 
               
            
            
            
               ECO/619
            
            
               Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, 2023
            
            
            
            
            
               TUAIRIM
            
            
            
               An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
            
            
            
               Breithnithe breise maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, 2023
            
            
               (tuairim féintionscnaimh)
            
            
            
               
                  | 
                        Teagmháil
                      | 
                        
                           eco@eesc.europa.eu
                        
                      | 
               
                  | 
                        Riarthóir
                      | 
                        Krisztina PERLAKY-TÓTH
                      | 
               
                  | 
                        Dáta an doiciméid
                      | 
                        10/10/2023
                      | 
            
            
               Rapóirtéir: Manthos MAVROMMATIS 
            
            
            
            
            
          
         
            
               
                  | 
                        Cinneadh ón Tionól Iomlánach
                      | 
                        23/03/2023
                      | 
               
                  | 
                        Bunús dlí
                      | 
                        Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
                      | 
               
                  |  |  | 
               
                  | 
                        An rannóg atá freagrach
                      | 
                        Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
                      | 
               
                  | 
                        Dáta a glactha sa rannóg
                      | 
                        05/10/2023 
                      | 
               
                  | 
                        Toradh na vótála
                           (ar son/in aghaidh/staonadh)
 | 
                        72/0/0
                      | 
               
                  | 
                        Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
                      | 
                        DD/MM/YYYY
                      | 
               
                  | 
                        Seisiún iomlánach Uimh.
                      | 
                        …
                      | 
               
                  | 
                        Toradh na vótála
                           (ar son/in aghaidh/staonadh)
 | 
                        …/…/…
                      | 
            
            
            
            
               
            
            
               1.Conclúidí agus moltaí
            
            
            
               1.1Tá CESE ag moladh go mbainfí leas as sonraí eacnamaíocha chun beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) a oiriúnú go leanúnach le deimhin a dhéanamh de go mbainfear amach an sprioc mheántéarmach 2 % atá ann i leith an bhoilscithe, agus an riosca maidir le bheith ródhian á choinneáil faoi smacht san am céanna. Má tá an beartas airgeadaíochta ródhian, is cinnte go mbeidh drochiarmhairtí ann do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, rud a chuirfeadh isteach ar inbhuanaitheacht na n‑iasachtaí, sa chaoi go laghdófaí an rochtain ar chreidmheas agus go gcuirfí bac ar an infheistiú sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. 
            
            
            
               1.2Is éard is inmholta do BCE cur chuige stuama a chleachtadh go mór mór i bhfianaise an luí atá ar chúrsaí eacnamaíocha faoi láthair, agus laghdú tagtha ar an bhfás eacnamaíoch agus baol tagtha chun cinn go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann i gcuid de na Ballstáit. Is rídheacair, áfach, réamh‑mheastacháin a dhéanamh faoin rogha beartais is fearr do BCE mar tá sé ag éirí níos práinní cothromaíocht a bhaint amach idir laghdú a dhéanamh ar an mboilsciú ard leanúnach agus laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann, ó tharla go bhfuil éiginnteacht mhór fós ann sna príomhréimsí beartais.
            
            
            
               1.3Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún go ndéanfadh tíortha an limistéir euro a mbeartas fioscach a chomhordú le beartas airgeadaíochta BCE ar mhaithe le beartas airgeadaíochta a chur ann a d’fhéadfadh an boilsciú a mhaolú go héifeachtach ach cur chuige comhleanúnach a chleachtadh.
            
            
            
               1.4Maidir le fuinneamh, cuireann CESE in iúl go bhfuil éiginnteacht ann fós ó thaobh rioscaí geopholaitiúla de, sin agus ó thaobh rioscaí a bhaineann leis an soláthar fuinnimh, á chur san áireamh nach raibh na praghsanna chomh hard riamh, ainneoin cosúlacht a bheith orthu gur cothroime anois iad ná mar ab ea cheana. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas iarracht níos mó a dhéanamh maidir leis an soláthar fuinnimh a éagsúlú tuilleadh.
            
