TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Leasú ar bhunghníomhartha an Chomhbheartais Talmhaíochta – simpliú

_____________

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis
(COM(2024) 139 final – 2024/0073
)

NAT/932

Rapóirtéir: Stoyan TCHOUKANOV

GA

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 19/3/2024,

Parlaimint na hEorpa, 22/3/2024

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

24/4/2024

Seisiún iomlánach Uimh.

587

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

200/1/8

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil roinnt beart á moladh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir leis na tuairimí a d’fhoilsigh CESE roimhe seo 1 , chun breis solúbthachta a thabhairt d’fheirmeoirí an Aontais agus an t‑ualach riaracháin atá orthu a laghdú, d’fhonn an biafhlaitheas a neartú agus cur le hioncam na bhfeirmeoirí. Meabhraíonn sé freisin nach mór, i ndeireadh na dála, tacú le córais bhia inbhuanaithe sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), fiú más leagan simplithe de a bheidh le cur i bhfeidhm, sin le go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shochaíocha agus éiceolaíocha, rud a chabhróidh le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar sin féin, ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar roinnt de na srianta agus na héiginnteachtaí atá sa togra reatha.

1.2Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn CESE nach leigheasóidh an togra seo an phríomhfhadhb atá ag na feirmeoirí, sin le rá go bhfuil an luach á dháileadh go míchothrom ar fud shlabhra an tsoláthair bia, rud a chuireann bac ar na feirmeoirí ioncam cóir a fháil dá dtáirgí bia (tá ioncam feirmeoirí thart ar 40 % níos ísle ná an meánioncam sna hearnálacha neamhthalmhaíochta) 2 , 3 . Dá bhrí sin, iarrann CESE go ndéanfaí na gnéithe eile a mhol an Coimisiún Eorpach sa phacáiste 4 (maidir le conarthaí, comhlachais táirgeoirí, scéimeanna deonacha, cleachtais éagóracha trádála agus an fhaireachlann maidir le costais táirgthe, corrlaigh agus cleachtais trádála) a chur i láthair agus a ghlacadh go tapa. Tá na gnéithe sin uile chomh práinneach lena chéile; is gnéithe iad a chabhróidh leis an gcuspóir foriomlán a bhaint amach, mar atá, ioncam níos cothroime a thabhairt d’fheirmeoirí agus na glúnta óga a mhealladh i dtreo na feirmeoireachta. Ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt freisin do chur chun cinn slabhraí soláthair gairide agus scéimeanna cáilíochta agus a áirithiú go dtugtar tosaíocht dóibh i nósanna imeachta soláthair na mBallstát, lena n‑áirítear trí spriocanna éigeantacha a leagan síos do na Ballstáit maidir lena gcruthú nó lena bhfeabhsú; is bealach é sin trínar féidir cur leis an mbreisluach a bhaineann leis na feirmeacha agus leis an gcumas tuillimh iontu. Tá géarghá le méadú suntasach ar ioncam na bhfeirmeoirí le go mbeidh siad in ann teacht isteach maith a shaothrú agus tuilleadh a dhéanamh ar mhaithe leis an gcomhshaol trí bhearta a chur i bhfeidhm maidir leis an nglasú.

