ECO/630
Borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach fadtéarmach trí athchóirithe agus infheistíocht
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach fadtéarmach trí athchóirithe agus infheistíocht
(Tústuairim – Uachtaránacht na Beilge)
Teagmháil
|
eco@eesc.europa.eu
|
Riarthóir
|
Colombe GREGOIRE/Krisztina PERLAKY-TÓTH
|
Dáta an doiciméid
|
5/3/2024
|
Rapóirtéir: Javier DOZ ORRIT
Rapóirtéir: Luca JAHIER
Rapóirtéir: Wautier ROBYNS DE SCHNEIDAUER
Comhairliúchán
|
Buanionadaíocht na Beilge chuig an Aontas Eorpach/Rialtas Cónaidhme na Beilge, 10/7/2023
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
29/2/2024
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
58/0/1
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE tionscnamh Uachtaránacht na Beilge maidir le hinfheistíocht shóisialta agus maidir le gné shóisialta an tSeimeastair Eorpaigh a neartú, go háirithe trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (CECS), agus tá súil aige go mbainfear torthaí fónta amach agus go mbeidh rath air. Is é an tústuairim seo, mar aon le hionchur níos luaithe i dtionscnamh Uachtaránacht na Spáinne maidir le Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann
, rannchuidiú CESE leis an bpróiseas sin.
1.2Tá CESE ag dréim le comhordú feabhsaithe i measc na mBallstát mar thoradh ar an athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach, le breis trédhearcachta agus le faireachán iomchuí a áirithiú ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta fioscacha agus struchtúracha (FSPanna). In éineacht leis an gcobhsaíocht praghsanna agus airgeadas poiblí fónta, d’fhéadfadh ní ba mhó spáis a chruthú le hathchóirithe den sórt sin le haghaidh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí is gá agus le haghaidh bearta chun na córais leasa atá ann cheana a dhéanamh ní b’athléimní.
1.3Tá CESE á iarraidh go mbainfear leas éifeachtúil agus éifeachtach as na hacmhainní airgeadais atá ann cheana féin, trí chomhar príobháideach poiblí freisin agus trí ionstraimí airgeadais a ghiaráil trí bhíthin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus InvestEU, go mbeidh an tsolúbthacht is mó is féidir i gceist mar aon le dianchórais mheastóireachta.
1.4Creideann CESE go bhfuil géarghá le plé a dhéanamh ar a indéanta atá acmhainneacht airgeadais an Aontais chun riachtanais infheistíochta a dteastaíonn faoi 2026 le haghaidh tosaíochtaí coitianta a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh spás fioscach a chur ar fáil don infheistíocht shóisialta, chun cobhsú timthriallach agus soláthar earraí poiblí Eorpacha a chur chun cinn, lena n-áiritheofaí fás inbhuanaithe sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus a dtacódh na treoirlínte comhchoiteanna ar leibhéal an Aontais agus tacaíocht airgeadais AE leo freisin. Tá dlúthnasc idir dúshláin eacnamaíocha agus dúshláin shóisialta. Ní mór aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach faoina n-aithnítear go bhfuil an dul chun cinn eacnamaíoch ina bhunús leis an dea-bhail shóisialta.
1.5Teastaíonn méid ollmhór infheistíochtaí chun fás cuimsitheach a chruthú agus bonn sóisialta na hEorpa a neartú trí fheabhas a chur ar fholláine daoine, ar a sláinte agus ar an raon scileanna atá acu, chomh maith leis an rochtain atá acu ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha dhéimeagrafacha agus ar éagothromaíochtaí idir saoránaigh, agus trí thacaíocht a thabhairt do nuálaíochtaí sóisialta i ngach earnáil a bhfuil dúshláin mhóra rompu mar gheall ar aistruithe móra a dteastaíonn méid mór infheistíochtaí ina leith. Tá fás ag teacht ar mhargadh na dtáirgí airgeadais atá deimhnithe go sóisialta agus méadú ag teacht ar an tacaíocht le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha i dtionscadail shóisialta, d’fhéadfadh na treochtaí sin cuidiú chun giaráil na mbeartas sin a mhéadú. Aontaíonn CESE leis an tuairim
go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag beartais infheistíochta sóisialta ar an bhfás eacnamaíoch, ar an táirgiúlacht agus ar an iomaíochas, i gcás ina bhfuil na beartais sin deartha go maith. Tá na rudaí sin ríthábhachtach chun poist mhaithe a choinneáil san Eoraip, agus iad luaite i nDearbhú Antuairp, áit a ndéantar glao práinneach go ndéanfaí tírdhreach tionsclaíoch na hEorpa a athbheochan. Ag an am céanna, ní mór cothromaíocht mhaith a bhaint amach idir inmharthanacht airgeadais agus leordhóthanacht airgeadais. Ní mór do rialtais náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh agus a chinntiú go ndírítear sna córais cosanta sóisialta ar na hacmhainní a chaitheamh ar an tacaíocht shóisialta sna réimsí is mó a bhfuil gá léi. Is é an cuspóir deiridh feabhas a chur ar inbhuanaitheacht iomaíoch na hEorpa agus ar shaol daoine de gach uile aois ag an am céanna.
1.6Cé go ndéantar bonneagar sóisialta a thógáil agus a chothabháil go ginearálta ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, tugann na bearnaí agus na dúshláin atá ann faoi láthair le tuiscint nach bhfuil dóthain acmhainní airgeadais ag comhlachtaí náisiúnta ná fonáisiúnta. Ós rud é nach mór prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart go mbeadh an infheistíocht sa bhonneagar sóisialta comhleanúnach agus ba cheart an phleanáil a dhéanamh ar bhonn fadtéarmach.
