GA

NAT/937

Leasú ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí

TUAIRIM

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le seasamh na bhfeirmeoirí a neartú i slabhra an tsoláthair bia

(COM(2024) 577 final – 2024/0319(COD))

Teagmháil

nat@eesc.europa.eu

Riarthóir

Martine DELANOY

Dáta an doiciméid

19/3/2025

Rapóirtéir: Stoyan TCHOUKANOV

Comhairleoir

Ali KARACOBAN (thar ceann an rapóirtéara)

Nós imeachta reachtach

EU Law Tracker

Comhairliúchán

An Chomhairle, 17/01/2025

Parlaimint na hEorpa, 20/01/2025

An bunús dlí

Airteagal 43 (2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Doiciméid ón gCoimisiún

COM(2024) 577 final

Achoimre ar COM (2024) 577 final

Na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) lena mbaineann

SFI 2– Díothú an Ocrais

SFI 8 – Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch

SFI 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

12/3/2025

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

57/0/2

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/M/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.MOLTAÍ

Seo seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.1Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le seasamh na dtáirgeoirí sa slabhra agraibhia a neartú, á áirithiú go ndéanfar an luach a roinnt go cothrom ar na hoibreoirí uile sa bhiashlabhra agus go gcuirfear feabhas ar chumhacht mhargála na ngníomhaithe is leochailí sa bhiashlabhra. San am céanna, tá feabhsuithe breise á moladh aige agus cuireann sé i bhfios go láidir nár cheart amhras a chaitheamh ar na hathruithe sin faoi chuimsiú an leagain nua den chomhbheartas talmhaíochta (CBT).

1.2Cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh dó an ceanglas conarthaí i scríbhinn a úsáid chun táirgí talmhaíochta a ceannaíodh ó fheirmeoirí, comharchumainn talmhaíochta, eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a sheachadadh, lena n‑áirítear táscairí oibiachtúla maidir leis na costais táirgthe agus faisnéis faoi na praghsanna margaidh. Molann sé faireachán ex post a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n‑athruithe atá beartaithe i bhfianaise bhailiú agus mheastóireacht na sonraí sin ag an bhFaireachlann Eorpach um an Slabhra Agraibhia.

1.3Tacaíonn CESE le síneadh a chur leis an gceangal maidir le conarthaí i scríbhinn a úsáid chun táirgí talmhaíochta a ceannaíodh ó fheirmeoirí, comharchumainn talmhaíochta, eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a sheachadadh, seachas i gcás eisceachtaí mar atá sainithe ag an gCoimisiún (tairseacha luacha, micrifhiontair). Ag an am céanna, molann sé go socrófaí an díolúine ón tairseach luacha ar leibhéal an Aontais ag EUR 5 000.

1.4Molann CESE go ndéanfadh na Ballstáit uile táscairí náisiúnta agus/nó réigiúnacha atá oibiachtúil agus trédhearcach maidir leis na costais táirgthe agus faisnéis faoi na praghsanna margaidh a shainiú agus a fhoilsiú, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha (táirgeoirí, próiseálaithe, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí, cuideachtaí seirbhíse bia agus tomhaltóirí). Ba cheart d’eagraíochtaí idirchraoibhe feidhmiú mar phríomhghníomhaithe chun na táscairí sin a fhorbairt agus a scaipeadh, ionas gur féidir iad a úsáid i gconarthaí.

1.5Tacaíonn CESE le clásal éigeantach um athbhreithniú a thabhairt isteach i gconarthaí i scríbhinn, clásal ar féidir leis an táirgeoir é a spreagadh, agus lena bhféadfar caibidlíocht a dhéanamh as an nua maidir leis na praghsanna a íoctar le feirmeoirí i gcomhréir leis na hathruithe ar na costais táirgthe agus na praghsanna margaidh, ag féachaint do na critéir a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Ba cheart an chaibidlíocht sin a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ba cheart í a bheith bunaithe ar phraghsanna coigeartaithe arna ríomh bunaithe ar na táscairí oibiachtúla, nó ba cheart í a thabhairt i gcrích tríd an sásra idirghabhála. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don dá pháirtí le linn na chéad sé mhí den chonradh. Caithfear an chaibidlíocht sin a bhunú ar tháscairí oibiachtúla arna sainiú ag gach Ballstát faoi seach agus ba cheart go mbeifí in ann an clásal a spreagadh sa dá chás, mar atá, ardú ar phraghsanna agus ísliú ar phraghsanna. Molann CESE go bhféadfaí an clásal sin um athbhreithniú a spreagadh i gcás force majeure (dálaí adhaimsire, ráig galair, teannas geopholaitiúil nó míchothromaíochtaí tromchúiseacha ar an margadh).

1.6Tacaíonn CESE le sásraí idirghabhála a bhunú i ngach Ballstát, á chur san áireamh go bhféadfadh sásraí eile a bheith ann cheana agus ag féachaint don acmhainn choibhéiseach a bheadh iontu, sa chéad bhliain tar éis fhoilsiú an rialacháin ar a dhéanaí. Cuirfear an méid sin de chúram ar idirghabhálaithe arna gceapadh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, chun réitigh chothroma a áirithiú i gcás díospóidí conarthacha. Mar sin féin, creideann sé nach mór sásra 1 a bhunú chun cinntí a dhéanamh laistigh de spriocdhátaí gearra.

