TEN/840
Seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chomhchuibhiú – athbhreithniú ar rialacha an Aontais
TUAIRIM
An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe
ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal
[COM(2024)33 final - COM(2024)59 final - 2024/0011 (COD)]
Rapóirtéir: Mateusz SZYMAŃSKI
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 29/02/2024
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 15/03/2024
|
Bunús dlí
|
Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)
|
An rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
4/4/2024
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
62/0/1
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
D/M/YYYY
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Ba cheart na trí rud a leanas a bheith ina gcuspóirí ag seirbhísí faisnéise tráchta abhann, ní hamháin sa lá atá inniu ann ach san am atá romhainn chomh maith:
-an tsábháilteacht,
-an inbhuanaitheacht, agus
-comhtháthú modhanna éagsúla iompair.
1.2Ní mór na seirbhísí sin a bheith in ann dul in oiriúint do dhúshláin agus do dheiseanna a bhíonn ag síorathrú agus, san am céanna, a bheith comhoiriúnach leis na córais ábhartha sna modhanna éagsúla iompair agus a bheith soláimhsithe.
1.3Cibé córas a chuirfear ar bun chuige sin, ba cheart é a bheith oscailte do thionscnaimh chun forbairt na loingseoireachta ar uiscebhealaí áitiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear sna bailte agus sna cathracha sin nach bhfuil mar chuid de ghréasán TEN-T, ionas nach mbunófar córais áitiúla atá ar neamhréir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann.
1.4Déantar neamhaird, nach mór, sa togra ar an tsaincheist a bhaineann le foirne a ullmhú chun uirlisí digiteacha nua a úsáid. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach feasacht a chothú maidir leis na teicneolaíochtaí digiteacha nua atá in úsáid san iompar ar uiscebhealaí intíre agus oideachas a chur ar dhaoine maidir le conas iad a úsáid. Ní mór a áirithiú go mbeidh fostaithe rannpháirteach sa phlé maidir le conas seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur chun feidhme.
2.Leasuithe ar an togra reachtach
2.1Treoir 2005/44/CE
Leasú 1
Leasaítear Airteagal 1(1) mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe san Aontas chun tacú leis an iompar uiscebhealaí intíre d’fhonn sábháilteacht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair sin a fheabhsú agus comhéadain le modhanna iompair eile a éascú.
|
Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh imlonnú agus úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe san Aontas chun tacú leis an iompar uiscebhealaí intíre d’fhonn sábháilteacht agus forbairt inbhuanaithe an iompair sin a fheabhsú agus comhéadain le modhanna iompair eile a éascú.
|
Cúis
|
Is cuid lárnach d’fhorbairt inbhuanaithe iompair í an éifeachtúlacht. Fágann sin go bhfuil gá le cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint an chomhshaoil, riachtanais ghnó agus riachtanais shóisialta.
|
Leasú 2
Tá Airteagal 1(2) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh ceanglais theicniúla, sonraíochtaí teicniúla agus coinníollacha teicniúla a bhunú agus a fhorbairt a thuilleadh chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann oscailte, idir-inoibritheacha agus comhchuibhithe a áirithiú ar uiscebhealaí intíre an Aontais agus chun leanúnachas le seirbhísí bainistíochta tráchta a bhaineann le modhanna eile a áirithiú, go háirithe seirbhísí bainistíochta agus faisnéise tráchta soithí muirí.’
|
Leis an Treoir seo bunaítear creat le haghaidh ceanglais theicniúla, sonraíochtaí teicniúla agus coinníollacha teicniúla a bhunú agus a fhorbairt a thuilleadh chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann oscailte, idir-inoibritheacha agus comhchuibhithe a áirithiú ar uiscebhealaí intíre an Aontais agus chun leanúnachas le seirbhísí bainistíochta tráchta a bhaineann le modhanna eile agus seirbhísí faisnéise a áirithiú.
|
Cúis
|
Is tábhachtach an rud é an comhar idir iompar uisce intíre agus modhanna eile iompair freisin. Féach Airteagail 1.1, 1.2 agus 4.1.
