GA

NAT/913

I dtreo an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2027

TUAIRIM

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Táirgeadh uathrialach agus inbhuanaithe bia a chur chun cinn: straitéisí don Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Beilge)

Teagmháil

nat@eesc.europa.eu

Riarthóir

Martine DELANOY

Dáta an doiciméid

08/01/2024

Rapóirtéir: Stoyan TCHOUKANOV (BG-III)

Comhairliúchán

Litir ó Uachtaránacht inteachta na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 10/07/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

19/12/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

43/02/04

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE den tuairim nach mór a áirithiú sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2027 go gcuirfear creat beartais fadtéarmach cobhsaí ar fáil a bheidh dírithe ar tháirgeadh inbhuanaithe bia agus ar uathriail straitéiseach oscailte don Aontas Eorpach. Ní mór a áirithiú freisin ann go gcosnófar éagsúlacht na gcineálacha éagsúla feirmeoireachta san Aontas agus go dtabharfar aghaidh ar riachtanais na sochaí agus na héiceolaíochta (‘airgead poiblí le haghaidh earraí poiblí’), agus go n-áiritheofar an fhorbairt tuaithe.

1.2Ní mór don chéad leagan eile de CBT sinn a ghríosú agus aird a tharraingt ar an ngá atá le tacaíocht iomchuí a thabhairt d’fheirmeoirí le linn an chlaochlaithe a dhéanfar ar an earnáil. Níor cheart féachaint ar na beartais chomhshaoil agus aeráide mar ualach a bhaineann leis an téarnamh ón ngéarchéim reatha, ach mar chuid de na réitigh fhadtéarmacha agus de na treoirlínte maidir leis an gcinnteoireacht a bheidh ann sa todhchaí. An meath atá ag teacht ar thionscail teicstíle agus chruach an Aontais, is rabhadh é don lucht ceaptha beartas go bhféadfadh athrú tobann agus neamhbheartaithe sna hearnálacha tarlú toisc nach leor nó nach iomchuí an tacaíocht atá ar fáil.

1.3D’fhág CBT go raibh an tAontas Eorpach in ann soláthar cobhsaí bia ardcháilíochta a áirithiú don daonra atá ag dul i méid san Aontas, dála cháilíocht an bhia sin. Ag an am céanna, d’fhág sé go rabhthas in ann samhail feirmeoireachta teaghlaigh a chothabháil, rud atá imithe i léig in go leor áiteanna eile ar domhan. Mar sin féin, theip ar CBT díriú ar na feirmeoirí sin is mó a raibh tacaíocht de dhíth orthu nó níor leor é i réimsí éagsúla, agus ní mór aghaidh a thabhairt air sin sa chéad chreat beartais eile:

1.3.1Leis an athchóiriú is déanaí ar CBT, neartaíodh an prionsabal nach mór do gach heicteár dá dtugtar tacaíocht éicisheirbhísí a chur ar fáil don tsochaí. Mar sin féin, níl an maoiniú aonfhoirmeach a thugtar in aghaidh an heicteáir ina léiriú maith ar an réaltacht atá ann ó thaobh na héiceolaíochta de ná ar thacaíocht chothrom ó thaobh na sochaí de. Creideann CESE gur cheart dul chun cinn breise a dhéanamh ina leith sin sa chéad leagan eile de CBT, trí dhlús a chur leis na ceanglais chomhshaoil agus shóisialta nach mór a chúiteamh go cuí agus a chosaint ar iomaíocht éagórach ar bhonn éigeantach.

1.3.2A fhad a bhaineann sé leis an tírdhreach agus an bhithéagsúlacht, an comhshaol agus an aeráid, d’fhéadfadh seachtrachtaí dearfacha a bheith i gceist i ngníomhaíochtaí talmhaíochta na hEorpa, sin de réir an chineáil táirgthe a bheadh i gceist agus a dhéine a bheadh sé. Ós rud é go bhfuil ag teip ar an margadh luach na seachtrachtaí sin a mheas, is é an bealach is praiticiúla inar féidir leis an tsochaí na seachtrachtaí sin a choinneáil á dtáirgeadh sna méideanna is gá ná na feirmeoirí a dhreasú tríd an maoiniú poiblí. Níl aon spreagadh ceart á fháil ag na feirmeoirí oibriú i dtreo na hinbhuanaitheachta agus na huathrialach fadtéarmaí (lena n-áirítear ar bhonn éiciscéimeanna deonacha) mura ndéantar ach na costais a thabhaítear agus an t-ioncam a chailltear a chumhdach. Iarrann CESE ar cháiníocóirí an Aontais a bheith ullamh chun ranníocaíocht chothrom bhreise a dhéanamh ar mhaithe le héicisheirbhís luachmhar a sholáthar nach ndéanfaí a sholáthar murach an dreasacht sin. Dá bhrí sin, ba cheart don athchóiriú ar CBT níos mó a dhéanamh chun tacú le feirmeoirí atá tiomanta d’éiciscéimeanna nó d’éicisheirbhísí eile, e.g. caomhnú na bithéagsúlachta, agus dreasachtaí airgeadais seachas íocaíochtaí cúitimh a chur in ionad na tacaíochta bunúsaí ioncaim a bhunaítear ar an méid talún. Is de réir a chéile ba cheart an t-athrú sin a dhéanamh ar ndóigh.

1.3.3Dá bhrí sin, ba cheart na híocaíochtaí sin atá bunaithe ar an méid talún a atreorú mar dhreasachtaí i leith seirbhísí atá le leas an chomhshaoil agus na sochaí, agus idirthréimhse chiallmhar a leagan síos a d’fhéadfadh a bheith níos faide ná creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) amháin. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag feirmeacha beaga teaghlaigh cloí leis an tacaíocht ioncaim atá bunaithe ar an méid talún agus ar na haonaid saothair ar an bhfeirm, agus go mbeadh ar na Ballstáit na critéir a shainiú sna pleananna straitéiseacha. Le linn na hidirthréimhse sin, ba cheart sásraí athdháilte agus íocaíochtaí céimlaghdaitheacha nó uasteorainneacha éigeantacha a chur ar fáil do na Ballstáit uile trí bhíthin CBT.

1.3.4Le nach dtiocfaidh laghdú breise ar líon na bhfeirmeacha san Aontas mar gheall ar an easpa athnuachana ó ghlúin go glúin, ní mór beart a dhéanamh maidir leis an méid a leanas: an meántuilleamh ón bhfeirmeoireacht a mhéadú, an teacht a bhíonn ag feirmeoirí ar thalamh (trí dheontais infheistíochta, creidmheas fabhrach agus reachtaíocht náisiúnta maidir le haistriú talún), coinníollacha fabhracha infheistíochta faoin dara colún (infheistíocht phríobháideach bhreise), uas-sciliú (feirmeoirí, oibrithe feirme agus comhairleoirí), cumhachtú na mban, dálaí maithe oibre, agus feabhas a chur ar na deiseanna fadtéarmacha atá ag na feirmeoirí (pinsin, etc.) agus ar tharraingteacht na limistéar tuaithe.

