SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
TUAIRIM
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá
faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)
(COM(2024) 132 final – 2024/0068 (COD))
Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le
Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
(COM(2024) 133 final)
Rapóirtéir: Nicoletta MERLO
1.MOLTAÍ
Maidir leis an togra le haghaidh treorach, is é seo a leanas an seasamh atá ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):
1.1Cuireann CESE i bhfáth gur dhá chleachtas oibre dhifriúla a bhfuil foghlaim agus oiliúint ag baint leo an phrintíseacht agus an tréimhse oiliúna, agus nár cheart iad a thógáil in amhlachas a chéile. Dá bhrí sin, an tagairt in aithris 17 don fhorluí idir an dá rud, ba cheart í a scriosadh.
1.2Maidir leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2, molann CESE gan ceangal ar bith a chur ar na Ballstáit tréimhsí oiliúna a rangú ina gcaidreamh fostaíochta i gcás, de réir na rialachán atá i bhfeidhm sna Ballstáit, nach mbaineann an cleachtas oibre lena mbaineann leis an sainmhíniú a thugtar ar an rud is oiliúnaí ann de réir na Treorach.
1.3Molann CESE liosta a chur le hAirteagal 3 de na dálaí oibre nach féidir a mhaolú, ionas gurbh fhearr a chosnófaí leas na n-oiliúnaithe agus go gcaomhnófaí neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta freisin maidir le dálaí na dtréimhsí oiliúna a rialú ar an margadh oscailte, trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, cuir i gcás.
1.4Leagan CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a thabhairt do na húdaráis inniúla a mbeidh an rialú agus an chigireacht faoina gcúram de réir Airteagal 4, agus aitheantas foirmiúil a thabhairt don ról tábhachtach is féidir a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sa rialú, faire agus forfheidhmiú, agus an cleachtas náisiúnta atá ar bun cheana féin á chur san áireamh.
1.5Molann CESE, gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, glacadh leis na gnéithe atá liostaithe in Airteagal 5, arna leasú, mar chomhartha ar ghnáthchaidreamh fostaíochta a bheith ann, chun an t-airteagal a dhéanamh níos soiléire agus níos comhleanúnaí.
Maidir leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle, is é seo a leanas an seasamh atá ag CESE:
1.6Molann CESE íoschritéir cháilíochta a shainiú le haghaidh gach cineáil cúrsa oiliúna a dhéantar san Aontas agus molann sé liosta léiritheach de na forais oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith le maolú, gan dochar do na cuir chuige náisiúnta atá ann, chun ardcháighdeáin agus bunchreat comhchoiteann idir na Ballstáit go léir a áirithiú.
1.7Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí a bhailiú maidir leis an dea-chleachtas náisiúnta i gcás gach cineáil tréimhse oiliúna agus samplaí den dea-chleachtas sin a roinnt ar leibhéal an Aontais, mar chuid den athbhreithniú ar an bpróiseas cur chun feidhme.
1.8Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá an cúiteamh cóir lena gcuirtear san áireamh na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht oiliúna agus leis na riachtanais mhaireachtála ghaolmhara, d’fhonn rochtain chomhionann ar thaithí na tréimhse oiliúna a áirithiú do chách.
1.9Iarrann CESE páirt a thabhairt d’ionadaithe na gceardchumann sa dá thogra ina ndéantar tagairt d’ionadaithe na n-oibrithe, agus foráil a dhéanamh le gur féidir leo beart a dhéanamh i gcónaí chun oiliúnaithe a chosaint, fiú sa chás nach caidreamh fostaíochta atá sa tréimhse oiliúna.
2.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN
Cuireann CESE i bhfáth gurb éard atá sna tréimhsí oiliúna, thar aon rud eile, ná taithí oiliúna agus foghlama arb é is aidhm di scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt (go háirithe i gcás na ndaoine óga) agus feabhas a chur ar an infhostaitheacht agus ar an seans go bhfaighfí post, agus meon na fiontraíochta a chothú.
Tá sé de chuspóir ag CESE freisin feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna ar fud an Aontais (go háirithe maidir le gné na foghlama agus na hoiliúna agus maidir leis na dálaí oibre freisin), d’fhonn an t-aistriú a éascú ón oideachas, an dífhostaíocht nó an neamhghníomhaíocht, agus lena áirithiú nach mbíonn cur i gcéill i gceist agus nach n-úsáidtear iad chun caidreamh fostaíochta a cheilt.
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)
Argóint ar son mholadh 1.1
2.1Forluí a d’fhéadfadh a bheith ann idir tréimhsí oiliúna agus printíseachtaí (aithris 17): Tugtar le fios sa togra go bhféadfadh sé go mbeadh gnéithe áirithe den Mholadh maidir le Printíseachtaí Ardcháilíochta Éifeachtacha cumhdaithe sa Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna. Cuireann CESE i bhfáth go láidir, áfach, nach ionann an phrintíseacht agus an tréimhse oiliúna mar chleachtas oibre agus go mbaineann aidhmeanna difriúla agus rialacháin dhifriúla sna Ballstáit leo, agus nár cheart iad a thógáil in amhlachas a chéile. Na prionsabail atá sa Mholadh ón gComhairle maidir le Printíseachtaí Ardcháilíochta Éifeachtacha, is leor mar a thugann siad aghaidh ar ghnéithe cáilíochta agus éifeachtachta na hionstraime. An méid a luaitear sa dréacht-treoir maidir le forluí a bheith ann, ba cheart é sin a scriosadh.
Argóint ar son mholadh 1.2
2.2Sainmhínithe (Airteagal 2) agus an raon pearsanta: Socraítear raon feidhme na Treorach trí bhíthin na sainmhínithe a thugtar ar an rud is ‘oiliúnaí’ agus ‘tréimhse oiliúna’ ann. Tá an chéad cheann bunaithe ar an sainmhíniú náisiúnta a thugtar ar an rud is ‘fostaí’ ann agus ar an sainmhíniú atá glactha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais. Sainmhíniú níos leithne atá tugtha ar an rud is ‘tréimhse oiliúna’ ann, is cosúil, agus gach cineál tréimhse oiliúna curtha san áireamh ann, gan trácht ar bith don chineál conartha nó don chaidreamh fostaíochta atá i gceist, gan a bheith luaite ach an taithí oibre a bhfuil gné shuntasach oiliúna ina cuid di. Cé go bhfuil ‘tréimhse oiliúna’ chun tosaigh sa chuid a dhíríonn ar an gcaidreamh fostaíochta faoi cheilt, is ar choincheap an ‘oiliúnaí’ atá an chuid maidir leis an bhforfheidhmiú bunaithe. Teastaíonn soiléiriú níos mó faoin mbaint atá ag an dá choincheap le chéile maidir leis na forálacha difriúla.
