GA

SOC/759

An comhar maidir leis an óige

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

An comhar maidir leis an óige

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

Teagmháil

soc@eesc.europa.eu

Riarthóir

Sabrina BORG

Dáta an doiciméid

05/06/2023

Rapóirtéir: Nicoletta MERLO

Iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir an 8 Nollaig 2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31/05/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

50/1/8

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Chun a áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus d’fhonn creat agus tagairt a chur ar fáil chun cláir oibre i leith na hóige a chur chun cinn ar fud na mBallstát uile, tá CESE á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sonraí cruinne atá cothrom le dáta a bheith ann. Leis na sonraí sin, cuideofar le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar neamhshiméadrach a bhíonn ag géarchéimeanna amhail COVID-19 1 agus an tionchar a bhíonn ag beartais ar an óige 2 , chomh maith le dea-chleachtais a shainiú lena dtugtar aghaidh go díreach agus go heisiach ar dhaoine óga nó a mbíonn tionchar suntasach acu orthu.

1.2Is mór ag CESE na feabhsuithe leanúnacha atá á ndéanamh ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirphlé sin a neartú agus ról fónta a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga fud fad an phróisis ceaptha beartas, agus ar an mbealach sin, aithneofar an ról a imríonn siad agus cuirfear san áireamh na bealaí nua ina mbíonn daoine óga rannpháirteach, ina ndéanann siad díospóireacht agus ina ngníomhaíonn siad sa lá atá inniu ann. Is minic a dhéantar sin tríd an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta a úsáid.

1.3D’fhonn rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht a mhéadú, is mian le CESE oibriú leis an bhfoireann trí uachtaránacht (an Spáinn, an Bheilg, an Ungáir) a bheidh ann go luath ar straitéisí chun vótálaithe céaduaire a spreagadh, chun feabhas a chur ar an ráta vótála i measc na hóige agus chun rannpháirtíocht na hóige mar iarrthóirí a mhéadú ar fud na hEorpa.

1.4Tá CESE tiomanta don idirphlé sóisialta a neartú i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas. Ba cheart tuilleadh tacaíochta a dhíriú ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a fhorbairt, go háirithe i measc na gcomhaltaí don óige, d’fhonn idirphlé sóisialta agus cómhargáil a dhéanamh.

1.5Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach dlíthe, gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, beartais, straitéisí, cláir, bearta agus infheistíocht phoiblí a bheith faoi réir comhairliúchán agus measúnú tionchair ó thaobh na hóige agus dearadh bheartais de, agus faoi réir tograí le haghaidh bearta maolaithe agus ba cheart a áirithiú go gcuirtear cosc ar sháruithe ar chearta agus ar an idirdhealú in aghaidh daoine óga leo.

1.6D’fhonn na bacainní eacnamaíocha a shárú, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tús áite a thabhairt do dhaoine óga a lánpháirtiú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta a chur ar fáil dóibh agus trí fhor-rochtain ar dhaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) a fheabhsú.

1.7Agus é ag tagairt do Bhliain Eorpach na Scileanna, tá CESE á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an gá atá le scileanna trasnaí. Ní mór litearthacht airgeadais, eolas ar chearta oibrithe agus scileanna fiontraíochta a bheith ag daoine óga. Ní mór scileanna digiteacha agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) a chur chun cinn níos mó, go háirithe i measc cailíní.

1.8D’fhonn an mheabhairshláinte a chur chun cinn agus an foréigean agus an bhulaíocht a chomhrac, tá CESE á chur in iúl a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfaighidh ógánaigh scileanna sochmhothúchánacha agus go gcuirfear tacaíocht shíceolaíoch agus shóisialta ar fáil dóibh i scoileanna agus i ngrúpaí móra eile.

1.9Chun sláinte shíceolaíoch agus fhisiciúil níos fearr a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an deis ag daoine óga spóirt a imirt agus páirt a ghlacadh sa tsochaí i gcoitinne agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha.

1.10Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cuidiú le daoine óga lena gcostais tithíochta a íoc agus beartais tithíochta poiblí a chothú chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil a ráthú, iad a spreagadh chun a mhaireachtáil go neamhspleách agus tacú leo tráth a bhíonn a saol teaghlaigh á phleanáil acu. Ní mór do na Ballstáit cur lena n-iarrachtaí chun an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht luathchúraim leanaí agus saoráidí atá ríthábhachtach do theaghlaigh óga.

