GA

ECO/665

Infheistíochtaí agus athchóirithe ar mhaithe leis
an iomaíochas agus Aontas na Margaí Caipitil

TUAIRIM

An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Infheistíochtaí agus athchóirithe chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus chun Aontas na Margaí Caipitil a chruthú

(tústuairim arna hiarraidh ag Parlaimint na hEorpa)

Teagmháil

eco@eesc.europa.eu

Riarthóirí

Sergio LORENCIO MATALLANA

Dáta an doiciméid

15/4/2025

Rapóirtéir: Dominika BIEGON

Rapóirtéir: Antonio GARCÍA DEL RIEGO

Rapóirtéir: Giuseppe GUERINI

Comhairleoirí

Samuel CORNELLA (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III)

Christian STIEFMÜLLER (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II)

Patricia RODRÍGUEZ FERNÁNDEZ DE CASTRO (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa I)

Veronique ORMEZZANO (thar ceann Ghrúpa I)

Daniel MERTENS (thar ceann Ghrúpa II)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 21/1/2025

Bunús dlí

Airteagal 304 CFAE

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

15/4/2025

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

75/1/3

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Cé go bhfuil spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Aontas dó féin maidir leis an aistriú cóir, an digiteáil, an athléimneacht, an uathriail straitéiseach agus an t-iomaíochas inbhuanaithe, agus go bhfuil gá le slándáil agus cosaint mar thoradh ar athruithe geopholaitiúla, meabhraíonn CESE go bhfuil an bhearna sa mhaoiniú ar an laige is mó go fóill a fhad a bhaineann sé le huaillmhian an Aontais an margadh aonair agus an tAontas féin a chur in oiriúint don todhchaí.

1.2Chun an bhearna san infheistíocht phoiblí a dhúnadh, molann CESE na gníomhaíochtaí agus na bearta atá luaite sna míreanna a leanas a dhéanamh: i) ciste infheistíochta Eorpach le haghaidh iomaíochais agus athléimneachta a chuimsiú sa leagan nua den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI); ii) cur leis na cláir chómhaoinithe ar nós na gcistí struchtúracha faoin leagan nua de CAI. Bheadh dhá bhuntáiste lena leithéid: d’fhéadfaí leas a bhaint as tuilleadh cómhaoiniú náisiúnta, gan teacht salach ar na rialacha nua fioscacha; iii) athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán 2024/1263 chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí poiblí arb é is aidhm dóibh fás a spreagadh agus a chuireann le hiomaíochas agus athléimneacht gheilleagair an Aontais.

1.3Toisc go bhfuil teorainn leis an méid atá i mbuiséad an Aontais, tá gá le modhanna nuálacha chun go mbeidh sé níos éasca infheistíocht a dhéanamh in earnálacha straitéiseacha, sa chlaochlú tionsclaíoch agus i dtionscadail nach féidir aon bhrabús a dhéanamh astu. Cuid thábhachtach den chur chuige fioscach sin is ea clár InvestEU a leathnú. Mar sin féin, is tábhachtach machnamh a dhéanamh ar na srianta a bhaineann le cur chuige den sórt sin, amhail an baol go gcruthófaí na héagothromaíochtaí réigiúnacha céanna arís. Rud eile de, cuireann CESE i bhfáth gach uair a dhéantar giaráil bhreise ar bhuiséad an Aontais chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh trí ionstraimí airgeadais, ba cheart critéir feidhmíochta agus inbhuanaitheachta atá trédhearcach agus in-fhorfheidhmithe agus measúnuithe tionchair a bheith ann freisin, ar rudaí iad sin a bhfuil an-tábhacht leo chun go n-éireoidh leis an mbeartas tionsclaíoch agus chun go n-úsáidfear na cistí poiblí go héifeachtúil. Cuireann CESE in iúl freisin gur cheart do BEI cur leis an infheistíocht dhíreach a thugann an banc do ghnólachtaí áirithe i réimse na teicneolaíochta agus na teicneolaíochta glaine, go háirithe i gcás nach leor an maoiniú a fhaigheann na gnólachtaí sin ón earnáil phríobháideach. Ní mór tionscadail fhadtéarmacha a mhaoiniú freisin chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach.

1.4Meabhraíonn CESE an tábhacht straitéiseach atá le haontas na margaí caipitil a chur i gcrích agus, san am céanna, á áirithiú go gcosnófaí na coigilteoirí beaga, nach laghdófaí cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus go n-urramófaí na cuspóirí atá leis an gcoigilteas pinsin. Le cruthú an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, ina gcomhcheanglófaí aontas na margaí caipitil agus an t-aontas baincéireachta, táthar ag súil go dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna struchtúracha a bhaineann le hearnáil airgeadais an Aontais agus go gceapfar réitigh iomchuí phragmatacha ina leith.