|
Leasú 3
Tá Airteagal 1(3)(hg) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
ciallaíonn ‘córas bonneagair uiscebhealaí intíre cliste’ ardán leictreonach a thacaíonn le bainistíocht leath-uathoibrithe agus lán-uathoibrithe bhonneagar an iompair uiscebhealaí intíre i loic agus droichid inaistrithe in TEN-T, arna oibriú ag údaráis phoiblí um bainistiú uiscebhealaí;
|
ciallaíonn ‘córas bonneagair uiscebhealaí intíre cliste’ ardán leictreonach a thacaíonn le bainistíocht leath-uathoibrithe agus lán-uathoibrithe bhonneagar an iompair uiscebhealaí intíre i loic agus droichid inaistrithe ar uiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2, arna oibriú ag údaráis phoiblí um bainistiú uiscebhealaí;
|
Cúis
|
Ba cheart an córas a chuirtear chun feidhme ar gach uiscebhealach a bheith mar an gcéanna. Féach Airteagail 1.3 agus 4.9.
|
Leasú 4
Tá Airteagal 1(3)(hi) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
ciallaíonn ‘calafoirt intíre’ calafort uiscebhealaigh intíre de chroíghréasán TEN-T nó de ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a dhéantar a liostú agus a chatagóiriú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.’
|
ciallaíonn ‘calafoirt intíre’ calafort uiscebhealaigh intíre de chroíghréasán na n‑uiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2 nó de ghréasán cuimsitheach na n‑uiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2, mar a dhéantar a liostú agus a chatagóiriú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.’
|
Cúis
|
Is athrá é seo ar leasú 3.
|
Leasú 5
Tá Airteagal 1(4), pointe 3(b) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
a áirithiú go mbeidh cairteacha leictreonacha loingseoireachta atá oiriúnach chun críocha na loingseoireachta ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann le haghaidh na n‑uiscebhealaí intíre uile dá gcuid atá in TEN-T;
|
a áirithiú go mbeidh cairteacha leictreonacha loingseoireachta atá oiriúnach chun críocha na loingseoireachta ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann le haghaidh na n‑uiscebhealaí intíre uile dá gcuid atá i gcomhréir le hAirteagal 2;
|
Cúis
|
Is athrá é seo ar leasú 3.
|
Leasú 6
Airteagal 1, mír 2, pointe 6 le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
(b) pointe rochtana aonair, comhchuibhithe le haghaidh faisnéis atá cothrom le dáta, ar faisnéis fíor-ama a bheidh inti más féidir, ar dhálaí seolbhealaí le haghaidh na loingseoireachta, na pleanála agus na n‑oibríochtaí calafoirt inbhuanaithe agus sábháilte ar feadh TEN‑T;
(d) ardleibhéal cruinnis sonraí ar mhaithe le malartú sonraí rianúil idir úsáideoirí ábhartha seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar feadh TEN‑T (laistigh den Aontas agus lasmuigh de);
(g) nascadh le córais eile a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise, cumarsáide, loingseoireachta nó aimsithe suímh/logánaithe chun bonneagar, soghluaisteacht agus trácht ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair a bhainistiú go héifeachtach agus chun seirbhísí breisluacha a sholáthar do shaoránaigh agus d’oibreoirí, lena n‑áirítear córais chun go mbainfear úsáid as an ngréasán ar bhealach sábháilte, slán, a bheidh fónta ó thaobh an chomhshaoil de agus éifeachtúil ó thaobh acmhainneachta de;
|
(b) pointe rochtana aonair, comhchuibhithe le haghaidh faisnéis atá cothrom le dáta, ar faisnéis fíor-ama a bheidh inti más féidir, ar dhálaí seolbhealaí le haghaidh na loingseoireachta, na pleanála agus na n‑oibríochtaí calafoirt inbhuanaithe agus sábháilte ar feadh na n‑uiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2;
(d) ardleibhéal cruinnis sonraí ar mhaithe le malartú sonraí rianúil idir úsáideoirí ábhartha seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar feadh na n‑uiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2 (laistigh den Aontas agus lasmuigh de);
(g) nascadh le córais eile a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise, cumarsáide, loingseoireachta nó aimsithe suímh/logánaithe chun bonneagar, soghluaisteacht agus trácht ar na huiscebhealaí intíre atá i gcomhréir le hAirteagal 2 a bhainistiú go héifeachtach agus chun seirbhísí breisluacha a sholáthar do shaoránaigh agus d’oibreoirí, lena n‑áirítear córais chun go mbainfear úsáid as an ngréasán ar bhealach sábháilte, slán, a bheidh fónta ó thaobh an chomhshaoil de agus éifeachtúil ó thaobh acmhainneachta de;
|
Cúis
|
Is athrá é seo ar leasú 3.
