GA

SOC/775

Imeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú

[COM(2023) 185 final - 2023/0093 (COD)]

Teagmháil

soc@eesc.europa.eu

Riarthóir

Alessia COVA

Dáta an doiciméid

08/09/2023

Rapóirtéir: Vasco de Mello

Comhairliúchán

, XX/XX/2023

Bunús dlí

Airteagal ... den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

05/09/2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

76/0/2

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Ceann d’aidhmeanna an togra seo le haghaidh Rialacháin is ea na bearnaí atá i gcóras an bharántais gabhála Eorpaigh a dhúnadh trí chóras comhchoiteann a chruthú le haghaidh imeachtaí coiriúla a aistriú ó Bhallstát go chéile. Ar an gcaoi sin, ní thionscnófar faoi dhó imeachtaí coiriúla a bhaineann leis na gníomhartha agus na daoine céanna i mbreis agus Ballstát amháin (an prionsabal ne bis in idem) agus is lú an tsaoirse ó phionós a bheidh ag coirpigh mar gheall ar ionchúisimh nár tugadh chun críche, nó neachtar acu ní ligfear dóibh dul saor ó phionós in aon chás.

1.2Chuige sin, tá sraith aonfhoirmeach de rialacha á leagan síos lena rialaítear an comhar idir na Ballstáit maidir le haistriú agus glacadh imeachtaí coiriúla.

1.3Ar a mhuin sin, tá sé d’aidhm ag an togra struchtúr digiteach comhchoiteann a chruthú trínar féidir na doiciméid nós imeachta a aistriú go Ballstát eile.

1.4Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh seo ón gCoimisiún atá dírithe ar an tsaincheist sin.

1.5Os a choinne sin, a fhad a bhaineann sé le gnéithe áirithe den téacs reachtach, measann CESE gur cheart pointí faoi leith a chur leis nó a cheartú.

1.6Dá bhrí sin, maidir le cearta bunúsacha na bpáirtithe lena mbaineann, creideann CESE gur cheart tagairt shoiléir a dhéanamh don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon agus do reachtaíocht eile a fhéachann le cearta bunúsacha a chosaint.

1.7Is mian le CESE aird a dhíriú air nár cheart an córas atá beartaithe a úsáid ar shlí a fhágfaidh caoi ag daoine atá faoi dhrochamhras nó a bhfuil cúis curtha ina leith ar rochtain a fháil go conláisteach ar chóras dlí is fabhraí dóibh, a bhuí sin le cur i bhfeidhm rialacha nós imeachta.

1.8Is díol sásaimh do CESE an cinneadh maidir le huirlisí digiteacha comhchoiteanna a chur chun feidhme d’fhonn luathú leis an bpróiseas, agus measann sé gur cheart na huirlisí sin a chur i ngníomh trí chistí Eorpacha a úsáid.

1.9Mar sin féin, mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairimí eile roimhe seo, ba cheart an bealach cumarsáide páipéarbhunaithe a choinneáil, ag cur san áireamh daoine nach bhfuil rochtain acu, ar chúiseanna éagsúla, ar acmhainní TF.

1.10Creideann CESE gur cheart próiseas iomlán an aistriúcháin a chur i gcrích le hoiread beaichte agus is féidir agus nár cheadmhach leas a bhaint chuige sin as an intleacht shaorga ná as modhanna meicniúla eile atá beag beann ar ionchur an duine.

1.11Tá CESE den tuairim gur cheart foráil a dhéanamh sa reachtaíocht maidir le ceart a bheith ag na páirtithe lena mbaineann achomharc a dhéanamh chuig cúirt níos airde ar an bhforas nár aistríodh na doiciméid nós imeachta mar ba cheart.

1.12Mar a luadh i dtuairimí eile roimhe seo, creideann CESE gur cheart oiliúint a chur ar na gairmithe uile atá ag obair sa réimse sin, agus ar gheallsealbhóirí eile, cuir i gcás na haistritheoirí.

1.13Measann CESE gur cheart foráil a dhéanamh maidir le modh réitithe coinbhleachtaí diúltacha a bhaineann le ceisteanna dlínse i gcás ina gcuirfear an dlí seo i bhfeidhm.

1.14Cuireann CESE chun suntais gur cheart a áirithiú, i gcás ina nglacfar le haistriú, nach féidir don údarás iarrthach cuid den chomhad a sheoladh in áit an chomhaid iomláin.

