GA

SOC/776

Nuashonrú ar an gcreat reachtach frithéillithe

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

[ COM(2023) 234 final – 2023/0135 (COD) ]

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an troid in aghaidh an éillithe

[ JOIN/2023/12 final ]

Rapóirtéir: José Antonio MORENO DÍAZ

Comhrapóirtéir: João NABAIS

Teagmháil

SOC@eesc.europa.eu

Riarthóir

Alessia COVA

Dáta an doiciméid

12/10/2023

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 29/06/2023

Bunús dlí

Airteagail 83(1), 83(2) agus 82(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

04/10/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

62/00/01

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



I.MOLTAÍ

1.GO GINEARÁLTA

1.1Fadhb thromchúiseach is ea an t‑éilliú a dhéanann difear do Bhallstáit uile an Aontais agus don daonlathas féin. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus tacaíonn sé leis na bearta atá beartaithe ós iarracht iad chun córasú a áirithiú sa réimse sin.

SEO SEASAMH CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA (CESE)

1.2Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach agus tugann sé dá aire an bunús dlí dá bhforáiltear sa togra agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá ann aidhm na Treorach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, b’inmholta cur le bunús dlí straitéis an Aontais chun an t‑éilliú a chomhrac. Mar shampla, anuas ar an tagairt a dhéantar d’Airteagal 82 agus d’Airteagal 83 CFAE, ba cheart breithniú a dhéanamh ar thagairt a dhéanamh d’Airteagal 84 CFAE toisc go n‑áirítear ann bearta coisctheacha, agus d’Airteagal 87 CFAE i ngeall ar an ngá atá le comhar póilíneachta. Is loighciúil an rud é comhar agus comhordú póilíneachta a chur chun cinn maidir leis na saincheisteanna sin chun go mbeidh siad níos éifeachtaí.

1.3Creideann CESE gur cheart plé a dhéanamh an bhféadfadh creat dlíthiúil comhthreomhar a bheith ag gabháil leis an togra le haghaidh Treoir ón Aontas lena dtabharfaí aghaidh ar bhealach ceangailteach ar chóras dlí an Aontais ós rud é go mbaineann na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC) leis na páirtithe conarthacha uile ar an mbealach céanna agus a mhéid céanna. I gcás inar féidir, is i gcinneadh ón gComhairle a chuirfí an creat comhthreomhar sin ar fáil.

1.4Tugann CESE dá aire, de réir Airteagal 86(4) CFAE, go bhféadfaí a mholadh don Chomhairle go nglacfadh sé cinneadh lena leathnófaí inniúlachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chuig an éilliú fiú i gcás nach ndéantar dochar ar bith do leasanna airgeadais an Aontais nó i gcás coireanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, cé nach ndéanann siad difear ach d’aon Bhallstát amháin.

1.5Creideann CESE gur cheart an sainmhíniú ar oifigigh phoiblí a bheith chomh mionsonraithe agus is féidir.

2.MAIDIR LE BEARTA COISCTHEACHA

SEO SEASAMH CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA (CESE)

2.1Creideann CESE gur cheart rialacha i bhfad níos beaichte a bheith sa Treoir maidir le hoibleagáidí na mBallstát maidir le coinbhleachtaí leasa. Mar chuid de sin, thabharfaí isteach go sainráite an oibleagáid a bheadh orthu ar fad rialacha a ghlacadh lena bhféadfaí rochtain ar oifigí tofa agus ar oifigí rialtais a theorannú agus taifid a choimeád ar gach rochtain, bhunófaí córas neamh‑chomhoiriúnachta, neartófaí toirmisc iar‑shainordaithe chun srian a chur le feiniméan na ndoirse imrothlacha, ghlacfaí cóid iompair, ghlacfaí creat rialála maidir le brústocaireacht agus chuirfí nochtadh airgeadais agus clárú sócmhainní ar bun do sheirbhísigh phoiblí agus d’fheisirí parlaimintí agus rialtais agus breithiúna ar gach leibhéal. Ba cheart rialacha comhchosúla a bheith i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéid a bhaineann le coinbhleachtaí leasa.

