TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
TUAIRIM
An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal
[COM(2023) 445 final] – 2023/0265 (COD)
Rapóirtéir: Dumitru FORNEA
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 14/09/2023
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 21/09/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 91, Airteagal 100(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
06/10/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
50/18/4
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tionchar measartha beag a bhí ag an leasú a rinneadh ar an Treoir roimhe seo, ós rud é nach raibh dreasachtaí leordhóthanacha ann chun feithiclí breosla mhalartaigh ná gairis aeraidinimiciúla a chur in úsáid, rud a d’fhág gur go hilroinnte a cuireadh na rialacha chun feidhme ó Bhallstát go chéile, go háirithe maidir le feithiclí tromshaothair agus Córais Mhodúlacha Eorpacha a úsáid.
1.2Is mór ag an gCoiste an comhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach sular eisíodh an togra reatha le haghaidh Treorach, chomh maith leis an measúnú tionchair cuimsitheach agus an mheastóireacht a chlúdaíonn an tréimhse ó 1997 go 2021.
1.3Mar sin féin, is cúis imní do CESE an t‑aistriú módúil aisiompaithe a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar an Treoir seo a chur chun feidhme, rud a mhillfeadh faoin sprioc maidir le modhanna iompair níos glaise a chur chun cinn trí iomaíocht idir iompar de bhóthar agus iompar d’iarnród a éascú.
1.4Molann CESE raon feidhme na Treorach a leathnú chun gnéithe mórthábhachtacha breise a chuimsiú inti, cuir i gcás rialacháin maidir le luas, rialacháin maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe, maille le huirlisí oiriúnacha oiliúna agus faireacháin dírithe ar na húdaráis lena mbaineann a ghlacadh.
1.5Formhuiníonn an Coiste an togra maidir le huasmheáchan breise 4 thona a cheadú do leoraithe astaíochtaí nialasacha amháin, ach tá sé ag iarraidh go ndéanfaí dianfhaireachán ar an mbeartas tar éis a ghlactha agus go ndéanfaí athrú láithreach ar an mbeartas sin mura mbainfí amach an toradh is inmhianaithe.
1.6Beidh gá le hinfheistíocht nach beag a dhéanamh chomh maith le modhnuithe fairsinge ar an mbonneagar chun gur féidir cur suas leis an méid méadaithe tráchta agus, ag an am céanna, na caighdeáin sábháilteachta atá ann faoi láthair a choimeád slán agus an bonneagar riachtanach luchtaithe a shuiteáil d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha.
1.7Dearbhaíonn CESE go mbeidh tacaíocht láidir ó bheartais an Aontais agus ó na beartais náisiúnta araon de dhíth chun Córais Mhodúlacha Eorpacha de chineál astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme go rathúil má táthar chun a áirithiú go mbeidh sainoiliúint inrochtana chost‑éifeachtach ar fáil do thiománaithe.
1.8Is díol sásaimh do CESE an moladh go leagfadh na Ballstáit íosleibhéal éigeantach rialuithe síos, ar a n‑áirítear cigireachtaí iomchuí a dhéanamh istoíche. Mar sin féin, bhí an Coiste ag súil le cur chuige ní ba bheaichte, ní ba chaighdeánaithe agus ní b’aonfhoirmí maidir le líon na gcigireachtaí a dhéanfaí istoíche ar fud na mBallstát uile.
1.9Leagann an Coiste béim ar na deacrachtaí a bhaineann le crosbhealaí, mar a dtagann príomhbhóithre agus bóithre tánaisteacha le chéile, lena n‑áirítear acomhail agus timpealláin, toisc go bhfuil na rialacháin agus na critéir atá i bhfeidhm i láthair na huaire maidir le tógáil bóithre bunaithe ar thoisí na ‘bhfeithiclí caighdeánacha’ atá in úsáid faoi láthair.
1.10Ba ríthábhachtach borradh a chur faoi tháirgeadh leantóirí leictreacha agus é a chur chun cinn, chomh maith le béim ar leith a leagan ar a thábhachtaí atá sé cloí leis an ollmheáchan uasta ceadaithe. Tarraingíonn CESE aird ar an ngá atá ann cosc a chur ar aon sonraíochtaí teicniúla, cuir i gcás atreisiú breise miotail, i dtreo nach dtiocfadh méadú ar an ollmheáchan uasta ceadaithe dá mbarr.
1.11Dá méadófaí dolaí bóthair le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha, d’fhéadfaí oibreoirí a fhágáil faoi bhrú airgeadais, ina measc sin go leor de FBManna na hearnála.
1.12Ní iomchuí leis an gCoiste go ndéanfaí oibríochtaí trasteorann le haghaidh meigi‑leoraithe breosla iontaise a éascú, ós amhlaidh a bhainfeadh sin an bonn de spriocanna aeráide an tionscnaimh trí leathnú gearrthéarmach na bhfeithiclí breosla iontaise a chur chun cinn agus gan tionchar an iompair de bhóthar ar an gcomhshaol a laghdú san am céanna.