1.11Iarrann CESE go mbeadh rannpháirtíocht na ndaoine óga sa ghníomhú ar son na haeráide agus i saincheisteanna comhshaoil níos fónta agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá forbairt scileanna sna réimsí sin.

1.12Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an gcomhghaol idir saincheisteanna comhshaoil agus an mheabhairshláinte a mhéid a bhaineann le daoine óga agus iarrann sé go gcuirfear leis an taighde ar ghníomhú ar son na haeráide agus le freagrúlacht rialtais ina leith.

1.13Agus sinn ag obair ar na hábhair thuasluaite, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi dhaoine óga imeallaithe agus cur chuige trasnach a ghlacadh, agus aird á tabhairt ar inscne, eitneacht, míchumas agus mar sin de.

2.Cúlra

2.1Tá scéim comhair um beartas i leith na hóige á reáchtáil ag an Aontas ó 2002 agus í bunaithe ar phrionsabail na rannpháirtíochta gníomhaí agus na rochtana comhionainne ar dheiseanna 3 .

4 5 6 I mí na Nollag 2018, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027. Soláthraítear leis an straitéis sin creat cuspóirí, prionsabal, tosaíochtaí agus beart i ndáil le comhar um beartas i leith na hóige le haghaidh na ngeallsealbhóirí uile agus aird chuí á tabhairt ar a n-inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabal na coimhdeachta. Le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, éascaítear cur chun feidhme na straitéise féin agus cur chun feidhme na 11 Sprioc Eorpacha don Óige a ghabhann léi. Is sásra idirphlé é seo idir daoine óga agus lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Tá gá leis an bpróiseas sin a neartú agus moltaí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, fiú ar an leibhéal náisiúnta.

2.2D’iarr uachtaránacht na Spáinne ar CESE, dá bhrí sin, tústuairim a dhréachtú ina sainaithneofar na dúshláin, na saincheisteanna agus na deacrachtaí is mó atá roimh Eorpaigh óga, ag díriú ar na nithe a chuireann bac orthu saol iomlán cuimsitheach a bheith acu, agus tairbhe iomlán a bhaint as a gcearta bunúsacha agus as comhionannas deiseanna gan aon tionchar diúltach a bheith orthu.

2.3Maidir le Clár Oibre an Aontais don Óige atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, creideann CESE gur cheart aghaidh a thabhairt ann ar na príomhdhúshláin, ar na saincheisteanna is mó agus ar na príomhbhacainní atá roimh Eorpaigh óga (arna sainaithint trí Idirphlé Óige an Aontais agus Eorabharaiméadar. Ba cheart an bealach ina bhféadfaidh an tAontas cuidiú le daoine óga an méid sin a shárú a dheimhniú leis an gclár oibre freisin. Na bearta sin atá ceaptha go díreach chun éagothroime idirghlúine a mhaolú agus ceartas idirghlúine a chothú, ba cheart don Aontas na Ballstáit a spreagadh chun iad a neartú le comhordú láidir agus le sásraí maoirseachta chun comhleanúnachas beartais a áirithiú 7 . Ní mór do na Ballstáit bearta trasearnála a atreisiú ar bearta iad a bhfuil tionchar dearfach acu ar dhaoine óga trí dhifear a dhéanamh do thairbhithe óga den chuid is mó 8 agus tríd an deighilt idirghlúine a laghdú 9 .

2.4Measann CESE gur gné bhunúsach eile é sonraí a fháil: sonraí imdhealaithe ardcháilíochta a fháil ar dhaoine óga, agus na sonraí sin a bheith inrochtana agus intomhaiste ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, is réamhriachtanas é sin chun anailís a dhéanamh ó dhearcthaí éagsúla ar an staid reatha agus measúnú a dhéanamh ar na bearta nach mór a dhéanamh agus na tionchair a ghabhann leis na bearta sin a fhíorú.

3.Barúlacha ginearálta

3.1 Feabhas a chur ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus ar rannpháirtíocht na hóige

3.1.1Tá sé de cheart ag daoine óga páirt a ghlacadh i gcur le chéile beartas óige agus, níos ginearálta, i gcur le chéile na mbeartas uile. Is mór ag CESE na feabhsuithe leanúnacha atá á ndéanamh ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirphlé sin a neartú agus ról a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht fhiúntach ar dhaoine óga fud fad an phróisis ceaptha beartas, is é sin, ó chéim sainithe beartais chuig céim a chur chun feidhme, céim na meastóireachta agus na hoibre leantaí freisin. Tá sé chomh riachtanach céanna a chinntiú go gcuirfear grúpaí imeallaithe daoine óga san áireamh agus go nglacfar cur chuige trasnach. Áiritheofar leis sin fíorchomhar éifeachtach idir daoine óga agus institiúidí poiblí ar gach leibhéal.