2.2Tugann CESE dá aire freisin an Teachtaireacht maidir leis an togra le haghaidh comhlacht eitice idirinstitiúideach 1 . De réir a bhfuil sa Teachtaireacht sin, is é cúram an chomhlachta íoschaighdeáin eiticiúla chomhchoiteanna a fhorbairt le haghaidh iompar chomhaltaí na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha a liostaítear in Airteagal 13 CAE, maille le comhaltaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, má iarrann sé a bheith rannpháirteach.

2.3I gcás Airteagal 3(3), molann CESE go gcuirfí foclaíocht níos beaichte in ionad an fhrása ‘rialacha éifeachtacha lena rialáiltear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí’, foclaíocht lena gcuirfí oibleagáid ar na Ballstáit creat rialála maidir le brústocaireacht a ghlacadh. Ba cheart rialacha comhchosúla a bheith i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

2.4Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh rialacha, nósanna imeachta agus cleachtais iomchuí i bhfeidhm nó á nglacadh ag na Ballstáit laistigh den chreat reachtach náisiúnta agus iad dírithe ar sheirbhísigh phoiblí a earcú agus páirtithe polaitiúla a chistiú, bunaithe ar na háitribh seo a leanas, mar shampla:

a.ní mór a áirithiú go ndéanfar seirbhísigh phoiblí a earcú agus ardú céime a thabhairt dóibh ar bhonn fiúntais agus critéar oibiachtúil, mar aon le trédhearcacht a áirithiú;

b.ní mór cláir oideachais a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh a áirithiú go dtuigeann seirbhísigh phoiblí a ndualgais agus a ról maidir le leas an phobail a chosaint;

c.ní mór próisis thar a bheith dian a bheith i bhfeidhm maidir le roghnú daoine a cheapfar i bpoist a bheidh go mór i nguais éillithe;

d.ní mór coincheap na trédhearcachta a thabhairt isteach maidir le cistiú páirtithe polaitiúla agus nochtadh éigeantach a thabhairt isteach maidir le ranníocaíochtaí os cionn méid áirithe.

2.5Creideann CESE go bhféadfadh an Coimisiún an deis a thapú breithniú a dhéanamh sa Teachtaireacht ar bheart a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 197(2) CFAE agus togra a thíolacadh ina leith sin. Tríd an méid sin a dhéanamh, d’fhéadfadh an tAontas Eorpach údarás neamhspleách um éilliú a chosc a chruthú dó féin, chun Airteagal 6 de UNCAC a chomhlíonadh.

3.MAIDIR LE BEARTA SRIANTACHA

SEO SEASAMH CHOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA (CESE)

3.1Tugann CESE faoi deara gur cúis mhór imní i measc an phobail iad coireanna in aghaidh an riaracháin phoiblí toisc go mbíonn daoine ag súil le freagairtí gasta ar éilliú a chuireann isteach ar leasanna ginearálta; má tá moill ar fhreagairt bhreithiúnach, déanfar dochar don daonlathas. D’fhéadfadh coireanna den sórt sin clú na ndaoine a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus cinnteacht maidir le feidhmiú feidhmeanna poiblí a chur i mbaol, agus an iomaíocht ar an leibhéal eacnamaíoch á cur i mbaol san am céanna. Dá bhrí sin, creideann CESE go bhféadfaí moladh a dhéanamh sa Treoir go gcuirfeadh na Ballstáit nósanna imeachta brostaithe speisialta i bhfeidhm maidir le riaradh an cheartais choiriúil don chineál sin coireachta agus cineálacha sonracha cúnaimh dhlíthiúil fhrithpháirtigh amhail aistriú fianaise agus forfheidhmiú díreach cinntí cúirte ó Bhallstáit eile maidir le gnóthú sócmhainní.

3.2Measann CESE go bhféadfaí a mholadh sa Treoir freisin go gcruthódh na Ballstáit rialacha maidir le hurghabháil agus calcadh coisctheach sócmhainní chun a áirithiú nach mbainfí buntáiste as gníomhartha éillithe, lena gcuimseofaí aisíocaíochtaí agus cúiteamh d’íospartaigh (mar shampla, daoine aonair nó cuideachtaí nach raibh in ann rochtain a fháil ar chonarthaí poiblí ná ar thairiscintí).