            
            
               1.5Is ábhar imní do CESE an boilsciú ard atá ann. Táthar á thuar go mbeidh sé chomh hard le 5.6 % in 2023. Is ábhar imní dó go háirithe an boilsciú in earnáil an bhia, mar ní i gcónaí a bhíonn iomaíocht ghéar sa réimse sin i mBallstáit áirithe.
            
            
            
               1.6Tá CESE den tuairim, agus cinneadh déanta ag an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile leis na creataí sealadacha maidir le bearta státchabhrach, go mbeidh bearta ann a bheidh níos spriocdhírithe agus níos fearr freisin ó thaobh a ndeartha, a n‑éifeachtúlachta agus n‑inacmhainneachta de. Á chur san áireamh nach ionann an acmhainn atá sna Ballstáit uile maidir le státchabhair a dheonú, theastódh bearta den chineál sin le comhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú.
            
            
            
               1.7Is mian le CESE moladh ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) a thabhairt chun suntais (Recommendation on the Economic Policy of the Euro Area). Sonraítear sa mholadh sin gurb é is dóichí faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire go gcuirfí leis an mbrú boilscitheach dá ndéanfaí an beartas eacnamaíoch a fhairsingiú chun tacú le taobh an éilimh. Dá bhrí sin, ba cheart beartas fioscach iomchuí sainiúil a chur i bhfeidhm sna Ballstáit, beartas ina gcuirfí cás sainiúil an Bhallstáit féin san áireamh ó thaobh airgeadas poiblí de.
            
            
            
               1.8Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le bearta fioscacha spriocdhírithe chun tacú le daoine agus le cuideachtaí leochaileacha, ionas nach ligfí poist ná caipiteal daonna le sruth, agus comharthaí praghais á gcaomhnú agus dreasachtaí á gcur ar fáil chun tomhaltas fuinnimh a laghdú. Ba cheart tacú go cuí freisin le leibhéil leordhóthanacha infheistíochta sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht d’fhonn an táirgiúlacht a mhéadú agus dlús a chur faoi fhás an fhíorgheilleagair, mar aon leis an iomaíochas a chothabháil.
            
          
         
            
            
               1.9Is díol sásaimh do CESE na tograí reachtacha ón gCoimisiún chun rialachas eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú den chéad uair ó bhí na géarchéimeanna airgeadais ann. Maidir leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór do na Ballstáit freagracht a ghlacadh as an bpróiseas agus nach mór na rialacha nua a bheith éifeachtach má tá i ndán go mbeidh rath ar an gcreat athchóirithe.
            
            
            
               1.10Is díol sásaimh do CESE athléimneacht choibhneasta an mhargaidh saothair, rud a tugadh chun soiléire sna sonraí is déanaí, ainneoin na dífhostaíochta móire i measc na n‑óg i gcuid de na Ballstáit, agus brú mór ar an bhfíorphá. Mar a chuir BCE in iúl, nuair is cúng don mhargadh saothair i láthair na huaire, ba cheart an pá ainmniúil a ardú d’fhonn cuid den chumhacht cheannaigh a bhíodh ag an oibreoir roimhe seo a thabhairt ar ais dó nó di san fhíorphá. 
            
            
            
               1.11I bhfianaise an bhoilscithe leanúnaigh agus na n‑éifeachtaí díobhálacha a bhíonn aige ar fhíorphá, creideann CESE gur cheart do na comhpháirtithe sóisialta agus na rialtais dul i mbun caibidlíochta agus teacht ar chomhshocruithe náisiúnta maidir le hioncam d’fhonn an boilsciú a laghdú gan an bonn a bhaint den infheistíocht ná den fhás, agus gur cheart bearta a bheith ag gabháil leis na comhshocruithe sin chun tacú leis na codanna is leochailí den daonra.
            
