GA

CCMI/240

Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla

TUAIRIM

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos creat chun infhaighteacht agus slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla a neartú mar aon le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht táirgí íocshláinte leasa choitinn, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/795

(COM(2025) 102 final)

Teagmháil

JacopoErnesto.Caja@eesc.europa.eu

Riarthóir

Jacopo Ernesto CAJA

Dáta an doiciméid

10/6/2025

Rapóirtéir: Veselin MITOV

Comhrapóirtéir: Elżbieta SZADZIŃSKA

Comhairleoir

Mihai IVAŞCU (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II)

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 12/3/2025

An rannóg atá freagrach

Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

4/6/2025

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

26/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.MOLTAÍ

Molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an méid seo a leanas:

1.1go ndéanfadh an tAontas méadú suntasach ar an gcistiú atá beartaithe chun an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla a chur chun feidhme d’fhonn tacú lena chuspóirí uaillmhianacha, rud a áiritheoidh nach gcuirfear acmhainní ar fáil le haghaidh iarrachtaí comhordúcháin amháin ach go n‑úsáidfear iad chun tacú go gníomhach le hathruithe táirgthe ar mhórscála freisin.

1.2go mbunódh an tAontas ciste Eorpach tiomnaithe le haghaidh ábhair thosaigh, Comhábhair Ghníomhacha Chógaisíochta (APInna) agus táirgí íocshláinte criticiúla, ciste a bhainisteoidh comhlacht lárnach de chuid an Aontais, le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit, ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón earnáil phríobháideach chun na difríochtaí costais idir táirgeadh cógaisíochta san Aontas agus san Áise a chúiteamh. Tá gá le hionstraim airgeadais thiomnaithe láidir chun tacú leis an méid seo a leanas:

·Infheistíochtaí i saoráidí táirgthe nua agus leathnaithe atá bunaithe san Aontas.

·Fóirdheontais nó dreasachtaí cánach chun costais rialála agus oibriúcháin níos airde a fhritháireamh.

·Taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí táirgthe cost-éifeachtúla agus inbhuanaithe.

Ba cheart an ciste sin a chur san áireamh sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus é a chomhordú le sásraí maoiniúcháin a bhaineann leis an gcosaint, dá dtagraítear i bpointe 1.13.

1.3go ndéanfaí sásraí cistiúcháin phoiblí a ailíniú go straitéiseach le BEI, le hinstitiúidí airgeadais iltaobhacha agus le bainc san earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú do thionscadail chógaisíochta ardriosca, rud a chothódh nuálaíocht agus a neartódh athléimneacht an tslabhra soláthair.

1.4go gcruthófaí bunachar sonraí uile-Aontais atá idir-inoibritheach go hiomlán le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla, lena gcomhtháthófaí bunachair sonraí náisiúnta agus bearta cibearshlándála feabhsaithe. Leis an gcóras sin, ba cheart radharc fíor-ama ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair a thabhairt, agus cosaint sonraí agus athléimneacht i gcoinne cibearbhagairtí á n‑áirithiú ag an am céanna.

1.5go nglacfaí agus go leithdháilfí cistiú suntasach chun córais rianaithe fíor-ama thiomnaithe agus sásraí luathrabhaidh a chur chun feidhme, agus leas á bhaint as anailísíocht olltiomsaithe sonraí, as an intleacht shaorga agus as teicneolaíocht bhlocshlabhra chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a fheabhsú, chun ganntanais a thuar agus chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna.

1.6go ndéanfaí measúnú tionchair cuimsitheach fianaisebhunaithe ar an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla, lena gcumhdófar an slabhra soláthair cógaisíochta ina iomláine ó chéim an táirgthe go rochtain na n‑othar ar na táirgí sin agus lena dtabharfaí aghaidh ar thionchar socheacnamaíoch na mbeart atá beartaithe. I bhfianaise phráinn na saincheiste, ní mór dul ar aghaidh leis an measúnú in éineacht leis an obair reachtach agus níor cheart don mheasúnú sin moill a chur ar ghlacadh an rialacháin atá beartaithe. Agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha an Ghnímh, tá na príomhfhorálacha riachtanach chun a n‑éifeachtacht a áirithiú agus chun coigeartuithe riachtanacha a threorú.

1.7go mbunódh an tAontas ionaid thiomnaithe inniúlachta agus go ndéanfadh sé infheistíocht i gcláir mhórscála uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin chun tacú le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint don digitiú agus don uathoibriú atá ag méadú san earnáil.

1.8go n‑áiritheofaí cistiú méadaithe don oideachas agus don ghairmoiliúint trí thacú le gairmscoileanna, le cláir phrintíseachta le hollscoileanna agus le tionscnaimh atá dírithe ar an tionscal, lena n‑áirítear scoláireachtaí le haghaidh staidéir iarchéime, gealltanais faoin gComhshocrú um Scileanna agus forbairt curaclam atá ailínithe le riachtanais na hearnála cógaisíochta amach anseo.

1.9go soláthródh an tArdán Eorpach um Fhaireachán ar Ghanntanais sonraí fíor-ama maidir le leibhéil stoic, stádas táirgí (táirgí íocshláinte neamhchríochnaithe/críochnaithe), infhaighteacht le haghaidh athdháileadh agus úsáid stoic.

1.10go gcruthófaí creat aontaithe de chuid an Aontais maidir le stoc-charnadh teagmhasach chun dáileadh comhordaithe agus cothrom na dtáirgí íocshláinte criticiúla ar fud na mBallstát a áirithiú, chun ualaí airgeadais nach bhfuil gá leo ar mhonaróirí a laghdú agus chun seasamh le prionsabal na dlúthpháirtíochta Eorpaí. Ina theannta sin, ba cheart sásraí a bhunú chun monaróirí a chúiteamh as na costais bhreise a bhaineann le stoc-charnadh agus chun córas uainíochta barrfheabhsaithe a áirithiú lena n‑íoslaghdófar cur amú, go háirithe i gcás táirgí íocshláinte a bhfuil seilfré ghearr acu.

1.11go dtabharfaí isteach sásra athbhreithnithe córasach chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus atá beartaithe, go háirithe rialacháin chomhshaoil, ar shlándáil an tsoláthair le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla.

1.12go n‑úsáidfí soláthar comhpháirteach go roghnaitheach agus go ndéanfaí na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis a mhaolú ag an am céanna, cuir i gcás brúnna praghsála agus teorainneacha margaidh. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena soláthrófaí treoirlínte soiléire maidir le critéir don soláthar agus sásraí tacaíochta a bhunú chun dea-chleachtais mhonaraíochta a chur chun cinn.

