|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Rialú Stáit ar chalafoirt
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt
[COM(2023) 271 final – 2023/0165 (COD)]
|
|
|
|
TEN/818
|
|
|
|
Rapóirtéir: Panagiotis GKOFAS
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 10/07/2023
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 13/07/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 100(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
06/09/2023
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
20/09/2023
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
581
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
212/1/2
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil cruthaithe go héifeachtúil ag Treoir (AE) 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (RSC) ó cuireadh chun feidhme í den chéad uair 12 bhliain ó shin. De réir mheasúnuithe tionchair na ngeallsealbhóirí agus na n‑institiúidí Eorpacha, ba chabhair nach beag é RSC go sea chun cur le sábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht an iompair mhuirí agus chun borradh a chur faoin gcomhar agus faoi mhalartú an dea‑chleachtais idir na Ballstáit.
1.2I bhfianaise na ndúshlán nua atá tagtha chun cinn, i dtaca leis an athrú aeráide, an glasú, an digiteáil, agus faireachán níos fearr a bheith á dhéanamh ar chineálacha éagsúla long, soithí, agus gníomhaíochtaí muirí, tá gá leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair a leasú tuilleadh. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil sé ríthábhachtach Treoir 2009/16/CE a athbhreithniú má táthar chun an earnáil a chur i bhfeiliúint do na dúshláin faireacháin nua, do na spriocanna inbhuanaitheachta, agus do chomhdhlúthú rianúil an mhargaidh mhuirí.
1.3Ó thaobh an riaracháin de, déanfaidh an Coimisiún Eorpach deimhin de nach mbeidh aon fhorluí nó neamhréiteach ann i dtaca le cur chun feidhme agus athbhreithniú na Treorach maidir leis an Stát brataí. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh an rialachán Eorpach nua comhsheasmhacht le creat rialála na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta a áirithiú.
1.4An t‑aistriú chuig geilleagar muirí aeráidneodrach digiteáilte, tá sé ar cheann de na cúiseanna is mó leis an ngá atá le creat níos nithiúla agus níos simplithe a chur i bhfeidhm le haghaidh cigireachtaí spriocdhírithe, agus a bhuí leis an aistriú sin cuirtear dreasachtaí ar fáil d’úinéirí soithí chun uasghrádú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil na gcabhlach atá acu.
1.5Tagann CESE leis an seasamh a bhfuil glacadh forleathan leis gur gá reachtaíocht na mBallstát agus an Aontais a ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta, rud a leagtar amach i gcoinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta, cuir i gcás na gníomhartha agus na tionscnaimh is déanaí de chuid Mheabhrán Comhthuisceana Pháras agus na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. Ba cheart idirthréimhse a mhairfeadh idir aon bhliain amháin agus trí bliana a chur chun feidhme lena chur ar chumas na mBallstát iad féin a chur i bhfeiliúint go héifeachtach don reachtaíocht athbhreithnithe.
1.6Sna leasuithe ar an Treoir, ní mór aird a thabhairt ar phríomhthosaíochtaí beartais an Aontais i dtaca leis an gComhaontú Glas, clár oibre spriocanna forbartha inbhuanaithe an Aontais agus na Náisiún Aontaithe, cearta an duine, cearta an oibrí, agus an comhtháthú sóisialta. Fágann sé sin gur gá do na codanna athbhreithnithe den Treoir soiléiriú a thabhairt i dtaca le dálaí oibre íosta do na maraithe, caomhnú an uisce agus na n‑iasc, agus cosaint an chomhshaoil ar an iomlán.
1.7Is díol sásaimh do CESE an leasú a leagtar amach i bpointe 3 (Airteagal 1 den togra le haghaidh leasú ar 2009/16/CE, Airteagal 5), mar a bhfuil tagairt dhíreach do choigeartú a dhéanamh ar an algartam a úsáidtear chun líon na gcigireachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh (an ‘sciar cothrom’, mar a thugtar air). Cuirtear san áireamh san algartam leasaithe líon na gcigireachtaí eile a dhéantar ag an gcalafort, cinn nach mbaineann go díreach leis an áireamh a dhéantar i dtaca le próifíl riosca ard nó toirt ard an iompair.
