GA

TEN/851

Ról na seirbhísí leasa ghinearálta maidir leis an iomaíochas, an comhtháthú sóisialta agus an daonlathas san Aontas Eorpach

TUAIRIM

An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Ról na seirbhísí leasa ghinearálta maidir leis an iomaíochas, an comhtháthú sóisialta agus an daonlathas san Aontas Eorpach

(tuairim féintionscnaimh)

Teagmháil

ten@eesc.europa.eu

Riarthóir

Aleksandra Sarman Grilc

Dáta an doiciméid

26/6/2025

Rapóirtéir: Thomas KATTNIG

Comhairleoirí

Barbara SAK (thar ceann an rapóirtéara)

Valeria RONZITTI (thar ceann Ghrúpa I)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25/2/2025

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

An rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

24/6/2025

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

57/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas níos fearr do ról iomlánaíoch na seirbhísí leasa ghinearálta laistigh den mhúnla sóisialta Eorpach, agus go neartófaí an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an iomaíochas inbhuanaithe, ar an gcomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach agus ar an daonlathas.

1.2Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith beartais seirbhísí leasa ghinearálta, seachas an cur chuige earnálach atá ann faoi láthair maidir le beartais an Aontais. Ar an gcaoi sin, aithneofar an ról lárnach atá ag seirbhísí leasa ghinearálta nua-aimseartha maidir le rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe a chur chun cinn. Den mheon sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún gníomhú trí obair leantach nithiúil a dhéanamh ar thuarascáil Letta i bhfoirm plean gníomhaíochta maidir le seirbhísí leasa ghinearálta.

1.3Iarrann CESE ar na Ballstáit rochtain uilíoch chomhionann a áirithiú ar sheirbhísí bunúsacha inacmhainne ar ardchaighdeán. Is ceist a bhaineann leis an gceartas sóisialta é sin, ós rud é go soláthraítear seirbhísí leasa ghinearálta ar phraghas nach mbraitheann ar chumhacht ceannaigh na n-úsáideoirí. Tá ról lárnach ag seirbhísí leasa ghinearálta, agus ag an mbonneagar seachadta is gá chun a soláthar uilíoch a áirithiú, maidir le geilleagar agus folláine an Aontais. Feidhmíonn na seirbhísí sin mar cholún de mhuinín na saoránach sa stát agus sa tsochaí, agus, ar an gcaoi sin, cuireann siad leis an gcomhtháthú. Ní mór an aidhm sin a bhaint amach trí athchóirithe airgeadais agus rialála a chur chun feidhme. Ní caiteachas tomhaltais, ach infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí, atá i maoiniú seirbhísí leasa ghinearálta. Tá cistiú cuí cobhsaí de dhíth ar sheirbhísí leasa ghinearálta toisc gur príomhghné iad sa bheartas comhtháthaithe agus sa straitéis fhadtéarmach slándála agus ullmhachta.

1.4Cuireann CESE in iúl go gcuireann tíortha a bhfuil beartas infheistíochta bonneagair acu agus a bhfuil costais seirbhísithe le haghaidh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán cistithe i gceart acu, ar a gcumas dá saoránaigh agus dá bhfiontair níos lú a chaitheamh ar chostais ‘mhaireachtála/oibriúcháin’. Dá bhrí sin, áitíonn CESE gur gá seirbhísí leasa ghinearálta a chistiú agus a fheabhsú i gceart agus iad a ailíniú níos dlúithe le riachtanais na saoránach d’fhonn sásamh agus muinín sa daonlathas a fheabhsú.

1.5Ní mór cothromaíocht réigiúnach a áirithiú agus infheistíocht i seirbhísí poiblí á cur in úsáid. Sa chiall sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar infheistíocht phoiblí, go háirithe i dtaca leis an gCiste Comhtháthaithe, agus rialacha fioscacha á gcur chun feidhme, rud a léiríonn an méid a chuireann na seirbhisí sin le cóineasú agus athléimneacht fhadtéarmach.