1.5Go sonrach, is é barúil CESE gur cheart cur chun cinn an cóineasaithe maoirseachta agus neartú ról na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a bheith ina ghné lárnacha de chlár oibre an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta. Ní mór breithniú a dhéanamh ar chumhachtaí breise maidir le comhchuibhiú agus maoirseacht a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC). Is gá freisin go ndéanfaidh ESMA maoirseacht dhíreach ar oibreoirí bonneagair margaidh a bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann ar bun acu, amhail taisclanna lárnacha urrús agus contrapháirtithe lárnacha. Molann CESE cur chuige céimnithe a ghlacadh óir ní sé d’acmhainn ag ESMA faoi láthair maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar líon mór gníomhaithe airgeadais. San am céanna, ba cheart athchóirithe a dhéanamh ar rialachas ESMA agus ar an gcaidreamh atá aige leis na húdaráis inniúla náisiúnta chun go bhféadfaí céim bhreise a ghlacadh i dtreo comhtháthú maoirseachta a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha.

1.6Is ríthábhachtach an ról atá ag infheisteoirí institiúideacha, amhail cuideachtaí árachais agus cistí pinsin, i gcóras airgeadais an Aontais. Murab ionann agus infheisteoirí institiúideacha eile, áfach, is leithne i bhfad a sainorduithe agus is éard atá i gceist leo sealbhóirí polasaí agus coigilteoirí pinsin a chosaint ar rioscaí seachas rioscaí airgeadais. Leis na sainorduithe sonracha sin, níor cheart an cur chuige a ghlactar i leith dul i bhfiontar a bheith bunaithe ar thorthaí airgeadais amháin. Mar sin féin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún maidir leis na critéir incháilitheachta a shonrú le haghaidh láimhseáil fhabhrach stuamachta na n‑infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha sa ghníomh tarmligthe ‘Sócmhainneacht II’.

1.7Cuireann CESE i bhfáth gurb é an cuspóir is mó atá ag an mbeartas pinsin cuspóir an bheartais shóisialta, is é sin an tslándáil shóisialta is fearr is féidir a áirithiú d’oibrithe seanaoise. Tá scéimeanna pinsin phoiblí ar an dóigh is fearr chun an sainordú sochpholaitiúil sin a chomhlíonadh. Agus an méid sin á chur san áireamh, dar le CESE, bealach amháin chun tosaigh ab ea scéimeanna pinsin ceirde arna gcomhaontú go comhchoiteann (Colún 2) a leathnú agus neartú, le ranníocaíocht íosta ón bhfostóir, agus na scéimeanna sin a bheith á stiúradh ag eintiteas poiblí a chuireann treoirlínte infheistíochta ceangailteacha agus inbhuanaithe chun feidhme, ar choinníoll go ndéanfaí sin ar bhealach a chomhlánódh córais phoiblí pinsean agus gan an bonn a bhaint díobh.

1.8Creideann CESE go bhféadfaí deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí a leathnú agus aontas na margaí caipitil a chur chun tosaigh dá ndéanfaí feidhmiú an mhargaidh creidmheasa a fheabhsú. Ba cheart iarrachtaí chun urrúsú a spreagadh san Aontas a dhíriú ar thairbhí follasacha a chinntiú i dtéarmaí cistiú breise don fhíorgheilleagar. Ba cheart ról comhlántach a bheith ag an urrúsú maidir le hionstraimí caipitil fiachais eile, amhail bannaí faoi chumhdach.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Réamhrá agus comhthéacs

2.1.1Cé go bhfuil spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Aontas dó féin maidir leis an aistriú cóir, an digiteáil, an athléimneacht, an uathriail straitéiseach agus an t-iomaíochas inbhuanaithe, agus go bhfuil gá le slándáil agus cosaint mar thoradh ar athruithe geopholaitiúla, meabhraíonn CESE go bhfuil an bhearna sa mhaoiniú ar an laige is mó go fóill a fhad a bhaineann sé le huaillmhian an Aontais an margadh aonair agus an tAontas féin a chur in oiriúint don todhchaí.

2.1.2I ndáil leis an méid sin, tugann CESE dá aire go bhfuil an bhearna infheistíochta a bhaineann leis an aistriú glas cothrom le thart ar 4 % den olltáirgeacht intíre in aghaidh na bliana idir seo agus 2030 1 . Tagann ceanglais infheistíochta bhreise chun cinn má chuirtear spriocanna agus dúshláin pholaitiúla thábhachtacha eile san áireamh freisin, amhail (i) an t-aistriú digiteach; (ii) méadú ar an athléimneacht eacnamaíoch tríd an táirgeadh san Aontas a dhaingniú agus an t‑iomaíochas a fheabhsú sna hearnálacha uile san Aontas, lena n-áirítear na seirbhísí; (iii) infheistíochtaí sóisialta, mar shampla, i ngnéithe bunúsacha den bheartas poiblí, i seirbhísí fíor‑riachtanacha amhail cúram sláinte, agus san oiliúint agus i scileanna; agus (iv) an dá dhúshlán shonracha, mar atá, cosaint an chomhshaoil chun géarchéim na bithéagsúlachta a chomhrac agus infheistíocht a dhéanamh san oiriúnú don athrú aeráide, rud atá níos riachtanaí anois ná mar a bhíodh. Ina theannta sin, le roinnt míonna anuas is léir go bhfuil géarghá le beart a dhéanamh chun cur leis an infheistíocht sna hacmhainneachtaí cosanta mar gheall ar an gcaoi a bhfuil rialtas Trump ag athrú an bheartais cosanta ó bhonn agus an brú geopholaitiúil ag dul i méid.