3.3Má tá sé chun tionchar príobháideach iomlán míchuí a chomhrac i réimse na cinnteoireachta poiblí, creideann CESE go mbeidh ar an Aontas Eorpach sainmhíniú thar a bheith soiléir a leagan síos (in Airteagal 10) ar cad is mangaireacht tionchair ann agus machnamh a dhéanamh ar pharaiméadair shoiléire a leagan síos don chion comhfhreagrach, le gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir í agus an bhrústocaireacht.

3.4Molann CESE go n‑áireofaí in Airteagal 11 maidir le drochúsáid oifige samplaí de dhrochúsáid oifige ar mhaithe le díobháil a dhéanamh agus samplaí de dhrochúsáid oifige a sháraíonn an dualgas staonadh i gcás ina bhfuil coinbhleacht leasa ann.

3.5Measann CESE go bhfuil fadhbanna ag baint le ‘sealbhú’ a bheith san áireamh in Airteagal 13 (saibhriú ó chionta éillithe) agus molann sé go mbainfí an focal sin ón airteagal céanna.

3.6Tá sé á chur i bhfios ag CESE, trí thagairt a dhéanamh do dhaoine dhlítheanacha amháin (Airteagal 2(7)), go n‑eisiatar an fhéidearthacht go mbeadh dliteanas dlíthiúil ann d’eintitis nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu.

II.NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN / MÍNIÚ BREISE

4.GO GINEARÁLTA

4.1Creideann CESE gur cheart don Choimisiún bunús dlí níos leithne a mheas ná mar a fhoráiltear sa Treoir 2 . Ar an gcéad dul síos, tá CESE in amhras faoin gcúis nár sainaithníodh ach Airteagal 82 agus Airteagal 83 CFAE mar bhunús dlí don Treoir atá beartaithe. Cé go gcumhdaítear leo bearta sriantacha agus bearta a bhaineann le comhar breithiúnach idir na húdaráis náisiúnta go frithpháirteach agus le gníomhaireachtaí an Aontais, is é Airteagal 87 CFAE atá mar bhunús dlí ag an gcomhar póilíneachta (a ndéileáiltear leis in Airteagal 24 den Treoir).

4.1.1Ar a mhuin sin, le forálacha na Treorach atá beartaithe lena ndírítear ar an éilliú a chosc, foráiltear do bhearta a dhéanann difear do dhlí riaracháin na mBallstát, seachas don dlí coiriúil. Dá bhrí sin, níl a fhios ag CESE cén fáth nár shainaithin an Coimisiún Airteagal 84 CFAE mar bhunús dlí freisin. De réir an airteagail sin, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle ‘bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht na mBallstát maidir le cosc na coireachta a chur chun cinn agus tacú léi’. D’fhéadfadh na bearta sin raon feidhme níos leithne ná an dlí coiriúil a bheith acu freisin díreach toisc iad a bheith dírithe ar choireanna a chosc.

4.1.2In Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE, déantar tagairt do ‘bearta’ atá le glacadh ag na comhreachtóirí, rud a fhágann gur ionstraim iomchuí í an Treoir agus, dá bhrí sin, gur féidir an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir a phléitear anseo a úsáid.

4.1.3Níor cheart a áireamh sa Treoir comhchuibhiú ar bith ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát maidir le bearta coisctheacha, ós rud é go ndéantar comhchuibhiú a eisiamh le hAirteagal 84 CFAE. Faoi láthair, ní dhéantar foráil in Airteagal 3-6 den Treoir atá beartaithe maidir le haon chineál comhchuibhithe ar dhlí na mBallstát; ní dhéantar iontu ach na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit mar a leagtar amach iad i gCaibidil II de UNCAC a dheimhniú.

4.2Rud eile a luaigh an Coimisiún ná gur ‘[l]éirigh an méid a tháinig chun solais agus na líomhaintí a tháinig chun cinn ag deireadh na bliana seo caite go bhfuil tionchar acu ar institiúidí uile an Aontais beag beann ar cá dtarlaíonn siad ná líon na ndaoine lena mbaineann’. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid tar éis ‘Qatargate’, cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé go molfaí réitigh spreagúla agus misniúla lena bhféadfaí comhartha tábhachtach a thabhairt do shaoránaigh an Aontais a vótálann ar Pharlaimint na hEorpa.