1.8Tá tábhacht ag baint freisin leis an bhforáil a leagtar amach i bpointe 7 (Airteagal 8(a) den togra le haghaidh leasú) (force majeure), ó tugann sé solúbthacht níos mó do na Ballstáit trína cheadú cigireachtaí a athsceidealú nó gan iad a dhéanamh nuair is ann do chásanna tromchúiseacha force majeure arna mbunú ar fhianaise a bhfuil bunús maith léi.
1.9Ní mór athbhreithniú agus athdhearadh cúramach a dhéanamh ar na critéir chomhshaoil ar bhonn buan, ionas nach ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht in earnáil na loingseoireachta idirnáisiúnta a mbeadh cabhlaigh na hEorpa thíos leis.
1.10Is gá cur le scileanna agus líon na foirne má tá stát an chalafoirt chun an rialú seo a dhéanamh i gceart. Go deimhin, is déine an rialachán nua, atá bunaithe ar rialacha na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, agus is gá na scileanna cigireachta, ón taobh teicniúil agus oibríochtúil araon, a fheabhsú dá réir. Tá sé riachtanach, mar sin, cúrsaí oiliúna atá cothrom le dáta a mhaoiniú chun gur féidir na hoifigigh RSC a uas‑sciliú agus athsciliú. Is díol sásaimh do CESE gur ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí a cuireadh an fhreagracht as cúrsaí oiliúna a cheapadh agus a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí Bhallstáit an Aontais chun gur fearr is féidir leo forálacha na Treorach a chomhlíonadh.
1.11Is geal le CESE go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach cur le ról na Gníomhaireachta Eorpaí. Mar sin féin, is léir go bhfuil gá lena thuilleadh acmhainní daonna agus airgid má táthar chun na dualgais uile a leagadh amach a chomhlíonadh go héifeachtach. Caithfear a thuilleadh tacaíochta a thabhairt don Ghníomhaireacht ó thaobh uirlisí, maoiniúcháin, saineolais, agus foirne de, ionas gur féidir leibhéal na hoiliúna a ardú agus an fios gnó a fhorbairt i dtaca leis an rialú Stáit ar chalafoirt. Ba cheart an méid a fhoghlaimítear a roinnt leis na húdaráis náisiúnta ós rud é gur gá dóibh siúd a gcuid saineolais a fhorbairt agus an leibhéal comhair atá á gcleachtadh acu a fheabhsú.
1.12Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbainfear leas as modheolaíocht agus próiseas deimhniúcháin atá comhchoiteann agus comhaontaithe, agus atá formheasta acu go léir, le haghaidh fhaireachán digiteach agus mhalartú digiteach na faisnéise i dtaca le gach cineál soithigh. Tá CESE i bhfabhar na bhforálacha leasaithe (pointe 16 agus pointe 26) a mholann deimhnithe leictreonacha a úsáid (rud lena ngabhann teimpléad comhchoiteann, uirlis bhailíochtaithe chomhchoiteann, agus stór chomhchoiteann ar leibhéal an Aontais).
1.13Má táthar chun cuspóirí an athbhreithnithe a bhaint amach, beidh an‑tábhacht ag baint le hinfheistíochtaí nua sna hacmhainní teicneolaíochta agus digiteacha agus beidh gá le foráil a dhéanamh i mbuiséad an Aontais maidir leis an maoiniú sin.
1.14I dtaca le measúnuithe riosca na long, caithfear gur mó a bheidh ann ná bearta sriantacha atá le comhlíonadh, caithfear tréimhse a cheadú freisin le dul i ngleic leis an réimeas nua, go háirithe i gcás na long arb annamh easnamh le sonrú orthu. Lena chois sin, caithfear treoir agus moltaí a thabhairt d’úinéirí na long faoin méid is féidir a dhéanamh chun an cabhlach atá acu a fheabhsú agus a athchóiriú ar bhonn leanúnach.
1.15Molann CESE don Choimisiún cur chun feidhme na Treorach leasaithe a athbhreithniú tráth is giorra ná deich mbliana i ndiaidh a glactha (féach pointe 22), agus go mbeadh ina éineacht tuarascáil mheastóireachta idirmheánaí arna tarraingt suas ag Parlaimint na hEorpa, CESE, agus na geallsealbhóirí náisiúnta. Beidh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta riachtanach san obair sin.
