TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

_____________

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027

[COM(2023) 336 final]

ECO/625

Rapóirtéir: Elena-Alexandra CALISTRU

Rapóirtéir: Konstantinos DIAMANTOUROS

Rapóirtéir: Stefano PALMIERI

GA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 18/07/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

08/09/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

20/09/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

581

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

202/1/9

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Measann CESE gur uirlis thábhachtach é an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) chun cláir agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú i ngach réimse beartais i gcomhréir le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais, agus chun treoir a chur ar fáil maidir leis na tosaíochtaí a bheidh ag an Aontas sna blianta amach romhainn.

1.2Tacaíonn CESE go hiomlán leis an ngéarghá atá ann teacht ar chomhaontú go tapa maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, ar bhonn na nithe seo a leanas:

-tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don Úcráin, an maoiniú is gá a thabhairt don tír chun í a atógáil agus chun na ceanglais maidir leis an dul chun cinn atá le déanamh aici chun aontú leis an Aontas Eorpach a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí ardán comhpháirteach sochaí sibhialta idir an tAontas agus an Úcráin chun faireachán a dhéanamh ar thrédhearcacht agus éifeachtacht na gcistí atógála;

-na hacmhainní airgeadais is gá a chur ar fáil don Aontas chun go mbeidh sé in ann a thosaíochtaí polaitiúla a chomhlíonadh i réimsí amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, an imirce, an tsláinte, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an téarnamh eacnamaíoch;

-an smacht reachta a áirithiú i mBallstáit an Aontais agus sa phróiseas atógála san Úcráin, agus a áirithiú go mbeidh coinníollacha ó thaobh cistiú de nasctha leis na hathchóirithe;

-bearta éifeachtacha faireacháin a thabhairt isteach chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, agus ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phróiseas;

-ról ginearálta a thabhairt don tsochaí shibhialta i gceapadh, i bpleanáil agus i gcur chun feidhme chlár CAI. Is oth le CESE nár pléadh tosaíochtaí an athbhreithnithe leis na geallsealbhóirí.

1.3Tá na hathruithe atá beartaithe san athbhreithniú teoranta go leor, rud a léiríonn easpa uaillmhéine agus nach bhfuil i gceist leo ach réiteach sealadach chun an creat a leigheas. Thairis sin, tá an t‑athbhreithniú scoite go mór ó obair an Choimisiúin ar an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach. Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh sé go bhfuil teorainn tagtha cheana féin leis an méid is féidir leis an gCoimisiún a mholadh faoi na coinníollacha reatha.

1.4Ní thugtar aghaidh san athbhreithniú ar éifeachtaí an bhuiséid theoranta ar an bhfostaíocht agus ar chuideachtaí ná ar chumhacht cheannaigh laghdaithe CAI mar gheall ar bhoilsciú ard. Ní thugtar aghaidh ach oiread ar phríomh-shaincheisteanna amhail sochaí na hEorpa a bheith ag dul in aois agus athruithe déimeagrafacha. Creideann CESE gur cheart príomhthosaíochtaí an Aontais a léiriú ar bhealach níos fearr laistigh de CAI.

1.5Creideann CESE go bhfuil scála agus raon feidhme an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) i bhfad rótheoranta, i gcomparáid le tionscnaimh den chineál céanna i dtíortha eile. Iarrann CESE go mbeadh níos mó soiléireachta san Ardán sin maidir le hipitéisí faoin gcumas giarála atá ann, agus freisin maidir le tionscnaimh uaillmhianacha, amhail Ciste an Aontais um Cheannasacht. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann go mbainfidh an tAontas iomaíochas amach arís, óir tá geilleagar na hEorpa ag titim chun deiridh ar a phríomhiomaitheoirí.

1.6Chun athléimneacht fhioscach an Aontais a mhéadú, molann CESE straitéisí fadtéarmacha, lena n‑áirítear creat fioscach inbhuanaithe a chruthú chun neamhchosaint ar rátaí úis a íoslaghdú, acmhainní riaracháin a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus bearta coisctheacha a ionchorprú i gcás imeachtaí gan choinne. Iarrann CESE freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat cuntasaíochta na huasteorann caiteachais, chun tús áite a thabhairt don chineál ioncaim a mhéadaíonn i gcomhréir leis an mboilsciú iarbhír, fad a mhéadaíonn caiteachas ag rithim seasta de 2 %.

1.7Cé gur gá a aithint gur ábhar práinne é an t‑athbhreithniú ar CAI a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2023 ionas gur féidir na héifeachtaí tosaigh a chur san áireamh i mbuiséad 2024, tá sé ríthábhachtach freisin tús a chur le plé níos leithne ar an gcéad leagan eile de CAI. Tá dúshláin bhuiséadacha nach beag ag baint leis na cainteanna maidir le haontachas féideartha na hÚcráine (agus tíortha is iarrthóirí eile) leis an Aontas, agus bheadh gá le hathchóirithe institiúideacha chomh maith. D’fhéadfadh sé sin athstruchtúrú suntasach a dhéanamh ar bheartais airgeadais an Aontais, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí stáit nach bhfuil saibhir, ar glantairbhithe iad anois, a iompú ina rannchuiditheoirí. Anuas air sin, d’ardófaí cruacheisteanna casta maidir le caiteachas talmhaíochta agus comhtháthaithe. Chun ullmhú don chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil, tá CESE den tuairim nach mór plé cuimsitheach a dhéanamh, lena n‑áirítear leis an tsochaí shibhialta.

2.Cúlra

2.1Tar éis don Aontas Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 a ghlacadh, bhí air aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán gan choinne, lena n‑áirítear ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin, rud a chuir dlús leis an mboilsciú agus a mhéadaigh na costais iasachtaíochta. D’fhreagair an Coimisiún go pras, agus úsáid á baint aige as na modhanna uile a bhí ar fáil, amhail athdháileadh, athchlárú agus solúbthacht bhuiséadach.

