ECO/624
Rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach
a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a bhaineann le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc
[COM(2023) 262 final – 2023/0158 (CNS)]
Rapóirtéir: Reet TEDER
|
Comhairliúchán
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 19/07/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagail 113 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
15/11/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
71/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún agus an cuspóir atá leis, mar atá an t-ualach comhlíontachta a chuirtear ar dhaoine inchánach a éadromú trí oibleagáidí clárúcháin iolracha a chur as an tslí, agus tugann sé lántacaíocht dóibh.
1.2Tá CESE i bhfách deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 a ghabhann leis an Ionad Ilfhreastail Allmhairithe (IOSS) atá i réim faoi láthair, ar an ábhar go mbeadh sin i gcomhréir go huile agus go hiomlán leis an sprioc clárú aonair CBL a chur i ngníomh fud fad an Aontais. Ar an gcuma sin, shimpleofaí an próiseas clárúcháin mar ba cheart agus laghdófaí go mór ar an rómhaorlathas agus ar na costais chomhlíontachta lena mbaineann.
1.3Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le riail an tsoláthróra mheasta (Airteagal 14(a)) a leathnú d’fhonn gach cineál ciandíolacháin earraí allmhairithe arna n-éascú le comhéadan leictreonach a chumhdach ann, ina measc ciandíolacháin ar mó ná EUR 150 a luach.
1.4I dtaca le leas an mhargaidh inmheánaigh a dhéanamh agus le comhdhlúthú an mhargaidh sin, tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur fearr is féidir simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta lena ndéantar CBL a dhearbhú agus a íoc ach é a fhágáil faoin Aontas Eorpach tionscnamh aonair ar an ábhar a chur le chéile seachas gach Ballstát a chur a thionscnaimh féin amach.
1.5Creideann CESE go spreagfaidh an rochtain leathan ar IOSS atá molta sa togra ón gCoimisiún na gníomhaithe beaga le dul i mbun gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, sin agus le hidirbhearta a dhéanamh i margaí nua, rud a shábhálfaidh iad ar na costais agus na nósanna imeachta fadálacha a bhaineann le CBL a chlárú i scata Ballstát in éineacht.
1.6Tá CESE den tuairim go gcuirfidh na rialacha nua agus na bearta simpliúcháin i réimse CBL ar chumas na n-údarás cánach díriú ar na tosaíochtaí is mó tábhacht agus, go háirithe, ar na cásanna mí-úsáide cánach agus calaoise cánach is ábhartha agus is díobhálaí dá bhfuil ann.
1.7Is mór an t-ábhar gairdis do CESE go gcuirfidh an t-athchóiriú atá beartaithe treise leis an gcomhrac i gcoinne calaois CBL. Ní lú ná is ábhar gairdis dó go ndíreoidh an t-athchóiriú, san am céanna, ar oibleagáid na comhlíontachta sna margaí beaga agus le haghaidh daoine inchánach ar féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil siad láneolach ar rialacha CBL, agus, dá bhrí sin, go bhfuil ceangal orthu na rialacha lena mbaineann a chomhlíonadh.
1.8Ó thaobh na modheolaíochta de, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé sainmhínithe soiléire a thabhairt. Ba cheart a shoiléiriú i dtosach báire cad é mar dhifríocht atá idir ‘allmhaireoir measta’ agus ‘soláthróir measta’, má tá difríocht ar bith eatarthu. B’úsáideach an mhaise freisin sainmhíniú aonfhoirmeach a thabhairt ar an rud is ‘idirghabhálaí’ ann chomh fada agus a bhaineann le geilleagar na n-ardán.
2.An togra ón gCoimisiún agus cúlra an togra
2.1Ní féidir róbhéim a chur ar a thábhachtaí atá córas CBL dea-fheidhmiúil agus slán ó thaobh calaoise de do na buiséid phoiblí. In 2020, bhí a ranníocaíocht i leith iomlán na bhfáltas cánach idir 20 % agus 50 % ar fud na mBallstát, méid a bhí thart ar 26 % d’fháltais chánach bhliantúla iomlána an rialtais ghinearálta in AE27. Tá CBL ina phríomhfhoinse maoinithe freisin ag buiséad an Aontais toisc go n-aistrítear 0.3 % den cháin sin a bhailítear ar an leibhéal náisiúnta chuig an Aontas i bhfoirm acmhainní dílse, arb é atá ann 12 % de bhuiséad iomlán an Aontais.