1.3Tacaíonn CESE, i bpriosabal, leis an tsolúbthacht a thugtar do na Ballstáit – agus, dá bharr sin, d’fheirmeoirí an Aontais – chun na cleachtais feirmeoireachta a chur in oiriúint ar bhealach dinimiciúil do na dálaí réigiúnacha1. Mar sin féin, meabhraíonn CESE nár cheart breathnú ar bheartais an chomhshaoil agus na haeráide ná ar chaighdeáin shóisialta mar ualach ach mar chuid de na réitigh agus na treoirlínte fadtéarmacha le haghaidh na bpróiseas cinnteoireachta sna blianta amach romhainn1, agus nár cheart a thuiscint leis an gcoincheap ‘solúbthacht’ gur maolú ar na huaillmhianta agus lagú ar na haidhmeanna glasa sa leagan athbhreithnithe de CBT a bheidh i gceist. Cuireann CESE in iúl gur tugadh isteach coincheap na coinníollachta chun na préimheanna in aghaidh an heicteáir (‘tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta’) a dhlisteanú i dtuairim na gcáiníocóirí. Mura mbeidh na feirmeoirí inmharthana ar bhonn eacnamaíoch, ní bheifear in ann spriocanna níos uaillmhianaí i dtaobh an chomhshaoil a leagan síos, lena n‑áirítear tríd an gcoinníollacht. Beidh ar na feirmeoirí leanúint den phróiseas oiriúnaithe don athrú aeráide agus díriú ar ghníomhaíochtaí ceangailteacha chun an leibhéal carbóin a ísliú, etc. Tá feirmeoirí ag éirí níos neamhchosanta ar an athrú aeráide agus bíonn orthu déileáil le dálaí adhaimsire níos minice ná riamh, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar a gcumas oibriú de réir sprioc-amanna agus tráthchláir oiriúnacha, mar shampla i gcás barra cumhdaigh a chur. Fágann na maoluithe sealadacha atá beartaithe a chur i bhfeidhm i gcás dálaí adhaimsire agus an simpliú atá beartaithe maidir leis an gcuraíocht, an cumhdach ithreach agus athchóiriú na bhféarthailte buana, go mbeidh feirmeoirí in ann aire a thabhairt dá gcuid talún ar an gcaoi is fearr is féidir agus a mhéid is féidir de réir na ndálaí aeráide.

1.4Meabhraíonn CESE gur gá an margadh inmheánach a chosaint agus an iomaíocht chóir a áirithiú le haghaidh fheirmeoirí agus FBManna an Aontais trí bhíthin comhaontuithe trádála cothroma agus bearta trádála uathrialacha le tríú tíortha ina leagfaí síos na caighdeáin sláinte, shóisialta agus chomhshaoil maidir le hallmhairí agus na caighdeáin sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis na caighdeáin a cheanglaítear san Aontas1. Tá gá freisin le clásail chosanta arbh éasca leas a bhaint astu agus arbh éifeachtach iad i gcás suaitheadh sa mhargadh (clásail chomhuaineacha, an chómhalartacht).

1.5Ullmhaíodh an t‑athchóiriú ar CBT sula raibh trácht ar bith ar COVID-19 agus fogha na Rúise faoin Úcráin, dhá rud a d’fhág gur casta i bhfad staid eacnamaíoch na bhfeirmeoirí anois, rud nárbh fhéidir a thuar roimhe seo. Chun tacú le hinbhuanaitheacht agus neamhspleáchas fadtéarmach tháirgeadh bia an Aontais, ba cheart níos mó a dhéanamh sa leagan reatha de CBT chun tacú le feirmeoirí atá tiomanta d’éiciscéimeanna nó d’éicisheirbhísí eile, amhail caomhnú na bithéagsúlachta, trí bhíthin buiséad a sholáthar atá i gcomhréir leis an méid a bhfuiltear ag súil a bhaint amach.

1.6Measann CESE gur cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt do na feirmeoirí agus iad i mbun an aistrithe, agus gur cheart na héifeachtaí seachtracha dearfacha maidir leis an tírdhreach, an bhithéagsúlacht, an comhshaol agus an aeráid a bhaineann le roinnt gníomhaíochtaí talmhaíochta sonracha a dhreasú tríd an gcistiú poiblí nó trí chonarthaí príobháideacha 5 . Sa chomhthéacs sin, tá CESE den tuairim go bhféadfadh sé, i gcás na mbeart atá beartaithe maidir leis na ‘gnéithe neamhtháirgiúla’ mar a thugtar orthu, lena gceadaítear d’fheirmeoirí sciar dá dtalamh arúil a fhágáil bán nó gnéithe nua tírdhreacha a chruthú sna limistéir sin (agus, á dhéanamh sin, tacaíocht airgeadais bhreise a fháil trí éiciscéim), go mbeadh torthaí níos dearfaí orthu ná mar a leagadh amach le CBT i dtosach, ar choinníoll go gcuirfí acmhainní airgeadais breise iomchuí ar fáil. D’fhágfadh sin go mbeadh CBT éifeachtach go héiceolaíoch agus, freisin, go mbeadh gnólachtaí talmhaíochta in ann aistriú céim ar chéim idir seo agus an chéad tréimhse chistiúcháin eile a phleanáil.

