Grúpa Idirchaidrimh ann, arna bhunú ar shamhail an Fhóraim Eorpaigh um Imirce. Dhéanfadh an t-ardán eolas do chomhdháil bhliantúil CESE maidir leis an smacht reachta agus na cearta bunúsacha. Ionchuir ó Sheachtain na Sochaí Sibhialta, dhéanfaidís eolas freisin d’obair an ardáin, ar bhealaí a shaineodh an grúpa stiúrtha (mar shampla, lá amháin a thiomnú d’obair an ardáin).

4.3.2Ba é an grúpa stiúrtha a bheadh freagrach as an treoirthionscadal a sheoladh agus chomhaontófaí socruithe ábhartha rialachais agus rannpháirtíochta. Ba cheart togra nithiúil a fhorbairt maidir leis an bpróiseas. I ndiaidh dó a bheith curtha chun feidhme, dhéanfadh sé meastóireacht ar an tionscadal agus mholfadh sé bearta d’fhonn próisis leathana idirphlé den chineál céanna a éascú i gcás saincheisteanna tábhachtacha eile atá ábhartha don tsochaí shibhialta. Ar bhonn bliantúil, dhéanfadh an grúpa stiúrtha na hábhair ar leith agus amlínte beachta an tionscadail a chomhaontú.

4.3.3Creideann CESE freisin go bhféadfadh an straitéis (an t-ardán san áireamh) rannchuidiú amach anseo leis an méid a leanas:

·tuarascáil, arna dréachtú gach dara bliain, ar ghníomhaíochtaí na straitéise agus na gníomhaíochtaí idirphlé shibhialta uile a rinne gach Ard-Stiúrthóireacht trí bhíthin an ardáin;

·scórchlár bliantúil a bhunú, i bhfoirm fóram poiblí a ndéanfaí plé ann ar thorthaí na ngníomhaíochtaí leantacha ar an idirphlé; agus

·fóram bliantúil, arna eagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach, a d’fhéadfaí a reáchtáil mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta.

4.3.4Deis a bheadh sa treoirthionscadal tuilleadh tógála a dhéanamh ar an teagmháil struchtúrtha atá ar bun cheana féin le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus struchtúr foirmiúil a chur uirthi. Tá triail bainte cheana féin ag CESE as bealaí éagsúla chun rannpháirtíocht chórasach a bhunú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear na samplaí seo a leanas: i) An Fóram Eorpach um Imirce; ii) na spásanna tionól arna gcur ar fáil ag an Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol in CESE le gur féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta teacht le chéile agus ionchur comhpháirteach a ullmhú chun eolas a dhéanamh do phróisis Eorpacha agus idirnáisiúnta; agus iii) ionchur an Ghrúpa Idirchaidrimh in ionchur CESE i gclár oibre bliantúil an Choimisiúin. D’fhéadfadh na tionscnaimh sin agus tionscnaimh nach iad a bheith ina gcuid den treoirthionscadal faoi aon struchtúr rialachais amháin (a mbeadh an Coimisiún Eorpach, CESE agus an Grúpa Idirchaidrimh páirteach ann) 11 . Ó bheadh sé bunaithe ar struchtúir agus ionstraimí atá ann cheana féin, d’fhéadfaí an treoirthionscadal a chur chun feidhme gan mhoill. San am céanna, ní éireodh go maith leis mura ndéanfaí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil mar aon le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bheadh dírithe ar eagraíochtaí sochaí sibhialta.

4.3.5Dhéanfadh an t-ardán an méid a leanas:

·idirphlé a threorú (arna éascú ag na comhlachtaí rialaithe) maidir leis an daonlathas, na cearta bunúsacha agus an smacht reachta, agus, ina dhiaidh sin, treoir a thabhairt le haghaidh ionchur le próisis pholaitiúla thábhachtacha, mar shampla clár oibre bliantúil an Choimisiúin Eorpaigh;

·comhdháil bhliantúil maidir leis an idirphlé shibhialta a óstáil, le linn Sheachtain Eorpach na Sochaí Sibhialta, b’fhéidir, le gurbh fhéidir dréachtmholtaí a chur i láthair agus a bheachtú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara uile;

·an t-idirphlé sibhialta a fhaire trí bhíthin scórchlár bliantúil, rud a dhéanfadh eolas do thuarascálacha débhliantúla ar an idirphlé sóisialta; agus

·rannchuidiú leis an gcomhaontú idirinstitiúideach.

