GA

CCMI/216

Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla

TUAIRIM

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún –
Tionscnamh de chuid an Aontais maidir leis an nGréasán 4.0 agus na domhain
fhíorúla: buntáiste i dtreo an chéad aistrithe teicneolaíochta eile

(COM(2023) 442 final)

(SWD(2023) 250)

Teagmháil

Marie-Laurence.Drillon@eesc.europa.eu

Riarthóir

Marie-Laurence Drillon

Dáta an doiciméid

23/11/2023

Rapóirtéir: Andrea MONE

Comhrapóirtéir: Patrice CHAZERAND

Comhairliúchán

18/08/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

06/12/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

33/0/1

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le cuspóir an Choimisiúin imscrúdú a dhéanamh ar earnáil ar gá na buntáistí agus, go háirithe, na rioscaí a bhaineann léi, a shoiléiriú go fóill agus a mbeidh tionchar mór aici ar na glúnta atá le teacht, thar aon ní eile. Dá bhrí sin, tá géarghá le scrúdú a dhéanamh chun a fháil amach an leor an reachtaíocht atá ann cheana agus an féidir í a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, nó an bhfuil gá le reachtaíocht nua

1.2Tacaíonn CESE leis na ceithre cholún a leagtar amach sa Teachtaireacht. Mar sin féin, ba cheart béim níos mó a leagan ar ghné shóisialta na ndomhan fíorúil, gné atá ríthábhachtach do gach colún, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tionchar a bhíonn ag domhain fhíorúla ar dhálaí oibre, ar shláinte agus ar shábháilteacht na ndaoine a bhaineann leas astu nó a oibríonn iontu, agus maidir leis an tionchar ar dhaoine leochaileacha freisin.

1.3Thairis sin, measann CESE go mbeidh tábhacht leis an méid seo a leanas:

·forbairt caighdeán tionsclaíochta domhanda agus caighdeán maidir le prótacail idir‑inoibritheachta a chothú: ba cheart do na geallsealbhóirí uile rannchuidiú leis an ngné ríthábhachtach sin de thimpeallacht fhreagrach, agus iarracht chomhoibríoch a dhéanamh chun an reachtaíocht a chomhlánú arb é is aidhm di gnólachtaí agus teicneolaíochtaí Eorpacha a chomhtháthú go rianúil laistigh de dhomhain fhíorúla;

·an comhar poiblí-príobháideach a chothú chun dlús a chur le fás na ndomhan fíorúil tionsclaíoch agus comhlíonadh caighdeán eiticiúil agus rialála a áirithiú freisin;

·tionscadail taighde agus nuálaíochta a chistiú a dhíreoidh go sonrach ar dhomhain fhíorúla agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna, chomh maith le cláir nua don litearthacht dhigiteach a bheidh tiomnaithe do dhaoine óga agus daoine fásta, agus díriú ar scileanna a fhorbairt agus tionscnaimh oiliúna a mbeidh sé d’aidhm acu freastal ar riachtanais gnólachtaí a oibríonn i dtimpeallachtaí domhan fíorúil;

·an reachtaíocht ábhartha uile atá ann cheana a fhorfheidhmiú (e.g. reachtaíocht a bhaineann leis an iomaíocht, cosaint sonraí agus maoin intleachtúil), chomh maith le riarachán poiblí a dhigitiú tuilleadh, agus inrochtaineacht a fheabhsú, ar réamhchoinníollacha iad chomh maith chun domhain fhíorúla a thógáil ar bhealach inbhuanaithe;

·measúnú a dhéanamh ar bhearta nithiúla chun domhain fhíorúla inbhuanaithe a fhorbairt, e.g. critéir maidir leis an neodracht carbóin chun feidhmchláir an Ghréasáin 4.0 a chruthú agus Cairt Luachanna, a bheadh ar aon dul leis an bpróiseas reachtach chun coinneáil suas le hathruithe teicneolaíocha gasta.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Is é is aidhm don Teachtaireacht a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an 11 Iúil 2023 1 an chéad aistriú teicneolaíoch eile a stiúradh agus timpeallacht dhigiteach a bheidh oscailte, sábháilte, iontaofa, cothrom agus cuimsitheach a áirithiú ar fud ceithre phríomhcholún straitéise: daoine agus scileanna, gnó, rialtas, agus rialachas. 