1.15Ar an gcuma sin, ní baol go bhféadfadh aon bheart treallach a bheith i gceist, rud ba chontúirt, gan aon agó, mura n‑aistreofaí ach cuid den chomhad.

2.Cúlra

2.1Is é an míbhuntáiste a bhaineann le limistéar aonair saorghluaiseachta daoine, caipitil, earraí agus seirbhísí a bheith ann ná go gcruthaíonn sé limistéar trasnáisiúnta inar féidir gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh.

2.2Riamh anall an chumhacht chun pionós a ghearradh orthu siúd a sháraíonn an dlí agus a dhéanann coir, is amhlaidh a thugtar í don Stát de rogha ar cheartas príobháideach díoltais a bheadh bunaithe ar lex talionis, mar atá ‘súil ar shúil, fiacail ar fhiacail’.

2.3Dlúthchuid lárnach de chumhachtaí ceannasacha an Stáit é ius puniendi, is é sin go bhféadfadh an Stát pionós a ghearradh orthu siúd a sháraíonn an dlí ar chríoch an Stáit féin (rud a fhágann coir déanta acu), nó neachtar acu orthu siúd a dhéanann gníomhartha coiriúla i gcoinne náisiúnach an Stáit bíodh is gur ar chríoch eachtrach a tharlaíonn 1 .

2.4Ar an ábhar nach bhfuil áireamh ar thábhacht na cumhachta ceannasaí seo don Stát is amhlaidh a dhéantar i bhformhór mór na mbunreachtanna an chumhacht chun dlíthe a rith sa réimse seo a fhágáil agus a choimeád faoi inniúlacht eisiach na parlaiminte náisiúnta.

2.5Mar sin féin, ní foláir i gcónaí agus ius puniendi á fheidhmiú ag an Stát corpas láidir de chearta bunúsacha na saoránach a bheith á choimhdeacht, óir is é an pionós is mó is féidir a chur i bhfeidhm sa chás sin an tsaoirse a bhaint den duine aonair. Cuideoidh an corpas sin le saoránaigh a chosaint ar aon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as dlí an Stáit nó ar aon treallachas a d’fhéadfadh a bheith ann, rud is saintréith dóibh siúd atá beag beann ar an smacht reachta.

2.6Mar atá luaite thuas, is iomaí sin dúshlán atá le sárú de thoradh an mhargaidh aonair a fhad a bhaineann le ceartas coiriúil a fhorfheidhmiú.

2.7Ós ann do limistéar trasnáisiúnta ina ngluaiseann daoine, caipiteal, earraí agus seirbhísí faoi shaoirse ó Stát go chéile, tá an baol ann go bhféadfadh coirpigh coireanna a dhéanamh i gcríocha éagsúla saor ó phionós cuí, nó go dtiocfadh ann do limistéir ‘tearmainn’, áit a rachaidís i bhfolach, mura féidir na coirpigh sin a ionchúiseamh lasmuigh dá Stát náisiúnta féin.

2.8De réir mar a tugadh faoin Eoraip a lánpháirtiú, ba phráinní ba ghá tuilleadh comhair a dhéanamh i réimse na slándála agus an cheartais choiriúil. Rinneadh amhlaidh i dtosach báire trí chonarthaí éagsúla maidir le heiseachadadh agus comhar breithiúnach 2 a thabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus ba é ba bhuaic air sin gur cuireadh an t-ábhar féin san áireamh sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit araon, agus trína chumhdach ann go mbunófaí limistéar saoirse, slándála agus ceartais fud fad an Aontais Eorpaigh féin 3 .

2.9Dá bhrí sin, tá athrú ag dul air sin: cé gur chineál comhair idir-rialtasaigh a bhí ann i dtosach agus é bunaithe ar chomhar breithiúnach agus conarthaí eiseachadta arna dtabhairt i gcrích idir Stáit, mar a roinneadh an chumhacht chinnteoireachta idir an feidhmeannas agus na breithiúna, is éard atá ann anois córas comhair ar ag na húdaráis bhreithiúnacha inniúla atá an chumhacht chinnteoireachta, gan aon chur isteach ón bhfeidhmeannas óir tá sé d’iallach air fanacht glan ar an bpróiseas sin, murab ionann agus próiseas an nós imeachta eiseachadta.

2.10Mar a luadh cheana tá an t‑aistriú paraidíme sin cumhdaithe in CFAE cheana féin agus ina lár istigh tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla 4 .