4.3.6Ba cheart don Choimisiún Eorpach acmhainní leordhóthanacha a chur i leataobh chun idirphlé sóisialta na hEorpa a neartú ar gach leibhéal, agus, go sonrach, cistiúchán a chur ar fáil chun an t-ardán don tsochaí shibhialta atá molta a chur ar bun. Ní féidir straitéis um an tsochaí shibhialta a chur chun feidhme gan cistiúchán leordhóthanach. Tar éis 2.5 bliain (lárphointe théarma oifige CESE), dhéanfadh CESE, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar mhaithe leis an bpróiseas a fheabhsú agus na chéad chéimeanna eile a chinneadh.

An Bhruiséil, 17 Iúil 2025.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE

*

*    *

N.B.:    Iarscríbhinní an taobh thall.



Annex I

Code of Good Practice for Civil Participation in the Decision-Making Process by the Council of Europe’s Conference of INGOs 12 .

Four key principles (participation, trust, accountability and transparency, and independence) are needed to foster a constructive relationship with NGOs that ensures participation and allows them to collect and channel the views of citizens. Collaboration with NGOs is invaluable to the political decision-making process, enhancing the quality, understanding and longer-term applicability of policy initiatives.

Open and democratic societies are based on honest interactions between actors and sectors. Although NGOs and public authorities have different roles to play, the shared goal of improving the lives of people can only be satisfactorily reached if the relationship between them is based on trust, which requires transparency, respect and mutual reliability and accountability.

Acting in the public interest requires openness, responsibility, clarity and accountability from both the NGOs and the public authorities, with transparency at all stages.

Independent NGOs must be free to determine their aims, decisions and activities. They have the right to act independently and advocate positions different from the authorities with whom they may otherwise cooperate.

The conditions required to create an enabling environment are:

·the rule of law;

·adherence to fundamental democratic principles;

·political will;

·favourable legislation;

·clear and precise procedures;

·long-term support and resources for a sustainable civil society; and

·shared spaces for dialogue and cooperation.

If these conditions are met, a constructive relationship between NGOs and public authorities can be built on reciprocal trust and mutual understanding.



Annex II – The EESC’s structured civil dialogue models, including internal models that involve innovative institutional measures

The EESC consults civil society organisations – in addition those that are represented by members in the Committee – on a regular basis through various different channels and structures. Below is a list of some of these.

1.The EESC Liaison Group, which is a horizontal dialogue forum consisting of 47 European CSOs and networks. It is a framework for dialogue and cooperation on a wide range of topics between the EESC and these networks.

2.The EESC’s network of national economic and social councils (NESC), which unites 21 bodies representing social and civil dialogue stakeholders at national level. This network aims to facilitate the exchange of information and promote the work of national economic and social councils, including on a collaborative IT platform, to reach a shared vision and recommendations on common concerns. This increases the EESC’s impact in the Member States. This network is increasingly involved in joint events, such as the series of conferences on fighting disinformation initiated in 2023 by the EESC’s External Relations (REX) Section, and the EESC group meetings on the European Semester. To foster a common reflection on shared concerns, the network draws up a yearly policy paper which is endorsed at an annual meeting and subsequently shared with the presidents of EU institutions. The network organises exchanges between EESC and NESC members to reinforce mutual knowledge and expertise on specific topics. In the discharge for the 2023 financial year, the European Parliament called for continued cooperation with the NESCs on topics of common interest and the exchange of good practices, emphasising the vital role that civil society plays in addressing the EU’s current challenges.

3.The EESC’s NAT section, which has, over the years, provided a ‘convening space’ for other CSOs to meet and prepare joint contributions that feed into EU and international processes, and to give visibility to their initiatives on the ground. For example, following requests by the Commission, the NAT section has:

·helped prepare civil society’s contribution to the first EU Voluntary Review on the SDGs presented at the High-Level Political Forum in New York in 2023;

·helped prepare targeted contributions for the UNFCCC COP on the just transition and agri-food systems by combining input from EESC opinions with the views collected from other CSOs in expert hearings;

·hosted several youth climate and sustainability round tables , allowing youth organisations to make recommendations directly to commissioners;

·co-hosted the European Circular Economy Stakeholder Platform with the Section for the Single Market, Production and Consumption (INT section). This joint initiative by the European Commission and the EESC is a ‘network of networks’; it goes beyond sectorial activities and highlights cross-sector opportunities. It also provides a meeting place for stakeholders to share and scale up effective solutions and address specific challenges. The platform bridges existing initiatives at local, regional and national levels, and supports the implementation of the circular economy;

·co-organised the annual EU Organic Awards with the Commission, the CoR and farmers’ organisations (COPA COGECA and IFOAM); and

·actively contributed to the Rural Pact by organising and hosting thematic Rural Pact debates with various stakeholders.