1.13go ndéanfaí anailís ar an togra chun an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla a chomhtháthú i gcreat straitéiseach agus slándála níos leithne an Aontais, agus aitheantas á thabhairt do shlabhraí soláthair cógaisíochta mar ábhar a bhaineann leis an tsláinte phoiblí agus leis an tslándáil eacnamaíoch agus mhíleata. Chun tacaíocht airgeadais leordhóthanach a áirithiú, d’fhéadfadh an tAontas sásraí cistiúcháin a bhaineann le cosaint a ghiaráil chun cur le hacmhainneacht na hEorpa táirgí íocshláinte criticiúla a tháirgeadh agus a sholáthar.

1.14go ndéanfaí eintitis atá freagrach as táirgeadh táirgí íocshláinte a chosaint ar shrianta ar sholáthar agus ídiú fuinnimh, gáis agus teasa chun monarú leanúnach a áirithiú. D’fhéadfadh ganntanais táirgí íocshláinte criticiúla agus rioscaí don tsláinte phoiblí a bheith ann dá gcuirfí isteach ar an soláthar fuinnimh.

1.15go ndéanfaí beart chun caighdeáin cháilíochta, sábháilteachta agus chomhshaoil le haghaidh táirgeadh cógaisíochta a chomhchuibhiú idir monaróirí an Aontais agus monaróirí i dtríú tíortha a onnmhairíonn táirgí íocshláinte chuig an Aontas. Chun iomaíocht chóir a áirithiú agus chun míbhuntáistí do tháirgeoirí Eorpacha a chosc, ba cheart bearta rialála ní ba láidre a áireamh sa Ghníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla lena gceanglófaí ar mhonaróirí tríú tír cloí le caighdeáin atá coibhéiseach leo siúd san Aontas maidir le gach táirge íocshláinte allmhairithe agus gach comhábhar gníomhach cógaisíochta allmhairithe.

1.16bearta ní ba láidre chun inacmhainneacht táirgí íocshláinte riachtanacha a ráthú, táirgí íocshláinte le haghaidh galair neamhchoitianta san áireamh, lena n‑áirithítear nach mbeidh ualaí airgeadais ar thomhaltóirí mar gheall ar ghanntanais. Ba cheart don Aontas sásraí a thabhairt isteach chun praghsáil táirgí íocshláinte a rialáil, trédhearcacht i leith costais chógaisíochta a fheabhsú agus boilsciú praghsanna de bharr suaitheadh soláthair a chosc.

1.17gur cheart don Aontas éiceachóras nuálaíochta ní ba chomhoibríche a chothú ina gcomhtháthaítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaithe domhainteicneolaíochta, in éineacht le cuideachtaí cógaisíochta seanbhunaithe chun athléimneacht agus iomaíochas an tionscail a neartú.

1.18go leathnófaí ról an Ghrúpa Comhordaithe um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla chun ionadaithe na sochaí sibhialta agus saineolaithe neamhspleácha a chur san áireamh.

2.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

Argóintí chun tacú le moltaí 1.1, 1.2 agus 1.3

2.1Leagtar béim sa togra le haghaidh rialacháin, mar is ceart, ar tháirgeadh táirgí íocshláinte a chur ar bun sa bhaile an athuair agus ar shlabhraí soláthair a dhaingniú laistigh den Aontas. Mar sin féin, ní leor an buiséad EUR 83 mhilliún atá beartaithe le haghaidh 2026-2027 chun athruithe substaintiúla ar mhonarú cógaisíochta nó ar shlándáil an tslabhra soláthair a spreagadh. Trí chur chuige réalaíoch dea-mhaoinithe a áirithiú, cuideofar le cosc a chur ar chásanna nach mbeidh torthaí inghníomhaithe ar an uaillmhian reachtach.

2.2Fágann costais táirgthe níos airde san Aontas – mar gheall ar rialacháin chomhshaoil níos déine, costais saothair níos airde agus infheistíocht in ardmhonaraíocht – go bhfuil táirgeoirí Eorpacha faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le moil mhonaraíochta ar chostas íseal san Áise. Ní hamháin gur earraí eacnamaíocha iad na táirgí íocshláinte ach is sócmhainn straitéiseach iad don tsláinte phoiblí. Ba cheart breathnú ar na costais bhreise a bhaineann le táirgeadh atá bunaithe san Aontas mar infheistíocht sa tslándáil, faoi mar a dhéantar i gcás bonneagar cosanta nó fuinnimh.

2.3Dá ndéanfaí cistí poiblí a ailíniú le maoiniú BEI, le Fís Eorpach agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), chruthófaí éiceachóras cuimsitheach airgeadais a bheadh in ann tacú leis an earnáil cógaisíochta. Thacódh cur chuige maoiniúcháin chumaiscthe, lena gcomhcheanglófaí deontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí, le hinfheistíocht fhadtéarmach sa nuálaíocht chógaisíochta agus sa bhonneagar cógaisíochta.

Argóintí chun tacú le moladh 1.4 agus moladh 1.5

2.4Faoi láthair, cuireann bunachair sonraí náisiúnta atá scoilte teorainn le cumas an Aontais ganntanais táirgí íocshláinte criticiúla a rianú agus a bhainistiú go héifeachtach. Dá mbeadh bunachar sonraí comhchuibhithe ag an Aontas, d’fhéadfaí faisnéis fíor-ama a chomhroinnt ar fud na mBallstát.

2.5Tá méadú ag teacht ar na rioscaí cibearshlándála sna slabhraí soláthair cógaisíochta. Le córas láraithe ag a bhfuil prótacail láidre chibearshlándála, cosnófar sonraí íogaire agus áiritheofar athléimneacht oibríochtúil i gcás cibirionsaithe.

Argóintí chun tacú le moladh 1.6

2.6Toisc nach ndearnadh measúnú tionchair críochnúil air, tá teorainn leis an tuiscint ar an gcaoi a ndéanfaidh an Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla difear do mhonarú, dáileadh, praghsáil agus rochtain ar tháirgí íocshláinte. Chuirfeadh measúnú mionsonraithe léargais shonraíbhunaithe ar fáil chun tacú le ceapadh beartas níos fearr agus chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an Gníomh na cuspóirí atá leis.

2.7Dá gcuirfí torthaí fianaisebhunaithe ar fáil, d’áiritheofaí cuntasacht agus thacófaí le hathbhreithnithe eolasacha ar an nGníomh de réir mar is gá, sin agus mhéadófaí ar mhuinín na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tionscal, gairmithe cúraim sláinte agus othair.