2.2Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht sin ina léirítear éirim na tuairime uaidh maidir leis an ábhar seo 2 . Mar sin féin, bíonn impleachtaí troma ag domhain fhíorúla a eascraíonn as forbairtí teicneolaíochta gasta don lucht saothair agus don tsochaí, i.e. do shaol laethúil na nglúnta Eorpacha atá le teacht, rud a chiallaíonn gur gá an timpeallacht fhíorúil, agus na rialacha rialaithe a bhaineann léi, a thógáil ar bhealach freagrach, má táthar ag iarraidh an aidhm atá ag an gCoimisiún ‘domhain fhíorúla a bheith ann ina léireofar luachanna agus prionsabail an Aontais agus cearta bunúsacha’ a bhaint amach 3 .

2.3Agus é á chur in iúl aige gur ‘aistriú ceannródaíoch teicneolaíoch’ 4 é an Gréasán 4.0, tá sé á aithint ag an gCoimisiún go bhfuil ‘creat reachtach láidir ag an Aontas Eorpach atá dírithe ar an todhchaí agus a bhfuil feidhm aige cheana féin maidir le roinnt gnéithe maidir le domhain fhíorúla agus an Gréasán 4.0 a fhorbairt’ 5 . Ar thaobh amháin, cuirtear sainmhíniú ar fáil lena ndéantar cur síos ar an nGréasán mar réimse teicneolaíochtaí a chumhachtaítear le sonraí agus atá ríthábhachtach do dhaoine agus do ghnólachtaí; ar an taobh eile, tá líon mór rialacha ag baint leis (e.g. RGCS), rialacha ar cheart a n-infheidhmeacht a sheiceáil agus a bhforfheidhmiú a fheabhsú chun cosaint sonraí atá gan locht agus cothrom a áirithiú. D’fhéadfadh sé nach leor an coigeartú: mar shampla, ní bheidh sé éasca forálacha sláinte agus sábháilteachta an domhain nithiúil a chur in oiriúint do ghné thumthach na ndomhan fíorúil; leis an ‘éifeacht Phróitéis’ 6 , léirítear go bhféadfadh cumraíocht an abhatár dul i bhfeidhm ar iompraíocht an fhíordhuine a bhainfeadh leas as. Is é is dóichí go mbeidh gá machnamh a dhéanamh ar bhearta dlíthiúla breise chun a áirithiú go mbeidh timpeallachtaí fíorúla éifeachtúil agus sábháilte do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí/oibrithe.

2.4Molann CESE don Aontas Eorpach an móiminteam a choinneáil, móiminteam a léiríonn rath an chomhair iontaofa idir na rialtais agus na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, agus a áirithiú nach sáróidh an dul chun cinn teicneolaíoch agus airgtheacht na gcruthaitheoirí an reachtaíocht. Chun domhain fhíorúla atá inbhuanaithe go sóisialta a chothú, molann CESE go ndéanfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht gnó agus an lucht acadúil, Cairt luachanna a cheapadh agus faireachán a dhéanamh uirthi ina róil agus ina bhfeidhmeanna éagsúla sonracha.

2.5Tá géarghá leis na ceithre cholún a leagtar amach sa Teachtaireacht chun cuntasacht gan locht a áirithiú, is é sin bunchloch an rialaithe éifeachtaigh dhaonlathaigh. Ach comhchuibhiú rianúil a áirithiú ar fud an Aontais trí rannpháirtíocht leanúnach na mBallstát, seachnófar míchothromaíochtaí agus lúba ar lár.

2.6Leis an treo foriomlán a ghlactar sna bearta a liostaítear sa Teachtaireacht (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha go háirithe), treo atá comhsheasmhach leis na tuairimí a ghlac CESE go dtí seo, mar aon leis an taithí phraiticiúil a fuarthas ón méid a baineadh amach le cuid de na bearta sin agus ó na heasnaimh atá iontu, léirítear go bhfuil fíordheis ag an Aontas ‘chun bheith ina phríomhghníomhaí i margaí nuaghinte a bhaineann leis an nGréasán 4.0’ 7 ar choinníoll go ngníomhaímid anois. Tacaíonn CESE go láidir leis an uaillmhian dhlisteanach sin agus leis an gconair atá á moladh, agus súil á tabhairt aige ar an gcomhar idirnáisiúnta atá léirithe leis an straitéis ‘Global Gateway’.