1.3.5Chuige sin, ní mór a áirithiú in CBT go ndéanfar úsáid inbhuanaithe na talún talmhaíochta agus an teacht a bhíonn ag feirmeoirí ar an talamh a chaomhnú ar fud an Aontais. Ar bhealaí ina ndéanfaí sin tá tréigean na talún a chosc agus saothrú inbhuanaithe na talún meath-thorthúla a chur chun cinn ar mhaithe le pórú fairsing beostoic trí íocaíochtaí bliantúla spriocdhírithe (e.g. íocaíochtaí le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar orthu) chomh maith le tacaíocht shonrach infheistíochta a bheadh dírithe ar dhaoine nua a mhealladh chun na feirmeoireachta. Prionsabal ba cheart a áireamh sa chomhbheartas talmhaíochta a bheidh ann sa todhchaí is ea caomhnú an táirgthe talmhaíochta inbhuanaithe ar fud an Aontais.

1.3.6Ní mór a áirithiú in CBT go dtabharfar ar thomhaltóirí an Aontais aistí bia níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a éileamh (táirgí orgánacha, séasúracha, áitiúla) a chur chun cinn, an dramhaíl bhia a laghdú agus na margaí bia a rialú chun aghaidh a thabhairt ar airgeadú na hearnála bia, rud a chuireann go mór leis an amhantraíocht, de réir mar atá brabús ollmhór á dhéanamh agus muintir na hEorpa ag streachailt leis an ardú ar phraghsanna bia.

1.3.7Cé go bhfuil laghdú leanúnach tagtha le 40 bliain anuas ar an sciar de bhuiséad an Aontais a théann chuig CBT – sciar a bhí cothrom le 65.5 % in 1980 i gcomórtas le beagán faoi bhun 25 % in 2021 – agus go bhfuil na ceanglais a chuirtear ar na feirmeoirí atá páirteach sa scéim ag éirí níos déine agus níos costasaí, creideann CESE go láidir nach mór maoiniú CBT a bheith i gcomhréir leis an bhfís tacú leis an aistriú cóir 1 . Os a choinne sin, tháinig méadú 36 % ar bhuiséad oibriúcháin an Aontais idir 1980 agus 2021 2 . Is maith mar a chaitear gach euro atá dírithe ar shlándáil an tsoláthair bia san Aontas a áirithiú, ar cháilíocht an bhia sin a áirithiú, ar an gcomhshaol nádúrtha a chosaint agus ar limistéir agus tírdhreacha tuaithe a chaomhnú.

1.3.8Is cuid den ghnáthshaol nua iad arduithe ar na praghsanna fuinnimh agus rioscaí suaite sa soláthar fuinnimh agus leasachán. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú in CBT go gcuirfear na gnéithe frith-thimthriallacha san áireamh agus go gcuirfear scéimeanna tacaíochta infheistíochta ar fáil a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar an táirgeadh agus an dáileadh fuinnimh in-athnuaite ar leibhéal na feirme agus ar an leibhéal áitiúil i limistéir thuaithe.

1.3.9Molann CESE don Choimisiún smaoineamh ar na scéimeanna árachais i gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a threisiú – ar bhonn deonach sa Bhallstát – in ionstraimí CBT tar éis 2027 mar fhreagairt ar iarmhairtí na ndálaí adhaimsire (triomaigh, reo, tuilte, etc.).

1.3.10Na teicneolaíochtaí digiteacha sin a bhfuil sé cruthaithe acu go rannchuidíonn siad le tionchair nádúrtha agus chomhshaoil a laghdú, le feabhas a chur ar leas na n-ainmhithe nó ar dhálaí oibre, ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu agus iad a chur chun feidhme. Agus machnamh á dhéanamh ar an gcineál tacaíochta infheistíochta a d’fhéadfaí a chur ar fáil do na teicneolaíochtaí sin trí bhíthin CBT, ag tarraingt dóibh ar chistí poiblí Eorpacha nó náisiúnta, ba cheart díriú ar na bealaí ina bhféadfaí rannchuidiú go dearfach le beartais fostaíochta agus le beartais forbartha náisiúnta/réigiúnacha i gcomhréir leis na pleananna straitéiseacha.

1.3.11Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas chun na pleananna straitéiseacha a cheapadh agus a oiriúnú le go bhféadfaidh na geallsealbhóirí páirt a ghlacadh iontu, le go mbeidh níos mó solúbthachta ann do na Ballstáit agus chun oiriúnú níos tapúla a éascú tar éis chéim an fhormheasta.

2.Réamhrá

2.1Ó cuireadh tús le clárthréimhse reatha CBT tá dhá mhórthubaiste a d’fhág a rian air, mar atá, COVID-19 agus ionsaí na Rúise. Bhí ról lárnach ag feirmeoirí na hEorpa maidir le hinfhaighteacht bia a áirithiú le linn na dianghlasála in 2020 agus 2021, ach d’fhág an cogadh san Úcráin go raibh dúshláin le sárú acu agus cuireadh brú ollmhór ar chobhsaíocht mhargaí talmhaíochta na hEorpa, mar gheall ar phraghsanna a bhí an-luaineach go deo agus ionchuir thábhachtacha talmhaíochta a bhí gann. Lena chois sin, tá na córais agraibhia ag éirí níos leochailí i leith an athraithe aeráide, ainneoin go ngineann siad astaíochtaí gás ceaptha teasa freisin. Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le córais agraibhia atá athléimneach ó thaobh na haeráide de le go bhféadfar an sprioc dhomhanda maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an sprioc choiteann teochta a leagadh síos faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach 3 .

2.2Dá réir sin, d’iarr Uachtaránacht na Beilge (Comhairle an Aontais Eorpaigh) ar CESE tústuairim a tharraingt suas ina mbreithneofaí na bealaí lena bhféadfaí an uathriail straitéiseach agus an táirgeadh inbhuanaithe bia a chur chun cinn trí leagan nua níos solúbtha agus níos éifeachtúla de CBT tar éis 2027. D’fhágfadh an beart sin go gcuirfí feabhas ar ár gcumas ár soláthar bia féin agus slándáil an tsoláthair bia a rialú agus ár spleáchas ar chomhpháirtithe nach bhfuil chomh hiontaofa sin, agus a rialaítear go neamhdhaonlathach, a laghdú. Ó thaobh na solúbthachta de, ba cheart a áirithiú go mbeadh CBT dírithe níos mó ar na riachtanais agus na cúinsí athraitheacha atá sna Ballstáit agus sna pobail talmhaíochta, agus freagairt níos fearr a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis na hathruithe sa mhargadh agus leis an dul chun cinn teicneolaíoch.

2.3I bhfianaise na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa in 2024 agus an mhéadaithe a dhéanfar ar an Aontas, measann CESE gur deis í an tuairim seo chun roinnt barúlacha/treoirlínte/tograí ón tsochaí shibhialta eagraithe a leagan amach maidir leis an gcruth a bheidh ar CBT tar éis 2027 agus an treo a bheidh leis, d’fhonn táirgeadh uathrialach agus inbhuanaithe bia a bhaint amach laistigh de bheartas bia níos iomlánaíche agus níos cuimsithí. Is é an aidhm atá leis sin ionchur a bheith ag CESE sa togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad leagan eile de CBT trí aird a tharraingt ar riachtanais eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ar ionchais na sochaí.

