GA

CCMI/222

Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach

TUAIRIM

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach

(JOIN(2024) 10 final)

Teagmháil

Ioannis.Diamantopoulos@eesc.europa.eu

Riarthóir

Ioannis DIAMANTOPOULOS

Dáta an doiciméid

21/5/2024

Rapóirtéir: Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir: Jan PIE

Comhairleoir

Alberto DAL FERRO (comhairleoir don rapóirtéir, Grúpa III)

Vassilis THEODOSOPOULOS (comhairleoir don chomhrapóirtéir, Grúpa I)

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 27/3/2024

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

15/5/2024

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

31/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

D/5/2024

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach mar chéim thábhachtach chun ullmhacht cosanta na hEorpa a neartú agus, ar an gcaoi sin, a cumas chun saoránaigh, críocha agus croíluachanna na hEorpa mar aon leis an modh maireachtála Eorpach a chosaint.

1.2Tá CESE den tuairim gur colún ríthábhachtach d’ullmhacht cosanta na hEorpa é ullmhacht agus freagrúlacht EDTIB (bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí) a áirithiú, ós rud é gurb é EDTIB soláthróir dúchasach iontaofa na gcrua-earraí, na mbogearraí agus na seirbhísí úrscothacha a theastaíonn ónár bhfórsaí armtha chun a misean a chomhlíonadh.

1.3Is díol sásaimh do CESE an t‑athrú ar an gcur chuige ó bhearta éigeandála i dtreo freagairt struchtúrach, fhadtéarmach, ar bunriachtanas í chun tacaíocht a thabhairt d’oiriúnú EDTIB don timpeallacht slándála nua. Is díol sásaimh do CESE, go háirithe, go bhfuiltear ag díriú ar a riachtanaí atá sé borradh a chur faoin bhfoinsiú Eorpach ar mhaithe le riachtanais na hEorpa. I ndáil leis sin, tá sé chomh riachtanach céanna éileamh na hEorpa a mhéadú, a chomhdhlúthú agus a chur i dtreo EDTIB agus atá sé feabhas a chur ar chumas EDTIB freastal ar an éileamh sin.

1.4Is díol sásaimh do CESE freisin go ndírítear sa straitéis ar shlándáil an tsoláthair agus ar inniúlachtaí, rud atá ríthábhachtach don ullmhacht cosanta. Mar sin féin, is forálacha doiléire iad, fiú ar an leibhéal coincheapúil, roinnt de na forálacha a bhaineann le slándáil an tsoláthair, lena n‑áirítear an córas atá beartaithe ag an Aontas maidir le slándáil an tsoláthair.

1.5Ina theannta sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé comhpháirtíochtaí a ghiaráil le tíortha a bhfuil dáimh ar leith eatarthu agus a bhfuil luachanna coiteanna acu chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach. Le rannpháirtíocht na hÚcráine i gcláir thionsclaíocha an Aontais i réimse na cosanta, agus trí naisc níos dlúithe a chothú idir EDTIB agus DTIB na hÚcráine, cruthófar tairbhí straitéiseacha tábhachtacha dóibh araon. Bheadh comhar feabhsaithe le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) maidir le hábhair leasa fhrithpháirtigh ina bhuntáiste freisin, ar choinníoll go n‑urramófar go hiomlán leasanna slándála Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh.

1.6Ag an am céanna, is oth le CESE nach ndírítear ar dhearcadh an phobail sa straitéis. Is easnamh mór é sin, ós rud é gur gné lárnach é dearcadh an phobail i sochaithe daonlathacha agus i saormhargaí amhail an margadh Eorpach, agus go bhfuil tábhacht leis, dá bhrí sin, do na dúshláin de chuid EDTIB a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, rud a théann i bhfeidhm ar chinntí polaitiúla agus margaidh araon. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin ar bhonn práinne trí fheachtas cumarsáide poiblí uile-Aontais a chomhordú chun cur i gcoinne míthuiscintí seanbhunaithe agus chun feasacht agus tacaíocht a mhúscailt i measc phobal na hEorpa maidir lena riachtanaí atá sé síocháin, slándáil, rathúnas agus luachanna na hEorpa a chosaint, agus maidir le rannchuidiú ríthábhachtach EDTIB ina leith sin.