2.7Mar sin féin, is rud ríthábhachtach i ngach colún í gné shóisialta na ndomhan fíorúil. Ní mór aird níos mó a thabhairt ar an ngné sin chun feasacht a ardú agus chun go gcuirfear na saincheisteanna gaolmhara san áireamh ar bhealach níos fearr. Mar a tugadh chun suntais sa tústuairim uaidh Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne 8 , dearbhaíonn CESE go mbeidh tionchar mór ag na domhain fhíorúla ar fholláine, ar shláinte agus ar shábháilteacht na ndaoine sin a bhíonn ag plé leo nó a oibríonn laistigh díobh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, bearta iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear idirphlé sóisialta agus cómhargáil, chun dálaí oibre a fheabhsú, rochtain éasca ar fhaisnéis ábhartha a áirithiú, tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht oibrithe agus oiliúint a thairiscint chun inniúlachtaí agus scileanna a fhorbairt. Ar bhonn níos ginearálta, ní mór don Aontas a áirithiú go gcloífear le rialacháin a bhunaítear sa domhan nithiúil laistigh de na domhain fhíorúla sin ina ndéantar macasamhlú ar shriantachtaí an domhain nithiúil. Ba cheart bearta rialála cuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na ceanglais a bhaineann go sonrach le catagóirí éagsúla de dhomhain fhíorúla. Trí mheastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana, sainaithneofar réimsí ina bhfuil feidhm ag na rialacháin atá ann faoi láthair maidir leis an domhan nithiúil agus maidir leis na domhain fhíorúla lena mbaineann; mura ndéanfar amhlaidh, beidh gá le creataí dlíthiúla nua.

2.8Mar a chuir sé in iúl sa tuairim Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne 9 , feictear do CESE go bhfuil dhá thaobh i gceist leis an tionchar ar an gcomhshaol: ar thaobh amháin, rachaidh an tomhaltas fuinnimh i méid, agus, ar an taobh eile, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar bhreis cumhachta ríomhaireachta agus ar an nascacht. I ngeall ar fhorbairt theicneolaíoch gan srian, tá tionscal na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) ag éirí níos neamhdhíobhálaí lá i ndiaidh lae ó thaobh lorg carbóin de; b’fhiú fearais tomhais chuí bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sa chomhthéacs sin chun tionchar na teicneolaíochta digití ar an tomhaltas fuinnimh in earnálacha eacnamaíocha éagsúla a shamhaltú agus a chainníochtú. Agus foinsí staidrimh ag éirí níos iontaofa, d’fhéadfadh an Coimisiún an neodracht ó thaobh carbóin de a chur chun cinn, arna tomhas trí chaighdeáin idirnáisiúnta, trí chruthú fheidhmchláir an Ghréasáin 4.0 san Aontas Eorpach a leagan síos mar chritéar, mar aon le dreasachtaí a chur ar fáil chun lorg carbóin cuideachtaí a laghdú trí leas a bhaint as domhain fhíorúla.

3.Barúlacha sonracha

3.1Daoine agus scileanna

3.1.1Molann CESE na céimeanna gníomhacha atá déanta ag an gCoimisiún chun linn tallann speisialtóirí a fhorbairt maidir le domhain fhíorúla. Trí dhul i gcomhpháirt leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus lena Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), ba cheart príomhinstitiúidí oideachais, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí atá ag iarraidh borradh a chur faoi acmhainneacht teicneolaíochta fíorúla an Aontais a mhealladh. Mar an gcéanna, tá sé cruthaithe go n-éiríonn le comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóra torthaí a sholáthar: dá gcuirfeadh an tAontas Eorpach chun cinn iad, chuirfí lena bhfeidhmíocht. Ós rud é go bhfuil an oiliúint ina príomhspreagadh don dul chun cinn sna domhain fhíorúla, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar oirchill níos mó maidir le curaclaim ollscoile agus maidir le huas-sciliú agus athsciliú laistigh de chuideachtaí agus d’údaráis áitiúla chun go mbeidh an Eoraip neamhthuilleamaíoch maidir leis na tacair scileanna a chur ar fáil a theastaíonn chun go mbeidh sí ina ceannaire domhanda i gcónaí. Go deimhin, ba cheart é a bheith ar cheann de na bearta is tábhachtaí chun an rath a thomhas a áirithiú go nglacfaidh daoine óga mar is ceart le domhain fhíorúla.