2.8Leis an intleacht shaorga agus anailísíocht mórshonraí, is féidir patrúin a shainaithint maidir le ganntanais táirgí íocshláinte agus suaitheadh sa slabhra soláthair, rud a fhágann gur féidir idirghabhálacha réamhghníomhacha a dhéanamh seachas bainistiú géarchéime frithghníomhach. Cinntíonn teicneolaíocht an bhlocshlabhra rianú slán agus trédhearcach na dtáirgí íocshláinte ó tháirgeadh go dáileadh.

2.9Le barrfheabhsú lóistíochta trí bhíthin rianú fíor-ama agus comhpháirtíochtaí comhoibríocha, laghdófar ar na neamhéifeachtúlachtaí, rud a chinnteoidh go seachadfar táirgí íocshláinte criticiúla go tráthúil.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.7 agus 1.8

2.10Is féidir le lárionaid inniúlachta feidhmiú mar mhoil don taighde, don nuálaíocht agus don oiliúint speisialaithe, lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do chuideachtaí cógaisíochta agus lena n‑áirithítear dea-chleachtais ar fud an tionscail.

2.11Ach creat struchtúrtha uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin a chur i bhfeidhm, áiritheofar go leanfaidh an lucht saothair de bheith iomaíoch agus inoiriúnaithe. Trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna oibrithe, cuirfear feabhas ar athléimneacht táirgeachta an Aontais, rud a chinnteoidh go mbeidh céimeanna méadaithe monaraíochta éifeachtúil agus go gcomhlíonfar dianchaighdeáin cháilíochta cógaisíochta. Ba cheart machnamh ní ba mhó a dhéanamh ar an gcaoi a dtacaíonn an rialachán le cruthú post agus le forbairt réigiúnach laistigh den Aontas.

2.12Trí chomhar a neartú idir an saol acadúil, soláthraithe gairmoiliúna agus an tionscal, áiritheofar go mbeidh cláir oideachais ag teacht le riachtanais an tionscail san fhíorshaol. Tá géarghá le cláir phrintíseachta in earnáil táirgthe táirgí íocshláinte an Aontais ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna criticiúla agus tacú leis an athléimneacht thionsclaíoch. Méadóidh scoláireachtaí agus cláir oiliúna inrochtaineacht do mhic léinn agus d’oibrithe, go háirithe iad siúd atá ar bheagán oiliúna, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair i gcás róil an-teicniúil in earnáil na cógaisíochta.

Argóintí chun tacú le moladh 1.9

2.13Chabhródh rianú mionsonraithe ar chéimeanna stoic (táirgí neamhchríochnaithe seachas táirgí críochnaithe) le monaróirí agus le lucht ceaptha beartas chun straitéisí táirgthe agus dáileacháin a bharrfheabhsú. Trí bharrachas táirgí íocshláinte a athdháileadh ar shlí chomhordaithe, chuirfí cosc ar chur amú neamhriachtanach agus d’áiritheofaí rochtain chothrom ar fud thíortha uile an Aontais, rud a chinnteodh nach mbeadh tionchar díréireach ag míchothromaíochtaí soláthair ar Bhallstáit bheaga nó ar Bhallstáit atá níos laige ó thaobh an gheilleagair de. Trí úsáid stoic agus a ndul in éag a rianú, chuideodh sin le cur amú táirgí íocshláinte a chosc, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát bainistiú fardail níos éifeachtaí a chur chun feidhme.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.10

2.14Chuirfeadh cur chuige láraithe de chuid an Aontais i leith stoic theagmhasacha feabhas ar chobhsaíocht an tslabhra soláthair agus chuirfeadh sé na beartais stoc-charntha ó chur isteach a dhéanamh ar chothromaíocht an mhargaidh. A bhuí le sásraí aisíocaíochta, cuir i gcás cúlchistí státbhunaithe nó cúiteamh díreach airgeadais, d’áiritheofaí nach gcuirfí ualach díréireach ar mhonaróirí.

2.15Ba cheart córas ‘is túisce isteach, is túisce amach’ (FIFO) a chur chun feidhme chun diúscairt neamhriachtanach táirgí íocshláinte a sheachaint, go háirithe i gcás drugaí a bhfuil seilfré theoranta acu. Le córas arna bhainistiú ag an Aontas, d’fhéadfaí athdháileadh straitéiseach a dhéanamh, rud a d’áiritheodh go sroichfeadh táirgí íocshláinte réigiúin a bhfuil géarghanntanas iontu, agus an cur amú foriomlán á laghdú ag an am céanna.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.11

2.16Forchuirtear bearta inbhuanaitheachta riachtanacha de thoradh bheartais chomhshaoil an Aontais ach d’fhéadfaidís ualach neamhbheartaithe a chur ar mhonaróirí cógaisíochta, rud a d’fhágfadh nach mbeadh an táirgeadh atá bunaithe san Aontas chomh hiomaíoch céanna. D’fhéadfadh rialacháin ní ba dhéine maidir le hastaíochtaí, cóireáil fuíolluisce nó srianta ar phríomhshubstaintí costais táirgthe a mhéadú nó iallach a chur ar chuideachtaí athlonnú lasmuigh den Aontas, rud a chuirfeadh leis an nganntanas táirgí íocshláinte.

2.17Le creat rialála dea-chothromaithe, cinnteofar go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch agus, ag an am céanna, cosnófar rochtain na n‑othar ar tháirgí íocshláinte criticiúla. Chabhródh cur chuige sonraíbhunaithe le beartais chomhshaoil a mhionchoigeartú chun infhaighteacht táirgí íocshláinte a chosaint, agus ardchaighdeáin inbhuanaitheachta á gcoinneáil ag an am céanna.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.12

2.18Dá mbeifí ró-spleách ar sholáthar comhpháirteach, d’fhéadfaí éagsúlacht an mhargaidh a laghdú trí ghnólachtaí cógaisíochta ní ba lú a dhíspreagadh ó bheith rannpháirteach, rud a chuireann teorainn sa deireadh leis an nuálaíocht agus leis an tsolúbthacht i réimse an tsoláthair.

2.19Dá mb’ann do ghníomh cur chun feidhme ina leagtar amach rialacha soláthair, d’áiritheofaí iomaíocht chóir, intuarthacht agus trédhearcacht ar fud na mBallstát uile.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.13

2.20Is léir ó phaindéim COVID-19 agus ón teannas geopholaitiúil go bhfuil rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus don chobhsaíocht náisiúnta ag baint le ganntanais táirgí íocshláinte. Ní leor na méideanna agus na foinsí cistiúcháin atá beartaithe chun tacú le cur ar bun sa bhaile an athuair ar mhórscála agus le héagsúlú an tslabhra soláthair.