1.6Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir le Soláthar Poiblí, ba cheart an t-athchóiriú a shimpliú agus aistriú soiléir a dhéanamh ó chur chuige atá bunaithe ar phraghsanna, agus ar phraghsanna amháin, go córas atá bunaithe ar chóimheas leormhaith idir praghas agus cáilíocht, agus critéir shóisialta agus inbhuanaitheachta á ndreasú bunaithe ar spriocanna ábhartha an Aontais, chomh maith le rochtain níos fearr a áirithiú ar sholáthar poiblí do FBManna chun geilleagar níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a bhaint amach.

1.7Sa lá atá inniu ann, is cuid de sheirbhísí leasa ghinearálta iad líonraí digiteacha agus tá siad fíor-riachtanach don rannpháirtíocht shóisialta agus don fhorbairt eacnamaíoch. I gcomhréir le tuarascáil 2025 ar Staid na Deacáide Digití, ba cheart bonneagar digiteach rialtais a athchóiriú chun an spleáchas ar sholáthraithe seirbhíse lasmuigh den Aontas a laghdú, agus ceannasacht agus slándáil an Aontais á bhfeabhsú ag an am céanna, go háirithe i réimsí na nascachta agus sholáthar na seirbhíse poiblí.

1.8Le hinrochtaineacht uilíoch agus ancaireacht chríochach seirbhísí leasa ghinearálta, léirítear go bhfuil a soláthar bunaithe ar an gcoimhdeacht, rud a chiallaíonn gur féidir leis na saoránaigh páirt a ghlacadh ina gcomhshainiú agus ina rialú daonlathach.

1.9Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith beartais seirbhísí leasa ghinearálta, seachas an cur chuige earnálach atá ann faoi láthair maidir le beartais an Aontais. Den mheon sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún obair leantach nithiúil a dhéanamh ar thuarascáil Letta i bhfoirm plean gníomhaíochta maidir le seirbhísí leasa ghinearálta, plean ina n-aithneofar an ról lárnach atá ag seirbhísí leasa ghinearálta nua-aimseartha a mhéid a bhaineann le rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe a chur chun cinn.

1.10I bhfianaise ról fadréimseach seirbhísí leasa ghinearálta, le cur chuige atá bunaithe ar thaighde agus ar shonraí iontaofa, ní mór measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht thrasearnálach agus ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta in go leor earnálacha den ghníomhaíocht eacnamaíoch. Chuige sin, ní mór faireachán rialta a dhéanamh ar bhonn staidrimh, agus béim á leagan ar an bhfeidhm struchtúrach ríthábhachtach atá ag seirbhísí leasa ghinearálta chun aistrithe inbhuanaithe a áirithiú le linn na hilghéarchéime atá ann faoi láthair.

2.Cúlra

2.1Is bunchloch den iomaíochas, den mhúnla sóisialta Eorpach agus den rannpháirtíocht dhaonlathach san Eoraip iad seirbhísí leasa ghinearálta, amhail cúram sláinte, cúram do dhaoine scothaosta agus cúram leanaí, oideachas, seirbhísí sóisialta, fuinneamh, uisce agus iompar poiblí. Tá i bhfad níos mó i gceist lena dtábhacht ná seirbhísí teicniúla: freastalaíonn siad ar an leas coiteann, cuireann siad cuimsiú sóisialta chun cinn, neartaíonn siad muinín in institiúidí stáit agus cuireann siad ullmhacht agus athléimneacht shóisialta chun cinn, go háirithe le linn géarchéimeanna iomadúla.

2.2Ba cheart don Choimisiún aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag seirbhísí leasa ghinearálta nua-aimseartha ina phlean nua chun rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear leis an gCompás Iomaíochais agus leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan.

2.3Tá ról suntasach ag seirbhísí leasa ghinearálta i ngeilleagar na hEorpa. In 2021, ghin seirbhísí leasa ghinearálta agus seirbhísí poiblí EUR 3721 bhilliún de bhreisluach ar fud AE27, arb é 28.4 % den bhreisluach uile in AE27. Ag an am céanna, d’fhostaigh siad 31.1 % de lucht saothair AE27 (65.2 milliún duine ar fud AE27) agus 19.7 % (EUR 632.6 billiún) méid na n-infheistíochtaí uile a rinneadh in AE27 in 2021 1 .