3.1.2Tacaíonn CESE go láidir le forbairt uirlisí fíorúla domhanda don phobal i gcoitinne chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus sábháilteacht timpeallachtaí fíorúla, de réir chuspóirí agus leasanna daoine óga. Ní mór na boscaí uirlisí sin a bheith difriúil leo siúd a bheartaítear le haghaidh gnólachtaí. Thairis sin, ba cheart beartais cheangailteacha a mheas freisin chun an sprioc maidir le domhain fhíorúla chóra agus inmhianaithe a bhaint amach.

3.1.3Tugann CESE faoi deara nach dtugtar dóthain airde sa roinn dar teideal ‘Daoine agus scileanna 10 ’ ar an tionchar ar dhálaí oibre agus ar an gcaoi ar féidir le hoibrithe a bheith rannpháirteach in úsáid a nuálaíochtaí féin san ionad oibre a fheabhsú. I bhfianaise na saincheisteanna ríthábhachtacha maidir leis an ionad oibre sa Rialachán maidir leis an Intleacht Shaorga atá beartaithe, cuireann CESE i dtreis nach mór domhain fhíorúla fhreagracha a áirithiú, ina ndíreofar ar fhostaíocht ardcháilíochta, ar an gcosaint shóisialta agus ar rannpháirtíocht oibrithe, i gcomhréir leis an gconradh sóisialta nua a chuirtear i bhfios i dTuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach 11 agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ina theannta sin, beidh sé ríthábhachtach na córais oideachais agus oiliúna a nascadh chun timpeallacht foghlama fhíorúil a chothú ina dtugtar aghaidh ar shainiúlachtaí na n‑úsáideoirí (spriocghrúpaí) éagsúla ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil. Ar an ábhar sin, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tionscnamh ina dhlúthchuid den phróiseas athbhreithnithe atá ar siúl sa Limistéar Eorpach Oideachais (LEO).

3.1.4Is iad an tionsclaíocht agus an tráchtáil an dá phríomhréimse a ndéanann na domhain fhíorúla difear dóibh. Trí staidéir earnáilsonracha a dhéanamh de réir mar a chuirfear an Gréasán 4.0 i bhfeidhm, d’áiritheofaí rannpháirtíocht chuí na bhfostaithe, d’fhonn a gcearta, an inscálaitheacht agus dálaí oibre a ráthú ar feadh an chlaochlaithe sin. Ba cheart measúnú níos cothrománaí a dhéanamh i gceann 2-3 bliana le cabhair ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha chun forléargas cuimsitheach mionsonraithe a thabhairt do chinnteoirí ar an bhfíorthionchar ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, na comhpháirtithe domhanda san áireamh.

3.1.5Ní mór an foréigean, an fuath, an ciníochas agus an t-idirdhealú atá ag dul i méid, i ndáil le grúpaí áirithe daoine, e.g. daoine óga agus mná, a chur san áireamh freisin. Is gá réitigh a chur ar fáil chomh maith don neamhionannas a eascraíonn as dáileadh éagothrom na dteicneolaíochtaí. Is maith is eol dúinn gurb éard atá i gceist le halgartaim córais ina ndéantar macasamhlú ar chlaontachtaí an fhorbróra bunaidh trí shraitheanna de chlaontachtaí uathoibrithe a chur leis na claontachtaí sin nach féidir lena n-oibreoirí fiú a bhrath go comhfhiosach (éifeacht an bhosca dhuibh). Ba cheart doiciméadú forleathan a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfaidh an t‑ualach trom claontachta sin (mar aon leis na sonraí a bhaineann leis) difear do na geallsealbhóirí éagsúla. Ina theannta sin, ní mór stádas dlíthiúil ‘leathchúpla fíorúil’ an úsáideora/an oibrí, eadhon an t-abhatár, a chur san áireamh freisin. Soiléireofar mar cheist phráinne ar an leibhéal domhanda an pointe maidir lenar cheart caitheamh leis an abhatár mar eintiteas dlíthiúil uathrialach, sin, nó mar réad dlíthiúil a bhféadfadh úsáideoirí cearta de chineál éigin (e.g. cearta maoine intleachtúla) a éileamh ina leith.