1.7Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le cead a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí neamhaitheanta tairbhe a bhaint as na heisceachtaí céanna ar na rialacha iomaíochta agus a thugtar d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir aitheantais aonfhoirmeacha a leagtar síos ar an leibhéal Eorpach. Molann sé gur céim idirthréimhseach a bheadh ann go dtí go bhfaigheadh an eagraíocht an t‑aitheantas oifigiúil, agus dualgas a bheith ann an t‑aitheantas a bhaint amach laistigh de dhá bhliain ar a mhéad, d’fhonn is go bhféadfaí struchtúr fadtéarmach a áirithiú a bheadh i gcomhréir leis na ceanglais Eorpacha.

Is díol sásaimh dó freisin go bhféadfaidh na táirgeoirí táirgí orgánacha leas a bhaint as an bhforáil shainráite chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú a bheadh in oiriúint do shainiúlachtaí na dtáirgeoirí sin agus ballraíocht a bhaint amach iontu, rud a chuirfidh leis an gcomhar san earnáil sin.

1.8Molann CESE go ndéanfaí an uasteorainn a thug an Coimisiún Eorpach isteach le haghaidh comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí a ardú ó 33 % go 50 % maidir leis an méid táirgí is féidir leo a chumhdach ina ngníomhaíochtaí mar chéatadán den táirgeadh náisiúnta. Iarrann sé go gcuirfí deireadh leis an uasteorainn sin sa téacs reatha a bhaineann le comheagrú na margaí san earnáil déiríochta le gur féidir struchtúr níos fearr a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na táirgeoirí agus a gcumhacht mhargála a neartú freisin.

1.9Tacaíonn CESE le mír a thabhairt isteach lena bhforálfaí nár cheart do theagmháil dhíreach idir baill d’eagraíochtaí táirgeoirí agus a gceannaitheoirí an bonn a bhaint de chuspóirí na n‑eagraíochtaí, go háirithe maidir le comhchruinniú an tsoláthair a chaomhnú agus táirgí a chur ar an margadh.

1.10Tacaíonn CESE freisin le sainmhíniú na rialacha maidir leis na téarmaí ‘cothromasach’, ‘cothrom’ agus ‘slabhraí soláthair gairide’ a úsáid. Molann sé go gcuirfí feabhas ar chumhacht mhargála na ngníomhaithe is leochailí sa bhiashlabhra, go ndéanfaí soiléiriú ar na coincheapa ‘cothromasach’ agus ‘cothrom’ agus, á dhéanamh sin, luach saothair na dtáirgeoirí a chur san áireamh agus iad a chur i gcomhréir leis an gcairt um an gcóirthrádáil idirnáisiúnta 2 , ag féachaint do na sainiúlachtaí réigiúnacha. Molann sé go mbunófaí creat oibiachtúil agus comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear na coincheapa sin i bhfeidhm go soiléir agus go comhsheasmhach.

1.11Cuireann CESE in iúl nach dtacaíonn sé leis na hathruithe ar na pleananna straitéiseacha náisiúnta, cé is moite den bheart a bhaineann le dreasachtaí d’fheirmeoirí óga agus nua a théann isteach in eagraíocht táirgeoirí. Is é is cúis leis an easpa tacaíochta sin go gcreideann sé go bhfuil baol ann go gcuirfidh na hathruithe sin isteach ar an gcothromaíocht atá leagtha síos sna pleananna straitéiseacha náisiúnta agus go gcuirfidh siad isteach ar an machnamh a dhéanfar ar an gcéad athchóiriú eile ar CBT.

1.12Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta a neartú sna cleachtais chomhbheartaithe idir na táirgeoirí, lena n‑áirítear dálaí oibre agus sábháilteachta in earnáil na talmhaíochta a fheabhsú i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus, ar a laghad ar bith, le Coinbhinsiún 184 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS).

1.13Molann CESE go ndéanfaí athbhreithniú agus nuashonrú ar na tairseacha tagartha do tháirgí talmhaíochta a ceannaíodh ó fheirmeoirí agus óna n‑eagraíochtaí eacnamaíocha chun iad a chur i gcomhréir leis na cúinsí eacnamaíocha atá ann faoi láthair, go háirithe tríd an mboilsciú, na fíorchostais táirgthe (lena n‑áirítear ionchuir) agus forbairtí sa mhargadh a chur san áireamh agus sásra um athbhreithniú agus nuashonrú bliantúil ar na tairseacha tagartha a bhunú.

1.14Tacaíonn CESE leis na moltaí maidir leis na táirgí déiríochta uile a cheannaítear ó fheirmeoirí, ó chomharchumainn talmhaíochta, ó eagraíochtaí táirgeoirí agus ó chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chur faoi réir na n‑oibleagáidí conarthacha agus gan na maoluithe a bheith infheidhme ach maidir leis na comharchumainn a ndéantar foráil ina reachtanna maidir le héifeachtaí ar de chineál na gcoinníollacha sin iad. Tacaíonn sé freisin le clásal éigeantach um athbhreithniú a thabhairt isteach i gconarthaí i scríbhinn, lena gceadófaí do na táirgeoirí coigeartú praghais a iarraidh i gcomhréir leis an athrú ar na costais táirgthe agus ar dhálaí an mhargaidh.

1.15Molann CESE go ndéanfaí tacaíocht airgeadais ad hoc a chur ar fáil in ionad an chúlchiste talmhaíochta chun tacú le hoibreoirí i gcás míchothromaíocht thromchúiseach ar an margadh, agus an deis a bheith ann leas a bhaint as an tacaíocht sin a luaithe a mbeadh géarchéim ann.

1.16Tacaíonn CESE leis an togra chun ceanglas a thabhairt isteach maidir le rialacha a bheadh infheidhme i gcás force majeure in earnáil an bhiatais, agus molann sé go ndéanfaí an clásal um athbhreithniú d’earnáil an bhiatais a shoiléiriú.