4.2.1I bhfianaise na soiléireachta sin, d’fhéadfaí tionscnaimh eile a mholadh, rud a bheadh líon níos mó gníomhartha de chuid an Aontais lena bhféadfaí freastal ar na riachtanais a cuireadh in iúl mar thoradh air.

4.2.2Ar an gcéad dul síos, measann CESE gurb ionann na hábhair a bpléitear leo sa Treoir atá beartaithe agus na hábhair a bpléitear leo in UNCAC. Tá an tAontas Eorpach (a tháinig isteach in UNCAC in 2008) 3 agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe conarthacha de UNCAC. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na hoibleagáidí a eascraíonn as UNCAC maidir leis na páirtithe conarthacha uile ar an mbealach céanna agus a mhéid céanna.

4.2.3Ina theannta sin, níor cheart dearmad a dhéanamh go bhfuil an tAontas faoi réir shásra athbhreithnithe piaraí UNCAC, sásra a bhfuil an chéad timthriall tosaithe cheana féin agus an dara timthriall atá tiomnaithe don chosc (chomh maith le haisghabháil sócmhainní) le teacht ina dhiaidh.

4.2.4Dá bhrí sin, fiafraíonn CESE an raibh sé de cheart ag an gCoimisiún creat frithéillithe a mholadh a bheadh dírithe ar na 28 gcóras dlí uile lena mbaineann (ceann an Aontais agus córas dlí na 27 mBallstát), agus fiafraíonn sé ar cheart creat rialála comhthreomhar a bheith ag gabháil leis an togra le haghaidh Treoir ón Aontas lena dtabharfaí aghaidh ar dhlíchóras an Aontais ar bhealach ceangailteach. Ar an gcaoi sin, b’ionann, mar shampla, na sainmhínithe ar chionta éillithe a cheanglaítear ar Stáit, faoin Treoir, a áireamh ina ndlí coiriúil agus na sainmhínithe sin a bheidh ar OIPE a úsáid agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, ach maidir le bearta coisctheacha freisin. Is dócha gur cheart an creat comhthreomhar sin a bheith i gcinneadh ón gComhairle.

4.3Is ábhar iontais é nach ndéantar foráil sa Teachtaireacht maidir le ról níos fairsinge a bheith ag OIPE. Measann CESE gur gá oifig Ionchúisitheora Eorpaigh a bhunú a bheadh speisialaithe san éilliú.

4.3.1Deis a bheadh ann sin a áitiú ar an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an mbunús dlí a chuirtear ar fáil le hAirteagal 86(4) CFAE d’fhonn a chumhachtaí OIPE a leathnú 4 chun iompar éillitheach a chuimsiú, fiú mura mbeadh impleachtaí ann do shláine leasanna airgeadais an Aontais.

4.3.2Ina ionad sin, bíonn OIPE ag plé go heisiach le hAirteagal 24 den Treoir atá beartaithe, chun an oibleagáid maidir le comhar idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais sna hearnálacha a riartar leis an Treoir a athdhearbhú, chomh maith leis an oibleagáid atá ar ghníomhaireachtaí Eorpacha cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar chun críche imscrúduithe agus ionchúisimh a chomhordú ar bhealach níos fearr.

4.3.3Ní uirlis úsáideach í an Treoir atá beartaithe, ós rud é go bhforáiltear le CFAE do chinneadh ón gComhairle Eorpach. Dá bhrí sin, sa Teachtaireacht uaidh, ba cheart don Choimisiún iarracht mhór a dhéanamh na Ballstáit a spreagadh an réiteach sin a ghlacadh.

4.4Cé go n‑aithníonn CESE go bhfuil sé deacair liosta uileghabhálach a chur ar fáil de dhaoine atá comhionann le hoifigigh phoiblí, tá an sainmhíniú ar oifigigh phoiblí a leagtar amach in Airteagal 2(3)(a) agus (b) curtha le chéile faoi láthair ar bhealach chomh leathan agus chomh teibí sin nach léir cén cineál duine is féidir a bheith comhionann le hoifigeach poiblí. Ina theannta sin, sainmhínítear in Airteagal 2(3)(b) gur oifigeach poiblí aon duine eile a gcuirtear feidhm seirbhíse poiblí de chúram air nó uirthi sna Ballstáit nó i dtríú tíortha, atá ag obair d’eagraíocht idirnáisiúnta nó do chúirt idirnáisiúnta. Le sainmhíniú den sórt sin, ní féidir srian a chur ar chearta ná saoirsí daoine ar bhonn aonair, rud a fhágann gur féidir an sainmhíniú sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá róleathan agus míchothrom.