1.13Cuireann CESE chun suntais gur gá bearta ar leith a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh gach meigi‑leoraí trasteorann ina fheithicil astaíochtaí nialasacha faoi 2035, go seachnódh meigi‑leoraithe na bealaí sin a mbaineann rioscaí do rothaithe agus do choisithe leo, agus nach n‑atreoródh na meigi‑leoraithe an trácht lasta ar shiúl ó iarnróid ná ó uiscebhealaí. Ar a mhuin sin, is cúis imní don Choiste go bhféadfaí ualach breise gan ghá a chur ar an mbonneagar páirceála bóthair dá mbeadh breis meigi‑leoraithe ar bhóithre an Aontais.
1.14Chun gur féidir coinníollacha cothroma a bhaint amach, is gá uasmheáchain agus uastoisí a chaighdeánú fud fad na mBallstát, chomh maith le prótacail dhigitithe trasnaithe teorann a ionchorprú agus acmhainní a leithdháileadh chun bonneagar na mbóithre náisiúnta a chur in oiriúint d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha níos troime agus níos faide, go háirithe feadh an ghréasáin fhairsing TEN‑T. Tá CESE á mholadh go n‑áireofaí trealamh infheithicle, cuir i gcás braiteoirí meáchain atá nasctha le tacagraif, lena bhféadfaí faireachán leanúnach a áirithiú ar feadh an turais ó thús deireadh agus ar fud an ghréasáin bóithre ar fad.
1.15Dar le CESE nach aon dóithín a fháil amach conas ba cheart do na Ballstáit bearta áirithe a achtú chun feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhrath atá in úsáid agus ar dócha go bhfuil an t‑uasmheáchan formheasta sáraithe acu; bhí súil ag an gCoiste leis go mbunófaí nós imeachta caighdeánaithe ina chomhair sin.
1.16An moladh atá leagtha amach i ranna éagsúla den Treoir an t‑údarás a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, is moladh thar a bheith íogair é ós amhlaidh a d’fhéadfaí prionsabail na coimhdeachta a shárú dá dheasca; bhí súil ag CESE leis go dtabharfadh an Coimisiún aghaidh ar an gcuid is mó de na hábhair imní seo sa togra reachtach faoi chaibidil, tar éis dó plé a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
1.17Ar an ásc deiridh, i bhfianaise thionchar na Treorach seo ar an gcreat ilmhódach, is iomchuí le CESE go rachfaí ar aghaidh leis an bplé ar an Treoir seo i gcomhthráth leis an togra atá ar na bioráin le haghaidh na Treorach maidir le hIompar Comhcheangailte.
2.Cúlra agus barúlacha tosaigh
2.1Le linn éigeandála, amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, léirigh an earnáil iompair go bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le dáileadh soláthairtí riachtanacha a áirithiú, cabhair dhaonnúil a chur ar fáil agus soghluaisteacht phearsanta a éascú.
Mar sin féin, bíonn iarmhairtí éagsúla socheacnamaíocha agus comhshaoil ag baint leis an iompar de bhóthar, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir agus torainn, brú tráchta, rioscaí don tsábháilteacht ar bhóithre chomh maith le caitheamh agus cuimilt an bhonneagair bóthair.
2.2Tionchar measartha beag a bhí ag an leasú a rinneadh roimhe seo ar an Treoir ar an inbhuanaitheacht ós rud é gur measadh nár leor na dreasachtaí chun feithiclí breosla mhalartaigh agus gairis aeraidinimiciúla a chur in úsáid. Ina theannta sin, tá forfheidhmiú na rialacha fós ilroinnte ar fud na mBallstát. Thairis sin, níor éirigh leis an Treoir oibríochtaí éifeachtúla idirmhódúla a chur chun cinn sa tslánchruinne. Is iad na neamhréireachtaí inmheánacha agus seachtracha laistigh den Treoir, lena n‑áirítear coinbhleachtaí leis an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte, is cúis leis sin den chuid is mó, rud a chuir bac ar a cumas tacú go hiomlán le cleachtais iompair idirmhódúla rianúla.
2.3Is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun sciar na bhfeithiclí tromshaothair a dhícharbónú. In 2022, as na clárúcháin uile de leoraithe nua a rinneadh san Eoraip, níor bhain ach 0.6 % díobh le feithiclí tromshaothair ceallra‑leictreacha, i gcomparáid le 96.6 % i gcás feithiclí díosail. Tá leoraithe astaíochtaí nialasacha, e.g. feithiclí leictreacha, níos troime ná a macasamhlacha díosail mar gheall ar chúinsí amhail meáchan an cheallra. Molann an Coimisiún go gcuirfí lamháltas meáchain breise chun feidhme chun gur féidir sciar na bhfeithiclí tromshaothair a dhícharbónú go héifeachtach.
2.4Ceapadh trí rogha beartais (A, B agus C) chun dul i ngleic leis na saincheisteanna agus na dúshláin a sainaithníodh le linn na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair. Meastar gurb í rogha B an rogha is cothroime. Tugtar isteach léi dreasachtaí eacnamaíocha breise, leagtar síos spriocdháta faoinar cheart d’fheithiclí tromshaothair níos troime (44 thona) a bheith ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus déantar comhchuibhiú ar na ceanglais údarúcháin agus ar na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh iompar trasteorann a bhaineann le feithiclí áirithe fada/troma.