2.4Sainíonn an Coimisiún trí chatagóir de sheirbhísí leasa ghinearálta: eacnamaíoch, neamheacnamaíoch agus sóisialta 2 :

·seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, ar seirbhísí bunúsacha iad a dhéantar ar íocaíocht agus atá faoi réir rialacha mhargadh aonair agus iomaíochta an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfadh maoluithe a bheith ann ar na rialacha sin, más gá, chun rochtain na saoránach ar sheirbhísí bunúsacha a chosaint;

·seirbhísí neamheacnamaíocha, amhail scéimeanna slándála sóisialta, nach bhfuil faoi réir reachtaíocht shonrach an Aontais ná faoi réir rialacha an mhargaidh aonair agus rialacha iomaíochta;

·seirbhísí sóisialta leasa ghinearálta, arb iad na seirbhísí sin a fhreagraíonn do riachtanais saoránach leochaileach agus atá bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na rochtana comhionainne. Is féidir iad a bheith de chineál eacnamaíoch nó neamheacnamaíoch.

2.5Ní hamháin go bhfuil seirbhísí poiblí agus seirbhísí leasa ghinearálta ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana bunriachtanach; is uirlis úsáideach iad freisin a théann chun tairbhe do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do rialtais. Léiríodh an méid sin le linn ghéarchéim COVID-19 agus na géarchéime fuinnimh a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Mar sin féin, gan eagraíochtaí na sochaí sibhialta ná líonraí struchtúrtha an gheilleagair shóisialta, ní shárófaí na géarchéimeanna sin.

2.6Cuireann soláthraithe seirbhíse poiblí agus daoine atá ag obair i réimse na seirbhísí leasa ghinearálta obair agus saineolas ríthábhachtach ar fáil. Mar gheall ar a gcumas freagairt chun meath comhshaoil a chosc agus aghaidh dhearfach a thabhairt ar dhúshláin aeráide; a solúbthacht agus a bhfreagrúlacht agus iad ag gníomhú ar mhaithe leis an leas coiteann, ar mhaithe leis an bpobal seachas ar mhaithe le luach scairshealbhóirí; agus mar gheall ar na réitigh shaincheaptha a thugann siad don chomhthéacs áitiúil, tá siad ina gcuid ‘riachtanach’ de sheirbhísí leasa ghinearálta.

2.7Tá iarmhairtí fadtéarmacha ag dí-infheistiú i bhfóntais phoiblí agus i seirbhísí comhchoiteanna atá níos costasaí le réiteach níos déanaí. Tá dea-bhail na nglúnta atá le teacht ag brath ar an tslándáil fhadtéarmach, ar sheirbhísí poiblí láidre agus ar sheirbhísí leasa ghinearálta i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch, lena n-áirítear seirbhísí leasa ghinearálta neamheacnamaíocha. Ós rud é go bhfuil siad uile ábhartha do choincheap na hullmhachta, níor cheart iarrachtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna slándála agus cosanta atá ann faoi láthair chun dochair do sheirbhísí comhtháthaithe shóisialta, don oideachas ná d’fholláine an duine.

2.8Ina thuarascáil ar thodhchaí iomaíochas an Aontais, leagann an tUasal Draghi béim ar a thábhachtaí atá seirbhísí leasa ghinearálta don nuálaíocht, don fhás inbhuanaithe, don tslándáil eacnamaíoch agus d’ullmhacht shóisialta an Aontais i roinnt réimsí, lena n-áirítear soláthar an fhuinnimh, an bonneagar, an t-oideachas agus an oiliúint. Tá tábhacht ar leith ag baint le scileanna agus eolas fostaithe chun iomaíochas marthanach a áirithiú. Idir an dá linn, iarrtar i dtuarascáil Letta plean gníomhaíochta le haghaidh seirbhíse leasa ghinearálta, lena n-éilítear maoiniú cobhsaí.

