GA

CCMI/239

Ationsclú na hEorpa
i gcomhthéacs ghéarchéim
an chostais maireachtála

TUAIRIM

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Ationsclú na hEorpa – deis do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do shaoránaigh i gcomhthéacs ghéarchéim an chostais maireachtála

(tuairim féintionscnaimh)

Teagmháil

Adam.Dorywalski@eesc.europa.eu

Riarthóir

Adam DORYWALSKI

Dáta an doiciméid

10/6/2025

Rapóirtéir: Andrés BARCELÓ DELGADO (ES-I)

Comhrapóirtéir: Monika SITÁROVÁ (SK-2)

Comhairleoirí

Vega GIL OYAREGUI (thar ceann rapóirtéir Ghrúpa I)

Juan José LUIS DELGADO (thar ceann chomhrapóirtéir Chatagóir 2)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

3/12/2024

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

4/6/2025

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

36/1/3

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



BROLLACH

Tá an tuairim seo mar chuid de phacáiste níos leithne de thuairimí ó CESE maidir le géarchéim an chostais maireachtála. Leis an bpacáiste seo, tá na gnéithe éagsúla den dúshlán beartais seo á scrúdú ag CESE agus tá sraith chuimsitheach moltaí forleathana á gcur faoi bhráid lucht ceaptha beartas ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí eile. Tá seacht ‘dtuairim earnála’ 1 sa phacáiste agus gach ceann acu dírithe ar shaincheisteanna i réimse beartais ábhartha ar leith. Ina theannta sin, gabhann ‘scáth-thuairim’ 2 leis an bpacáiste ina gcuirtear moltaí uileghabhálacha beartais i láthair chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an chostais maireachtála ina hiomláine agus chun athléimneacht a chothú i gcoinne géarchéimeanna eile nár thit amach go fóill.

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE tionscnamh Chompás Iomaíochais an Choimisiúin, rud atá dírithe ar iomaíochas gheilleagar an Aontais a fheabhsú chun an bhearna idir é agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Áise a dhúnadh. Ní mór méadrachtaí feidhmíochta soiléire a bheith ina gcuid d’fhorbairt an Chompáis chun go mbeidh institiúidí agus geallsealbhóirí an Aontais in ann faireachán a dhéanamh ar chur i gcrích gach cúraim a áirítear ann. Tá gá freisin le tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú.

1.2Mar chuid de Chlár Oibre 2025 an Choimisiúin tá plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne. Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh an plean an soláthar leictreachais a dhaingniú agus praghas cobhsaí iomaíoch intuartha a chinntiú. Ba cheart fuinneamh ísealcharbóin a áireamh ann freisin, trí bhíthin foinsí in-athnuaite agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch.

1.3Caithfear an uathriail straitéiseach oscailte a chur i gcroílár an phróisis ationsclaithe, is é sin le rá, rochtain ar amhábhair a áirithiú, foinsí a éagsúlú agus geilleagar an Aontais a dhéanamh níos athléimní. Chun cuideachtaí a spreagadh lena dtáirgeadh a gharbhunú thar lear san Aontas, molann CESE beartas tionsclaíoch a ghlacadh a bheadh bunaithe ar chur chuige an tslabhra luacha. Leagtar béim sa chur chuige sin ar an tábhacht chéanna a bheith ag baint le gníomhaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon san aistriú. Is féidir déanamh amhlaidh tríd an líon comhpháirtíochtaí le tíortha nach bhfuil san Aontas a mhéadú agus trí nósanna imeachta ceadaithe a chuíchóiriú, agus aird á tabhairt san am céanna ar na caighdeáin saothair, sóisialta agus comhshaoil, chun tacú le fás thionscail eastóscacha an Aontais féin.

1.4Ní mór do reachtóirí an Aontais leas a bhaint as an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch atá ar na bacáin chun inbhuanaitheacht na samhlacha gnó malartacha agus shamhlacha gnó an gheilleagair chiorclaigh a áirithiú trí cheadúchán brostaithe, tacaíocht airgeadais agus tacaíocht bheartais a thairiscint do na gnólachtaí atá tiomanta don aistriú. Ba cheart don togra le haghaidh Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach a bheith ina theachtaireacht shoiléir tacaíochta do na gnólachtaí ciorclacha, rud a chuirfeadh in iúl do lucht infheistíochta gurb é an tAontas an timpeallacht is fearr chun réitigh ghlana a fhorbairt.