‑‑Leis an rogha seo, tugtar sainordú freisin trealamh rialaithe meáchain a shuiteáil, amhail córais meáighfaoishiúl, i mbonneagar bóithre chun forfheidhmiú níos éifeachtúla a éascú. Ní chuirtear san áireamh sa rogha sin, áfach, a fhéideartha atá sé trealamh infheithicle, cuir i gcás braiteoirí meáchain atá nasctha le tacagraif a shuiteáil, lena bhféadfaí faireachán leanúnach a áirithiú ar feadh an turais ó thús deireadh agus ar fud an ghréasáin bóithre ar fad.
2.5Is dócha go mbeidh éileamh méadaithe, go háirithe ar earraí a iompraítear thar achair fhada, mar thoradh ar an laghdú féideartha ar chostais lasta bóthair a fógraíodh. D’fhéadfadh iompar de bhóthar níos saoire an méid lasta a iompraítear d’iarnród a laghdú, rud a chuirfeadh ó mhaith na gnóthachain éifeachtúlachta tosaigh agus rud a mbeadh méadú glan ar astaíochtaí foriomlána mar thoradh air.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is mór ag CESE an comhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach sular eisíodh an togra reatha le haghaidh Treorach, an measúnú tionchair críochnúil agus an mheastóireacht don tréimhse 1997‑2021 a ghabhann leis an Treoir. Cé gur éirigh leis an Treoir iompar trasteorann a éascú agus cé gur tugadh aghaidh ar bhacainní teicniúla áirithe, tháinig ann do rialacha agus cleachtais náisiúnta éagsúla mar thoradh ar mhaoluithe náisiúnta agus débhríochtaí i bhforálacha áirithe.
Go háirithe, ba léiride an ilroinnt sin a bheith sa mhargadh inmheánach an úsáid a baineadh as feithiclí tromshaothair agus as Córais Mhodúlacha Eorpacha.
3.2Is cúis imní do CESE an t‑aistriú módúil aisiompaithe a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar an Treoir seo a ghlacadh, rud atá curtha chun suntais ag an bpobal iarnróid, ag roinnt mhaith ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe iarnróid agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha áirithe. Ar fud an Aontais, tá brú anuas á chur ag an iomaíocht chun praghsanna níos ísle a chur ar fáil do chustaiméirí trí chostais oibríochta a laghdú (costais saothair san áireamh) ar an tsábháilteacht ar bhóithre, ar phá agus ar dhálaí oibre. Bhainfeadh bearta lena n‑éascófaí iomaíocht idir an t‑iompar de bhóthar agus an t‑iompar d’iarnród an bonn den sprioc fhadtéarmach maidir leis an aistriú go modhanna iompair níos glaise a éascú.
3.3Ina theannta sin, chuirfeadh méadú ar ídiú breosla in aghaidh an chiliméadair feithicle i gcoinne an laghdaithe ar an méid breosla a ídítear in aghaidh an aonaid earraí. Áirítear sa togra ón gCoimisiún oibríochtaí trasteorann a éascú le haghaidh meigi‑leoraithe breosla iontaise. Dar le CESE nach bhfuil aon chúis shubstainteach ann le meigi‑leoraithe breosla iontaise a áireamh sa tionscnamh seo, ós rud é go mbainfeadh sin an bonn de chuspóirí aeráide an togra. Rud eile, is é toradh a bheadh air sin, sa ghearrthéarma, úsáid níos leithne a bheith á baint as feithiclí breosla iontaise, rud a fhágann nach mbeadh aon laghdú ar lorg comhshaoil na modhanna iompair de bhóthar.
3.4Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí na rialacha forfheidhmiúcháin a chomhchuibhiú láithreach ar bhealach níos fearr, ós rud é go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann ó Bhallstát go chéile maidir le líon na rialuithe, a éifeachtaí atáthar in ann sáruithe a bhrath, agus uirlisí agus cleachtais rialaithe. Is mór ag CESE an togra gur cheart do na Ballstáit íosleibhéal éigeantach rialuithe a bhunú bunaithe ar leibhéal tráchta na bhfeithiclí a chumhdaítear faoin Treoir, lena n‑áirítear líon oiriúnach rialuithe le linn uaireanta na hoíche. Bhí sé ag súil, áfach, go ndéanfaí líon na rialuithe oíche a shonrú, a chomhchuibhiú agus a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach sna Ballstáit uile.
3.5Ba cheart díriú, thar ní ar bith eile, ar fheithiclí níos sábháilte agus níos glaine a áirithiú, mar aon le forálacha forfheidhmiúcháin forlíontacha a thabhairt isteach, cuir i gcás rialacháin maidir le ró‑ualú. Measann CESE gur cheart raon feidhme na Treorach a leathnú chun go bhféadfaí gnéithe tábhachtacha eile a chumhdach inti, mar shampla luas, tréimhsí tiomána agus scíthe, agus cur chun feidhme uirlisí oiriúnacha oiliúna agus faireacháin do na húdaráis.