            
            
               1.12Creideann CESE nach dtiocfaidh aon athrú ar an scéal sa tréimhse atá fágtha ó thaobh na tábhachta atá leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme go héifeachtúil, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar meastóireacht chríochnúil ar thionchar na dtionscadal maoinithe lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na spriocanna fadtéarmacha agus go mbeidh siad in ann cuidiú i gceart leis an téarnamh agus leis an athléimneacht.
            
            
            
               1.13Thairis sin, molann CESE do BCE agus do na rialtais náisiúnta bearta tacaíochta malartacha agus tionscnaimh iomchuí a chur i bhfeidhm, seachas rátaí úis a athrú, chun an boilsciú a ísliú a luaithe is féidir, go háirithe ós rud é go bhfuil saobhadh agus cur isteach suntasach ar an soláthar ar cheann de na príomhchúiseanna leis an mboilsciú reatha. 
            
            
                
            
            
               1.14Is díol imní do CESE staid gheilleagar an limistéir euro tar éis an mhéadaithe a rinne BCE ar rátaí úis i mí Mheán Fómhair. Cuireann sé in iúl gur cheart, bunaithe ar na bunphrionsabail eacnamaíocha reatha, méaduithe breise a sheachaint. Is é an dúshlán atá ann anois don lucht ceaptha beartas ina iomláine a chinneadh cé chomh luath agus a bheidh sé indéanta rátaí úis a ísliú.
            
            
            
               2.Comhthéacs agus cúlra
            
            
            
               2.1Tá geilleagar na hEorpa ag fás ag ráta measartha. An t‑ísliú ar na praghsanna fuinnimh (seachas i gcás ola), scaoileadh na srianta ar an slabhra soláthair agus an téagar atá sa mhargadh saothair, ba chúnamh an méid sin ar fad leis an bhfás measartha a bhí ann an chéad ráithe de 2023 agus, a bhuí leis sin, bhíothas in ann cúlú eacnamaíoch a sheachaint. Mar sin féin, leis na sonraí eacnamaíocha is déanaí, tugtar le tuiscint go bhfuil méadú tagtha ar an seans go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann.
            
            
            
               2.2Bunaithe ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch an tSamhraidh a rinne an Coimisiún Eorpach, laghdaíodh ionchas fáis gheilleagar an Aontais go 0.8 % in 2023 (le hais an 1.0 % a tuaradh i Réamhaisnéis Eatramhach an Earraigh) agus go 1.4 % i gcomhair 2024 (le hais an 1.7 % a tuaradh san earrach). Tá treochtaí anuas den chineál sin le sonrú ar fud an limistéir euro, agus fás 0.8 % agus 1.3 % le teacht ar an olltáirgeacht intíre (OTI) in 2023 agus 2024, más fíor do na réamhaisnéisí.
            
            
            
               2.3Táthar ag súil go leanfaidh an boilsciú de bheith ag laghdú le linn na tréimhse réamhaisnéise, agus réamhaisnéis ann gur luach 5.6 % a bheidh leis in 2023 agus luach 2.9 % in 2024 sa limistéir euro trí chéile. Chuige sin, beidh ar BCE gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh ó thaobh an bheartais airgeadaíochta de. Agus leibhéal ard boilscithe ann fós, rud is ábhar imní go háirithe in earnáil an bhia, mar ní i gcónaí a bhíonn iomaíocht ghéar sa réimse sin i mBallstáit áirithe, tá sé beartaithe géarú tuilleadh ar na coinníollacha atá ann i dtaca le maoiniú. Thairis sin, cé go meastar go mbeidh deireadh le sraith na n‑arduithe atá á bhforchur ag BCE agus ag na bainc cheannais ar rátaí úis sula i bhfad, is dócha go mbeidh impleachtaí ag an neamhshocracht a bhí in earnáil an airgeadais sna Stáit Aontaithe agus san Eilvéis le déanaí ar chostais agus ar an rochtain ar chreidmheas.
            