2.2I láthair na huaire, meastar ar bhonn shonraí 2020 gur EUR 93 bhilliún de bhearna CBL san iomlán atá ann agus gurb iomaí cúis atá leis sin, cuir i gcás féimheachtaí, leachtuithe agus cásanna dócmhainneachta eile. Ina dhiaidh sin is uile, cuid shuntasach den bhearna réamhráite, eascraíonn sí as calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh, as ioncaim arna gcailleadh i ngeall ar chalaois agus imghabháil CBL, agus as seachaint CBL. An córas CBL atá i réim faoi láthair, is amhlaidh atá sé ag dul sa fhraoch ar ghnólachtaí Eorpacha murab ionann is riamh agus, rud eile, is mó d’ualach orthu anois é ná riamh cheana.
2.3B’é ab aidhm don athchóiriú a rinneadh in 2021 ar na rialacha CBL is infheidhme maidir le ríomhthráchtáil ná cothrom iomaíochta a bhaint amach do sholáthróirí bunaithe san Aontas trí rialacha a cheartú a bhí tar éis an margadh ríomhthráchtála a chur as a riocht agus as ar eascair fadhbanna iomaíochta sa mhargadh sin. Cuireadh deireadh leis an tairseach faoina gceadaítí díolúine CBL ar allmhairiú coinsíneachtaí lena ngabhann luach beag nach mó ná EUR 22. Dá thoradh sin, tá CBL dlite anois ar gach earra tráchtála a allmhairítear isteach san Eoraip ó thríú tír nó ó thríú críoch, beag beann ar a luach.
2.4Bunaíodh Ionad Ilfhreastail (OSS) atá tiomnaithe do dhíolacháin ríomhthráchtála laistigh den Aontas Eorpach. Is féidir le trádálaithe ríomhthráchtála an Aontais úsáid a bhaint as OSS anois chun gach díolachán ar fud an Aontais a dhearbhú agus pé CBL lena mbaineann a loghadh trí bhíthin aon tuairisceán CBL amháin.
2.5An tIonad Ilfhreastail Allmhairithe (IOSS) seo atá tiomnaithe don trádáil ríomhthráchtála, mar a seoltar earraí amach ó thríú tír agus mar a n-allmhairítear isteach san Aontas Eorpach iad, is amhlaidh a leantar an prionsabal céanna ann agus a leantar in OSS. Cuireann IOSS ar a gcumas do na trádálaithe CBL a dhearbhú agus a loghadh i dtír amháin i gcás chiandíolachán incháilithe gach earra dá gcuid a allmhairítear isteach san Aontas i bhfoirm aon tuairisceán míosúil CBL amháin, rud a fhágann nach gá dóibh clárú le haghaidh CBL i ngach tír ar a ndéantar a gcuid earraí a sheachadadh. Earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150 a luach, agus iad sin amháin, is incháilithe don scéim seo sa tslí nach féidir dul ar iontaoibh IOSS nuair is mó ná sin luach na n-earraí i gceist. Faoi láthair, is iad Éire, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ghearmáin agus an Fhrainc na cúig Bhallstát is mó clárúchán ar IOSS.
2.6Is féidir IOSS a úsáid freisin trí mheán comhéadain leictreonacha (tairseacha, margaí ar líne) lena n-éascaítear díolacháin earraí ar líne is incháilithe idir gnólachtaí agus tomhaltóirí (B2C) nuair is díoltóirí AE agus neamh-AE a bhíonn i mbun a n-allmhairithe isteach san Aontas. Meastar gurb iad na comhéadain leictreonacha sin soláthróirí na n-earraí (an ‘soláthróir measta’) agus is iad atá freagrach as CBL a ghearradh roimh ré in ionad an díoltóra. Tá feidhm ag riail an tsoláthróra mheasta maidir le ciandíolacháin earraí a allmhairítear chuig an Aontas Eorpach nach mó ná an tairseach EUR 150 a luach. Ní héigean IOSS a úsáid i gcás soláthróirí measta.