2.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

Argóintí a thacaíonn le moltaí 1.1 go 1.6 maidir leis an gcreat conarthach a neartú

2.1Tacaíonn CESE leis an togra maidir le conarthaí éigeantacha a dhéanamh de chonarthaí i scríbhinn, ós rud é sin a chuirfeadh struchtúr ar an gcaidreamh trádála agus a chuirfeadh feabhas ar an trédhearcacht agus ar an gcobhsaíocht sa trádáil idir táirgeoirí agus ceannaitheoirí. Leis an togra sin arna spreagadh ag dlíthe na Fraince (EGAlim) agus na Beilge, soiléirítear na freagrachtaí conarthacha agus tacaítear le trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, rud atá riachtanach chun go mbeidh na táirgeoirí agus gach oibreoir sa bhiashlabhra iomaíoch sa mhargadh aonair agus chun feabhas a chur ar chumhacht mhargála na ngníomhaithe is leochailí sa bhiashlabhra. Moltar meastóireacht ex post a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n‑athruithe atá beartaithe i bhfianaise bhailiú agus mheastóireacht na sonraí sin ag an bhFaireachlann Eorpach um an Slabhra Agraibhia (AFCO).

2.2Molann CESE go gceadófaí do na Ballstáit le prionsabal na coimhdeachta earnálacha sonracha áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid conarthaí i scríbhinn a dhéanamh, mar is amhlaidh i ndlí EGAlim na Fraince, chun solúbthacht a áirithiú atá oiriúnaithe do chúinsí eacnamaíocha áitiúla agus cuspóirí na trédhearcachta agus na cothroime (tairseacha luacha, micrifhiontair, seachadtaí ar an láthair) á gcaomhnú freisin.

2.3Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit uile táscairí oibiachtúla trédhearcacha a shainiú agus a fhoilsiú lena gcumhdaítear na fíorchostais táirgthe, lena n‑áirítear luach saothair an fheirmeora, d’fhonn is go gcuirfear imthosca eacnamaíocha na dtáirgeoirí san áireamh go cothrom. Lena linn sin, cuirfear feabhas ar chumhacht mhargála na ngníomhaithe is leochailí sa bhiashlabhra. D’fhéadfadh eagraíochtaí idirchraoibhe, mar atá sa Fhrainc, a bheith freagrach as na táscairí sin a fhorbairt agus a fhoilsiú, agus, ar an gcaoi sin, trédhearcacht agus cothroime sna hearnálacha a mhéadú.

2.4Tacaíonn CESE le clásal um athbhreithniú a thabhairt isteach maidir le conarthaí i scríbhinn chun go bhféadfar tús a chur le babhta nua caibidlíochta i dtaca le praghsanna seasta a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar na costais táirgthe agus ar dhálaí an mhargaidh. Ba cheart an chaibidlíocht sin a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ba cheart í a bheith bunaithe ar phraghsanna coigeartaithe arna ríomh bunaithe ar na táscairí oibiachtúla, nó ba cheart í a thabhairt i gcrích tríd an sásra idirghabhála. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don dá pháirtí le linn na chéad sé mhí den chonradh. Leis an mbeart sin, neartaítear athléimneacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí i leith luaineachtaí praghsanna ag féachaint do na critéir a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar tháscairí arna sainiú ag gach Ballstát ar leith.

2.5Athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé le sásraí idirghabhála a bhunú i ngach Ballstát 3 , ós rud é gur réiteach éifeachtach iad na sásraí sin chun díospóidí conarthacha a réiteach, agus an chothromaíocht idir na páirtithe á neartú ag an am céanna. Tá an beart sin bunaithe ar chleachtais sheanbhunaithe i roinnt Ballstát. Áirithítear leis go ndéanfar idirghabháil neamhchlaonta thapa chun constaicí a shárú, go háirithe sa chaidreamh trádála idir feirmeoirí agus lucht tionscail, ar minic gur caidreamh neamhchothrom é. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le táirgeoirí a chosaint agus an teannas sa slabhra luacha agraibhia á laghdú ag an am céanna.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.7 maidir le heagraíochtaí táirgeoirí neamhaitheanta

2.6Cuireann CESE in iúl go dtacaíonn sé leis an togra seo ós rud é go dtugann sé deis do tháirgeoirí nach bhfuil cleamhnaithe le heagraíochtaí táirgeoirí aitheanta a n‑iarrachtaí a chomhthiomsú agus leas a bhaint as cumhacht mhargála bhreise le taobh gníomhaithe iartheachtacha. Mar sin féin, molann CESE go mbainfeadh na Ballstáit úsáid aonfhoirmeach as an rogha sin, agus é mar aidhm dheiridh acu aitheantas na n‑eagraíochtaí táirgeoirí a spreagadh. Chun go bhféadfar an t‑aistriú go samhail struchtúrtha a áirithiú, is gá bainistiú iomchuí a dhéanamh ar an gcás ina bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus eagraíochtaí táirgeoirí neamhaitheanta ann agus teorainn ama a bheith ag gabháil leis sin. Dá bhrí sin, is é tuairim CESE gur cheart leas a bhaint as an bhféidearthacht sin mar bhealach chun aitheantas na n‑eagraíochtaí táirgeoirí a spreagadh, agus é ina chuspóir soiléir athrú, laistigh de dhá bhliain ar a mhéad, go struchtúr fadtéarmach a bheadh i gcomhréir leis na critéir Eorpacha.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.8 maidir leis an uasteorainn 33 % den táirgeadh náisiúnta a ardú go 50 %

