ECO/673
Breithnithe breise maidir le
beartas eacnamaíoch
an limistéir Euro 2025
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir Euro 2025
(tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéir: Juraj SIPKO
Comhairleoir
|
Petr ZAHRADNÍK (thar ceann an rapóirtéara)
|
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
27/3/2025
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
5/9/2025
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
34/0/1
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
D/M/YYYY
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
...
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tugann CESE dá aire gur chuir feidhmíocht eacnamaíoch an Aontais agus thíortha an limistéir euro isteach ar chumas an Aontais a sheasamh láidir sa gheilleagar domhanda a choinneáil, go háirithe le cúig bliana anuas agus go príomha i gcomparáid le geilleagair na Stát Aontaithe agus na Síne. Is ríléir an méid sin ón ráta fáis atá moillithe go mór agus ó ghnéithe cáilíochta eile lena ndeimhnítear go bhfuil seasamh an Aontais sa gheilleagar domhanda ag éirí níos laige de réir a chéile, go háirithe i gcomparáid leis na hiomaitheoirí is mó atá aige.
1.2De bhreis ar an ráta íseal fáis, cuireann CESE in iúl go raibh ar gheilleagar an Aontais agus geilleagar an limistéir euro dul i ngleic le boilsciú ard a raibh dlúthbhaint aige leis an athléimneacht struchtúrach neamhleor a bhí ann i leith na rioscaí slándála reatha. Is cóir a rá go bhfuil deireadh tagtha leis an tréimhse sin, tréimhse a raibh tionchar díobhálach ag suaití sistéamacha seachtracha ar an tsochaí lena linn, lena n-áirítear laghdú ar chaighdeáin mhaireachtála do dhaoine san Aontas agus sa limistéar euro, agus go bhfuil conair an bhoilscithe caighdeánaithe anois arís.
1.3Aithníonn CESE go bhfuil an dífhostaíocht thar a bheith íseal le déanaí, agus meastar go bhfillfidh an fás fíorphá ar leibhéil shásúla de réir a chéile. Aisteach go leor, bhí an ráta fostaíochta ar an leibhéal is airde tráth a raibh an fás eacnamaíoch ar an leibhéal is ísle riamh, rud arb é an táirgiúlacht réasúnta íseal i measc nithe eile ba chúis leis.
1.4Is díol sásaimh do CESE go bhfuil comhardú trádála dearfach bainte amach ag geilleagair an Aontais agus an limistéir euro ar an iomlán. Léiríonn an méid sin go bhfuil geilleagar an Aontais iomaíoch ina iomláine, go príomha in earnáil na n-earraí, agus go bhfuil buntáiste iomaíoch réasúnta láidir ag an Aontas go fóill. Sa chomhthéacs sin, molann CESE go láidir gach beart is gá a dhéanamh sa bheartas eacnamaíoch agus trádála d’fhonn an comhardú trádála dearfach sin agus an farasbarr sa chuntas reatha a choinneáil ar bun.
1.5Is maith is eol do CESE nach féidir ná nach furasta seasamh láidir a choinneáil sa trádáil idirnáisiúnta le linn cogadh trádála domhanda arna spreagadh ag rialtas na Stát Aontaithe. Sa staid dhomhanda eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta atá ann faoi láthair, níl feidhm a thuilleadh ag na rialacha idirnáisiúnta a tugadh isteach de réir a chéile le 80 bliain anuas. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar institiúidí inniúla an Aontais bearta práinneacha a dhéanamh chun aon lagú eile ar sheasamh an Aontais sa gheilleagar domhanda a chosc.
1.6Má táthar le borradh a chur faoi gheilleagair an Aontais agus an limistéir euro, cuireann CESE in iúl go mbeidh gá le bearta spriocdhírithe chun infheistíochtaí a mhéadú le tairbhí, táirgeacht agus torthaí iomchuí. Le déanaí, ghlac an Coimisiún Eorpach sraith doiciméad inar sainaithníodh tionscail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus lena sainítear seasamh na réigiún aonair ar an léarscáil eacnamaíoch dhomhanda. Dá bhrí sin, molann CESE díriú ar na tionscail sin agus na dálaí riaracháin agus airgeadais a chruthú le haghaidh infheistíocht láidir.