Lena chois sin, á thabhairt san áireamh go gcaitheann an-chuid Ballstát leis an tréimhse oiliúna mar rud atá scartha i ndáiríre ón bhfostaíocht, agus go rialaítear iad dá réir, ba cheart a shoiléiriú sna haithrisí, ar a laghad, nach gcuireann an Treoir de cheangal ar na Ballstáit samhail fostaíochta a dhéanamh den samhail rialála atá i bhfeidhm acu. Ós rud é gurb é is príomhaidhm don Treoir deireadh a chur le húsáid na dtréimhsí oiliúna chun caidreamh fostaíochta a cheilt, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit aird a thabhairt ar an moladh, an rialáil a oiriúnú le gur féidir measúnú níos fearr a dhéanamh an bhfuil caidreamh fostaíochta á cheilt, agus forfheidhmiú chearta an oiliúnaí bréige a chothú.
Argóint ar son mholadh 1.3
2.3Prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 3): Ós rud é, chun críche na Treorach, gurb ionann an t-oiliúnaí agus oibrí atá ag gabháil do thaithí foghlama agus, dá bhrí sin, gur féidir an cás sin a dhealú ó chás na n-oibrithe oilte speisialaithe, tá sé iomchuí forais oibiachtúla a shainiú le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a mhaolú. Mar sin féin, d’fhonn teorainneacha maoluithe dá leithéid a shainiú níos fearr, molann CESE liosta a chur san áireamh de na dálaí oibre nach gceadaítear maolú ina dtaobh.
Argóint ar son mholadh 1.4
2.4Bearta chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (Airteagal 4): Is lárnach an ról atá ag rialuithe éifeachtacha arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcur i gcoinne na mí-úsáide a bhaintear as tréimhsí oiliúna chun gnáthchaidreamh fostaíochta a cheilt. I dtaca leis sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit tacú leis na húdaráis úd trí bhíthin acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha, arna gcur i bhfeiliúint dá bhfuil ag teastáil sa chomhthéacs náisiúnta lena mbaineann, lena chur ar a gcumas an tasc ríthábhachtach sin a chur i gcrích. Cuireann CESE i bhfáth gur féidir leis na comhpháirtithe sóisialta, in éineacht leis na húdaráis inniúla, más ábhartha sin de réir na reachtaíochta agus an chleachtais náisiúnta, ról tábhachtach a imirt maidir leis an rialú, an faire agus an forfheidhmiú.
Argóintí ar son mholadh 1.5
2.5Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna (Airteagal 5): Liostaítear san airteagal seo roinnt gnéithe atá le cur san áireamh agus tréimhse oiliúna airbheartaithe á meas. Is doiléir an fhoclaíocht a úsáidtear san fhoráil seo maidir leis na cineálacha sásraí a bhunaítear léi agus, go háirithe, maidir leis na róil atá ag na gnéithe éagsúla. Síleann CESE gur cheart an fhoráil seo a chur ar bhealach eile lena saineofaí gurb ionann ceann amháin nó níos mó de na gnéithe atá liostaithe a bheith ann agus comhartha ar ghnáthchaidreamh fostaíochta a bheith ann, gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart aithris 26 a leasú dá réir. De bhreis air sin, ba cheart easpa maoirseora a áireamh ar cheann de na gnéithe atá le cur san áireamh (Airteagal 5(1)(a)) agus, ar an dóigh chéanna, ba cheart a áireamh mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar ag an bhfostóir (Airteagal 5(2)) faisnéis maidir le maoirseoir a bheith ann. Ar deireadh, ba cheart na coinníollacha a shainiú níos fearr a ndlisteanaítear fad iomarcach nó athdhéanamh na tréimhse oiliúna dá réir (Airteagal 5(3)(a)), lena n-áirítear mar is féidir maolú a dhéanamh ar an méid sin i gcás a bhfuil údar leis de réir coinníollacha náisiúnta atá ann cheana.
Barúlacha breise
2.6Nósanna imeachta thar ceann oiliúnaithe nó chun tacú leo (Airteagal 8): De réir an airteagail seo, ba cheart d’ionadaithe na n-oibrithe a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta thar ceann nó ar son oiliúnaithe. Ar thaobh amháin, má bhaintear leas as an téarma ‘oiliúnaí’, beidh baol ann go gcuirfí cosc ar ionadaithe na n-oibrithe idirghabháil a dhéanamh ar a son siúd a bhfuil obair á déanamh acu i ról a bhfuil bréagriocht tréimhse oiliúna air, mura bhfuil conradh fostaíochta acu (féach Airteagal 2(b)). Ar an taobh eile den scéal, is minic nach mbíonn oiliúnaithe sásta a gcearta a fheidhmiú ar fhaitíos go gcaillfidís deis fostaíochta amach anseo. Mura gceadaítear d’ionadaithe na n-oibrithe beart a dhéanamh ach amháin tar éis dóibh toiliú sainráite a fháil ón oiliúnaí nó ó na hoiliúnaithe, tá srian mór á chur le cumas an cheardchumainn idirghábháil a dhéanamh agus níl aird á tabhairt ar an drochthionchar a bhíonn ag fostú na n-oibrithe i mbréagriocht tréimhsí oiliúna ar na hoibrithe eile atá sa chomhlacht, ar iarrthóirí eile ar phoist agus ar an iomaíocht idir na cuideachtaí go léir. Is leithne ná aon tréimhse oiliúna amháin na haidhmeanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an chaidrimh fostaíochta a bhfuil bréagriocht tréimhse oiliúna air. D’fhéadfaí an fhoráil a cheapadh ar bhealach a áirithíonn, ar a laghad i gcomhthéacs náisiúnta nach gá don cheardchumann toiliú an oibrí lena mbaineann a fháil sula ndéanann sé beart chun an leas comhchoiteann dar leis a chosaint, gur féidir le hionadaithe cheardchumainn na n-oibrithe beart a dhéanamh, fiú mura bhfuil toiliú an oiliúnaí faighte acu.
2.7Cosaint ar chóir dhíobhálach agus ar iarmhairtí díobhálacha (Airteagal 9): Is éard atá le tuiscint go bhfuil feidhm ag an airteagal seo i gcás nach dtugann córas dlí an Bhallstáit, i dtaca leis an ábhar seo, cosaint leordhóthanach mar oibrí don oiliúnaí.
Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Argóintí ar son mholadh 1.6
2.8Is é is aidhm don togra gach cineál tréimhse oiliúna a chumhdach, ach ní thugtar aird leordhóthanach ann ar na difríochtaí atá idir na cineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna agus na bealaí éagsúla a láimhseáiltear iad sna Ballstáit. Molann CESE íoschritéir cháilíochta a shainiú le haghaidh gach cineáil tréimhse oiliúna a dhéantar san Eoraip, chun ardchaighdeáin agus bunchreat comhchoiteann a áirithiú sna Ballstáit go léir.