3.1.6I ndeireadh na dála, le cur i bhfeidhm dhlí na háite ina ndéantar an obair (ina bhfuil cónaí ar an meitea-oibrí, i.e. an lex loci laboris), arb é an critéar forleathan é sa lá atá inniu ann chun críocha na príomhchosaintí saothair is infheidhme a shainaithint i gcomhréir le Rialachán An Róimh 1 12 de chuid an Aontais Eorpaigh, thabharfaí dreasacht do na cuideachtaí a bheidh ag feidhmiú i ndomhain fhíorúla meitea-oibrithe a roghnú as measc na n-oibrithe sin a bhfuil cónaí orthu i dtíortha ina bhfuil na dlíthe saothair lag/níos laige nó níos scaoilte. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún, cuirtear i bhfáth go cruinn freisin na rioscaí a bhaineann le siopadóireacht dlí den sórt sin (‘I réimse na fostaíochta, tá baol ann go ndéanfar iarrachtaí teacht timpeall ar chaighdeáin shóisialta an Aontais, mar shampla trí chinn níos ísle a fhorchur ar úsáideoirí na ndomhan fíorúil’ 13 ). Dá bhrí sin, ní mór aghaidh chúramach a thabhairt ar na rioscaí sin.

3.1.7Chomh maith leis an ról sonrach atá ag an idirphlé sóisialta, ról a chuirfear chun cinn agus a threiseofar, tá sé an-tábhachtach feabhas a chur ar an idirphlé sibhialta rialta i ngach gné den Ghréasán 4.0 agus de dhomhain fhíorúla chun cur leis an duinelárnacht, an cuimsiú, an tsábháilteacht agus an trédhearcacht, ar gnéithe iad ina bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.2Gnó

3.2.1Tacaíonn CESE go hiomlán le treochlár tionsclaíoch agus teicneolaíoch a fhorbairt ar bhonn práinne trí chomhpháirtíocht Eorpach nua a sheolfar i gcomhairle leis na Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, tacaíonn CESE leis an smaoineamh an Gréasán 4.0 agus teicneolaíochtaí na ndomhan fíorúil a chur ar liosta thairbhithe féideartha an tionscnaimh atá beartaithe maidir leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP).

3.2.2Tacaíonn CESE le pleananna a mbeadh struchtúr cnuasach acu a fhorbairt chun cur lena bhfuil bainte amach ag an Líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach trí mhalartuithe idir moil fhíorúla dhomhanda agus oiliúint a chur chun cinn. Is dócha go dtabharfaidh an chomhghuaillíocht thionsclaíoch don réaltacht fhíorúil agus bhreisithe casadh praiticiúil don dul chun cinn a bhfuiltear ag dréim leis ina leith sin. Tabharfaidh na domhain fhíorúla deis don Eoraip a ceannaireacht maidir le táirgeadh ábhair agus dáileadh ábhair a athneartú, rud a thugann le tuiscint go mbeidh tacaíocht leordhóthanach ann d’earnáil na n-ealaíon, an chultúir agus na siamsaíochta, lena n-áirítear trí chláir thiomnaithe Eorpacha, amhail Eoraip na Cruthaitheachta, Erasmus +, na Comhghuaillíochtaí um Nuálaíocht agus InvestEU a neartú, ar fhaitíos go mbainfí a ceannaireacht di.