1.7Tacaíonn CESE leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar an Straitéis maidir le Margadh Aonair, straitéis lena ndírítear ar na dálaí cearta a chruthú don nuálaíocht. Fágann an méid sin go bhfuil sé tábhachtach na rialacha comhchoiteanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an Margadh Aonair a chuíchóiriú agus a shimpliú. Measann CESE go bhféadfaí maoiniú níos éifeachtaí a chur ar fáil a bhuí leis an aontas coigiltis agus infheistíochta agus le margadh caipitil atá níos mó agus níos comhtháite.
1.8D’fhonn seasamh an Aontais agus an limistéir euro sa gheilleagar domhanda a choinneáil ar bun agus a neartú, ní mór beartas spriocdhírithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm lena dtacófar le teacht isteach cuideachtaí rathúla uaillmhianacha sa mhargadh domhanda. Agus an méid sin á chur san áireamh, cuireann CESE in iúl nach mór raon feidhme leordhóthanach a áirithiú do dhaoine ardoilte in ionaid oibre theicneolaíocha agus nuálacha san Eoraip agus sa tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’ atá ar siúl faoi láthair.
1.9Tacaíonn CESE go láidir le foclaíocht shoiléir a úsáid sa reachtaíocht. Cuireann sé in iúl freisin go bhfuil cuid mhór rialacha fós ann atá imithe i léig, rud a fhágann go bhfuil an saol an-deacair do dhaoine agus d’fhiontraithe. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun nósanna imeachta a shimpliú. San am céanna, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nár cheart an bonn a bhaint de chaighdeáin cosanta sóisialta agus comhshaoil.
1.10Chun seasamh fabhrach marthanach a áirithiú don Aontas agus don limistéar euro sa gheilleagar domhanda, cuireann CESE in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach tacú leis na láidreachtaí agus deireadh a chur leis na laigí a mhéid a bhaineann le buntáistí iomaíocha. Thairis sin, ní mór do pé straitéis a bheidh ann amach anseo dul i ngleic leis an earnáil seirbhísí, earnáil lagfhorbartha ar gá tacú léi i gcomhréir leis an margadh aonair ionas go mbeidh sí iomaíoch ar fud an domhain. Ar an gcaoi chéanna, cuireann CESE i bhfios go láidir nach féidir earnáil seirbhísí níos comhtháite a thógáil ach amháin má laghdaítear an dumpáil shóisialta go suntasach agus má ráthaítear go mbeidh soghluaisteacht chothrom ann.
1.11Ar cheann de na príomhchúraimí atá ar thíortha an Aontais agus ar thíortha an limistéir euro sa mheántéarma tá inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí. Is rud é sin atá an-deacair a bhaint amach i bhfianaise fás íseal eacnamaíoch ar thaobh amháin agus caiteachas méadaitheach ar an gcosaint agus an tslándáil, ar an aistriú, ar chostais seirbhísithe fiachais agus ar chostais a bhaineann leis an daonra atá ag dul in aois, ar an taobh eile. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun spás fioscach a chruthú trí athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar rialacha fioscacha an Aontais agus trí acmhainneacht infheistíochta an Aontais a chur chun feidhme d’fhonn infheistíochtaí spreagtha fáis a mhaoiniú a bhfuil leas straitéiseach ag baint leo don Mhargadh Aonair. San am céanna, ní mór a áirithiú leis an gcreat fioscach go gcuirfear leis na maoláin fhioscacha tráth an téarnaimh eacnamaíoch.
1.12Tá dúshláin nua roimh gheilleagair an Aontais agus an limistéir euro, dúshláin a bhaineann le forbairtí gan choinne agus le hiarmhairtí na géarchéime trádála domhanda. Dá bhrí sin, molann CESE don Choimisiún Eorpach comhaontuithe trádála déthaobhacha a shíniú gan mhoill leis na tíortha uile a bhfuil an láimhdeachas trádála seachtraí is mó acu. De bhreis air sin, ní mór don Choimisiún leanúint de bheith ag obair chun an t-iltaobhachas a athnuachan agus athchóirithe práinneacha a thionscnamh san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). I bhfianaise dhothuarthacht na bhforbairtí reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo sa trádáil idirnáisiúnta, molann CESE go mbeadh an Coimisiún Eorpach níos réamhghníomhaí maidir le dul i ngleic le bearta caomhnaitheacha i gcomhar leis na tíortha ábhartha uile.