2.9Ceart bunúsach is ea an rochtain ar sheirbhísí leasa ghinearálta agus áirítear an ceart sin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Cé go dtagraítear go sainráite i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta do sheirbhísí leasa ghinearálta ‘bunriachtanacha’, cumhdaítear le prionsabail eile den Cholún seirbhísí leasa ghinearálta tábhachtacha amhail an t‑oideachas, an tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean, cúram leanaí agus cúram fadtéarmach, cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus cúram sláinte. Is cuid de chomhluachanna an Aontais iad na seirbhísí leasa ghinearálta de réir bhrí Airteagal 14 CFAE, mar a leagtar síos i bPrótacal (Uimh. 26) maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus in Airteagal 36 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.10Léiríonn suirbhéanna ar shástacht na saoránach le seirbhísí leasa ghinearálta nach bhfuil ach 54 % de shaoránaigh sásta, ar an meán, lena seirbhísí leasa ghinearálta. Tá difríochtaí móra idir na torthaí ó Bhallstát go Ballstát. Chuir 94 % de na rannpháirtithe in iúl i Lucsamburg go gcuirtear seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán ar fáil ina dtír. B’ionann an céatadán sin agus 86 % san Ísiltír agus 78 % san Ostair. Léirigh 70 % de na rannpháirtithe sa Ghréig, 63 % díobh san Iodáil agus 58 % díobh sa Phortaingéil go raibh siad míshásta leis na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil dóibh 3 . Tíortha a bhfuil beartas infheistíochta bonneagair acu agus a bhfuil costais seirbhísithe le haghaidh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán cistithe i gceart acu, cuireann siad ar a gcumas dá saoránaigh agus dá bhfiontair níos lú a chaitheamh ar chostais ‘mhaireachtála/oibriúcháin’.

2.11Tá seirbhísí leasa ghinearálta ar thús cadhnaíochta maidir leis an margadh aonair ciorclach. Mar sin féin, is minic nach mbíonn caighdeáin aonfhoirmeacha ag baint leis an athchúrsáil, rud a fhágann go mbíonn táirgí athchúrsáilte níos costasaí ná táirgí príomhúla. Dá bhrí sin, ní mór táirgeoirí a dhreasú chun ábhair thánaisteacha a úsáid. Le noirm agus caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe ba cheart táirgí a bheith in-athchúrsáilte trí dhearadh.

3.Barúlacha ginearálta

3.1A bhuí le seirbhísí leasa ghinearálta, atá ina cholún den fhorbairt eacnamaíoch, baineann iomaíochas na hEorpa tairbhe as tacaíocht láidir struchtúrach, ós rud é go n-áirithítear le seirbhísí leasa ghinearálta go mbeidh rochtain ní hamháin ag na saoránaigh, ach ag gach gnólacht, eagraíocht agus comhlacht poiblí, ar na seirbhísí riachtanacha atá riachtanach ní hamháin don chomhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch, ach d’fheidhmiú gheilleagar na hEorpa ina iomláine freisin.

3.2Is príomhghné den mhúnla sóisialta Eorpach iad seirbhísí leasa ghinearálta ardcháilíochta do chách agus bíonn tionchar acu freisin ar an daonlathas agus ar dhearcadh na saoránach i leith údarás agus rialtas. Creideann CESE go bhfuil solúbthacht agus neamhspleáchas de dhíth ar na Ballstáit chun seirbhísí poiblí a eagrú de réir a riachtanas agus a dtraidisiún féin, agus ardchaighdeáin á n-áirithiú ag an am céanna, amhail rochtain uilíoch (sóisialta, fisiceach agus críochach), leanúnachas, iontaofacht, sábháilteacht, inacmhainneacht, cuntasacht, oiriúnaitheacht agus freagrúlacht, chomh maith leis an inbhuanaitheacht san fhadtéarma.

3.3Léiríonn rochtain agus ancaireacht áitiúil an tábhacht a bhaineann le seirbhísí leasa ghinearálta maidir le rannpháirtíocht, comhchinneadh agus rialú daonlathach a chumasú, chomh maith le muinín as institiúidí a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach rochtain chomhionann ar sheirbhísí bunúsacha atá inacmhainne do chách a áirithiú don cheartas sóisialta agus don chomhtháthú sóisialta araon ós rud é go gcuirtear seirbhísí leasa ghinearálta ar fáil ar phraghas atá neamhspleách ar chumhacht ceannaigh na n-úsáideoirí. Mar a léiríonn TEN/772, is bealach cumhachtach é comhchruthú seirbhísí leasa ghinearálta chun daonlathas rannpháirteach a spreagadh agus chun lánpháirtiú na hEorpa a neartú.