2.1.3Tá gá le méideanna móra maoinithe phoiblí le haghaidh infheistíochtaí poiblí agus chun an infheistíocht phríobháideach a spreagadh i réimsí nach mbeadh brabús le déanamh go fóill as réitigh atá neodrach ó thaobh carbóin de a úsáid iontu, agus in earnálacha straitéiseacha ina ndéanfaí táirgeadh murach sin i réigiúin dhomhanda atá in iomaíocht gheo-eacnamaíoch le chéile.

2.1.4Tá cistí poiblí ríthábhachtach le haghaidh na hinfheistíochta sa bhonneagar agus in earraí poiblí eile ar lú i bhfad an spreagadh ag gníomhaithe margaidh le hiad a sholáthar, ach ar féidir na dálaí a chruthú chun go mbeidh rath ar na gníomhaithe sin agus chun go mbeidh siad in ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh. Cé go meastar gurb í infheistíocht ón earnáil phríobháideach an phríomhionstraim mhaoiniúcháin le haghaidh chlaochlú an Aontais, meastar i bhformhór na staidéar go bhfuil sciar an mhaoinithe phoiblí idir 25 % agus 60 %, ag brath ar an earnáil 2 . Ar an iomlán, is ionann an bhearna infheistíochta poiblí agus 1.25 % den olltáirgeacht intíre in aghaidh na bliana ar a laghad 3 .

2.2Maoiniú poiblí: leas a bhaint as tuilleadh acmhainní fioscacha ar mhaithe le hinfheistíocht a spreagadh

2.2.1Maidir leis na chéad ráitis a rinne an Coimisiún Eorpach i dtaobh na féidearthachta ciste um iomaíochas a chruthú, is é a mholfadh CESE ciste infheistíochta Eorpach a chuimsiú sa leagan nua de CAI. Ba cheart é a bheith d’aidhm aige sin acmhainní airgeadais a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta a bhfuil leas straitéiseach Eorpach ag baint leo. Tá cúig réimse infheistíochta sainaitheanta ag CESE le haghaidh ciste infheistíochta de chuid an Aontais amach anseo: (i) tionscadail bhonneagair trasteorann; (ii) infheistíocht chun an tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche; (iii) infheistíocht chun iomaíochas thionscail na hEorpa a neartú; (iv) infheistíocht shóisialta, mar shampla, san oideachas agus san oiliúint; agus (v) an gá le slándáil agus cosaint mar thoradh ar fhorbairtí geopholaitiúla. Ba cheart é a bheith mar phríomhsprioc ag an gciste sin tacú leis na Ballstáit leibhéal inbhuanaithe infheistíochta poiblí a bhaint amach agus iomaíochas agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a mhéadú.

2.2.2Creideann CESE gur cheart ciste infheistíochta an Aontais a mhaoiniú trí acmhainní éagsúla, lena n-áirítear ranníocaíochtaí na mBallstát, acmhainní dílse nua agus eisiúint fiachais AE ar bhonn comhpháirteach. Is le linn phaindéim COVID-19 a baineadh úsáid as a leithéid den chéaduair nuair a tugadh isteach ionstraim nuálach ar éirigh go maith léi. D’fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh arís d’fhonn iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe an mhargaidh aonair a mhaoiniú sna blianta amach romhainn 4 . Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE freisin an iarraidh ón gCoimisiún ar an gComhairle go rachadh sí ‘ ag obair arís mar ábhar práinne ar shaincheist na n‑acmhainní dílse nua’ agus tacaíonn sé go hiomlán leis an iarraidh sin 5 .

2.2.3Chomh maith le maoiniú breise ar leibhéal an Aontais, beidh ar an Aontas leas a bhaint as maoiniú poiblí ar an leibhéal náisiúnta chun freastal ar an ngá le hinfheistíocht. Sa chomhthéacs sin, molann CESE d’institiúidí an Aontais leas a bhaint as na forálacha a áirítear in Airteagal 2(2) de Rialachán 2024/1263 6 , ar dá réir nach ndéanfar an cómhaoiniú náisiúnta a thugtar do chláir an Aontais a chur san áireamh sa chonair ghlanchaiteachais faoi chreat fioscach nua an Aontais.