2.Cúlra
2.1Is éard atá i gceist le RSC na nósanna imeachta uile is gá chun cigireacht a dhéanamh ar na longa ón iasacht a thagann go dtí na calafoirt náisiúnta lena áirithiú go bhfuil na rialacháin idirnáisiúnta, mar atá siad formheasta sna dlíthe náisiúnta agus Eorpacha, á gcomhlíonadh acu i dtaca le hinniúlachtaí an chriú, na dálaí oibre, cumas loingseoireachta na loinge, agus misean na loinge.
2.2Uirlis éifeachtach ar mhaithe le héiceachóras gorm an Aontais atá in RSC, ceann is féidir a úsáid le dul i ngleic leis an mbaol a bhaineann leis an loingseoireacht mhuirí mhífhreagrach, an loingseoireacht faoi bhun an chaighdeáin, easnaimh ó thaobh na sábháilteachta agus na slándála de, agus aon dearcadh coiteann a dhéanann dochar go díreach nó go hindíreach d’éiceachórais na bhfarraigí agus na gcóstaí, nó a mbíonn iarmhairtí díobhálacha ag baint leis do na héiceachórais sin.
2.3Rinne an Coimisiún Eorpach meastóireacht ex post in 2018 ar chur chun feidhme Threoir 2009/16/CE. Ba iad príomhchonclúidí na meastóireachta sin go raibh Treoir RSC tar éis a bheith sách éifeachtach agus cuimsitheach sna blianta roimhe sin, agus go raibh sé sin tar éis cur go suntasach le cur chun feidhme chaighdeáin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus chaighdeáin an Aontais, ach go raibh gnéithe áirithe ann ar ghá a thuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh orthu agus a thuilleadh feabhais a chur orthu. Le blianta fada anuas, tá forbairtí suntasacha teicneolaíochta agus dlí, tosaíochtaí beartais, agus dúshláin nua tagtha chun cinn i ngort an iompair mhuirí.
2.4Thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Threoir nua RSC i mí an Mheithimh 2023, in éineacht le tionscnaimh athbhreithnithe eile maidir leis an iompar muirí.
2.5Is éard is aidhm don athbhreithniú ar Threoir RSC paraiméadair agus critéir bhreise a chur san áireamh chun gnéithe áirithe a rialú, cuir i gcás taifid chomhshaoil na long agus próifílí riosca na gcuideachtaí, agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha idirnáisiúnta a áirithiú.
2.6Cíorfar san athbhreithniú a mbeadh i gceist le húsáid fhairsing a bhaint as sonraí leictreonacha chun cigireachtaí níos spriocdhírithe a éascú. Dá bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, bheifí in ann na cigireachtaí a dhíriú ar shaincheisteanna oibríochtúla de bhreis ar scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid, arb é an t‑aon rud a dhéantar i láthair na huaire é. Lena chois sin, bheifí in ann béim ní ba mhó a leagan ar shaincheisteanna comhshaoil agus sásra dreasachta a fhorbairt le haghaidh loingseoireacht ardcháilíochta nua/ghlas.
2.7Leis an Treoir athbhreithnithe, féachtar le feabhas a chur ar fhothú acmhainneachta na mBallstát i dtaca le cigirí a earcú agus oiliúint chuí a chur orthu agus le bunachar sonraí cigireachta a úsáid le gur féidir an t‑ualach a roinnt níos fearr idir na Ballstáit.
2.8Táthar ag súil go gcuirfidh an t‑athbhreithniú le raon na gcigireachtaí chun soithí iascaireachta ón iasacht a chur san áireamh ann, soithí a bhfuil fianaise ann go mbaineann baol ar leith leo. Tugann sé cothrom le dáta freisin an chaoi a ndéantar cigireacht ar longa agus leagann sé béim níos mó sa phróifíl riosca ar fheidhmíocht chomhshaoil na long, rud a chuirfidh feabhas ar acmhainneacht na mBallstát. Chuirfí le raon feidhme na Treorach chun soithí iascaireachta a chur san áireamh, agus dhéanfaí a thuilleadh digiteála ar RSC.
2.9Tógadh nasc freisin idir tionscnamh an athbhreithnithe agus clár REFIT an Choimisiúin, clár arb é is aidhm dó an creat rialála muirí a chomhchuibhiú, a ailíniú, agus a shimpliú. Dírítear sa tionscnamh ar phróifíl sábháilteachta na soithí loingseoireachta a fheabhsú agus ar thacaíocht a thabhairt d’údaráis an mBallstát i dtaca lena gcuid oibleagáidí cigireachta agus tuairiscithe.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Bun agus barr bheartas RSC an Aontais is ea córas comhchuibhithe cigireachta a fhorfheidhmiú, ceann atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Tá Treoir RSC trasuite agus curtha i bhfeidhm go hiomchuí ag na Ballstáit, rud a chuireann le leibhéal sábháilteachta na long a thagann isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais.