3.4Mar phríomhsheirbhís leasa ghinearálta, is buncheart de chuid an duine í tithíocht shábháilte, leormhaith, inrochtana agus inacmhainne. Is gné bhunúsach den dea-bhail í freisin, mar aon le réamhriachtanas do gach seirbhís leasa ghinearálta agus seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta eile. Tá suíomh tithíochta ríthábhachtach don tsaoránacht agus don chaidreamh sóisialta.

3.5I gcomhréir le tuarascáil 2025 ar Staid na Deacáide Digití, ba cheart bonneagar digiteach rialtais a athchóiriú chun an spleáchas ar sholáthraithe seirbhíse lasmuigh den Aontas a laghdú, agus ceannasacht agus slándáil an Aontais á bhfeabhsú ag an am céanna, go háirithe i réimsí na nascachta agus sholáthar na seirbhíse poiblí. Cuireann seirbhísí ar líne feabhas freisin ar rannpháirtíocht daoine agus grúpaí sóisialta a bhfuil sé deacair teacht orthu. Le hiriseoireacht neamhspleách a chistítear go leordhóthanach, a mheastar a bheith ina bonneagar bunriachtanach don daonlathas, agus a bhfuil faireachán agus rialáil chuí ag gabháil léi ó thaobh faisnéis a scaipeadh agus a phlé, is féidir idirphlé a dhéanamh agus antoisceachas frithdhaonlathach a chosc. Tá CESE cinnte gur gá do shochaí dhaonlathach smacht a fháil arís ar an mbonneagar agus ar na seirbhísí is gá chun faisnéis a scaipeadh, mar a tharla i gcás bonneagar cumarsáide san am a chuaigh thart.

3.6Tá ról lárnach ag soláthar seirbhísí leasa ghinearálta i leathnú an bhonneagair dhigitigh chun rochtain chomhionann ar líonraí agus ar sheirbhísí digiteacha a chur ar fáil do gach saoránach. Go háirithe i réigiúin tuaithe, i réigiúin inar tearc an daonra nó i réigiúin atá lag ó thaobh an gheilleagair de, amhail na hoileáin, is minic a dhéanann comhlachtaí poiblí nó oibreoirí an gheilleagair shóisialta an leathnú sin, ós rud é nach ndéanann an margadh féin infheistíocht leordhóthanach. Is réamhriachtanas é an bonneagar digiteach do go leor seirbhísí leasa ghinearálta eile, amhail ríomhsheirbhísí sláinte, oideachas ar líne agus riarachán digiteach, rud atá ríthábhachtach freisin don talmhaíocht agus do gach oibreoir eacnamaíoch. Dá bhrí sin, is cuid de sheirbhísí leasa ghinearálta poiblí iad líonraí digiteacha agus tá siad fíor-riachtanach don rannpháirtíocht shóisialta agus don fhorbairt eacnamaíoch.

3.7Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith beartais seirbhísí leasa ghinearálta, seachas an cur chuige earnálach atá ann faoi láthair maidir le beartais an Aontais. Den mheon sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún obair leantach nithiúil a dhéanamh ar thuarascáil Letta de réir mhúnla Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an nGeilleagar Sóisialta 4 agus plean gníomhaíochta a cheapadh maidir le seirbhísí leasa ghinearálta i gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar go luath ar an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear béim ar leith a leagan ar chur chun feidhme phrionsabal 20 an Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar éifeacht a thabhairt don choincheap ‘saoirse chun fanacht’.

3.8Léirítear i dtuarascáil shuaitheanta Eurofound 2019 maidir le cáilíocht saoil agus seirbhísí poiblí 5 go bhfuil nasc dearfach ag seirbhísí poiblí le hiontaoibh, agus aird á tabhairt freisin ar luach na rannpháirtíochta poiblí i seirbhísí comhdheartha. Leagtar béim sa tuarascáil ar na neamhionannais leanúnacha idir tíortha agus grúpaí sóisialta éagsúla. Tá bearnaí suntasacha i soláthar seirbhísí, chomh maith le bacainní éagsúla ar rochtain éifeachtach. Cé go dtugann na torthaí léargas míchothrom ar cháilíocht na seirbhíse, tugann siad léiriú freisin ar conas tacaíocht níos sásúla a chur ar fáil. Cuireann Eurofound i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán chun cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach.