1.13Molann CESE go ndéanfadh an tAontas agus na rialtais náisiúnta gach beart institiúideach agus reachtach is gá chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair mar ábhar práinne. Dá réir sin, ní mór iarrachtaí a dhéanamh creat ilfheidhmeach a bhunú chun na bearnaí atá ann sa taighde agus san fhorbairt, san infheistíocht, sa táirgiúlacht agus san iomaíochas i gcomparáid le príomhiomaitheoirí an Aontais a dhúnadh. Tá CESE ag tathant ar na hinstitiúidí inniúla uile san Aontas agus sna Ballstáit cur chuige comhordaithe a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dó seasamh an Aontais agus an limistéir euro a atógáil sa gheilleagar domhanda.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Go dtí deireadh 2024, bhí geilleagair an Aontais réasúnta cobhsaí. D’ainneoin éiginnteacht shuntasach sa gheilleagar domhanda, tá laghdú tagtha ar an mboilsciú agus lean geilleagair de bheith ag fás, más go mall féin é.
2.2Bíodh is go raibh bliain réasúnta cobhsaí ann in 2024, bhí rioscaí móra ann d’fhorbairt eacnamaíoch thíortha an Aontais agus thíortha an limistéir euro nuair a thug rialtas na Stát Aontaithe bearta caomhnaitheacha isteach i mí Eanáir, mí Aibreáin agus mí Lúnasa 2025. Mar thoradh ar an méadú ar tharaifí, tá éiginnteacht mhór ghnó agus infheistíochta ann agus tá leibhéal ard éagobhsaíochta sna margaí airgeadais, caipitil agus tráchtearraí.
2.3D’ainneoin roinnt difríochtaí measartha mór sa ráta fáis eacnamaíoch i measc na mBallstát, ní raibh an fheidhmíocht eacnamaíoch fhoriomlán thar a bheith spreagúil. Eascraíonn an méid sin as bearna na táirgiúlachta a bheith ag dul i méid i gcomparáid le príomhiomaitheoirí an Aontais sa gheilleagar domhanda.
2.4Bhí an fás eacnamaíoch san Aontas agus i dtíortha an limistéir euro réasúnta íseal in 2024. Tháinig méadú 0.7 % ar OTI ar bhonn bliain ar bhliain sa limistéar euro, agus méadú 0.9 % a bhí ann san Aontas ina iomláine. Fás eacnamaíoch sách íseal a bhí ann agus lean sin ar aghaidh go dtí deireadh 2024, agus treocht anuas ann i gcónaí.
Fás OTI
|
2024
(%)
|
R4 2024 bliain ar bhliain
(%)
|
R4 2024
ó ráithe go ráithe
(%)
|
An tAontas Eorpach
|
0.9
|
1.1
|
0.2
|
An limistéar euro
|
0.7
|
0.9
|
0.1
|
2.5Faoi láthair, is rud é an tomhaltas teaghlaigh a d’fhéadfadh a bheith ina spreagadh don fhás eacnamaíoch. Mar sin féin, tá an méid sin bunaithe ar an toimhde nach ndéanfaidh na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcogadh trádála domhanda atá ar siúl dochar dó, rud a bhfuil tionchar dothuartha le bheith aige ar phraghas na n-earraí tomhaltais agus ar mhuinín na dtomhaltóirí araon. Ní mór an t-éileamh inmheánach a neartú sa Mhargadh Aonair chun go dtacófar leis an tomhaltas mar phríomhcholún den fhás eacnamaíoch. Ba cheart an méid sin a dhéanamh tríd an Treoir maidir le pá íosta a chur chun feidhme go héifeachtach, tríd an gcómhargáil a neartú agus trí bhorradh a chur faoin infheistíocht.
2.6Tá an infheistíocht sách íseal faoi láthair mar gheall ar éiginnteacht leanúnach maidir leis an aistriú chuig an ngeilleagar glas amach anseo, mar gheall ar an teannas geopholaitiúil atá ag dul in olcas agus mar gheall ar ilroinnt bhreise an gheilleagair dhomhanda. Tá tionchar ag creimeadh bhunphrionsabail an iltaobhachais ar an infheistíocht freisin, ar prionsabail iad a raibh dea-thionchar acu ar an ngeilleagar domhanda ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. I dteannta a chéile, bíonn tionchar láidir ag na treochtaí diúltacha sin ar fhorbairt an gheilleagair dhomhanda, agus ar fhorbairt an Aontais agus an limistéir euro.