3.6Dá mbainfí úsáid as feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhfuil ardghnéithe sábháilteachta agus cábáin níos compordaí acu, d’fhéadfaí rannchuidiú le híomhá na gairme a fheabhsú agus daoine óga a mhealladh chun obair san earnáil. Measann CESE nach mór cistí taighde agus nuálaíochta a dhíriú ar theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha atá níos éadroime agus níos lú a fhorbairt a luaithe is féidir.
3.7Creideann CESE, ionas go n‑éireoidh le himscaradh na gCóras Modúlach Eorpach, de chineál astaíochtaí nialasacha, nach mór tacaíocht láidir a chur ar fáil do bheartais an Aontais agus do bheartais náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an oiliúint a chuirfear ar thiománaithe inrochtana agus inacmhainne.
3.8Faoi láthair, ceadaíonn roinnt Ballstát do mheigi‑leoraithe teorainneacha a thrasnú, ach tá amhras ann fós faoi dhlíthiúlacht na gcomhaontuithe déthaobhacha sin. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún na comhaontuithe sin a rialú gan úsáid meigi‑leoraithe a leathnú chuig Ballstáit nach gceadaíonn iad. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le coimircí sonracha chun an méid seo a leanas a áirithiú:
·go mbeidh gach meigi‑leoraí ina fheithicil astaíochtaí nialasacha faoi 2035 chun laghduithe suntasacha ar astaíochtaí aeráide a bhaint amach.
·go seachnóidh meigi‑leoraithe bóithre áirithe nuair a bhaineann rioscaí do rothaithe agus do choisithe leo. Is cúis imní an méid sin go háirithe nuair a fhágann meigi‑leoraithe mótarbhealaí chun ionaid lóistíochta a bhaint amach;
·nach mbeidh laghdú ar an méid lasta a iompraítear d’iarnród agus de bhóthar mar thoradh ar mheigi‑leoraithe a úsáid, sa chaoi is go gcoinneofar cothromaíocht agus go seachnófar cur isteach ar mhodhanna iompair malartacha.
3.9Tá sé fógartha ag an gCoimisiún go mbeidh costas faoi bhun EUR 900 000 ag baint le caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla a bhunú le haghaidh malartuithe faisnéise maidir le hiompar ualaí doroinnte. Tá staidéar tosaigh agus ceardlann dhá lá san áireamh sa chostas sin. Meastar go mbeidh nach mór an costas céanna i gceist le caighdeáin maidir le beartais rochtana cliste a fhorbairt. Measann CESE go bhfuil sé sin inghlactha.
3.10Ós rud é go bhféadfadh sé gnéithe na coimhdeachta a shárú, tá an‑íogaireacht ag baint leis an moladh a dhéantar i míreanna éagsúla den Treoir an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Bheadh súil ag CESE leis go ndéanfaí formhór na saincheisteanna sin a shoiléiriú sa togra reachtach agus go ndéanfaí díospóireacht fúthu le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
4.Barúlacha sonracha
4.1Ráthófar leis na tograí nua nach gá do leoraithe comhréiteach a dhéanamh a thuilleadh maidir le meáchan lasta le linn turais chianaistir, turais a bhfuil ceallraí níos mó ag teastáil ina leith. Is díol sásaimh do CESE an cinneadh leoraithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn trí theorainneacha meáchain a ardú faoi Threoir an Aontais maidir le Meáchain agus Toisí. Tacaíonn an Coiste leis an togra maidir le huasmheáchan breise 4 thona a cheadú do leoraithe astaíochtaí nialasacha amháin, beag beann ar mheáchan na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha a úsáidtear, ach tá sé ag iarraidh go ndéanfaí dianfhaireachán ar an mbeartas tar éis a ghlactha agus go ndéanfaí athrú láithreach ar an mbeartas sin mura mbainfí amach an toradh is inmhianaithe.
4.2Creideann CESE gur gá meáchain agus toisí uasta a ailíniú i measc na mBallstát chun cothrom iomaíochta a bhaint amach, lena n‑áirítear trí nósanna imeachta digitithe trasnaithe teorann a ghlacadh. Ní mór do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh ina mbonneagar bóithre, chun go mbeidh sé in ann freastal ar fheithiclí troma agus fada astaíochtaí nialasacha, go háirithe feadh an ghréasáin chuimsithigh TEN-T. Tugann CESE dá aire freisin go bhfuil méadú tagtha ar an trácht i gcuid de na Ballstáit mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud nach gcuirtear san áireamh i ndoiciméid an Choimisiúin agus atá ag cur brú breise ar an mbonneagar sna Ballstáit sin atá teorantach leis an Úcráin.
4.3Measann CESE nach bhfuil aon bhacainní teicniúla suntasacha ann maidir le coimeádáin throma a láimhseáil a bhfuil meáchan suas le 34-36 thona iontu in oibríochtaí iompair chomhcheangailte. Mar sin féin, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí staidéir agus anailís bhreise chun a mheas an ann d’aon dúshláin theicniúla nua a bhaineann leis an mbonneagar agus le trealaimh ardaithe ag críochfoirt.