          
         
            
            
               2.4Ní raibh tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bhillí fuinnimh san Aontas chomh suaiteach agus a ceapadh go mbeadh toisc an geimhreadh a bheith bog cineálta, toisc go ndearnadh an soláthar fuinnimh a éagsúlú go tapa, agus toisc gur tháinig laghdú mór ar úsáid an gháis, rud a d’fhág gur in ísle a chuaigh na praghsanna.
            
            
            
               2.5Mar a luadh i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh a rinne an Coimisiún Eorpach, mar thoradh ar an bhfás láidir ainmniúil agus scaoileadh na mbeart a bhí fós i bhfeidhm tar éis na paindéime, laghdaigh easnamh comhiomlán rialtais an Aontais go dtí 3.4 % de OTI in 2022, bíodh agus go raibh tionchar ar leith ar na haicmí is laige den daonra toisc gur cuireadh deireadh leis na cláir sin. 
            
            
            
               2.6Tá téagar an mhargaidh saothair ag cur le hathléimneacht gheilleagar an Aontais. I mí an Mhárta 2023, thit an ráta dífhostaíochta go 6.0 %, an ráta dífhostaíochta is ísle a bhí ann riamh. Chuidigh rátaí láidre rannpháirtíochta agus fostaíochta leis an méid sin. Ag an am céanna, áfach, tá ganntanais leanúnacha ann, go háirithe maidir le hoibrithe ardoilte. Ina theannta sin, is fíor go bhfuil dífhostaíocht ard i measc na n‑óg i gcuid de na Ballstáit, agus go bhfuil brú mór ar an bhfíorphá mar gheall ar an mboilsciú ard. 
            
            
            
               2.7Meastar gur beag difear a thiocfaidh ar mhargadh saothair an Aontais ainneoin moill a bheith ar an bhfairsingiú eacnamaíoch. Is éard atá a thuar go dtiocfaidh méadú 0.5 % ar an bhfostaíocht i mbliana agus go laghdóidh an fás sin de bheagán go 0.4 % in 2024. Meastar go bhfanfaidh an ráta dífhostaíochta beagán os cionn 6 %. 
            
            
            
               2.8I dtuairim a d’fhoilsigh CESE le déanaí, ghlac sé seasamh maidir leis an mbeartas eacnamaíoch atá le cur chun feidhme laistigh den limistéar euro. Obair leanúnach is ea an tuairim sin: d’fhoilsigh sé tuairim eile maidir leis an ábhar sin cheana. Sonraítear sa tuairim nua sin an seasamh is déanaí atá glactha ag CESE, bunaithe ar na forbairtí agus na sonraí is déanaí.
            
            
            
               3.Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha
            
            
            
               3.1Tugann CESE dá aire go ndearna BCE, sa chruinniú a bhí aige i mí Mheán Fómhair, na rátaí úis ar thaiscí a ardú faoi 25 bhonnphointe go 4 %, an leibhéal is airde a bhí ann riamh. Tar éis do BCE na réamhaisnéisí fáis i dtaca leis na chéad trí bliana eile a laghdú beagán i ndiaidh an chruinnithe a bhí aige i mí Iúil, tá foláireamh tugtha aige anois go bhfuil Comhairle Rialaithe BCE meáite ar an mboilsciú a thabhairt ar ais go dtí an sprioc mheántéarmach 2 % a bhí beartaithe dó, agus sin a dhéanamh go pras.
            
            
            
               3.2Tá seans ann go mbeadh na rátaí sin ní b’airde ná mar a ceapadh ar feadh tréimhse ní b’fhaide i ngeall ar an mboilsciú leanúnach: dá bhrí sin, tá CESE ag moladh go mbainfí leas as sonraí eacnamaíocha leis an mbeartas airgeadaíochta a oiriúnú go leanúnach le deimhin a dhéanamh de go mbainfí amach sprioc 2 % BCE i leith an bhoilscithe, agus an riosca maidir le bheith ródhian á choinneáil faoi smacht san am céanna. Go deimhin féin, má tá an beartas airgeadaíochta ródhian, d’fhéadfadh drochiarmhairtí a bheith ann do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, rud a chuirfeadh isteach ar inbhuanaitheacht na n‑iasachtaí (tuilleadh iasachtaí neamhthuillmheacha), a laghdódh an rochtain ar chreidmheas (i gcás FBManna go háirithe) agus a chuirfeadh bac ar na hinfheistíochtaí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.
            