1.7Tá CESE á iarraidh go ndéanfar athchóirithe ar phríomhréimsí sóisialta agus infheistíochtaí iontu, go háirithe sna réimsí sin lena gcothaítear an caipiteal daonna, ós rud é, de réir pharaidím na n-infheistíochtaí sóisialta a bhfuiltear ar aon intinn fúithi a bheag nó a mhór, go bhféadfadh beartais shóisialta agus infheistíochtaí sóisialta, agus trí bhíthin uirlisí níos nuálaí freisin agus trí athchóirithe iomchuí a chur chun cinn agus lena n-áirítear na gníomhaithe uile lena mbaineann, a bheith ina bhfachtóir táirgiúil, a thugann torthaí eacnamaíocha suntasacha ó thaobh acmhainneacht fáis de agus go bhféadfaidís mórchostais sa todhchaí a laghdú.
1.8Molann CESE prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a neartú tuilleadh sa Seimeastar Eorpach, ós rud é go bhfuil an Seimeastar ar cheann de na príomhshásraí chun maoirseacht a dhéanamh ar cheapadh beartas eacnamaíoch, fioscach agus sóisialta i gcoitinne. Ba cheart an Seimeastar a úsáid chun comhordú níos fearr a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud raon iomlán chuspóirí an Aontais. D’fhéadfaí rialacha maidir le cistiú an Aontais a dhéanamh níos solúbtha chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach.
1.9Tá CESE á iarraidh an athuair go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach go cuí i ngach céim den phróiseas sin, trí nósanna imeachta comhairliúcháin foirmiúla struchtúrtha.
2.Cúlra
2.1D’iarr Uachtaránacht na Beilge ar CESE tústuairim a chur le chéile ar an tslí le cóineasú agus comhtháthú sóisialta aníos a chothú, trí chreat rialachais eacnamaíoch a leagan amach agus é bunaithe ar an inbhuanaitheacht fiachais, ar infheistíochtaí táirgiúla agus ar athchóirithe. Díreofar sa tuairim seo freisin ar impleachtaí creata den sórt sin don Seimeastar Eorpach agus ar fhaireachán agus cur chun feidhme CECS a neartú tuilleadh.
2.2Tá sainmhínithe éagsúla ann ar an infheistíocht shóisialta. Tá sé i gceist leis an tuairim seo an sainmhíniú is leithne a úsáid, i.e., chomh maith le hinfheistíocht a chuimsiú i gcórais agus i mbeartais atá dírithe ar shláinte, folláine agus cearta daoine aonair agus grúpaí a chosaint, gur sainmhíniú é a n-áirítear beartais ann atá dírithe ar cháilíocht stoc an chaipitil dhaonna agus na gcumas daonna a ardú agus a chothabháil, chomh maith le sreabhadh na n-aistrithe comhaimseartha sa mhargadh saothair agus (inscneacha) ar feadh an tsaoil a éascú agus a fheabhsú
.
2.3Tar éis próiseas téarnaimh iarphaindéime ina mbaintear úsáid as ionstraimí fioscacha Eorpacha, amhail sásra SURE agus NextGenerationEU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a ghabhann leis, lenar neartaíodh an comhtháthú polaitiúil, tá geilleagar an Aontais ag tabhairt aghaidh ar aistriú brostaithe ó bheartas airgeadaíochta an-leathnaitheach i dtreo beartas airgeadaíochta sriantach, agus méadú an-tapa ar rátaí úis chun dul i ngleic leis an mboilsciú ard. Chuir sé sin leis an réamhaisnéis fáis eacnamaíoch íseal atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, measann CESE go mbeidh sé ríthábhachtach sainiúlachtaí náisiúnta a chur san áireamh san athchóiriú ar rialacha fioscacha agus go dtabharfar níos mó acmhainní le haghaidh infheistíocht shóisialta, córais cúraim sláinte níos fearr agus costais iasachtaíochta níos ísle do na Ballstáit nach mór dóibh a gcóimheas fiachais nó a gcóimheas easnaimh a fheabhsú – trí athchóirithe cliste agus inchreidte, d’fhonn cuidiú leis na costais iasachtaíochta a laghdú.
2.4Tá an-suim ag an gCoiste freisin san athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach (ar cheart é a dhéanamh i gcomhthráth leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais), agus tá dhá thuairim glactha aige maidir leis an dá ábhar sin
. Bunaithe ar na seasaimh a chuir CESE in iúl maidir leis an athchóiriú ar rialacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus gan plé a dhéanamh anseo ar an ábhar atá sa chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an athchóiriú, iarrann CESE an athuair go n-áiritheofaí le cur chun feidhme na rialacha nua, a luaithe atá iad formheasta go cinntitheach ag na comhreachtóirí, go gcaomhnófar na dálaí d’fhás inbhuanaithe gheilleagair an Aontais, agus go háirithe go n-áiritheofaí go mbeadh an acmhainneacht ann chun na hinfheistíochtaí sóisialta agus na hinfheistíochtaí eile is gá a dhéanamh le haghaidh an dá aistriú dúbailte, agus go ráthófaí inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach fhiachas poiblí na mBallstát.
2.5Tá an tAontas agus na Ballstáit ag gabháil do thionscadail thábhachtacha i gcomhthéacs corraitheach geopholaitiúil. Baineann dúshláin mhóra pholaitiúla agus airgeadais le beartais maidir le cosaint agus comhar agus le beartais nua maidir le mórmhéadú (lena n-áirítear an Úcráin), tá na dúshláin sin ann anuas ar na riachtanais infheistíochta a ghabhfaidh le haistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir agus beartas tionsclaíoch atá níos deonaí agus tá baol ann nach bhféadfadh na hacmhainní airgeadais atá ag an Aontas faoi láthair na richtanais sin a chumhdach. Ní mór iad seo a leanas a bheith ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais: an comhtháthú sóisialta agus críochach a neartú tríd an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an neamhionannais, plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus borradh a chur faoin infheistíocht sa bhonneagar sóisialta.