|
Leasú 7
Tá Airteagal 1(4), pointe (2) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Forbróidh na Ballstáit seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh feidhmchlár na seirbhísí éifeachtúil, inleathnaithe agus idir-inoibritheach chun gur féidir leis idirghníomhú le feidhmchláir eile seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus le córais le haghaidh modhanna iompair eile, agus comhéadain a sholáthar do chórais bainistíochta iompair agus gníomhaíochtaí tráchtála an tráth céanna freisin.
|
Forbróidh na Ballstáit seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh feidhmchlár na seirbhísí éifeachtúil, inleathnaithe agus idir-inoibritheach chun gur féidir leis idirghníomhú le feidhmchláir eile seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus le córais le haghaidh modhanna iompair eile, córais bainistíochta iompair agus gníomhaíochtaí tráchtála.
|
Cúis
|
Is í an idirghníomhaíocht an sprioc atá ann, ní an chaoi le hí a chur ar fáil.
|
Leasú 8
Tá Airteagal 1(4), pointe (3) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
(b) a áirithiú go mbeidh cairteacha leictreonacha loingseoireachta atá oiriúnach chun críocha na loingseoireachta ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann le haghaidh na n‑uiscebhealaí intíre uile dá gcuid atá in TEN‑T;
(c) a mhéid a cheanglaítear an tuairisciú long de réir rialacháin náisiúnta nó rialacháin idirnáisiúnta, é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla tuarascálacha leictreonacha long de na sonraí a cheanglaítear a fháil ó longa. San iompar trasteorann, tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla na tíre comharsanaí agus cuirfear i gcrích aon tarchur den sórt sin sula dtiocfaidh na soithí chun na teorann;
(d) a áirithiú, maidir le fógraí do scipéirí, lena n‑áirítear maidir leis an leibhéal uisce (nó uasdoimhneacht snámha incheadaithe) agus tuarascálacha oighir i dtaca lena n‑uiscebhealaí intíre, go soláthrófar na fógraí sin mar theachtaireachtaí caighdeánaithe, ionchódaithe agus in‑íoslódáilte. Beidh sa teachtaireacht chaighdeánaithe an fhaisnéis is gá le haghaidh na loingseoireachta sábháilte ar a laghad. Beidh na fógraí do scipéirí cothrom le dáta agus soláthrófar iad i bhformáid leictreonach choiteann inrochtana ar a laghad;
(f) a áirithiú go ndéanfar ar a laghad faisnéis a bhaineann le trácht a mhalartú idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus timpeallachtaí leictreonacha malartaithe faisnéise arna mbunú le dlí an Aontais agus a mbaintear úsáid astu i modhanna iompair eile, lena n‑áirítear trí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta laistigh de EMSWe;
|
(b) a áirithiú go mbeidh cairteacha leictreonacha loingseoireachta intíre dá gcuid atá oiriúnach chun críocha na loingseoireachta ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí faisnéise tráchta abhann;
(c) a mhéid a cheanglaítear an tuairisciú long de réir rialacháin náisiúnta nó rialacháin idirnáisiúnta, é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla tuarascálacha leictreonacha long de na sonraí a cheanglaítear a fháil ó longa. San iompar trasteorann, tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla na tíre comharsanaí agus cuirfear ar fáil í sula dtiocfaidh na soithí chun na teorann;
(d) a áirithiú, maidir le fógraí do scipéirí, lena n‑áirítear maidir leis an leibhéal uisce (nó uasdoimhneacht snámha incheadaithe) agus tuarascálacha oighir i dtaca lena n‑uiscebhealaí intíre, go soláthrófar na fógraí sin mar theachtaireachtaí caighdeánaithe, ionchódaithe agus in‑íoslódáilte. Beidh sa teachtaireacht chaighdeánaithe an fhaisnéis is gá le haghaidh na loingseoireachta sábháilte ar a laghad. Beidh na fógraí do scipéirí cothrom le dáta agus soláthrófar iad i bhformáid leictreonach choiteann inrochtana;
(f) a áirithiú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le trácht a mhalartú idir seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus timpeallachtaí leictreonacha malartaithe faisnéise arna mbunú le dlí an Aontais agus a mbaintear úsáid astu i modhanna iompair eile, lena n‑áirítear trí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta laistigh de EMSWe;
|
Cúis
|
b) Is athrá é seo ar leasú 3.