4.4Is gá tuilleadh anailíse a dhéanamh freisin chun gnéithe bonneagair a chur san áireamh, go háirithe ós rud é gur dearadh na bóithre atá ann cheana san Eoraip chun na caighdeáin reatha meáchain agus toisí a chomhlíonadh agus gur glacadh dearcadh fadtéarmach is mó ná 45 bliana agus an méid sin á dhéanamh. Ní hacmhainn do bhóithre an Aontais cur suas leis na feithiclí astaíochtaí nialasacha fada troma is toil le Coimisiún a thabhairt isteach, lena n‑áirítear droichid agus struchtúir imthacaí. Dá bhrí sin, beidh gá le hinfheistíocht shubstaintiúil agus coigeartuithe fairsinge bonneagair a dhéanamh chun gur féidir glacadh leis an trácht breise, cloí leis na caighdeáin sábháilteachta atá ann faoi láthair agus an bonneagar luchtaithe is gá a thógáil.
4.5Tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfí san áireamh teorainneacha a bhfuil tionchar acu ar acmhainneacht limistéar scíthe agus carrchlós, agus ar an rochtain ar na limistéir sin, ós rud é nach mór cloí le tréimhsí tiomána agus scíthe. Toradh féideartha amháin ar an Treoir atá beartaithe ná go dtiocfadh méadú ar líon na meigi‑leoraithe atá á n‑úsáid in iompar de bhóthar, rud ba shiocair, seans, le dúshláin nach beag maidir le toilleadh páirceála atá slán leordhóthanach a chur ar fáil ar fud an Aontais. Faoi láthair, tá 300 000 spás páirceála do leoraithe san Aontas Eorpach, agus tá gá le 100 000 spás páirceála breise chun freastal ar an éileamh iomlán. Rud is tábhachtaí fós, níl an deimhniú sábháilteachta agus slándála is gá ach ag 3 % de na spásanna páirceála sin. Dá mbeadh tuilleadh meigi‑leoraithe ar bhóithre an Aontais, d’fhéadfaí ualach breise gan gha a chur ar an mbonneagar páirceála bóthair.
4.6Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann leanúint d’infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt chun athdhearadh aeraidinimiciúil atá dírithe ar an tsábháilteacht a dhéanamh ar chábáin leoraithe chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht breosla a fheabhsú agus chun astaíochtaí CO2 a laghdú. Trí dhearcadh fadtéarmach a ghlacadh, is léir gur dhá ghné atá fite fuaite ina chéile iad caochspotaí a dhíothú agus leoraithe a leictriú. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le dearaí nuálacha le haghaidh leoraithe leictreacha, rud a chinnteoidh go gcuirfear deireadh scun scan le gach caochspota i leoraithe nua. De réir a chéile, ba cheart dearadh leoraithe a aistriú ón dearadh traidisiúnta ina bhfuil an cábán os cionn an innill, agus an tiománaí ina shuí go hard san fheithicil, chuig dearadh nua‑aimseartha ina gcuirfí na ceallraí idir na hacastóirí agus na tiománaithe, agus ina mbeadh an tiománaí ina shuí ar leibhéal na súl le coisithe agus rothaithe, rud a chuirfeadh deireadh leis na nithe is cúis leis an gcuid is mó de na timpistí.
4.7Chun aistriú rathúil i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a éascú, measann CESE go mba ríthábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le húsáid leoraithe troma atá ag brath ar bhreosla iontaise faoi 2035. Ina theannta sin, ní mór bearta a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht rothaithe agus coisithe a áirithiú, chun leoraithe troma a chosc ó bhóithre áirithe a úsáid le heagla sábháilteacht úsáideoirí leochaileacha bóithre a chur i mbaol, mar aon le hiad a chosc ó dhul chuig ionaid lóistíochta laistigh de limistéir uirbeacha. Tá CESE den tuairim nár cheart leoraithe fada agus troma a cheadú le haghaidh taisteal trasteorann ach amháin má chomhlíonann siad an ceanglas maidir le hastaíochtaí nialasacha agus má sheachnaíonn siad bóithre uirbeacha nuair is féidir. Is de bharr an choigeartaithe sin amháin a mheasfaí togra an Choimisiúin Eorpaigh a bheith réasúnta agus i gcomhréir lena chuspóir.
4.8Tá béim á leagan ag CESE freisin ar na dúshláin a eascraíonn as naisc a áirithiú idir príomhbhóithre agus bóithre tánaisteacha, amhail acomhail agus timpealláin. Tá na rialacháin agus na paraiméadair reatha maidir le tógáil bóithre bunaithe ar na ‘feithiclí caighdeánacha’ atá i gcúrsaíocht faoi láthair. D’fhéadfadh iarmhairtí móra don tsábháilteacht ar fud an Aontais a bheith i gceist dá ndéanfaí athrú ar bith ar na toisí.
4.9Toisc a fheabhas atá siad chun fuinneamh a choigilt, ní mór táirgeadh leantóirí leictreacha a fheabhsú agus a dhreasú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an ollmheáchan uasta ceadaithe a urramú, go háirithe ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh trealamh trom ag teastáil i gcás leantóirí leictreacha. Chun éifeachtúlacht an iompair chomhcheangailte a fheabhsú, measann CESE nach mór leantóirí nua a bheith iniompartha le craein. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach mbeidh méadú ar an ollmheáchan uasta ceadaithe mar thoradh ar shonraíochtaí teicniúla na leantóirí sin, amhail atreisiú breise miotail.