2.2.4Tá súil ag CESE go gcuirfear leis na cláir chómhaoinithe ar nós na gcistí struchtúracha faoin leagan nua den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Bheadh dhá bhuntáiste lena leithéid: d’fhéadfaí leas a bhaint as tuilleadh cómhaoiniú náisiúnta, gan teacht salach ar na rialacha nua fioscacha. Ba cheart an fhoráil thuasluaite i Rialachán 2024/1263 7 a úsáid chun clár oibre infheistíochta faoi stiúir an Aontais a bhrú chun cinn.

2.2.5Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a mholadh don Chomhairle an clásal éalaithe náisiúnta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú mar bheart a d’fhéadfaí a dhéanamh láithreach d’fhonn méadú ar an gcaiteachas míleata. Mar sin féin, is oth le CESE go bhfuil teorainn mhór fós leis an tsolúbthacht chun infheistíochtaí poiblí a mhaoiniú. Níl sé sin inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le cur i gcoinne polaitiúil. Molann CESE athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán 2024/126 8 chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí poiblí arb é is aidhm dóibh fás a spreagadh agus a chuireann le hiomaíochas agus athléimneacht gheilleagair an Aontais.

2.3Maoiniú príobháideach: infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh trí thacaíocht an phobail – ról BEI

2.3.1Aontaíonn CESE go bhfágann an staid mar atá go dteastaíonn bearta cuimsitheacha chun leas a bhaint as an infheistíocht phríobháideach, lena n-áirítear úsáid spriocdhírithe agus straitéiseach na n-ionstraimí arna soláthar ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), chomh maith le cabhair agus fóirdheontais a bhfuil an ghné shóisialta curtha san áireamh iontu a chur ar fáil do ghnólachtaí.

2.3.2Tá líonra leathan de chomhpháirtithe ag BEI, rud a fhágann gur féidir leis baint a bheith aige le lear mór tionscadail éagsúla. Ba cheart cur leis an acmhainneacht atá in BEI i gcomhréir leis na riachtanais infheistíochta bhreise atá ann, lena n-áirítear maidir le fiachas, ráthaíochtaí agus táirgí cothromais (tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta).

2.3.3San am céanna, ní mór do BEI díriú níos mó ar na bearnaí sa mhargadh sna cásanna sin nach bhfuil maoiniú príobháideach ann dóibh, feabhas a chur ar an am a ghlacann sé ionstraimí airgeadais nua a fhormheas agus a chur ar fáil (time to market) agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an ‘catalóg’ ilroinnte de dhualgais atá air faoi láthair, rud a chabhróidh le gnólachtaí a bheith níos sofheicthe.

2.3.4Toisc go bhfuil teorainn leis an méid atá i mbuiséad an Aontais, tá gá le modhanna nuálacha chun go mbeidh sé níos éasca infheistíocht a dhéanamh in earnálacha straitéiseacha, sa chlaochlú tionsclaíoch agus i dtionscadail nach féidir aon bhrabús a dhéanamh astu. Is tábhachtach ráthaíochtaí a úsáid agus clár InvestEU a leathnú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil éifeachtúlacht an chur chuige sin ag brath ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe cur chun feidhme agus na n-idirghabhálaithe airgeadais, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar na srianta a bhaineann le cur chuige den sórt sin.

2.3.5Nuair a dhéantar cistí a leithdháileadh trí bhuiséad an Aontais a ghiaráil, tá an baol ann go gcruthófar na héagothromaíochtaí réigiúnacha céanna arís. Ós rud é go bhfuil cistí agus cláir áirithe dírithe ar an éileamh, tá na Ballstáit agus na réigiún sin nach bhfuil lear mór tionscadal agus margaí caipitil níos doimhne acu faoi mhíbhuntáiste 9 . Ós rud é go mbeidh gá freisin leis na srianta ar bheartais fhioscacha náisiúnta agus ar státchabhair a mhaolú le go bhféadfar an infheistíocht san Aontas a scaoileadh, is tábhachtach go gcuirfidh pleananna gníomhaíochta an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta le héagothromaíochtaí a mhaolú agus go leagfar béim ar an gcuspóir an comhtháthú a áirithiú, rud atá fós ina bhunchloch den mhargadh aonair.

2.3.6Gach uair a dhéantar giaráil bhreise ar bhuiséad an Aontais chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh trí ionstraimí airgeadais, ba cheart critéir feidhmíochta agus inbhuanaitheachta atá trédhearcach agus in-fhorfheidhmithe a bheith ann freisin, maille le measúnuithe tionchair. Ar an iomlán, ní mór fadhb na contúirte morálta a mheas go cúramach freisin.