2.7Fágann an uasteorainn 33 % den táirgeadh náisiúnta go bhfuil bac ar struchtúr níos fearr a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na táirgeoirí agus go lagaítear a gcumhacht mhargála i gcomórtas le ceannaitheoirí a bhfuil struchtúr thar a bheith comhchruinnithe orthu. Níl aon bhunús leis an uasteorainn sin i ndlí na hiomaíochta agus níl sainiúlachtaí an Bhallstáit ná margaí a fheidhmíonn ar bhonn trasnáisiúnta go minic á gcur san áireamh. Thairis sin, tá aon mhí-úsáid ceannasachta a d’fhéadfadh a bheith ann cumhdaithe cheana ag na rialacha atá ann. Dá n‑ardófaí an uasteorainn go 50 %, nó dá gcuirfí deireadh léi, bheadh na heagraíochtaí táirgeoirí in ann iad féin a neartú.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.9 maidir le cleachtais trína dtéitear timpeall ar na heagraíochtaí táirgeoirí

2.8Tacaíonn CESE le creat a chruthú le haghaidh teagmháil dhíreach idir baill d’eagraíochtaí táirgeoirí agus a gceannaitheoirí, ós rud é go gcuideoidh sé sin le cosc a chur ar chleachtais éagóracha a bhíonn in úsáid ag monaróirí áirithe chun an bonn a bhaint d’eagraíochtaí táirgeoirí trí thús áite a thabhairt do chonarthaí aonair. Trí ról na n‑eagraíochtaí táirgeoirí a chosaint, déantar leis an togra seo na táirgeoirí a chosaint ar spleáchas méadaithe ar mhonaróirí agus áirithítear an chómhargáil éifeachtach a rachaidh chun tairbhe do na baill uile.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.10 maidir leis na téarmaí ‘cothrom’, ‘cothromasach’ agus ‘slabhraí soláthair gairide’ a úsáid

2.9Is céim sa treo ceart é an beart seo toisc go gcuireann sé caidreamh trádála trédhearcach cóir, mar aon le slabhraí áitiúla, chun cinn. Mar sin féin, creideann CESE gur cheart an coincheap ‘praghas cothrom’ nó ‘cothromasach’ a bheith bunaithe ar phraghas lena gcuirtear luach saothair ar fáil don fheirmeoir, praghas a ríomhfaí ar bhonn táscairí oibiachtúla maidir leis na costais táirgthe agus ar bhonn barrachas chun luach saothair a thabhairt i leith na hoibre 4 , agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don earnáil agraibhia, mar a leagtar amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia a foilsíodh le déanaí. Ní mór an praghas a chaibidliú ar bhealach cothrom idir na páirtithe, ar bhonn pá idirbheartaithe a bheadh infheidhme maidir leis na fostaithe sa réigiún lena mbaineann, agus ar bhonn praghas lena dtabharfaí luach saothair do na gníomhaithe eile sa bhiashlabhra. Is rud ríthábhachtach é creat coiteann agus beacht chun léirmhínithe doiléire nó suibiachtúla a sheachaint a bhféadfadh saobhadh iomaíochta laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu. D’fhéadfadh an creat coiteann sin a bheith bunaithe ar na nithe seo a leanas:

·a bheith i gcomhréir leis an gcairt um an gcóirthrádáil idirnáisiúnta, ag féachaint do na sainiúlachtaí réigiúnacha 5 ;

·praghas lena dtugtar luach saothair don fheirmeoir: ní féidir coincheap na cothroime a aithint mura gcuirtear san áireamh sa phraghas a íoctar leis na táirgeoirí na costais táirgthe, an luach saothair a fhaigheann siad agus an acmhainn atá iontu infheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht a ngnólachtaí. Ní mór an praghas sin a chinneadh ar bhonn táscairí oibiachtúla agus trédhearcacha a bhaineann leis na costais táirgthe. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcoincheap sin freisin maidir le gníomhaithe eile sa slabhra agraibhia i gcás táirgí próiseáilte (táirgí a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán maidir le comheagrú na margaí);

·dáileadh cothrom an luacha sa bhiashlabhra: ní mór luach saothair trédhearcach cothrom d’oibreoirí uile an bhiashlabhra a bheith i gceist le húsáid na dtéarmaí ‘cothrom’ agus ‘cothromasach’, ina measc táirgeoirí, próiseálaithe, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí agus cuideachtaí seirbhíse bia, rud a sheachnódh cleachtais éagóracha trádála, lena n‑áirítear mí-úsáid ceannasachta nó mainneachtain earraí a sheachadadh gan cúis chuí;

·coinníollacha conarthacha trédhearcacha agus cothroma: ní mór úsáid na dtéarmaí ‘cothrom’ nó ‘cothromasach’ a bheith faoi réir conarthaí soiléire arna gcaibidil ar bhonn cothrom idir na páirtithe, agus lena n‑áirithítear cobhsaíocht agus intuarthacht do na sínitheoirí uile;

·gan cleachtais éagóracha trádála a bheith ann: ní féidir táirge a cháiliú mar tháirge ‘cothrom’ nó ‘cothromasach’ má tá sé faoi réir cleachtais éagóracha trádála, amhail íocaíochtaí iarchurtha éagóracha, clásail aontaobhacha nó díol faoi bhun an chostais táirgthe.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.11 maidir le Rialachán (AE) 2021/2115

2.10Measann CESE go bhfuil baol ann go bhfágfaidh na bearta atá beartaithe – cé is moite den bheart maidir le feirmeoirí óga nó feirmeoirí nua – go ndíchobhsófar na pleananna straitéiseacha náisiúnta a tarraingíodh suas tar éis caibidlíocht chríochnúil a dhéanamh, ar pleananna iad a fheidhmíonn mar chreat atá cobhsaithe cheana féin chun an leagan reatha de CBT a chur chun feidhme. Ag an am céanna, leis na tograí sin, d’fhéadfaí an plé straitéiseach is gá chun CBT a fhorbairt amach anseo a chur ar atreo. Ní mór do CBT freagairt d’fhadhbanna nua earnáil na talmhaíochta ar bhealach struchtúrtha comhbheartaithe.