2.2I mí na Bealtaine 2020, thug an tAontas isteach a phlean téarnaimh iar-phaindéimeach, NextGenerationEU. Is é atá i gcroílár an phlean sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, saoráid a thacaíonn le hathchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar tháirgiúlacht, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an aistriú glas, an t‑aistriú digiteach agus cearta sóisialta. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuimsítear EUR 723.8 billiún de dheontais agus d’iasachtaí. De réir anailís an Bhainc Ceannais Eorpaigh, meastar go dtiocfaidh méadú 1.2 % nó níos mó ar OTI faoi 2026, a bhuí leis an tSaoráid. Amhail ó mhí na Bealtaine 2023, eisíocadh EUR 153.4 billiún ón tSaoráid, agus tá EUR 225 bhilliún de thacaíocht iasachta ar fáil le haghaidh gealltanas in 2023. Sa bhreis ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tá EUR 83.1 billiún sa bhreis curtha ar fáil ag NextGenerationEU chun tacú le príomhchláir an Aontais.

2.3D’ainneoin an chur isteach a tharla i ngeall ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a raibh tionchar aige ar chórais fuinnimh dhomhanda agus a chuir méadú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh, tháinig geilleagar an Aontais chuige féin den chuid is mó ón suaitheadh a d’eascair as COVID-19. Mar sin féin, ídíodh den chuid is mó an tsolúbthacht bhuiséadach a chuirtear ar fáil faoi CAI mar gheall ar chláir freagartha ar ghéarchéimeanna, amhail REPowerEU agus an tacaíocht dhíreach a chuirtear ar fáil don Úcráin agus do thíortha eile atá i ngéarchéim. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar phríomhthosaíochtaí buiséadacha an Aontais agus costais iasachtaíochta níos airde, ní mór tacaíocht inbhuanaithe a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais. Tá solúbthacht ag teastáil ó bhuiséad an Aontais freisin chun dul i ngleic le costais iasachtaíochta atá níos airde mar gheall ar an méadú ar rátaí úis.

2.4I ngeall ar éigeandálaí éagsúla agus ar an athrú atá tagtha ar thosaíochtaí, tá acmhainní riaracháin an Aontais faoi bhrú. Cé gur tugadh cúraimí breise don Aontas ó 2020 i leith, níor méadaíodh an líon foirne chun freastal ar na cúraimí sin, agus tá tionchar ag an mboilsciú ard ar chonarthaí innéacsaithe. Dá bhrí sin, tá géarghá le hathbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar CAI chun freastal ar riachtanais agus ar thosaíochtaí.

2.5An 20 Meitheamh 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thograí maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a threisiú don tréimhse 2024-2027. Is é is aidhm do na tograí feabhsuithe spriocdhírithe a dhéanamh i réimsí tosaíochta bhuiséad an Aontais, chun go mbeifear in ann leanúint de thacaíocht a thabhairt do phríomhchuspóirí.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Measann CESE gur uirlis thábhachtach é an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) chun cláir agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú i ngach réimse beartais (e.g. an talmhaíocht, an beartas réigiúnach, an taighde, an fhostaíocht, an fhiontraíocht agus an spás) i gcomhréir le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais, agus chun treoir a chur ar fáil maidir leis na tosaíochtaí a bheidh ag an Aontas sna blianta amach romhainn.

3.2Le buiséad fadtéarmach an Aontais, lena gcumhdaítear an Creat Airgeadais Ilbhliantúil caighdeánach agus NextGenerationEU, tugtar aghaidh ar dhúshláin éagsúla, amhail paindéim COVID-19 agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Dar le CESE, léirítear go soiléir i bpacáiste an Choimisiúin maidir leis an athbhreithniú ar CAI an chaoi ar aistríodh fócas an Choimisiúin chuig tosaíochtaí nua, amhail tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin, an ghéarchéim fuinnimh a tharla ina dhiaidh sin agus na rátaí úis a bhaineann le hiasachtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chumhdach. Mar sin féin, ní leor na freagairtí a tugadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hiomaíochas na hEorpa (is céim bheag é STEP i gcomparáid le Ciste an Aontais um Cheannasacht nach mór a chur i gcrích go fóill), an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, an tsláinte, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an téarnamh eacnamaíoch.

3.3Léirítear leis an bhfianaise a bailíodh go dtí seo go raibh ról ag CAI na tréimhse 2021‑2027 maidir leis an aistriú digiteach a spreagadh, tacú leis an mbeartas comhtháthaithe agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a neartú. Mar sin féin, tá CESE á chur i bhfios go láidir, mar a thugtar le fios freisin sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin 1 , gur cáineadh cheana féin na srianta airgeadais a bhíonn ar thairbhithe agus ar fhaighteoirí deiridh, glacadh déanach na mbunús dlí don chlárthréimhse nua, agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann go saorfaí nó nach gcuirfí chun feidhme roinnt tionscadal, d’ainneoin na n-iarrachtaí a dhéantar chun na tionscadail sin a dhéanamh níos solúbtha. Iarrann CESE go ndéanfaí an chaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar CAI atá ann faoi láthair a thabhairt chun críche go tráthúil, chomh maith le sásraí malartacha cistiúcháin a fhiosrú, tús áite a thabhairt do straitéisí éifeachtacha cur chun feidhme agus bearta faireacháin a neartú, lena n-áirítear rannpháirtíocht leanúnach na sochaí sibhialta maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir.