4.5Trí sháruithe ar dhlí an Aontais atá díobhálach do leas an phobail a thuairisciú, gníomhaíonn daoine mar ‘sceithirí’ agus, ar an gcaoi sin, bíonn ról lárnach acu maidir le sáruithe a nochtadh agus a chosc agus maidir le leas na sochaí a chosaint, lena n‑áirítear an t‑éilliú a chomhrac. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart cosaint do sceithirí a fheabhsú.

5.MAIDIR LE BEARTA COISCTHEACHA

5.1 Tá CESE den tuairim go bhfuil Airteagal 3 an‑tábhachtach toisc gur ábhar imní don Eoraip an chaoi a gcuirtear chun feidhme agus a léirmhínítear é agus aon sárú a dhéantar air, agus toisc go mbaineann inniúlachtaí iomadúla Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis, rud a chabhraíonn le haontacht an dlí Eorpaigh a choinneáil ar bun. Mar sin féin, tugann CESE faoi deara freisin gur ‘comhchuibhiú íosta’ ar dhlí na mBallstát é cúram na Treorach seo. Os a choinne sin, ní caighdeáin chomhchuibhithe na caighdeáin a bhunaítear in Airteagal 3; ní dhéantar san Airteagal ach achoimre ar na gnáthoibleagáidí atá i gCaibidil II de UNCAC. Níl in Airteagal 3 ach ‘forógra polaitiúil’: dearbhaítear ann go bhfuil an tAontas Eorpach toilteanach comhoibriú le gach Ballstát chun Caibidil II de UNCAC a chur chun feidhme, rud lena n‑athdhearbhaítear na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil sin.

5.1.1Chun ábhar an Airteagail seo a cháiliú mar íoschaighdeán comhchuibhithe, creideann CESE gur cheart rialacha níos déine agus níos beaichte a thabhairt isteach maidir le hoibleagáidí na mBallstát a mhéid a bhaineann le coinbhleachtaí leasa. Mar chuid de sin, chuirfí d’oibleagáid go sainráite ar gach Ballstát rialacha a ghlacadh lena bhféadfaí rochtain ar oifigí tofa agus ar oifigí rialtais a theorannú, bhunófaí córas neamh‑chomhoiriúnachta, neartófaí toirmisc iar‑théarmacha chun srian a chur le feiniméan na ndoirse imrothlacha, ghlacfaí cóid iompair, ghlacfaí creat rialála maidir le brústocaireacht, agus mar sin de.

5.1.2Ina theannta sin, iarrann CESE ar cheart creat rialála comhthreomhar ginearálta a bhunú lena dtabharfaí aghaidh ar dhlíchóras an Aontais ar bhealach ceangailteach. Is eol do CESE go gcuireann an Coimisiún i bhfios go láidir sa Teachtaireacht gurb ann do roinnt mhaith uirlisí a bhfuil gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais ag baint úsáid astu d’fhonn an t‑éilliú a chosc. Léiríodh le ‘Qatargate’, áfach, nár leor iad chun cleachtais éillitheacha a chosc. Tugann CESE dá aire an Teachtaireacht maidir leis an Togra le haghaidh comhlacht eitice idirinstitiúideach 5 . De réir a bhfuil sa Teachtaireacht sin, is é cúram an chomhlachta íoschaighdeáin eiticiúla chomhchoiteanna a fhorbairt le haghaidh iompar chomhaltaí na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha a liostaítear in Airteagal 13 CAE, maille le comhaltaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, má iarrann sé a bheith rannpháirteach. Ina theannta sin, chun go mbeidh an córas chun an t‑éilliú a chomhrac níos éifeachtaí, go háirithe agus an t‑éilliú á chosc, measann CESE go mbeadh sé níos iomchuí agus níos úsáidí sraith rialacha ginearálta a bheith ann a bheadh i gcoiteann le hinstitiúidí uile an Aontais agus a roinnfí leis na Ballstáit.