1.7I bhfianaise an mhéid sin, tá CESE den tuairim go bhfuil easnaimh áirithe sa straitéis, mar a leagtar béim orthu thíos. A mhéid a bhaineann lena cuspóirí, ní dócha go mbeidh an phríomhionstraim chun í a chur chun feidhme, is é sin an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP), oibríochtúil roimh dheireadh 2025. Dá bhrí sin, ní mór an straitéis a chomhlánú le bearta gearrthéarmacha eile lena dtugtar aghaidh ar riachtanais phráinneacha.

1.8Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit glacadh leis an iarraidh ón gCoimisiún roghanna gearrthéarmacha a lorg trí bhíthin na n‑ionstraimí atá ar fáil, roghanna lena ndéanfar borradh a chur faoin soláthar comhpháirteach ar mhórscála i réimse na cosanta, lena gcuirfear dlús ar mhórscála le EDTIB, agus lena seolfar tionscadail shuaitheanta i réimse na cosanta.

1.9Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú ó thaobh na tionsclaíochta agus na straitéise de araon go mbeidh rochtain ag tionscal na cosanta ar scileanna, ar theicneolaíocht agus ar thaighde. Chuige sin, tá infheistíocht san oiliúint, sa taighde agus i bhforbairt straitéise ríthábhachtach. Thairis sin, san fheachtas thuasluaite chun feasacht phobal na hEorpa a mhúscailt i dtaca leis an méid a dhéanann EDTIB ar mhaithe le slándáil, rathúnas agus luachanna na hEorpa, ba cheart gné a áireamh ann a dhíreoidh ar ilchineálacht agus tarraingteacht EDTIB a chothú i measc gairmithe a bheidh ann amach anseo agus gairmithe óga, agus lena bhféachfar le deireadh a chur le bacainní amhail clásail shibhialta i rialacháin ollscoile. D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh freisin ar thionscnaimh lena gcuirtear soghluaisteacht an lucht saothair chun cinn ar mhaithe leis an gcosaint, tionscnaimh arna spreagadh ag an gclár ‘Erasmus Míleata’.

1.10Cuireann CESE i bhfios go láidir go mbeidh rath na straitéise ag brath go príomha ar rannpháirtíocht iomlán na mBallstát agus ar an aitheantas a thabharfaidh siad don bhreisluach a bhaineann le cur chuige Eorpach. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar í a chur chun feidhme gan moill mhíchuí agus go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha mar thacaíocht aici. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE go hiomlán freisin leis an iarraidh ón gCoimisiún ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartais iasachtaithe a mhodhnú agus lántacaíocht a thabhairt do thionscal na cosanta, agus is díol sásaimh dó na soiléirithe maidir leis na gníomhaíochtaí cosanta nach n‑áirítear i dtacsanomaíocht chomhshaoil an Aontais. Ba ríthábhachtach nasc agus comhoibriú níos dlúithe a bhunú idir lucht tionscail, lucht míleata, réimse na heolaíochta agus taighde.

2.An cúlra leis an tuairim, lena n‑áirítear an togra reachtach lena mbaineann

2.1An 5 Márta 2024, thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí an chéad Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach riamh, mar aon leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP).

2.2Is é is aidhm don straitéis ullmhacht agus iomaíochas EDTIB a neartú, ar réamhriachtanais ríthábhachtacha iad i gcoitinne d’ullmhacht cosanta na hEorpa.

2.3Tá ullmhacht cosanta níos tábhachtaí ná riamh i dtimpeallacht nua na slándála, agus méadú géar le feiceáil ar bhagairtí slándála réigiúnacha agus domhanda, agus go háirithe mar gheall ar an ngnáthchogaíocht ard-déine atá le feiceáil arís san Eoraip, tar éis ionradh neamhdhleathach, brúidiúil iomlán na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022.