3.4Léiríonn freagairt an Aontais ar éigeandálaí, amhail géarchéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, a thiomanta atá sé a shaoránaigh a chosaint agus tacú leo siúd atá thíos le géarchéimeanna. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ídiú tapa cúlchistí airgeadais, ar thionscnaimh mhoillithe, ar an róspleáchas ar bhuiséid bhreise ad hoc agus ar an mbrú atá ar bhuiséad an Aontais mar gheall ar na fadhbanna gan choinne sin. Tá CESE i bhfabhar na buiséid le haghaidh cúlchistí solúbtha a mhéadú, na próisis leithdháilte a shimpliú, struchtúr cistiúcháin níos athléimní agus níos solúbtha a chruthú agus comhpháirtíochtaí a neartú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na húdaráis áitiúla, a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhghuaillithe láidre agus freagairt á tabhairt ar éigeandálaí den sórt sin.

3.5Tá gá leis an togra maidir leis an tacaíocht don Úcráin i ndiaidh ionsaí na Rúise, ach níor cheart diúltú don taidhleoireacht ná don aidhm síocháin bhuan bunaithe ar an gceartas a bhaint amach. Is céimeanna dearfacha iad an EUR 30.5 billiún a leithdháileadh go dtí mí an Mheithimh 2023 agus gur cruthaíodh an Ionstraim Cúnaimh Macrairgeadais+ chun tacú leis an Úcráin le linn na tréimhse deacra seo. Léirítear leis na hiarrachtaí sin dlúthpháirtíocht agus tiomantas an Aontais don chobhsaíocht sa réigiún. Dar le CESE, leagann cumas an Aontais acmhainní suntasacha den sórt sin a shlógadh béim láidir ar a thábhachtaí agus a éifeachtaí atá buiséad an Aontais chun freagairt do ghéarchéimeanna geopholaitiúla. Go bunúsach, ciallaíonn easpa comhaontaithe ón gComhairle faoi dheireadh na bliana nach mbeidh aon tacaíocht ann don Úcráin. Mar sin, áitíonn CESE ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú go tráthúil.

3.5.1Cé go bhforáiltear sa togra tacaíocht shuntasach a chur ar fáil don Úcráin, is mó na riachtanais airgeadais do 2024‑2027 ná an méid atá beartaithe ag an Aontas a leithdháileadh, agus tá gá le níos mó gealltanas a dhéanamh i réimse an téarnaimh agus na hatógála. Tacaíonn CESE leis an iarraidh ó Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine úsáid a bhaint as sócmhainní reoite de chuid na Rúise chun an Úcráin a atógáil 2 . Ní mór ról ríthábhachtach a bheith ag an Aontas freisin maidir le deontóirí a spreagadh agus Saoráid na hÚcráine a dhearadh sa chaoi is go bhfreastalófar ar riachtanais iarbhír, agus go dtacófar le samhail atá go hiomlán daonlathach agus ar aon dul le noirm an Aontais. Ó thaobh na sochaí sibhialta de, tá imní ann faoi thrédhearcacht agus cuimsitheacht na sásraí cistiúcháin, agus tá gá le maoirseacht dhian a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cistí riachtanais mhuintir na hÚcráine. D’fhéadfadh leithdháileadh níos trédhearcaí agus ardán comhpháirteach sochaí sibhialta faoi stiúir CESE agus na hÚcráine muinín an phobail a neartú agus a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as an airgead.

3.6Is gné dhearfadh í an bhéim a leagtar sa togra ar bhainistiú imirce agus ar na comhpháirtíochtaí le tríú tíortha tábhachtacha a neartú, toisc go dtugtar aghaidh leis an méid sin ar dhúshlán leanúnach san Aontas. Creideann CESE gur cheart do bhuiséad an Aontais rannchuidiú le teacht ar réiteach níos daonnúla agus níos inbhuanaithe ar ghéarchéim na himirce tríd an gcistiú is gá a chur ar fáil agus trí chomhoibriú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, agus teorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú ag an am céanna. Ina theannta sin, is é a léirítear leis na cistí a leithdháiltear chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí agus chun tacú leis na Ballstáit atá faoi bhrú eisceachtúil go bhfuil an tAontas tiomanta don fhreagracht chomhchoiteann agus don dlúthpháirtíocht. Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh gealltanas suntasach leanúnach ag teastáil sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun an réiteach deiridh a chur ar fáil, gealltanas a bheidh chomh huaillmhianach céanna le Plean Marshall, chun státaireacht dhaonlathach a dhreasú, an fhorbairt eacnamaíoch a éascú, sreafaí imirce a shrianadh agus comhpháirtíochtaí trádála dearfacha inmharthana a chruthú le tríú tíortha ar mhaithe leis na pobail sna tíortha sin agus le saoránaigh an Aontais.

3.7Tá an togra i ndáil leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) agus an ‘Séala Ceannasachta’ mar chuid de na hiarrachtaí chun ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas a mhéid a bhaineann le teicneolaíochtaí straitéiseacha. Trí mhaoiniú ó chláir atá ann cheana a ath-leithdháileadh agus a fhorlíonadh, is é is aidhm do STEP borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin nuálaíocht san Aontas, rud a rachaidh chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí go fadtéarmach. Cé gur tionscnamh inmholta é STEP a bhunú, i bhfianaise go ndéantar é a chistiú ó chláir éagsúla atá ann cheana, d’fhéadfadh sé go mbeadh baol ann go laghdófaí cistiú na gclár sin nó go ndéanfaí é a atreorú, ós rud é gur fíorbheag na hacmhainní breise a leithdháiltear ar STEP (EUR 10 mbilliún). Tá a mhéid agus a raon feidhme níos teoranta freisin ná scéimeanna comhchosúla arna mbunú i dtríú tíortha amhail na Stáit Aontaithe.