3.2.3Is díol sásaimh do CESE aistriú fíorúil uirlisí a bhfuil a bhfiúntas cruthaithe cheana féin, amhail boscaí gainimh rialála, timpeallacht atá fabhrach do FBManna a bhunófar ar dhea-chleachtais, ar an gcomhdhearadh, ar chearta maoine intleachtúla saor ó easnaimh a fhorfheidhmiú, agus ar chaighdeáin oscailte agus idir-inoibritheacha. Mura ndéanfar faireachán beacht leanúnach ar an aistriú sin, ní hamháin go bhféadfaí iomaíochas ghnó na hEorpa a bhualadh, ach d’fhéadfadh laghdú mór teacht ar mhuinín na ndaoine as domhain fhíorúla freisin. Ós rud é go mbeidh caighdeáin agus boscaí gainimh ríthábhachtach chun aistriú rathúil a bhaint amach, cuireann CESE i bhfáth nach mór prionsabail an choisc agus an réamhchúraim, ar gnéithe tipiciúla iad anois d’Eoraip shóisialta, a bheith leabaithe iontu, agus gur cheart rannpháirtíocht na gComhpháirtithe Sóisialta a áirithiú i gcónaí.

3.2.4Tacaíonn CESE go láidir leis an inbhuanaitheacht a fheabhsú. Is réimse é sin ina bhféadfadh an Gréasán 4.0 a bheith ar thús cadhnaíochta. Tá an chothabháil thuarthach arna cumasú ag an intleacht shaorga ina sampla den inbhuanaitheacht a fheabhsú, agus, dá réir sin, ina sampla de chuspóirí maidir le freagracht shóisialta chorparáideach atá á mbaint amach ar scála domhanda. Trí úsáid a bhaint as ‘leathchúplaí digiteacha’, cuirfidh na domhain fhíorúla ar ár gcumas athruithe i gcuideachtaí agus i bpobail a réamh-mheas, agus tabharfar ról d’fhostaithe agus do chónaitheoirí áitiúla freisin. Ar an leibhéal sóisialta, ciallaíonn sé sin gur gá riachtanais gach duine aonair a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.

3.2.5Ní mór creataí rialála éifeachtacha a fhorfheidhmiú chun cleachtais mhonaplacha a chosc agus iomaíocht chothrom a áirithiú laistigh de thimpeallacht ardán na ndomhan fíorúil. Leis na forálacha sin, ba cheart cosaint láidir sonraí a áirithiú freisin chun príobháideachas agus slándáil úsáideoirí i dtimpeallachtaí digiteacha feabhsaithe a chosaint. Le rialáil réamhghníomhach, déanfar éiceachóras domhan fíorúil a bheidh sláintiúil agus iomaíoch a chur chun cinn, agus cosnófar cearta bunúsacha na n-úsáideoirí freisin.

3.2.6Tá CESE á athdhearbhú nach mór díriú ar shaincheisteanna maidir le cáin a ghearradh ar ghníomhaíochtaí sa domhan fíorúil agus sásraí rialála iomchuí a chruthú chun cleachtais cánach chothroma a áirithiú, rud a luadh cheana sa tuairim Tionscnamh maidir le domhain fhíorúla, leithéid na meiteachruinne 14 , i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

3.3Rialtas

3.3.1Molann CESE an Coimisiún as na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige le fada an lá chun glacadh na teicneolaíochta digití ag rialtais a chur chun cinn. Go háirithe, is mian le CESE an tionscadal suaitheanta leasa phoiblí, an CitiVerse Eorpach, a spreagadh. D’fhéadfadh an tionscnamh sin, a bhunófaí ar Leathchúplaí Digiteacha, an bhainistíocht uirbeach a bharrfheabhsú agus, mar fho‑éifeacht láidir air sin, cabhrú le saoránaigh as gach aicme a fháil amach conas a d’fhéadfadh domhain fhíorúla feabhas a chur ar a saol laethúil, agus, ar an gcaoi sin, dlús a chur le glacadh na ndomhan fíorúil ar fud na hEorpa.