3.2De réir mheasúnú tionchair an Choimisiúin, is ar na cuspóirí seo a leanas a dhírítear san athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir:
soithí iascaireachta a chur san áireamh faoin raon feidhme; córas a fhorbairt le haghaidh úsáid chomhchuibhithe agus ghlacadh na ndeimhnithe reachtúla leictreonacha ar fud an Aontais; sainordú a thabhairt an fhaisnéis leictreonach, na deimhnithe leictreonacha, agus mar sin de, a úsáid; cúrsaí oiliúna réamhghníomhacha de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí a cheapadh d’oifigigh RSC i dtaca leis an tsábháilteacht, an tslándáil, agus an truailliú a chosc; scéim dreasachta a bhunú do na longa a chruthaíonn go maith agus/nó atá neamhdhíobhalach don chomhshaol; na rialacha a threisiú i dtaca le sásra an toirmisc, ionas gur féidir cosc a chur ar longa a bheith in uiscí an Aontais is cuma cén bhratach atá ar foluain orthu más longa iad atá faoi bhun an chaighdeáin agus má dhéantar amach arís agus arís eile go mbíonn siad ag imeacht ó na caighdeáin is infheidhme; rialú a dhéanamh ar na coinníollacha agus an tréimhse ama a bhaineann le cigireachtaí a chur ar cairde; scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an teicneolaíocht ghlas agus na breoslaí nua, mar aon leis an loingseoireacht uathrialaitheach, ar RSC. [Aistriúchán Gaeilge ar an mbuntéacs Béarla.]
3.3Cuireann cigireachtaí RSC le cur chun feidhme na Treorach maidir leis an Stát brataí agus is minic a fhéachtar orthu mar an dara líne chosanta atá ann in aghaidh na loingseoireachta atá faoi bhun an chaighdeáin. Tá sé riachtanach cigireachtaí RSC a ailíniú leis na ceanglais maidir leis an Stát brataí, chun an neamhéifeachtúlacht agus feidhmíocht mhíshásúil a laghdú i gcás na soithí agus na long a thagann isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais.
3.4Tá cineálacha nua rioscaí ag teacht chun cinn, tá tascanna nua riaracháin is gá a dhéanamh, agus, dá bhrí sin, is gá scileanna nua a chothú le haghaidh na nósanna imeachta crua cigireachta calafoirt sin. Ní mór don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí cabhair a thabhairt do na Ballstáit ar an leibhéal oibríochtúil agus riaracháin, ionas gur féidir feabhas a chur ar fhaireachán agus scileanna a gcuid foirne, ós rud é gur gá dóibh dul i bhfeiliúint do na dúshláin nua teicneolaíochta, digiteála, agus chomhshaoil. Tosca tábhachtacha eile ar gá d’údaráis na gcalafort agus na Ballstáit measúnú a dhéanamh orthu ar bhonn comhaontaithe comhchuibhithe is ea sábháilteacht na n‑oibrithe, an tslándáil, agus baol an truaillithe.
3.5Tuairiscítear nach bhfuil na huirlisí ná an cumas digiteach ann faoi láthair le go bhféadfaí na cigireachtaí a dhéanamh níos éifeachtaí trí úsáid níos mó a bhaint as na leaganacha leictreonacha de na deimhnithe agus na doiciméid eile. Tá sé riachtanach clárlann aontaithe digiteach a fhorbairt le haghaidh na soithí agus na long a bhíonn ag teacht agus ag imeacht ó gach ceann de chalafoirt an Aontais, agus a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh bunaithe ar rialacháin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta.
3.6Na Ballstáit a bhfuil gannchúis acmhainní daonna agus airgid acu, arb iad an chéad phointe iontrála isteach san Aontas iad go minic, níl ag éirí leo a gcuid ceanglas cigireachta a chomhlíonadh. Tá CESE den tuairim nach féidir dul chun bealaigh i dtreo an chomhchuibhithe agus roinnt chothrom an ualaigh riaracháin i measc na mBallstát a bhaint amach mura ndéanfar infheistiú san fhoireann agus sa bhonneagar ar dtús.