2.4Tá líon ard feirmeacha teaghlaigh 4 (94.8 % in 2020) agus feirmeacha beaga san Aontas (cé gurbh é 17.4 ha meánmhéid an ghabháltais talún san Aontas in 2020, bhí thart ar 42 % de na feirmeacha níos lú ná 2 ha agus 76 % de na feirmeacha níos lú ná 10 ha). Is i bhfeirmeacha móra a shaothraítear an chuid is mó den limistéar talmhaíochta a úsáidtear san Aontas (bhí 50 ha nó níos mó in 7.5 % de na feirmeacha san Aontas agus is iontusan a bhí dhá thrian den limistéar talmhaíochta a úsáidtear san Aontas, agus is feirmeacha os cionn 100 ha a shaothraigh thart ar 50 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear) 5 . As na 9.1 milliún feirm, is beostoc atá ar 4.1 milliún díobh, agus 28 n-aonad beostoic sa mheánmhéid tréada; is 113 mhilliún líon iomlán na n-aonad beostoic, ar eallach 49 % díobh, muca 30 % díobh agus éanlaith chlóis 14 % díobh.

2.5Tá leibhéal an bhoilscithe mar atá faoi láthair agus cás na margaí fuinnimh dothuartha ag cur as do chaighdeáin mhaireachtála chóra fheirmeoirí an Aontais 6 , agus tá ioncam na bhfeirmeoirí thart ar 40 % níos ísle ná an t-ioncam in earnálacha neamhthalmhaíochta cheana féin 7 . Ina theannta sin, tá laghdú leanúnach ag teacht ar líon na bhfeirmeacha san Aontas (9.1 milliún feirm in 2020, 25 % níos lú ná mar a bhí in 2010) agus le deich mbliana anuas tá an lucht saothair ag fágáil na talmhaíochta (laghdú 23 % in aonaid oibre bhliantúla le 10 mbliana, agus 22 mhilliún duine ag obair go rialta san earnáil anois) 8 . Tháinig laghdú 40 % ar líon na bhfeirmeacha beostoic sna deich mbliana a lean 2010; sin laghdú i bhfad níos mó ná mar a taifeadadh i gcás feirmeacha gan ainmhithe (laghdú 5 %). Tháinig méadú ar mheánmhéid na feirme ó 13.2 ha go 17.4 ha.

2.6Tá sé i gceist leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), a seoladh in 1962, an táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú, caighdeán maireachtála cóir a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’oibrithe talmhaíochta, na margaí a chobhsú, infhaighteacht soláthairtí a áirithiú agus praghsanna réasúnta a áirithiú do thomhaltóirí. Tá athrú tagtha ar CBT thar na blianta chun freastal ar dhálaí eacnamaíocha atá ag athrú agus ar riachtanais mhuintir na hEorpa, chun go mbeidh sé níos glaise agus níos solúbtha, agus chun cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht agus ar thorthaí a ghlacadh lena gcuirtear dálaí agus riachtanais áitiúla san áireamh.

2.7Tá sé mar aidhm ag an leagan reatha de CBT cur ar chumas feirmeoirí na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh sa tsochaí: táirgeadh bia (tá an tAontas ar cheann de na táirgeoirí is mó de tháirgí agraibhia ar domhan agus is glan-onnmhaireoir táirgí agraibhia é 9 ), forbairt pobail tuaithe (soláthraíonn na hearnálacha feirmeoireachta agus bia le chéile beagnach 40 milliún post san Aontas), agus ar fheirmeoireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (bia a tháirgeadh agus an dúlra a chosaint agus an bhithéagsúlacht a chosaint ag an am céanna, ag baint úsáid as acmhainní nádúrtha go stuama) 10 .

2.8Tá laghdú tagtha le 40 bliain anuas ar sciar bhuiséad CBT i mbuiséad an Aontais, ó 65.5 % in 1980 go beagán faoi bhun 25 % in 2021 (arna choigeartú i bhfianaise an bhoilscithe) 11 . Idir 1990 agus 2021-2027, tuartar go mbeidh laghdú tagtha ar chostas buiséadach CBT, nuair a chuirtear i gcoinne ollioncam náisiúnta an Aontais é, ó 0.54 % go dtí 0.32 % 12 .

3.Barúlacha ginearálta

3.1Ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a d’iarr beartas cuimsitheach i leith bia san Aontas, agus é d’aidhm aige aistí bia sláintiúla a chur chun cinn trí chórais bhia inbhuanaithe, an talmhaíocht a nascadh leis an gcothú agus le héicisheirbhísí, agus slabhraí soláthair a áirithiú a dhéanfadh an tsláinte phoiblí a chosaint i gcás gach cuid de shochaí na hEorpa 13 . Ar bhonn níos ginearálta, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart chun geilleagar an athraithe shistéamaigh agus na dea‑bhaile a chothú, rud atá de dhíth orainn chun an Comhaontú Glas agus Sóisialta Eorpach agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme go rathúil le go bhféadfar an t‑aistriú cóir a áirithiú, agus lena rannchuideofar, i measc nithe eile, le córais agraibhia níos inbhuanaithe agus níos cothroime agus le limistéir thuaithe rathúla, agus na srianta atá ar acmhainní an domhain á gcur san áireamh freisin 14 . Tugann CESE dá aire gur cheart go mbeadh earnáil talmhaíochta na hEorpa ag déanamh dul chun cinn i dtreo na hagrai-éiceolaíochta: tá an fheirmeoireacht ag brath ar acmhainní nádúrtha agus ní mór na hacmhainní sin a chaomhnú le go bhféadfar an méid atá á phleanáil don earnáil a áirithiú 15 .

3.2Mhol CESE sainmhíniú ar an uathriail straitéiseach oscailte is infheidhme maidir le córais bhia, bunaithe ar tháirgeadh bia, ar an lucht saothair agus ar thrádáil chóir, leis an aidhm uileghabhálach slándáil agus inbhuanaitheacht bia a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais trí bhíthin soláthar bia a bheadh cóir, sláintiúil, inbhuanaithe agus athléimneach 16 .

3.3Measann CESE gur dúshlán mór don Aontas Eorpach é an tsamhail Eorpach den talmhaíocht ilfheidhmiúil, an smacht reachta agus luachanna an Aontais a chaomhnú, agus stáit nua a aontóidh leis an Aontas á gcur san áireamh. Ní mór na hiarrachtaí chun iad sin a chaomhnú a bheith bunaithe ar phrionsabail na biacheannasachta 17 agus na hinbhuanaitheachta agus ar fhíor‑riachtanais fheirmeoirí agus thomhaltóirí na hEorpa. Prionsabal ba cheart a áireamh sa chomhbheartas talmhaíochta a bheidh ann sa todhchaí is ea caomhnú an táirgthe talmhaíochta inbhuanaithe ar fud an Aontais.