2.21Bíonn tionchar díreach ar an tslándáil mhíleata ag táirgeadh táirgí íocshláinte gan bhriseadh a choinneáil ar bun. Trí shlándáil táirgí íocshláinte a nascadh le cistiú na cosanta, is féidir leis an Aontas dlús a chur le hinfheistíochtaí sa táirgeadh áitiúil, ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo a mhéadú agus rochtain chobhsaí ar tháirgí íocshláinte a áirithiú ar fud na mBallstát.

Argóintí chun tacú le moltaí 1.14

2.22I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach dar teideal Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte 1 , ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscail a mheastar a bheith criticiúil nó straitéiseach ó thaobh na sochaí de i gcás suaitheadh – go háirithe nuair a d’fhéadfadh suaitheadh den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar shlabhraí soláthair a mbeadh iarmhairtí acu don tsláinte, don tsábháilteacht, don chomhshaol, don tslándáil, don chosaint agus d’earnálacha ríthábhachtacha eile, cuir i gcás an bia agus na scaglanna. Thagair an Coimisiún Eorpach don earnáil cógaisíochta mar shampla de thionscal atá criticiúil don tsochaí.

Argóintí chun tacú le moladh1.15

2.23Is minic a oibríonn monaróirí tríú tír faoi cheanglais rialála nach bhfuil chomh dian céanna, rud a chuireann ar a gcumas táirgí íocshláinte a tháirgeadh ar bhealach níos saoire agus timpeallacht iomaíoch éagothrom a chruthú. Trí chaighdeáin táirgthe chomhionanna a fhorfheidhmiú maidir le táirgí íocshláinte allmhairithe, cosnófar monaróirí Eorpacha ar iomaíocht éagórach agus, ag an am céanna, coinneofar táirgí cógaisíochta ardcháilíochta ar bun i margadh an Aontais. Níor cheart bacainní trádála ná cur isteach neamhbheartaithe ar shlabhraí soláthair domhanda a bheith mar thoradh ar cheanglais i leith an táirgthe atá bunaithe san Aontas; ba cheart creat measúnaithe riosca a ionchorprú.

Argóintí chun tacú le moladh 1.16

2.24Léirigh suirbhé a rinne eagraíochtaí tomhaltóirí sa Bheilg, san Iodáil, sa Spáinn agus sa Phortaingéil le déanaí go raibh sé deacair ar 40 % de na freagróirí táirgí íocshláinte a fháil, agus gur minic a chaith siad dul i muinín ionadaithe ní ba chostasaí. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair, níl forálacha sonracha ann chun méaduithe iomarcacha féideartha ar phraghsanna do thomhaltóirí a chosc.

2.25Ba cheart don Aontas bearta a thabhairt isteach chun faireachán agus rialáil a dhéanamh ar phraghsáil táirgí íocshláinte criticiúla. Trí thrédhearcacht praghsála a neartú, méaduithe costais a rialáil agus ualaí airgeadais ar thomhaltóirí a chosc, cuideofar le córas cúraim sláinte níos cothroime agus níos athléimní a chruthú ar fud an Aontais.

Argóintí chun tacú le moladh 1.17

2.26Is féidir le héiceachóras cógaisíochta atá ag brath ar ghníomhaithe móra amháin éirí dolúbtha agus níos leochailí i leith suaití (e.g. scrogaill soláthair nó dúnadh táirgeachta). Tá ról ríthábhachtach ag na FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta i dtáirgeadh táirgí íocshláinte, sa nuálaíocht agus in éagsúlú an tslabhra soláthair. Tugann nuálaithe sa domhainteicneolaíocht réitigh ardacmhainneachta eolaíochtbhunaithe leo, réitigh nach mbeidh gnólachtaí bunaithe in ann a fhorbairt go hinmheánach i gcónaí. Trí na réitigh sin a chomhtháthú san éiceachóras nuálaíochta, cuirfear dlús le forbairt réiteach athléimneach ceannródaíoch sa slabhra soláthair.

Argóintí chun tacú le moladh 1.18

2.27Díríonn an togra reatha le haghaidh an Ghrúpa Comhordaithe um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla go príomha ar ghníomhaithe tionscail agus rialtais, rud a fhágann othair, gairmithe cúraim sláinte agus saineolaithe neamhspleácha gan ionadaíocht dhíreach acu.

2.28Dá gcuirfí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, grúpaí abhcóideachta othar agus taighdeoirí neamhspleácha san áireamh, mhéadófaí muinín an phobail as an bpróiseas cinnteoireachta, rud a d’áiritheodh go léireodh na beartais riachtanais na bpáirtithe leasmhara uile.

3.NA LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE AR AN TOGRA REACHTACH ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

Leasú 1

nasctha le moltaí 1.1, 1.2, 1.3 agus 1.13

Airteagal 16, mír 1, míreanna  2 agus 3 nua

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

1. Ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-202724, féadfar tacú le tionscadail straitéiseacha trí chistiú ón Aontas, lena n‑áirítear cláir de chuid an Aontais amhail an Clár EU4Health, Fís Eorpach, agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, ach gan bheith teoranta dóibh sin, ar choinníoll go bhfuil tacaíocht den chineál sin i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sna rialacháin lena mbunaítear na cláir sin.

1. Ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-202724, féadfar tacú le tionscadail straitéiseacha trí chistiú ón Aontas, lena n‑áirítear cláir de chuid an Aontais amhail an Clár EU4Health, Fís Eorpach, agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, ach gan bheith teoranta dóibh sin, ar choinníoll go bhfuil tacaíocht den chineál sin i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sna rialacháin lena mbunaítear na cláir sin. Oibreoidh an tAontas chun cur go mór leis an gcistiú i dtreo gur féidir tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun athruithe táirgeachta ar mhórscála a chumasú. 

2. Bunófar ciste Eorpach tiomnaithe le haghaidh ábhair thosaigh, comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus táirgí íocshláinte criticiúla faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile. Déanfaidh comhlacht lárnach de chuid an Aontais an ciste sin a bhainistiú, le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón earnáil phríobháideach.

 

3. Tionscadail straitéiseacha arb é is aidhm dóibh treisiú le hacmhainneacht na hEorpa táirgí íocshláinte criticiúla a tháirgeadh agus a sholáthar, féadfaidh siad tairbhiú freisin d’ionstraimí an Aontais is taca don uathriail straitéiseach agus don tslándáil. Chuige sin, scrúdóidh an Coimisiún a fhéideartha atá sé an Rialachán seo a chomhtháthú le creat leathan an Aontais maidir le huathriail straitéiseach agus slándáil. I gcás inarb iomchuí, féadfar leas a bhaint as sásraí cistiúcháin i réimse na cosanta, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun tacú le táirgeadh táirgí cógaisíochta ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí agus leis an tslándáil eacnamaíoch agus mhíleata.