2.3.7Creideann CESE gur féidir tacú le tionscadail ardriosca agus le tionscadail fhadtéarmacha maidir leis an aistriú trí chur leis an acmhainneacht atá in BEI, sa Chiste Eorpach Infheistíochta agus sna bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh. Go háirithe, tá na hinfheistíochtaí cothromais a dhéanann eintitis phoiblí agus phríobháideacha ina rogha thábhachtach mhaoiniúcháin le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus gnólachtaí seanbhunaithe, agus is tearc an úsáid atá bainte as an rogha sin go fóill ainneoin go bhfuil an acmhainn inti iomaíochas an Aontais a neartú.

2.3.8I ndáil leis sin, ba cheart cur leis na hacmhainní atá ar fáil chun go mbeidh na hinstitiúidí airgeadais in ann é sin a dhéanamh. Rud dearfach atá sa mhéadú atá beartaithe ar an ráthaíocht bhuiséadach le haghaidh InvestEU. Mar sin féin, áitíonn CESE gur cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha thuasluaite maidir le leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha le hairgead poiblí. Thairis sin, cuireann CESE i bhfáth nár cheart go bhfágfadh simpliú ar na ceanglais riaracháin nach n-úsáidfí acmhainní ar dhóigh chuí spriocdhírithe. Ina theannta sin, beidh comhordú breise idir na hinstitiúidí fornáisiúnta (comhordú cothrománach) agus na hinstitiúidí náisiúnta (comhordú ingearach) ríthábhachtach chun cur leis an acmhainneacht, trí thógáil, mar shampla, ar dhea-chleachtais agus ar an saineolas sna Ballstáit. Arís eile, ní mór na contúirtí a bhaineann le héagothromaíochtaí atá ann idir éiceachórais airgeadais na mBallstát, agus a bhaineann le coinníollachtaí laga, a chur san áireamh sna struchtúir ar leith le haghaidh na gclár.

2.3.9Cuireann CESE in iúl freisin gur cheart do BEI cur leis an infheistíocht dhíreach a thugann an banc do ghnólachtaí áirithe i réimse na teicneolaíochta agus na teicneolaíochta glaine toisc nach leor an maoiniú a fhaigheann na gnólachtaí sin ón earnáil phríobháideach. Ní mór leanúint de thionscadail fhadtéarmacha a mhaoiniú freisin chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí iarracht a dhéanamh spriocanna infheistíochta níos fadtéarmaí a bhaint amach agus an rialú polaitiúil a neartú trí threoirlínte infheistíochta a úsáid agus measúnú tionchair trédhearcach a dhéanamh.

2.4An tAontas Coigiltis agus Infheistíochta a chur chun cinn

2.4.1Meabhraíonn CESE an tábhacht straitéiseach atá le haontas na margaí caipitil a chur i gcrích agus, san am céanna, á áirithiú go gcosnófaí na coigilteoirí beaga, nach laghdófaí cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus go n-urramófaí na cuspóirí atá leis an gcoigilteas pinsin 10 . Le cruthú an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, ina gcomhcheanglófaí aontas na margaí caipitil agus an t-aontas baincéireachta, táthar ag súil go dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna struchtúracha a bhaineann le hearnáil airgeadais an Aontais agus go gceapfar réitigh iomchuí phragmatacha ina leith. Tá ilroinnt mhargaí airgeadais an Aontais ar feadh teorainneacha náisiúnta fós ar an mbacainn aonair is mó ar shreabhadh trasteorann na hinfheistíochta laistigh den Aontas.

2.4.2Infheistítear na céadta milliún euro de choigiltis de chuid mhuintir na hEorpa lasmuigh den Aontas Eorpach gach uile bhliain. Ba cheart é a bheith mar phríomhaidhm ag an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta an treocht sin a aisiompú i) trí fheabhas a chur ar na torthaí ar infheistíochtaí an Aontais agus ii) trí chothrom iomaíochta a chaomhnú do rannpháirtithe i margadh an Aontais, i gcoibhneas lena n-iomaitheoirí móra idirnáisiúnta, agus an creat rialála á dhearadh agus á chur chun feidhme.

2.4.3Ba mhian le CESE a chur i bhfios go láidir freisin nach mór tús áite a thabhairt do leasanna agus cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta á dhearadh. Ní foláir é a bheith bunaithe ar na caighdeáin is airde maidir le sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí, agus dul i bhfiontar stuama á spreagadh leis san am céanna. Cuimsítear leis sin freisin maoirseacht ardcháilíochta spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú le haghaidh seirbhísí airgeadais. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir na tairbhí soiléire lena mbaineann agus cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí, gan costais neamhriachtanacha a bheith i gceist.