2.11Ní bheifear i riocht limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú san Aontas Eorpach, áfach, ach amháin i gcás ina mbíonn cothromaíocht ann idir prionsabail na saoirse, na slándála agus an cheartais; dá uireasa sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chearta bunúsacha, saoirsí bunúsacha agus ráthaíochtaí gach saoránaigh beo ar mhaithe le nóisean den tslándáil agus den cheartas ar de chineál meabhlach ollsmachtach é.

2.12Chun gur féidir a bheith muiníneach as cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, is gá do na Ballstáit cearta bunúsacha na saoránach a urramú ar bhealach comhionann nó coibhéiseach, d’fhonn a áirithiú go mbeidh muinín agus iontaoibh ag údarás inniúil an Stáit aitheantais as forfheidhmiú an chinnidh bhreithiúnaigh aitheanta.

2.13Cuireadh prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh chun feidhme den chéad uair, i réimse an dlí choiriúil, i bhfoirm an bharántais gabhála Eorpaigh 5 , agus ina dhiaidh sin i ndlíthe eile den chineál céanna, cuir i gcás an tOrdú Imscrúdaithe Eorpach 6 .

2.14Siúd is go gcumhdaítear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i gcóras an bharántais gabhála Eorpaigh, urramaítear ann, ar a shon sin, cearta, saoirsí agus ráthaíochtaí na saoránach 7 .

3.Barúlacha ginearálta

3.1Dála an bharántais gabhála Eorpaigh, is bealach é an togra seo lena rialáiltear an chaoi a n‑aistrítear imeachtaí coiriúla ó Bhallstát go chéile chun cur in éadan na coireachta trasnáisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí agus níos gasta, ar a n‑áirítear an choireacht eagraithe.

3.2Os a choinne sin, murab ionann agus córas an bharántais gabhála Eorpaigh, tá an Coimisiún ag iarraidh trí bhíthin an togra seo ionstraim aonair um chomhar breithiúnach is féidir a chur i ngníomh go díreach a bhunú don Aontas Eorpach ina iomláine.

3.3Leis an Rialachán nua seo féachtar le bearnaí i gcóras an bharántais gabhála Eorpaigh a líonadh agus le feabhas a chur ar chóras ceartais choiriúil na hEorpa agus é a dhéanamh níos éifeachtaí, cuir i gcás trí dhúbláil imeachtaí coiriúla a sheachaint i gcás inarb ionann gníomhartha agus páirtithe dóibh i mbreis agus Ballstát amháin, agus féachtar le cásanna saoirse ó phionós a chosc agus a laghdú mar gheall ar ionchúisimh nár tugadh chun críche.

3.4Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach, áfach, mura dtabharfar an‑urraim san am céanna do na cearta bunúsacha agus do chearta an duine aonair le linn an nós imeachta, go háirithe i gcás na ndaoine is leochailí, daoine faoi mhíchumas agus leanaí.

3.5Ina cheann sin, aidhm eile atá ag an togra seo le haghaidh Rialacháin is ea cur leis an deimhneacht dhlíthiúil a fhad a bhaineann sé le himeachtaí breithiúnacha a aistriú ó Bhallstát go chéile.

3.6Measann CESE go bhfuil tábhacht leis na tionscnaimh uile atá dírithe ar an gcoireacht trasteorann, go mór mór an choireacht eagraithe, a chomhrac sna Ballstáit 8 .

3.7Ós rud é go bhfuil eagraíochtaí coiriúla gníomhach i gcríoch an Aontais Eorpaigh agus gur fíordhíobhálach a ngníomhaíochtaí siúd do shochaithe na hEorpa, is gá freagairt láidir chomhpháirteach a thabhairt; mura ndéanfar amhlaidh, fágfar na heagraíochtaí sin saor ó phionós, rud nach inmhianaithe, gan aon agó.

3.8Cé gur inniúlacht í seo a roinntear idir na Ballstáit agus an tAontas Eorpach 9 , measann CESE gur misniúil an rogha atá déanta ag an gCoimisiún rialachán a úsáid mar ionstraim reachtach sa togra seo ós rud é gur ábhar thar a bheith íogair do na Ballstáit atá i gceist agus gur inniúlacht í a bhaineann go dlúth le ceannasacht an Stáit, mar atá ráite thuas.

3.9Ar a shon sin, tá CESE i bhfách leis an rogha atá déanta ós é an ceann ceart é, dar leis, sa mhéid gurb é an t‑aon mhodh dá bhfuil ann é chun an cuspóir maidir le caighdeánú na nósanna imeachta a bhaint amach sna Ballstáit uile 10 .