Cúis

Trí chur chuige réalaíoch dea-mhaoinithe a áirithiú, cuideofar le cosc a chur ar chásanna nach mbeidh torthaí inghníomhaithe ar an uaillmhian reachtach. Dá ndéanfaí cistí poiblí a ailíniú le maoiniú BEI, le Fís Eorpach agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, chruthófaí éiceachóras cuimsitheach airgeadais a bheadh in ann tacú leis an earnáil cógaisíochta. Thacódh cur chuige maoiniúcháin chumaiscthe, lena gcomhcheanglófaí deontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí, le hinfheistíocht fhadtéarmach sa nuálaíocht chógaisíochta agus sa bhonneagar cógaisíochta. Trí shlándáil táirgí íocshláinte a nascadh le cistiú na cosanta, is féidir leis an Aontas dlús a chur le hinfheistíochtaí sa táirgeadh áitiúil, ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo a mhéadú agus rochtain chobhsaí ar tháirgí íocshláinte a áirithiú ar fud na mBallstát.

Leasú 2

nasctha le moltaí 1.4 agus 1.5

Airteagal 29, mír 2 agus mír 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

2. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag údaráis náisiúnta na mBallstát dúbláil na faisnéise a iarrtar agus a chuirtear isteach a sheachaint.

3. Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta na mBallstát measúnú ar fhiúntas na maíomh rúndachta cuí-réasúnaithe arna ndéanamh ag sealbhóirí údaruithe margaíochta agus oibreoirí eacnamaíocha eile a n‑iarrtar orthu faisnéis a sholáthar de réir mhír 1, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis atá rúnda ó thaobh tráchtála de a chosaint ar nochtadh gan údar.

2. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag údaráis náisiúnta na mBallstát dúbláil na faisnéise a iarrtar agus a chuirtear isteach a sheachaint. Ina theannta sin, áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis sin a chomhtháthú i mbunachar sonraí uile-Aontais atá idir-inoibritheach go hiomlán, lena n‑ionchorpraítear bunachair sonraí náisiúnta agus lena soláthraítear infheictheacht fíor-ama ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair trí bhíthin bonneagar digiteach slán athléimneach. 

3. Déanfaidh an Coimisiún agus údaráis náisiúnta na mBallstát measúnú ar fhiúntas na maíomh rúndachta cuí-réasúnaithe arna ndéanamh ag sealbhóirí údaruithe margaíochta agus oibreoirí eacnamaíocha eile a n‑iarrtar orthu faisnéis a sholáthar de réir mhír 1, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis atá rúnda ó thaobh tráchtála de a chosaint ar nochtadh gan údar. Áiritheoidh siad freisin go n‑áireofar bearta cibearshlándála iomchuí sna córais dhigiteacha a úsáidtear chun sonraí a bhailiú agus a anailísiú.

Cúis

Dá mbeadh bunachar sonraí comhchuibhithe ag an Aontas, d’fhéadfaí faisnéis fíor-ama a chomhroinnt ar fud na mBallstát. Le córas láraithe ag a bhfuil prótacail láidre chibearshlándála, cosnófar sonraí íogaire agus áiritheofar athléimneacht oibríochtúil i gcás cibirionsaithe.

Leasú 3

nasctha le moladh 1.6

Airteagal 30, teideal, mír 1 nua

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Evaluation

Impact assessment and evaluation

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthráth leis an bpróiseas reachtach, measúnú tionchair cuimsitheach fianaise-bhunaithe ar an rialachán seo. Ní chuirfidh an measúnú sin moill ar ghlacadh ná ar chur chun feidhme an rialacháin agus cumhdófar leis tionchair shocheacnamaíocha ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha na mbeart atá beartaithe agus aird ar leith á tabhairt ar athléimneacht, inbhuanaitheacht agus inrochtaineacht an tslabhra soláthair cógaisíochta.

Cúis

Chuirfeadh measúnú mionsonraithe léargais shonraíbhunaithe ar fáil chun tacú le ceapadh beartas níos fearr agus chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an Gníomh na cuspóirí atá leis. Dá gcuirfí torthaí fianaisebhunaithe ar fáil, d’áiritheofaí cuntasacht, thacófaí le hathbhreithnithe eolasacha ar an nGníomh de réir mar is gá, sin agus mhéadófaí ar mhuinín na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tionscal, gairmithe cúraim sláinte agus othair.

Leasú 4

nasctha le moltaí 1.7 agus 1.8

Aithris 4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

(4) Tá baint ag dúshláin thionsclaíocha agus easpa infheistíochtaí in acmhainneachtaí monaraíochta san Aontas leis an spleáchas méadaithe ar sholáthróirí tríú tíortha, i gcás amhábhair chógaisíochta agus substaintí gníomhacha, go háirithe. Acmhainneachtaí monaraíochta nua a bhunú nó acmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana san Aontas a nuachóiriú le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla, a bpríomhábhar ionchuir agus a substaintí gníomhacha, ar minic a bhíonn siad ar an margadh le fada agus a mheastar a bheith réasúnta neamhchostasach, ní mheastar gur rogha tarraingteach go leor é sin le haghaidh infheistíocht phríobháideach, i bhfianaise costais fuinnimh níos ísle, ceanglais chomhshaoil níos lú agus ceanglais dhlíthiúla níos lú in áiteanna eile ar domhan. Cuireann ganntanais lucht saothair agus an gá atá le scileanna speisialaithe i monaraíocht chógaisíochta a thuilleadh leis na dúshláin thionsclaíocha atá roimh an monaraíocht san Aontas. Dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe, próisis riaracháin shimplithe agus comhordú níos fearr ar leibhéal an Aontais, is féidir leis na nithe sin rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí chun acmhainneachtaí monaraíochta san Aontas agus na slabhraí soláthair le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla a neartú.