4.10Is céim thábhachtach chun cinn iad comhchuibhiú agus simpliú na nósanna imeachta riaracháin do na ceanglais maidir le ceadanna chun ualaí neamhghnácha nó doroinnte a iompar, mar a leagtar amach i rogha B. Is mór ag CESE an simpliú atá beartaithe, chomh maith leis an gcoigilteas ar chostais riaracháin d’oibreoirí iompair de bhóthar, a mheastar a shroichfidh EUR 1.2 billiún ó thaobh an luacha reatha de le linn 2025-2050, i gcomparáid leis an mbunlíne.
4.11Molann CESE go leagfaí síos spriocdhátaí ní ba dhéine chun dlús a chur le próiseas cur chun feidhme an aistrithe chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Cuirfidh sé sin ar chumas na monaróirí na spriocanna a moladh le déanaí maidir le laghdú astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Ós rud é go bhfuil inmharthanacht feithiclí cianaistir astaíochtaí nialasacha ag brath go mór ar intuarthacht, ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar choinníollacha comhchuibhithe a bheith ann ar fud an Aontais, tá sé ríthábhachtach teorainneacha ama follasacha a bhunú maidir le trasuí náisiúnta agus maidir le haon lamháltas meáchain nua a áireamh sa dlí maidir le cineálcheadú.
4.12Dá gcuirfí dolaí bóthair ní b’airde i bhfeidhm ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha, chuirfí ualach breise airgeadais ar oibreoirí, lena n‑áireofaí ar roinnt mhaith FBManna, rud a d’fhéadfadh úsáid na bhfeithiclí sin a dhíspreagadh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach lamháltais meáchain bhreise a chur as an áireamh le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus dolaí bóthair á gcinneadh, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad a dhifreáil ar bhonn astaíochtaí CO2 de réir na Treorach maidir le hEoraifínéad.
4.13Molann an Coimisiún go gcuirfeadh na Ballstáit bearta sonracha chun feidhme chun feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht a shainaithint ar dócha gur sháraigh siad an meáchan údaraithe uasta. Measann CESE, áfach, go bhfuil sé sách deacair measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar é sin agus bhí sé ag súil leis go leanfaí nós imeachta comhchuibhithe.
4.14Tá CESE ag iarraidh go n‑athrófaí an fhoclaíocht in Airteagal 10da(1) den Togra le haghaidh Treoir go ‘Cuirfidh na Ballstáit scéimeanna Beartais Rochtana Cliste (IAP) chun feidhme laistigh dá gcríocha chun …’.
Tacaíonn CESE go hiomlán leis an togra ón gCoimisiún maidir le táscairí feidhmíochta chun an dul chun cinn maidir le deireadh a chur le bacainní ar an margadh inmheánach a thomhas, an rath maidir le borradh a chur faoi úsáid feithiclí tromshaothair agus feistí coigilte fuinnimh, agus an dul chun cinn maidir le hoibríochtaí idirmhódúla a chur chun cinn.
Is mór aige an tacar mionsonraithe táscairí atá beartaithe do gach cuspóir atá leis an Treoir agus measann sé go dtabharfaidh na táscairí sin léargas tábhachtach ar an gcaoi a bhféadfaí an creat reachtach a fheabhsú tuilleadh amach anseo.
4.15Ar an ásc deiridh, i bhfianaise thionchar na Treorach seo ar an gcreat ilmhódach, is iomchuí le CESE go rachfaí ar aghaidh leis an bplé ar an Treoir seo i gcomhthráth leis an togra atá ar na bioráin le haghaidh na Treorach maidir le hIompar Comhcheangailte.
An Bhruiséil, 6 Deireadh Fómhair 2023
Baiba MILTOVIČA
Cathaoirleach na Rannóige um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
*
*
*
N.B.: Foscríbhinn ar an taobh eile den bhileog.
AGUISÍN
a ghabhann leis an tuairim
Diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, ar caitheadh breis agus an ceathrú cuid de na vótaí ar a son, le linn na díospóireachta:
|
LEASÚ 5
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 3.2
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Is cúis imní do CESE an t‑aistriú módúil aisiompaithe a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar an Treoir seo a ghlacadh, rud atá curtha chun suntais ag an bpobal iarnróid, ag roinnt mhaith ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe iarnróid agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha áirithe. Ar fud an Aontais, tá brú anuas á chur ag an iomaíocht chun praghsanna níos ísle a chur ar fáil do chustaiméirí trí chostais oibríochta a laghdú (costais saothair san áireamh) ar an tsábháilteacht ar bhóithre, ar phá agus ar dhálaí oibre. Bhainfeadh bearta lena n‑éascófaí iomaíocht idir an t‑iompar de bhóthar agus an t‑iompar d’iarnród an bonn den sprioc fhadtéarmach maidir leis an aistriú go modhanna iompair níos glaise a éascú.
|
Tá faitíos ar cheardchumainn Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe iarnróid agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhféadfadh sé go dtarlódh aistriú modúil aisiompaithe de dheasca na Treorach. Ní féidir an acmhainn iompair a chinntiú, áfach, ach amháin trí chreat a éascú le haghaidh an iompair de bhóthar agus na n‑iarnród araon. Is féidir, mar sin féin, an sprioc fhadtéarmach maidir le glasú an iompair tráchtála de bhóthar a dhreasú a thuilleadh.