5.2A bhuí le rialáil na brústocaireachta, baintear amach dhá chuspóir: a) cabhraíonn sé le hidirdhealú níos fearr a dhéanamh idir gníomhaíocht dhleathach agus mangaireacht aindleathach tionchair; b) cabhraíonn sé le cásanna coinbhleachta leasa a shainaithint. Is bunriachtanach an dá chuspóir sin chun an t‑éilliú a chomhrac.

5.2.1Mar gheall air sin, molann CESE Airteagal 3(3) a shoiléiriú tuilleadh: d’fhéadfaí foclaíocht níos beaichte a chur in ionad an fhrása ‘rialacha éifeachtacha lena rialáiltear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí’, foclaíocht lena gcuirfí oibleagáid ar na Ballstáit creat rialála maidir le brústocaireacht a ghlacadh. Ba cheart rialacha comhchosúla a bheith i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

5.3Measann CESE go mbeadh sé an‑úsáideach líonra de chuid an Aontais a bhunú i gcoinne an éillithe, lena gcuirfí leis an taithí a fuarthas ó 2015 i leith, lena ndéanfaí an obair sin a leathnú agus a dhoimhniú trí uirlis ‘chun gníomhú mar chatalaíoch d’iarrachtaí chun éilliú a chosc ar fud an Aontais. Cuirfear de chúram air dea‑chleachtais agus treoir phraiticiúil a fhorbairt i réimsí éagsúla leasa choitinn. Tacóidh sé freisin le bailiú sonraí agus fianaise níos córasaí a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn láidir le gníomhaíochtaí frithéillithe agus le faireachán a dhéanamh ar rath na ngníomhaíochtaí sin. Cuirfidh an líonra leis an taithí a fuarthas ó bheith ag obair ní hamháin le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le húdaráis phoiblí, agus tabharfaidh sé le chéile na geallsealbhóirí ábhartha uile, cleachtóirí, saineolaithe agus taighdeoirí ina measc, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta’ 6 .

5.3.1Mar sin féin, ní mheasann CESE go bhfuil an réiteach sin sásúil toisc go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 6 de UNCAC. Leis an Airteagal sin ceanglaítear ar na Stáit is páirtithe (lena n‑áirítear an tAontas Eorpach) a áirithiú go bhfuil comhlacht nó comhlachtaí ann, de réir mar is iomchuí, a dhéanann an t‑éilliú a chosc. Deonóidh gach Stát is Páirtí an neamhspleáchas is gá don chomhlacht nó do na comhlachtaí de réir phrionsabail bhunúsacha a chórais dlí, chun an comhlacht nó na comhlachtaí a chumasú a fheidhmeanna nó a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach ar bhealach atá saor ó aon tionchar míchuí. Ba cheart na hacmhainní ábhartha riachtanacha agus an fhoireann speisialaithe is gá a chur ar fáil, chomh maith leis an oiliúint a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón bhfoireann sin chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh 7 . Ní mór don Aontas Eorpach sásra coisctheach dá chuid féin a tharraingt chuige a bheidh in ann a neamhspleáchas féin a ráthú.

5.3.2Ar an dara dul síos, míníonn an Coimisiún Eorpach go gcuirfear de chúram ar an líonra sin ‘dea‑chleachtais agus treoir phraiticiúil a fhorbairt i réimsí éagsúla leasa choitinn. Tacóidh sé freisin le bailiú sonraí agus fianaise níos córasaí a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn láidir le gníomhaíochtaí frithéillithe agus le faireachán a dhéanamh ar rath na ngníomhaíochtaí sin 8 . Is cosúil nach gcomhlíonann cúraimí an líonra sin na ceanglais atá leagtha síos ag UNCAC do na Stáit is páirtithe. Ní thugtar aghaidh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ar an bpríomhcheist atá ann, is é sin creat institiúideach chun beartais frithéillithe éifeachtacha chomhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme nó a choinneáil ar bun, ar beartais iad lena gcuirtear rannpháirtíocht na sochaí chun cinn agus lena léirítear prionsabail an smachta reachta, bainistiú cuí gnóthaí poiblí agus maoine poiblí, sláine, trédhearcacht agus cuntasacht 9 .

5.3.3Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh rannpháirtíocht geallsealbhóirí, a bhfuil leasanna eacnamaíocha an‑láidir acu freisin, agus easpa rannpháirtíochta daoine lasmuigh de na hinstitiúidí Eorpacha atá inniúil agus neamhspleách an bonn a bhaint d’inchreidteacht an líonra seo.