1.5Caithfidh an t-idirphlé sóisialta, an chómhargáil san áireamh, a bheith i gcroílár phróiseas an ationsclaithe, chun an ghné shóisialta den mhargadh aonair a threisiú.

1.6Éilíonn an t-ationsclú clár nuálaíochta tiomnaithe le spriocanna sonracha, lena n-áirítear tionscail atá ann cheana agus forbairtí nua araon, atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta. Teastaíonn infheistíocht phoiblí ón gclár seo, rud ar gá coinníollachtaí sóisialta a bheith ag gabháil léi mar a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan.

1.7Molann CESE don Aontas cláir comhpháirtíochta príobháidí poiblí a chur chun cinn chun borradh a chur faoin infheistíocht thionsclaíoch, agus roinn ar leith a thiomnú do chur chun cinn na fiontraíochta i measc na hóige in earnáil na monaraíochta. Ba cheart don chlár comhar a chothú idir institiúidí poiblí agus cuideachtaí príobháideacha chun dlús a chur leis an nuálaíocht agus le margaíocht na dteicneolaíochtaí nua.

1.8Éilíonn CESE ar an gCoimisiún, maidir leis an togra le haghaidh Aontas na Scileanna atá le teacht uaidh, foráil a dhéanamh ann go mbeadh scileanna fostaithe aithinte agus bailíochtaithe san Aontas ina iomláine a luaithe a d’aithneodh údarás poiblí iad in aon cheann de na Ballstáit, rud a laghdódh na hualaí maorlathacha. Ní mór don Choimisiún clár uile-Aontais a sheoladh chun printíseachtaí tionsclaíocha ar phá cóir a chur chun cinn i measc na nglúnta óga, rud a chothódh lucht saothair níos athléimní. Ba cheart uirlisí a sholáthar leis freisin chun athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus conair a chur ar fáil chun aistriú cóir a dhéanamh a mbeadh uas-sciliú agus athoiliúint an lucht saothair ina gcuid di, mar chuid den idirphlé sóisialta.

1.9Is deis í an scéim soláthair phoiblí ghlain chun borradh a chur faoi iarrachtaí ar son na hinbhuanaitheachta ó chuideachtaí an Aontais agus iad a aithint ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

1.10Chun an t-iomaíochas a fheabhsú agus an táirgeadh tionsclaíoch a choinneáil agus a fhorbairt san Aontas, teastaíonn ó CESE go ndéanfadh pacáistí omnibus comhleanúnachas rialála agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú ar son na gcuideachtaí agus na n-oibrithe, na nósanna imeachta ceadúcháin a chuíchóiriú trína ndéanamh níos soiléire, níos tapa agus níos intuartha, agus sreafaí oibre um thuairisciú a laghdú agus tuairisciú iomarcach a chosc. Ach caighdeáin na teicneolaíochta glaine a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, is féidir rochtain ar an margadh agus comhlíonadh na rialacha a éascú do ghnólachtaí freisin.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Cé go dtabharfadh roinnt táscairí maicreacnamaíocha le fios go bhfuil geilleagar an Aontais ag feidhmiú ar bhealach inghlactha, le boilsciú níos ísle, ráta dífhostaíochta an-íseal agus costais fuinnimh níos fearr ná mar a bhí le linn ghéarchéim fuinnimh 2022, fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair Fhómhar 2023 an Choimisiún Eorpaigh gurbh é an méadú ar an gcostas maireachtála an chloch ba mhó ar phaidrín 93 % de shaoránaigh an Aontais 3 . Níor tháinig athrú ar an scéal ó shin: ba iad an costas maireachtála (42 %) agus cúrsaí eacnamaíocha (41 %) na príomhábhair a spreag saoránaigh na hEorpa chun vótáil sna toghcháin Eorpacha dheireanacha i mí an Mheithimh anuraidh 4 . Thairis sin, sa suirbhé mórscála is déanaí ó Eurofound (2024), thuairiscigh níos mó freagróirí go raibh deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, agus dúirt 30 % de na freagróirí go raibh sé deacair nó an-deacair greim a choinneáil faoin bhfiacail, i gcomparáid le 22 % in 2023 5 .

2.2Tá an Eoraip ag dul i ngleic faoi láthair le dhá dhúshlán, mar atá aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an chostais maireachtála agus éifeachtaí fadtéarmacha an díthionsclaithe a aisiompú. Tá dlúthbhaint ag an dá shaincheist sin le chéile agus baineann impleachtaí suntasacha leo do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do shaoránaigh ar fud an Aontais.