|
Toradh na vótála
Ar son:
24
In aghaidh:
37
Staonadh:
7
|
LEASÚ 6
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 3.3
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Ina theannta sin, chuirfeadh méadú ar ídiú breosla in aghaidh an chiliméadair feithicle i gcoinne an laghdaithe ar an méid breosla a ídítear in aghaidh an aonaid earraí[6]. Áirítear sa togra ón gCoimisiún oibríochtaí trasteorann a éascú le haghaidh meigi‑leoraithe breosla iontaise. Dar le CESE nach bhfuil aon chúis shubstainteach ann le meigi‑leoraithe breosla iontaise a áireamh sa tionscnamh seo, ós rud é go mbainfeadh sin an bonn de chuspóirí aeráide an togra. Rud eile, is é toradh a bheadh air sin, sa ghearrthéarma, úsáid níos leithne a bheith á baint as feithiclí breosla iontaise, rud a fhágann nach mbeadh aon laghdú ar lorg comhshaoil na modhanna iompair de bhóthar.
[6] Seasamh Chomhairle Sábháilteachta Iompair na hEorpa (ETSC) – Longer and Heavier Goods Vehicles on the roads of the European Union.
|
Ina theannta sin, chuirfeadh méadú ar ídiú breosla in aghaidh an chiliméadair feithicle i gcoinne an laghdaithe ar an méid breosla a ídítear in aghaidh an aonaid earraí[6]. Áirítear sa togra ón gCoimisiún oibríochtaí trasteorann a éascú le haghaidh seirbhísí traschórais de chuid an Chórais Mhodúlaigh Eorpaigh. Tá CESE go hiomlán i bhfabhar an tionscnaimh seo, ós rud é go gcuireann sé le cuspóirí aeráide an togra. Rud eile, is é toradh a bheadh air sin, sa ghearrthéarma, úsáid níos leithne a bheith á baint as feithiclí atá tíosach ar fhuinneamh agus atá éifeachtúil ó thaobh oibríochta de, rud a fhágann go mbeadh laghdú ar an méid breosla a ídítear agus ar líon na dtrucailí a bhíonn ar an mbóthar, lena n‑áirítear i gcás an chuid den turas idirmhodúil a chaitear ar an mbóthar. Molann an Coiste go ndéanfaí taighde freisin chun teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a fhorbairt is féidir a úsáid mar chuid de sheirbhísí traschórais an Chórais Mhodúlaigh Eorpaigh.
[6] Seasamh Chomhairle Sábháilteachta Iompair na hEorpa (ETSC) – Longer and Heavier Goods Vehicles on the roads of the European Union.
|
Toradh na vótála
Ar son:
24
In aghaidh:
42
Staonadh:
3
|
LEASÚ 7
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 3.8
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Faoi láthair, ceadaíonn roinnt Ballstát do mheigi‑leoraithe teorainneacha a thrasnú, ach tá amhras ann fós faoi dhlíthiúlacht na gcomhaontuithe déthaobhacha sin. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún na comhaontuithe sin a rialú gan úsáid meigi‑leoraithe a leathnú chuig Ballstáit nach gceadaíonn iad. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le coimircí sonracha chun an méid seo a leanas a áirithiú:
·go mbeidh gach meigi‑leoraí ina fheithicil astaíochtaí nialasacha faoi 2035 chun laghduithe suntasacha ar astaíochtaí aeráide a bhaint amach.
·go seachnóidh meigi‑leoraithe bóithre áirithe nuair a bhaineann rioscaí do rothaithe agus do choisithe leo. Is cúis imní an méid sin go háirithe nuair a fhágann meigi‑leoraithe mótarbhealaí chun ionaid lóistíochta a bhaint amach;
·nach mbeidh laghdú ar an méid lasta a iompraítear d’iarnród agus de bhóthar mar thoradh ar mheigi‑leoraithe a úsáid, sa chaoi is go gcoinneofar cothromaíocht agus go seachnófar cur isteach ar mhodhanna iompair malartacha.
|
Faoi láthair, ceadaíonn roinnt Ballstát do sheirbhísí traschórais de chuid an Chórais Mhodúlaigh Eorpaigh teorainneacha a thrasnú. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún na hoibríochtaí sin a éascú. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le coimircí sonracha chun a áirithiú go ndéanann na Ballstáit deimhnithe na dtiománaithe a aithint go frithpháirteach.