3.10Mar atá luaite sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an dréacht-dlí seo, ní féidir an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtach mura mbeidh rialacha comhchoiteanna ann maidir le haistriú imeachtaí coiriúla.

3.11An cuspóir maidir le cearta bunúsacha na saoránach a chosaint, pé acu daoine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith iad, ar thaobh amháin, nó íospartaigh, ar an taobh eile, measann CESE go mbaintear amach é leis an togra seo le haghaidh Rialacháin, cibé acu trí bhíthin liosta caighdeánach de na forais ar ar a mbonn is féidir aistriú a dhiúltú, nó trí bhíthin an chirt ar éisteacht agus ar achomharc a bheith ag daoine atá faoi dhrochamhras, ag daoine a bhfuil cúis curtha ina leith nó ag íospartaigh.

3.12Creideann CESE, áfach, gur cheart tagairt shoiléir a dhéanamh sa togra le haghaidh Rialacháin don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon agus do reachtaíocht eile a fhéachann le cearta bunúsacha a chosaint 11 .

3.13Maidir leis an gcaoi ar féidir imeachtaí coiriúla a aistriú ó Stát ina bhfuil prionsabal na dlíthiúlachta 12 i bhfeidhm go Stát ina bhfuil prionsabal an ionchúisimh lánroghnaigh 13 i bhfeidhm, is mian le CESE aird a dhíriú air go bhféadfadh sin a bheith ina bhuntáiste ag an gciontóir coiriúil más amhlaidh a chuireann sé ar chumas an chiontóra pionós níos fabhraí a fháil dó féin nó di féin, agus gur mhó de dhochar ná de mhaitheas a dhéanfadh sé i dtaca leis na cuspóirí atá á gcur chun cinn leis an dlí faoi chaibidil 14 .

3.14Chomh fada le CESE de, is rud fíordhearfach é go n‑aistrítear cásanna ó údarás breithiúnach Ballstáit go chéile trí bhíthin nósanna imeachta digiteacha.

3.15Mar sin féin, ba cheart deimhin a dhéanamh de go mbeidh an deis ann i gcónaí leas a bhaint as bealach cumarsáide páipéarbhunaithe, agus ba cheart a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis inrochtana do chách, go háirithe do na daoine is leochailí dá bhfuil ann 15 .

3.16Cuireann CESE chun suntais, áfach, nach leor, chuige sin, córas comhchoiteann a chruthú trí rialacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm. Ba cheart bonneagar acmhainneach a chruthú ar leibhéal an Aontais atá i gcoiteann ag na Ballstáit uile agus atá idir‑inoibritheach leis na córais éagsúla a úsáideann na Ballstáit.

3.17Mar a cuireadh in iúl cheana i dtuairimí eile dá chuid roimhe seo 16 , creideann CESE gur cheart an infheistíocht sin a mhaoiniú le cistí arna soláthar ag an Aontas.

3.18Mar a luadh cheana i dtuairimí eile dá chuid 17 , le gur féidir an píosa reachtaíochta seo a chur i bhfeidhm mar is ceart, síleann CESE gur gá oiliúint a chur ar chleachtóirí, cibé acu sa réimse sin é nó maidir le húsáid an chórais dhigitigh ina iomláine a bheidh ina thaca le cásanna a aistriú ó Bhallstát go chéile.

3.19Ba cheart a chur san áireamh san oiliúint sin sainiúlachtaí agus riachtanais na ndaoine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith, na bhfinnéithe agus na n‑íospartach leochaileach.

3.20Ó thaobh na hoiliúna de, cé gur cheart freastal ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí go mór mór, creideann CESE gur tábhachtach an ní é cur lena bhfuil d’oiliúint á cur ar phríomhghníomhaithe eile sa phróiseas breithiúnach, ar a n‑áirítear dlíodóirí, aistritheoirí agus gníomhaithe nach iad 18 .

3.21Cuireann CESE chun suntais gur cheart do na haistriúcháin ar na doiciméid uile a chuirtear isteach sa chomhad a bheith chomh cruinn agus chomh hiontaofa agus is féidir.

3.22Is tábhachtach do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an t‑aistriúchán ar na doiciméid i ngach comhad iontaofa.

3.23Creideann CESE gur cheart riail a leagan síos sa togra le haghaidh Rialacháin lena gcuirfear cosc ar aistriúcháin a chur ar fáil trí mhodhanna meicniúla, nó trí mhodhanna atá bunaithe ar Theicneolaíocht na Faisnéise nó neachtar acu trí bhíthin na hintleachta saorga.