3.9I dteannta na forbartha eacnamaíche, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí leasa ghinearálta díriú ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus soláthar seirbhísí leasa ghinearálta á eagrú acu, e.g. deireadh a chur leis an mbochtaineacht trí inrochtaineacht agus inacmhainneacht a sholáthar; comhionannas inscne; rochtain do chách ar fhuinneamh, ar uisce agus ar shláintíocht atá inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe; agus obair chuibhiúil (lena n-áirítear dícheall cuí sa slabhra soláthair). Tá gné ceartais shóisialta ag baint leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe sin a mbíonn tionchar aici ar an gcomhtháthú. Is rud é sin a mbíonn tionchar dearfach aige ar an daonlathas.

3.10I gcás ina bhfuil leibhéil sástachta íseal, is rídhócha go bhfuil an dí-infheistiú i seirbhísí leasa ghinearálta mar gheall ar bheartais déine, an méadú ar chostas seirbhísí mar gheall ar loighic an mhargaidh agus infheistíocht neamhleor mar bhunús leis an míshástacht sin. Deimhnítear le sonraí chaighdeánacha Eorabharaiméadar 101 (Earrach 2024), i gcomhar le suirbhé Eurofound 2024 maidir le Cáilíocht na Beatha 6 , go bhfuil na 12 Bhallstát a bhfuil rátaí sástachta níos airde acu le cáilíocht saoil agus daonlathas rangaithe go maith freisin i rangú na mBallstát sin ina bhfuil an daonra sásta le soláthar seirbhísí poiblí. Dá bhrí sin, áitíonn CESE gur gá seirbhísí leasa ghinearálta a chistiú agus a fheabhsú i gceart agus iad a ailíniú níos dlúithe le riachtanais na saoránach d’fhonn sásamh agus muinín sa daonlathas a fheabhsú.

3.11Tá straitéis an Choimisiúin maidir le tionscal glan agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn le feiceáil sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus sa Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach. Leis sin, cuirtear tús le próiseas ina leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le seirbhísí leasa ghinearálta don straitéis eacnamaíoch ina hiomláine agus do phleanáil agus do chaiteachas seirbhísí leasa ghinearálta go háirithe.

3.12Creideann CESE gur cheart anailís leanúnach uile-Aontais ar dhea-chleachtais i réimse an dícharbónaithe a bhunú. Ina theannta sin, tá gá le cur chuige taighdebhunaithe maidir le measúnú a dhéanamh ar ról agus ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta chun sonraí a sholáthar maidir le rannchuidiú sholáthraithe seirbhísí leasa ghinearálta le hiomaíochas inbhuanaithe an Aontais. D’fhéadfaí faireachán rialta a dhéanamh air sin freisin, mar shampla trí scórchlár Eurostat.

3.13Mar a chuir CESE in iúl i dtuairimí roimhe seo, ní mór do sheirbhísí leasa ghinearálta a bheith cuimsitheach, iomaíoch, ar ardchaighdeán agus inacmhainne. Ní mór an aidhm sin a bhaint amach trí athchóirithe airgeadais agus rialála a chur chun feidhme. Ní caiteachas tomhaltais, ach infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí, atá i maoiniú seirbhísí leasa ghinearálta. Chun infheistíocht inbhuanaithe i seirbhísí leasa ghinearálta a ráthú, ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus iad a chosaint i gcreataí rialachais eacnamaíoch an Aontais, agus aitheantas á thabhairt don ról straitéiseach atá acu maidir le comhtháthú sóisialta agus iomaíochas fadtéarmach. Mar a léirítear i sampla reatha na díolúine do chaiteachas cosanta, is féidir díolúintí den sórt sin a dheonú agus níl aon bhaint aige sin le teorainneacha fioscacha, ach le toil pholaitiúil. Ós rud é nach mór do sheirbhísí leasa ghinearálta a bheith mar chuid de bheartas cosanta iomlánaíoch agus, go neamhspleách air sin, infheistíocht a bhfuil géarghá léi chun an t-iomaíochas agus an daonlathas a áirithiú, ní mór eisceacht den sórt sin a bheith indéanta freisin agus ní mór í a chur chun feidhme go pras.