c), d), f) Ceartúchán stíle atá i gceist anseo.
|
Leasú 9
Tá Airteagal 1(4), pointe (5) le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Déanfaidh na Ballstáit Ardán aonair um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, lena soláthraítear sonraí a bhaineann le seolbhealaí, bonneagar, trácht agus iompar, a chruthú, a oibriú, a úsáid agus a choinneáil ar bun. Beidh an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann inrochtana le haghaidh úsáideoirí uile na seirbhísí sin agus is é an príomhardán a bheidh ann chun faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí a mhalartú. Beidh comhéadain ann le haghaidh naisc le córais modhanna eile iompair agus calafort intíre. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú.
|
Déanfaidh na Ballstáit Ardán aonair um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann, lena soláthraítear sonraí a bhaineann le seolbhealaí, bonneagar, trácht agus iompar, a chruthú, a oibriú, a úsáid agus a choinneáil ar bun. Beidh an tArdán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann inrochtana le haghaidh úsáideoirí uile na seirbhísí sin agus is é an príomhardán a bheidh ann chun faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí a mhalartú. Nascfaidh sé le córais modhanna eile iompair agus calafort intíre. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann a oibriú.
|
Cúis
|
Is ar an sprioc féin atá an bhéim anseo, seachas ar an gcaoi a mbainfear amach í.
|
Leasú 10
Ba cheart Iarscríbhinn II pointe 8 a scriosadh.
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Malartú sonraí le córais nó ardáin dhigiteacha eile
Leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le sonraí a mhalartú le córais nó ardáin dhigiteacha eile, lena n‑áirítear EMSWe, eFTI, ERDMS, córais pobail calafoirt calafort intíre agus córas bonneagair uiscebhealaí intíre cliste, i gcomhréir le hAirteagal 5, urramófar na prionsabail seo a leanas:
(a) tógáil ar na feidhmiúlachtaí a sholáthraítear leis an Ardán um Sheirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann;
(b) an malartú sonraí leictreonach a éascú idir teicneolaíochtaí seirbhísí faisnéise tráchta abhann agus na bunachair sonraí agus córais atá in úsáid ag modhanna iompair eile, trí naisc agus idirphasanna sonraí iomchuí;
(c) an sainiú ar na ceanglais a bhaineann le córais mar aon le nósanna imeachta um malartú sonraí uathoibrithe;
(d) malartú fíor-ama faisnéise go háirithe i gcás sonraí a bhfuil práinn ama ag gabháil leo;
(e) malartú slán faisnéise a áirithiú i gcomhréir le córas cuimsitheach cearta‑bhunaithe um rialú rochtana;
(f) coinne a bheith le creat um malartú córas lena mbeifear in ann forbairtí a dhéanamh air amach anseo mar aon le naisc a dhéanamh le córais bhreise de réir mar is gá, lena n‑áirítear malartuithe leis an Spás Eorpach Sonraí Gluaisteachta a bheidh ann amach anseo agus le haon chóras eile a dheartar chun nuálaíochtaí san iompar ilmhodhach a chur chun cinn.
|
|
Leasú 11
Tá Iarscríbhinn III le leasú mar a leanas:
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach
|
Leasú CESE
|
Is iad na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in ES-RIS 2023/1 na sonraíochtaí teicniúla is infheidhme maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann.
|
Is iad na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in ES-RIS 2023/1, na nuashonruithe breise a dhéanfar air sin agus noirm ábhartha eile
na sonraíochtaí teicniúla is infheidhme maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann.
|
Cúis
|
Tá athruithe ar ES-RiS 2023/1 beartaithe (COM(2024) 59 final). Féach Airteagal 3.8
|
Airteagal 1(13) agus Airteagal 2:
Níl mír 1 d’Airteagal 12 á scriosadh ag an gCoimisiún cé go bhfuil spriocdhátaí nua faoina gcaithfear an Treoir a thrasuí á moladh aige in Airteagal 2. Molann CESE athbhreithniú a dhéanamh ar an téacs atá beartaithe lena áirithiú nach mbeidh aon mhearbhall ann faoi amlíne an trasuí.