2.3Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna atá le géarchéim an chostais maireachtála:

2.3.1Tháinig méadú ar an mboilsciú in 2021, agus an téarnamh eacnamaíoch tapa tar éis COVID-19 ina chúis leis sin, agus shroich sé 2.9 %. Mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus ar an ngéarchéim fuinnimh, chuaigh an ráta boilscithe suas go 9.2 % in 2022. Tar éis dó titim beagán go 6.4 %, mhaolaigh an ráta boilscithe go 2.6  in 2024. Tá an boilsciú á aireachtáil go mór, áfach, toisc go bhfuil costas thráchtearraí siopadóireachta an tí ag dul i méid i gcónaí 6 . Tá an chumhacht ceannaigh laghdaithe go mór aige, rud a chuireann brú ollmhór airgeadais ar theaghlaigh mheánioncaim agus ar theaghlaigh ar ioncam íseal.

2.3.2Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar phraghsanna mórdhíola leictreachais agus gáis ó dheireadh 2022, tá siad fós thart ar dhá oiread a leibhéil stairiúla, agus bíonn luaineachtaí ann de dheasca gníomhaíochtaí rialála, dálaí margaidh agus an teannais gheopholaitiúil leanúnaigh 7 . Ní raibh an toradh inmhianaithe ar an athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an margadh leictreachais, ós rud é go gcuireann an t-ord fiúntais (an córas praghsála imeallaí) cosc ar thomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as úsáid an fhuinnimh in-athnuaite. Léirítear i dTuarascáil Draghi an bhearna mhór i bpraghsanna leictreachais agus gáis idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá 8 . Tá costas an fhuinnimh ina údar suntasach imní ní hamháin d’earnáil na tionsclaíochta, arb í, in éineacht le hearnáil an iompair, ceann de na tomhaltóirí is mó fuinnimh amuigh, ach do na teaghlaigh is leochailí freisin.

2.3.3Is éagsúil agus ilchineálach an tionchar atá imeartha ar an neamhionannas ioncaim, ó thaobh ioncaim, rochtain ar sheirbhísí sláinte agus oideachais de. Tuartar fós go mbeidh an fíorphá in 2024 1.1 % faoi bhun a leibhéil in 2019 san Aontas. Braitheann roinnt mhaith teaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal éifeachtaí díobhálacha na tréimhse ardbhoilscithe ar a gcumhacht cheannaigh go fóill. Go háirithe, tá díothacht ábhartha agus shóisialta agus anás airgeadais oibrithe fós ard i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh 2022 9 . San am céanna, tá grúpaí áirithe den tsochaí níos measa as ná grúpaí eile. Is iad na daoine is mó atá thíos leis na daoine a bhfuil post acu nach bhfuil mórán oiliúna ag teastáil lena aghaidh, mná agus daoine óga Caithfear staidéar a dhéanamh go fóill ar na héifeachtaí fadtéarmacha atá i gceist 10 .

2.3.4Mar gheall ar ghéarchéim an chostais maireachtála, an t-ardú as cuimse atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus drochthionchar phaindéim COVID-19, is in olcas atá fadhb róchostas na tithíochta dulta. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar chostais na tithíochta mar thoradh ar thosca struchtúracha amhail an t-uirbiú, athruithe déimeagrafacha, agus an infheistíocht amhantrach san eastát réadach 11 . Ní hiad na teaghlaigh ar ioncam íseal amháin a bhíonn thíos le costas iomarcach na tithíochta, ach na teaghlaigh ar mheánioncam agus na daoine óga freisin. Is dócha gurb í an tithíocht inacmhainne an príomhdhúshlán atá roimh an aos óg, rud a chuireann cosc orthu saol neamhspleách a thosú. Cé go raibh staid mhargadh an tsaothair do dhaoine óga níos fabhraí ag deireadh 2023 ná mar a bhí le blianta beaga anuas, bhí go leor bacainní fós ar a mbealach chun neamhspleáchais, amhail an costas maireachtála a bheith ag dul i méid agus é a bheith thar a n-acmhainn acu teach na dtuismitheoirí a fhágáil 12 .