2.6Rinne CESE an ‘inbhuanaitheacht iomaíoch
’ mar choincheap a chosaint i roinnt tuairimí. Is coincheap é a moladh sna trí Shuirbhé Bliantúla don Fhás Inbhuanaithe (ASGS) is déanaí ón gCoimisiún agus áirítear leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an cothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.
2.7Tá sé thar a bheith deacair cistiú leordhóthanach Eorpach agus náisiúnta a fháil do mhórchuspóirí agus cláir beartais sin an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs beartais shriantacha airgeadaíochta agus fioscach. Tá an baol ann nach bhféadfar, faoi na beartais shriantacha sin, na hinfheistíochtaí struchtúracha a theastaíonn le haghaidh na n-aistrithe riachtanacha a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a bheidh táirgiúil sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus lena gcuirfear an rathúnas chun cinn.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Bíonn sochaithe athléimneacha ag brath go mór ar stáit leasa dhea-fheidhmiúla agus chuimsitheacha, a bhraitheann, ar a seal, ar gheilleagair shláintiúla. Leis an taithí a fuarthas ón ngéarchéim airgeadais dheireanach agus ó thús phaindéim COVID-19, cuireadh i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá na stáit leasa sóisialta dea-mhaoinithe agus freagrúil. Is réamhriachtanais riachtanacha iad chun suaití sistéamacha a ionsú go héifeachtach, rud a chuireann i bhfios go bhfuil dlúth-chomhghaol idir córais láidre cosanta sóisialta (i bhfoirm bearta dea-cheaptha agus cuimsitheacha amhail sochair dhífhostaíochta agus scéimeanna oibre gearr-ama), seirbhísí poiblí agus sóisialta, agus a n-athléimneacht in aghaidh dúshláin gan choinne, chomh maith le tacaíocht shealadach do na hearnálacha eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh.
3.2Is léir ón taithí a fuarthas nach gcuireann bearta déine méadú uathoibríoch ar iomaíochas eacnamaíoch sochaithe ná ar a saibhreas. Is mar thosca costais amháin a bhíodh na forálacha riachtanacha don chosaint leasa á meas go dtí seo agus seachas mar infheistíochtaí nach mór a dhéanamh i sochaithe atá athléimneach ón taobh sóisialta de ionas go bhféadfadh na Ballstáit a n-airgeadais phoiblí a bhainistiú ar bhealach stuama cothrom.
3.3Leis an gcomhdhlúthú fioscach poiblí, tá laghdú mór tagtha ar na hacmhainní fioscacha le haghaidh infheistíocht phoiblí i réigiúin agus tíortha áirithe. Rinneadh laghdú an-mhór ar an gcaiteachas ar bhonneagar sóisialta i dtíortha áirithe san Aontas, ar tíortha iad ina ndéantar infheistíocht ar an leibhéal fonáisiúnta in oibreacha poiblí beaga agus meánmhéide le haghaidh bonneagar sóisialta. Is dúshlán fós é idirghabháil ón stát nó neartú na bhforálacha cosanta leasa a ailíniú leis an iomaíochas agus leis an bhfás.
3.4I dtimpeallacht atá chomh srianta sin, bhí sé deacair ar stáit leasa na hEorpa iad féin a chur in oiriúint do mhórthreochtaí amhail athruithe déimeagrafacha (a thagann chun cinn mar gheall ar an daonra atá ag dul in aois agus an lucht saothair ag laghdú), an ditigiú agus athruithe teicneolaíocha, saol oibre atá ag athrú agus forbairtí i margadh an tsaothair, an t-athrú aeráide agus na torthaí sóisialta a bhaineann leis an aistriú glas
. Ní mór do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a gcuid beartais a oiriúnú do na mórthreochtaí sin.
3.5Cé gur beartaíodh cabhrú le tíortha an Aontais, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach EUR 800 billiún, tionchair eacnamaíocha agus shóisialta na paindéime a mhaolú, níor úsáideadh ach níos lú ná leath na gcistí sin. Tá cur chun feidhme iomlán na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna) á dhéanamh go mall
. Baineann an‑tábhacht leis na RRPanna a chur chun feidhme ina n-iomláine chun bearnaí riachtanacha a líonadh.
3.6Tá ról lárnach le himirt ag an gcomhtháthú sóisialta agus stóinseacht an stáit leasa maidir le táirgiúlacht agus rathúnas a fheabhsú agus an fás eacnamaíoch a chothú. Le hathchóirithe agus infheistíochtaí dea-cheaptha a bhunófar ar chur chuige infheistíochta sóisialta, go háirithe na hathchóirithe sin lena gcothófar caipiteal daonna, féadfar gnóthachain táirgiúlachta agus fás eacnamaíoch níos airde a bhaint amach agus cuspóirí sóisialta a chur chun cinn freisin
.
3.7Aimsíonn stáit leasa athléimneacha cothromaíocht idir beartais infheistíochta sóisisalta agus beartais cosanta sóisialta. Bíonn sé mar aidhm le beartais cosanta sóisialta, ar thaobh amháin, líontáin sábhála uilechoiteanna láidre a chothabháil lena n-áiritheofar cobhsú maicreacnamaíoch agus cosaint ar impleachtaí airgeadais rioscaí sóisialta (amhail breoiteacht agus míchumas, bochtaineacht, tionóiscí ag an obair agus cailleadh fostaíochta). Bíonn sé mar aidhm le beartais infheistíochta sóisialta, ar an taobh eile, cáilíocht an chaipitil dhaonna agus na scileanna daonna a mhéadú agus a chothabháil, agus feabhas a chur ar an ‘sreabhadh’ aistrithe ar mhargadh an tsaothair agus ar feadh an tsaoil. Áirítear leis sin freisin an infheistíocht is gá i mbeartais chun imircigh a lánpháirtiú tráth athraithe dhéimeagrafaigh agus trath a bhfuil an tsochaí Eorpach ag dul in aois. Cruthaítear timpeallachtaí oibre cuimsitheacha leis freisin, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas.