4.The EESC’s Section for Employment, Social Affairs and Citizenship (SOC section), which has, over the years, also provided different models to include contributions from other civil society organisations, including, for example, the EMF and the FRRL group.

·The EMF is a platform for dialogue between civil society and the European institutions. It brings together representatives of civil society organisations, local and regional authorities, Member States and EU institutions. It is an opportunity for civil society to express its views, exchange ideas and best practices, and discuss challenges and priorities with decision-makers. Before forum topics are chosen, they are discussed with CSOs. The EMF is jointly organised and has a bureau comprised of six members that are elected by the participants for two-year terms of office. Of these bureau members, one is from the Commission, one is from the EESC, and four are representatives from civil society. The EMF can express positions and produce recommendations through its EMF group.

·The FRRL group is a horizontal body within the EESC tasked with promoting respect for European values and providing a forum for European civil society organisations to meet and share their assessments on the state of fundamental rights, democracy and the rule of law. In its work, the FRRL group focuses on key issues that are particularly relevant to civil society CSOs serve to highlight trends in Europe in order to lay the foundations for constructive dialogue between all stakeholders.

5.The EESC’s REX section, which is tasked with monitoring the EU’s external activities through dialogues with civil society organisations from the non-EU countries and regions with which the EU has formal relations. The section also actively follows the EU’s trade and development policies. A number of external bodies exist within the REX section, including the following.

·Follow-up committees.

·Joint consultative committees (JCCs), which are comprised of EESC members and civil society organisations of countries with which the EU has signed an association agreement or similar accord. Their task is to adopt recommendations put forth by civil society representatives on various aspects to do with bilateral relations. Consultative committees have a similar role, but concern a group of countries rather than one single country.

·Civil society platforms, which are similar to JCCs, but they also include other European civil society organisations in addition to the EESC. They stem from association agreements with Eastern Partners.

·Round tables with the Economic and Social Council of China and that of Brazil.

·Domestic advisory groups (DAGs), which are bodies set up under free trade agreements (FTAs) or free trade chapters within association agreements. They are tasked with advising the Commission’s DG Trade on trade and sustainable development chapters of FTAs.

_____________

(1)    Tuairim arna bunú ar mhír ó chlár oibre an Choimisiúin sula bhfoilseofar doiciméad an Choimisiúin, arna hiarraidh ag an gCoimisiún sa litir uaidh an 13 Bealtaine 2025.
(2)

   Litir mhisin ó Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, chuig Michael McGrath, an Coimisinéir ainmnithe um an Daonlathas, um an gCeartas agus um an Smacht Reachta, an 17 Meán Fómhair 2024, https://commission.europa.eu/document/download/907fd6b6-0474-47d7-99da-47007ca30d02_ga?filename=Mission%20letter%20-%20McGRATH.pdf .

(3)    Glao ar fhianaise dar teideal ‘Straitéis an Aontais maidir leis an tsochaí shibhialta’, ó thairseach ‘Cloisimis Uait’ an Choimisiúin Eorpaigh, a foilsíodh an 13 Meitheamh 2025.
(4)    CESE, Participatory Democracy – A success story written by the EESC, 2020, https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/qe-04-19-663-en-n.pdf .
(5)     IO C 282, 20.8.2019, lch. 39 .
(6)    Tuairim ó CESE, An t-idirphlé sibhialta agus an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas a neartú: conair chun tosaigh, IO C, C/2024/2481, 23.4.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/2481/oj .
(7)    An Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, Mapping civil dialogue in the EU institutions, 2025, staidéar a choimisiúnaigh CESE arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta.
(8)    Ní bheadh an t-idirphlé sóisialta earnála i gceist leis sin.
(9)    An Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa, Mapping civil dialogue in the EU institutions, 2025, staidéar a choimisiúnaigh CESE arna iarraidh sin do Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta.
(10)    Ní hionann sin agus an t-idirphlé sóisialta earnála.
(11)    Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Iarscríbhinn II.
(12)    Council of Europe’s Conference of INGOs: https://rm.coe.int/code-of-good-practice-civil-participation-revised-301019-en/168098b0e2 .