            
            
               3.3Is éard is inmholta cur chuige stuama a chleachtadh go mór mór i bhfianaise an luí atá ar chúrsaí eacnamaíocha faoi láthair, agus laghdú tagtha ar an bhfás eacnamaíoch agus baol tagtha chun cinn go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann i gcuid de na Ballstáit. É sin ráite, tá sé an‑deacair réamh mheastacháin a dhéanamh faoin rogha beartais is fearr do BCE mar tá sé ag éirí níos práinní cothromaíocht chasta a bhaint amach idir laghdú a dhéanamh ar an mboilsciú ard leanúnach agus laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann, ó tharla go bhfuil éiginnteacht mhór fós ann sna príomhréimsí beartais
            
            
            
               3.4Mar a shonraigh CESE i dtuairim uaidh roimhe seo, tacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún go ndéanfadh tíortha an limistéir euro a mbeartas fioscach féin a chomhordú le beartas airgeadaíochta BCE. Tá comhordú den sórt sin tábhachtach chun tacú le beartas airgeadaíochta atá in ann an boilsciú a mhaolú go héifeachtach trí chur chuige comhleanúnach, go háirithe ós rud é go bhfuil an saobhadh agus an cur isteach suntasach ar an soláthar ar cheann de na cúiseanna leis an mboilsciú reatha.
            
          
         
            
            
               3.5Maidir le praghsanna fuinnimh, is mian le CESE a chur in iúl go bhfuil éiginnteacht ann fós ó thaobh rioscaí geopholaitiúla de, sin agus ó thaobh rioscaí a bhaineann leis an soláthar fuinnimh, á chur san áireamh nach raibh na praghsanna chomh hard riamh, ainneoin cosúlacht a bheith orthu gur cothroime anois iad ná mar ab ea cheana. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, iarracht níos mó a dhéanamh maidir leis an soláthar fuinnimh a éagsúlú tuilleadh agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú mar chuid de phróiseas an aistrithe ghlais atá ar bun.
            
            
            
               3.6Tugann CESE dá aire gur mhaolaigh an Coimisiún na rialacha maidir leis an státchabhair tríd an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe chun déileáil, i measc rudaí eile, le harduithe praghsanna san earnáil fuinnimh tar éis an ionraidh ar an Úcráin. A bhuí le bearta den sórt sin, bhíothas in ann tacú go cuí le fiontair, agus go háirithe FBManna, in am an ghátair. Is fiú a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha san acmhainn atá sna Ballstáit uile státchabhair a dheonú agus go bhfuil sé tagtha chun soiléire le blianta beaga anuas go bhfuil an acmhainn sin sainiúil don Bhallstát féin, rud a fhágann go bhféadfadh sé go bhfuil difear á dhéanamh do chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh, ós rud é nach mar an gcéanna iad na hacmhainní airgeadais ná na hacmhainneachtaí atá ag na Ballstáit chun na hacmhainní sin a chur ar fáil. Agus cinneadh déanta ag an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile leis na creataí sealadacha, ba cheart go mbeadh bearta ní ba spriocdhírithe ann agus ní b’fhearr freisin ó thaobh a ndeartha, a n‑éifeachtúlachta agus n‑inacmhainneachta de.
            