3.8Faoin gcur chuige atá bunaithe ar infheistíocht shóisialta, is féidir leis an mbeartas sóisialta toradh eacnamaíoch suntasach a sholáthar, cuspóirí sóisialta agus airgeadais a thabhairt le chéile trí dheiseanna fostaíochta, tríd an bhfolláine, trí chomhionannas inscne agus tríd an mbochtaineacht ionghlúine agus idirghlúine a mhaolú, agus toradh níos fearr a thabhairt ná an chuid is mó de na freagairtí gearrthéarmacha tráth géarchéime. Ba cheart go gcuideodh an infheistíocht shóisialta le cosc a chur ar an dibhéirsiú sóisialta san Aontas, ar rud é sin a thagann chun cinn mar gheall ar fhás mall agus na haistruithe práinneacha. Beidh ríthábhacht freisin le spreagadh nua a thabhairt d’infheistíochtaí i dtreo cuspóirí sóisialta, agus geilleagair iomaíocha a thacaíonn le beartais den sórt sin a chothabháil agus a chothú.
3.9Tacaíonn dhá réasúnaíocht le cur chuige atá bunaithe ar infheistíocht shóisialta i gcothromaíocht le beartais fhónta eacnamaíocha agus airgeadais phoiblí. Baineann an chéad réasúnaíocht díobh leis na torthaí sóisialta agus eacnamaíocha meántéarmacha agus fadtéarmacha aitheanta is féidir le hinfheistíochtaí sóisialta a ghiniúint. Ar leibhéal micreacnamaíoch na ndaoine aonair agus na dteaghlach, tugtar le fios ón ‘iolraitheoir ar feadh an tsaoil’ go gcuireann infheistíochtaí sóisialta, ón luath-óige ar aghaidh, feabhas ar dhea-bhail ábhartha na dteaghlach trí dheiseanna fostaíochta agus ioncaim, agus go gcuidíonn siad chun rioscaí sóisialta a mhaolú níos déanaí sa saol trí chláir uas-scilithe agus athscilithe agus trí aistrithe i margadh an tsaothair a éascú. Le forbairt táirgí airgeadais atá freagrach go sóisialta (amhail bannaí) agus tacaíocht Stáit le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha i dtionscadail shóisialta (amhail iad siúd a thairgeann an Fhrainc don tithíocht shóisialta atá tíosach ar fhuinneamh), is féidir giaráil na mbeartas sin a mhéadú go suntasach.
3.10Ar an dara dul síos, tá acmhainneacht láidir fáis ag baint le toradh eacnamaíoch na n-infheistíochtaí sin, toisc go dtéann an bonneagar sóisialta ar ardchaighdeán chun tairbhe do dhaoine aonair agus do phobail agus toisc go bhfeabhsaítear an comhtháthú sóisialta leis freisin. Mar thoradh ar an rochtain iomchuí ar bhonneagar sóisialta, is mó daoine a mbíonn fostaíocht agus tithíocht acu agus a bhíonn sláintiúil agus sona, rud a ghineann dea-iarmhairtí don tsochaí agus do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha
, agus ag an am céanna d’fhéadfadh an mhalairt a bheith fíor maidir le bonneagar sóisialta ar chaighdeán íseal, d’fhéadfadh sé deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha a theorannú, seans go n-oibreodh margaí ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna, d’fhéadfaí roinnt grúpaí a imeallú nó fad a chur leis na neamhionannais atá ann cheana, nó d’fhéadfadh fás níos ísle i gcaighdeáin mhaireachtála agus deighilt bhreise inár sochaithe a bheith mar thoradh air.
3.11Baineann tairbhí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta le hinfheistíocht a dhéanamh i mbeartais ina ndírítear ar an óige. Bíonn comhghaol idir oideachas ardcháilíochta luath-óige agus gnóthachtáil oideachais níos fearr, rannpháirtíocht mhéadaithe i margadh an tsaothair agus éagothroime laghdaithe, go háirithe le haghaidh leanaí ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste. Is i dtíortha ina bhfuil líon leanaí chomh hard céanna sna seirbhísí foirmiúla cúraim leanaí agus i seirbhísí réamhscoile a bhíonn an ráta fostaíochta is airde ag mná, agus d’fhéadfaí fostóirí a spreagadh chun saoráidí cúraim leanaí a chur ar fáil.
3.12Tá ról tábhachtach ag liúntais leordhóthanacha teaghlaigh agus leanaí maidir le treochtaí déimeagracha an Aontais a réiteach, cuidíonn siad le deireadh a chur leis an meath atá ar rátaí torthúlachta agus bíonn éifeacht iarmhartach acu ar réamh-mheastacháin fáis. Chun an bhearna torthúlachta a dhúnadh, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht idir tuismitheoireacht agus obair/oiliúint a spreagadh do dhaoine de gach inscne.
3.13Thairis sin, aithnítear go bhfuil an t-oideachas agus an oiliúint bunriachtanach chun an fás eacnamaíoch a spreagadh. Ar an leibhéal maicreacnamaíoch, is príomhthoisc é lucht saothair dea-oilte chun táirgiúlacht chomhiomlán níos airde, breis nuálaíochta agus fás eacnamaíoch fadtéarmach níos airde a bhaint amach.
3.14Ní mór oiliúint fheabhsaithe a bheith nasctha nósanna imeachta agus seirbhísí níos fearr maidir le comhtháthú mhargadh an tsaothair. I gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, ba cheart an rochtain ar mhargadh an tsaothair a éascú do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht (daoine óga, mná, imircigh, mionlaigh) ar mhaithe le soghluaisteacht lucht saothair agus a lánpháirtiú a chur chun cinn, chun a chur ar a gcumas d’oibrithe scothaosta leanúint de bheith ag obair faoi dhálaí cuibhiúla agus chun aitheantas iomlán a thabhairt do cháilíochtaí ar leibhéal an Aontais.