2.11Tacaíonn CESE leis an dreasacht shonrach atá dírithe ar fheirmeoirí óga agus ar tháirgeoirí nua dul isteach in eagraíocht aitheanta táirgeoirí, d’fhonn cuidiú leo socrú síos ina ngnó agus infheistíocht a dhéanamh, rud atá ag teastáil chun an earnáil a athnuachan ó ghlúin go glúin agus a nuachóiriú.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.12 maidir le coincheap na hinbhuanaitheachta a leathnú

2.12Tacaíonn CESE leis an mbeart sin ós rud é go nascann sé gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta na hinbhuanaitheachta, agus, ag an am céanna, go dtugtar tús áite do chosaint na bhfeirmeoirí agus na n‑oibrithe feirme, i gcomhréir le Coinbhinsiún EIS.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.13 maidir leis na tairseacha tagartha a thabhairt cothrom le dáta

2.13Tá tairseacha tagartha fíorthábhachtach chun margaí talmhaíochta a chobhsú agus chun feirmeoirí a chosaint ar athruithe ar phraghsanna. Mar sin féin, tá na tairseacha reatha as dáta. Mar shampla, socraíodh an tairseach le haghaidh siúcra bán ag EUR 404.40/tona in 2009, cé go bhféadfaí í a athchoigeartú go EUR 585/tona faoi 2025 má chuirtear an leibhéal boilscithe reatha laistigh de na 27 mBallstát san áireamh. Chumhdódh an nuashonrú sin na costais táirgthe ar bhealach ní b’fhearr, lena n‑áirítear praghas an bhiatais a bheadh socraithe ag thart ar EUR 38/tona. Ba cheart nuashonruithe struchtúrtha agus rialta, e.g. gach sé mhí, a dhéanamh ar leibhéal an Aontais – ról a d’fhéadfaí a thabhairt don Fhaireachlann Eorpach um an Slabhra Agraibhia.

Argóint a thacaíonn le moladh 1.15 maidir leis an gcúlchiste talmhaíochta

2.14Molann CESE go ndéanfaí tacaíocht airgeadais ad hoc a chur ar fáil in ionad an chúlchiste talmhaíochta chun tacú le hoibreoirí i gcás míchothromaíocht thromchúiseach ar an margadh, agus an deis a bheith ann leas a bhaint as an tacaíocht sin a luaithe a mbeadh géarchéim ann. Iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar na huirlisí bainistithe géarchéime sa chéad athbhreithniú eile a dhéanfar ar CBT (tar éis 2027) 6 .

Argóint a thacaíonn le moladh 1.16 maidir le hearnáil an bhiatais

2.15Ba cheart raon feidhme an chlásail lena ndéantar athbhreithniú ar chonarthaí earnáil an bhiatais a shoiléiriú: an mbaineann an clásal le praghsanna, cainníochtaí, coinníollacha seachadta, etc.?

3.NA LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE AR AN TOGRA REACHTACH ÓN gCOIMISIÚN EORPACH

Leasú 1

Baineann an leasú seo le moladh 1.1.

Aithrisí

Aithris nua le cur isteach:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Níl sé i gceist ag an gCoimisiún Eorpach amhras a chaitheamh ar na hathruithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo ina thograí a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta don chéad tréimhse eile (2028-2034).

Leasú 2

Baineann an leasú seo le moladh 1.3.

(Airteagal 1(6) den Togra, lena leasaítear Airteagal 168(6))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh gá le conradh i scríbhinn ná le tairiscint i scríbhinn i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) baineann an seachadadh le táirgí ag a bhfuil luach atá cothrom le tairseach luacha áirithe, nó faoi bhun tairsí luacha áirithe, atá le cinneadh ag an mBallstát, agus ar tairseach í nach rachaidh thar EUR 10 000;

(b) baineann an seachadadh le táirgí talmhaíochta atá faoi réir luaineachtaí séasúracha soláthair nó éilimh nó meatachta;

(c) baineann an seachadadh le táirgí talmhaíochta atá faoi réir cleachtais díola thraidisiúnta nó ghnásúla.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh gá le conradh i scríbhinn ná le tairiscint i scríbhinn i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) baineann an seachadadh le táirgí ag a bhfuil luach atá cothrom le tairseach luacha áirithe, nó faoi bhun tairsí luacha áirithe, atá le cinneadh ag an mBallstát, agus ar tairseach í nach rachaidh thar EUR 5 000;

(b) baineann an seachadadh le táirgí talmhaíochta atá faoi réir luaineachtaí séasúracha soláthair nó éilimh nó meatachta;

(c) baineann an seachadadh le táirgí talmhaíochta atá faoi réir cleachtais díola thraidisiúnta nó ghnásúla.

Leasú 3

Baineann an leasú seo le moladh 1.4.

(Airteagal 1(6) den Togra, lena leasaítear Airteagal 168(4)(c)(i))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh; nó

a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagtar amach sa chonradh, a mbeidh táscairí oibiachtúla, innéacsanna nó modhanna ríofa an phraghais deiridh ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh agus ar chostais táirgthe, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh; chuige sin, féadfaidh na Ballstáit táscairí a chinneadh, i gcomhréir le critéir oibiachtúla bunaithe ar staidéir arna ndéanamh ar tháirgeadh agus ar shlabhra an tsoláthair bia. Beidh sé de shaoirse ag na páirtithe sna conarthaí tagairt a dhéanamh do na táscairí sin nó d’aon táscairí eile a mheasann siad a bheith ábhartha.