2.4I bhfianaise an mhéid sin, tá dhá phríomhdhúshlán a gcaithfidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit dul i ngleic leo. Sna míonna amach romhainn, ní mór dóibh a bheith in ann cabhrú leis an Úcráin cur i gcoinne fhogha na Rúise, ach san fhadtéarma, ní mór don Aontas é féin a ullmhú ar bhonn práinneach do choinbhleacht mhórscála a d’fhéadfadh tarlú. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach ó tharla rabhadh tugtha arís agus arís eile ag saineolaithe míleata na hEorpa go bhféadfadh an Rúis, áit a bhfuil méadú tagtha de réir a chéile ar na hacmhainní a chuirtear i dtreo a gairis mhíleata, ionsaí hibrideach nó míleata ar mhórscála a sheoladh i gcoinne Bhallstát an Aontais laistigh de chúpla bliain, agus rabhadh sainráite tugtha le déanaí ag ceannaire Eorpach gur ‘tréimhse réamhchogaidh’ atá ann anois don Eoraip.

2.5Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór do EDTIB a bheith réidh i gcónaí chun speictream iomlán na gcumas sárcháilíochta a theastaíonn ó fhórsaí armtha na hEorpa a sholáthar, agus a bheith in ann an méid sin a dhéanamh.

2.6Ní hamhlaidh atá sa lá atá inniu ann áfach. Tar éis tríocha bliain den tearcinfheistíocht sa tionscal um armálacha agus in oiliúint agus scileanna a bhaineann le cosaint ar fud na hEorpa, tá cumas táirgthe EDTIB lagaithe go mór. Is táirgí neamh-Eorpacha is mó a bhí á gceannach ag na Ballstáit lena mbuiséid theoranta le haghaidh éadálacha i réimse na cosanta, agus an méid sin á dhéanamh ar bhealach neamh-chomhordaithe.

2.7Ó mhí Feabhra 2022 i leith, tá méadú mór tagtha ar an gcaiteachas infheistíochta i réimse na cosanta ar fud an Aontais, ach is in olcas a chuaigh an treocht maidir le ceannach ar bhonn aonair ón gcoigríoch. De réir staidéar a rinneadh le déanaí, is ó sholáthróirí neamh-AE a tháinig 78 % de na héadálacha i réimse na cosanta a rinne Ballstáit an Aontais idir tús chogadh foghach na Rúise agus mí an Mheithimh 2023, agus de réir na bhfigiúirí is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, in 2022, ní dhearnadh soláthar comhpháirteach ach i gcás 18 % den chaiteachas iomlán ar threalamh san Aontas. Téann an treocht sin go mór chun aimhleas EDTIB, ós rud é go ndéantar ioncam, acmhainneacht infheistíochta, barainneachtaí scála, fios gnó agus acmhainneacht táirgeachta a chur amú leis.

2.8Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, leagtar amach sa Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach roinnt gníomhaíochtaí a dhéantar a struchtúrú thar cheithre cholún, ina measc; (1) é a éascú do na Ballstáit EDTIB a phleanáil, infheistíocht a dhéanamh ann agus soláthar a fháil uaidh, ar bhonn comhpháirteach, agus iad a dhreasú chun an méid sin a dhéanamh 1 ; (2) tacaíocht a thabhairt do chumas táirgthe agus nuálaíochta EDTIB agus creat AE um shlándáil an tsoláthair a chur ar bun; (3) ceisteanna tionsclaíocha i réimse na cosanta a phríomhshruthú ar fud bheartais uile an Aontais; agus (4) comhpháirtíochtaí leis an Úcráin, le ECAT agus le comhpháirtithe eile a ghiaráil chun tacú leis na cuspóirí sin.

2.9Aithnítear sa straitéis nach leor na hacmhainní atá ar fáil do EDIP (EUR 1.5 billiún) faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha an Aontais ach amháin le haghaidh iarracht ar mhionscála, agus gur cheart iad a chomhlánú le modhanna agus foinsí tábhachtacha cistiúcháin eile sa ghearrthéarma. Don tréimhse tar éis 2027, meastar gur bunriachtanas é go ndéanfar foráil d’imchlúdach airgeadais uaillmhianach faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile de chuid an Aontais.