3.15Measann CESE go bhfuil bunús leordhóthanach le luach na hinfheistíochta sóisialta ar mhaithe le fás agus iomaíochas, agus le costas eacnamaíoch agus buiséadach na neamhinfheistíochta sóisialta sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Mar sin féin, níor cheart iarrachtaí chun sochair fhadtéarmacha na hinfheistíochta sóisialta a dhaingniú a bheith ag teacht salach ar an ngá struchtúrach atá le hairgeadas poiblí fónta. Ós rud é gur minic gur torthaí fadtéarmacha iad, ní thugtar tosaíocht d’iarrachtaí den sórt sin nuair a bhíonn géarghá ann spriocanna coigeartaithe fioscacha a bhaint amach. Is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo gur ghéaraigh na beartais déine a d’fhorchuir an Coimisiún, BCE agus CAI ar na tíortha is mó a bhí nochta ar mhíchothromaíochtaí ina n-airgeadais phoiblí agus géarchéim an fhiachais cheannasaigh na cúluithe eacnamaíochta a bhí le brath sna tíortha sin.
3.16Tarlaíonn an t-easnamh infheistíochta sóisialta i gcomhthéacs easnamh ginearálta in infheistíocht phoiblí agus phríobháideach san Aontas. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag CESE gur cúis imní dó
na téarmaí a comhaontaíodh maidir leis an athbhreithniú ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, gur reodh an Ciste Eorpach um Cheannasacht arna bheartú i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, agus tearcsholáthar acmhainní ann don Ardán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a bhí le teacht ina ionad. Agus cuspóirí nua á moladh, ar cuspóirí iad a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach an bheartais thionsclaíoch, ba cheart é a bheith mar aidhm leis cothrom iomaíochta a bhaint amach laistigh den mhargadh aonair agus ilroinnt trí bhíthin státchabhair a chistítear ar bhonn náisiúnta a chosc. Tá an infheistíocht ar mhaithe le táirgiúlacht ina gné ríthábhachtach d’iomaíochas inbhuanaithe gheilleagar na hEorpa, rud a éilíonn creat cobhsaíochta praghsanna agus airgeadais phoiblí inbhuanaithe freisin sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
3.17Ba cheart, agus cistí an Aontais á n-úsáid i réimse an bheartais shóisialta, go ndéanfaí na creataí comhordaithe beartais atá ann cheana a leanúint go cúramach amhail na moltaí tírshonracha (CSRanna) a eisíodh mar chuid den Seimeastar Eorpach agus de na RRPanna náisiúnta.
3.18Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach éascaíocht a dhéanamh ar infheistíochtaí príobháideacha agus iad a chur chun cinn. Chuige sin, ní mór an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche mar ábhar práinne; ní mór borradh a chur faoi chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí trí BEI agus trí ionstraimí eile, caipiteal fiontair, go háirithe. Ba cheart na ceanglais sócmhainneachta a athbhreithniú chun caipiteal a shaoradh le haghaidh infheistíochtaí táirgiúla fadtéarmacha, rud a d’fhéadfaí a dhíspreagadh dá dtabharfaí tosaíocht do dhearcadh gearrthéarmach ar na sócmhainní sin. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach éagórach chánach agus cothrom iomaíochta idir na Ballstáit a chur chun cinn. Is díol sásaimh do CESE na tograí ó ECFE sa réimse sin chun a áirithiú go mbeidh na rialacha idirnáisiúnta cánach comhleanúnach.
3.19Thairis sin, tá CESE den tuairim gur bunriachtanas í infheistíocht inbhuanaithe i mbonneagar criticiúil le haghaidh seirbhísí poiblí, sláinte agus cúraim, agus i dtithíocht shóisialta, chun bheith i gcomhréir le cuspóir an chomhtháthaithe shóisialta. D’fhéadfadh forbairt táirgí airgeadais atá freagrach go sóisialta (amhail bannaí), agus tacaíocht Stáit le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha i dtionscadail shóisialta, cuidiú chun giaráil na mbeartas sin a mhéadú.
3.20Dá bhrí sin, is deis ríthábhachtach é an t-athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais chun creat fioscach ‘slán i bhfad na haimsire’ a chruthú, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shuntasacha a tháinig chun cinn le deich mbliana anuas agus chun comhtháthú Eorpach agus neamhspleáchas straitéiseach a neartú. Ba cheart, mar thoradh air, go mbunófar creidiúnacht chonairí fioscacha na mBallstát, ós rud é go bhféadfadh na margaí airgeadais smachtbhannaí a fhorchur ar ghealltanais mhífhreagracha nó dhoiléire. Ag an am céanna, ba cheart inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí sa mheántéarma agus san fhadtéarma a bheith comhoiriúnach le leibhéil infheistíochta a chothabháil lena ráthófar fás agus go ndéanfar aistrithe córa a bhaint amach, go háirithe trí FSPanna náisiúnta.
3.21Níl na hionstraimí Eorpacha atá ann faoi láthair dírithe go leordhóthanach ar dhea-thorthaí sóisialta. Ní mór rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) maidir le hinfheistíocht shóisialta agus bonneagar sóisialta a fhorbairt i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha, agus ní mór ionstraimí airgeadais a bheith níos ilroinnte agus níos cumaiscthe agus níos cuachta
. Beidh sé ríthábhachtach sineirgí éifeachtacha a bhunú i measc na gcistí Eorpacha uile chun tionchar foriomlán agus éifeachtacht fhoriomlán na n-iarrachtaí téarnaimh a neartú, d’fhonn coinneáil suas le cuspóirí an fháis inbhuanaithe.