2.4An díthionsclú san Eoraip

Leis na blianta fada anois, tá próiseas díthionsclaithe ar bun san Eoraip, agus tá laghdú seasta tagtha ar an méid a chuireann an mhonaraíocht leis an ngeilleagar foriomlán. Le blianta beaga anuas, tá sciar na tionsclaíochta den olltáirgeacht intíre laghdaithe ó 21.0 % in 2005 go 18.5 % in 2022 13 . Tá laghdú leanúnach ag teacht, ar luas lasrach, ar líon na bpost in earnáil na monaraíochta ar fud na mór-roinne ó 2008 i leith. Bíonn tionchar ag an méid sin ní hamháin ar na hoibrithe ar bheagán oiliúna ach ar ghairmithe ardcháilithe freisin 14 . Tá roinnt cúiseanna éagsúla leis an athrú sin:

2.4.1An domhandú: Go hiondúil, is é an rud a dhéanann na cuideachtaí na slabhraí soláthair agus a n-acmhainní monaraíochta a sheachfhoinsiú chun costais a laghdú. Mar thoradh ar athlonnú na monaraíochta chuig réigiúin ina bhfuil costais saothair níos ísle, rinneadh obair tháirgeachta a sheachfhoinsiú thar lear, rud a d’fhág gur dúnadh monarchana agus gur cailleadh poist san Eoraip.

2.4.2Moilleanna ar oiriúnú teicneolaíochta agus tearcinfheistíocht sa nuálaíocht: Tá dul chun cinn san uathoibriú agus sa digiteáil tar éis an t-éileamh ar phoist thionsclaíocha thraidisiúnta a laghdú, rud a chruthaigh neamhréir idir scileanna an lucht saothair agus riachtanais na dtionscal nua-aimseartha.

2.4.3Béim an bheartais a leagan ar sheirbhísí: Is iomaí tír san Eoraip a bhfuil tús áite tugtha aici do na hearnálacha seirbhísbhunaithe, rud a fhágann, i roinnt cásanna, gur lú an bhéim a leagtar ar an monaraíocht thraidisiúnta. Tá an t-aistriú sin tar éis cur le meath na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha, rud a léiríonn an gá atá le cur chuige beartais níos cothroime.

2.4.4I measc na rudaí eile a chuir go suntasach le próisis an díthionsclaithe, tá beartais trádála agus tionsclaíochta an Aontais, beartais chomhshaoil agus rialála, athruithe déimeagrafacha agus ganntanais lucht saothair, easpa infheistíochta leordhóthanaí agus an t-iomaíochas a bheith ag dul i laghad.

2.4.5Is forleathan na hiarmhairtí a bhaineann leis an díthionsclú. Réigiúin a raibh an mhonaraíocht faoi bhláth iontu tráth den saol, tá taithí acu anois ar an marbhántacht eacnamaíoch, ar rátaí dífhostaíochta níos airde, agus ar éagothromaíochtaí réigiúnacha a bheith ag dul i méid. Mar gheall ar an acmhainneacht thionsclaíoch a cailleadh, tá méadú tagtha freisin ar spleáchas na hEorpa ar allmhairí, rud a nochtann an mhór-roinn do leochaileachtaí sna slabhraí soláthair domhanda agus sna margaí fuinnimh, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19.

2.5Tá an tionsclaíocht ar ais ar an gclár oibre polaitiúil

Bheadh an t-ationsclú ar an rogha ab fhearr agus chuirfeadh sé bealach straitéiseach ar fáil chun an méid a leanas a dhéanamh:

2.5.1Borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch: Tá an gnáthbhuntáiste costais a bhaineann le slabhraí soláthair seachfhoinsithe á chreimeadh ag an méadú atá tagtha ar chostas iomlán na húinéireachta, ag méadú an phá, lena n-áirítear i dtíortha nach bhfuil san Aontas, ag ardú chostas an iompair, ag ardú costas na ndleachtanna agus an allmhairiúcháin, chomh maith le suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann. Tríd an táirgeadh áitiúil a mhéadú agus an spleáchas ar shlabhraí soláthair domhanda luaineacha a laghdú, is féidir leis an Eoraip feabhas a chur ar a cobhsaíocht eacnamaíoch agus ar a huathriail straitéiseach.

2.5.2Nuálaíocht a chothú: Is í earnáil na tionsclaíochta is mó is cúis leis an nuálaíocht i dtáirgí, próisis agus seirbhísí. Na dúshláin nua a bhaineann leis an digiteáil agus leis an intleacht shaorga, leis an róbataic agus leis an ngeilleagar ciorclach, is deis shuntasach iad freisin don Aontas. Tá an t-ationscalú á mhúnlú agus á shainiú ag Tionscal 5.0. An sprioc atá ann ná bonn tionsclaíoch nua-aimseartha iomaíoch inbhuanaithe a chruthú.