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh; nó

a ríomhfar trí fhachtóirí éagsúla a chur le chéile a leagtar amach sa chonradh, a mbeidh táscairí oibiachtúla, innéacsanna nó modhanna ríofa an phraghais deiridh ar áireamh iontu, atá inrochtana go héasca agus sothuigthe agus a léiríonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh agus ar fhíorchostais táirgthe, lena n‑áirítear luach saothair an táirgeora agus oibreoirí leochaileacha eile sa bhiashlabhra, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh na dtáirgí talmhaíochta arna seachadadh. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit táscairí a shainiú agus a fhoilsiú, i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile.

Cúis

Leis an leasú seo, leagtar béim ar a thábhachtaí atá táscairí oibiachtúla chun a áirithiú go gcumhdófar na fíorchostais táirgthe sna praghsanna, lena n‑áirítear luach saothair cóir do na feirmeoirí. Cuirtear an trédhearcacht agus an chothroime chun cinn agus cuirtear de chúram ar na Ballstáit, in éineacht leis na heagraíochtaí idirchraoibhe, na táscairí sin a shainiú agus a fhoilsiú, agus leas á bhaint as na dea-chleachtais atá ann cheana sa Fhrainc.

Leasú 4

Baineann an leasú seo le moladh 1.5.

(Airteagal 1(6) den Togra, lena leasaítear Airteagal 168(4)(c)(iii))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte le clásal foircinn a bheith san áireamh leis. I gcás conarthaí ar faide ná 6 mhí a bhfad íosta, beidh clásal um athbhreithniú iontu freisin a fhéadfaidh an feirmeoir, eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, go háirithe, a spreagadh;

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte le clásal foircinn a bheith san áireamh leis. I gcás conarthaí ar faide ná 6 mhí a bhfad íosta, beidh clásal éigeantach um athbhreithniú iontu freisin lena mbeifear in ann tús a chur le caibidlíocht conartha chun praghsanna agus coinníollacha coigeartaithe nua a chomhaontú i bhfianaise athruithe ar na costais tárigthe agus ar dhálaí an mhargaidh. Ba cheart an chaibidlíocht sin a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse ama réasúnta, nó ba cheart í a bheith bunaithe ar phraghsanna coigeartaithe arna ríomh bunaithe ar na táscairí oibiachtúla, nó ba cheart í a thabhairt i gcrích tríd an sásra idirghabhála. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don dá pháirtí le linn na chéad sé mhí den chonradh. Déanfar na táscairí oibiachtúla a fhorbairt i gcomhairle le geallsealbhóirí san earnáil chun trédhearcacht agus athléimneacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí agus na ngníomhaithe is leochailí sa bhiashlabhra a ráthú i gcoinne luaineachtaí, ag féachaint do na critéir a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.

Cúis

Leis an leasú seo, leagtar béim ar a thábhachtaí atá clásal éigeantach um athbhreithniú i gconarthaí fadtéarmacha chun cúinsí eacnamaíocha na dtáirgeoirí a léiriú. Trí tháscairí oibiachtúla a shainítear ar an leibhéal náisiúnta a úsáid, áirithítear leis an mbeart seo go gcoinneoidh na praghsanna suas leis na hathruithe ar na costais táirgthe agus ar dhálaí an mhargaidh, agus trédhearcacht agus cothroime laistigh de na hearnálacha talmhaíochta á méadú ag an am céanna.

Leasú 5

Baineann an leasú seo le moladh 1.7.

(Airteagal 1(3)(b) den togra, lena leasaítear Airteagal 152(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013)

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

1(a); De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, maidir le heagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo, nó eagraíocht táirgeoirí, lena n‑áirítear comharchumann, nach bhfuil aitheanta mar eagraíocht táirgeoirí ag Ballstát ach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus d’Airteagal 154, féadfaidh sí táirgeadh a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, táirgí a chur ar an margadh agus conarthaí a chaibidliú chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeadh iomlán nó do chuid dá dtáirgeadh.’;

1(a); De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, maidir le heagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi mhír 1 den Airteagal seo, nó eagraíocht táirgeoirí, lena n‑áirítear comharchumann, nach bhfuil aitheanta mar eagraíocht táirgeoirí ag Ballstát ach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus d’Airteagal 154, féadfaidh sí táirgeadh a phleanáil, barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, táirgí a chur ar an margadh agus conarthaí a chaibidil chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, thar ceann a comhaltaí dá dtáirgeadh iomlán nó do chuid dá dtáirgeadh. Mar sin féin, ní mór gur céim idirthréimhseach a bheadh sa deis sin atá ag na heagraíochtaí táirgeoirí neamhaitheanta go dtí go bhfaigheadh an eagraíocht an t‑aitheantas oifigiúil, agus dualgas a bheith ann an t‑aitheantas a bhaint amach laistigh de dhá bhliain ar a mhéad.

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo creat a chur ar fáil le gur féidir aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí neamhaitheanta agus, ag an am céanna, cead a thabhairt dóibh tairbhe a bhaint as na heisceachtaí céanna ar na rialacha iomaíochta agus a thugtar d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta. Níor cheart, áfach, go bhfágfadh an deis sin go lagófaí an struchtúr atá ar na hearnálacha a fhad a bhaineann sé le heagraíochtaí táirgeoirí aitheanta. Leis an idirthréimhse dhá bhliain a leagfaí síos, d’áiritheofaí go bhfuil na heagraíochtaí táirgeoirí sin tiomanta aitheantas oifigiúil a bhaint amach, rud a chinnteodh struchtúr ní b’fhearr ar na margaí talmhaíochta.