3.3.2Is mór ag CESE an seoladh atá beartaithe i gcás an Chuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach chun dlús a chur le tionscadail comhair iltíre agus iad a shimpliú, tionscadail arb é is aidhm dóibh imscaradh comhpháirteach na réiteach fíorúil a éascú. Tá an bonneagar ina réamhchoinníoll chun domhain fhíorúla fhreagracha a fhorbairt; cuireann CESE na hiarrachtaí uile chun cinn, go háirithe na hiarrachtaí a dhéantar trí infheistíocht phoiblí, chun an bhearna sa bhonneagar a laghdú i measc na réigiún.

3.4Rialachas

3.4.1Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur athrú teicneolaíochta an-mhór atá romhainn: beidh ríthábhacht le rialachas agus faireachán il-gheallsealbhóra chun bainistíocht éifeachtach a áirithiú i dtimpeallacht na ndomhan fíorúil, ar timpeallacht í atá ag athrú go tapa. Ní mór an chuntasacht, an chuimsitheacht agus an rialachas, gnéithe a mhúnlaíonn an tsochaí agus atá dírithe ar leasanna an duine, a bheith ina spreagadh don ‘rialachas rannpháirteach’, ar cloch choirnéil an rialaithe dhaonlathaigh é. Go háirithe, beidh ról mór le himirt ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le hathruithe a réamh-mheas, nuálaíochtaí a chur i bhfeidhm laistigh den mhargadh saothair, agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn. D’fhéadfadh sé gurb é an rud is éifeachtaí chun feasacht shaoránaigh na hEorpa a ardú maidir leis na tairbhí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid shofhreagrúil an Ghréasáin 4.0 i réimse na sláinte, na seirbhísí poiblí, an athraithe aeráide, agus gnéithe eile de shochaithe sonraíbhunaithe an t-idirphlé sóisialta a athmhúscailt agus ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.4.2I bhfianaise na ndúshlán iomadúil atá ann faoi láthair, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoin taighde a dhéanfar amach anseo sa réimse sin ar bhonn práinne – ag tosú leis na deiseanna éagsúla atá á gcur ar fáil ag Fís Eorpach – chun feasacht a mhúscailt, aghaidh a thabhairt ar na claontachtaí éagsúla ar bhealach réasúnaithe, agus a áirithiú go mbeidh teacht chun cinn an Ghréasáin 4.0 go hiomlán i gcomhréir le prionsabail antrapalárnacha, chun go bhféadfar dul chun cinn a bhaint amach gan daoine a chur i mbaol. Ní mór don Choimisiún dea-chleachtais, amhail urraim do na luachanna a mhúnlófar bunaithe ar an nGréasán 4.0, a chur chun cinn agus na cleachtais sin a chothú ar fud na hEorpa.

An Bhruiséil, 06 Nollaig 2023.

Pietro Francesco De Lotto

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha

_____________

(1)       COM(2023) 442 final .
(2)    IO C 228, 29.6.2023, lch. 76.
(3)     COM(2023) 442 final .
(4)     COM(2023) 442 final .
(5)     COM(2023) 442 final .
(6)    I staidéir a rinneadh le déanaí, léiríodh go bhféadfadh an duine braistintí an abhatár a aireachtáil ina chorp féin ar bhealach éigin (e.g. veirtige i gcás ina mbeadh an t-abhatár ar bharr aille): ‘an éifeacht Phróitéis’ a thugtar ar an bhfeiniméan sin (féach M. Biasi, Guest Editorial. The Labour Side of the Metaverse, Italian Labour Law e-Journal, 2023, 1, vi).
(7)     COM(2023) 442 final .
(8)    IO C 228, 29.6.2023, lch. 76.
(9)      IO C 228, 29.6.2023, lch. 76.
(10)     COM(2023) 442 final .
(11)     Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2023. An inbhuanaitheacht agus an fholláine i gcroílár Uathriail Straitéiseach Oscailte na hEorpa, COM(2023) 376 final .
(12)     Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) : chun teacht ar anailís níos doimhne, féach M. Biasi, M. Murgo, The virtual space of the Metaverse and the fiddly identification of the applicable labor law, Italian Labour Law e-Journal, 2023, Imleabhar 1, Uimh. 5.
(13)     COM(2023) 442 final , lch. 3.
(14)    IO C 228, 29.6.2023, lch. 76.