3.Cúlra na tuairime, lena n‑áirítear an togra reachtach lena mbaineann
3.1Tá ról tábhachtach ag an iompar ar uiscebhealaí intíre ó thaobh fhorbairt inbhuanaithe an iompair de. I gcomparáid le hearnálacha eile iompair, tá an tomhaltas fuinnimh san earnáil seo idir dhá oiread agus ceithre oiread níos ísle, gintear ceithre oiread níos lú astaíochtaí inti, úsáidtear níos lú ná leath den sciar talún agus níl mórán brú tráchta inti i gcomparáid leis an iompar de bhóthar. San Aontas Eorpach, níl an earnáil iompair seo freagrach ach as 0.3 % de chostais sheachtracha iompair.
3.2Ní úsáidtear an gréasán uiscebhealaí idirnasctha ach i 13 Bhallstát den Aontas. Ní fhreastalaíonn sé ar mhórán riachtanais iompair (4 % den obair iompair ar fad agus 5.4 % den iompar intíre in 2021, ar an meán) agus, ar an gcúis sin, ní heol dá lán a thábhachtaí atá an ról atá aige i réimsí eile. Mar shampla, is ionann é agus 57 % den iompar i gCalafort na Mara Thuaidh, os cionn 32 % den iompar i gCalafort Rotterdam, 40 % den iompar i gCalafort Antuairp agus beagnach 40 % den iompar intíre san Ísiltír. I roinnt réigiún, d’fhéadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an iompar ar uiscebhealaí intíre agus ba cheart a leithéid a dhéanamh.
3.3Ós beag an tionchar comhshaoil atá ag an modh iompair seo, is tábhachtach an ról atá aige maidir le hiompar atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a fhorbairt. Ba cheart go dtiocfadh méadú 25 % ar an loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre agus ar an loingseoireacht ghearrthurais faoi 2030 agus méadú 50 % uirthi faoi 2050.
3.4Coinníoll thábhachtach is ea an digiteáil más uainn iomaíochas an mhodha iompair seo a fhorbairt. Chun córas faisnéise comhchuibhithe, idir-inoibritheach agus oscailte a fhorbairt, ba ghá caighdeáin choiteanna agus sonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach.
3.5Ba fhreagairt í an Treoir maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar na dúshláin a bhaineann leis sin agus bhí sí ar cheann de na rialacháin is tábhachtaí maidir leis an iompar ar uiscebhealaí intíre. Ba é ab aidhm di ardseirbhísí agus ardfheidhmeanna faisnéise a sholáthar san earnáil iompair seo, rud a chuirfeadh leis an méid a leanas:
-breis iomaíochais,
-úsáid shármhaith an bhonneagair,
-sábháilteacht fheabhsaithe, agus
-cosaint níos fearr don chomhshaol nádúrtha.
3.6Léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh ar éifeachtaí chur chun feidhme na Treorach faoi chaibidil nár baineadh amach an méid a rabhthas ag súil leis agus, mar a luaitear sa togra, ‘nach dtugtar aghaidh leis an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann ar an ngá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht an iompair uiscebhealaí intíre agus ar chomhtháthú an iompair sin (...), nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis an Treoir maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann ar dhúshláin theicneolaíocha nua ná ar an digiteáil bhreise atá le déanamh san earnáil’, agus ‘[gurb] é an phríomhfhadhb atá ann imlonnú ilroinnte mall na seirbhísí faisnéise tráchta abhann, rud a chuireann bac ar iomaíochas agus sábháilteacht na hearnála, agus a choinníonn siar a rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’.
3.7Is mórthábhachtach go n‑aithnítear an fhadhb sin sa Teachtaireacht maidir le spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta a chruthú. Creideann CESE agus tá sé ag dréim leis go n‑áireofar sonraí maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann sa spás sin, rud a chuirfeadh feabhas suntasach ar ilmhódúlacht an iompair san Aontas.
3.8I rún ó Pharlaimint na hEorpa, d’iarr sí go mbunófaí straitéis um theicneolaíochtaí digiteacha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme in earnáil na n‑uiscebhealaí intíre. Leagtar béim ar an ngá atá ann na caighdeáin theicniúla sa Choiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre a thabhairt cothrom le dáta agus seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chomhchuibhiú a thuilleadh. Cuirtear in iúl go soiléir ann freisin gur gá creat comhchoiteann a ullmhú le haghaidh malartú idir-inoibritheach sonraí idir na modhanna éagsúla iompair. Mar sin, tá an Pharlaimint go mór i bhfách le comhchuibhiú níos mó a bhaint amach agus le hidir-inoibritheacht sonraí sa loingseoireacht idirnáisiúnta intíre.