2.10Cuirtear chun cinn sa straitéis spriocanna meántéarmacha neamhcheangailteacha i dtaca le sciar na trádála cosanta laistigh den Aontas i gcomhthéacs mhargadh cosanta an Aontais i gcoitinne.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Is díol sásaimh do CESE an Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach mar chéim thábhachtach chun ullmhacht cosanta na hEorpa a neartú agus, ar an gcaoi sin, a cumas chun saoránaigh, críocha agus croíluachanna na hEorpa mar aon leis an modh maireachtála Eorpach a chosaint. Is leas ríthábhachtach é sin de chuid Bhallstáit uile an Aontais.

3.2Tá CESE den tuairim freisin gur colún ríthábhachtach d’ullmhacht cosanta na hEorpa é ullmhacht agus freagrúlacht EDTIB a áirithiú.

3.3Is díol sásaimh do CESE an t‑athrú ar an gcur chuige ó bhearta éigeandála i dtreo freagairt struchtúrach, fhadtéarmach, ar bunriachtanas í chun tacaíocht a thabhairt d’oiriúnú EDTIB don timpeallacht slándála nua.

3.4Tá CESE den tuairim, i bhfianaise inniúlachtaí cosanta an Aontais, go gcumhdaítear príomhghnéithe na saincheiste sa straitéis (go háirithe comhdhlúthú an éilimh, tacaíocht don tionsclaíocht lena n‑áirítear taighde agus nuálaíocht, slándáil an tsoláthair, agus príomhshruthú na hullmhachta cosanta i mbeartais agus comhpháirtíochtaí an Aontais) agus go soláthraítear léi creat láidir agus ionstraimí chun dreasachtaí breise a chur ar fáil don chomhar Eorpach.

3.5Is díol sásaimh do CESE, go háirithe, go bhfuiltear ag díriú ar a riachtanaí atá sé foinsiú Eorpach a mhéadú ar mhaithe le riachtanais na hEorpa. I ndáil leis sin, tá sé chomh riachtanach céanna éileamh na hEorpa a mhéadú, a chomhdhlúthú agus a chur i dtreo EDTIB agus atá sé feabhas a chur ar chumas EDTIB freastal ar an éileamh sin.

3.6Na spriocanna meántéarmacha a chuirtear chun cinn sa straitéis, is táscairí dul chun cinn tábhachtacha iad, táscairí ar den riachtanas iad chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéanfar amach anseo agus, i gcás inarb iomchuí, chun na hiarrachtaí sin a choigeartú. Mar sin féin, is oth le CESE nach spriocanna ceangailteacha iad agus creideann sé nach bhfuil siad uaillmhianach ná práinneach a dhóthain i bhfianaise na rioscaí slándála atá ann. Is é meastóireacht an tionscail nach mór 80 % de bhuiséid na hEorpa i gcomhair éadálacha cosanta a infheistiú san Eoraip chun EDTIB a fhorbairt a bheidh oiriúnach don timpeallacht slándála nua. Tá CESE den tuairim, ar an ábhar sin, gur cheart an méid sin a bheith ina sprioc agus gur cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas í a bhaint amach mar ábhar práinne tráth nach déanaí ná 2040.

3.7Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa a seacht ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú nach mianaidhmeanna amháin a bheidh sna spriocanna sin ach go mbainfear amach go hiomlán iad. Cuideoidh sé sin freisin le hilroinnt dhiomailteach agus dúbailt dhiomailteach a sheachaint agus leithdháileadh níos éifeachtúla acmhainní ganna a áirithiú.