2.7De dhroim an athchóirithe a rinneadh in 2021, tugadh isteach socruithe speisialta freisin le haghaidh oibreoirí poist agus cúiréirí nach iad. Rud eile, is infheidhme na socruithe sin nuair a cheannaíonn ceannaitheoir AE earraí go díreach ó tháirgeoir seachtrach agus nuair a sheachadann oibreoir poist nó gníomhaire custaim na hearraí sin air nó uirthi, nó neachtar acu nuair a chuireann an díoltóir nó an soláthróir measta bailiú CBL faoi chúram an oibreora poist nó an ghníomhaire custaim. Is infheidhme an tairseach EUR 150 sna cásanna sin freisin.
2.8I dtaca le ríomhthráchtáil earraí allmhairithe de, is iad seo a leanas na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras CBL atá ann faoi láthair: (1) an tearcluacháil, ós rud é go ndreasaíonn an tairseach EUR 150 trádálaithe chun a gcuid earraí a mheas faoina luach, mar atá faoi bhun na tairsí EUR 150 agus is caillteanais dleachta custaim, ioncam CBL níos ísle agus iomaíocht éagórach an sliocht a bhíonn air sin; (2) deacrachtaí comhlíontachta a bhaineann le ceanglais chlárúcháin CBL i mBallstáit éagsúla maidir le hearraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 a luach, rud as a dtagann calaois agus neamhchomhlíonadh.
2.9An togra reachtach seo ón gCoimisiún, is cuid d’athchóiriú leathan cuimsitheach ar an Aontas Custaim agus ar thograí eile é. Ina theannta sin, fairsingíonn sé an scóip atá faoi bhearta tábhachtacha simpliúcháin áirithe ós rud é go raibh teorainn leo go sea (de thoradh an phacáiste ríomhthráchtála) díriú ar earraí ar lú ná EUR 150 a luach intreach, agus orthu sin amháin. Tá an togra i gcomhréir freisin leis an togra maidir le CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) agus leis an gcuspóir a shamhlaítear leis, mar atá na costais chomhlíontachta a chuirtear ar dhaoine inchánach a shimpliú agus a laghdú.
2.10Is éard is aidhm don togra seo ón gCoimisiún síneadh a chur le cur i bhfeidhm riail an tsoláthróra mheasta (riail is infheidhme faoi láthair maidir le ciandíolacháin earraí allmhairithe nach mó ná EUR 150 a luach, agus leo sin amháin) ionas gur féidir gach ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críoch nó ó thríú tír chuig an Aontas Eorpach a chumhdach ann. Chuige sin, tá an tagairt don tairseach EUR 150 a dhéantar faoi mhír 1 d’Airteagal 14(a) de Threoir 2006/112 le scriosadh. Dá bhrí sin, b’infheidhme riail an tsoláthróra mheasta gach uair dá ndéantar earraí a allmhairítear isteach san Aontas arna n-éascú le comhéadan leictreonach a dhíol go cianda, beag beann ar luach na coinsíneachta. Ina fhianaise sin, cuirtear feabhas ar an bpróiseas allmhairiúcháin, ós rud é go mbailítear CBL roimh ré tráth an tsoláthair, is é sin nuair a ghlactar leis an íocaíocht as an idirbheart ríomhthráchtála.
2.11Molann an Coimisiún freisin síneadh a chur le IOSS chun ciandíolacháin uile na n-earraí allmhairithe a chumhdach ann, beag beann ar a luach. Ar an gcaoi sin, scaoilfí trádálaithe saor ón oibleagáid atá orthu clárú le haghaidh CBL i ngach Ballstát agus ba ghá feasta CBL a bhailiú roimh ré tráth an tsoláthair. Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ní chuirtear san áireamh ciandíolacháin earraí allmhairithe ar mó ná EUR 150 a luach intreach. Maidir leis sin, ní chuirfí san áireamh táirgí atá faoi réir dleacht mháil, áfach, faoi mar a rinneadh go nuige seo. Leathnófaí IOSS tríd an tagairt don tairseach EUR 150 a dhéantar i mír 1 d’Airteagal 369l de Threoir 2006/112 ón gComhairle a scriosadh.