3.9Sa tuairim ó CESE maidir le Plean Gníomhaíochta NAIADES III, cuireann sé in iúl gur cheart earnáil na n-uiscebhealaí intíre a neartú de réir dhá phríomhphrionsabal, an ilmhódúlacht agus an loingseoireacht chliste. Ach an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na buntáistí a bhaineann le modhanna éagsúla iompair, is fearr na torthaí a bhainfear amach, méadófar an tsábháilteacht agus laghdófar an t‑ualach ar an gcomhshaol. Ina theannta sin, dar leis, ‘mura bhféadfaí feabhas a chur ar dhálaí loingseoireachta ar uiscebhealaí, ní ghlacfadh longúinéirí an riosca agus ní dhéanfadh siad infheistíocht i gcabhlach nua-aimseartha’.
4.Barúlacha ginearálta
4.1I ré seo na digiteála, tá a lán sonraí á mbailiú ag eintitis aonair agus córais éagsúla in úsáid acu chuige sin. Is gá córas ilmhódach cliste um bainistiú tráchta agus iompair a chur ar bun agus é a chomhtháthú le córas na seirbhísí faisnéise tráchta abhann más uainn úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainneachtaí iompair atá ann cheana, feabhas a chur ar leibhéal sábháilteachta an iompair ar uiscebhealaí intíre agus comhoibriú níos fearr le modhanna eile iompair a áirithiú.
4.2Sa chomhthéacs sin, an dréacht‑Treoir lena leasaítear Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal a tíolacadh le déanaí, ba cheart é a mheas mar rud tábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe an iompair san Aontas.
4.3Tá 12 chóras seirbhísí faisnéise tráchta abhann, ar a laghad, i bhfeidhm san Aontas, agus córas mór atá i gcuid díobh. Tacaíonn siad leis an loingseoireacht agus le pleanáil oibríochtaí. Cuireann siad leis an tsábháilteacht chomh maith. Mar sin féin, tá raon feidhme na seirbhísí a chuirtear ar fáil an-éagsúil ó chóras go córas.
4.4Thar na blianta, rinneadh iarrachtaí chun ardán a chur ar bun lena ndéanfaí córais réigiúnacha éagsúla a chomhcheangal in aon chóras amháin a bheadh ar fáil go poiblí. Tugadh le fios gur mhaith an smaoineamh é seirbhísí faisnéise tráchta abhann a chur chun feidhme ar bhonn idirnáisiúnta, lena n-áirítear i dtuarascáil ó UNECE ó 2012. Is mar sin a tháinig an tionscadal ‘RIS COMEX’ chun cinn, as a d’eascair an t‑ardán ‘EuRIS’. Tríd an ardán sin, tugtar rochtain éasca ar an bhfaisnéis ar fad a bhíonn ag teastáil le haghaidh na loingseoireachta agus le haghaidh oibríochtaí ar phríomh-uiscebhealaí na hEorpa.
4.5Dar le CESE, tá teorainn leis an idirmhódúlacht faoi láthair. Dírítear go príomha ar naisc le calafoirt, leis an iompar d’iarnród agus leis an iompar de bhóthar. Ar an drochuair, ní áirítear an t‑iompar ar uiscebhealaí intíre i gcórais iompair ar an dóigh chéanna i ngach réigiún san Eoraip, bíodh is gur léir go bhfuil acmhainneacht ann, go háirithe sna cathracha. Más uainn go n-áireofar é sna córais iompair, is gá sonraí iompair a úsáid chun an trácht a phleanáil laistigh de chomhchathracha iomlána agus beidh idir-inoibritheacht agus malartú sonraí ag teastáil chuige sin. Ní mór freisin an t‑iompar ar uiscebhealaí intíre a chur san áireamh agus forbairt an bhonneagair agus an fhorbairt uirbeach, etc. á pleanáil. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe i dtaca leis sin. Bheadh ról tábhachtach le himirt ag seirbhísí ríomhlasta ina leith sin freisin.