2.7De dheasca chur chun feidhme leanúnach na mbeart caomhnaitheach agus éiginnteachtaí na margaí idirnáisiúnta airgeadais, caipitil agus tráchtearraí, tá méadú ag teacht ar na rioscaí a bhaineann le seasamh an Aontais agus thíortha an limistéir euro i ndáil leis an trádáil sheachtrach. Cé go bhfuil cuid mhaith éiginnteachta sa gheilleagar domhanda le cúig bliana anuas, tá comhardú trádála dearfach agus farasbarr sa chuntas reatha taifeadta ag an Aontas agus ag tíortha an limistéir euro, murab ionann agus na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe a bhfuil easnaimh fhadtéarmacha le sonrú iontu. D’fhéadfadh an comhardú dearfach trádála sin leis na Stáit Aontaithe a bheith ar cheann de na cúiseanna leis an gcur chuige atá á ghlacadh acu faoi láthair maidir leis an mbeartas trádála eachtraí i leith thíortha an Aontais. Dá bhrí sin, beidh ar an Aontas agus ar thíortha an limistéir euro a bheith ullamh d’aon fhorbairt dhothuartha sa gheilleagar domhanda.
2.8Tá treochtaí dearfacha i ngeilleagar an Aontais agus an limistéir euro le cúig bliana anuas, ina measc sin athléimneacht choibhneasta i leith boilsciú ard, bearta a tugadh isteach chun smacht fioscach a fheabhsú agus an cumas dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh.
2.9Tháinig laghdú ar an mboilsciú i dtíortha an limistéir euro in 2024. Mura mbeidh aon suaitheadh seachtrach dothuartha sa gheilleagar domhanda, tá coinne leis go gcuirfidh an Banc Ceannais Eorpach beartas airgeadaíochta forleathnaitheach chun feidhme de réir a chéile a luaithe a bheidh a sprioc bhoilscithe bainte amach aige i lár 2025.
2.10Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochtaí poiblí chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, agus chun táirgiúlacht, iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a mhéadú. I gcomhréir leis an méid sin, molann CESE athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán 2024/1263
chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí poiblí arb é is aidhm dóibh fás a spreagadh agus a chuidíonn le táirgiúlacht, iomaíochas agus athléimneacht gheilleagair an Aontais a mhéadú.
2.11 Is lú an spreagadh atá sna treochtaí airgeadais phoiblí ag an bpointe seo. Tá sé sin nasctha le carnadh ard leanúnach an fhiachais phoiblí, caiteachas méadaithe ar dhaonraí atá ag dul in aois agus ar an aistriú, chomh maith le caiteachas cosanta agus slándála. D’fhéadfadh easnamh agus fiachas poiblí níos airde a bheith mar thoradh air sin.
2.12I measc na dtreochtaí dearfacha atá san Aontas agus i dtíortha an limistéir euro tá ráta dífhostaíochta atá measartha íseal, cé nach ionann sin ó thír go tír. Ba cheart a chur in iúl ag an bpointe seo go bhfuil an ráta dífhostaíochta íseal cé go bhfuil an fás eacnamaíoch an-lag. Is éard is cúis leis sin struchtúr eacnamaíoch neamhfhabhrach agus go háirithe an táirgiúlacht íseal atá ann i gcónaí.
2.13I bhfianaise an teannais gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus na hilroinnte breise sa gheilleagar domhanda atá ann dá bharr, beidh gá le cineálacha nua cur chuige maidir le rialachas agus cur chun feidhme an bheartais eacnamaíoch. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, leanúint ar aghaidh le hathchóirithe struchtúracha comhordaithe atá dírithe ar an athléimneacht (athléimneacht airgeadais, theicneolaíoch, oibríochtúil agus samhlacha gnó) agus ar bhearta chun uathriail straitéiseach a neartú, agus bunluachanna uile an Aontais á n-urramú an tráth céanna, go háirithe i réimsí an gheilleagair, na trádála agus na hinfheistíochta.
2.14I bhfianaise na dtreochtaí geo-eacnamaíocha atá ann faoi láthair, beidh ar an Aontas agus ar thíortha an limistéir euro díriú ar fhorbairtí reatha agus gach beart is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun athruithe struchtúracha a dhéanamh chun infheistíocht a mhéadú agus chun borradh a chur faoin táirgiúlacht, faoin iomaíochas agus faoin athléimneacht fhoriomlán.