            
            
               3.7Is mian le CESE Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro ó Chomhairle Ecofin a thabhairt chun suntais, moladh ina bhfuil an méid seo a leanas ráite go sonrach: ‘Sa timpeallacht atá ann faoi láthair, le fairsingiú fioscach leathan chun tacú leis an éileamh, chuirfí le brú boilscithe a thuilleadh’. Dá bhrí sin, ba cheart beartas fioscach iomchuí sainiúil a chur i bhfeidhm sna Ballstáit, beartas ina gcuirfí cás sainiúil an Bhallstáit féin san áireamh ó thaobh airgeadas poiblí de. I ndáil leis sin, tacóidh comhdhlúthú freagrach fioscach leis an mbeartas airgeadaíochta, rud a chuirfidh ar chumas BCE dlús a chur leis an bpróiseas chun rátaí úis a ísliú.
            
            
            
               3.8San am céanna, tá gá le bearta fioscacha spriocdhírithe sealadacha chun tacú le daoine agus le cuideachtaí leochaileacha, ionas nach ligfí poist ná caipiteal daonna le sruth, agus comharthaí praghais á gcaomhnú agus dreasachtaí á gcur ar fáil chun tomhaltas fuinnimh a laghdú. Ba cheart tacú go cuí freisin le leibhéil iomchuí infheistíochta sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht d’fhonn dlús a chur le fás an fhíorgheilleagair, an táirgiúlacht a mhéadú agus an t‑iomaíochas a chothú. Chuige sin, ba ríthábhachtach dlúth‑chomhordú a dhéanamh ar na freagairtí beartais idir na Ballstáit.
            
            
            
               3.9Is díol sásaimh do CESE na tograí reachtacha ón gCoimisiún chun rialachas eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú den chéad uair ó bhí na géarchéimeanna airgeadais ann. Is é is aidhm do na rialacha nua inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a neartú trí athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh le fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn i ngach Ballstát. Tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór do na Ballstáit freagracht a ghlacadh as an bpróiseas, gur gá dóibh a bheith tiomanta agus nach mór na rialacha nua a bheith éifeachtach má tá i ndán go mbeidh rath ar an gcreat athchóirithe.
            
            
            
               3.10Tugann CESE dá aire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na luachanna tagartha i leith an chóimheasa idir easnamh agus OTI (3 %) agus an chóimheasa idir fiachas agus OTI (60 %) a choinneáil ar an leibhéal céanna ach, san am céanna, tá sé á chur i bhfáth aige nach mór a áirithiú, le pleananna struchtúracha fioscacha, go rachadh na cóimheasa fiachais OTI i laghad nó go bhfanfaidís ar leibhéil stuama. Tacaítear leis an mbéim atá á leagan ag an gCoimisiún ar an nglanchaiteachas príomha mar phríomhpharaiméadar meastóireachta an rialachais eacnamaíoch nua. Ag an am céanna, is cúis imní do CESE go bhféadfadh an infheistíocht phoiblí a bheith róshrianta faoin gcreat nua. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí poiblí atá dírithe ar dhlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus d’infheistíochtaí i réimse na cosanta.
            
            
            
               3.11Léirítear seasamh CESE maidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le rialachas eacnamaíoch sa tuairim uaidh ar an ábhar sin. Tugtar le fios sa dréacht den tuairim sin gur díol sásaimh do CESE go mbunófar conairí náisiúnta sainiúla chun airgeadas poiblí inbhuanaithe a áirithiú trí phleananna fioscacha agus struchtúracha atá bunaithe ar chomhréitigh arna gcaibidliú ag na húdaráis Eorpacha agus na húdaráis náisiúnta. Má táthar chun freagracht a ghlacadh as na gealltanais sin ar an leibhéal náisiúnta, measann CESE go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos mó ó thaobh na bparlaimintí náisiúnta agus na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach de, mar chuid de thuiscint níos daonlathaí ar rialachas eacnamaíoch an Aontais, mar aon le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróisis na gcomhairliúchán foirmiúil.
            
            
            
               3.12Is díol sásaimh do CESE athléimneacht choibhneasta an mhargaidh saothair, rud is léir ó na sonraí is déanaí, ach tá sé á chur i bhfáth aige san am céanna gur údar imní dó na deacrachtaí atá ag gnólachtaí go forleathan oibrithe oilte a fhostú. I ndáil leis sin, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil Employment and Social Developments in Europe – Addressing labour shortages and skills gaps in the EU a chur chun feidhme go pras.
            