2.5Feabhas a chur ar an rochtain atá ag teaghlaigh ar roghanna infheistíochta fadtéarmacha ardfheidhmíochta, inbhuanaithe agus sábháilte

2.5.1Rud eile a chuireann leis an laghdú ar rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola i margaí airgeadais ná go mbíonn orthu táillí a íoc atá 40 % níos airde ná na táillí a íocann infheisteoirí institiúideacha 11 , i ngeall i bpáirt ar dhifríochtaí i gcostais chomhlíonta agus dáileacháin. Dá dheasca sin, is beag fonn atá ar theaghlaigh infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní airgeadais. Ach iomaíocht trasteorann ní ba shocra a bheith ann, tá CESE ag súil leis go spreagfadh sé sin soláthraithe chun táillí níos ísle a thairiscint. San am céanna, cuireann CESE in iúl gur gá a bheith san airdeall maidir le rioscaí maicreacnamaíocha a aistriú níos mó agus níos mó chuig teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam trí iad a spreagadh dul i bhfiontar seachas an coigilteas réamhchúraim is gá a dhéanamh. Tarraingíonn CESE aird ar chastacht na faisnéise a fhaigheann teaghlaigh, go háirithe maidir le cistí casta neamh-thrédhearcacha.

2.5.2Tá tionscnaimh spriocdhírithe á moladh ag CESE chun an ilroinnt i margaí an Aontais agus i mbonneagar margaí airgeadais a shárú, rud a d’fhéadfadh cur go mór le margaí intíre a dhéanamh níos tarraingtí do theaghlaigh Eorpacha. Sna Stáit Aontaithe, tá ionaid trádála agus bonneagar margaidh eile níos comhdhlúite. Dá thoradh sin, is fearr an leachtacht agus an trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála, tá an phraghsáil níos éifeachtúla, is tapa teacht ar shocrú agus tá costais idirbhirt níos ísle.

2.5.3Agus bailchríoch á cur ar an Straitéis Infheistíochta Miondíola, iarrann CESE ar na comhreachtóirí a áirithiú go mbeidh rochtain ag teaghlaigh ar raon leathan réitigh coigiltis agus infheistíochta ardfheidhmíochta agus costéifeachtacha ar phraghsanna trédhearcacha iomaíocha, sin agus ar fhaisnéis thrédhearcach maidir le riosca agus inbhuanaitheacht, ar fhaisnéis chuimsitheach inrochtana, ar nochtaí agus ar shainchomhairle, má iarrtar sin. Ba chóir an méid sin a áirithiú gan cur isteach ar chaighdeán na cosanta d’infheisteoirí a chumhdaítear i reachtaíocht ábhartha an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta ábhartha, go háirithe an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID).

2.5.4Aontaíonn CESE gur cheart é a bheith ina phríomhsprioc ag clár oibre an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta coigilteas príobháideach a dhíriú ar infheistíochtaí fadtéarmacha inbhuanaithe. Chuige sin, dar le CESE, bealach amháin chun tosaigh ab ea scéimeanna pinsin ceirde arna gcomhaontú go comhchoiteann (Colún 2) a leathnú agus neartú, le ranníocaíocht íosta ón bhfostóir, agus na scéimeanna sin a bheith á stiúradh ag eintiteas poiblí a chuireann treoirlínte infheistíochta ceangailteacha agus inbhuanaithe chun feidhme, ar choinníoll go ndéanfaí sin ar bhealach a chomhlánódh córais phoiblí pinsean agus gan an bonn a bhaint díobh.

2.5.5San am céanna, cuireann CESE i bhfáth gurb é an cuspóir is mó atá ag an mbeartas pinsin cuspóir an bheartais shóisialta, is é sin an tslándáil shóisialta is fearr is féidir a áirithiú d’oibrithe seanaoise. Tá scéimeanna pinsin phoiblí ar an dóigh is fearr chun an sainordú sochpholaitiúil sin a chomhlíonadh. Níor cheart córais sheanbhunaithe na mBallstát a chur faoi bhrú. Ar an gcaoi cheanna, níor cheart, agus tionscnaimh nua á dtabhairt isteach i gcomhthéacs an Aontais Choigiltis agus Infheistíochta, brú a chur ar na Ballstáit borradh a chur faoi rátaí coigiltis níos airde trí chiorruithe ar an tslándáil shóisialta agus ar sheirbhísí leasa ghinearálta nó trí ionstraimí margaidh caipitil a chomhtháthú sna córais sin.

2.5.6Tá CESE den bharúil gur cheart pleananna pinsin príobháideacha comhlántacha (Colún 3) a bheith go hiomlán iniompartha idir na Ballstáit. gur teoranta mar atáthar ag glacadh leis an táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (TPPU) agus iarrann sé ar an gCoimisiún leas a bhaint as na tograí a rinne an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC). Mar sin féin, aithníonn CESE gur beag an seans gur réiteach inscálaithe a bheidh i gceist le TPPU a athbheochan, ós táirge é atá dírithe ar raon cúng saoránach san Aontas, easaoránaigh den chuid is mó.