2.15Le fiche bliain anuas, tá an tAontas tar éis a sheasamh suntasach sa gheilleagar domhanda a chailleadh de réir a chéile, go háirithe i gcomparáid lena phríomhiomaitheoirí domhanda. Dá bhrí sin, tá géarghá le gach beart is gá a ghlacadh agus a dhéanamh chun infheistíocht a mhéadú mar phríomhthoisc chun táirgiúlacht a mhéadú agus cáilíocht an lucht saothair a fheabhsú, agus é sin a dhéanamh trí chaipiteal agus coigilteas a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtaí. Réiteach amháin a d’fhéadfadh a bheith ann is ea deireadh a chur le bacainní seanbhunaithe agus laigí struchtúracha gan mhoill.
3.Moltaí sonracha
3.1Is maith is eol do CESE go bhfuil tionchar mór ag an mórathrú paraidíme ar thimpeallacht eacnamaíoch an gheilleagair dhomhanda ar an staid eacnamaíoch atá ann faoi láthair san Aontas agus i dtíortha an limistéir euro. Is é an phríomhchúis atá leis sin an beartas taraifí agus trádála nach féidir a thuar, a mbaineann iarmhairtí díreacha agus indíreacha leis.
3.2Molann CESE don Choimisiún Eorpach staonadh ón gcogadh trádála a ghéarú. Ní mór don Aontas a shoiléiriú gur féidir leis beartas trádála láidir na Stát Aontaithe a sheasamh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Coimisinéirí féachaint ar na coinníollacha faoina ndéanann roinnt corparáidí de chuid an Lárionaid Trádála Idirnáisiúnta agus corparáidí ilnáisiúnta ardteicneolaíochta gnó san Aontas, lena n-áirítear conas a chomhlíonann siad a n-oibleagáidí cánach.
3.3Cuireann CESE in iúl go gcreideann sé gur cheart ról tábhachtach a bheith ag taidhleoireacht an Aontais anois ar an leibhéal idirnáisiúnta i bhfianaise na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun an bonn a bhaint den iltaobhachas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart dó tacú go láidir le leagan amach institiúideach iarchogaidh an chomhair a choinneáil ar bun atá bunaithe ar na nithe seo a leanas: cobhsaíocht airgeadaíochta idirnáisiúnta (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta); cúnamh airgeadais (an Banc Domhanda – an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha) agus; an próiseas chun bacainní ar an trádáil idirnáisiúnta a léirscaoileadh agus deireadh a chur leo (an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina dhiaidh sin). Tá teacht chun cinn agus rath na n-institiúidí airgeadais, airgeadaíochta agus trádála iltaobhacha sin le beagnach 80 bliain anuas ag teacht níos mó le luachanna an Aontais ná an chaomhnaitheacht leanúnach, an éiginnteacht eacnamaíoch agus cur chuige neamhréasúnach i leith an chórais iltaobhachais atá ann faoi láthair.
3.4Creideann CESE gur cheart don Aontas, sa timpeallacht éiginnte dhothuartha atá ann faoi láthair, iarracht a dhéanamh cur lena láidreachtaí a mhéid is féidir, agus aghaidh a thabhairt ar na laigí eacnamaíocha atá ann san am céanna. Sa chomhthéacs sin, tugann CESE dá aire go mbeadh an tAontas níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar na suaití gan choinne atá i ndán dó dá mbeadh geilleagar an Aontais níos iomaíche agus níos cobhsaí ó thaobh struchtúir de. Ba cheart é a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais faoi láthair beartas comhsheasmhach trádála a shaothrú chun nach mbeadh sé chomh leochaileach céanna i leith suaití seachtracha sistéamacha.
3.5Tugann CESE dá aire gur gá leas a bhaint as an mórbhuntáiste comparáideach a bhaineann le margadh aonair an Aontais. Is fiú a lua, mar sin féin, nár baineadh lán a acmhainneachta amach ó bunaíodh é in 1993. Ba cheart a chur in iúl freisin go bhfuil bacainní móra roimh roinnt earnálacha forásacha atá ag teacht chun cinn, go háirithe earnálacha na seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair leas a bhaint as a mbuntáistí comparáideacha chun leas an Aontais.