3.8Is trí chúrsaí tionsclaíocha i réimse na cosanta a phríomhshruthú ar fud bheartais an Aontais is mó a chuirfear leis an sprioc sin. I ndáil leis sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an teachtaireacht shoiléir ón gCoimisiún maidir lena bhunriachtanaí atá EDTIB don athléimneacht agus don tslándáil, agus lena riachtanaí atá sé an méid sin a léiriú le rochtain an tionscail ar mhaoiniú. Tacaíonn CESE go hiomlán freisin leis an iarraidh ón gCoimisiún ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartais iasachtaithe a mhodhnú agus tacaíocht iomlán a thabhairt do thionscal na cosanta, agus is díol sásaimh dó na soiléirithe maidir leis na gníomhaíochtaí cosanta nach n‑áirítear i dtacsanomaíocht chomhshaoil an Aontais.

3.9Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil an straitéis ag díriú ar shlándáil an tsoláthair, ar amhábhar criticiúil, ar shliseanna agus ar inniúlachtaí, ar rudaí ríthábhachtacha iad don ullmhacht cosanta. San Eoraip faoi láthair, tá an bonn á bhaint de shlándáil an tsoláthair mar gheall ar róspleáchas ar sholáthróirí neamh-Eorpacha agus easpa sásra rialachais ar leibhéal an Aontais d’aimsir géarchéimeanna. Tá roinnt gnéithe suimiúla sa chóras atá beartaithe maidir le slándáil an tsoláthair, amhail an t‑idirdhealú idir cineálacha éagsúla géarchéime agus bearta grádaithe, chomh maith le tacaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann do stoc-charnadh straitéiseach na gcomhpháirteanna bunúsacha. D’fhéadfadh forálacha eile, amhail oscailt na gcreatchonarthaí atá ann cheana le linn géarchéimeanna, slándáil an tsoláthair a fheabhsú go mór freisin. San am céanna, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach córas den sórt sin a chur chun feidhme. Mar gheall ar chastacht shlabhraí soláthair na cosanta, b’éilitheach ar acmhainní agus ba dhúshlánach mapáil chuimsitheach agus faireachán cuimsitheach a dhéanamh, go háirithe i gcás eilimintí atá lasmuigh den Aontas. D’fhéadfadh deacracht eile a bheith ag baint le híogaireacht agus aicmiú féideartha na faisnéise is gá. Trí úsáid a bhaint den chuid is mó as faisnéis atá ar fáil go poiblí agus as iarrataí deonacha ar fhaisnéis, d’fhéadfaí an deacracht sin a mhaolú, ach d’fhéadfaí cur isteach freisin ar chruinneas, bailíocht, ábharthacht agus iomláine na faisnéise.

3.10Ina theannta sin, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé comhpháirtíochtaí a ghiaráil le tíortha a bhfuil dáimh ar leith eatarthu agus a bhfuil luachanna coiteanna acu chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach. Maidir le rannpháirtíocht na hÚcráine i gcláir thionsclaíocha an Aontais i réimse na cosanta, ní hamháin go gcothófar naisc níos dlúithe idir EDTIB agus DTIB na hÚcráine, ach cruthófar tairbhí straitéiseacha tábhachtacha freisin don Aontas agus don Úcráin araon le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, agus cabhróidh sé le haontachas na hÚcráine leis an Aontas a bhaint amach faoi dheireadh. Bheadh comhar feabhsaithe le ECAT maidir le hábhair leasa fhrithpháirtigh ina bhuntáiste freisin, ar choinníoll go n‑urramófar go hiomlán leasanna slándála Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh.