3.1.2Síleann CESE go bhfuil sé riachtanach go n-aithneoidh institiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla an tábhacht a bhaineann le heagraíochtaí don óige de gach cineál, agus an ról a imríonn siad. Tá sé ríthábhachtach freisin aird chuí a thabhairt ar na bealaí nua, ar bealaí neamhfhoirmiúla iad go minic, ina mbíonn daoine óga rannpháirteach, ina ndéanann siad díospóireacht agus ina ngníomhaíonn siad sa lá atá inniu ann. Is minic a dhéantar sin tríd an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta a úsáid.

3.1.3D’fhonn rannpháirtíocht ghníomhach na nglúnta óga a áirithiú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach bacainní sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha atá roimh rannpháirtíocht iomlán daoine óga a shárú, go háirithe na bacainní atá roimh na daoine óga is leochailí. Thairis sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit bealaí a shainaithint chun obair óige a mhaoiniú agus an spás sibhialta do dhaoine óga san Eoraip a chosaint, ar spás é sin ina bhféadfaidh siad a gceart chun tuairimí a nochtadh, chun faisnéise, agus chun comhthionóil shíochánta agus saoirsí gaolmhara eile a fheidhmiú.

3.1.4Is léir go bhfuil an ghlúin óg ar son na hEorpa, ach is iondúil go mbíonn an ráta vótála i measc daoine óga agus a rannpháirtíocht ghníomhach mar iarrthóirí an-íseal i dtoghcháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha. Is mian le CESE oibriú leis an bhfoireann trí uachtaránacht (an Spáinn, an Bheilg, an Ungáir) a bheidh ann go luath ar straitéisí chun vótálaithe céaduaire a spreagadh agus chun feabhas a chur ar an ráta vótála i measc na hóige agus ar rannpháirtíocht na ndaoine óga mar iarrthóirí a mhéadú ar fud na hEorpa.

3.1.5Tá an chumarsáid éifeachtach ríthábhachtach chun dul i bhfeidhm ar an nglúin óg: tá CESE á mholadh go n-úsáidfeadh na hinstitiúidí poiblí uile teanga inrochtana a dtuigfeadh an óige agus go mbainfidís úsáid níos éifeachtaí as na meáin shóisialta chun faisnéis ríthábhachtach agus a ngníomhaíochtaí agus a mbeartais a chur in iúl.

3.1.6 Tá CESE tiomanta don idirphlé sóisialta a neartú i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas (Eanáir 2023). Ba cheart tuilleadh tacaíochta a dhíriú ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a fhorbairt, go háirithe i measc na gcomhaltaí don óige, d’fhonn idirphlé sóisialta agus cómhargáil a dhéanamh, agus ar chur chun feidhme comhaontuithe neamhspleácha comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.

3.1.7Ag an am céanna, aithníonn CESE an ról a imríonn eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail, i bhforbairt agus nuashonrú scileanna agus beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna á seachadadh acu.

3.2Tionchar na mbeartas ó ghlúin go glúin

3.2.1Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach dlíthe, gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, beartais, straitéisí, cláir, bearta agus infheistíocht phoiblí na mBallstát a bheith faoi réir comhairliúchán agus measúnú tionchair ó thaobh na hóige agus dearadh bheartais 10 de, agus faoi réir tograí le haghaidh bearta maolaithe agus ba cheart a áirithiú go gcuirtear cosc leo ar sháruithe ar chearta agus ar an idirdhealú in aghaidh daoine óga laistigh de gheilleagair sochaí atá ag dul in aois 11 agus laistigh den domhandú 12 .

3.2.2Rinneadh a lán scéimeanna píolótacha sa réimse sin san Eoraip, agus staidéir tionchair eolaíochta, staidéir faireacháin 13 nó fiú meastóireachtaí ex post ar dhréachtdhlíthe le haghaidh daoine óga mar thoradh ar an obair sin. Rinne dhá thír Eorpacha, is iad sin an Ostair agus an Ghearmáin 14 , meastóireachtaí ex ante agus ex post atá thar a bheith suimiúil.