2.9Cuspóir agus raon feidhme (2): Tá raon feidhme an-leathan leis an moladh. Cé gur forálacha sách solúbtha na forálacha atá ann, ní chuirtear san áireamh na cineálacha difriúla tréimhsí oiliúna ach amháin i gcás na n-oiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu. Ní chuirtear gnéithe eile den scéal san áireamh ach amháin i gcomhthéacs aithrisí ar leith (mar shampla, ní phléitear fad na dtréimhsí ach amháin in aithrisí 24-26). D’fhéadfaí aird ní ba mhó a thabhairt ar an ábhar d’fhonn treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal agus na mbeart arna mbunú i gcásanna difriúla.
2.10Forais oibiachtúla le maolú: D’fhéadfaí bearta molta áirithe a mhaolú ar bhonn forais oibiachtúla: fad réasúnta, tréimhsí oiliúna comhleanúnacha agus taithí oibre a fuarthas cheana féin. D’fhéadfaí an clásal ginearálta sin a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit éagsúla, agus b’iomchuí, b’fhéidir, liosta léiritheach a chur leis de na forais a d’fhéadfadh a bheith le maolú, gan dochar do na cuir chuige náisiúnta atá ann cheana.
Argóintí ar son mholadh 1.7
2.11Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus cur chun feidhme, i bhfianaise chineál ilghnéitheach na hionstraime, na raonta feidhme difriúla ar féidir léi freastal orthu agus na feidhmeanna difriúla atá léi ó Bhallstát go Ballstát, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach sonraí a bhailiú maidir leis an dea-chleachtas náisiúnta i gcás gach cineáil tréimhse oiliúna agus an dea-chleachtas sin a roinnt ar an leibhéal Eorpach, go háirithe maidir le tréimhsí oiliúna an mhargaidh oscailte.
Argóint ar son mholadh 1.8
2.12Cúiteamh cóir (6): Mar fhreagra ar na hiarrataí atá déanta ag earnálacha áirithe cosc a chur ar thréimhsí oiliúna gan íocaíocht, tá sé molta ag an gCoimisiún oiliúnaithe a íoc go cóir, ‘agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh.’ I dtaca leis sin, ach amháin sa chás go n-áirítear an tréimhse oiliúna ina caidreamh fostaíochta (rud atá cumhdaithe ag an treoir atá beartaithe), b’fhéidir go mbeadh sé feiliúnach an téarma ‘cúiteamh’ a úsáid in áit ‘íocaíochta’ agus an tacaíocht sin a nascadh leis na costais a d’fhéadfadh an t-oiliúnaí a thabhú mar gheall ar an tréimhse oiliúna a dhéanamh, mar aon leis na riachtanais mhaireachtála ghaolmhara (mar shampla taisteal, bia, lóistín, agus mar sin de) agus í a chur ar fáil i bhfoirm liúntas rannpháirtíochta. D’fhéadfaí cuimhneamh ar idirdhealú a dhéanamh sa chúiteamh de réir na gcineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna atá ann. Feictear do CESE gur cothrom an cur chuige sin mar aithnítear go gceaptar tréimhsí oiliúna i gcomhthéacs na taithí oibre a bhfuil gné láidir oiliúna ag gabháil léi, agus nach ar comhchéim leis na tascanna a dhéanann an gnáthoibrí na tascanna a dhéantar, ach áirítear, mar sin féin, an rochtain chomhionann ar dheiseanna na dtréimhsí oiliúna do chách.
Argóintí ar son mholadh 1.9
2.13Bealaí chun míchleachtas a thuairisciú (15): Ba cheart na bealaí chun míchleachtas a thuairisciú a bheith ar fáil do na hoiliúnaithe, na ceardchumainn agus ionadaithe na n-oibrithe, i gcomhréir leis na rialacha agus na cleachtais náisiúnta.
2.14Ról ionadaithe na n-oibrithe (33): Féach an méid thuas maidir le toiliú na n-oiliúnaithe (pointe 2.6).
Barúlacha breise
2.15Ról na seirbhísí fostaíochta agus sholáthraithe eile na gairmthreorach (20): Sa chás go bhfuil baint acu le tréimhsí oiliúna a chur chun cinn, ba cheart cur leis an ról atá acu le go gcuirfí san áireamh cáilíocht na ndeiseanna a mheas trí fhógraí folúntais agus faisnéis ábhartha na bhfógraí a scrúdú, go háirithe nuair atáthar á maoiniú ag an airgead poiblí (mar shampla, an Ráthaíocht don Aos Óg).
3.NA LEASUITHE ATÁ BEARTAITHE AR AN TOGRA REACHTACH ÓN gCOIMISIÚN EORPACH
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)
Leasú 1
Is le moladh 1.1 agus moladh 1.2 a bhaineann an leasú seo.
Aithris 17
Le leasú mar a leanas:
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
|
(17) Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. Dá bhrí sin, féadfaidh printíseachtaí teacht faoi raon feidhme na Treorach seo, a mhéid a thagann printísigh faoin gcoincheap ‘oibrí’ mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sna cleachtais atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.
|
(17) Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. D’ainneoin an tsainmhínithe ar oiliúnaí dá bhforáiltear sa togra seo, na Ballstáit sin nach measann gur caidreamh fostaíochta iad cúrsaí oiliúna agus a rialaíonn iad dá réir sin, ní gá dóibh a samhlacha rialála a iompú ina samhlacha fostaíochta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit an togra seo a chur i bhfeidhm chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chásanna ina bhfuil caidreamh fostaíochta faoi cheilt d’fhonn forfheidhmiú chearta an oiliúnaí faoi cheilt a chur chun cinn.
|
|
Cúis
|
|
Féach pointe 2.1 agus 2.2.
|
Leasú 2
Baineann an leasú seo le moladh 1.4.
Airteagal 4
Le leasú mar a leanas:
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
|
Airteagal 4
Bearta chun gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla chun cleachtais a bhrath agus chun bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh in aghaidh cleachtais i gcás ina ndéantar gnáthchaidreamh fostaíochta a cheilt mar thréimhse oiliúna arb é is éifeacht dó leibhéil níos ísle cosanta a dheonú, lena n-áirítear dálaí oibre agus pá, ná mar a bheadh an t-oibrí lena mbaineann i dteideal a fháil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoin gcleachtas.

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta, más ábhartha é sin de réir na reachtaíochta agus an chleachtais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí rialaithe, faireacháin agus forfheidhmithe.
|
Leasú 3
Baineann an leasú seo le moladh 1.5.
Airteagal 5
Le leasú mar a leanas:
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
|
Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna
1.
Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin, i measc nithe eile, na gnéithe táscacha seo a leanas:
(a)
gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe;
(b)
fad iomarcach na tréimhse oiliúna airbheartaithe nó tréimhsí oiliúna iomadúla agus/nó tréimhsí oiliúna airbheartaithe a dhéanann an duine céanna ceann i ndiaidh a chéile leis an bhfostóir céanna;
(c)
leibhéil choibhéiseacha cúraimí, freagrachtaí agus déine oibre d’oiliúnaithe airbheartaithe agus do ghnáthfhostaithe ag poist inchomparáide leis an bhfostóir céanna;
(d)
an ceanglas maidir le taithí oibre roimhe sin d’iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta gan údar cuí;
(e)
cóimheas ard de thréimhsí oiliúna airbheartaithe i gcomparáid le gnáthchaidrimh fostaíochta leis an bhfostóir céanna;
(f)
líon mór oiliúnaithe airbheartaithe leis an bhfostóir céanna a raibh dhá thréimhse oiliúna nó níos mó curtha i gcrích acu nó a raibh gnáthchaidreamh fostaíochta acu sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, sular ghlac siad leis an tréimhse oiliúna airbheartaithe.
2.
Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:
(a)
an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta
(b)
fad na dtréimhsí oiliúna;
(c)
dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cúraimí agus freagrachtaí na n-oiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;
(d)
na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;
(e)
fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.
3.
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
teorainn ama a shainiú lena léireofar fad iomarcach tréimhse oiliúna agus tréimhsí oiliúna a athdhéantar, lena n-áirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar ceann i ndiaidh a chéile, leis an bhfostóir céanna;
(b)
ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.
|
Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna
1.
Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Measfar gur léiriú ar ghnáthchaidreamh fostaíochta ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a bheith i gceist:
(a)
gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe agus gan maoirseoir a bheith ann;

Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, agus murar rud é go bhfuil fáil dhíreach ag na húdaráis ar an bhfaisnéis chéanna, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:
(a)an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta
(b)fad na dtréimhsí oiliúna;
(c)dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cúraimí agus freagrachtaí na n‑oiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;
(d)na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;
(e)maoirseoir a bheith ann;
(f)fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.
3.
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
uasteorainn ama a shainiú le haghaidh tréimhse oiliúna agus na dálaí eisceachtúla a leagan síos lena dtabharfaí údar le tréimhse oiliúna a athdhéanamh nó le síneadh ama a chur léi, leis an bhfostóir céanna;
(b)
ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.
|
Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Leasú 4
Baineann an leasú seo le moladh 1.8.
Pointe 6
Le leasú mar a leanas:
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
|
6. a áirithiú go n-íoctar oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh.
|
6. a áirithiú go dtugtar cúiteamh d’oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh, i dteannta na gcostas a d’fhéadfadh oiliúnaí a thabhú chun páirt a ghlacadh sa tréimhse oiliúna, lena n‑áirítear na riachtanais mhaireachtála ghaolmhara (e.g. taisteal, bia, cóiríocht, etc.).
|
Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Cinzia DEL RIO
*
*
*
N.B.:
Foscríbhinn ar an taobh eile den bhileog.
FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ón
Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
Na leasuithe a leanas, a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh, diúltaíodh dóibh le linn na díospóireachta (Riail 60(2) de na Rialacha Nós Imeachta):
|
LEASÚ 7
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Cuireann CESE i bhfáth gurb éard atá sna tréimhsí oiliúna, thar aon rud eile, ná taithí oiliúna agus foghlama arb é is aidhm di scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt (go háirithe i gcás na ndaoine óga) agus feabhas a chur ar an infhostaitheacht agus ar an seans go bhfaighfí post, agus meon na fiontraíochta a chothú.
Tá sé de chuspóir ag CESE freisin feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna ar fud an Aontais (go háirithe maidir le gné na foghlama agus na hoiliúna agus maidir leis na dálaí oibre freisin), d’fhonn an t-aistriú a éascú ón oideachas, an dífhostaíocht nó an neamhghníomhaíocht, agus lena áirithiú nach mbíonn cur i gcéill i gceist agus nach n‑úsáidtear iad chun caidreamh fostaíochta a cheilt.
|
Cuireann CESE i bhfáth gurb éard atá sna tréimhsí oiliúna, thar aon rud eile, ná taithí oiliúna agus foghlama arb é is aidhm di scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt (go háirithe i gcás na ndaoine óga) agus feabhas a chur ar an infhostaitheacht agus ar an seans go bhfaighfí post, agus meon na fiontraíochta a chothú.
Tá sé de chuspóir ag CESE freisin feabhas a chur ar cháilíocht na dtréimhsí oiliúna ar fud an Aontais (go háirithe maidir le gné na foghlama agus na hoiliúna agus maidir leis na dálaí oibre freisin), d’fhonn an t-aistriú a éascú ón oideachas, an dífhostaíocht nó an neamhghníomhaíocht, agus lena áirithiú nach mbíonn cur i gcéill i gceist agus nach n‑úsáidtear iad chun caidreamh fostaíochta a cheilt. Éilíonn sé sin creat dlí comhsheasmhach simplithe nach bhfágfadh go mbeadh meascán mearaí rialacha ann maidir le sciaranna éagsúla de na daoine a bhfuil caidreamh fostaíochta acu. Na huirlisí agus na hionstraimí arb ann dóibh cheana féin ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, ba cheart iad a úsáid chun na críche sin agus aird chuí á tabhairt ar an riocht ina bhfuil cúrsaí oideachais agus oiliúna sna Ballstáit éagsúla agus ar na córais caidrimh thionsclaíoch atá iontu. Lena chois sin, cuireann CESE i bhfáth go n-éilíonn tréimhsí oiliúna infheistíocht shuntasach ó thaobh am agus acmhainní na gcuideachtaí agus na bhfiontraithe de d’fhonn oiliúint a chur ar na hoiliúnaithe.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
46
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 8
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.3
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 3): Ós rud é, chun críche na Treorach) gurb ionann an t-oiliúnaí agus oibrí atá ag gabháil do thaithí foghlama agus, dá bhrí sin, gur féidir an cás sin a dhealú ó chás na n‑oibrithe oilte speisialaithe, tá sé iomchuí forais oibiachtúla a shainiú le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a mhaolú. Mar sin féin, d’fhonn teorainneacha maoluithe dá leithéid a shainiú níos fearr, molann CESE liosta a chur san áireamh de na dálaí oibre nach gceadaítear maolú ina dtaobh.