(4) Tá baint ag dúshláin thionsclaíocha agus easpa infheistíochtaí in acmhainneachtaí monaraíochta san Aontas leis an spleáchas méadaithe ar sholáthróirí tríú tíortha, i gcás amhábhair chógaisíochta agus substaintí gníomhacha, go háirithe. Acmhainneachtaí monaraíochta nua a bhunú nó acmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana san Aontas a nuachóiriú le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla, a bpríomhábhar ionchuir agus a substaintí gníomhacha, ar minic a bhíonn siad ar an margadh le fada agus a mheastar a bheith réasúnta neamhchostasach, ní mheastar gur rogha tarraingteach go leor é sin le haghaidh infheistíocht phríobháideach, i bhfianaise costais fuinnimh níos ísle, ceanglais chomhshaoil níos lú agus ceanglais dhlíthiúla níos lú in áiteanna eile ar domhan. Cuireann ganntanais lucht saothair agus an gá atá le scileanna speisialaithe i monaraíocht chógaisíochta a thuilleadh leis na dúshláin thionsclaíocha atá roimh an monaraíocht san Aontas. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach lárionaid thiomnaithe inniúlachta agus cláir mhórscála uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin a bhunú chun cabhrú le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint don digitiú agus don uathoibriú atá ag méadú san earnáil. Déanfar gníomhaíocht chun cistiú méadaithe don oideachas agus don ghairmoiliúint a chur chun cinn, ina measc tacaíocht do ghairmscoileanna, cláir phrintíseachta, ollscoileanna, tionscnaimh faoi stiúir an tionscail, scoláireachtaí le haghaidh staidéir iarchéime, gealltanais faoin gComhshocrú um Scileanna agus forbairt curaclam atá ailínithe le riachtanais na hearnála cógaisíochta amach anseo. Dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe, próisis riaracháin shimplithe agus comhordú níos fearr ar leibhéal an Aontais, is féidir leis na nithe sin rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí chun acmhainneachtaí monaraíochta san Aontas agus na slabhraí soláthair le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla a neartú.

Cúis

Is féidir le lárionaid inniúlachta feidhmiú mar mhoil don taighde, don nuálaíocht agus don oiliúint speisialaithe trí thacaíocht dhíreach a chur ar fáil do chuideachtaí cógaisíochta agus trí dhea-chleachtais a áirithiú ar fud an tionscail. Ach creat struchtúrtha uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin a chur i bhfeidhm, áiritheofar go leanfaidh an lucht saothair de bheith iomaíoch agus inoiriúnaithe. Ba cheart machnamh ní ba mhó a dhéanamh ar an gcaoi a dtacaíonn an rialachán le cruthú post agus le forbairt réigiúnach laistigh den Aontas. Trí chomhar a neartú idir an saol acadúil, soláthraithe gairmoiliúna agus an tionscal, áiritheofar go mbeidh cláir oideachais ailínithe le riachtanais an tionscail san fhíorshaol. Méadóidh scoláireachtaí agus cláir oiliúna inrochtaineacht do mhic léinn agus d’oibrithe, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair i gcás róil an‑teicniúil in earnáil na cógaisíochta.

Leasú 5

nasctha le moladh 1.9

Comhthéacs an togra, Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Cuireann an Rialachán atá beartaithe le sainordú leathnaithe EMA freisin. I ndáil leis sin, bhí seoladh an Ardáin Eorpaigh um Fhaireachán ar Ghanntanais ina phríomhcheanglas den sainordú leathnaithe sin chun an faireachán ar ghanntanais ar fud an Aontais a fheabhsú. Leis an ardán sin beidh sealbhóirí údaraithe margaíochta agus údaráis inniúla náisiúnta araon in ann sonraí a chur isteach maidir le soláthar, éileamh agus infhaighteacht táirgí íocshláinte a údaraítear ar bhonn lárnach agus náisiúnta le linn géarchéimeanna agus i gcás ullmhachta. Déanfar an t‑ardán a leathnú a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais.

Cuireann an Rialachán atá beartaithe le sainordú leathnaithe EMA freisin. I ndáil leis sin, bhí seoladh an Ardáin Eorpaigh um Fhaireachán ar Ghanntanais ina phríomhcheanglas den sainordú leathnaithe sin chun an faireachán ar ghanntanais ar fud an Aontais a fheabhsú. Leis an ardán sin beidh sealbhóirí údaraithe margaíochta agus údaráis inniúla náisiúnta araon in ann sonraí a chur isteach maidir le soláthar, éileamh agus infhaighteacht táirgí íocshláinte a údaraítear ar bhonn lárnach agus náisiúnta le linn géarchéimeanna agus i gcás ullmhachta. Déanfar an t‑ardán a leathnú a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais, lena n‑áirítear d’fhonn sonraí fíor-ama a sholáthar maidir le leibhéil stoic, stádas táirge (táirgí íocshláinte neamhchríochnaithe/chríochnaithe), infhaighteacht le haghaidh athdháileadh agus úsáid stoic.

Cúis

Chabhródh rianú mionsonraithe ar chéimeanna stoic (táirgí neamhchríochnaithe seachas táirgí críochnaithe) le monaróirí agus le lucht ceaptha beartas chun straitéisí táirgthe agus dáileacháin a bharrfheabhsú. Trí bharrachas táirgí íocshláinte a athdháileadh ar shlí chomhordaithe, chuirfí cosc ar chur amú neamhriachtanach agus d’áiritheofaí rochtain chothrom ar fud thíortha uile an Aontais, rud a chinnteodh nach mbeadh tionchar díréireach ag míchothromaíochtaí soláthair ar Bhallstáit bheaga nó ar Bhallstáit atá níos laige ó thaobh an gheilleagair de. Trí úsáid stoic agus a ndul in éag a rianú, chuideodh sin le cur amú táirgí íocshláinte a chosc, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát bainistiú fardail níos éifeachtaí a chur chun feidhme.

Leasú 6

nasctha le moladh 1.10

Airteagal 20

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Nuair a chuirfear bearta maidir le slándáil an tsoláthair i bhfeidhm i mBallstát amháin, ní bheidh aon tionchar diúltach aige sin i mBallstáit eile dá thoradh sin. Go háirithe, seachnóidh na Ballstáit tionchar den sórt sin agus raon feidhme agus uainiú aon chineáil ceanglas ar chuideachtaí cúlstoic theagmhasachta a bheith ina seilbh acu á moladh agus á sainiú acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon cheanglas a fhorchuirfidh siad ar chuideachtaí sa slabhra soláthair cúlstoic theagmhasachta a bheith ina seilbh acu comhréireach agus go n‑urramóidh siad prionsabail na trédhearcachta agus na dlúthpháirtíochta.

Nuair a chuirfear bearta maidir le slándáil an tsoláthair i bhfeidhm i mBallstát amháin, ní bheidh aon tionchar diúltach aige sin i mBallstáit eile dá thoradh sin. Chuige sin, bunófar creat aontaithe de chuid an Aontais le haghaidh stoc-charnadh teagmhasach chun dáileadh comhordaithe cothrom na dtáirgí íocshláinte criticiúil a áirithiú ar fud na mBallstát. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit ailíniú leis an gcreat seo agus raon feidhme agus uainiú aon chineáil ceanglas ar chuideachtaí cúlstoic theagmhasachta a bheith ina seilbh acu á moladh agus á sainiú acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon cheanglas a fhorchuirfidh siad ar chuideachtaí sa slabhra soláthair cúlstoic theagmhasachta a bheith ina seilbh acu comhréireach agus go n‑urramóidh siad prionsabail na trédhearcachta agus na dlúthpháirtíochta. Bunófar sásraí freisin chun monaróirí a chúiteamh as na costais bhreise a thabhaítear, agus chun córas barrfheabhsaithe uainíochta stoic a áirithiú lena gcoiscfear cur amú, go háirithe i gcás táirgí íocshláinte a bhfuil seilfré ghearr acu.