3.14Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar ionstraimí ar nós an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú a neartú agus a dhaingniú go fadtéarmach. Is féidir leo sin cuidiú leis an aistriú glas a chur chun cinn agus seirbhísí leasa ghinearálta a neartú. Tá caiteachas an Chiste Comhtháthaithe teoranta d’aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha. Tá gá le beartas comhtháthaithe leathnaithe lena dtéitear i ngleic le neamhionannais shóisialta agus lena gcothaítear muintearas Eorpach. Ní mór caiteachas an Chiste Comhtháthaithe a mhéadú, gan é a laghdú. Má théann an méadú ar chaiteachas míleata chun dochair don bheartas comhtháthaithe, ní neartófar an Eoraip. D’fhéadfadh an tAontas dul i mbun iasachtaíocht chomhpháirteach, mar a rinne sé le linn na paindéime. Ina theannta sin, ba cheart an tsolúbthacht chéanna ar a laghad a thabhairt don chaiteachas ar chomhtháthú sóisialta agus réigiúnach agus a thugtar d’earnálacha straitéiseacha, amhail earnáil na cosanta, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an gcaiteachas sin maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais a áirithiú. Molann CESE an tsolúbthacht sin a chur i bhfeidhm mar chuid de chur chuige níos leithne i leith bearta slándála agus cosanta agus i leith seirbhísí leasa ghinearálta chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht phoiblí atá dírithe ar an bhfás agus chun comhbhabhtáil idir caiteachas cosanta agus sóisialta a sheachaint.

3.15Cuireann saoirsí an mhargaidh aonair agus dlí na hiomaíochta, go háirithe an dlí maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí, srian ar an gcaoi ar féidir seirbhísí leasa ghinearálta agus seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a eagrú agus a mhaoiniú. Caithfear athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar na rialacha speisialta laistigh den phacáiste 7 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Ní mór a léirchruthú céard iad na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta atá eisiata ón dlí maidir le Státchabhair. I gcás seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, amhail tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta, molann CESE freisin tuilleadh Státchabhrach agus téarmaí níos faide a chur ar fáil chun cúiteamh a fháil as seirbhísí a sholáthar. D’fhonn an breisluach réigiúnach agus Eorpach a chur chun cinn, ba cheart dámhachtainí díreacha a chosaint agus a leathnú trí na tairseacha a mhéadú. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir maidir le Soláthar Poiblí, ba cheart an t-athchóiriú a shimpliú agus critéir shóisialta agus inbhuanaitheachta a dhreasú a thuilleadh – bunaithe ar spriocanna ábhartha an Aontais – mar aon le rochtain níos fearr ar sholáthar poiblí do FBManna le haghaidh geilleagar AE níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur le cur chuige atá bunaithe ar phraghsanna amháin i bhfabhar córas atá bunaithe ar chóimheas leordhóthanach idir praghas agus caighdeán. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart slabhraí fochonraitheoireachta a laghdú agus dliteanas conraitheoirí ginearálta a fhorchur, agus ar an gcaoi sin gnéithe tábhachtacha ar leibhéal an Aontais a chomhchuibhiú. Thairis sin, ba cheart a bheith in ann fad na gconarthaí le haghaidh seirbhísí sóisialta, atá teoranta do thrí bliana, a shíneadh chun cobhsaíocht pleanála a áirithiú do sholáthraithe agus do chustaiméirí araon agus ba cheart scéimeanna poiblí inmheánacha a cheadú faoi bhun tairseach áirithe.

3.16Chomh maith le saincheist an chistithe le haghaidh seirbhísí leasa ghinearálta, tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go mbeidh an lucht saothair oilte is gá ar fáil agus líon leordhóthanach daoine a (ath)oiliúint. Ní mór a áireamh leis sin freisin poist ardcháilíochta agus tháirgiúla a chruthú, le tacaíocht ó idirphlé sóisialta éifeachtach, pá cothrom agus dálaí maithe oibre d’oibrithe in earnálacha seirbhísí leasa ghinearálta agus níos faide i gcéin.