            
            
               3.13I bhfianaise an bhoilscithe leanúnaigh agus na n‑éifeachtaí díobhálacha a bhíonn aige ar fhíorphá, creideann CESE gur cheart do na comhpháirtithe sóisialta agus na rialtais dul i mbun caibidlíochta agus teacht ar chomhshocruithe náisiúnta maidir le hioncam d’fhonn an boilsciú a laghdú gan an bonn a bhaint den infheistíocht ná den fhás, agus gur cheart bearta a bheith ag gabháil leis na comhshocruithe sin chun tacú leis na codanna is leochailí den daonra.
            
            
            
               3.14Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, moltar go láidir an treoir maidir le pá íosta a chur chun feidhme ar fud na mBallstát go pras ar mhaithe le margadh saothair a bhaint amach a bheadh láidir cothrom, margadh lena gcaomhnófaí cumhacht cheannaigh an phá an uair atá boilsciú ard ann agus an t‑airgead gann. Chuige sin, ba ríthábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíochtaí éifeachtacha spriocdhírithe agus an treoir sin á cur chun feidhme. D’fhéadfadh cóineasú ab fhearr a bheith ann ar fud an Aontais ach tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin.
            
          
         
            
            
               3.15Creideann CESE gur léir ón ngéarchéim banc a bhí sna Stáit Aontaithe le déanaí agus cás Credit Suisse san Eoraip gur ríthábhachtach gníomhú go tapa le srian a choinneáil ar an riosca tógálachta ionas nach gcaillfeadh infheisteoirí agus taisceoirí muinín i gcás géarchéimeanna bainc. Rud eile a tháinig chun solais gá a bheith leis an tsolúbthacht chun réitigh a fhorbairt cás ar chás. Dá bhrí sin, faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim uaidh roimhe seo, is mór ag CESE an tionscnamh cuimsitheach a sheol an Coimisiún le déanaí chun an creat dlíthiúil bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí a chur i gcrích, ós céim ríthábhachtach é an tAontas Baincéireachta a chur chun cinn chun margadh aonair na hEorpa a neartú tuilleadh ar mhaithe le cáiníocóirí agus gnólachtaí. Ag an am céanna, áfach, is cúis mhór imní í an easpa maoirseachta atá á déanamh ag BCE ar chodanna suntasacha de chóras baincéireachta an Aontais. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin, i bpáirt ar a laghad, tríd an gcreat dlíthiúil bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí a fhormheas agus a chur chun feidhme go pras.
            
            
            
               3.16Tá cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi lán seoil. Ba ríthábhachtach úsáid éifeachtach a bheith á baint ag na Ballstáit as na cistí atá ar fáil chun feabhas a chur ar a ngeilleagar féin i bhfianaise na ndúshlán atá rompu. Tá sé chomh tábhachtach céanna an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme go héifeachtúil don tréimhse atá fágtha agus beidh gá le meastóireacht chríochnúil ar thionchar na dtionscadal maoinithe lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na spriocanna fadtéarmacha agus go mbeidh siad in ann cuidiú leis an téarnamh agus leis an athléimneacht.
            
            
            
               3.17Is díol sásaimh do CESE an iarracht chomhpháirteach atá ar bun ag BCE agus ag an gCoimisiún i leith an euro dhigitigh, an iarracht ba spreagadh le foilsiú phacáiste an euro dhigitigh an 28 Meitheamh 2023. Le sprioc chomh huaillmhianach dúshlánach agus atá sprioc an euro dhigitigh, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí deis leis an airgeadra coiteann a thabhairt cothrom le dáta le forbairtí i réimse na teicneolaíochta, rud a bhféadfadh buntáistí do na saoránaigh agus do na gnólachtaí fud fad an Aontais a bheith mar thoradh air.
            