3.6Molann CESE na bearta sonracha is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun an Margadh Aonair a dhoimhniú i ngach earnáil agus i ngach réimse, lena n-áirítear seirbhísí. Mar sin féin, níor cheart do na bearta sin an bonn a bhaint de chaighdeáin cosanta sóisialta agus comhshaoil. Thairis sin, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh creat institiúideach agus reachtach a chur i bhfeidhm chun caipiteal a mhéadú agus é a leithdháileadh go héifeachtach.
3.7Molann CESE cistiú an Aontais a athchóiriú, agus aird chuí á tabhairt ar dhálaí mar a athraíonn siad. Aontaíonn sé, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hathbhreithniú meántéarma ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 de chuid an Aontais, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, chun a áirithiú nach gcaillfear luachanna ná cuspóirí an mhúnla shóisialta Eorpaigh leis an mbeartas sin, in ainneoin é a bheith dírithe den chuid is mó ar iomaíochas an Aontais a fheabhsú. Tacaíonn CESE le hacmhainneacht infheistíochta a fhothú in earnálacha straitéiseacha gheilleagar an Aontais agus le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt d’fhonn athléimneacht eacnamaíoch níos fearr a bhaint amach.
3.8Tacaíonn CESE freisin le príomhstraitéisí earnáilsonracha a tharraingt suas le haghaidh tionscail agus réimsí criticiúla a d’fhéadfadh buntáiste iomaíoch a thabhairt do gheilleagair an Aontais agus an limistéir euro amach anseo.
3.9Ina theannta sin, formhuiníonn CESE na cuspóirí a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais don Aontas agus tacaíonn sé leo, go háirithe an cuspóir maidir le hiomaíochas a athbhunú agus rathúnas inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú. Is creat straitéiseach é sin chun gníomhaíochtaí a chomhordú lena dtacófar le hiomaíochas an Aontais agus an limistéir euro trí bhearta práinneacha agus riachtanacha a ghlacadh.
3.10Measann CESE go bhfuil castacht urghnách riaracháin agus nós imeachta na timpeallachta gnó ar cheann de na príomhbhacainní a chuir bac le fada an lá ar fhás eacnamaíoch an Aontais agus an limistéir euro. Dá bhrí sin, molann sé go láidir deireadh a chur le bacainní riaracháin ar an ngnó ag tosú leis na deich mbacainn is mó dá bhfuil ann de réir na Teachtaireachta dar teideal An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte.
3.11Molann CESE iarrachtaí an Choimisiúin deireadh a chur le ceann de na bacainní is mó ar an iomaíocht le déanaí, is é sin praghsanna arda fuinnimh. Dá réir sin, is díol sásaimh dó gur foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, agus aontaíonn sé leis an ábhar agus leis na moltaí a leagtar amach ann chun teorainn a chur le héagobhsaíocht praghsanna (luaineacht) tráth éiginnteachta eacnamaíche. Sa chomhthéacs sin, molann sé go ndéanfaí bearta chun intuarthacht fhadtéarmach praghsanna fuinnimh a áirithiú.
3.12Molann CESE go ndéanfaí lamháltais astaíochtaí an Aontais agus CTA a athrú ó bhonn chun go mbeidís níos cobhsaí agus chun go gcuirfí dreasachtaí ar fáil aistriú glas inacmhainne a thacaíonn leis an iomaíochas a chur chun feidhme.
3.13Dar le CESE, tá sé ríthábhachtach béim láidir a leagan ar an ngeilleagar ciorclach a fhorbairt chun an t-iomaíochas a chur chun cinn san Aontas agus sa limistéar euro agus chun spriocanna an aistrithe ghlais a bhaint amach. Cuireann CESE i bhfios go bhfuil spleáchas measartha ard ann ar dhúile tearc-chré agus ar mhianraí criticiúla nach mór don Aontas a allmhairiú ón gcoigríoch, go háirithe ó gheilleagair mhargaidh atá ag teacht chun cinn le déanaí nó atá fós i mbéal forbartha. Cruthaíonn an geilleagar ciorclach na dálaí chun go mbeidh uathriail straitéiseach níos fearr ag an Aontas agus ag an limistéar euro, agus an tráth céanna cuidíonn sé lena áirithiú go bhfanfaidh sciar ard de thionscail déantúsaíochta nua-aimseartha laistigh de gheilleagar an Aontais.