3.7.1Tá CESE ag iarraidh go mbeadh níos mó soiléireachta san Ardán sin maidir le hipitéisí an Choimisiúin faoin gcumas giarála atá ann. Is fíor sin go háirithe ós rud é go bhfuil geilleagar na Stát Aontaithe, a bhí 10 % níos lú ná geilleagar an Aontais in 2008, 50 % níos mó anois ná geilleagar na 27 mBallstát (33 % níos mó má chuirtear an Ríocht Aontaithe san áireamh), agus gur léir go bhfuil an difríocht sin ag méadú go fóill. Thairis sin, ní mór don Eoraip a bheith i bhfad níos uaillmhianaí, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag an bhforbairt theicneolaíoch chun an t‑easnamh táirgiúlachta a shárú, rud a bheidh ag gabháil leis an dúshlán maidir le haosú/déimeagrafaic an daonra a bheidh ann go luath. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh fócas agus scála cúng STEP an bonn a bhaint go neamhbheartaithe ó thionscnaimh thábhachtacha eile trí ath-leithdháileadh, agus go bhfuil baol ann nach gcuirfeadh sé na hacmhainní is gá ar fáil chun slabhraí luacha straitéiseacha teicneolaíochta a bhunú san Aontas 3 .

3.8In ainneoin gur iarradh sa togra go mbeadh níos mó solúbthachta buiséadaí ann, leagtar béim san athbhreithniú ar CAI ar an gcaoi a bhfuil 90 % de bhuiséad an Aontais agus de chistí NextGenerationEU curtha i leataobh cheana féin chun críoch sonrach. D’fhéadfadh sé sin teorainn shuntasach a chur le cumas an Aontais freagairt d’imeachtaí nó d’éigeandálaí gan choinne, rud a chuirfeadh brú ar an Aontas bealaí eile a aimsiú chun tionscnaimh riachtanacha a mhaoiniú. Aithníonn CESE an gá atá le breis solúbthacht bhuiséadach le linn na tréimhse éiginnte seo. Tríd an ionstraim sholúbthachta a mhéadú EUR 3 bhilliún, cuirfear ar chumas an Aontais freagairt ar bhonn níos éifeachtaí do dhúshláin gan choinne go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an leagan reatha de CAI in 2027.

3.9Aithnítear san athbhreithniú ar CAI go bhfuil riarachán an Aontais faoi bhrú, agus go ndéanann ualaí breise suntasacha agus boilsciú ard difear d’éifeachtacht oibríochtaí an Aontais. Cé go moltar sa togra uasteorainn cheannteideal 7 CAI (Riarachán Poiblí Eorpach) a ardú chun é sin a mhaolú, ní thugtar aghaidh go hiomlán leis ar an ngá atá le réiteach níos inbhuanaithe agus níos fadtéarmaí chun an t-ualach oibre méadaithe agus na dúshláin riaracháin mhéadaithe a bhainistiú. Ba cheart úsáid níos éifeachtúla an chistiúcháin atá ann cheana féin a bheith bord ar bhord le méadú ar an gcistiú faoi cheannteideal 7. Tá géarghá leis sin chun an brú a mhaolú amhail ó 2024.

3.10Maidir leis na tograí ón gCoimisiún foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach do bhuiséad an Aontais faoi 2024, meabhraíonn CESE an tuairim uaidh ar an ábhar sin, tuairim a fhormheasfar an 25‑26 Deireadh Fómhair 2023 4 .

3.11Iarrann CESE go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas buiséadach a mhéadú trí ardáin le haghaidh idirphlé, éisteachtaí poiblí agus an próiseas comhairliúcháin a éascú. D’fhéadfadh sé sin an trédhearcacht a mhéadú, braistint na húinéireachta comhchoitinne a chur chun cinn agus CAI a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais shaoránaigh an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh in uirlisí digiteacha chun sonraí buiséid a dhéanamh níos oscailte, níos inrochtana agus níos soláimhsithe don phobal, lena gcothófar idirphlé níos oscailte maidir le tosaíochtaí bhuiséad an Aontais.

3.12Is oth le CESE gur tugadh neamhaird ar an iarracht a rinne an Coimisiún le blianta beaga anuas chun próiseas fadbhreathnaitheachta straitéisí a chórasú, próiseas lena bhféadfaí príomhdhúshláin an Aontais a shainaithint agus an t‑athbhreithniú ar CAI á ullmhú.

4.Barúlacha sonracha

4.1Príomhghnéithe CAI 2021-2027

4.1.1Freagairt bhuiséadach an Aontais ar phaindéim COVID-19 agus ar an ngéarchéim fuinnimh. Freagairt láidir nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a bhí i bhfreagairt bhuiséadach an Aontais ar phaindéim COVID-19, lenar cuireadh tacaíocht láithreach ar fáil trí athshocrú a dhéanamh ar na tosaíochtaí maille le hath-leithdháileadh laistigh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus NextGenerationEU, agus trí leithdháiltí airgeadais le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí, lena n‑áirítear san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Tá an ráta cur chun feidhme ard agus meastar go mbeidh tionchar maicreacnamaíoch suntasach ann 5 .

4.1.2Léirítear le hionchorprú chaibidlí nua REPowerEU mar chuid den fhreagairt bhuiséadach go bhfuil tiomantas láidir ann deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus dlús a chur leis an aistriú glas. Leis sin, treisítear an iarracht chomhpháirteach chun fuinneamh in-athnuaite a leathnú in earnálacha éagsúla agus neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach. Léirítear le cistiú REPowerEU trí athdháileadh breise agus trí dheontais bhreise go bhfuil rún daingean ann tús áite a thabhairt do réitigh inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus atá ar aon dul le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

4.1.3Trí CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU, cuirtear maoiniú maith ar fáil d’aistriú digiteach an Aontais, rud ar chuir paindéim COVID-19 dlús leis. Déantar infheistíochtaí sa bhonneagar digiteach, san intleacht shaorga, sa chibearshlándáil agus i réimsí eile. Cé go ndearnadh infheistíochtaí suntasacha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh róspleáchas ar CAI agus ar chistiú NextGenerationEU inbhuanaithe i bhfianaise na solúbthachta teoranta agus an dúshláin a bhaineann leis an iliomad foinsí cistiúcháin. Cé gur léir go bhfuil éileamh láidir ar an gclár, d’fhéadfadh an ráta ard maidir le cur chun feidhme an chláir neamhéifeachtúlachtaí nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a cheilt agus teicneolaíochtaí digiteacha á nglacadh go luath. Ina theannta sin, ní mór measúnú ionraic a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, ós rud é gur casta agus athraitheach an tírdhreach digiteach agus gur gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, amhail an deighilt dhigiteach agus an chibearshlándáil i ndomhan atá ag athrú go tapa i ngeall ar an digiteáil.