2.12Na socruithe speisialta a leagtar amach i gCaibidil 7 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE, socruithe is infheidhme faoi láthair maidir le hearraí allmhairithe incháilithe nach mó ná EUR 150 a luach intreach, agus leo sin amháin, is amhlaidh a leathnófaí a gcur i bhfeidhm freisin chun na hearraí uile is incháilithe a chur san áireamh. D’fhágfaí as an áireamh táirgí atá faoi réir dleacht mháil ó na socruithe seo, faoi mar a rinneadh go dtí seo. Thabharfaí an síneadh sin isteach trí Airteagal 369y de Threoir 2006/112 a leasú d’fhonn an tagairt don tairseach EUR 150 a scriosadh.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is gá an córas CBL a oiriúnú agus a nuachóiriú mar gheall ar an bhfás nach beag atá faoin ríomhthráchtáil. I gcás trádálaithe, is féidir gur próiseas fada costasach a bheidh rompu agus iad ag iarraidh a gcuid earraí a chlárú le haghaidh CBL i mBallstát eile. An próiseas clárúcháin féin, is féidir leis a bheith casta cailliúnach, agus, a luaithe a bheidh gnólacht cláraithe, ní foláir dó rialacha náisiúnta éagsúla CBL a chomhlíonadh feasta. Dá bhrí sin, tugann CESE lántacaíocht don togra ón gCoimisiún agus don chuspóir atá leis, eadhon an t-ualach comhlíontachta a chuirtear ar dhaoine inchánach a éadromú trí oibleagáidí clárúcháin iolracha a chur as an tslí.
3.2Tá CESE i bhfabhar deireadh a chur leis an tairseach EUR 150 atá ann faoi láthair, ós amhlaidh a bheadh sin i gcomhréir go huile agus go hiomlán leis an gcuspóir clárú aonair CBL a chur i ngníomh fud fad an Aontais. Ar an gcuma sin, shimpleofaí an próiseas clárúcháin mar ba cheart agus laghdófaí go mór ar an rómhaorlathas agus ar na costais chomhlíontachta a bhaineann le ciandíolacháin earraí allmhairithe. Ba chomhsheasmhach an cur chuige sin freisin le príomhchuspóirí thogra ViDA a eisíodh roimhe seo agus ba chomhlánú ar a chéile iad.
3.3Tá CESE den tuairim go gcuirfidh na rialacha nua agus na bearta simpliúcháin i réimse CBL ar chumas na n-údarás cánach díriú ar na tosaíochtaí is mó tábhacht agus, go háirithe, ar na cásanna mí-úsáide cánach agus calaoise is ábhartha agus is díobhálaí dá bhfuil ann, ós amhlaidh a chuireann siad d’fhormhór leis an mbearna leanúnach CBL atá san Aontas.
3.4Faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairimí áirithe dá chuid roimhe seo, tá CESE go mór i bhfách le tionscnaimh spriocdhírithe (ar chuma an tionscnaimh seo) arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bpróiseas bailithe cánach maille le calaois chánach agus seachaint/imghabháil cánach a laghdú. Maidir le CBL, ba mhór ba thairbhe do bhuiséad na mBallstát agus an Aontais araon é dá gcuirfí feabhas ar an gcóras cánachais. Dá ndéanfaí amhlaidh, scaoilfí saor acmhainní breise a d’fhéadfaí a infheistiú sna Ballstáit féin d’fhonn feabhas a chur ar na seirbhísí poiblí agus treisiú leis na hathchóirithe fáis, agus d’fhéadfaí tacú leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas araon, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais.
3.5I dtaca le leas an mhargaidh inmheánaigh a dhéanamh agus le comhdhlúthú an mhargaidh sin, aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur fearr is féidir simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun CBL a dhearbhú agus a íoc ach é a fhágáil faoin Aontas Eorpach tionscnamh ar an ábhar a chur le chéile seachas gach Ballstát a chur a thionscnaimh féin amach. B’fhéidir go dtiocfadh ann do neamhréireachtaí sa chóras dá mbeifí le dtortaobh le tionscnaimh aonair ó gach Ballstát agus d’fhéadfaí costais chomhlíontachta a chur ar thrádálaithe de dheasca na hilroinnte sin. Ós rud é go bhfuil CBL ábhartha freisin do bhuiséad an Aontais, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú nach dtiocfaidh méadú ar an mbearna CBL agus go mbeidh an cumas is gá ag riaracháin chánach na mBallstát gníomhú ina leith sin. B’fhearr a d’fhéadfaí cothrom iomaíochta a bhaint amach idir díoltóirí eachtracha agus an margadh intíre ach an Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair a oiriúnú i dtreo gur féidir an creat dlíthiúil is infheidhme a thabhairt cothrom le dáta de réir na gcor is déanaí atá curtha di ag an ríomhthráchtáil.