3.22Ina theannta sin, i bhfianaise na bearna a bhí ag roinnt Ballstát sna 2010idí (san infheistíocht phoiblí go háirithe), agus i bhfianaise a thábhachtaí atá infheistíocht phoiblí chun stoc caipitil tháirgiúil a fhorbairt chun tacú le fás an aschuir sa mheántéarma, tá Ballstáit ann a d’fhéadfadh a bheith sáinnithe i bhfáinne fí ina mbeadh a nglanchaiteachas poiblí, lena n-áirítear infheistíocht, ag fás ar ráta níos moille mar thoradh ar an mbearna infheistíochta a bhí acu roimhe seo. Is mó d’ábhar imní a bheidh ansin nuair a thiocfaidh deireadh le NextGenerationEU. Mar a foghlaimíodh roimhe seo, le Seimeastar Eorpach athchóirithe, ní mór tosaíocht a thabhairt do thorthaí sóisialta agus d’athchóirithe san airgeadas poiblí agus sa riaracháin. Chun faireachán a dhéanamh air sin, bheadh gá le scórchlár atá go hiomlán comhtháite lena gcomhtháthófaí táscairí torthaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, rud a chiallódh go mbeadh gá le hathchóiriú ar an gcuntasaíocht a dhéanfaí ar thoradh ar infheistíocht, tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí níos fadtéarmaí sa bhonneagar sóisialta agus d’infheistíochtaí príobháideacha a phlódú isteach.
3.23Ba cheart don Stát rochtain uilíoch agus chomhionann ar shochair shóisialta ardcháilíochta a áirithiú do gach saoránach trí chórais pinsin phoiblí agus córais sláinte phoiblí. Mar sin féin, d’fhéadfadh córais chomhlántacha atá bunaithe ar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí ba tairbhí sin a mhéadú agus an t-ualach airgeadais a scaipeadh ó ghlúin go glúin. Measann CESE gur den tábhacht oibleagáidí agus cearta na gcóras comhlántach a rialáil tríd an idirphlé sóisialta agus tríd an gcómhargáil. Maidir le daoine féinfhostaithe agus oibrithe a bhfuil leibhéal íseal sochar comhlántach acu, moltar bearta lena n-éascófar iarrachtaí daoine aonair chun a leibhéal cosanta féin a fheabhsú, agus sochair sláinte ráthaithe ina gcuid de, fiú tar éis dóibh dul ar scor.
3.24Ní mór dúinn freisin ról méadaitheach an gheilleagair shóisialta agus na seirbhísí sóisialta chun leasa cách (SSGI) a mheas agus a spreagadh ós rud é go bhféadfaidís freagairtí éifeachtacha a chur ar fáil d’éilimh shóisialta agus mar chatalaíoch lárnach don nuálaíocht shóisialta agus chun fostaíocht agus deiseanna nua a chruthú don fhás inbhuanaithe
.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tá CESE á iarraidh an athuair ar na hinstitiúidí Eorpacha dul i ngleic leis an díospóireacht maidir le hacmhainneacht fhioscach dhílis a chruthú agus maidir le hacmhainní buiséadacha a mhéadú thar an 1.1 % den OTI atá ann faoi láthair, d’fhonn borradh a chur faoin infheistíocht i réimsí sóisialta agus sa bhonneagar sóisialta, chun fás eacnamaíoch cuimsitheach a chothú agus cuspóirí an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais a neartú, rud a coincheapaíodh go maith sna trí leagan is déanaí den Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe . Creideann CESE gur cheart teacht ar chomhaontú in am trátha (agus tráth nach déanaí ná 2026) maidir le hacmhainneacht airgeadais an Aontais a bhunú, b’fhéidir, chun freastal ar chuid de na riachtanais infheistíochta ar a laghad le haghaidh tosaíochtaí coiteanna.
4.2Sa Tuarascáil fadbhreathnaitheachta straitéisí ón gCoimisiún Eorpach, Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2023
, ina sainaithnítear na príomh-thrasphointí idir na dúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht shóisialta agus eacnamaíoch, tugadh léiriú soiléir ar roinnt príomhthreochtaí agus príomheasnamh lena n-éilítear gníomhaíocht láidir agus struchtúrtha chun an fholláine agus an rathúnas a thabhairt le chéile. Áirítear orthu sin na scoilteanna méadaitheacha sa chomhtháthú sóisialta agus críochach, a bhfuil tionchair dhíréireacha acu ar chonarthaí sóisialta atá ann cheana agus iad ina mór-rioscaí dóibh, agus bagairtí ar an daonlathas, agus gan na córais oideachais agus oiliúna a bheith in oiriúint go fóill do scála agus luas na gclaochluithe.
4.3D’fhéadfadh buanacmhainneacht fhioscach ar leibhéal an Aontais a bheith tairbhiúil chun infheistíochtaí sóisialta a neartú agus dhíreofaí léi ar thrí fheidhm ar leith: an cobhsú timthriallach, tacaíocht do chur chun feidhme na bpleananna struchtúracha fioscacha, agus earraí poiblí Eorpacha (EPGanna) a sholáthar
. Ní mór go mbeadh tríú páirtithe, saoránaigh, oibrithe, cuideachtaí agus an comhshaol ag tairbhiú d’earraí agus seirbhísí poiblí. D’fhéadfadh dea-thionchar a bheith ag bearta earraí agus seirbhísí poiblí saincheaptha comhtháite ar chórais leasa ghinearálta na mBallstát agus ar an gcomhshaol
.
4.4Ós rud é gur cheart go bhfanfadh an costas ar chosaint shóisialta faoi shainchúram bhuiséad Bhallstáit an Aontais go bunúsach, agus tacaíocht á fail aige trí acmhainní leordhóthanacha le linn creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar chineáil nua tacaíochta Eorpaí a chruthú le haghaidh na n-infheistíochtaí riachtanacha i mbonneagair shóisialta ríthábhachtacha, ar bunriachtanais iad chun go n-éireoidh leis na haistrithe agus ar féidir iad a áireamh ina dTreoracha Leictreonacha Clár (EPGanna).