3.24Aistriúcháin a chuirtear ar fáil nach de dhéantús daonna iad, is féidir conclúidí earráideacha a bhaint astu agus, dá thoradh sin, seans go dtiocfadh drochthrialacha agus cinntí míchearta díobh.

3.25Toisc a chostasaí atá sé íoc as aistriúchán ar na doiciméid atá mar chuid den nós imeachta, is mian le CESE aird a tharraingt air go mb’fhéidir go ndéanfaí aistriúchán ar chaighdeán ní b’ísle a chur ar fáil dá réir, rud a d’fhágfadh cearta agus ráthaíochtaí laghdaithe ag na daoine sin atá ina bpáirtithe sna himeachtaí.

3.26Creideann CESE gur cheart é a bheith de cheart ag daoine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith, agus ag íospartaigh, agóid/achomharc a dhéanamh ar bhonn ceisteanna faoin aistriúchán a dhéantar ar an gcás.

3.27Ar deireadh, dhá nóta scoir:

3.28Ní chuirtear aon réiteach ar fáil sa togra le haghaidh Rialacháin i gcás ina mbeadh coinbhleacht dhiúltach maidir le dlínse ann.

3.28.1Lena rá ar athrach slí, má dhiúltaíonn údarás breithiúnach an Bhallstáit a fhaigheann an iarraidh glacadh le haistriú na n‑imeachtaí, b’fhéidir nach mbeifí in ann an t‑ionchúiseamh a bhrú ar aghaidh más amhlaidh a mheasann údaráis an dá Bhallstát lena mbaineann nach dá ndlínse é leanúint leis na himeachtaí coiriúla.

3.28.1.1Sna cásanna sin, creideann CESE gur cheart foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta breithiúnach chun na coinbhleachtaí sin a réiteach, foráil lena bhféadfaí dlínse a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun na coinbhleachtaí réamhráite a réiteach.

3.28.2Ar an ásc deiridh, síleann CESE, tar éis don údarás iarrthach glacadh le haistriú imeachtaí coiriúla, gur cheart dó siúd bunchóip iomlán an cháis a chur ar aghaidh, mar aon leis an aistriúchán air, nó cóip den aistriúchán sin.

3.28.2.1Maidir leis an tagairt don chaoi ar féidir gan ach ‘codanna ábhartha’ de na himeachtaí a chur ar aghaidh, measann CESE, ós rud é go gcuireann sin cearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith agus cearta íospartach i mbaol, gur cheart an tagairt sin a fhágáil ar lár.

3.28.2.2Ar an gcaoi sin, ní chuirfí cathú ar na páirtithe lena mbaineann doiciméid nós imeachta a sheoladh, ar bhonn treallach, dá mba dhoiciméid iad a d’fhéadfadh a bheith ní ba thairbhí do cheann amháin nó do cheann eile de na páirtithe sin.