|
Toradh na vótála
Ar son:
22
In aghaidh:
42
Staonadh:
4
|
LEASÚ 8
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 4.7
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Chun aistriú rathúil i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a éascú, measann CESE go mba ríthábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le húsáid leoraithe troma atá ag brath ar bhreosla iontaise faoi 2035. Ina theannta sin, ní mór bearta a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht rothaithe agus coisithe a áirithiú, chun leoraithe troma a chosc ó bhóithre áirithe a úsáid le heagla sábháilteacht úsáideoirí leochaileacha bóithre a chur i mbaol, mar aon le hiad a chosc ó dhul chuig ionaid lóistíochta laistigh de limistéir uirbeacha. Tá CESE den tuairim nár cheart leoraithe fada agus troma a cheadú le haghaidh taisteal trasteorann ach amháin má chomhlíonann siad an ceanglas maidir le hastaíochtaí nialasacha agus má sheachnaíonn siad bóithre uirbeacha nuair is féidir. Is de bharr an choigeartaithe sin amháin a mheasfaí togra an Choimisiúin Eorpaigh a bheith réasúnta agus i gcomhréir lena chuspóir.
|
Chun aistriú rathúil i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a éascú, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go dtiocfaidh teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha ar an margadh atá níos éifeachtúla ó thaobh oibríochta de agus ar féidir leas a bhaint astu i ngach cineál misin a bhaineann leis na leoraithe troma.
|
Toradh na vótála
Ar son:
23
In aghaidh:
42
Staonadh:
5
|
LEASÚ 1
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 3
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Mar sin féin, is cúis imní do CESE an t‑aistriú módúil aisiompaithe a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar an Treoir seo a chur chun feidhme, rud a mhillfeadh faoin sprioc maidir le modhanna iompair níos glaise a chur chun cinn trí iomaíocht idir iompar de bhóthar agus iompar d’iarnród a éascú.
|
Mar sin féin, tá CESE den tuairim nach ndéanann an Treoir a dhóthain cur chun cinn i dtaca le glasú na modhanna iompair trí fheithiclí is glaine a úsáid san iompar earraí de bhóthar agus trí iomaíocht idir iompar de bhóthar agus iompar d’iarnród a éascú
|
Toradh na vótála
Ar son:
21
In aghaidh:
48
Staonadh:
1
|
LEASÚ 2
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 1.4
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Molann CESE raon feidhme na Treorach a leathnú chun gnéithe mórthábhachtacha breise a chuimsiú inti, cuir i gcás rialacháin maidir le luas, rialacháin maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe, maille le huirlisí oiriúnacha oiliúna agus faireacháin dírithe ar na húdaráis lena mbaineann a ghlacadh.
|
Molann CESE raon feidhme na Treorach a leathnú chun gnéithe mórthábhachtacha breise a chuimsiú inti, cuir i gcás compord na an tiománaí a fheabhsú ach cead a thabhairt an cábán agus an fheithicil féin a dhéanamh níos faide. D’fhéadfadh sé sin cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ghanntanais tiománaithe san Aontas.
|
Toradh na vótála
Ar son:
22
In aghaidh:
44
Staonadh:
4
|
LEASÚ 3
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 1.12
Le leasú mar a leanas:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Ní iomchuí leis an gCoiste go ndéanfaí oibríochtaí trasteorann le haghaidh meigi‑leoraithe breosla iontaise a éascú, ós amhlaidh a bhainfeadh sin an bonn de spriocanna aeráide an tionscnaimh trí leathnú gearrthéarmach na bhfeithiclí breosla iontaise a chur chun cinn agus gan tionchar an iompair de bhóthar ar an gcomhshaol a laghdú san am céanna.
|
Tá an Coiste den tuairim gurb iomchuí oibríochtaí trasteorann a éascú le haghaidh seirbhísí traschórais de chuid an Chórais Mhodúlaigh Eorpaigh, mar a mhol an Coimisiún Eorpach, mar cuirfidh sé sin dlús leis an dul chun cinn ó thaobh spriocanna aeráide an tionscnaimh trí úsáid na bhfeithiclí atá níos tíosaí ar fhuinneamh agus atá níos éifeachtúla ó thaobh oibríochta de a chur chun cinn, rudaí a laghdaíonn an méid breosla a ídítear agus líon na dtrucailí atá ar an mbóthar. Molann an Coiste go ndéanfaí taighde freisin chun teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a fhorbairt is féidir a úsáid mar chuid de sheirbhísí traschórais an Chórais Mhodúlaigh Eorpaigh.
|
Toradh na vótála
Ar son:
24
In aghaidh:
42
Staonadh:
3
|
LEASÚ 4
TEN/811
Athbhreithniú ar Threoir 96/53/CE maidir le Meáchain agus Toisí
Pointe 1.13
Pointe le scriosadh:
|
Arna chur síos ag
DANISMAN Mira-Maria
MASTANTUONO Alena
|
|
Dréacht‑tuairim
|
Leasú
|
|
Cuireann CESE chun suntais gur gá bearta ar leith a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh gach meigi‑leoraí trasteorann ina fheithicil astaíochtaí nialasacha faoi 2035, go seachnódh meigi‑leoraithe na bealaí sin a mbaineann rioscaí do rothaithe agus do choisithe leo, agus nach n‑atreoródh na meigi‑leoraithe an trácht lasta ar shiúl ó iarnróid ná ó uiscebhealaí. Ar a mhuin sin, is cúis imní don Choiste go bhféadfaí ualach breise gan ghá a chur ar an mbonneagar páirceála bóthair dá mbeadh breis meigi‑leoraithe ar bhóithre an Aontais.
|
|
Toradh na vótála
Ar son:
21
In aghaidh:
48
Staonadh:
3
_____________