4.1.4Le buiséad EUR 392 bhilliún, díríonn beartas comhtháthaithe an Aontais do 2021-2027 ar an gcomhtháthú réigiúnach trí chistí amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir. Is é is aidhm don bheartas sin borradh a chur faoi chuspóirí aeráide agus tá solúbthacht ann maidir le riachtanais shonracha. I ngeall ar ghlacadh déanach CAI agus na mbunús dlí earnála, cuireadh moill ar an gcur chun feidhme agus d’fhéadfadh sé go mbeadh saoradh sa bhuiséad i gcás an Chiste um Aistriú Cóir. Molann CESE na bunúis dlí a ghlacadh ar bhonn níos tapúla, na gníomhaíochtaí éagsúla a chur chun feidhme ar bhealach níos gasta chun saoradh a sheachaint agus athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar straitéisí chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí aeráide agus nach bhfágfar aon réigiún ar lár san aistriú glas. Tá sé tábhachtach go n‑aithneodh an tAontas an chaoi a bhfuil athrú tagtha ar an gcás sna réigiúin atá ar theorainneacha na Rúise agus na hÚcráine. Mar gheall ar na dálaí nua sin, tá gá le bearta speisialta a chur i bhfeidhm sna réigiúin sin, e.g. trí bheartas comhtháthaithe an Aontais, agus trí leas a bhaint as an méid a foghlaimíodh trí ionstraimí amhail Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) agus Tacaíocht sholúbtha do chríocha (FAST-CARE).

4.1.5Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur réimse beartais straitéiseach don Aontas é Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) na tréimhse 2021‑2027. A bhuí le CBT, bhíothas in ann slándáil bia a ráthú san Eoraip le linn ghéarchéim COVID-19, agus le linn an chur isteach ar an margadh agus an bhoilscithe aird a d’eascair as cogadh na Rúise san Úcráin agus a d’imir tionchar ar na hionchuir thalmhaíochta. Leis an leagan reatha de CBT atá i bhfeidhm don tréimhse 2021‑2027, a bhfuil buiséad EUR 386.6 billiún ag gabháil leis, tá méadú tagtha ar an tsolúbthacht i bpleananna straitéiseacha náisiúnta agus bhíothas in ann gníomhaíochtaí aeráide níos uaillmhianaí a dhéanamh. Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil cumhacht cheannaigh íocaíochtaí díreacha CBT agus beart tacaíochta eile de chuid CBT lagaithe ag an mboilsciú ard. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart do CBT leanúint d’fheabhas a chur ar fheidhmiú na slabhraí bia san Aontas, mar aon le haghaidh a thabhairt ar an úsáid neamh-inbhuanaithe uisce nó ar shaincheisteanna bithéagsúlachta eile, e.g. trí thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe 6 . Is díol sásaimh do CESE fís fhadtéarmach an Aontais do na limistéir thuaithe agus measann sé go bhfuil ról suntasach ag CBT i gcur chun feidhme na físe sin, saincheisteanna bochtaineachta san áireamh.

4.1.6Saoránaigh an Aontais a chosaint: ag freagairt d’éigeandálaí. Chuir an tAontas na cistí uile a bhí fágtha ó CAI 2014-2020 ar fáil agus chruthaigh sé cláir nua, amhail EU4Health agus rescEU chun freagairt do ghéarchéim COVID-19 agus d’éigeandálaí sláinte amach anseo. Mar sin féin, ídíodh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála go tapa agus níor leor é chun gach éileamh a chomhlíonadh. Chun an fhreagairt a bheidh ann amach anseo a neartú, measann CESE gur cheart don Aontas buiséad an Chúlchiste sin a mhéadú agus an próiseas leithdháilte a shimpliú chun dlús a chur leis an gcinnteoireacht. Ina theannta sin, creideann CESE go bhfuil gá le meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht chláir EU4Health agus rescEU chun a áirithiú go bhfuil a gcuspóirí á mbaint amach agus chun feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a threorú.

4.1.7Iarmhairtí chogadh na Rúise ar an Úcráin: I ngeall ar ionradh gan chúis na Rúise ar an Úcráin, rinneadh athdháileadh suntasach laistigh de bhuiséad an Aontais chun cabhair a chur ar fáil. I dtús báire, b’ionann an buiséad tiomnaithe don Úcráin agus thart ar EUR 160 milliún in aghaidh na bliana. Mar sin féin, ó thús an chogaidh, tá EUR 70 billiún curtha ar fáil chun tacú leis an Úcráin agus lena muintir, lena n-áirítear EUR 38.3 billiún de chúnamh eacnamaíoch agus EUR 21.16 billiún de chabhair mhíleata ón Aontas agus ó na Ballstáit. Cé go raibh freagairt fhioscach an Aontais cuimsitheach, braitheann an tAontas go mór ar ath-leithdháileadh buiséid agus ar fhormhuirir, rud a chuireann brú ar na struchtúir chistiúcháin atá ann cheana. Creideann CESE go bhféadfadh brú buiséadach gan choinne agus easpa intuarthachta fadtéarmaí a bheith mar thoradh ar róspleáchas ar bhuiséid bhreise ad hoc. Ina theannta sin, tá éileamh mór fós ar bhuiséad na cabhrach daonnúla mar gheall ar ghéarchéimeanna domhanda éagsúla.