3.4A fhad a bhaineann sé leis an tírdhreach agus an bhithéagsúlacht, an comhshaol agus an aeráid, d’fhéadfadh seachtrachtaí dearfacha a bheith i gceist i ngníomhaíochtaí talmhaíochta na hEorpa, sin de réir an chineáil táirgthe a bheadh i gceist agus a dhéine a bheadh sé. Ós rud é go bhfuil ag teip ar an margadh luach na seachtrachtaí sin a mheas, is é an bealach is praiticiúla inar féidir leis an tsochaí na seachtrachtaí sin a choinneáil á dtáirgeadh sna méideanna is gá ná na feirmeoirí a dhreasú tríd an maoiniú poiblí.

3.5Tá CESE ag iarraidh go mbeadh buiséad CBT i gcomhréir leis an bhfís atá le CBT agus leis na róil agus na freagrachtaí breise atá á n-éileamh ag sochaí an Aontais (spriocanna aeráide a bhaint amach, an bhithéagsúlacht a chosaint agus an dúlra a athbhunú, ceapadh carbóin a dhéanamh, tírdhreacha a chothabháil, leas ainmhithe a áirithiú, úsáid lotnaidicídí a laghdú, cáilíocht an bhia a mhéadú, etc.). Ba cheart tacar coiteann táscairí a leagan síos le go bhféadfar súil a choinneáil ar an méid atá an leagan nua de CBT ag cur leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) agus lena gcur chun feidhme.

3.6Dá bhrí sin, ba cheart fóirdheontais CBT a bheith níos coinníollaí ar urramú spriocanna sóisialta (dálaí saothair, slándáil shóisialta, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí leasa ghinearálta) agus spriocanna comhshaoil (an t-aistriú fuinnimh, an geilleagar ciorclach, bainistiú inbhuanaithe uisce, an bhithéagsúlacht, an aeráid, etc.), agus é á chur san áireamh gur cheart, ar dtús, an bhearna ioncaim idir feirmeoirí/oibrithe feirme agus an chuid eile den daonra a dhúnadh leis an tacaíocht dhíreach.

3.7Tugadh le fios i measúnú a rinneadh ar an leagan reatha de CBT gur 20 % de na feirmeoirí a fhaigheann thart ar 80 % den mhaoiniú talmhaíochta 18 , rud atá ina léiriú, b’fhéidir, ar an méid táirgí talmhaíochta a tháirgtear ar na feirmeacha sin, ach nach léiriú é ar na riachtanais shóisialta atá ann ná ar na héicisheirbhísí atá á soláthar. Mar bheart tacaíochta leis an aistriú i dtreo táirgeadh níos inbhuanaithe, d’fhéadfaí an tacaíocht bhunúsach ioncaim atá ann faoi láthair a fhorbairt tuilleadh le go mbeadh sí ina córas íocaíochtaí spriocdhírithe i dtaobh na hinbhuanaitheachta (lena n-áireofaí íocaíocht mhór dreasachta) a bheadh nasctha le bearta sonracha le leas na haeráide, na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil. Ba cheart an rogha a bheith ag feirmeacha beaga agus meánmhéide teaghlaigh cloí leis an tacaíocht ioncaim atá bunaithe ar na híocaíochtaí a bhídís a fháil. Le linn na hidirthréimhse sin, ba cheart sásraí athdháilte agus íocaíochtaí céimlaghdaitheacha nó uasteorainneacha éigeantacha a chur ar fáil do na Ballstáit uile trí bhíthin CBT.

3.8Is léir ón taithí a fuarthas ar na pleananna straitéiseacha reatha nach bhfuil an tsolúbthacht is gá ag na Ballstáit agus na réigiúin chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’imthosca nua a thiocfaidh chun cinn tar éis na pleananna sin a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart don leagan nua de CBT próisis mheara a leagan síos chun na pleananna sin a leasú. Ba cheart na pleananna straitéiseacha sin agus aon athruithe orthu a fhorbairt i gcomhairle le hearnáil na talmhaíochta agus le geallsealbhóirí eile na sochaí sibhialta. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gCód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht i gcur chun feidhme an leagain nua de CBT, agus tosaíocht á tabhairt do bhainistiú, d’fhaireachán agus do rialú na bpleananna straitéiseacha a bheidh ann amach anseo agus ról agus freagrachtaí a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta sna coistí faireacháin. Ba cheart bearta a dhéanamh chun an nasc idir an margadh caipitil agus cistí CBT a neartú agus chun úsáid na gcistí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

3.9In 2020, agus gan ach 6.5 % de bhainisteoirí feirme faoi bhun 35 bliana d’aois 19 , tá dúshlán ann a bhfuil gach duine ar aon fhocal faoi: athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht. Ní mór tús áite a thabhairt don dúshlán sin in CBT. Ós rud é nach nglacann na Ballstáit i gcónaí le smaointe maithe a bhíonn ann ar an leibhéal Eorpach, ba dhearfach an rud é buiséad níos uaillmhianaí a bheith ann le haghaidh an chuspóra sin, maille le comhchuibhiú breise agus ionstraim chun cur le líon na bhfeirmeoirí óga. Tá an athnuachan ó ghlúin go glúin ina dlúthchuid de na saincheisteanna cothrománacha il-leibhéil a bhaineann leis an teacht a bhíonn ag feirmeoirí ar thalamh, sin agus ar infheistíocht (earnáil atá dian ar chaipiteal), agus leis an suíomh sa slabhra luacha, le forbairt eolais agus scileanna agus le tarraingteacht na limistéar tuaithe.

3.10Agus cur chun cinn á dhéanamh ar tháirgeadh inbhuanaithe agus neamhspleách bia, tá sé tábhachtach go n-infheisteodh an tAontas san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht i réimse na talmhaíochta agus an bhia. Níor mhór é sin a chur san áireamh sa todhchaí trína áirithiú go mbeadh leanúnachas idir CBT agus beartais eile taighde agus infheistíochta de chuid an Aontais. Nuair a dhéantar dul chun cinn san eolaíocht talmhaíochta, forbraítear teicneolaíochtaí nua lenar féidir feabhas a chur ar chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe. Ba straitéiseach an infheistíocht a dhéanfaí san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht i réimse na talmhaíochta, infheistíocht a bheadh chun leasa earnáil na talmhaíochta chomh maith le dea-bhail fhoriomlán na sochaithe agus na timpeallachta trí chéile.

3.11Creideann CESE gur gné bhunúsach den trádáil inmheánach bia agus earraí talmhaíochta san Aontas é an margadh aonair agus nár cheart aon athrú teacht air sin. Measann CESE, áfach, nach bhfuil ag éirí le struchtúr reatha an mhargaidh tráchtearraí bia an ‘geilleagar inbhuanaithe atá de dhíth orainn’ 20 a bhaint amach ina iomláine ach, i gcásanna áirithe, go n‑oibríonn an struchtúr sin go gníomhach ina choinne. Déanann sé dochar do na hiarrachtaí atá ar bun chun fuascailt a fháil ó ghéarchéim an ocrais, chun ioncam cothrom a chur chun cinn d’fheirmeoirí agus d’oibrithe agus praghsanna cothroma a áirithiú do thomhaltóirí agus próiseálaithe beaga agus meánmhéide bia, sin agus an earnáil miondíola a chosaint ar na rioscaí a bhaineann leis an mboilsciú atá ag dul i méid. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis go mbíonn tionchar aige ar an gcás trí rialáil atá i gcomhréir le CBT a dhéanamh le go bhféadfar cur le dea‑bhail an duine agus le forbairt na sochaí, d’fhonn na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart rialáil an mhargaidh a threisiú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar airgeadú na hearnála bia, rud a chuireann go mór leis an amhantraíocht 21 . Dlús a chur leis an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) agus feabhas a chur ar na seirbhísí comhairleacha feirme; ba cheart iad sin a áireamh mar phríomhghnéithe den chéad leagan eile de CBT óir tá an-tábhacht go deo le rochtain ar thaighde, nuálaíocht, malartú eolais agus oiliúint ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe thalmhaíocht na hEorpa.