1.7Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an cistiú i gcomhréir leis an uaillmhian a comhaontaíodh, is é sin CBT atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, níos glaise agus níos córa a bheith ann. Molann CESE go ndéanfadh na Ballstáit measúnú ar thionchar na mbeart simpliúcháin sin a luaithe is féidir in 2025, ag féachaint go háirithe do na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar ioncam na bhfeirmeoirí agus ar mhéid iomlán na ndromchlaí nó na ngnéithe a d’úsáidfí ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht.

1.8Ós rud é go laghdóidh roinnt de na bearta simpliúcháin sin na hoibleagáidí maidir le dálaí maithe talmhaíochta agus comhshaoil, agus go dtabharfar solúbthacht bhreise do na feirmeoirí maidir leis na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm, meabhraíonn CESE go dteastóidh cláir oiliúna iomchuí a bheidh dírithe ar eolas breise a thabhairt do na feirmeoirí agus dá gcomhairleoirí i dtaobh na mbeart maidir leis an nglasú (sin toisc an tionchar eacnamaíoch a bheidh acu), lena n‑áirítear an uainíocht barr, éiceolaíocht na bpailneoirí, an próiseas sainaitheanta agus athchóiriú gnáthóg 6 .

1.9Athdhearbhaíonn CESE freisin an moladh uaidh níos mó tacaíochta a thabhairt d’fheirmeoirí le go bhféadfaidh siad dul i ngleic leis na rialuithe is gá a dhéanamh1. I ndáil leis an méid sin, tá CESE amhrasach faoin méid atá beartaithe maidir le feirmeoirí a bhfuil níos lú ná 10 heicteár acu a dhíolmhú ó na rialuithe agus na pionóis a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas coinníollachta. Meabhraíonn CESE go bhfuil na rialuithe agus na pionóis fós ag cruthú deacrachtaí do gach cineál feirme, idir fheirmeacha beaga agus fheirmeacha móra, agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach an t‑ualach a fhágann na rialuithe sin ar fheirmeacha uile na hEorpa a laghdú. Lena chois sin, d’fhágfadh beart den chineál sin go gcruthófaí scoilt idir feirmeoirí na hEorpa agus go mbeadh leithcheal á dhéanamh ar roinnt de na feirmeoirí gan bonn cirt leis de réir dlí. Cé go bhféadfadh cúis mhaith a bheith le díolúintí ó rialuithe áirithe nó le laghdú ar an minicíocht, go háirithe i gcás feirmeoirí beaga (agus an sainmhíniú ar ‘beag’ ag brath ar an gcineál táirgthe atá ar siúl), creideann CESE gur féidir le méid áirithe rialuithe oiriúnaithe agus comhréireacha cabhrú chun malartuithe faisnéise agus tacaíocht d’fheirmeoirí a áirithiú.

1.10Agus ar deireadh, cé go n‑aontaíonn CESE leis an bpráinn atá leis na tograí sin lena áirithiú go mbeidh siad infheidhme sa chéad séasúr fáis eile, cuireann sé i bhfios go láidir go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún leas a bhaint as modh comhairliúcháin eile chun dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta i dtaobh na tograí sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go rachfar i gcomhairle mar is ceart leis na geallsealbhóirí uile i dtaobh chur chun feidhme na mbeart sin agus, sa tréimhse amach romhainn, i dtaobh na ngnéithe eile a mholtar sa phacáiste, agus iad a phlé freisin i gcomhthéacs an idirphlé straitéisigh leanúnaigh. Tá sé ríthábhachtach idirphlé a athbhunú idir an tsochaí shibhialta agus an pobal feirmeoireachta ar bhonn fadtéarmach agus na feirmeoirí a bheith i gcroílár an Chomhbheartais Talmhaíochta.

An Bhruiséil, 24 Aibreán 2024.

Oliver Röpke
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________