5.3.4I ndáil leis an méid sin, molann CESE don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an mbunús dlí a leagtar síos in Airteagal 197(2) CFAE i ndáil leis an ngá atá le gníomhaireacht a chur ar fáil don Aontas a bheidh freagrach as eitic agus sláine a chaomhnú (i.e. gníomhaireacht frithéillithe), gníomhaireacht lena ndearfar cineál comhtháite riaracháin ar an leibhéal náisiúnta a bheidh bunaithe ar an méid atá déanta cheana féin i réimsí straitéiseacha eile den inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit (an iomaíocht, an príobháideachas, an chumarsáid leictreonach, frithsciúradh airgid).

5.3.5D’fhéadfaí Airteagal 5(4) de UNCAC a chomhlíonadh freisin dá mbeadh gníomhaireacht den chineál sin ann. D’fheidhmeodh sí mar bhrainse oibríochtúil theicniúil an Aontais i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha. Bheadh ar údarás Eorpach den sórt sin dul i mbun idirphlé leis na húdaráis chomhfhreagracha arna mbunú ag Ballstáit an Aontais chun Airteagal 6 de UNCAC a chomhlíonadh, mar a aithnítear in Airteagal 4 den togra le haghaidh Treorach, agus le húdaráis eachtracha ar an leibhéal idirnáisiúnta.

6.MAIDIR LE BEARTA SRIANTACHA

6.1Creideann CESE gur rogha iontach é idirghabháil a dhéanamh don chineál céanna coireachta in aghaidh iompar a dhéantar san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon: is léir ón gcur chuige sin go bhfuil an fhreagracht chéanna ar an dá pháirtí a ghlacann páirt sa trádáil aindleathach i gcás breabaireachta. Is iontach, freisin, an réiteach maidir le déileáil le cásanna aonair d’fheiniméan an éillithe, agus cásanna éagsúla á sainaithint de réir struchtúr an chiona atá ábhartha ó thaobh na coireachta de: tá an‑luach ag an obair chomhchuibhithe sin ó thaobh córais dlí na mBallstát a chomhtháthú toisc go n‑áirithítear léi slándáil agus ceartas ar fud an Aontais do na cásanna coiriúla céanna, cásanna nach bhfuiltear ar an eolas fúthu i dtíortha áirithe (sa Ghearmáin, mar shampla, ní heol don saol mór cad is mangaireacht tionchair ann).

6.1.1Mar sin féin, ba mhaith le CESE roinnt barúlacha criticiúla a chur in iúl, go háirithe maidir le hAirteagal 11 (Drochúsáid oifige). Leis an riail atá in Airteagal 11, leathnaítear go mór raon feidhme an cháis. Mar sin féin, is léir ó thaithí roinnt Ballstát (go háirithe an Iodáil) nach féidir drochúsáid oifige sa réimse príobháideach a ionchúiseamh go héasca mar gheall ar dheacrachtaí fianaise.

6.1.2Thairis sin, má dhéantar an choir chéanna sa réimse poiblí, cruthaítear fadhbanna tromchúiseacha cothromaíochta maidir le cearta an chosantóra a bhfuil baint aige leis na himeachtaí coiriúla a urramú. Cuirtear comhlíonadh dhualgais an chosantóra i mbaol agus cuirtear cáil an chosantóra i mbaol: léirítear an méid sin go han‑soiléir i gcás na hIodáile.

6.1.3Dá bhrí sin, agus ar bhonn níos ginearálta, is cosúil go mbeadh sé úsáideach dá molfaí do na Ballstáit sa Treoir go ndéanfaí bealaí meara chun an breithiúnas a réiteach a chur ar bun le haghaidh coireanna i gcoinne an riaracháin phoiblí, le go rachfaí i ngleic leis an dá shaincheist ríthábhachtacha a cuireadh in iúl.

6.2D’fhéadfaí a mholadh sa Treoir, freisin, go gcruthódh na Ballstáit rialacha maidir le hurghabháil agus calcadh coisctheach sócmhainní chun a áirithiú nach mbainfí buntáiste as gníomhartha éillithe, lena gcuimseofaí aisíocaíochtaí agus cúiteamh d’íospartaigh (mar shampla, daoine aonair nó cuideachtaí nach raibh in ann rochtain a fháil ar chonarthaí poiblí ná ar thairiscintí).