Leasú 6

Baineann an leasú seo le moladh 1.8.

(Airteagal 1(3)(c) den togra, lena leasaítear Airteagal 152(1b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013)

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

‘De mhaolú ar mhír 1a agus ar an gcéad fhomhír, féadfaidh comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1a, an chéad fhomhír, a dhéanamh freisin, ar choinníoll: [...] (d) nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán aon Bhallstáit ar leith líon na dtáirgí a chumhdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a.’;

‘De mhaolú ar mhír 1a agus ar an gcéad fhomhír, féadfaidh comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156(1) na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1a, an chéad fhomhír, a dhéanamh freisin, ar choinníoll: [...] (d) nach mó ná 50 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán aon Bhallstáit ar leith líon na dtáirgí a chumhdaítear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1a.’;

Cúis

Fágann an uasteorainn mar atá go bhfuil bac ar na heagraíochtaí táirgeoirí agus na comhlachais d’eagraíochtaí táirgeoirí an ról atá acu sa slabhra luacha a neartú agus laghdaítear an tionchar a bhíonn ag na huirlisí comhchruinnithe. Níl bonn cirt leis an uasteorainn sin ach an oiread a fhad a bhaineann sé leis na rialacha iomaíochta agus sainiúlachtaí na mBallstát ar leith agus margaí áirithe, go háirithe margaí a fheidhmíonn ar bhonn trasnáisiúnta. Tá feidhm sa chleachtas ag an leasú sin freisin maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus tá baint aige freisin leis an téacs a bhaineann le hearnáil na déiríochta, earnáil ina bhfuil srianta den chineál céanna i bhfeidhm.

Leasú 7

Baineann an leasú seo le moladh 1.10.

(Airteagal 1(1) den Togra, lena leasaítear Airteagal 88(a)(1)(b))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

praghas a mheasann feirmeoirí rannpháirteacha a bheith cothromasach le haghaidh a dtáirgí, agus

praghas a mheasann feirmeoirí rannpháirteacha a bheith cothromasach le haghaidh a dtáirgí, bunaithe ar phraghas lena dtugtar luach saothair don fheirmeoir, lena n‑áirítear luach saothair i leith na mbeart a rannchuidíonn leis na caighdeáin inbhuanaitheachta arna gceangal le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 210a(3), a chur i bhfeidhm nó a shárú. Ní mór an praghas sin a ríomh ar bhonn táscairí oibiachtúla na gcostas táirgthe agus ní mór luach saothair don fheirmeoir a áireamh ann, agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don earnáil agraibhia, mar a leagtar amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia a foilsíodh le déanaí. Ba cheart an praghas a chaibidil go cothrom idir na páirtithe sa chonradh, ar bhonn pá idirbheartaithe a bheadh infheidhme maidir leis na fostaithe sa réigiún lena mbaineann, agus aird chuí á tabhairt ar imthosca réigiúnacha éagsúla.

Cúis

Soiléirítear leis an leasú seo nach mór an coincheap maidir le praghas ‘cothrom’ nó ‘cothromasach’ a bhunú ar phraghas lena dtugtar luach saothair don fheirmeoir agus do na fostaithe, bunaithe ar tháscairí oibiachtúla agus na sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh.

LEASÚ 8

Baineann an leasú seo le moladh 1.10.

(Airteagal 1(1) den Togra, lena leasaítear Airteagal 88(a))

Pointe nua a chur isteach i ndiaidh phointe 1.

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Ba cheart creat coiteann comhchuibhithe a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun úsáid na dtéarmaí ‘cothrom’ agus ‘cothromasach’ a leagan síos, bunaithe ar shainmhínithe soiléire agus ar chritéir oibiachtúla. Is éard atá beartaithe leis sin aon léirmhíniú doiléir nó suibiachtúil ar na téarmaí sin a sheachaint, rud a d’fhéadfadh saobhadh iomaíochta idir na Ballstáit a chruthú.

Cúis

Leis an leasú seo, tugtar isteach creat coiteann comhchuibhithe chun a áirithiú go n‑úsáidfear téarmaí go comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh, rud a sheachnóidh saobhadh iomaíochta agus a threiseoidh an trédhearcacht agus an chothroime sa chaidreamh trádála.

Leasú 9

Baineann an leasú seo le moladh 1.12.

(lena leasaítear Airteagal 210(a)(3)(f))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

feabhas a chur ar dhálaí oibre agus sábháilteachta i ngníomhaíochtaí talmhaíochta nó próiseála.

feabhas a chur ar dhálaí oibre agus sábháilteachta i ngníomhaíochtaí talmhaíochta nó próiseála, i gcomhréir leis na caighdeáin a shainítear i gCoinbhinsiún EIS.

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo a áirithiú go ndéanfar na caighdeáin idirnáisiúnta arna mbunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chomhlíonadh maidir leis na dálaí oibre agus an tsábháilteacht sna hearnálacha talmhaíochta agus agraibhia.

Leasú 10

Baineann an leasú seo le moladh 1.13.

Airteagal nua le cur isteach i ndiaidh Airteagal 3.

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

Leasú ar Rialachán 1308/2013, Airteagal 7 maidir le tairseacha tagartha.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Ar thogra ón bhFaireachlann Eorpach um an Slabhra Agraibhia, agus i bhfianaise an dul chun cinn eacnamaíoch agus na bhfíorchostas táirgthe, déantar athbhreithniú rialta (ag brath ar shéasúracht na dtáirgí) ar na tairseacha tagartha.