3.11San am céanna, is oth le CESE nach ndírítear go sonrach sa straitéis ar dhearcadh an phobail. Is easnamh mór é sin ós rud é gur gné lárnach é dearcadh an phobail i sochaithe daonlathacha agus i saormhargaí amhail an margadh Eorpach, agus go bhfuil tábhacht leis, dá bhrí sin, do na dúshláin de chuid EDTIB a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, rud a théann i bhfeidhm ar chinntí polaitiúla agus margaidh araon. Is fiú a lua go bhfuil líon suntasach Eorpach fós den tuairim go bhfuil tionscal na cosanta ‘neamh-inbhuanaithe’ agus gurb ualach é ar an gcaiteachas sóisialta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil tacaíocht tuillte aige. Tugann siad neamhaird, áfach, ar rannchuidiú ríthábhachtach earnáil na cosanta le leas poiblí na slándála agus ar an gcrostoirchiú comhthairbheach idir teicneolaíochtaí sibhialta agus cosanta agus an nuálaíocht. Tá seans ann gur measa na míthuiscintí sin mar gheall ar ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis inár sochaithe agus inár bpróisis pholaitiúla, mar chuid d’fheachtais hibrideacha ag gníomhaithe mailíseacha, go háirithe an Rúis. Cruthaíonn an íomhá dhiúltach sin den tionscal cosanta dúshláin thromchúiseacha do EDTIB maidir le rochtain ar mhaoiniú, agus ní hamháin sin, ach maidir le rochtain ar árachas, ar fhuinneamh, ar shaoráidí agus ar scileanna freisin. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin ar bhonn práinne trí fheachtas cumarsáide poiblí uile-Aontais a chomhordú chun cur i gcoinne míthuiscintí seanbhunaithe agus chun feasacht agus tacaíocht a mhúscailt i measc phobal na hEorpa maidir lena riachtanaí atá sé síocháin, slándáil, rathúnas agus luachanna na hEorpa a chosaint, agus maidir le rannchuidiú ríthábhachtach EDTIB ina leith sin. Tá de dhualgas ar na ceannairí polaitiúla a mheabhrú do na saoránaigh inár sochaithe saora agus daonlathacha nach rudaí saor in aisce iad an tsíocháin agus an tsaoirse agus nach mór iad a chosaint. San am céanna, ba cheart Bosca Uirlisí Hibrideach an Aontais atá beartaithe sa Chompás Straitéiseach a úsáid freisin d’fhonn EDTIB a chosaint ar bhagairtí hibrideacha.

3.12Ar an iomlán, tugann CESE ardmholadh don straitéis as aitheantas a thabhairt don dúshlán eisceachtúil a cruthaíodh don Eoraip de dheasca ionsaí na Rúise. Ag an am céanna, tá rioscaí móra eile nach mór don Eoraip dul i ngleic leo, amhail coinbhleachtaí atá ar siúl faoi láthair agus coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcomharsanacht na hEorpa agus níos faide i gcéin agus dícheangal féideartha a príomh-chomhghuaillí. Tagann an straitéis chun cinn tráth ar ghéaraigh ar na dúshláin sin agus tráth práinne don Eoraip níos mó freagrachta a ghlacadh uirthi féin as a slándáil féin, ceist atá á plé le fada an lá. Dá bhrí sin, is é fíor-thagarmharc na straitéise cibé an mbeidh sí in ann ag na dúshláin sin nó nach mbeidh.

3.13I bhfianaise an mhéid sin, tá CESE den tuairim go bhfuil easnaimh áirithe sa straitéis, mar a leagtar béim orthu thíos. A mhéid a bhaineann leis na cuspóirí, ní dócha go mbeidh an phríomhionstraim chun í a chur chun feidhme (EDIP) oibríochtúil roimh dheireadh 2025. Idir an dá linn, ní féidir aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine ná ar chumais easnamhacha na mBallstát sa ghearrthéarma, óir is gníomhaíocht phráinneach a theastaíonn sa dá chás sin. Dá bhrí sin, ní mór an straitéis a chomhlánú le bearta gearrthéarmacha eile lena dtugtar aghaidh ar riachtanais phráinneacha.