            
            
               3.18Tá roinnt mhaith dúshlán roimh gheilleagar na hEorpa a bhaineann leis an moilliú eacnamaíoch domhanda atá ann faoi láthair, le hardleibhéil fiachais phoiblí i roinnt tíortha, leis an mboilsciú ard, agus leis an athrú aeráide. Sa chomhthéacs sin, cuireann CESE in iúl go bhfuil gá le hiarrachtaí comhordaithe ó na cinnteoirí uile agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas cinnteoireachta maidir le beartais eacnamaíocha.
            
            
            
               4.Na forbairtí is déanaí
            
            
            
               4.1An 14 Meán Fómhair, mhéadaigh BCE den deichiú huair a rátaí úis tagartha faoi 25 bhonnphointe. Shroich a phríomhráta taisce 4 %, arb é an ráta is airde riamh. Thug sé le fios chomh maith go bhféadfadh sé gurbh é seo an méadú deireanach. Cuireann CESE in iúl gur díol imní dó an staid ina bhfuil geilleagar an limistéir euro, ós rud é go bhfuil dochar á dhéanamh cheana féin, agus go ndéanfar tuilleadh dochair amach anseo, d’ionchais laga an fháis sa limistéar euro, mar gheall ar an méadú is déanaí agus na méaduithe a rinneadh roimhe seo. Sa chás is measa, d’fhéadfadh an méid sin a bheith ina chúis le marbh‑bhoilsciú.
            
            
            
               4.2Is cúis imní dó freisin go ndearnadh deich méadú ar an ráta i ndiaidh a chéile agus go bhfuil na méaduithe sin ina gcúis cheana féin le cúlú eacnamaíoch i roinnt Ballstát, agus go bhféadfadh sé go mbeadh ar níos mó Ballstát, agus an limistéar euro ina iomláine fiú, dul i ngleic le cúlú eacnamaíoch roimh rófhada. 
            
            
            
               4.3Tá súil ag CESE go ndéanfar an méid a bhí le rá ag Uachtarán BCE faoi rátaí úis, is é sin, nach méadófar iad a thuilleadh, a fhíorú. Ar an taobh eile, cuireann sé in iúl gur cúis imní dó go bhféadfadh sé go bhfanfadh rátaí úis de bheith ard ar feadh tréimhse fada ama chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mboilsciú. Is é an fíordhúshlán atá ann anois don lucht ceaptha beartas ina iomláine a chinneadh cé chomh luath agus a bheidh sé indéanta rátaí úis a ísliú, ionas nach gcuirfear leis an mbrú atá ar an ngeilleagar faoi láthair.
            
            
            
               4.4Aithníonn CESE go bhfuil dóchúlacht ard ann go fóill go leanfaidh an boilsciú ar aghaidh, agus nach mór dul i ngleic leis sin a luaithe is féidir, ionas go mbeifear in ann rátaí a laghdú sa ghearrthéarma chun cosaint a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Thairis sin, molann sé do BCE agus do na rialtais náisiúnta bearta tacaíochta malartacha agus tionscnaimh iomchuí a chur i bhfeidhm, seachas rátaí úis a athrú, chun an boilsciú a ísliú go luath amach anseo, go háirithe ós rud é go bhfuil dolúbthacht shuntasach sa soláthar, mar aon le saobhadh agus cur isteach suntasach ar an soláthar, ar cheann de na príomhchúiseanna leis an mboilsciú reatha.
            
            
            
               4.5Ar deireadh, cuireann CESE in iúl gur díol imní dó staid gheilleagar an limistéir euro tar éis an mhéadaithe a rinne BCE ar rátaí úis i mí Mheán Fómhair. Cuireann sé in iúl gur cheart, bunaithe ar na bunphrionsabail eacnamaíocha reatha, méaduithe breise a sheachaint.
            
          
         
            
            
               An Bhruiséil, 5 Deireadh Fómhair 2023
            
            
            
            
            
            
               Ioannis VARDAKASTANIS
            
            
               Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta 
            
            
            
               ______________