Tá an Coimisiún freagrach as modheolaíocht a fhorbairt chun na tairseacha a athbhreithniú go tréimhsiúil, bunaithe ar tháscairí oibiachtúla amhail an boilsciú, na costais táirgthe agus forbairtí sa mhargadh talmhaíochta. Áireofar sna costais táirgthe na costais a bhaineann leis na bearta a rannchuidíonn leis na caighdeáin inbhuanaitheachta arna gceangal le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 210a(3), a chur i bhfeidhm nó a shárú. Leis an modheolaíocht sin, ba cheart a bheith in ann na tairseacha a thabhairt cothrom le dáta go rialta ionas go léireofar leo na cúinsí eacnamaíocha atá ann faoi láthair agus go leanfaidh siad de bheith ina n‑uirlis éifeachtach chun margaí a chobhsú.

Cúis

Tá ról lárnach ag na tairseacha tagartha a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán maidir le comheagrú na margaí chun na margaí talmhaíochta a chobhsú agus chun na feirmeoirí a chosaint ar luaineachtaí praghsanna. Mar sin féin, tá roinnt de na tairseacha sin as dáta, amhail an tairseach le haghaidh siúcra bán (EUR 404.40/tona, tairseach a socraíodh in 2009), agus ní léiríonn siad a thuilleadh na fíorchostais táirgthe, rud a chuireann teorainn lena n‑éifeacht.

D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí nuashonrú bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchuibhithe agus trí nuashonruithe rialta. Mar shampla, i gcás an tsiúcra, dá ndéanfaí coigeartú atá curtha in oiriúint don bhoilsciú agus do na costais táirgthe atá ann faoi láthair, thabharfaí an tairseach chuig leibhéal a bheadh comhsheasmhach leis na costais a íocann na feirmeoirí. Ar an gcaoi sin, chuirfí tacaíocht níos iomchuí ar fáil.

Molann CESE don Choimisiún modheolaíocht shoiléir thrédhearcach a shainiú chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na tairseacha sin. D’áiritheofaí leis an gcur chuige sin go bhfuil tábhacht leis na tairseacha, agus, ag an am céanna, rannchuideodh sé le cobhsaíocht níos fearr a bhaint amach sna margaí talmhaíochta agus le cosaint níos fearr a thabhairt do tháirgeoirí i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch atá ann faoi láthair.

LEASÚ 11

Baineann an leasú seo le moladh 1.15.

(Airteagal 1(8) den Togra, lena leasaítear Airteagal 222(1))

Le leasú mar a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

In Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den Airteagal seo, féadfaidh sé a chinneadh tacaíocht ón Aontas as an gcúlchiste talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann. Cuirfidh an tacaíocht airgeadais sin na hacmhainní ar fáil is gá chun go gcuirfidh na hoibreoirí lena mbaineann na comhaontuithe agus na cinntí sin chun feidhme.

[...]

In Airteagal 222, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den Airteagal seo, féadfaidh sé a chinneadh tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann, agus an deis a bheith ann leas a bhaint as an tacaíocht sin a luaithe a mbeadh géarchéim ann.

Cuirfidh an tacaíocht airgeadais sin na hacmhainní ar fáil is gá chun go gcuirfidh na hoibreoirí lena mbaineann na comhaontuithe agus na cinntí sin chun feidhme.

[...]

Cúis

Féach 2.13.

Is éard is aidhm don leasú seo maoiniú na mbeart cobhsaithe margaidh a dhíchúpláil ón gcúlchiste sin, trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacaíocht airgeadais ad hoc a bheadh níos oiriúnaí do luaineachtaí timthriallacha agus do ghéarchéimeanna eacnamaíocha agus arbh fhéidir leas a bhaint aisti go tapa i gcás géarchéime. D’áiritheofaí leis sin go bhféadfaí freagairt níos spriocdhírithe a thabhairt ar éigeandáil agus sheachnófaí go n‑ídeofaí acmhainní a mbeadh géarghá leo i gcás éigeandálaí eile talmhaíochta.

Leasú 12

Baineann an leasú seo le moladh 1.16.

(Airteagal 1(9) lena leasaítear Iarscríbhinn X)

Pointe nua a chur isteach i ndiaidh phointe (e)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú CESE

(f) Cuirtear pointe XII nua le hIarscríbhinn X:

Féadfaidh fad ilbhliantúil a bheith ag baint leis na conarthaí seachadta. I gcás conartha ar faide ná 6 mhí a fhad íosta, beidh clásal um athbhreithniú ann a fhéadfaidh an feirmeoir, eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a spreagadh. Féadfar an clásál um athbhreithniú sin a spreagadh i gcás ‘force majeure’ (dálaí adhaimsire, ráig galair, teannas geopholaitiúil nó míchothromaíochtaí tromchúiseacha ar an margadh).

Cúis

Féach 2.14.

Dá dtabharfaí isteach clásal um athbhreithniú i gconarthaí ilbhliantúla in earnáil an bhiatais siúcra, clásal a spreagfaí i gcásanna force majeure, d’fhéadfaí coinníollacha an chonartha a oiriúnú i gcás teagmhais gan choinne, e.g. triomaigh, galair nó géarchéimeanna geopholaitiúla. Leis an mbeart sin, d’áiritheofaí go mbeadh slándáil eacnamaíoch ní b’fhearr ag na táirgeoirí agus chaomhnófaí an chothromaíocht sa chaidreamh trádála in earnáil an tsiúcra.

An Bhruiséil, 12 Márta 2025.

Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Peter SCHMIDT

_____________