|
Prionsabal an neamh-idirdhealaithe (Airteagal 3): Ós rud é, chun críche na Treorachatá molta, gurb ionann an t-oiliúnaí agus oibrí atá ag gabháil do thaithí foghlama agus, dá bhrí sin, gur féidir an cás sin a dhealú ó chás na n-oibrithe oilte speisialaithe, tá sé iomchuí forais oibiachtúla a shainiú le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a mhaolú. Cur chuige cothrom an cur chuige sin, ceann a chosnaíonn leasanna na n-oiliúnaithe ach a aithníonn san am céanna gur taithí foghlama ar an gcéad dul síos atá sa tréimhse oiliúna agus, dá bhrí sin, gur cheart an t-oiliúnaí a dhealú ón duine ar fostaí cáilithe oilte é. Tá sé tábhachtach freisin aird a thabhairt ar neamhspleáchas na gcompháirtithe sóisialta maidir le dálaí na dtréimhsí oiliúna ar an margadh oscailte a rialáil, mar shampla trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 9
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.4
Pointe nua le cur isteach i ndiaidh an phointe atá ann cheana – ar leibhéal is ísle ná é.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
|
Pointe ríthábhachtach lenar féidir feabhas a chur ar an dréacht-treoir mar atá ná foráil ar leith a chur léi maidir le ról na gcomhpháirtithe sóisialta. I bhfianaise ilchineálacht na cómhargála a dhéantar ar fud na hEorpa, ba cheart don dréacht-treoir ceadú do na comhpháirtithe sóisialta dálaí oibre na n-oiliúnaithe a shocrú i gcomhpháirt, lena n-áirítear an rogha prionsabal na córa comhionainne a mhaolú ar fhorais oibiachtúla maidir le cineál ar leith thréimhsí oiliúna an mhargaidh oscailte i gcomparáid leis an gcaidreamh fostaíochta.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 10
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.5
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna (Airteagal 5): Liostaítear san airteagal seo roinnt gnéithe atá le cur san áireamh agus tréimhse oiliúna airbheartaithe á meas. Is doiléir an fhoclaíocht a úsáidtear san fhoráil seo maidir leis na cineálacha sásraí a bhunaítear léi agus, go háirithe, maidir leis na róil atá ag na gnéithe éagsúla. Síleann CESE gur cheart an fhoráil seo a chur ar bhealach eile lena saineofaí gurb ionann ceann amháin nó níos mó de na gnéithe atá liostaithe a bheith ann agus comhartha ar ghnáthchaidreamh fostaíochta a bheith ann, gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart aithris 26 a leasú dá réir. De bhreis air sin, ba cheart easpa maoirseora a áireamh ar cheann de na gnéithe atá le cur san áireamh (Airteagal 5(1)(a)) agus, ar an dóigh chéanna, ba cheart a áireamh mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar ag an bhfostóir (Airteagal 5(2)) faisnéis maidir le maoirseoir a bheith ann. Ar deireadh, ba cheart na coinníollacha a shainiú níos fearr a ndlisteanaítear fad iomarcach nó athdhéanamh na tréimhse oiliúna dá réir (Airteagal 5(3)(a)), lena n-áirítear mar is féidir maolú a dhéanamh ar an méid sin i gcás a bhfuil údar leis de réir coinníollacha náisiúnta atá ann cheana.
|
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna (Airteagal 5): Liostaítear san airteagal seo roinnt gnéithe atá le cur san áireamh agus tréimhse oiliúna airbheartaithe á meas. Ba cheart déanamh amhlaidh gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Má bhíonn tuiscint tháscach choiteann ann ar an rud is mí-úsáid tréimhse oiliúna ann, cabhróidh sé sin lena áirithiú go bhfuil tacar critéar ag na gníomhaithe ábhartha, go háirithe na fostóirí, na hoiliúnaithe, agus na húdaráis rialála, lenar féidir leo riaradh na dtréimhsí oiliúna a mheas. Ba bhuntáiste an méid sin ó ní bheifí ag dul i muinín tuairimí agus dearcthaí suibiachtúla ar féidir leo casadh a chur san fhírinne, rud a chuirfeadh cur chuige ní b’fhianaisebhunaithe leis an bplé a dhéanfar amach anseo faoi cháilíocht na dtréimhsí oiliúna. Ba cheart dóthain spáis a fhágáil ionas gurbh fhéidir leis na húdaráis inniúla measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca ábhartha iomchuí eile. De bhreis air sin, ba cheart easpa maoirseora a áireamh ar cheann de na gnéithe atá le cur san áireamh (Airteagal 5(1)(a)) agus, ar an dóigh chéanna, ba cheart a áireamh mar chuid den fhaisnéis atá le soláthar ag an bhfostóir (Airteagal 5(2)) faisnéis maidir le maoirseoir a bheith ann. Ar deireadh, ba cheart na coinníollacha a shainiú níos fearr a ndlisteanaítear fad iomarcach nó athdhéanamh na tréimhse oiliúna dá réir (Airteagal 5(3)(a)), lena n-áirítear mar is féidir maolú a dhéanamh ar an méid sin i gcás a bhfuil údar leis de réir coinníollacha náisiúnta atá ann cheana.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
52
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 11
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.6
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Nósanna imeachta thar ceann oiliúnaithe nó chun tacú leo (Airteagal 8): De réir an airteagail seo, ba cheart d’ionadaithe na n-oibrithe a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta thar ceann nó ar son oiliúnaithe. Ar thaobh amháin, má bhaintear leas as an téarma ‘oiliúnaí’, beidh baol ann go gcuirfí cosc ar ionadaithe na n-oibrithe idirghabháil a dhéanamh ar a son siúd a bhfuil obair á déanamh acu i ról a bhfuil bréagriocht tréimhse oiliúna air, mura bhfuil conradh fostaíochta acu (féach Airteagal 2(b)). Ar an taobh eile den scéal, is minic nach mbíonn oiliúnaithe sásta a gcearta a fheidhmiú ar fhaitíos go gcaillfidís deis fostaíochta amach anseo. Mura gceadaítear d’ionadaithe na n‑oibrithe beart a dhéanamh ach amháin tar éis dóibh toiliú sainráite a fháil ón oiliúnaí nó ó na hoiliúnaithe, tá srian mór á chur le cumas an cheardchumainn idirghábháil a dhéanamh agus níl aird á tabhairt ar an drochthionchar a bhíonn ag fostú na n‑oibrithe i mbréagriocht tréimhsí oiliúna ar na hoibrithe eile atá sa chomhlacht, ar iarrthóirí eile ar phoist agus ar an iomaíocht idir na cuideachtaí go léir. Is leithne ná aon tréimhse oiliúna amháin na haidhmeanna agus na himpleachtaí a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an chaidrimh fostaíochta a bhfuil bréagriocht tréimhse oiliúna air. D’fhéadfaí an fhoráil a cheapadh ar bhealach a áirithíonn, ar a laghad i gcomhthéacs náisiúnta nach gá don cheardchumann toiliú an oibrí lena mbaineann a fháil sula ndéanann sé beart chun an leas comhchoiteann dar leis a chosaint, gur féidir le hionadaithe cheardchumainn na n-oibrithe beart a dhéanamh, fiú mura bhfuil toiliú an oiliúnaí faighte acu.