2.5.3An inbhuanaitheacht a chur chun cinn: Trí chleachtais inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha, is féidir cabhrú leis an Aontas a spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach agus, ag an am céanna, gan a bheith ag brath an oiread céanna ar amhábhair agus deiseanna nua margaidh a chruthú.

2.5.4Poist shlána ar ardchaighdeán a sholáthar, mar aon le hidirphlé sóisialta buan: Tá earnáil na tionsclaíochta ar cheann de na foinsí fuinnimh is tábhachtaí taobh thiar den fhostaíocht agus cuidíonn sí freisin leis an gcomhtháthú agus an chobhsaíocht shóisialta.

2.5.5I roinnt tíortha, tá éirithe go maith leis an gceannach thar barr amach ag comharghrúpa oibrithe, agus d’fhéadfaí déanamh amhlaidh i dtíortha eile san Aontas. Fad is a chuirtear struchtúr cuí leis, is féidir poist a shábháil agus láithreáin táirgthe a chaomhnú.

2.6Comhthéacs an bheartais straitéisigh:

Trí bhíthin tionscnaimh bheartais a thagann le moltaí Tuarascáil Draghi maidir le todhchaí iomaíochas an Aontais, agus tionscnaimh de chuid an Choimisiúin, ní mór d’earnáil tionsclaíochta an Aontais an bhearna a laghdú idir é agus a phríomh-chomhpháirtithe trádála, lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín.

2.6.1Leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan bealach soiléir chun díriú ar an dícharbónú, ar theicneolaíochtaí glana agus ar dhreasú na hinfheistíochta. Cuideoidh an Coimisiún le creat rialála a thógáil lena gcothófar fás, tacóidh sé le hearnáil na tionsclaíochta dul i mbun nuálaíochta, uas-scálú a dhéanamh, táirgí a mhonarú agus seirbhísí a sholáthar, agus rachaidh sé i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile chun réitigh spriocdhírithe a áirithiú i gcás gach slabhra luacha.

2.6.2Sa ‘Chompás Iomaíochais’, rud a tógadh de réir na moltaí a rinneadh i dtuarascáil Mario Draghi maidir lena bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa, aithnítear trí phríomhréimse gníomhaíochta, mar atá an nuálaíocht, an dícharbónú agus t-iomaíochas, an tslándáil agus an athléimneacht, mar aon le cúig ghníomhaíocht leathana, is iad sin simpliú, bacainní ar an margadh aonair a laghdú, iomaíochas a mhaoiniú, scileanna agus poist ar ardchaighdeán a chur chun cinn, agus beartais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú agus a chomhordú. Déanfaidh sé a leithéid de laghdú nach bhfacthas cheana ar an rómhaorlathas, díreofar thar aon rud eile ar FBManna na hEorpa agus áireofar ann Uirlis um Chomhordú Iomaíochais chun cabhrú leis na Ballstáit dul i gcomhar le chéile ar thionscadail leasa straitéisigh choitinn.

3.Barúlacha sonracha

3.1Trí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an díthionsclaithe agus ghéarchéim an chostais maireachtála, is féidir leis an Eoraip an deis seo a thapú chun a geilleagar a athbheochan, a lucht saothair a chumhachtú, agus cáilíocht an tsaoil a fheabhsú dá saoránaigh. Seo a leanas cuid de na gnéithe agus na deiseanna is mó tábhacht:

Ó thaobh na ngnólachtaí de:

3.1.1Deis atá san ationsclú ardteicneolaíochtaí a chur chun tairbhe, nuálaíocht a chothú agus an t-iomaíochas domhanda a fheabhsú. Is féidir le tionscail na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta sa chlaochlú glas agus sa chlaochlú digiteach.

3.1.2Trí bhorradh nua a chur faoin monaraíocht agus an táirgeadh a chur ar bun sa bhaile an athuair, is féidir le gnólachtaí baol an chuir isteach ar na slabhraí soláthair domhanda a mhaolú agus na costais a chobhsú.

3.1.3Trí chleachtais inbhuanaithe a ghlacadh atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais, is féidir doirse margaí nua a oscailt do na táirgí agus na seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Ó thaobh na n-oibrithe de:

3.1.4Má leagtar béim as an nua ar an tionsclaíocht is féidir poist sheasmhacha a bhfuil pá maith ag dul leo a áirithiú ar fud earnálacha éagsúla, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna na dífhostaíochta ar measa iad de dheasca na díthionsclaithe.