6.3Leis an teicníc chomhchuibhithe íosta a fhorchuirtear le hAirteagal 83 CFAE, ní mór na cineálacha coireachta a shainaithint go soiléir ionas go mbeidh gach Ballstát in ann caighdeán an Aontais a thrasuí ina reachtaíocht choiriúil féin ar bhealach iomchuí, agus a bhuí leis an trasuí sin, an comhchuibhiú íosta inmhianaithe a bhaint amach go beacht. Más rud é, ar an taobh eile, nach bhfuil na cineálacha coireachta atá bunaithe ag caighdeán an Aontais soiléir, ní bhainfear comhchuibhiú amach. Is amhlaidh atá go háirithe maidir le hAirteagal 10: má tá sé chun tionchar príobháideach thar a bheith míchuí sa chinnteoireacht phoiblí a chomhrac, beidh ar an Aontas Eorpach sainmhíniú an‑soiléir a leagan síos ar cad is mangaireacht tionchair ann agus machnamh a dhéanamh ar pharaiméadair shoiléire a leagan síos don chion comhfhreagrach, chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an bhrústocaireacht.

6.4I bhfianaise éagsúlacht na sainmhínithe dlíthiúla ar dhrochúsáid oifige atá in úsáid i mBallstáit éagsúla agus an gá atá le bheith éifeachtach, measann CESE go mbeadh sé thar a bheith úsáideach cásanna de dhrochúsáid oifige ar mhaithe le díobháil a dhéanamh a áireamh in Airteagal 11 maidir le drochúsáid oifige, mar aon le cásanna a sháraíonn an dualgas staonadh i gcás coinbhleacht leasa.

6.5Measann CESE go bhfuil fadhbanna ag baint le ‘sealbhú’ a bheith san áireamh in Airteagal 13 (saibhriú ó chionta éillithe) ó thaobh an phrionsabail ne bis in idem de agus molann sé go mbainfí an focal sin ón airteagal céanna.

6.6Trí thagairt a dhéanamh don ‘duine dlítheanach’ in Airteagal 2(7), cuirtear as an áireamh an fhéidearthacht go bhféadfadh feidhm a bheith ag rialacha an Aontais chun an t-éilliú a chomhrac a leagtar amach sa togra seo le haghaidh Treorach maidir le heintitis nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu. Mar sin féin, i gcleachtas intíre agus idirnáisiúnta bíonn roinnt mhaith cásanna éillithe ann a mbíonn eintitis nach bhfuil stádas dlíthiúil acu freagrach astu.

An Bhruiséil, 4 Deireadh Fómhair 2023

Cinzia DEL RIO

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

___________

(1)       COM(2023) 311 – final .
(2)    Léirítear go bhfuil saincheist an bhunúis dlí i réimse an fhrithéillithe tábhachtach agus ní hamháin sin ach go bhfuil sé conspóideach freisin sa ‘Treoir Eorpach maidir le sceithireacht agus a trasuí i ndlí na hIodáile’ (Foraithne Reachtach uimh. 24/2023) le M. Magri, Institiúidí na Cónaidhme, Iris na staidéar dlíthiúil agus polaitiúil , 2022, eagrán speisialta 3, lch. 555 ss.). Maidir leis an sceithireacht, deir Magri go bhfuil sé léirithe aige, ní le bheith cruinn ach díreach ar mhaithe le hábhar machnaimh a chur ar fáil, go bhfuil amhras ann maidir le gníomh reachtach Treoir 1937/2019 agus a mhéid a bhfuil sí i gcomhréir leis an gConradh de dheasca easpa bunús dlí (lch. 578).
(3)     Cinneadh 2008/801/AE , 25 Meán Fómhair 2008.
(4)    Féach an tuairim ó CESE Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, IO C 170, 05.06.2014, lch. 85 (níl leagan Gaeilge ann).
(5)     COM/2023/311 – final .
(6)     JOIN/2023/12 final .
(7)    UNCAC, Airteagal 6(1) agus (2) .
(8)     JOIN/2023/12 final .
(9)    UNCAC, Airteagal 5(1) .