|
Nósanna imeachta thar ceann oiliúnaithe nó chun tacú leo (Airteagal 8): De réir an airteagail seo, ba cheart d’ionadaithe na n-oibrithe a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta thar ceann nó ar son oiliúnaithe. Mar atá luaite sa togra le haghaidh treorach, tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh na hoiliúnaithe a gcead sula ndéanfadh ionadaithe na n-oibrithe bearta thar a gceann. D’fhéadfaí an fhoráil a cheapadh ar bhealach a d’áiritheodh, sna comhthéacsanna náisiúnta siúd ina gceadaíonn an reachtaíocht nó an cleachtas náisiúnta don cheardchumann beart a dhéanamh gan toiliú an oibrí lena mbaineann a fháil chun an leas comhchoiteann dar leis a chosaint, gurbh fhéidir le hionadaithe cheardchumainn na n-oibrithe beart a dhéanamh, fiú mura bhfuil toiliú an oiliúnaí faighte acu.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
32
|
|
In aghaidh:
|
55
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 12
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.8
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Is é is aidhm don togra gach cineál tréimhse oiliúna a chumhdach, ach ní thugtar aird leordhóthanach ann ar na difríochtaí atá idir na cineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna agus na bealaí éagsúla a láimhseáiltear iad sna Ballstáit. Molann CESE íoschritéir cháilíochta a shainiú le haghaidh gach cineáil tréimhse oiliúna a dhéantar san Eoraip, chun ardchaighdeáin agus bunchreat comhchoiteann a áirithiú sna Ballstáit go léir.
|
Is é is aidhm don togra gach cineál tréimhse oiliúna a chumhdach, ach ní thugtar aird leordhóthanach ann ar na difríochtaí atá idir na cineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna agus na bealaí éagsúla a láimhseáiltear iad sna Ballstáit. Cuireann CESE i gcuimhne gur measadh prionsabail cháilíochta Chreat Cáilíochta 2014 le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a bheith bailí agus tugann sé dá aire na prionsabail maidir le cáilíocht mar a léirítear iad sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle agus molann sé iad a chur i bhfeidhm gan dochar do chur chuige náisiúnta ar bith atá ann cheana.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
31
|
|
In aghaidh:
|
52
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 13
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 2.9
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Cuspóir agus raon feidhme (2): Tá raon feidhme an-leathan leis an moladh. Cé gur forálacha sách solúbtha na forálacha atá ann, ní chuirtear san áireamh na cineálacha difriúla tréimhsí oiliúna ach amháin i gcás na n-oiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu. Ní chuirtear gnéithe eile den scéal san áireamh ach amháin i gcomhthéacs aithrisí ar leith (mar shampla, ní phléitear fad na dtréimhsí ach amháin in aithrisí 24-26). D’fhéadfaí aird ní ba mhó a thabhairt ar an ábhar d’fhonn treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal agus na mbeart arna mbunú i gcásanna difriúla.
|
Cuspóir agus raon feidhme (2): Tá raon feidhme an-leathan leis an moladh agus níor cheart tréimhsí oiliúna a áireamh a dhéantar mar chuid den oideachas foirmiúil ná den oiliúint fhoirmiúil. Cé gur forálacha sách solúbtha na forálacha atá ann, ní chuirtear san áireamh na cineálacha difriúla tréimhsí oiliúna ach amháin i gcás na n-oiliúnaithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu. Ní chuirtear gnéithe eile den scéal san áireamh ach amháin i gcomhthéacs aithrisí ar leith (mar shampla, ní phléitear fad na dtréimhsí ach amháin in aithrisí 24-26). D’fhéadfaí aird ní ba mhó a thabhairt ar an ábhar d’fhonn treoir a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal agus na mbeart arna mbunú i gcásanna difriúla.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
30
|
|
In aghaidh:
|
54
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 15
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
COM(2024) 132 final – 2024/0068 (COD)
Leasú 1 ó CESE
Aithris 17
Le leasú.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
|
(17) Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. Dá bhrí sin, féadfaidh printíseachtaí teacht faoi raon feidhme na Treorach seo, a mhéid a thagann printísigh faoin gcoincheap ‘oibrí’ mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sna cleachtais atá i bhfeidhm sna Ballstáit, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
(17) Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. D’ainneoin an tsainmhínithe ar oiliúnaí dá bhforáiltear sa togra seo, na Ballstáit sin nach measann gur caidreamh fostaíochta iad cúrsaí oiliúna agus a rialaíonn iad dá réir sin, ní gá dóibh a samhlacha rialála a iompú ina samhlacha fostaíochta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit an togra seo a chur i bhfeidhm chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chásanna ina bhfuil caidreamh fostaíochta faoi cheilt d’fhonn forfheidhmiú chearta an oiliúnaí faoi cheilt a chur chun cinn.
|
(17) Tá éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile maidir le cláir foghlama obairbhunaithe a thagann faoin sainmhíniú ar thréimhse oiliúna. D’ainneoin an tsainmhínithe ar oiliúnaí dá bhforáiltear sa togra seo, na Ballstáit sin nach measann gur caidreamh fostaíochta iad cúrsaí oiliúna agus a rialaíonn iad dá réir sin, ní gá dóibh a samhlacha rialála a iompú ina samhlacha fostaíochta. Mar sin féin, tá liosta nithe táscacha sa Treoir is féidir leis na húdaráis inniúla a chur san áireamh agus measúnú foriomlán á dhéanamh acu an bhfuil mí-úsáid á baint as tréimhsí oiliúna.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
30
|
|
In aghaidh:
|
54
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 16
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
COM(2024) 132 final – 2024/0068 (COD)
Leasú nua ó CESE
Le leasú.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
|
Airteagal 3
Prionsabal an neamh-idirdhealaithe
Áiritheoidh na Ballstáit, i leith dálaí oibre lena n-áirítear pá, nach gcaitear le hoiliúnaithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le gnáthfhostaithe inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, mura rud é go bhfuil údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla, amhail cúraimí éagsúla, freagrachtaí níos ísle, déine oibre nó ualach na comhpháirte foghlama agus oiliúna.
I gcás nach bhfuil aon ghnáthfhostaí inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, déanfar an chomparáid faoi threoir an chomhaontaithe chomhchoitinn is infheidhme, nó i gcás nach bhfuil aon chomhaontú comhchoiteann is infheidhme ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas.
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
|
Airteagal 3
Prionsabal an neamh-idirdhealaithe
Áiritheoidh na Ballstáit, i leith dálaí oibre lena n‑áirítear pá, nach gcaitear le hoiliúnaithe ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna le gnáthfhostaithe inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, mura rud é go bhfuil údar le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla, amhail cúraimí éagsúla, freagrachtaí níos ísle, leibhéal taithí, déine oibre nó ualach na comhpháirte foghlama agus oiliúna.