3.14Cuireann CESE in iúl freisin, cé go bhfógraíonn an Coimisiún agus an tArdionadaí athrú ó bhonn ar chur chuige an Aontais i leith thionscal na cosanta trí bhíthin na straitéise, nach í an straitéis féin a sholáthróidh an bonn tionsclaíoch cosanta atá de dhíth ar an Eoraip le bheith ullamh don chogaíocht. Go deimhin, tá na hacmhainní agus an t‑údarás cinnteoireachta is gá ag na Ballstáit cheana féin chun na treochtaí soláthair i réimse na cosanta a chur ar mhalairt treo, chun oibriú i gcomhar le chéile ar chláir chumais, agus chun dearcadh na cosanta a fhorbairt chun go samhlófar í le ráthaíocht slándála. D’fhéadfadh sé go n‑iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit a leithéid sin a dhéanamh agus go gcuirfidh sé dreasachtaí ar fáil chuige sin, ach níl ach dreasachtaí teoranta ar fáil faoi láthair agus, i gcás cistiúcháin, bheifí ag brath ar thoilteanas na mBallstát ar aon nós.

3.15Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil bearna ollmhór ann le blianta fada idir briathra na mBallstát agus a gcuid beart i gcás raon leathan saincheisteanna a bhaineann leis an gcosaint, cuir i gcás ceanglais mhíleata agus tionscadail chomhoibritheacha a chomhchuibhiú agus réimse na cosanta a bheith á eisiamh ar bhonn leanúnach ó bheartais infheistíochta líon mór cistí pinsin náisiúnta, beartais arna rialú ag na Ballstáit, gan ach dornán samplaí a lua. Rud tábhachtach eile, is minic a mheastar sna Ballstáit gur saincheist thánaisteach í an chosaint seachas tosaíocht ríthábhachtach. Thairis sin, is minic a úsáideadh buiséid chosanta, go háirithe na gnéithe infheistíochta díobh, mar rialtóir buiséid in aimsir srianta airgeadais.

3.16Aontaíonn CESE freisin leis an measúnú ón gCoimisiún nach leor na hacmhainní atá ar fáil go dtí seo chun an straitéis a chur chun feidhme. Is codán róbheag de riachtanais agus de chaiteachas cosanta na hEorpa é an buiséad EUR 1.5 billiún atá beartaithe ag EDIP chun nach mbeidh tionchar struchtúrach aige ar an margadh, agus níl aon chinnteacht ann go fóill faoin úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as brabúis amhantair shócmhainní reoite na Rúise chun EDIP a chistiú.

3.17Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit glacadh leis an iarraidh ón gCoimisiún scrúdú a dhéanamh sa ghearrthéarma ar na roghanna chun borradh a chur faoin soláthar comhpháirteach ar mhórscála i réimse na cosanta, trí bhíthin na n‑ionstraimí atá ar fáil, chun dlús tapa ar mhórscála a chur le EDTIB, agus chun tionscadail shuaitheanta a sheoladh i réimse na cosanta. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith le hinfheistíocht cosanta a mheas, mar atá beartaithe, mar thoisc ábhartha faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athbhreithnithe a mhéid a bhaineann le tionscadail den sórt sin a mhaoiniú.

3.18Tá CESE ag teacht le measúnú an Choimisiúin go mbeidh gá le himchlúdach airgeadais fíor-uaillmhianach faoin gcéad CAI eile má táthar chun cuspóirí na straitéise a chomhlíonadh. Chun tacú le EDTIB a chur in oiriúint do ré nua na hiomaíochta straitéisí, d’fhéadfadh sé go mbeadh líne bhuiséid AE thart ar EUR 100 billiún ag teastáil le haghaidh réimse na cosanta sa tréimhse 2028-2035. Bheadh an t‑imchlúdach airgeadais sin ag teastáil chun tionscadail T&F a chistiú go leordhóthanach, faoi Chiste Eorpach Forbraíochta treisithe, chomh maith le soláthar comhpháirteach agus cothú acmhainneachta (go háirithe cumasóirí ríthábhachtacha) na mBallstát a dhreasú agus chun tacú leo. Bheadh gá leis freisin chun tacú leis an earnáil tionsclaíochta a hullmhacht, a hacmhainneacht táirgeachta agus athléimneacht an tslabhra soláthair a mhéadú, faoi pé clár a thiocfaidh i ndiaidh EDIP.