4.2Na gnéithe nua: coigeartú spriocdhírithe agus cothrom ar CAI chun freagairt do dhúshláin nua

4.2.1Tacaíocht dhaingean fhadtéarmach a chur ar fáil don Úcráin trí Shaoráid nua na hÚcráine

4.2.1.1Leagtar amach sa togra go gcruthófar ionstraim nua ar a dtugtar Saoráid na hÚcráine, a bhfuil buiséad EUR 50 billiún beartaithe di don tréimhse 2024-2027 (EUR 33 bhilliún in iasachtaí agus ráthaíochtaí agus EUR 17 mbilliún i ndeontais), lena dtacófar le hiarrachtaí téarnaimh agus atógála na hÚcráine tar éis ionradh na Rúise in 2022. Ullmhóidh rialtas na hÚcráine plean, i gcomhairle leis an gCoimisiún, chun scaoileadh na gcistí a threorú. Leagfar amach sa phlean fís na hÚcráine maidir le hatógáil agus nuachóiriú agus na hathchóirithe atá beartaithe aici a dhéanamh mar chuid de phróiseas aontachais an Aontais.

4.2.1.2Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe tacaíocht fhadtéarmach iontaofa a chur ar fáil don Úcráin chun teacht in ionad na freagartha ad hoc ar ghéarchéimeanna a bhí ann go dtí seo. Is tráthúil agus is iomchuí aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha téarnaimh agus ar atógáil níos fadtéarmaí, agus tosaíocht a thabhairt do thacaíocht dhíreach bhuiséadach do réimsí amhail an t-oideachas agus an bonneagar, infheistíocht phríobháideach a éascú in atógáil na hÚcráine agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun ailíniú a bhaint amach le acquis an Aontais, agus léirítear leis an gcur chuige sin go dtuigtear riachtanais ilghnéitheacha na hÚcráine.

4.2.1.3Is cur chuige nuálach a d’fhéadfadh cabhair shuntasach a chur ar fáil é úsáid a bhaint as sócmhainní reoite chun tacú le téarnamh na hÚcráine, ní hamháin ó thaobh na heacnamaíochta de ach mar fhreagairt bunaithe ar luachanna freisin. Ach deontóirí idirnáisiúnta eile a bheith rannpháirteach agus infheistíocht ón earnáil phríobháideach a spreagadh, d’fhéadfaí cur leis na hacmhainní atá ar fáil don Úcráin agus líonra tacaíochta níos láidre agus níos cuimsithí a chruthú. Tugann CESE dá aire roinnt gnéithe dearfacha.

4.2.1.4Tacaíonn CESE le cur chuige feidhmíochtbhunaithe na scéimeanna cistiúcháin atá beartaithe, rud a éilíonn go bhforbróidh an Úcráin pleananna le haghaidh athchóirithe chun aghaidh a thabhairt ar phríomh‑shaincheisteanna amhail an trédhearcacht, an frithéilliú, an dea-rialachas, an smacht reachta, cearta na gceardchumann agus an t‑idirphlé sóisialta. Tá sé sin ríthábhachtach chun muinín agus iontaoibh an phobail agus na n‑infheisteoirí as an rialtas náisiúnta a athbhunú.

4.2.1.5Ó thaobh na sochaí sibhialta de, tá imní ann faoi thrédhearcacht agus cuimsitheacht na sásraí cistiúcháin. Tá sásraí sonracha chun an tsochaí shibhialta a áireamh i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm iarrachtaí téarnaimh agus atógála in easnamh sa togra. Tá gá leis na sásraí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais mhuintir na hÚcráine seachas riachtanais an rialtais amháin. Trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áireamh sa phróiseas cinnteoireachta agus sa phróiseas cur chun feidhme, is féidir trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtacht a mhéadú agus a áirithiú go ndéanfar riachtanais gach grúpa a mheas. Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin i ndáileadh éifeachtúil agus spriocdhírithe na cabhrach, ós rud é go gcuireann siad eolas áitiúil luachmhar ar fáil, go gcothaíonn siad muinín an phobail agus go bhfuil sé ar a gcumas dul i dteagmháil le grúpaí leochaileacha. Mura mbeadh na heagraíochtaí sin rannpháirteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh cur chuige ón mbarr anuas ann nach dtabharfadh aghaidh leordhóthanach ar riachtanais agus leasanna an phobail atá buailte. Ba cheart don tsochaí shibhialta a bheith ina príomhghníomhaí. D’fhéadfadh ardán comhpháirteach sochaí sibhialta faoi stiúir CESE agus na hÚcráine a bheith ina réiteach chun faireachán a dhéanamh ar thrédhearcacht agus éifeachtacht na gcistí atógála 7 , agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint as prionsabal na comhpháirtíochta.

4.2.1.6Cé go bhfuil comhordú na ndeontóirí agus forbairt plean ag rialtas na hÚcráine luaite sa togra, ní chuirtear faisnéis mhionsonraithe ar fáil ann faoin gcaoi a ndéanfar comhordú ar chomhpháirteanna éagsúla an tSásra ná faoin gcaoi a ndéanfar faireachán ar an gcur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’éifeachtacht an tSásra. Dá mbeadh ról ag an tsochaí shibhialta ar an leibhéal struchtúrach, d’fhéadfadh sí faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le hathchóirithe ríthábhachtacha agus a áirithiú go n‑eisíocfar cistí i gcomhréir le tosaíochtaí comhroinnte an Aontais agus na hÚcráine.