I gcás nach bhfuil aon ghnáthfhostaí inchomparáide sa bhunaíocht chéanna, déanfar an chomparáid faoi threoir an chomhaontaithe chomhchoitinn is infheidhme, nó i gcás nach bhfuil aon chomhaontú comhchoiteann is infheidhme ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas.
Tá an méid sin gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le dálaí oibre na n-oiliúnaithe a shocrú i gcomhpháirt, lena n-áirítear an rogha prionsabal na córa comhionainne a mhaolú ar fhorais oibiachtúla maidir le cineál ar leith thréimhsí oiliúna an mhargaidh oscailte i gcomparáid leis an gcaidreamh fostaíochta.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 17
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
COM(2024) 132 final – 2024/0068 (COD)
Leasú 3 ó CESE
Airteagal 5
Le leasú.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
|
Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna
1.
Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin, i measc nithe eile, na gnéithe táscacha seo a leanas:
(a)
gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe;
(b)
fad iomarcach na tréimhse oiliúna airbheartaithe nó tréimhsí oiliúna iomadúla agus/nó tréimhsí oiliúna airbheartaithe a dhéanann an duine céanna ceann i ndiaidh a chéile leis an bhfostóir céanna;
(c)
leibhéil choibhéiseacha cúraimí, freagrachtaí agus déine oibre d’oiliúnaithe airbheartaithe agus do ghnáthfhostaithe ag poist inchomparáide leis an bhfostóir céanna;
(d)
an ceanglas maidir le taithí oibre roimhe sin d’iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta gan údar cuí;
(e)
cóimheas ard de thréimhsí oiliúna airbheartaithe i gcomparáid le gnáthchaidrimh fostaíochta leis an bhfostóir céanna;
(f)
líon mór oiliúnaithe airbheartaithe leis an bhfostóir céanna a raibh dhá thréimhse oiliúna nó níos mó curtha i gcrích acu nó a raibh gnáthchaidreamh fostaíochta acu sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, sular ghlac siad leis an tréimhse oiliúna airbheartaithe.
2.
Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:
(a)
an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta
(b)
fad na dtréimhsí oiliúna;
(c)
dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cúraimí agus freagrachtaí na n-oiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;
(d)
na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;
(e)
fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.
3.
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
teorainn ama a shainiú lena léireofar fad iomarcach tréimhse oiliúna agus tréimhsí oiliúna a athdhéantar, lena n-áirítear tréimhsí oiliúna a dhéantar ceann i ndiaidh a chéile, leis an bhfostóir céanna;
(b)
ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna
1.
Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Measfar gur léiriú ar ghnáthchaidreamh fostaíochta ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a bheith i gceist:
(a)
gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe agus gan maoirseoir a bheith ann;
(b)
fad iomarcach na tréimhse oiliúna airbheartaithe nó tréimhsí oiliúna iomadúla agus/nó tréimhsí oiliúna airbheartaithe a dhéanann an duine céanna ceann i ndiaidh a chéile leis an bhfostóir céanna;
(c)
leibhéil choibhéiseacha cúraimí, freagrachtaí agus déine oibre d’oiliúnaithe airbheartaithe agus do ghnáthfhostaithe ag poist inchomparáide leis an bhfostóir céanna;
(d)
an ceanglas maidir le taithí oibre roimhe sin d’iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta gan údar cuí;
(e)
cóimheas ard de thréimhsí oiliúna airbheartaithe i gcomparáid le gnáthchaidrimh fostaíochta leis an bhfostóir céanna;
(f)
líon mór oiliúnaithe airbheartaithe leis an bhfostóir céanna a raibh dhá thréimhse oiliúna nó níos mó curtha i gcrích acu nó a raibh gnáthchaidreamh fostaíochta acu sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, sular ghlac siad leis an tréimhse oiliúna airbheartaithe.
2.
Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, agus murar rud é go bhfuil fáil dhíreach ag na húdaráis ar an bhfaisnéis chéanna, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:
(a)
an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta
(b)
fad na dtréimhsí oiliúna;
(c)
dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cúraimí agus freagrachtaí na n‑oiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;
(d)
na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;
(e)
maoirseoir a bheith ann;
(f)
fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.
3.
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
uasteorainn ama a shainiú le haghaidh tréimhse oiliúna agus na dálaí eisceachtúla a leagan síos lena dtabharfaí údar le tréimhse oiliúna a athdhéanamh nó le síneadh ama a chur léi, leis an bhfostóir céanna;
(b)
ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena n-áirítear pá, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.
|
Airteagal 5
Measúnú ar ghnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna
1.
Chun a chinneadh an gnáthchaidreamh fostaíochta atá i dtréimhse oiliúna airbheartaithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú foriomlán ar na gnéithe fíorasacha ábhartha uile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin, i measc nithe eile, na gnéithe táscacha seo a leanas:
(a)
gné mhór foghlama nó oiliúna a bheith in easnamh sa tréimhse oiliúna airbheartaithe agus gan maoirseoir a bheith ann;
(b)
fad iomarcach na tréimhse oiliúna airbheartaithe nó tréimhsí oiliúna iomadúla agus/nó tréimhsí oiliúna airbheartaithe a dhéanann an duine céanna ceann i ndiaidh a chéile leis an bhfostóir céanna;
(c)
leibhéil choibhéiseacha cúraimí, freagrachtaí agus déine oibre d’oiliúnaithe airbheartaithe agus do ghnáthfhostaithe ag poist inchomparáide leis an bhfostóir céanna;
(d)
an ceanglas maidir le taithí oibre roimhe sin d’iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta gan údar cuí;
(e)
cóimheas ard de thréimhsí oiliúna airbheartaithe i gcomparáid le gnáthchaidrimh fostaíochta leis an bhfostóir céanna;
(f)
líon mór oiliúnaithe airbheartaithe leis an bhfostóir céanna a raibh dhá thréimhse oiliúna nó níos mó curtha i gcrích acu nó a raibh gnáthchaidreamh fostaíochta acu sa réimse céanna gníomhaíochta nó i réimse comhchosúil gníomhaíochta, sular ghlac siad leis an tréimhse oiliúna airbheartaithe.
2.
Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an fostóir, arna iarraidh sin, agus murar rud é go bhfuil fáil dhíreach ag na húdaráis ar an bhfaisnéis chéanna, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis sin:
(a)
an líon tréimhsí oiliúna agus gnáthchaidreamh fostaíochta
(b)
fad na dtréimhsí oiliúna;
(c)
dálaí oibre, lena n-áirítear cúiteamh, cúraimí agus freagrachtaí na n‑oiliúnaithe airbheartaithe agus na ngnáthfhostaithe ag poist inchomparáide;
(d)
na tuairiscí ar chomhpháirteanna foghlama agus oiliúna na dtréimhsí oiliúna;
(e)
maoirseoir a bheith ann;
(f)
fógraí folúntais le haghaidh tréimhsí oiliúna.