4.Barúlacha sonracha

4.1Bealaí chun an inbhuanaitheacht comhshaoil a chur san áireamh i dtáirgeadh bia an Aontais

4.1.1Déanann an t-athrú aeráide difear do na córais bhia ach cuireann na córais bhia leis an athrú aeráide freisin. Tá ról réamhghníomhach ag an earnáil agraibhia maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus, tríd an tacaíocht chuí a chur ar fáil, ba cheart di leanúint den ról sin chun tacú leis an aistriú níos leithne go córais bhia inbhuanaithe agus brabúsacht fhadtéarmach na hearnála sin á háirithiú ag an am céanna. Tá gá le tuilleadh comhtháthú beartas agus le réitigh inláimhsithe ar na príomhdhúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus an ganntanas uisce a chomhrac, mar aon le bearta chun rialachas agus prionsabail atá níos daonlathaí agus níos bunaithe ar chearta a chur chun cinn agus chun a áirithiú go mbeidh an maoiniú ag dul sa treo ceart agus go mbeidh sé cothrom. Níor cheart féachaint ar na beartais chomhshaoil agus aeráide mar ualach a bhaineann leis an téarnamh ón ngéarchéim reatha, ach mar chuid de na réitigh fhadtéarmacha agus de na treoirlínte maidir leis an gcinnteoireacht a bheidh ann sa todhchaí 22 .

4.1.2Leagann CESE béim ar an ngá atá le feabhas a chur ar an gcomhtháthú beartas le go bhféadfar dlús a chur leis an aistriú glas agus an t-aistriú cóir. Ní mór tábhacht bhreise a leagan sna beartais talmhaíochta agus tuaithe ar an dícharbónú agus an fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise, agus ní mór aird bhreise a thabhairt ar na cuspóirí sin i mbeartais earnálacha eile freisin.

4.1.3Ba cheart a áirithiú sa leagan nua de CBT go gcuirfear bainistiú inbhuanaithe uisce chun cinn 23 , agus go ndíreofar ar bhainistiú an tsoláthair, ar an éifeachtúlacht a bharrfheabhsú, ar na caillteanais a laghdú, ar úsáidí a chur in ord tosaíochta, ar dheireadh a chur le húsáidí neamhdhleathacha, ar bhearta a ghlacadh chun inbhuanaitheacht an chórais ina iomláine a áirithiú agus ar mhodhanna éagsúla cur chuige a ghlacadh i gcomhréir leis an gcuspóir an uathriail straitéiseach bia agus slándáil an tsoláthair bia a bhaint amach. Ba cheart na fóirdheontais a bhunú ar éifeachtúlacht uisce seachas ar an méid talún atá uiscithe, de réir mar atá fáil ar uisce sna Ballstáit ar leith.

4.1.4Molann CESE don Choimisiún smaoineamh ar na scéimeanna árachais i gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a threisiú – ar bhonn deonach i ngach Ballstát – in ionstraimí CBT tar éis 2027 mar fhreagairt ar iarmhairtí na ndálaí adhaimsire (triomaigh, reo, tuilte, etc.). Mar shampla, ón mbliain 2000 i leith, is de thoradh triomaigh nó teochtaí arda a íocadh amach 42.1 % de na híocaíochtaí cúitimh iomlána faoi chlár FCIP (Federal Crop Insurance Program) sna Stáit Aontaithe; is minic taise iomarcach ina cúis freisin le híocaíochtaí móra cúitimh (27.5 % d’iomlán na n-íocaíochtaí cúitimh ó 2000).

4.1.5D’fhonn a áirithiú go bhfuil iomaíocht chóir ann idir feirmeoirí an Aontais, caithfear, i gcás allmhairí, a leagan síos leis na comhaontuithe trádála caighdeáin sláinte, oibre agus chomhshaoil atá coibhéiseach ar a laghad leis na caighdeáin a cheanglaítear san Aontas.

4.1.6Aithníonn CESE ról na feirmeoireachta orgánaí maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Dá bhrí sin, molann sé gur cheart leanúint den táirgeadh orgánach, an dáileadh táirgí orgánacha agus go háirithe an tomhaltas táirgí orgánacha san Aontas a chur chun cinn in CBT (e.g. tríd an soláthar poiblí agus an lónadóireacht choiteann) d’fhonn an sprioc an-uaillmhianach atá leagtha síos a bhaint amach, is é sin gur feirmeoireacht orgánach a dhéanfaí ar 25 % den talamh talmhaíochta san Aontas faoi 2030.

4.1.7Tá difríochtaí ann idir na cineálacha feirmeoireachta beostoic atá á gcleachtadh san Eoraip faoi láthair: is fíor sin i dtaca leis an éileamh ar allmhairí (soighe den chuid is mó), sin agus i dtaca leis an tionchar atá ag an bhfeirmeoireacht beostoic ar an gcomhshaol sna réigiúin. Ba cheart do CBT tacú go príomha le modhanna na feirmeoireachta traidisiúnta nó na feirmeoireachta fairsinge talún a úsáideann acmhainní agus beatha as an réigiún céanna den chuid is mó agus ar féidir an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a bhainistiú 24 .

4.2Bealaí chun an inbhuanaitheacht shóisialta a chur san áireamh i dtáirgeadh bia an Aontais

4.2.1Ní féidir déanamh gan feirmeoirí ná oibrithe le bia a tháirgeadh go hinbhuanaithe. Chun todhchaí earnáil feirmeoireachta an Aontais a áirithiú, is réamhriachtanais iad comhlíonadh chearta an duine agus na gceart saothair, lena n-áirithítear dálaí maireachtála cuibhiúla, cearta pinsin agus pá íosta atá inchomparáide leis an bpá in earnálacha eile. Is iad sin na bealaí is fearr freisin leis an earnáil a dhéanamh tarraingteach.

4.2.2Ní mór an choinníollacht shóisialta, agus comhaontuithe comhchoiteanna ina gcomhaontaítear an pá agus na dálaí oibre idir páirtithe an mhargaidh saothair, a threisiú agus a chur chun feidhme go dian trí shásraí rialaithe iomchuí le go bhféadfar dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú do chách agus ba cheart don choinníollacht shóisialta a bheith ar cheann de na critéir mheastóireachta ar leibhéal an tionscadail, mar aon le critéir a bhaineann le rannpháirtíocht an aosa óig agus leis na hinscní.