Cúis

Chuirfeadh cur chuige láraithe de chuid an Aontais i leith stoic theagmhasacha feabhas ar chobhsaíocht an tslabhra soláthair agus chuirfeadh sé na beartais stoc-charntha ó chur isteach a dhéanamh ar chothromaíocht an mhargaidh. A bhuí le sásraí aisíocaíochta, cuir i gcás cúlchistí státbhunaithe nó cúiteamh díreach airgeadais, d’áiritheofaí nach gcuirfí ualach díréireach ar mhonaróirí. Ba cheart córas ‘is túisce isteach, is túisce amach’ a chur chun feidhme chun diúscairt neamhriachtanach táirgí íocshláinte a sheachaint, go háirithe i gcás drugaí a bhfuil seilfré theoranta acu. Le córas arna bhainistiú ag an Aontas, d’fhéadfaí athdháileadh straitéiseach a dhéanamh, rud a chinnteodh go sroichfeadh táirgí íocshláinte réigiúin a bhfuil géarghanntanas iontu, agus cur amú foriomlán á laghdú ag an am céanna.

Leasú 7

nasctha le moladh 1.12

Airteagal 19, mír 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

1. Nuair a bheidh 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo bainte amach, bunóidh gach Ballstát clár náisiúnta lena dtacófar le slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla, lena n‑áirítear i nósanna imeachta soláthair phoiblí. Le cláir den sórt sin, cuirfear chun cinn úsáid chomhsheasmhach na gceanglas soláthair ag údaráis chonarthacha laistigh de Bhallstát ar leith chomh maith le cineálacha cur chuige lena mbaineann níos mó ná buaiteoir amháin, i gcás ina mbeidh siad tairbhiúil i bhfianaise na hanailíse margaidh. I gcláir den sórt sin freisin féadfaidh bearta maidir le praghsáil agus aisíocaíocht a thacaíonn le slándáil an tsoláthair táirgí íocshláinte criticiúla sin nach gceannaítear trí nósanna imeachta soláthair phoiblí a bheith iontu.

1. Nuair a bheidh 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo bainte amach, bunóidh gach Ballstát clár náisiúnta lena dtacófar le slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla, lena n‑áirítear i nósanna imeachta soláthair phoiblí, bunaithe ar ghníomh cur chun feidhme arna eisiúint ag an gCoimisiún, lena soláthrófar treoirlínte soiléire maidir le critéir soláthair. Le cláir den sórt sin, cuirfear chun cinn úsáid chomhsheasmhach na gceanglas soláthair ag údaráis chonarthacha laistigh de Bhallstát ar leith chomh maith le cineálacha cur chuige lena mbaineann níos mó ná buaiteoir amháin, i gcás ina mbeidh siad tairbhiúil i bhfianaise na hanailíse margaidh. I gcláir den sórt sin freisin féadfaidh bearta maidir le praghsáil agus aisíocaíocht a thacaíonn le slándáil an tsoláthair táirgí íocshláinte criticiúla sin nach gceannaítear trí nósanna imeachta soláthair phoiblí a bheith iontu.

Cúis

Dá mb’ann do ghníomh cur chun feidhme ina leagtar amach rialacha soláthair, d’áiritheofaí iomaíocht chóir, intuarthacht agus trédhearcacht ar fud na mBallstát uile.

Leasú 8

nasctha le moladh 1.14

Airteagal 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Measfar go gcuireann tionscadail straitéiseacha le slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail iad.

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú go ndéanfar na próisis ábhartha deonaithe ceadanna a bhaineann le tionscadail straitéiseacha a chur i gcrích ar an mbealach is tapúla is féidir, chun aon chineál nós imeachta bhrostaithe atá ann i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme a chur ar fáil go háirithe.

Measfar go gcuireann tionscadail straitéiseacha le slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail iad.

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú go ndéanfar na próisis ábhartha deonaithe ceadanna a bhaineann le tionscadail straitéiseacha a chur i gcrích ar an mbealach is tapúla is féidir, chun aon chineál nós imeachta bhrostaithe atá ann i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme a chur ar fáil go háirithe.

Déanfaidh na Ballstáit gach tacaíocht riaracháin agus theicniúil is gá a sholáthar do thionscadail straitéiseacha atá lonnaithe laistigh dá dteorainneacha chun bristeacha neamhphleanáilte sa soláthar fuinnimh, gáis agus teasa a mhaolú, ar bristeacha iad is gá chun acmhainneacht mhonaraíochta a chruthú nó a mhéadú.

Cúis

Creideann CESE, mar chuid den stádas tosaíochta a thugtar do thionscadail straitéiseacha faoi Airteagal 7, nach mór tacaíocht riaracháin iomchuí a chur ar fáil, lena n‑áirítear nósanna imeachta meara agus cúnamh chun na húdaruithe is gá a fháil, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin. Thairis sin, ní mór tionscadail straitéiseacha a chosaint ar shrianta ar rochtain ar fhuinneamh, ar ghás nó ar theas. Gan oibleagáid cheangailteach a chur ar na Ballstáit na bearta sin a chur chun feidhme, ní bheifear in ann an cuspóir maidir le slándáil soláthair táirgí íocshláinte criticiúla a áirithiú laistigh den Aontas a bhaint amach.

Leasú 9

nasctha le moladh 1.15

Airteagal 27

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Gan dochar do shainphribhléidí na Comhairle, féachfaidh an Coimisiún ar na féidearthachtaí maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thabhairt i gcrích a bhfuil sé d’aidhm acu foinsiú táirgí íocshláinte criticiúla, a substaintí gníomhacha agus a bpríomhábhar ionchuir a éagsúlú chun slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a mhéadú. Fiosróidh an Coimisiún freisin an bhféadfaí cur leis na cineálacha comhair atá ann cheana, nuair is féidir, chun tacú le slándáil an tsoláthair agus chun iarrachtaí a threisiú chun táirgeadh táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú.

Gan dochar do shainphribhléidí na Comhairle, féachfaidh an Coimisiún ar na féidearthachtaí maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thabhairt i gcrích a bhfuil sé d’aidhm acu foinsiú táirgí íocshláinte criticiúla, a substaintí gníomhacha agus a bpríomhábhar ionchuir a éagsúlú chun slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a mhéadú. Fiosróidh an Coimisiún freisin an bhféadfaí cur leis na cineálacha comhair atá ann cheana, nuair is féidir, chun tacú le slándáil an tsoláthair agus chun iarrachtaí a threisiú chun táirgeadh táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú.