3.17I bhfianaise na srianta buiséadacha atá ar roinnt mhaith Ballstát, tá baol ann go bhféadfadh iomaíochas agus breithnithe buiséid cosc a chur orainn gnéithe níos tábhachtaí a chur san áireamh, amhail an daonlathas, cearta an duine nó cáilíocht saoil. Níor cheart an plé faoi thodhchaí na seirbhísí leasa ghinearálta a bheith teoranta dá ‘n-airgeadrú’ amháin. Tá baol ann go mbeidh córas dhá shraith seirbhísí leasa ghinearálta ann, córas ina dtagann meath ar cháilíocht na seirbhísí bunúsacha agus ina mbíonn ar shaoránaigh dul i muinín seirbhísí níos tapa agus ar cháilíocht níos airde. Tá údar le loighic sin an mhargaidh i gcomhthéacs seirbhísí príobháideacha neamhriachtanacha nach seirbhísí leasa ghinearálta iad. Tá sé tábhachtach a áirithiú nach gcuirfear i bhfeidhm é ar sheirbhísí poiblí, a chomhlíonann bunriachtanais an daonra agus a áirithíonn comhtháthú sóisialta agus críochach 8 .

3.18 Ní mór tuiscint níos leithne ar an ról lárnach atá ag seirbhísí leasa ghinearálta maidir le héagothroime ioncaim agus saibhris a fhritháireamh agus maidir leis an daonlathas a threisiú a chur chun cinn. Chun rannpháirtíocht chuiditheach a spreagadh, ní mór do sholáthraithe seirbhíse poiblí, d’oibrithe agus d’úsáideoirí dearcthaí a chéile a thuiscint. Dá gcuirfí seirbhísí leasa ghinearálta chun cinn ar bhealach níos fearr, d’fhéadfaí cur le tiomantas na n-oibrithe, agus d’fhéadfaí aitheantas níos fearr a thabhairt do thábhacht na seirbhísí leasa ghinearálta don tsochaí agus dá comhtháthú sóisialta. Trí bhéim a leagan ar obair oibrithe seirbhís leasa ghinearálta in idirphlé idir saoránaigh agus oibrithe seirbhísí leasa ghinearálta, d’fhéadfaí urraim níos fearr do sheirbhísí comhchoiteanna agus tiomantas a chothú. Bhí torthaí dearfacha ar bheartais dorais oscailte, ar chuairteanna scoile agus ar fheachtais fógraíochta i réimse na seirbhísí bardasacha.

3.19Dá mhéad saoránach atá rannpháirteach i gcinntí a dhéanamh maidir leis na fóntais phoiblí agus na seirbhísí comhchoiteanna a chuirtear ar fáil dóibh, is amhlaidh is mó a neartófar fíordhaonlathas rannpháirteach agus glacadh agus toilteanas na saoránach amach anseo na ranníocaíochtaí airgeadais a chomhroinnt ar bhealach cothrom (e.g. trí chánacha nó táillí seirbhíse) chun an tseirbhís a fháil.

3.20Tá CESE den tuairim láidir go bhfuil infheistíocht san oideachas agus sa taighde ríthábhachtach chun neart eacnamaíoch na hEorpa a choimeád agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar athruithe déimeagrafacha (easpa saothair agus scileanna), ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar dhúshláin aeráide. Is éard atá i gceist leis sin infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí leasa ghinearálta, i gcórais oideachais phoiblí agus san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht (e.g. Fís Eorpach), chun ár n-iomaíochas agus ár bhfolláine amach anseo a dhaingniú.

An Bhruiséil, 24 Meitheamh 2025.

Cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Baiba MILTOVIČA

_____________

(1)    Statistical update on Services of General Interest (SGIs) – Federal Planning Bureau, Belgian Government , Bealtaine 2024.
(2)     https://commission.europa.eu/topics/single-market/services-general-interest_ga .
(3)      Eorabharaiméadar Caighdeánach 101 - Earrach 2024.
(4)       https://social-economy-gateway.ec.europa.eu/eu-initiatives/seap_en?prefLang=ga .
(5)    Eurofound, Challenges and prospects in the EU: Quality of life and public services, 2019 ( http://eurofound.link/ef19039 ).
(6)      Eurofound (2024), Quality of life in the EU in 2024: Results from the Living and Working in the EU e-survey ( https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/2025-01/ef24028en.pdf ).
(7)    An Coimisiún Eorpach: SGEI package .
(8)    Féach freisin: Michael Sandel: What Money Can’t Buy: The Moral Limits of Markets, 2013.