2.6Cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus ról na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a neartú

2.6.1Saincheist lárnach eile is ea ilroinnt struchtúr maoirseachta mhargaí caipitil an Aontais. Aithníonn CESE an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis inniúla náisiúnta sa chreat atá ann faoi láthair agus is tábhachtach leis an ról sin. San am céanna, is údar mór arbatráiste rialála agus achrainn difríochtaí i gcreataí rialála agus i gcleachtais mhaoirseachta na mBallstát. Bíonn tionchar acu ar an infheistíocht trasteorann sa mhargadh aonair, cumasaíonn siad arbatráiste rialála ag gnólachtaí neamh-AE atá ag teacht isteach nó ag gníomhaithe nua agus laghdaíonn siad an mhuinín as táirgí airgeadais.

2.6.2Ba dhíol sásaimh do CESE tograí mionsonraithe chun ról ÚMEanna a neartú maidir le cóineasú maoirseachta a áirithiú. Ní mór breithniú a dhéanamh ar chumhachtaí breise maidir le comhchuibhiú agus maoirseacht. D’fhéadfadh sé gur ghá athruithe a dhéanamh ar an gcreat rialála atá ann cheana chun i) neamhréireachtaí i gcur chun feidhme agus i gcur i bhfeidhm comhchreataí rialála ar fud na mBallstát a laghdú agus ii) athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir rialachais agus phróisis chinnteoireachta ÚMEanna, lena n-áirítear cumhachtaí forfheidhmiúcháin a mhéadú.

2.6.3B’údar sásaimh do CESE freisin tograí mionsonraithe maidir le maoirseacht dhíreach arna déanamh ag ESMA ar oibreoirí bonneagair margaidh a bhfuil gníomhaíochtaí suntasacha trasteorann ar bun acu, amhail taisclanna lárnacha urrús agus contrapháirtithe lárnacha. Molann CESE cur chuige céimnithe óir ní sé d’acmhainn ag ESMA faoi láthair maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar líon mór gníomhaithe airgeadais. San am céanna, ba cheart athchóirithe a dhéanamh ar rialachas ESMA agus ar an gcaidreamh atá aige leis na húdaráis inniúla náisiúnta chun go bhféadfaí céim bhreise a ghlacadh i dtreo comhtháthú maoirseachta a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha.

2.6.4Is léiriú ar chastacht struchtúir ilsrathaigh rialála agus maoirseachta iad na forluití agus na hiomarcaíochtaí atá i gceist leo. Méadaíonn siad costais chomhlíonta d’institiúidí airgeadais, mar shampla, trí cheanglais tuairiscithe agus iarrataí ar fhaisnéis a dhúbláil. Molann CESE don Choimisiún agus do na ÚMEnna na próisis tuairiscithe agus nochta a chuíchóiriú i gcomhréir le prionsabal na haonuaire, faisnéis mhaoirseachta a chomhdhlúthú agus socruithe cuimsitheacha comhroinnte sonraí a bhunú idir ÚMEnna, na húdaráis inniúla náisiúnta agus an sásra aonair maoirseachta.

2.7Feabhas a chur ar éifeachtúlacht na rialála airgeadais gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol

2.7.1Tá deich mbliana ann ó tugadh isteach an t-aontas baincéireachta agus níl sé tugtha chun críche go fóill. Leis an ilroinnt atá ann faoi láthair feadh na dteorainneacha náisiúnta, cuirtear bac ar ghnólachtaí, rud a fhágann gur gann costasach an caipiteal agus an leachtacht agus go laghdaítear an chomhroinnt riosca san earnáil phríobháideach. Ba cheart údarás soiléir a thabhairt don sásra aonair maoirseachta agus don sásra réitigh aonair maoirseacht iomlánaíoch a dhéanamh ar na bainc atá faoina raon feidhme agus discréid níos lú a thabhairt do mhaoirseoirí óstacha.

2.7.2Tá gá le creat rialála atá soiléir, intuartha agus comhréireach chun cobhsaíocht airgeadais a bhaint amach.

2.7.3Measann CESE, dá gcruthófaí scéim choiteann Eorpach árachais taiscí (SEÁT), go dtabharfaí rochtain chomhionann do shaoránaigh an Aontais ar a dtaiscí i gcás cliste. Ar dtús, ba cheart scéimeanna náisiúnta ráthaithe taiscí a chomhchuibhiú agus a mhaoiniú ina n-iomláine, rud nach ndéantar faoi láthair. Tugann CESE dá aire go bhfuil dlúthbhaint ag cur i bhfeidhm agus feidhmiú cobhsaí SEÁT le cur i gcrích an tsásra réitigh aonair. Ní beag an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas maidir le maoláin fiachais in-athshnámhaithe a thógáil, mar a dheimhnigh ÚBE sa deais is déanaí uaidh maidir le híoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe 12 . Mar sin féin, tá roinnt gnéithe den chreat réitigh fós ar feitheamh, go sonrach ailíniú nósanna imeachta náisiúnta réitigh agus dócmhainneachta, daingniú iomlán Chonradh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh lena bhforáiltear do ‘chúlstop’ don sásra réitigh aonair, sin agus saincheist na leachtachta i gcás réitigh, a chuireann na bainc cheannais ar fáil i ndlínsí eile de ghnáth.