3.1.5Leis an infheistíocht san oideachas agus sa ghairmoiliúint, áirithítear go bhfuil an lucht saothair in ann freastal a dhéanamh ar éilimh na dtionscal nua-aimseartha.

3.1.6Is seasmhaí an fhostaíocht a chuireann tionscail áitiúla athléimneacha ar fáil, rud a laghdaíonn an spleáchas ar na margaí luaineacha domhanda.

3.1.7Má leagtar béim ar chleachtais inbhuanaithe agus eiticiúla, is féidir go dtiocfaidh feabhas ar na dálaí oibre agus ar sheasmhacht na bpost.

Ó thaobh na shaoránach de:

3.1.8Má bhíonn rath ar earnáil na tionsclaíochta, rachaidh sé sin chun tairbhe don chobhsaíocht eacnamaíoch ghinearálta, rud a chuirfidh leis an gcaighdeán maireachtála agus a laghdóidh an bhochtaineacht.

3.1.9Cuireann earnáil na tionsclaíochta poist ar ardchaighdeán ar fáil, rud a chinnteoidh, in éineacht leis na cánacha a íocann lucht tionscail, infheistíochtaí poiblí sa bhonneagar agus i seirbhísí.

3.1.10Má dhéantar criosanna tionsclaíocha a athbheochan, is féidir go dtiocfaidh bonneagar níos fearr, seirbhísí poiblí feabhsaithe agus geilleagair áitiúla bhríomhara as.

3.2Ar an iomlán, is féidir buntáistí suntasacha fadtéarmacha a bhaint amach a bhuí leis an ationsclú. Mar sin féin, tá dúshláin ag baint leis freisin, dúshláin a éilíonn iarrachtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon agus is gá é a bhainistiú trí bhíthin beartais thomhaiste agus pleanáil straitéiseach:

3.2.1Ceann de na dúshláin is mó is ea fostaithe oilte a mhealladh agus a choinneáil. Bíonn earnáil na tionsclaíochta in iomaíocht le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile chun na daoine is cumasaí a mhealladh agus a choinneáil, rud a fhágann gur gá poist sheasmhacha, tuarastail iomaíocha agus forbairt gairme a thairiscint. Tionscnamh dearfach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán, mar tá sé ríthábhachtach, má táthar chun oibrithe a mhealladh, poist ar chaighdeán maith agus dálaí oibre cuibhiúla a bheith ann. De bhreis air sin, ba cheart beartais a chur chun feidhme chun codanna den phobal nach cuid de mhargadh an tsaothair iad, go háirithe mná, daoine óga, imircigh agus grúpaí leochaileacha eile, a spreagadh agus oiliúint a chur orthu agus na scileanna is gá a thabhairt dóibh. Lena chois sin, caithfidh na Ballstáit a bheith sásta fáilte a chur roimh oibrithe oilte ó thíortha nach tíortha den Aontais iad ar bhealach cuíchóirithe nach bhfuil an iomarca maorlathais ag baint leis. Áirítear leis sin dlús a chur le próisis na gceadanna oibre, cáilíochtaí eachtracha a aithint agus cóir chomhionann a áirithiú. Ba cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh an ceann scríbe is mó tóir i measc oibrithe oilte ó gach cearn den domhain a dhéanamh de féin.

3.2.2Oiliúint agus forbairt scileanna teicniúla agus boga araon a sholáthar do na hoibrithe mar aon le conair ghairme shoiléir agus deiseanna gairmiúla: De réir mar a fhorbraítear earnáil na turasóireachta, bíonn gá leanúnach le hoiliúint agus le hathoiliúint a chur ar an bhfórsa saothair chun a áirithiú go bíonn scileanna na n-oibrithe ag teacht le héilimh mhargadh an tsaothair. Is tábhachtaí fós fórsa saothair oilte athléimneach a bheith ann sna hearnálacha a bhfuil aghaidh á tabhairt ar an dá aistriú acu. Thairis sin, is díol sásaimh do CESE an iarraidh ón gCoimisiún ar na rialacha maidir le státchabhair a mhodhnú agus an infheistíocht phoiblí a nascadh le coinníollachtaí sóisialta, chun dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta d’fhonn infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú, in athsciliú, i bpoist ardcháighdeáin agus in earcú na n-oibrithe a theastaíonn chun aistriú cóir a dhéanamh. Ba cheart Aontas na Scileanna agus Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM a chur chun tairbhe chun na críche sin. Ba cheart don oiliúint sin aitheantas agus bailíochtú díreach scileanna na n-oibrithe a éascú san Aontas ina iomláine a luaithe a aithníonn údarás poiblí iad in aon cheann de na Ballstáit, rud a laghdódh na hualaí maorlathacha.