An Bhruiséil, an 05 Meán Fómhair 2023

Cinzia Del Rio

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

_____________

(1)    Ba cheart a thabhairt faoi deara tráth ar bith a cuireadh córas dlí eachtraigh maidir le coireanna a dhéantar i gcríoch ar leith i bhfeidhm gurbh amhlaidh ba chaillteanas ceannasachta Stáit do náisiúnaigh na críche ba thoradh air; sampla léiritheach is ea ar tharla sa tSín ag deireadh an 19ú haois nuair a chuir muintir na hEorpa d’fhiacha ar Stát na Síne cead a thabhairt náisiúnaigh na Stát Eorpach i gceist a chur faoi thriail i gcúirteanna príobháideacha i gcomhréir le dlíthe a dtíortha tionscnaimh.
(2)    Maidir leis sin, féach an Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh 1957, an Coinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 20 Aibreán 1959, an Coinbhinsiún Eorpach chun Imeachtaí in Ábhair Choiriúla a Aistriú an 15 Bealtaine 1972, an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, agus an iliomad conarthaí iltaobhacha agus déthaobhacha eiseachadta a tugadh i gcrích idir na Ballstáit éagsúla.
(3)    Féach Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(2)(j) chomh maith le Teideal V, go háirithe Airteagal 67 agus Airteagal 82 CFAE.
(4)    I ndeireadh na dála, is éard atá i gceist le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla, rud atá cumhdaithe in Airteagal 67(3) CFAE, ná an t‑aitheantas a thugann údarás inniúil Ballstáit do chinneadh breithiúnach arna dhéanamh ag údarás inniúil i mBallstát eile, agus go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh éifeachtaí an chinnidh sin sa Stát ‘aitheantais’ coibhéiseach lena gcómhaith d’éifeachtaí a bheadh ag údarás inniúil náisiúnta (féach Manuel Monteiro Guedes, Do mandado de detenção europeu, lch. 65, Almedina, Coimbra, 2006). Tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha bunoscionn le prionsabal na coiriúlachta dúbailte, rud is saintréith de chonarthaí eiseachadta. Fágann sé sin nach féidir duine a eiseachadadh mura ndéanfar na gníomhartha a bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó a bhfuil cúis curtha ina leith á chúiseamh iontu a aicmiú mar chion coiriúil faoi dhlí an Stáit iarrthaigh nó an Stáit iarrtha.
(5)    Maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, féach Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach, arna leasú le Cinneadh Réime Uimh. 2009/299/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009.
(6)    Maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach, féach Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014.
(7)    Is ríléir sin ó liosta na bhforas ar ar a mbonn a dhiúltófaí don bharántas gabhála Eorpach agus a bhféadfadh údarás inniúil na tíre aitheantais dul ar a iontaoibh, óna theoranta atá cur i bhfeidhm an bharántais féin agus, ar deireadh, ó bhunú cearta nós imeachta don duine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith.
(8)    Sa tuairim INT/932 ( IO C 286, 16.7.2021, lch. 88 ), deir CESE ‘gur uirlis ríthábhachtach í digiteáil an cheartais chun comhar dílis a áirithiú idir údaráis na mBallstát le gur féidir dul i ngleic le cleachtais choiriúla a dhéanann dochar nach beag don limistéar Eorpach’.
(9)    Féach Airteagal 4(2)(j) CFAE.
(10)    D’fhéadfadh sé gur phróiseas cónaidhmithe a thiocfadh de sin; má thiocfaidh, ní foláir cáiréis a léiriú timpeall ar bhraistintí náisiúnta agus urraim a thabhairt dóibh.
(11)    Is den tábhacht a leagan síos cé na cearta bunúsacha go cruinn nach foláir a chosaint, beag beann ar an bhfíoras go gceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 51 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh na cearta sin a urramú a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm ‘dhlí an Aontais’, cibé acu dlí príomha nó dlí tánaisteach é.
(12)    Sa teagasc dlíthiúil is éard a thuigtear le prionsabal na dlíthiúlachta in imeachtaí coiriúla ná an oibleagáid dhlíthiúil atá ar an údarás breithiúnach ionchúiseamh a dhéanamh, gan caoi aige, áfach, ar an bpionós a chinneadh trí chaibidlíocht leis an duine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith.
(13)    Murab ionann agus prionsabal na dlíthiúlachta, le prionsabal an ionchúisimh lánroghnaigh ceadaítear don údarás breithiúnach atá i mbun na n‑imeachtaí coiriúla méid an phionóis atá le gearradh a chinneadh trí chaibidlíocht leis an duine faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith, ós rud é nach bhfuil le déanamh ag an gcúirt ach an comhaontú ar thángthas air a chomhshíniú.
(14)    Ní féidir feidhm a bhaint as an togra seo le haghaidh Rialacháin mar a bheadh uirlis ann chun a chur ar chumas daoine atá faoi dhrochamhras / a bhfuil cúis curtha ina leith na bearta comhéigneacha a bhfuil siad faoina réir le linn na céime imscrúdaithe nó méid na pianbhreithe a d’fhéadfaí a thabhairt dóibh a mhaolú.
(15)    I ndáil leis sin, féach an tuairim ó CESE SOC/711 ( IO C 323, 26.8.2022, lch. 77 ).
(16)    I ndáil leis sin, féach an tuairim ó CESE INT/932 ( IO C 286, 16.7.2021, lch. 88 ) mar a luaitear thuas.
(17)    Féach na tuairimí a luaitear: SOC/711 ( IO C 323, 26.8.2022, lch. 77 ) agus INT/932 ( IO C 286, 16.7.2021, lch. 88 ).
(18)    I ndáil leis sin, féach Ensuring justice in the EU — A European judicial training strategy for 2021-2024 [An ceartas a chinntiú san Aontas Eorpach – straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach don tréimhse 2021‑2024], COM(2020) 713.