4.5Iarradh go soiléir sa tuarascáil ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Infheistiú sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip
go gcuirfí borradh faoin infheistíocht chun an bhearna infheistíochta sa bhonneagar sóisialta a dhúnadh. Rinneadh meastachán sa tuarascáil ar an mbearna idir an infheistíocht reatha sa bhonneagar sóisialta san Aontas agus an bhearna infheistíochta íosta sa bhonneagar sóisialta idir EUR 100 billiún agus EUR 150 billiún in aghaidh na bliana, agus an bearna iomlán ag níos mó ná EUR 1.5 trilliún idir 2018 agus 2030. Ó bhí an ghéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais ann, tá an tAontas Eorpach thíos le leibhéil ísle infheistíochta. Bhí an infheistíocht bonneagair in 2016 20 % níos ísle ná an leibhéal a bhí ann in 2007, agus infheistíocht i mbonneagar sóisialta ag titim níos mó fós chun deiridh ar infheistíocht i mbonneagar traidisiúnta. Thairis sin, tá difríochtaí suntasacha le feiceáil sa bhearna sin idir réigiúin éagsúla. Uaireanta bíonn na húdaráis áitiúla, ar cheart ról ceannasach a bheith acu san infheistíocht sa bhonneagar sóisialta, faoi réir srianta buiséid níos déine fós. Dá bhrí sin, ní bhíonn na leibhéil forbartha réigiúnacha ar aon dul, ná ní bhíonn infheistíocht sa bhonneagar sóisialta ar aon dul. Scrúdaítear sa tuarascáil roinnt tograí nithiúla chun an bhearna sin a dhúnadh.
4.6Molann CESE na cúig thosaíocht seo a leanas, agus urraim chuí á tabhairt do róil na mBallstát agus na réigiún i gcur chun feidhme beartais arna chomhordú ar leibhéal an Aontais:
-Sochaithe atá ag dul in aois agus treochtaí déimeagrafacha soiléire: Cibé an ag caint faoi ghanntanais sa mhargadh saothair atáthar, faoi na brúnna ar riachtanais infheistíochta le haghaidh cúraim agus chun bonneagar a oiriúnú inár sochaithe (spásanna maireachtála, iompar, etc.), nó faoi na héilimh ar earraí agus ar sheirbhísí sochaí eile sa todhchaí, lena n-áirítear an deis a bhaineann le geilleagar scothaoise, bíonn pleananna móra agus sonracha ag teastáil, chomh maith le hinfheistíochtaí iomchuí chun rioscaí agus ganntanais a laghdú (lena n-áirítear beartas imirce iomchuí agus dea-cheaptha). Ba cheart go mbeadh na hinfheistíochtaí sin ina gceann feadhna ar iomaíochas agus ar shaibhreas an Aontais amach anseo.
-Éifeachtúlacht fuinnimh: Tá na figiúirí maidir le bochtaineacht fuinnimh agus tithíochta
ard le tamall i roinnt mhaith tíortha (sna ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus sna ceantair thuaithe den chuid is mó). Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais í an éifeachtúlacht fuinnimh agus beidh infheistíochtaí ollmhóra ag teastáil sna blianta amach romhainn. Níl sí sin inacmhainne d’aon cheathrú ar a laghad de shaoránaigh an Aontais, agus bíonn sé an-deacair ar go leor eile na costais a sheasamh. Bheadh maoiniú iomchuí ón Aontas ina luamhán le haghaidh cistiú príobháideach tosaíochta den sórt sin. Is infheistíocht shóisialta í rochtain ar thithíocht inacmhainne a thabhairt, go háirithe do dhaoine óga agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus is fás eacnamaíoch soiléir a bhíonn mar thoradh air.
-An gá lenár mbonneagar cúraim sláinte a oiriúnú ar fud na hEorpa: Tarraingíodh aird ar an méid sin le linn na paindéime. Ba cheart earnáil an chúraim sláinte a bheith ina príomhthosaíocht freisin nuair a bheidh an chéad CAI eile á phleanáil, mar chuid de ghnáthchistí comhtháthaithe agus sóisialta an Aontais nó trí ionstraimí sonracha nua de chuid an Aontais. Ní mór gníomhaíochtaí a bheith dírithe ar chosc, maidir le cúrsaí sláinte i gcoitinne agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ceirde. Mar shampla, tríd an difríocht idir timpeallachtaí oibre sábháilte agus sláintiúla agus iad siúd nach bhfuil chomh sábháilte (de réir chuntais teiste na bhfostóirí) a idirdhealú, agus trí iallach a chur ar thimpeallachtaí oibre nach bhfuil chomh sláintiúil céanna níos mó ranníocaíochtaí sóisialta (bonus-malus) a íoc, d’fhéadfaí gortuithe agus an traochadh, chomh maith leis na costais a bhaineann leo, a laghdú.
-An géarghá le hoideachas, le hoiliúint agus le foghlaim, ar gach leibhéal: Is bunriachtanas an méid sin chun a áirithiú go mbeidh ár sochaí ullamh do na haistrithe riachtanacha agus chun lucht saothair a mbeidh oiliúint leordhóthanach air a sholáthar dár bhfiontair agus chun fostaíocht nua a chur chun cinn trí ghairmithe agus trí ghnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart é sin a áireamh ina phríomhthosaíocht d’infheistíochtaí AE mar EPG ríthábhachtach.
-Measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé SURE a bhuanu nó ionstraim chomhchosúil a chruthú: ionstraim an-rathúil ab ea SURE chun oibrithe a chosaint le linn na paindéime. Molann CESE go ndéanfaí machnamh ar SURE (nó ionstraim cosúil leis sin) a bhuanú mar chosaint d’oibrithe i ngach earnáil eacnamaíoch atá neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, d’fhonn an tslándáil shóisialta agus an mhuinín sna claochluithe ollmhóra sin ar gheilleagar an Aontais a threisiú agus chun tacaíocht shóisialta a ráthú ina leith. D’fhéadfadh sé a bheith ina ionstraim láidir chun nasc dearfach a chruthú idir an obair agus na haistrithe.
4.7Molann CESE go dtabharfaí nós imeachta comhairliúcháin foirmiúil struchtúrtha isteach, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, chun go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach; chumhdófaí leis na céimeanna dréachtaithe agus cinnteoireachta, mar aon leis na céimeanna a bhaineann le cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht. Chun an ghné shóisialta den Seimeastar Eorpach a neartú, i gcomhréir le cuspóirí bheartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais, teastaíonn rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe, úsáid éifeachtach táscairí sóisialta iomchuí, rannpháirtíocht níos mó ó ionadaithe ar na hinstitiúidí polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha agus dlúthchomhar idir an Coimisiún, EPSCO agus ECOFIN, agus chun an obair ar an gcreat um chóineasú sóisialta arna mholadh ag Uachtaránachtaí na Spáinne agus na Beilge ar an gComhairle a thabhairt chun críche.
4.8Le hathbhreithniú 2025 ar phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tugtar deis torthaí an athchóirithe a shainiú ar bhealach níos soiléire agus níos nithiúla, athbhreithniú a dhéanamh ar na cistí atá ann cheana, infheistíocht shóisialta a chuíchóiriú agus faireachán ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a threisiú laistigh den Seimeastar Eorpach – an príomhshásra chun maoirseacht a dhéanamh ar cheapadh beartas eacnamaíoch agus sóisialta níos leithne. Ba cheart an Seimeastar Eorpach a úsáid chun comhordú níos fearr a dhéanamh agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud raon iomlán chuspóirí an Aontais. D’fhéadfaí rialacha maidir le cistiú an Aontais a dhéanamh níos solúbtha chun tacú leis na cuspóirí sin a bhaint amach. D’áiritheofaí comhleanúnachas beartais leis an méid sin freisin. Tá an moladh seo comhsheasmhach leis an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus éascóidh sé próisis na húinéireachta náisiúnta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe. Is trí chomhlíonadh na moltaí tírshonracha is féidir measúnú a dhéanamh ar a bhailí agus ar a éifeachtaí atá an Seimeastar Eorpach. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gurb é an dreasacht is iomchuí go mbeidh baint dhíreach ag cur chun feidhme na moltaí tírshonracha le buiséad an Aontais agus gur ón mbuiséad sin a gheofar cuid de na cistí, ar aon dul leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
. Ós rud é gur ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a tharlaíonn cuid shuntasach d’infheistíocht agus de bhainistiú na gcóras cosanta sóisialta (agus de chur chun feidhme na n-athchóirithe a dhéantar orthu), cuireann an Coiste i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeidh a n-institiúidí daonlathacha rannpháirteach i ndréachtú pleananna náisiúnta fioscacha agus struchtúracha amach anseo agus i bpríomhphróisis an tSeimeastair Eorpaigh.
4.9Chun cuspóirí sóisialta an Aontais agus cuspóirí sóisialta a bhaineann leis an aistriú cóir glas agus leis an aistriú cóir digiteach a bhaint amach, agus chun EPGanna eile a mhaoiniú, beidh an úsáid is éifeachtaí d’acmhainní airgeadais teoranta ag teastáil. Tá an méid seo a leanas á mholadh ag CESE, dá bhrí sin:
a)athbhreithniú a dhéanamh ar na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe agus a gcuspóirí, a dtionscadail agus a sreafaí a chomhordú le cuspóirí, tionscadail agus sreafaí na céime deireanaí de chur chun feidhme an Chláir Náisiúnta um Athchóiriú;
b)na hionstraimí airgeadais agus beartais le haghaidh beartas sóisialta i dtreo athchóirithe a chur i gcomhréir le chéile arís, ilroinnt na n-ionstraimí atá ann cheana a laghdú, agus rátaí ionsúcháin a mhéadú dá réir sin;
c)dreasachtaí airgeadais a ghabhann le hathchóirithe a thabhairt chun críche agus spriocanna soiléire agus raon feidhme ilbhliantúil a shainaithint, agus aird chuí á tabhairt ar úinéireacht tíre agus ar shainiúlacht;
d)staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht cistí SCE a úsáid chun cláir infheistíochta a mhaoiniú;
e)na hionstraimí comhpháirtíochta infheistíochta príobháideacha poiblí atá ann cheana a neartú agus a bharrfheabhsú, go háirithe ionstraimí BEI agus InvestEU; agus
f)infheistíocht phríobháideach a bhfuil luach sóisialta aici a éascú agus a mhealladh.
4.10Creideann CESE gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir tosaíochta ag gach tír na próisis maidir le filleadh ar infheistíocht a uasmhéadú, lena n-áirítear trí mhaoiniú a nascadh le hathchóirithe struchtúracha mar a cuireadh chun feidhme go rathúil cheana sna RRPanna. Chuige sin, ní mór an tsolúbthacht agus an cuíchóiriú is mó is féidir a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár, agus dianchórais meastóireachta agus faireacháin a chur chun feidhme chun éifeachtúlacht a áirithiú i gcásanna ina bhfuil cistí an Aontais atá ann cheana á gcaitheamh. Is féidir an próiseas sin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta. Braitheann an toradh is fearr ar infheistíocht freisin ar cháilíocht agus éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta agus ar na hathchóirithe a dhéantar orthu.
An Bhruiséil, 29 Feabhra 2024.
Ioannis VARDAKASTANIS
Uachtarán na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________