Chun iomaíocht chóir a áirithiú agus míbhuntáistí do tháirgeoirí AE a sheachaint, déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí straitéiseacha, comhchuibhiú caighdeán cáilíochta, sábháilteachta agus comhshaoil do tháirgeadh cógaisíochta idir an tAontas agus tríú tíortha a chur chun cinn. Áireofar sna comhpháirtíochtaí sin bearta rialála níos láidre lena gceanglófar ar mhonaróirí tríú tír a onnmhairíonn chuig an Aontas caighdeáin a chomhlíonadh atá coibhéiseach leis na caighdeáin is infheidhme san Aontas maidir le táirgí íocshláinte allmhairithe agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta.

Cúis

Trí chaighdeáin táirgthe chomhionanna a fhorfheidhmiú, cosnófar monaróirí Eorpacha ar iomaíocht éagórach, agus ag an am céanna coinneofar táirgí cógaisíochta ardcháilíochta ar bun i margadh an Aontais.

Leasú 10

nasctha le moladh 1.16

Airteagal 4, mír 1 agus mír 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

1. Is cuspóir straitéiseach de chuid an Aontais é slándáil an tsoláthair agus infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte criticiúla d’othair.

2. Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún le chéile chun slándáil an tsoláthair agus infhaighteacht leanúnach táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú trí bhearta lena mbaintear an leas is mó is féidir as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh.

3. Tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí comhordaithe na mBallstát.

1. Is cuspóir straitéiseach de chuid an Aontais é slándáil an tsoláthair, inacmhainneacht agus infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte criticiúla d’othair.

2. Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún le chéile chun slándáil an tsoláthair agus infhaighteacht leanúnach táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú trí bhearta lena mbaintear an leas is mó is féidir as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh.

3. Tacóidh an Coimisiún le hiarrachtaí comhordaithe na mBallstát, lena n‑áirítear trí bhíthin tionscnaimh a chuireann leis an trédhearcacht praghsála agus a chuireann chun cinn rochtain chothrom inacmhainne ar tháirgí íocshláinte criticiúla.

Cúis

Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair, níl forálacha sonracha ann chun méaduithe iomarcacha féideartha ar phraghsanna do thomhaltóirí a chosc. Trí thrédhearcacht praghsála a neartú, méaduithe costais a rialáil agus ualaí airgeadais ar thomhaltóirí a chosc, cuideofar le córas cúraim sláinte níos cothroime agus níos athléimní a chruthú ar fud an Aontais.

Leasú 11

nasctha le moladh 1.17

Airteagal 27

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Gan dochar do shainphribhléidí na Comhairle, féachfaidh an Coimisiún ar na féidearthachtaí maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thabhairt i gcrích a bhfuil sé d’aidhm acu foinsiú táirgí íocshláinte criticiúla, a substaintí gníomhacha agus a bpríomhábhar ionchuir a éagsúlú chun slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a mhéadú. Fiosróidh an Coimisiún freisin an bhféadfaí cur leis na cineálacha comhair atá ann cheana, nuair is féidir, chun tacú le slándáil an tsoláthair agus chun iarrachtaí a threisiú chun táirgeadh táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú.

Gan dochar do shainphribhléidí na Comhairle, féachfaidh an Coimisiún ar na féidearthachtaí maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thabhairt i gcrích a bhfuil sé d’aidhm acu foinsiú táirgí íocshláinte criticiúla, a substaintí gníomhacha agus a bpríomhábhar ionchuir a éagsúlú chun slándáil sholáthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a mhéadú. Fiosróidh an Coimisiún freisin an bhféadfaí cur leis na cineálacha comhair atá ann cheana, nuair is féidir, chun tacú le slándáil an tsoláthair agus chun iarrachtaí a threisiú chun táirgeadh táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a neartú. Mar chuid de na comhpháirtíochtaí sin, déanfaidh an Coimisiún éiceachóras nuálaíochta comhoibríoch a chur chun cinn ina gcomhtháthófar fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaithe domhainteicneolaíochta in éineacht le cuideachtaí cógaisíochta seanbhunaithe chun athléimneacht a fheabhsú, dul chun cinn teicneolaíoch a chothú agus borradh a chur faoi iomaíochas earnáil cógaisíochta an Aontais.

Cúis

Is féidir le héiceachóras cógaisíochta atá ag brath ar ghníomhaithe móra amháin éirí dolúbtha agus níos leochailí i leith suaití (e.g. scrogaill soláthair nó dúnadh táirgeachta). Tá ról ríthábhachtach ag na FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta i dtáirgeadh táirgí íocshláinte, sa nuálaíocht agus in éagsúlú an tslabhra soláthair. Tugann nuálaithe sa domhainteicneolaíocht réitigh ardacmhainneachta eolaíochtbhunaithe leo, réitigh nach mbeidh gnólachtaí bunaithe in ann a fhorbairt go hinmheánach i gcónaí. Trí na réitigh sin a chomhtháthú san éiceachóras nuálaíochta, cuirfear dlús le forbairt réiteach athléimneach ceannródaíoch sa slabhra soláthair. Le cur chuige comhoibríoch, is féidir acmhainní comhroinnte, deiseanna comhfhorbartha agus nuálaíocht oscailte a chinntiú, rud a laghdaíonn dúbláil iarrachtaí agus a chothaíonn T&F atá níos inbhuanaithe agus níos costéifeachtúla.

Leasú 12

nasctha le moladh 1.18

Airteagal 25, mír 3 nua

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

3. Áireofar sa Ghrúpa Táirgí Íocshláinte Criticiúla freisin ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus saineolaithe neamhspleácha a bhfuil taithí ábhartha acu ar an tsláinte phoiblí, ar abhcóideacht othar agus ar shlabhraí soláthair cógaisíochta. Beidh siad rannpháirteach i gcáil chomhairleach nó in aon chomhairliúcháin a reáchtálfar.

Cúis

Díríonn an togra reatha le haghaidh an Ghrúpa Comhordaithe um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla go príomha ar ghníomhaithe tionscail agus rialtais, rud a fhágann othair, gairmithe cúraim sláinte agus saineolaithe neamhspleácha gan ionadaíocht dhíreach acu. Dá gcuirfí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, grúpaí abhcóideachta othar agus taighdeoirí neamhspleácha san áireamh, mhéadófaí muinín an phobail as an bpróiseas cinnteoireachta, rud a d’áiritheodh go léireodh na beartais riachtanais na bpáirtithe leasmhara uile.

An Bhruiséil, 5 Meitheamh 2024

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha

Pietro Francesco DE LOTTO

_____________