2.7.4Is ríthábhachtach an ról atá ag cuideachtaí árachais agus cistí pinsin i gcóras airgeadais an Aontais. Murab ionann agus infheisteoirí institiúideacha eile, áfach, is leithne i bhfad a sainorduithe agus is éard atá i gceist leo sealbhóirí polasaí agus coigilteoirí pinsin a chosaint ar rioscaí seachas rioscaí airgeadais. Leis na sainorduithe sin, níor cheart an cur chuige a ghlactar i leith dul i bhfiontar a bheith bunaithe ar thorthaí airgeadais amháin. Mar sin féin, is go cáiréiseach a fháiltíonn CESE roimh an togra ón gCoimisiún maidir leis na critéir incháilitheachta a shonrú le haghaidh láimhseáil fhabhrach stuamachta na n-infheistíochtaí cothromais fadtéarmacha sa ghníomh tarmligthe ‘Sócmhainneacht II’.

2.7.5Ba cheart forbairt ELTIF 2.0 a bheith ina chéim sa treo ceart ó thaobh infheistíocht i gcothromas príobháideach fadtéarmach a chothú. Ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an rialacháin athbhreithnithe lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar iarmhairtí neamhbheartaithe.

2.7.6Is tábhachtach a chur san áireamh freisin, maidir le margaí caipitil, gur iomaí cúis atá le leachtacht a bheith ag bogadh amach as margaí caipitil an Aontais. Ba chóir do na húdaráis dlúthfhaireachán a dhéanamh ar cháilíocht agus ar infhaighteacht leachtachta i scaireanna an Aontais lena áirithiú go mbeidh aon fhorbairt a dhéanfar ar an gcreat rialála amach anseo bunaithe ar thuiscint dhomhain ar shásraí an mhargaidh.

2.7.7Creideann CESE go bhféadfaí deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí a leathnú agus an teacht atá ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí ar chaipiteal a mhéadú dá ndéanfaí feidhmiú an mhargaidh creidmheasa a fheabhsú a thuilleadh. A bhuí leis an urrúsú, d’fhéadfaí aontas na margaí caipitil a chur chun cinn. Ba cheart iarrachtaí chun urrúsú a spreagadh san Aontas a dhíriú ar thairbhí follasacha a chinntiú i dtéarmaí cistiú breise don fhíorgheilleagar. Ba cheart ról comhlántach a bheith ag an urrúsú i ndáil le hionstraimí caipitil fiachais eile, amhail bannaí faoi chumhdach, trí roghanna athmhaoiniúcháin a chur ar fáil le haghaidh catagóirí sócmhainní áirithe, agus trí uirlis bainistithe riosca a chur ar fáil.

2.7.8Tá Ballstáit áirithe ag smaoineamh faoin 28ú córas deonach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt 13 . Is dócha go gcuimseofar sa togra ón gCoimisiún a bheidh ann amach anseo roinnt réimsí den dlí, lena n-áirítear dlí na gcuideachtaí, an dlí forfheidhmithe, an dlí dócmhainneachta, dlí an mhargaidh airgeadais, an dlí cánach agus dlí an tsaothair. Bíodh is nach gcuireann CESE i gcoinne choincheap an 28ú córas sin i réimsí áirithe amhail na margaí caipitil, tá sé glan i gcoinne fhorálacha dhlí an tsaothair a bhainfeadh an bonn de chosaintí oibrithe agus de acquis sóisialta an Aontais. Tá an baol ann go rachfaí timpeall ar an dlí náisiúnta agus ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

An Bhruiséil, 15 Aibreán 2025

Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Ioannis VARDAKASTANIS

_____________

(1)    Mario Draghi, The future of European competitiveness (tuarascáil Draghi).
(2)    Institute Rosseau, Road to Net Zero , Eanáir 2024.
(3)     An EU Future Fund: Why and How? Background Paper of the Progressive EU Fiscal Policy Network .
(4)    IO C, C/2024/6862, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6862/oj .
(5)     COM(2025) 46 final , an 11 Feabhra 2025.
(6)    IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj
(7)    IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj
(8)    IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj
(9)    CESE, Meastóireacht ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha 2.0 , Meán Fómhair 2022.
(10)    Féach an tuairim ó CESE, Measúnú ar thuarascálacha Letta agus Draghi maidir le feidhmiú agus iomaíochas Mhargadh Aonair an Aontais , Feabhra 2025.
(11)    Mario Draghi, The future of European competitiveness (tuarascáil Draghi).
(12)    ÚBE, EU banks continue to meet their MREL, still 21 banks in their transition period report a shortfall , 27 Samhain 2024.
(13)    Real Instituto Elcano, The Spanish proposal for a European Competitiveness Laboratory , Deireadh Fómhair 2024.