3.6Ach rochtain leathan ar IOSS a éascú, creideann CESE go spreagfaí na gníomhaithe beaga le dul i mbun gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, sin agus le hidirbhearta a dhéanamh i margaí nua, rud a shábhálfadh iad ar na costais agus na nósanna imeachta fadálacha a bhaineann le CBL a chlárú i scata Ballstát in éineacht. Is cor an-dearfach é go gcuirfear clárú aonair CBL i bhfeidhm san Eoraip, siúd is go bhfágfar de rogha fós ag cuid de na díoltóirí nach bhfuil dóthain eagair ar a ngnó gan a gcuid earraí a chlárú ar IOSS.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le riail an tsoláthróra mheasta (Airteagal 14(a)) a leathnú d’fhonn gach cineál ciandíolacháin earraí allmhairithe arna n-éascú le comhéadan leictreonach a chumhdach ann, ina measc ciandíolacháin ar mó ná EUR 150 a luach. Is amhlaidh a dhéanfadh an margadh, ag gníomhú dó mar sholáthróir measta, cibé CBL is dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a loghadh tríd an scéim leathnaithe IOSS, rud ab éigean do mhargaí a dhéanamh feasta, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí na nósanna imeachta lena mbaineann a shimpliú mar ba cheart. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhféadfadh fadhbanna teacht chun cinn laistigh den chóras nua mar gheall ar chlárú éigeantach, go háirithe le linn thréimhse tosaigh chur i bhfeidhm na rialacha nua.
4.2Ó thaobh na modheolaíochta de, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé sainmhínithe soiléire a thabhairt. Ba cheart a shoiléiriú i dtosach báire cad é mar dhifríocht atá idir ‘allmhaireoir measta’ agus ‘soláthróir measta’, má tá difríocht ar bith eatarthu. B’úsáideach an mhaise freisin sainmhíniú aonfhoirmeach a thabhairt ar an rud is ‘idirghabhálaí’ ann chomh fada agus a bhaineann le geilleagar na n-ardán, mar aon le sraith de chritéir chomhchoiteanna a leagan síos ba chuidiú chun a fháil amach an bhfuil ardáin ag gníomhú go huile is hiomlán ar mhaithe lena leas agus de réir a n-acmhainneachta féin.
4.3Measann CESE go mba thábhachtach tabhairt faoin athchóiriú ar réimse na gcustam, mar atá tríd an tairseach díolúine ó dhleacht chustaim EUR 150 a bhaint, mar atá beartaithe. Trí dheireadh a chur leis an díolúine ó dhleacht chustaim, cuirfear deireadh, ar an gcaoi chéanna, leis an dreasacht atá ann do thrádálaithe earraí a mheas faoina luach, rud a laghdóidh na cleachtais chalaoiseacha agus a áiritheoidh cothrom iomaíochta do na gnólachtaí.
4.4Is mór an t-ábhar gairdis do CESE go gcuirfidh an t-athchóiriú atá beartaithe treise leis an gcomhrac i gcoinne calaois CBL. Ní lú ná is ábhar gairdis dó go ndíreoidh an t-athchóiriú, san am céanna, ar oibleagáid na comhlíontachta sna margaí beaga agus le haghaidh daoine inchánach ar féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil siad láneolach ar rialacha CBL, agus, dá bhrí sin, go bhfuil ceangal orthu na rialacha lena mbaineann a chomhlíonadh.
4.5Tá CESE den tuairim go mb’úsáideach an mhaise deireadh a chur leis an tairseach díolúine ó dhleacht chustaim (EUR 150). Ina dhiaidh sin is uile, cibé ar bith toradh a bheidh ar an togra i dtrácht, b’an-tábhachtach fós féin go nglacfaí an togra reatha maidir le CBL toisc nach bhfuil na tionscnaimh éagsúla atá i bhfeidhm faoi láthair nasctha le chéile go dlíthiúil agus toisc gurb iomaí slí ina rachaidh an togra faoi chaibidil chun tairbhe do na Ballstáit agus do na trádálaithe araon.
An Bhruiséil, 15 Samhain 2023
Ioannis VARDAKASTANIS
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________