4.Barúlacha sonracha
4.1Cuireann CESE in iúl go gcreideann sé gur cheart samhail chistiúcháin an Aontais tar éis 2027 a bheith bunaithe níos mó ar chineálacha nua-aimseartha maoinithe, agus leas á bhaint go príomha as ionstraimí airgeadais agus as a gcumas caipiteal príobháideach a thiomsú. An tráth céanna, beidh sé ríthábhachtach i gcónaí don fhás eacnamaíoch atá cuimsitheach agus inbhuanaithe go mbeidh leibhéal láidir infheistíochta poiblí ann, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun earraí poiblí agus bonneagar poiblí a mhaoiniú.
4.2Is mór ag CESE go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar fhadhb inréitithe an rómhaorlathais agus na castachta nós imeachta atá ann le fada, ar gealltanas é ar imir Mario Draghi agus Enrico Letta tionchar air lena dtuarascálacha cinniúnacha.
4.3Is maith a oireann an tsamhail thraidisiúnta maoinithe bainc do chuideachtaí seanbhunaithe a bhfuil dea-theist chruthaithe acu agus ar féidir leo comhthaobhacht a sholáthar. Mar sin féin, níl sé chomh hoiriúnach céanna do chuideachtaí nuálacha atá ag fás go tapa agus ar lú an méid comhthaobhachta atá acu. I roinnt mhaith cásanna, braitheann na cuideachtaí sin ar roghanna maoiniúcháin malartacha chun borradh a chur fúthu féin, go háirithe iad siúd atá dírithe ar ionstraimí cothromais. I gcás gnólachtaí nuathionscanta, is gné thábhachtach den mhaoiniú é an margadh caipitil fiontair.
4.4Aontaíonn CESE le cuid mhaith eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus le BCE go bhfuil gá le reachtaíocht láidir inbhuanaitheachta, lena n-áirítear critéir tuairiscithe inbhuanaitheachta, d’fhonn leithdháileadh caipitil ar an aistriú cóir a éascú. Cuireann an creat tuairiscithe inbhuanaitheachta scála tomhais luachmhar ar fáil chun bonn eolais a chur faoi infheistíochtaí a dhéanfar i dtionscail ísealcharbóin, i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, i maoiniú um aistriú agus i dtionscnaimh ghlana agus ghlasa eile. Ar an gcaoi sin, tacaíonn sé le hiomaíochas agus spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Le reachtaíocht dhea-cheaptha inbhuanaitheachta, is féidir an nuálaíocht a chur chun cinn agus tacú léi agus is féidir an t-iomaíochas a neartú.
4.5Aontaíonn CESE le roghnú na n-earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus atá ainmnithe sa Chompás Iomaíochais agus iarrann sé ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an timpeallacht nuálaíochta a athrú, go háirithe in earnálacha agus i réimsí atá ag fás go tapa, agus cistiú inrochtana solúbtha a áirithiú dóibh an tráth céanna.
4.6I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, aontaíonn CESE gurb é an próiseas leanúnach dícharbónaithe ar an láthair is bonn d’iomaíochas agus rathúnas gheilleagar an Aontais amach anseo. San am céanna, cuireann CESE in iúl nach leagtar amach sa doiciméad sin an chaoi ar féidir leis na tionscail thraidisiúnta atá ann faoi láthair aistriú i dtreo an dícharbónaithe agus na céimeanna is gá chuige sin. Molann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí é sin a leagan amach ar bhealach níos soiléire i bhfianaise na bhforbairtí a dhéanfar amach anseo sna hearnálacha sin agus sna gnólachtaí laistigh díobh.
4.7Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá creat institiúideach agus reachtach a chur i bhfeidhm le haghaidh fheidhmiú aonfhoirmeach éifeachtúil mhargadh caipitil an Aontais, d’fhonn coigilteas a chur i dtreo infheistíochtaí a bhfuil torthaí brabúsacha ag baint leo. Agus an méid sin á chur san áireamh, ba cheart don Aontas Coigiltis agus Infheistíochta nua táirgí infheistíochta nua a thabhairt isteach, coinníollacha a chur i bhfeidhm le haghaidh caipiteal fiontair agus sreabhadh rianúil infheistíochta a áirithiú ar fud an Aontais, i gcomhar le buiséad an Aontais a ndearnadh athchóiriú air le déanaí.