3.19Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú ó thaobh na tionsclaíochta agus na straitéise de araon go mbeidh rochtain ag tionscal na cosanta ar scileanna. Chuige sin, san fheachtas thuasluaite chun feasacht agus tacaíocht phobal na hEorpa a mhúscailt i dtaca leis an méid a dhéanann EDTIB ar mhaithe le slándáil, rathúnas agus luachanna na hEorpa, ba cheart gné a áireamh ann a dhíreoidh ar ilchineálacht agus tarraingteacht EDTIB a chothú i measc gairmithe a bheidh ann amach anseo agus gairmithe óga, agus lena bhféachfar le deireadh a chur le bacainní amhail clásail shibhialta i rialacháin ollscoile. D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh freisin ar thionscnaimh lena gcuirtear soghluaisteacht an lucht saothair chun cinn ar mhaithe leis an gcosaint, tionscnaimh arna spreagadh ag an gclár ‘Erasmus Míleata’.

3.20Mar fhocal scoir, tá CESE den tuairim go dtugann an Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach aitheantas tábhachtach do na dúshláin a mbeidh ar an Eoraip dul i ngleic leo agus ar an ngéarghá le hiarracht chuimsitheach chun ullmhacht agus iomaíochas EDTIB a neartú. Ag an am céanna, leis na bearta atá beartaithe chun an cuspóir sin a bhaint amach, léirítear a theoranta atá inniúlachtaí agus acmhainní an Aontais i réimse na cosanta.

3.21Dá réir sin, cuireann CESE i bhfios go láidir go mbeidh rath na straitéise ag brath go príomha ar rannpháirtíocht iomlán na mBallstát agus ar an aitheantas a thabharfaidh siad don bhreisluach a bhaineann le cur chuige Eorpach.

3.22Tá CESE den tuairim, thairis sin, gur Cinn Stáit agus Rialtais amháin atá in ann bheith ar thús cadhnaíochta agus a chinntiú go soláthróidh na Ballstáit an tacaíocht nithiúil a theastaíonn go práinneach chun uasghrádú suntasach a dhéanamh maidir le hullmhacht (thionsclaíoch) na hEorpa i réimse na cosanta.

3.23Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar iarracht chomhthreomhar ar leibhéal na Comhairle Eorpaí a rachaidh níos faide ná an Straitéis Thionsclaíoch um an gCosaint Eorpach agus lena n‑áiritheofar go mbeidh an tacaíocht iomlán is gá ag réimse na cosanta san Eoraip agus ag EDTIB ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa chun ceannasacht theicneolaíoch agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a fheabhsú i dtimpeallacht slándála chriticiúil an lae inniu.

3.24Cuireann CESE i bhfios go láidir freisin go bhfuil tionscal cosanta na hEorpa ar cheann de na príomhthionscail a bheidh mar bhonn taca le huathriail straitéiseach na hEorpa amach anseo, ní hamháin mar gheall ar a ríthábhachtaí atá an chosaint féin, ach toisc go bhfuil na cuideachtaí atá gníomhach i réimse na cosanta ina bpríomhghníomhaithe freisin in earnáil spáis na hEorpa a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint léi agus toisc go bhforbraíonn siad réitigh chibearshlándála ardleibhéil iontaofa chun bonneagar criticiúil digiteach na hEorpa a chosaint.

3.25Ar deireadh, agus aird á tabhairt ar an timpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos contúirtí agus ar na hiarmhairtí tromchúiseacha ar ár gcomhshlándáil Eorpach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme neamhchomhordaithe agus neamhéifeachtach na straitéise agus na mbeart ábhartha eile, iarrann CESE ar na Ballstáit féachaint ar na féidearthachtaí uile chun úsáid níos fearr a bhaint as forálacha an Chonartha atá ann cheana lena bhforáiltear do chomhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach a bhféadfadh an chomhchosaint a bheith mar thoradh air.

An Bhruiséil,  15 Bealtaine 2024

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Pietro Francesco De Lotto

_____________

(1)    Féach rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal na cosanta san Eoraip a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA), agus tuairim CCMI 200 ó CESE.