4.2.3Ba cheart tús áite a thabhairt don tacaíocht a thugtar do shlabhraí soláthair gearra toisc go spreagann siad gníomhaíocht phobail agus naisc shóisialta sna limistéir thuaithe. Tá gá le tuilleadh béime ar na slabhraí soláthair áitiúla, mar aon le cur chuige speisialta le haghaidh feirmeacha beaga agus leorchothaitheacha. Ba cheart do na reachtóirí bearta tionlacain iomchuí a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí atá leochaileach go sóisialta ar tháirgí áitiúla agus/nó orgánacha agus go mbainfidh an earnáil phoiblí (na húdaráis áitiúla, chathrach, réigiúnacha agus chónaidhme) úsáid bhreise as táirgí bia orgánaigh áitiúla agus réigiúnacha sa soláthar poiblí (e.g. i gceaintíní) 25 .

4.2.4Ba cheart tacaíocht bhreise a thabhairt in CBT don fheirmeoireacht shóisialta agus don gheilleagar sóisialta toisc go bhfuil ról tábhachtach ag an bhfeirmeoireacht shóisialta maidir leis an dea-bhail agus cúram daoine, mar aon leis an agrathurasóireacht, bialanna le scoth-tháirgí na háite, feirmeacha íce/tearmainn agus feirmeacha oideachasúla a mheallann an daonra uirbeach 26 .

4.2.5Ba cheart a áirithiú in CBT go ndéanfar an t-ualach riaracháin a eascraíonn as an iliomad oibleagáidí a cheanglaítear leis an gcomhbheartas a shrianadh agus a shimpliú, a mhéid is féidir, sin agus tacaíocht bhreise a thabhairt d’fheirmeoirí le go bhféadfaidh siad na ceanglais a chomhlíonadh, agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí agus iad ag déileáil leis an rialáil is gá a dhéanamh. Ba cheart foráil a dhéanamh sna pleananna straitéiseacha freisin go mbeadh a ndóthain ama ag na feirmeoirí chun iad féin a chur in oiriúint do bhearta ar nós éiciscéimeanna an-chasta.

4.3Bealaí chun an inbhuanaitheacht eacnamaíoch a chur san áireamh i dtáirgeadh bia an Aontais

4.3.1Is é an praghas ar bhia an phríomhfhoinse ioncaim d’fheirmeoirí, sin agus fóirdheontais lena mbeartaítear caighdeán maireachtála cuibhiúil a áirithiú dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart iarracht a dhéanamh in CBT a áirithiú go bhfanfaidh na praghsanna a íoctar ag geata na feirme os cionn an chostais táirgthe.

4.3.2Mar thoradh ar an gcumhacht mhargála a bheith á comhchruinniú ag gníomhaithe áirithe sa slabhra soláthair, tá mí-úsáid ceannasachta ann a aistríonn an riosca eacnamaíoch ó mhargadh na dtomhaltóirí in airde ar an slabhra soláthair agus a mbíonn tionchar an-díobhálach aige ar fheirmeoirí. Chomh maith leis an toirmeasc a bhfuil gá leis ar gach cleachtas éagórach trádála, ba cheart a áirithiú in CBT go dtabharfar tacaíocht don chomhar idir na feirmeoirí agus/nó grúpaí feirmeoirí i gcomharchumainn chun cur lena gcumhacht mhargála. Ba cheart a áirithiú in CBT go gcuirfear an comhar réigiúnach chun cinn a thuilleadh i measc na ngníomhaithe uile i slabhra an tsoláthair bia; mar shampla, d’fhéadfadh lónadóireacht phoiblí agus comhairlí beartais bia áitiúla/réigiúnacha a bheith ina n-asraon cobhsaí margaidh d’fheirmeoirí. Ní hamháin go nglacann an feirmeoir leis na praghsanna a shocraítear, ach glacann sé le rioscaí freisin. Sin an fáth ar cheart na rioscaí a roinnt feadh an tslabhra luacha, agus níos mó ná an praghas a bheith i gceist.

4.3.3Dar le CESE, is féidir le slabhraí táirgthe agus margaíochta le haghaidh an bhia orgánaigh, lena gcuirtear táirgí séasúracha san áireamh freisin, a bheith ina mbealach éifeachtach chun tuilleadh breisluacha a ghiniúint feadh an bhiashlabhra, agus ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht a chur ar fáil dó sin trí CBT 27 .

4.3.4I bhfianaise na míchothromaíochtaí réigiúnacha agus na mBallstát nua a d’fhéadfadh a bheith ann, molann CESE anailís a dhéanamh ar an gcóineasú seachtrach. Ba cheart an iomaíocht chóir idir na Ballstáit a chur san áireamh, sin agus a fhad a bhaineann sé leis na fóirdheontais a íoctar le feirmeoirí i gcomhréir le luachanna an Aontais, agus difríochtaí sna costais ionchuir agus saothair á gcur san áireamh freisin. Ní mór an cómhargadh a chosaint nó stopfaidh na feirmeoirí den fheirmeoireacht, díreach mar a tharla nuair a dhún na gléasraí iarainn agus na muilte teicstíle. Ar an gcúis sin, ba cheart ionstraimí sonracha dála an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a scrúdú ar leithligh ó CBT nó mar chuid de, agus aird á tabhairt ar na himpleachtaí a bhaineann le bia agus earraí talmhaíochta ón Aontas a onnmhairiú ar mórscála chuig an gcuid eile den domhan.

4.3.5Beidh an ceapadh carbóin ina phríomhghné de thalmhaíocht agus d’fhoraoiseacht na hEorpa sna blianta amach romhainn, chun sláinte na hithreach a fheabhsú agus mar uirlis chun gníomhú ar son na haeráide. Beidh sé tábhachtach luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’úinéirí foraoise trí dheimhnithe carbóin a bhronnadh orthu, ach ba cheart foinsí maoinithe breise a chur ar fáil (margaí príobháideacha, buiséad breise le cur le buiséad CBT) 28 .

4.3.6Molann CESE don Choimisiún smaoineamh ar ghnéithe frith-thimthriallacha a chur san áireamh in ionstraimí CBT tar éis 2027 le go bhféadfar freagairt don bhrú mór atá na margaí a chur ar earnáil na talmhaíochta, trí phraghsanna ísle nó an-luaineach go minic. Rogha amháin ar leibhéal na mBallstát is ea gur cheart a áirithiú in CBT go dtacófar freisin le huirlisí tacaíochta ioncaim (e.g. árachas nó uirlisí bainistithe riosca, lena n-áirítear uirlisí cobhsaithe ioncaim).

4.4Bealaí chun an fhorbairt inbhuanaithe tuaithe-uirbeach a dhéanamh san Aontas i gcomhréir leis an táirgeadh bia

4.4.1Cuireann CESE in iúl go bhfuil todhchaí agus rathúnas na limistéar tuaithe ríthábhachtach do shlándáil an tsoláthair bia san Eoraip, sin agus d’uathriail straitéiseach agus athléimneacht na hEorpa, agus chun meascán fuinnimh inbhuanaithe a bhaint amach a chuirfidh le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais (lena n-áirítear in earnáil na talmhaíochta) 29 . Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú in CBT go gcothófar limistéir thuaithe níos athléimní agus go gcuirfear lena n-acmhainneacht chun fuinneamh glas a tháirgeadh (bithghás, grianfhuinneamh agus fuinneamh gaoithe, mar aon le bithmhais, i.e. adhmad, tuí, crotal etc.), i gcomhréir leis an bhfís fhadtéarmach le haghaidh limistéir thuaithe an Aontais. Tá gá le tuilleadh cistí – ní hamháin in CBT, ach sa bheartas comhtháthaithe ar an iomlán ar dtús – le haghaidh gníomhaíocht áitiúil chun a áirithiú go bhfuiltear ag comhlánú na forbartha uirbí.