4.8Creideann CESE, mar is ceart, nach féidir táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú ar fud an Aontais gan tacú le huas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an leibhéal reatha cáilíochtaí ag teacht leis na héilimh atá ag dul i méid i margadh an tsaothair, is díol sásaimh do CESE gur cruthaíodh Aontas na Scileanna a bheidh dírithe ar an infheistíocht, ar an oideachas aosach agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.
4.9Tacaíonn CESE go láidir leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le bacainní sa mhargadh aonair, go háirithe na bacainní sin lena gcuirtear cosc ar thabhairt chun críche Aontas na Margaí Caipitil agus an Aontais Baincéireachta. Ba cheart straitéis thrasearnálach a ghlacadh chun feidhmiú foriomlán an mhargaidh aonair a fheabhsú ar fud na n-earnálacha agus na réimsí uile. Dá bhrí sin, ba cheart creat rialachais an mhargaidh aonair a nuachóiriú, agus an tráth céanna deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann laistigh den Aontas agus cosc a chur ar bhacainní nua teacht chun cinn.
4.10Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá na dálaí cearta a chruthú do shoghluaisteacht an lucht saothair, go háirithe i measc daoine éirimiúla ardoilte ón earnáil ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic). Bheadh sé úsáideach freisin córas praiticiúil a chur ar bun chun oideachas daoine a aithint ionas gur féidir leo oibriú áit ar bith san Aontas.
4.11Cuireann CESE i bhfios go bhfuil gá le comhordú frithpháirteach ar bheartais eacnamaíocha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Dá bhrí sin, tacaíonn sé leis an togra chun Uirlis um Chomhordú Iomaíochais a thabhairt isteach. Faoin togra sin, d’oibreodh na Ballstáit uile le chéile chun a áirithiú go mbainfí amach cuspóirí comhroinnte an Aontais, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Smaoineamh maith a bheadh ann freisin tionscadail trasteorann a bhfuil leas Eorpach ag baint leo a shainaithint agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a chur i gcrích.
4.12Cuireann CESE in iúl go gcreideann sé, faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, gur cheart Ciste Eorpach um Iomaíochas a chur in ionad ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu, rud a chuirfeadh tacaíocht airgeadais ar fáil chun bearta a dhéanamh faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais.
4.13Cuireann CESE i bhfios go láidir nár cheart na cistí comhtháthaithe a bheith thíos le cur chun feidhme an Chiste Iomaíochais. Ba cheart an sciar reatha de bhuiséad an Aontais atá curtha in áirithe don bheartas comhtháthaithe a mhéadú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, seachas é a laghdú, ós rud é go bhfuil cruthú air go bhfuil beartas comhtháthaithe an Aontais, agus go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa, ríthábhachtach chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, chun poist a chruthú agus chun samhail gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a threisiú.
4.14Tacaíonn CESE le bearta chun nuachóiriú a dhéanamh ar mhaoiniú an aistrithe ghlain lena gcuirtear an t-iomaíochas chun cinn, amhail an creat nua tacaíochta poiblí faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. D’fhéadfadh an méid sin a fhágáil gur féidir formheas na mbeart tacaíochta poiblí a chuíchóiriú agus a bhrostú chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid, an tionscal a dhícharbónú agus acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach a sholáthar le haghaidh teicneolaíochtaí glana, an Ciste don Nuálaíocht a neartú agus Banc um Dhícharbónú Tionsclaíoch a chur ar bun.
4.15Tacaíonn CESE le hiarrachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) uirlisí airgeadais nua a chruthú faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn sé freisin le sraith beart chun eangacha leictriúcháin a chruthú, chomh maith le clár píolótach comhpháirteach idir an Coimisiún agus BEI maidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta atá le cur ar fáil do FBManna agus do thionscail dianfhuinnimh.
4.16Cuireann CESE in iúl freisin a thábhachtaí atá an tsamhail a cruthaíodh le InvestEU agus is díol sásaimh dó an tSaoráid Ráthaíochta um Theicneolaíocht Ghlan faoi chlár Teicneolaíochta an Aontais. Molann sé freisin go gcoinneofaí an clár atá dírithe ar fheabhas a chur ar an ngné shóisialta (an ‘ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna’) arna chumhachtú ag InvestEU.
An Bhruiséil, 5 Meán Fómhair 2025.
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Ioannis VARDAKASTANIS
____________