4.6Ba cheart a thabhairt faoi deara gur gá, i bhfianaise na híogaireachta sóisialta méadaithe i leith saincheisteanna comhshaoil agus sóisialta, costais an iompair (brabúsacht) agus costais sheachtracha (e.g. torann, truailliú, brú tráchta, etc.) araon a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí in earnáil an iompair á bpleanáil. Níl aon amhras ann gur chun leas an iompair ar uiscebhealaí intíre é costais iompair sheachtracha a chur san áireamh, ní hamháin ar phríomhbhealaí na hEorpa, ach ar uiscebhealaí áitiúla freisin.
4.7Maidir le réimsí nua de chur i bhfeidhm an iompair ar uiscebhealaí intíre, tá teicneolaíochtaí nua iompair á bhforbairt, amhail soithí a bhfuil tarraingt níos lú acu agus iad déanta d’ábhair níos éadroime, agus aonaid neamhspleácha.
4.8Fadhb atá ann, áfach, is ea an ganntanas foirne, rud a fhágann go bhfuil oibreoirí ag tarraingt siar ó uiscebhealaí áitiúla nach n-úsáidtear chomh minic céanna agus nach bhfuil chomh brabúsach céanna. Ach réitigh dhigiteacha a chur chun feidhme, is féidir an fhadhb sin a mhaolú, bíodh sin tríd an obair a dhéanamh níos tarraingtí nó tríd an ngá atá le baill foirne a laghdú. Ar an dóigh sin, is féidir forbairt an mhodha iompair sin a spreagadh.
4.9Cuireann CESE i bhfios go láidir freisin go gceadaítear faoi Airteagal 2 den Treoir ní hamháin infheistíochtaí i seirbhísí faisnéise tráchta abhann le haghaidh uiscebhealaí TEN-T ach le haghaidh uiscebhealaí eile freisin i gcás ina gcinneann na páirtithe leasmhara é sin a dhéanamh dá ndeoin féin. Dá bhrí sin, creidimid gur cheart caighdeáin a leagan síos sa Treoir agus gur cheart don Choimisiún Eorpach tacú le gach cineál infheistíochta i réitigh dhigiteacha le haghaidh uiscebhealaí intíre. Cibé córas a chuirfear chun feidhme, ba cheart é a bheith oscailte d’uiscebhealaí lasmuigh de TEN-T ionas nach mbunófar córais atá ar neamhréir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann ar uiscebhealaí áitiúla.
5.Barúlacha sonracha
5.1Ní dhéantar tagairt ar bith sa togra do shaincheist na bhfoirne agus is botún é sin. Is beag seans go gcuirfear seirbhísí faisnéise tráchta abhann chun feidhme ina n-iomláine mura nglacfaidh foirne agus calafoirt intíre le réitigh dhigiteacha agus mura bhfuil eolas acu orthu. Dá bhrí sin, is gá béim a leagan air gur gá oiliúint agus oideachas leanúnach a chur ar fáil i leith réitigh dhigiteacha sa mhodh iompair seo. Is fiú a chur i bhfáth freisin go gcuideoidh úsáid seirbhísí faisnéise tráchta abhann le sábháilteacht na hoibre ar shoithí agus i gcalafoirt a fheabhsú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina argóint i bhfabhar líon na ndaoine atá toilteanach oibriú san earnáil a mhéadú. Níl tóir ar an obair faoi láthair agus is fadhb é freisin go bhfuil an lucht saothair san earnáil seo ag dul in aois.
5.2Ina theannta sin, ba mhian le CESE a chur in iúl gur gá seirbhísí faisnéise tráchta abhann a úsáid freisin chun críoch a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar cháilíocht agus ar shábháilteacht na hoibre ar shoithí, go háirithe ó thaobh an ama oibre de. Is ann do réitigh den chineál céanna i modhanna eile iompair, e.g. san iompar de bhóthar.
5.3Ina theannta sin, is mian le CESE béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar is gá chun faisnéis a mhalartú go héifeachtúil laistigh de sheirbhísí faisnéise tráchta abhann. An trealamh is gá chun seirbhísí faisnéise tráchta abhann (bunstáisiúin, snáithíní optúla, línte raidió, etc.) a sheoladh, tá sé costasach. Ar an ábhar sin, is gá coinníollacha fabhracha tacaíochta airgeadais a chur ar fáil d’eintitis leasmhara.
An Bhruiséil, 4 Aibreán 2024
Baiba MILTOVIČA
Cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
_____________