4.4.2Ba cheart don chéad leagan eile de CBT díriú níos mó ar chruthú post trí chur le geilleagar tuaithe níos éagsúlaithe sna limistéir thuaithe. Ar a mhuin sin, ba cheart daoine a spreagadh chun lonnú i limistéir thuaithe agus an athnuachan ghlúin go glúin a chur chun cinn i measc feirmeoirí, mná a chumhachtú, agus daoine a bhfuil tionscadail nua acu, e.g. gníomhaíochtaí próiseála bia nó turasóireacht, a spreagadh le teacht go limistéir thuaithe 30 .

4.4.3Ba cheart a áirithiú in CBT go gcuirfear réitigh ar fáil maidir le tréigean na talún faoin tuath (go háirithe i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste), ar fadhb é go fóill i réigiúin áirithe. Ba cheart a áirithiú in CBT go dtabharfar tacaíocht do na tionscadail forbartha sna réigiúin sin bunaithe ar an iliomad deiseanna a chuireann earnálacha an fhuinnimh in-athnuaite, an bhithgheilleagair, an gheilleagair chiorclaigh, an dobharshaothraithe 31 agus na n-algaí 32 ar fáil (agus earnálacha eile nach iad). Ní mór a áirithiú in CBT go ndéanfar úsáid inbhuanaithe na talún talmhaíochta agus an teacht a bhíonn ag feirmeoirí ar an talamh a chaomhnú tuilleadh ar fud an Aontais trí bhíthin íocaíochtaí bliantúla spriocdhírithe (e.g. íocaíochtaí le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar orthu) chomh maith le tacaíocht shonrach infheistíochta a bheadh dírithe ar dhaoine nua a mhealladh chun na feirmeoireachta.

4.4.4Ba cheart a áirithiú in CBT go dtabharfar tacaíocht bhreise don fheirmeoireacht fhairsing beostoic agus go gcuirfear chun cinn í freisin. Is feirmeoireacht í a dhéantar ar mhóinéir bhuana agus ar fhéaraigh bhuana, rud a chabhraíonn le tírdhreacha agus ‘éicisheirbhísí’ (e.g. an bhithéagsúlacht agus gnáthóga a chosaint, an ceapadh carbóin, dóiteáin foraoise a chosc agus creimeadh ithreach a chosc) a chothabháil. Chomh maith leis sin, is feirmeoireacht í a choinníonn an daonra i limistéir thuaithe trí rannchuidiú le hinmharthanacht feirmeacha teaghlaigh 33 . Ba cheart leanúint den tacaíocht reatha atáthar a thabhairt do na feirmeacha traidisiúnta teaghlaigh sin atá ag éirí níos inbhuanaithe ó thaobh na sochaí, an gheilleagair agus an chomhshaoil de, lena n-áirítear maidir le caighdeáin leasa ainmhithe, agus ba cheart leanúint de bheith ag infheistiú sna feabhsuithe teicniúla freisin. Ba cheart feirmeoirí a dhreasú a bhfuil samhlacha an gheilleagair chiorclaigh á gcur chun cinn acu (e.g. trí leasacháin orgánacha a chruthú, bithghás a tháirgeadh trí sheachtháirgí ón talmhaíocht agus ón bhfeirmeoireacht bheostoic).

4.4.5Cé gur tríd an dianfheirmeoireacht beostoic a tháirgtear méid nach beag den fheoil san Eoraip (ar phraghsanna inacmhainne), is iomaí caitheamh agus cáineadh a dhéantar ar an earnáil sin freisin (e.g. ar chúiseanna a bhaineann le leas ainmhithe). Lena chois sin, is féidir leis an táirgeadh brú a chur ar thimpeallacht na réigiún. Úsáidtear thart ar 50 % de bhuaint an Aontais mar bheatha ainmhithe in ainneoin éileamh ard cheana féin ar thalamh arúil san Aontas. Ina theannta sin, baineann an táirgeadh úsáid as beatha allmhairithe 34 , rud ar féidir leis dúshláin a chruthú maidir leis an inbhuanaitheacht. Ba cheart a áirithiú in CBT, dá bhrí sin, go dtacófar le cleachtais fhairsinge feirmeoireachta, thar aon ní eile, ina measc úsáid féir thirim áitiúil agus foinsí próitéine eile san fheirmeoireacht beostoic chomh maith le hathrú córais ó dhianphórú go pórú fairsing, ag baint úsáid as talamh tréigthe agus talamh a aisghabhadh tríd an dramhaíl bhia a laghdú (cuirtear 20 % den bhia a tháirgtear san Aontas amú 35 ). Ba cheart a áirithiú ann freisin go dtacófar le samhlacha feirmeoireachta beostoic a eascraíonn as obair iarbhír feirmeoirí, bíodh sin trí shamhail teaghlaigh nó trí shamhail ghairmiúil, san aistriú i dtreo cleachtais níos inbhuanaithe, agus iomaíochas na gcleachtas sin á chosaint san am céanna.

4.4.6Ba cheart a áirithiú in CBT go dtabharfar tacaíocht do tháirgeadh próitéiní agus olaí plandaí agus d’fhorbairt slabhraí luacha réigiúnacha agus acmhainneachtaí próiseála réigiúnacha (d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ann mar thoradh ar mhéadú ar an saothrú barr ola san Aontas, e.g. féinsoláthar ó thaobh breosla tarracóra de, soláthar breise cácaí pónairí soighe le húsáid i mbeatha ainmhithe agus uainíocht barr mhéadaithe) 36 .

4.5Bealaí chun cur le tacaíocht na sochaí do chórais bhia inbhuanaithe

4.5.1Ní mór do phraghas an bhia fíorchostas an táirgthe a léiriú maidir leis an gcomhshaol agus an tsochaí. Athdhearbhaíonn CESE an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbearta oideachais chun aistí bia inbhuanaithe a chur chun cinn i measc daoine óga, ionas gur féidir leo ‘luach an bhia’ a thuiscint.

4.5.2Trí bhearta faisnéise agus oideachais, sin agus cleachtais maidir le lipéid thrédhearcacha a chur ar an mbia, ba cheart go mbeadh na tomhaltóirí in ann roghanna níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a dhéanamh. Meabhraíonn CESE gur cheart creat a fhorbairt le haghaidh córais bhia inbhuanaithe sa chaoi is go bhféadfar aghaidh a thabhairt go tráthúil ar dhúshláin na gcóras bia 37 .