4.2.1.7Iarrann CESE go nglacfaí cur chuige pragmatach i leith na coinníollachta, ionas go ndreasófar athchóirithe, go gcuirfear cearta bunúsacha agus an smacht reachta chun cinn, agus go n‑aithneofar fírinne an scéil ar an láthair ag an am céanna.

4.2.2An imirce a bhainistiú, comhpháirtíochtaí le tríú tíortha tábhachtacha a neartú agus aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí

4.2.2.1Is gné dhearfach í an bhéim a leagtar sa togra ar bhainistiú imirce agus ar na comhpháirtíochtaí le tríú tíortha tábhachtacha a neartú, toisc go dtugtar aghaidh leis an méid sin ar dhúshlán reatha atá san Aontas (buiséad an Aontais a neartú trí 15 bhilliún a chur leis). D’fhéadfadh buiséad an Aontais rannchuidiú le réiteach níos daonnúla agus níos inbhuanaithe ar ghéarchéim na himirce a shainaithint tríd an gcistiú is gá a chur ar fáil agus trí chomhoibriú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, agus cearta an duine á n‑urramú go hiomlán agus sláinte agus sábháilteacht na n‑imirceach agus na ndídeanaithe á n‑áirithiú ag an am céanna. Ina theannta sin, is é a léirítear leis na cistí a leithdháiltear chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí agus chun tacú leis na Ballstáit atá faoi bhrú eisceachtúil go bhfuil an tAontas tiomanta don fhreagracht chomhchoiteann agus don dlúthpháirtíocht.

4.2.2.2Is inmholta an gealltanas tacú leis na príomhthíortha tionscnaimh agus idirthurais le linn ghéarchéim na himirce agus an mhian cur leis an tacaíocht do na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar. Tugadh faoi deara gur gá na huasteorainneacha airgeadais agus an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a mhéadú. Is léir uaidh sin go n‑aithnítear na dúshláin atá ag dul i méid agus go ndéanfar iarracht chun aghaidh a thabhairt orthu.

4.2.3Iomaíochas fadtéarmach a chothú i dteicneolaíochtaí criticiúla tríd an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip

4.2.3.1An togra maidir le hArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a chruthú, déanfar é a mhaoiniú trí chistí atá ann cheana a ath-leithdháileadh agus trí EUR 10 mbilliún breise a chur ar fáil. Is é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh thionscal na hEorpa agus iomaíochas fadtéarmach na mór‑roinne a áirithiú trí chistí atá ann cheana a dhíriú ar phríomhthionscadail agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme i réimsí straitéiseacha. Tugann CESE dá aire roinnt gnéithe dearfacha de STEP.

4.2.3.2Tá sé d’aidhm ag tionscnamh STEP comhdhlúthú a dhéanamh ar chistí agus ar chláir éagsúla de chuid an Aontais a fheidhmíonn faoi rialacha ar leith agus atá scaipthe ar fud cláir chaiteachais éagsúla. Le hardán STEP, moltar na hionstraimí atá ann cheana a neartú trí chistí breise a leithdháileadh ar scéimeanna infheistíochta seanbhunaithe amhail InvestEU, an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, an Ciste don Nuálaíocht agus an Ciste Eorpach Cosanta. Trí na hacmhainní sin a chomhthiomsú, d’fhéadfadh STEP leithdháileadh na gcistí a chuíchóiriú, an éifeachtúlacht a fheabhsú agus aon fhorluí a d’fhéadfadh a bheith ann a dhíothú. Bheadh barainneachtaí scála mar thoradh ar an gcomhchuibhiú sin, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtúlacht infheistíochtaí an Aontais.

4.2.3.3Le linn a haithisc ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2022, d’iarr Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go gcruthófaí Ciste Eorpach Ceannasachta. Níor cuireadh aon togra den sórt sin ar aghaidh, áfach, i bpacáiste athbhreithnithe meántéarma CAI. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag ciste den sórt sin maidir le bearnaí infheistíochta a líonadh agus iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a mhéadú i dtríú tíortha a bhfuil scéimeanna airgeadais comhchosúla curtha chun feidhme acu cheana féin. Chuige sin, iarrann CESE go mbeadh scéim maoinithe níos uaillmhianaí ann chun tacú le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais.

4.2.3.4Ós rud é go bhfuil CAI fós faoi bhrú i ngeall ar dhúshláin leanúnacha gan choinne, ba cheart d’aon iarrachtaí a dhéanfaí chun an caiteachas a dhéanamh níos éifeachtúla tacú le haon leithdháileadh acmhainní nua a bheadh ann. Creideann CESE go bhfuil baol ann go mbeidh na cláir airgeadais níos ilroinnte má leanfar de chreataí nua a chruthú trí chistí atá ann cheana a ath‑leithdháileadh, mar is amhlaidh i gcás STEP. Dá réir sin, is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin caiteachas nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna agus líon mór tosaíochtaí caiteachais nach bhfuil na hacmhainní is gá ar fáil dóibh chun a gcuspóirí beartais a chomhlíonadh. Ina theannta sin, iarrann CESE go ndéanfaí measúnú tionchair cuimsitheach ar éifeachtaí iolraitheora na saoráidí sin, a meastar tionchar iomlán EUR 100 billiún a bheith acu, is é sin cóimheas giarála de 10 maidir leis an gcistiú a chuirtear ar fáil do STEP.

4.2.4Coigeartuithe teicniúla ar dhálaí eacnamaíocha nua

4.2.4.1Aithnítear san athbhreithniú ar CAI na dúshláin éagsúla atá le sárú: méadaíodh na freagrachtaí, ba ghá solúbthacht bhuiséadach a ionchorprú chun dul i ngleic le cúinsí gan choinne, agus ba ghá cloí leis na huasteorainneacha a bhí comhaontaithe cheana féin. Cé gur cosúil gurb iomchuí an réiteach gearrthéarmach maidir le huirlis thiomnaithe nua a fhorbairt chun costais NextGenerationEU a bhainistiú agus an buiséad riaracháin a mhéadú, d’fhéadfadh na bearta sin buiséad an Aontais a fhágáil i riocht níos leochailí i leith éiginnteachtaí amach anseo.