3.
Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
teorainn ama tháscach a shainiú le haghaidh tréimhse oiliúna agus samplaí de na dálaí eisceachtúla a thabhairt lena bhféadfaí údar a thabhairt le tréimhse oiliúna a athdhéanamh nó le síneadh ama a chur léi, leis an bhfostóir céanna;
(b)
ceangal a chur ar fhostóirí faisnéis a chuimsiú maidir leis na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo, na dálaí oibre, lena n-áirítear cúiteamh, cosaint shóisialta, gnéithe foghlama agus oiliúna sna fógraí folúntais agus sna fógráin le haghaidh tréimhsí oiliúna.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón teorainn ama i bpointe (a) i gcásanna ina bhfuil údar le fad níos faide ar fhorais oibiachtúla.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
32
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 18
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
COM(2024) 133 final
Leasú 4 ó CESE
Pointe 6
Le leasú.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
|
6. a áirithiú go n-íoctar oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh.
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
6. a áirithiú go dtugtar cúiteamh d’oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh, i dteannta na gcostas a d’fhéadfadh oiliúnaí a thabhú chun páirt a ghlacadh sa tréimhse oiliúna, lena n‑áirítear na riachtanais mhaireachtála ghaolmhara (e.g. taisteal, bia, cóiríocht, etc.).
|
6. a áirithiú go dtugtar cúiteamh d’oiliúnaithe go cothrom, agus eilimintí amhail cúraimí agus freagrachtaí an oiliúnaí, déine obair an oiliúnaí, agus ualach chomhpháirt na foghlama agus na hoiliúna á gcur san áireamh.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
31
|
|
In aghaidh:
|
55
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 1
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.3
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Molann CESE liosta a chur le hAirteagal 3 de na dálaí oibre nach féidir a mhaolú, ionas gurbh fhearr a chosnófaí leas na n-oiliúnaithe agus go gcaomhnófaí neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta freisin maidir le dálaí na dtréimhsí oiliúna a rialú ar an margadh oscailte, trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, cuir i gcás.
|
Molann CESE sampla a chur le hAirteagal 3 den rud a bheadh i gceist mar fhorais oibiachtúla den chóir dhifriúil mar aon le tagairt do chaomhnú neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta freisin maidir le dálaí na dtréimhsí oiliúna a rialú ar an margadh oscailte, trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, cuir i gcás.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 2
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.4
Pointe nua le cur isteach i ndiaidh an phointe atá ann cheana – ar leibhéal is ísle ná é.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
|
Molann sé, i bhfianaise ilchineálacht na cómhargala a dhéantar ar fud na hEorpa, gur cheart don dréacht-treoir ceadú do na comhpháirtithe sóisialta dálaí oibre na n‑oiliúnaithe a shocrú i gcomhpháirt, lena n‑áirítear an rogha prionsabal na córa comhionainne a mhaolú ar fhorais oibiachtúla maidir le cineál ar leith thréimhsí oiliúna an mhargaidh oscailte i gcomparáid leis an gcaidreamh fostaíochta.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
51
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
|
|
|
LEASÚ 3
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.5
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Molann CESE, gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, glacadh leis na gnéithe atá liostaithe in Airteagal 5, arna leasú, mar chomhartha ar ghnáthchaidreamh fostaíochta a bheith ann, chun an t-airteagal a dhéanamh níos soiléire agus níos comhleanúnaí.
|
Tugann CESE dá aire, gan dochar don mheasúnú an bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oiliúnaí de réir an chleachtais náisiúnta agus chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, gur ceapadh na nithe atá liostaithe in Airteagal 5 le bheith ina ngnéithe atá le cur san áireamh mar chuid den mheasúnú an ann do ghnáthchaidreamh fostaíochta, agus cuireann sé i bhfáth a thábhachtaí atá sé spás a fhágáil ionas gurbh fhéidir leis na húdaráis inniúla measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca ábhartha iomchuí eile. Níor cheart cur i bhfeidhm an airteagail seo a bheith ina chúis le hualach iomarcach riaracháin.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
33
|
|
In aghaidh:
|
52
|
|
Staonadh:
|
1
|
|
LEASÚ 4
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.6
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Molann CESE íoschritéir cháilíochta a shainiú le haghaidh gach cineáil cúrsa oiliúna a dhéantar san Aontas agus molann sé liosta léiritheach de na forais oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith le maolú, gan dochar do na cuir chuige náisiúnta atá ann, chun ardcháighdeáin agus bunchreat comhchoiteann idir na Ballstáit go léir a áirithiú.
|
Cuireann CESE i gcuimhne gur measadh prionsabail cháilíochta Chreat Cáilíochta 2014 le haghaidh Tréimhsí Oiliúna a bheith bailí agus tugann sé dá aire na prionsabail maidir le cáilíocht mar a léirítear iad sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle agus molann sé iad a chur i bhfeidhm gan dochar do chur chuige náisiúnta ar bith atá ann cheana.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
31
|
|
In aghaidh:
|
52
|
|
Staonadh:
|
2
|
|
LEASÚ 5
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.8
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá an cúiteamh cóir lena gcuirtear san áireamh na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht oiliúna agus leis na riachtanais mhaireachtála ghaolmhara, d’fhonn rochtain chomhionann ar thaithí na tréimhse oiliúna a áirithiú do chách.
|
Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá an cúiteamh cóir d’fhonn rochtain chomhionann ar thaithí na tréimhse oiliúna a áirithiú do chách agus tugann sé dá aire go mbíonn éagsúlacht ann ó thaobh an chúitimh de idir na cineálacha difriúla tréimhsí oiliúna, na córais náisiúnta dhifriúla agus na cleachtais náisiúnta dhifriúla.
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
29
|
|
In aghaidh:
|
57
|
|
Staonadh:
|
|
|
LEASÚ 6
SOC/805
An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus Creat
Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna
Pointe 1.9
Pointe le scriosadh.
|
Arna chur síos ag:
BLIJLEVENS René
DANISMAN Mira-Maria
MINCHEVA Mariya
POTTIER Jean-Michel
SCHWENG Christa
|
|
Dréacht‑tuairim ón gCoiste
|
Leasú
|
|
Iarrann CESE páirt a thabhairt d’ionadaithe na gceardchumann sa dá thogra ina ndéantar tagairt d’ionadaithe na n-oibrithe, agus foráil a dhéanamh le gur féidir leo beart a dhéanamh i gcónaí chun oiliúnaithe a chosaint, fiú sa chás nach caidreamh fostaíochta atá sa tréimhse oiliúna.
|
|
Toradh na vótála:
|
Ar son:
|
32
|
|
In aghaidh:
|
55
|
|
Staonadh:
|
2
|
_____________