4.5.3Is féidir le CBT cuidiú le borradh a chur faoi thacaíocht na sochaí do chórais bhia inbhuanaithe trí ghníomhaíochtaí a mhaoiniú lena gcothaítear naisc idir na tomhaltóirí agus an pobal feirmeoireachta, e.g. an trádáil i slabhraí soláthair gearra nó laethanta oscailte d’fheirmeacha. Cuireann gníomhaíochtaí den sórt sin ar chumas feirmeoirí táirgí sainaitheanta ‘a bhfuil a scéal féin leo’ a dhíol le tomhaltóirí atá sásta praghas cóir a íoc, rud a thabharfaidh freagracht do na tomhaltóirí i dtéarmaí luach an bhia agus na dramhaíola; cabhróidh sé sin le tionchar an bhia ar an athrú aeráide a laghdú.

4.5.4Ba cheart leanúint den scéim scoile (arna maoiniú as buiséad CBT le buiséad bliantúil EUR 250 milliún) agus í a fheabhsú d’fhonn na cuspóirí atá léi a bhaint amach 38 .

4.6Rannpháirtíocht an aosa óig in CBT

4.6.1Mar chur chuige ginearálta, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach conairí idirghníomhacha a chur chun cinn ar mhaithe leis an athnuachan ó ghlúin go glúin agus le haghaidh samhail rialachais níos cuimsithí agus il-gheallsealbhóra. Ní mór eagraíochtaí óige, an tsochaí shibhialta eagraithe agus lucht ceaptha beartas a bheith páirteach sna conairí sin agus na bealaí nua ina mbíonn daoine óga rannpháirteach tríd an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta a aithint 39 . Ach páirt ghníomhach a bheith ag daoine óga sa phróiseas ceaptha beartas, is féidir a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna beartais a bheidh ann amach anseo mianta agus ábhair imní na nglún óg a mbeidh an talmhaíocht acu le hoidhreacht agus a mhúnlóidh todhchaí na talmhaíochta. Is cuid den tacaíocht a chuireann le rannpháirtíocht an aosa óig é maoiniú bunriachtanach a chur ar fáil chun cabhrú le heagraíochtaí feirmeoirí óga, le feirmeoirí óga aonair agus leis an oideachas talmhaíochta.

4.6.2Is mian le CESE a chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé, dar leis, cur chuige den chineál is iomláine a chleachtadh mar aon le cur chuige trasearnála. Cuid de sin is ea promhadh leas na tuaithe agus an promhadh a dhéanann an tAontas ar ghnéithe de shaol an aosa óig. Is ar an dul sin a dhéanfar cur chun feidhme bheartais an Aontais a áirithiú go fadtéarmach sa riocht gur mó toradh a bheidh orthu 40 . Dá réir sin, rinneadh an promhadh ar ghnéithe de shaol an aosa óig a chur i bhfeidhm ar an tuairim seo; ullmhaíodh í i ndlúthchomhar le roinnt eagraíochtaí óige ionadaíocha 41 .

4.6.3Molann CESE go mbeadh daoine óga rannpháirteach i bhforbairt agus i gcur chun feidhme CBT agus san fhaireachán a dhéanfar air.

An Bhruiséil, 19 Nollaig 2023.

Peter SCHMIDT

Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

_____________

(1)    Tuairim atá á hullmhú ag CESE faoi láthair: https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/advancing-eus-just-transition-policy-framework-what-measures-are-necessary
(2)       https://commission.europa.eu/system/files/2019-01/fin_report_08_en.pdf
(3)     Ionchur CESE in COP 28 Implementation of climate action on agriculture and food security .
(4)    Is éard is feirm theaghlaigh ann gabháltas talún atá á bhainistiú agus á oibriú ag teaghlach agus ina bhfuil an lucht saothair ar an bhfeirm sin á chur ar fáil den chuid is mó ag an teaghlach sin (FAO).
(5)     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Farms_and_farmland_in_the_European_Union_-_statistics#Farms_in_2020
(6)    Tuairim ó CESE An tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar earnáil na talmhaíochta agus ar cheantair thuaithe .
(7)     Sracfhéachaint ar CBT .
(8)     An dearcadh meántéarmach (europa.eu) ; agricultural-outlook-2022-report_en_0.pdf .
(9)       https://agriculture.ec.europa.eu/international/agricultural-trade/trade-and-international-policy-analysis_en  
(10)     Sracfhéachaint ar CBT .
(11)     cap-expenditure-graph1_en.pdf
(12)       https://www.europarl.europa.eu/factsheets/ga/sheet/106/financing-of-the-cap
(13)    Tuairim féintionscnaimh ó CESE An méid a rannchuidíonn an tsochaí shibhialta le beartas cuimsitheach bia a fhorbairt san Aontas, IO C 129, 11.4.2018, lch. 18 (níl leagan Gaeilge ann).
(14)     Clár oibre 2023-25 Rannóg NAT .
(15)     IO C 353, 18.10.2019, lch. 65 .
(16)     IO C 105, 4.3.2022, lch. 56 .
(17)     United Nations Declaration on the Rights of Peasants and Other People Working in Rural Areas .
(18)     https://agriculture.ec.europa.eu/system/files/2023-03/direct-aid-report-2021_en.pdf
(19)     Eurostat regional yearbook 2023 .
(20)     IO C 106, 31.03.2020, lch. 1 .
(21)     IO C 100, 16.3.2023, lch. 51 .
(22)     Ionchur CESE in COP 28 Implementation of climate action on agriculture and food security .
(23)     IO C 349, 29.9.2023, lch. 80 .
(24)

    IO C 75, 28.2.2023, lch. 88 .

(25)

    IO C 517, 22.12.2021, lch. 114 .

(26)     CESE Meastóireacht ar thionchar CBT ar fhorbairt chríochach na gceantar tuaithe (Tuarascáil faisnéise) (níl leagan Gaeilge ann).
(27)     IO C 517, 22.12.2021, lch. 114 .
(28)     IO C 184, 25.5.2023, lch. 83 .
(29)     IO C 105, 4.3.2022, lch. 49 , Tuairim ó CESE atá fós á hullmhú An tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh ar earnáil na talmhaíochta agus ar cheantair thuaithe ; Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip .
(30)     Tuairim atá á hullmhú ag CESE faoi láthair Ról an aosa óig i bhforbairt na tuaithe .
(31)     IO C 349, 29.9.2023, lch. 41 .
(32)     IO C 105, 4.3.2022, lch. 56 .
(33) Tuarascáil faisnéise ó CESE Buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht fhairsing beostoic agus leasacháin orgánacha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip .
(34)     IO C 75, 28.2.2023, lch. 88 .
(35)     The Guardian .
(36)     IO C 75, 28.2.2023, lch. 88 .
(37)     IO C 293, 18.8.2023, lch. 1 .
(38)     Tuarascáil Mheastóireachta ó CESE Meastóireacht ar scéim scoile an Aontais .
(39)     https://www.eesc.europa.eu/en/initiatives/youth-engagement-eesc  
(40)     Tuairim atá á hullmhú ag CESE faoi láthair Ról an aosa óig i bhforbairt na tuaithe .
(41)    Lena n-áirítear CEJA, ECVC Youth, Rural Youth Europe, GCE Food Team.