3.2.3Fágann luas lasrach dhul chun cinn na teicneolaíochta gur gá do na tionscail oiriúnú agus nuálaíocht a dhéanamh go leanúnach. Ní mór d’earnáil na tionsclaíochta an claochlú digiteach a ghlacadh chuici féin, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a ghlacadh, agus béim ar leith á leagan ar chur chuige láidir cibearshlándála chun sláine sonraí a áirithiú agus na cearta pearsanta a urramú ina n-iomláine.

3.2.4Ní beag an dúshlán ationsclú agus dícharbónú a dhéanamh ag aon am amháin. Ní mór do na tionscail cothromaíocht a bhaint amach idir fás agus inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta. Tá sé ríthábhachtach cleachtais inbhuanaithe a chomhtháthú sna próisis thionsclaíocha chun rialacháin chomhshaoil a chomhlíonadh, mar aon lena bhfuil na tomhaltóirí ag súil leis. Is éard atá i gceist leis sin teicneolaíochtaí glasa a ghlacadh, an lorg carbóin a laghdú, agus prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn. Is gá táirgí ciorclacha agus samhlacha gnó nuálacha atá bunaithe ar an gciorclaíocht a chur chun cinn le dreasachtaí, rud a chuirfidh ar chumas na dtionscal leanúint den iomaíocht le samhlacha gnó traidisiúnta brabúsacha agus táirgí agus seirbhísí ‘glasa’ agus ‘glana’ a dhéanamh inacmhainne.

3.2.5Ualaí rialála agus riaracháin agus saincheisteanna trasteorann: Is minic a mheastar gur ualach casta iad timpeallacht rialála agus nósanna imeachta formheasa riaracháin an Aontais, cuir i gcás, deir 32 % de ghnólachtaí an Aontais gur constaic mhór ar a ngníomhaíochtaí infheistíochta na rialacháin 15 . Bíonn costais shuntasacha chomhlíonta agus moilleanna riaracháin ar ghnólachtaí maidir le ceadanna agus formheasanna a fháil, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht agus nuálaíocht. D’ainneoin an mhargaidh aonair, cruthaíonn difríochtaí ó thaobh rialacháin, caighdeáin agus nósanna imeachta náisiúnta de bacainní iontrála agus cuireann siad leis na costais atá le híoc ag na gnólachtaí a bhíonn i mbun gnó i níos mó ná tír amháin san Aontas. Ní hionann simpliú agus dírialáil. Níl i gceist an Comhaontú Glas ná coimircí riachtanacha sóisialta a shracadh as a chéile, ná an Eoraip a dhéanamh níos cosúla leis na Stáit Aontaithe ach oiread. Is éard atá i gceist an maorlathas nach dtéann chun tairbhe do dhuine ar bith a chaitheamh i dtraipisí.

3.2.6 Cé go bhféadfadh an t-ationsclú poist nua a chruthú, d’fhéadfadh easáitiú teicneolaíochta a bheith mar thoradh air freisin, áit a dtagann uathoibriú agus ardteicneolaíochtaí in ionad cineálacha áirithe saothair. Chun aghaidh a thabhairt air sin, beidh gá le cláir shonracha athoiliúna agus beartais shóisialta.

3.2.7De réir mar a éiríonn na tionscail níos iomaíche, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh tuilleadh brú fós ó na hiomaitheoirí domhanda. Beidh gá le hiarrachtaí leanúnacha nuálaíochta agus infheistíochta chun buntáiste iomaíoch a choinneáil.

3.2.8Is gá an t-idirphlé sóisialta, an chómhargáil san áireamh, a bheith i gcroílár phróiseas an ationsclaithe, chun an cur chuige rannpháirteach a áirithiú. Ba cheart d’fhostóirí agus d’oibrithe gealltanas a thabhairt cláir oiliúna iomaíocha a chothaíonn comhtháthú tionsclaíoch, sóisialta agus críochach a chruthú agus a chur chun feidhme trí bhíthin na cómhargála agus rannpháirtíocht na n-oibrithe ar leibhéal na cuideachta. Ba cheart do chonradh sóisialta nua aird a thabhairt ar an tsochaí shibhialta eagraithe, glór na ndaoine óga agus, go háirithe, na réigiúin is mó a ndéanann na haistrithe difear dóibh.