4.2.4.2Aithnítear sa mheastóireacht, mar is ceart, an tionchar atá ag rátaí úis atá ag dul i méid ar na costais a bhaineann le NextGenerationEU a mhaoiniú agus moltar ionstraim speisialta chun róchaiteachas a chumhdach. Is cur chuige pragmatach é an fhadhb seo a aithint agus iarracht a dhéanamh dul in oiriúint do chúinsí eacnamaíocha nua. Mar sin féin, tá CESE den tuairim gur cheart díriú ar chreat fioscach inbhuanaithe agus níos athléimní a chruthú, trí úsáid a bhaint as sásraí amhail an chomhroinnt riosca idir Ballstáit an Aontais nó acmhainneacht fhioscach sa limistéar euro a chruthú. D’fhéadfadh an creat sin maoiniú níos cobhsaí a áirithiú agus costais iasachtaíochta a laghdú san fhadtéarma. Ós rud é go bhfuil na costais úis i bhfad níos airde ná mar a ceapadh ar dtús, creideann CESE gur cheart don Aontas athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear costais úis san áireamh i mbuiséad an Aontais agus in CAI chun a áirithiú nach gcuirfidh sé sin brú míchuí ar chláir thábhachtacha de chuid an Aontais.

4.2.4.3Tugtar léiriú cruinn sa mheastóireacht ar an mbrú atá ar acmhainní riaracháin mar gheall ar na freagrachtaí a mhéadú ach gan méadú comhfhreagrach a dhéanamh ar an líon foirne. Mar sin féin, measann CESE go mbeadh sé tairbheach bearta a chur le cistiú méadaithe chun an éifeachtúlacht atá leis a fheabhsú, amhail úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí digiteacha, próisis riaracháin a chuíchóiriú agus an comhar idir institiúidí an Aontais a neartú.

4.2.4.4Molann CESE go ndíreofaí ar straitéisí fadtéarmacha chun athléimneacht fhioscach a mhéadú agus chun maoiniú cobhsaí a áirithiú. D’fhéadfaí a chur san áireamh leis na straitéisí sin creat fioscach inbhuanaithe a chruthú lena n-íoslaghdófaí an neamhchosaint ar rátaí úis atá ag ardú, acmhainní riaracháin a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus bearta coisctheacha a ionchorprú chun tionchar imthosca gan choinne a laghdú.

4.2.4.5Faoin gcinneadh reatha maidir le hacmhainní dílse ón gComhairle, déantar an chuid is mó de CAI a mhaoiniú trí ranníocaíochtaí ó na Ballstáit bunaithe ar a n‑ollioncam náisiúnta (OIN). Dá réir sin, is é an bealach is dírí chun na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CAI a mhéadú san fhadtéarma ná conair fáis inbhuanaithe níos airde a bhaint amach do gheilleagar an Aontais trí infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar na hEorpa agus ina iomaíochas. Sa ghearrthéarma, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar mhéadú ar an ranníocaíocht bunaithe ar OIN.

4.2.4.6Cé go moltar sa mheastóireacht go méadófaí an ionstraim sholúbthachta, ní leor mar a thugtar aghaidh inti ar an gcaoi a rachaidh buiséad an Aontais i ngleic le riachtanais bhreise gan choinne. I bhfianaise na solúbthachta teoranta, d’fhéadfaí bearta coisctheacha níos fearr a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais, amhail cistí nó cúlchistí teagmhasacha, a d’fhéadfaí a úsáid chun cosaint a thabhairt ar riachtanais airgeadais gan choinne agus cumas an Aontais a threisiú maidir le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghéarchéimeanna amach anseo agus chun go leanfaidh na bearta sin de bheith oiriúnach dá bhfeidhm. Is cúis imní do CESE inbhuanaitheacht na tacaíochta a chuirtear ar fáil don Úcráin agus an acmhainneacht atá ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna amach anseo i gcomhthéacs na solúbthachta buiséadaí teoranta.

4.2.4.7Leis na patrúin íocaíochta réamh-mheasta do CAI, tugtar le fios go bhféadfaí an uasteorainn íocaíochta a shárú in 2026 mar gheall ar an sásra ‘caidhpeála’. D’fhéadfadh brú airgeadais a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh bac ar chumas an Aontais a ghealltanais a chomhlíonadh, lena n-áirítear tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin agus cuspóirí straitéiseacha eile a bhaint amach. Is gné ríthábhachtach í an trédhearcacht a mhéid a bhaineann leis na dúshláin airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann. Iarrann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat cuntasaíochta na huasteorann caiteachais, chun tús áite a thabhairt don chineál ioncaim a mhéadaíonn i gcomhréir leis an mboilsciú iarbhír, fad a mhéadaíonn caiteachas ag rithim seasta de 2 %.

An Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2023

Oliver Röpke

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)     SWD(2023) 336 final .
(2)    Dearbhú comhpháirteach ó Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine a glacadh ag an 12ú cruinniú, Nollaig 2022.
(3)    Féach tuairim INT/1040 maidir le hArdán STEP (nár foilsíodh fós).
(4)    Féach tuairim ECO/626 – An chéad ghlúin eile d’acmhainní dílse (nár foilsíodh fós).
(5)    Féach an tuarascáil mheastóireachta ECO/607 – Meastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (nár foilsíodh fós).
(6)     An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe .
(7)    Tá ardán de chuid na hÚcráine ann cheana – ‘Rise Ukraine’ .