3.7An córas atá ann faoi láthair chun spriocdhíriú a dhéanamh, ní féidir a thuilleadh béime a leagan leis ar na gnéithe comhshaoil ná ní féidir buntáiste a thabhairt do na soithí ‘is glaise’ leis ach oiread. Dá bhrí sin, caithfear athstruchtúrú a dhéanamh ar shásra na dreasachta agus ar an measúnú a dhéantar ar phróifíl riosca na long agus na soithí a thagann isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais. Is éard is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú faoi 55 % faoi 2030 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Táthar ag súil go rachaidh gníomhaíochtaí an iompair mhuirí i bhfeiliúint don mhéid sin dá réir. An torann, truailliú an aeir, agus astaíochtaí carbóin, is tosca achrannacha iad sin a chuireann le baol na loingseoireachta atá faoi bhun an chaighdeáin.
3.8Gan aon agó, tháinig athrú suntasach ar thosaíochtaí na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí i gcoitinne de thoradh na paindéime, rud a laghdaigh líon na gcigireachtaí agus as ar eascair nósanna imeachta agus torthaí cigireachta nach bhfuil sásúil go leor. Sa rialachán athbhreithnithe, cuirfear san áireamh rioscaí a d’fheadfadh teacht chun cinn amach anseo agus cuirfidh an rialachán ar chumas na mBallstát agus na n‑údarás dul i ngleic níos éifeachtaí leis na tubaistí agus na rioscaí a mbeidh siad ar an eolas fúthu roimh ré mar aon leis na cinn a thiocfaidh aniar aduaidh orthu. I dtaca leis sin, tá sé riachtanach go rachfar i ngleic le cásanna force majeure faoi chuimsiú treochlár arna cheapadh agus arna chur ar fáil ag na húdaráis Eorpacha, i gcomhar leis na geallsealbhóirí náisiúnta.
3.9Fágadh na soithí iascaireachta as an áireamh go dtí seo i raon feidhme RSC, ach tuairiscítear i gcás na soithí móra (os cionn 24 mhéadar) go mbíonn fadhbanna tromchúiseacha ag baint leo i dtaca leis an tsábháilteacht, na dálaí oibre a bheith ag dul in olcas, agus an ró‑iascaireacht. Ina fhianaise sin, tá sé riachtanach caighdeáin sábháilteachta na soithí iascaireachta a fheabhsú, trí bhíthin sásra coincréiteach cigireachtaí spriocdhírithe agus trí idirthréimhse a chur chun feidhme ar mhaithe leis an oiriúnú a dhéanamh.
4.Barúlacha sonracha – roghnach
4.1Cláir oiliúna agus uas‑scilithe do na fostaithe, na gairmithe, agus na fostóirí (leithéidí Erasmus+), mar aon le malartuithe dea‑chleachtais idir na gníomhaireachtaí náisiúnta, ní mór iad a cheapadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le tionscadail oiliúna chomhtháite chomhpháirteacha Eorpacha, chun feabhas a chur ar chumas oifigigh RSC freastal ar na riachtanais chigireachta atá ag dul i méid.
4.2Ní féidir neamart a dhéanamh i leas na n‑ainmhithe muirí sa Treoir nua. Is gá go gcabhróidh sí leis na nósanna imeachta agus na teorainneacha a bhaineann leis an iascaireacht a chomhdhlúthú agus go ndéanfaidh sí níos éifeachtúla na cigireachtaí ar an tionchar a bhíonn ag an truailliú ar na héiceachórais ghorma.
4.3Ní mór oiliúint chuí a chur ar údaráis Stát an chalafoirt san Aontas: ní mór iad a ullmhú, agus ní mór dóibh a bheith in ann na rioscaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann san earnáil mhuirí a bhainistiú (truailliú an uisce, saincheisteanna slándála loingseoireachta, tionchar súnámaí, scriosadh bonneagair de dheasca feiniméin aeráide, sreabhadh imirce ar muir, agus mar sin de).
4.4Tá CESE i bhfabhar cláir spriocdhírithe chun daoine óga agus mná a earcú, agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le himirce na ndaoine oilte agus leis an neamh‑chomhionannas inscne san earnáil mhuirí.
An Bhruiséil, 20 Meán Fómhair 2023.
Oliver RÖPKE
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
___________