3.3Ról na tionsclaíochta i gcur chun cinn na nuálaíochta agus na seirbhísí breisluacha:

3.3.1Is cuid ríthábhachtach d’ationsclú na hEorpa an tionsclaíocht mar chothaíonn sí fás eacnamaíoch, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht. Tacaíonn sí le forbairt na seirbhísí ardluacha, maolaíonn sí géarchéim an chostais maireachtála agus cuireann sí in aghaidh an díthionsclaithe trí nuálaíocht bhreise a chothú, geilleagair áitiúla a athbheochan, poist a chruthú agus an pobal áitiúil a spreagadh chun fanacht i gceantair thionsclaíocha:

3.3.2Tá an tionsclaíocht ar cheann de na rudaí is mó a spreagann an nuálaíocht, agus is minic a bhíonn sí ar thús cadhnaíochta i dtaighde agus forbairt na dteicneolaíochtaí agus na bpróiseas nua. Is féidir leis an nuálaíocht sin sní isteach in earnálacha eile, rud a chothaíonn cultúr an fheabhais leanúnaigh agus an dul chun cinn teicneolaíoch.

3.3.3Is minic a chuireann earnáil na tionsclaíochta seirbhísí breisluacha chun cinn a fheabhsaíonn an slabhra luacha ina iomláine. Áirítear leis sin gach rud ó ardteicnící déantúsaíochta go seirbhísí iar-díolacháin, rudaí a chabhraíonn leis na costais táirgthe a ísliú, agus a fhágann ar chaighdeán níos airde na táirgí agus a thugann sásamh do na custaiméirí.

3.3.4Nuair a thairgtear post i saol na tionsclaíochta, go háirithe post in earnáil ardteicneolaíochta nó ardmhonaraíochta, is gnách gurb airde an pá lena ngabhann i gcomparáid le go leor post in earnáil na seirbhíse. Is féidir leis sin cabhrú leis an gcaighdeán maireachtála a fheabhsú agus an neamhionannas ioncaim a laghdú.

3.3.5Cuireann an earnáil thionsclaíoch deiseanna suntasacha ar fáil chun fás gairmiúil agus don dul chun cinn gairme a dhéanamh. Is féidir leis na hoibrithe tairbhe a bhaint as an bhfoghlaim leanúnach, forbairt na scileanna, agus an deis post ar leibhéal níos airde a bhaint amach.

An Bhruiséil, 5 Meitheamh 2025.

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Pietro Francesco DE LOTTO

_____________

(1)      Na tuairimí ó CESE: Ationsclú na hEorpa – deis do ghnólachtaí, d’fhostaithe agus do shaoránaigh i gcomhthéacs ghéarchéim an chostais maireachtála , Na géarchéimeanna a chur dínn – bearta le haghaidh geilleagar Eorpach atá athléimneach, comhtháite agus cuimsitheach , An chaoi a gcuireann mífheidhmiú an mhargaidh aonair le méadú na gcostas maireachtála , Deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus iomaíochas na hEorpa á áirithiú, géarchéim na gcostas maireachtála á maolú, agus aistriú cóir á chur chun cinn san am céanna , Ilroinnt slabhraí soláthair agus an tionchar aige sin ar an gcostas maireachtála , Conas aghaidh a thabhairt ar chaillteanas cumhachta ceannaigh agus ar an mbaol go dtiocfaidh méadú ar neamhionannais, eisiamh agus imeallú , Arduithe praghsanna san earnáil iompair, fuinnimh agus tithíochta: an ról atá ag seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán chun tabhairt faoin ardchostas maireachtála .
(2)      An tuairim ó CESE Moltaí na sochaí sibhialta eagraithe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na gcostas maireachtála .
(3)       Eorabharaiméadar 2022 .
(4)       Eorabharaiméadar 2024 .
(5)       Quality of life in the EU in 2024 – Results from the Living and Working in the EU e-survey, 2025, Eurofound .
(6)       Eurostat .
(7)     Energy prices and costs in Europe, 2024, An Coimisiún Eorpach .
(8)     Tuarascáil Draghi – The future of European competitiveness .
(9)      Labour market and wage developments in Europe – Tuarascáil bhliantúil 2024. AS um Fhostaíocht, an Coimisiún Eorpach
(10)    An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, 2021.
(11)      EPRS, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2024.
(12)    Eurofound 2023.
(13)     National accounts and GDP, Eurostat, 2024 .
(14)    The changing structure of employment in the EU, Tuarascáil Bhliantúil, Eurofound, 2023.
(15)    Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas, 2025, an Coimisiún Eorpach.