3.2.3Ba mhian le CESE tagairt a dhéanamh dá thuairim maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de 15 . Spreagtar inti institiúidí Eorpacha agus náisiúnta chun rannpháirtíocht iomchuí eagraíochtaí óige a áirithiú, chun bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh agus chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag beartais tríd an measúnú ó thaobh na hóige de a chur chun feidhme ina iomláine.

3.3Bacainní eacnamaíocha a shárú

3.3.1Is minic a bhíonn fostaíocht i measc na hóige forbhásach 16 (post sealadach, obair dhearbhánbhunaithe, obair ardáin, an geilleagar poistíneachta, obair chomhoibríoch, etc.). Go hiondúil, bíonn pá íseal ag gabháil le fostaíocht den sórt sin, agus uaireanta oibre neamhrialta, éiginnteacht fostaíochta, agus cosaint shóisialta theoranta (tuarastal saoire, pinsean, saoire bhreoiteachta, etc.) nó gan cosaint shóisialta ar bith.

3.3.2Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna). Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta ceangailteacha chun tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a ráthú 17 agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

3.3.3Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, CSE+ agus cistí eile atá ann chun poist lánaimseartha tháirgiúla a chruthú agus chun daoine óga a uas-sciliú i gcás inar gá, agus béim ar leith á leagan ar chonarthaí nach bhfuil dáta deiridh leo agus dálaí oibre cuibhiúla lena gcuirtear teorainn leis an riosca go mbeidh dálaí maireachtála agus oibre éagobhsaí ann 18 , agus creataí dlíthiúla náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna á gcur san áireamh ag an am céanna.

3.3.4Le hathruithe gasta ar mhargadh an tsaothair a tháinig chun cinn i bpáirt de thoradh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, cuirtear i dtábhacht an gá atá lena áirithiú go bhfanfaidh cláir oideachais agus oiliúna cothrom le dáta agus ábhartha do riachtanais fostóirí i leith scileanna, agus na riachtanais sin ag athrú. Tá sé ríthábhachtach na scileanna is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fhorbairt, chomh maith le cuir chuige ón mbun aníos maidir le curaclaim a nuashonrú. Ní mór raon scileanna digiteacha, ETIM (scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice) agus trasnaí a bheith ag daoine óga, chomh maith leis an gcumas chun iad féin a oiriúnú do rudaí nua. Baineann an-tábhacht le scileanna digiteacha agus ETIM a fhorbairt ionas go mbainfear comhionannas inscne éifeachtach amach, ós rud é go bhféadfadh níos mó ban dul san iomaíocht do phoist na todhchaí agus an bhearna pá idir na hinscní a laghdú ar an mbealach sin. Ba cheart saincheist an chomhionannais inscne a chur san áireamh sna conairí oideachais. Tá gá le straitéisí lena gcuirtear chun cinn príomhshruthú inscne a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

3.3.5Ba cheart an meon fiontraíochta san Aontas a fheabhsú. Tá suim ag thart ar 40-45 % de dhaoine óga san fhiontraíocht, ach níl ach 7 % díobh féinfhostaithe. Is daoine óga iad 11 % de dhaoine san Aontas a d'fhéadfadh a bheith ina bhfiontraithe ach nach bhfuil ina bhfiontraithe 19 . Bíonn ar na daoine óga sin aghaidh a thabhairt ar phríomhbhacainní éagsúla maidir le gnó a chruthú, lena n-áirítear easpa scileanna fiontraíochta.

3.3.6Agus é ag tagairt do Bhliain Eorpach na Scileanna, cuireann CESE i bhfáth an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an gá atá le scileanna trasnaí 20 . Litearthacht airgeadais agus eolas ar chearta oibrithe, is scileanna iad sin nach mór do gach duine óg a shealbhú agus máistreacht a fháil orthu chun barr a gcumais a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar chonairí foghlama solúbtha 21 a thabhairt isteach agus ar scileanna a fhaightear trí oideachas neamhfhoirmiúil agus trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil a aithint ar bhealach níos fearr.

3.3.7Bíonn ar go leor mná óga fós rogha a dhéanamh idir a dteaghlach agus a ngairm toisc gur tásc atá deacair go hoibiachtúil é cothromaíocht oibre agus saoil a bhaint amach. Mná óga a bhfuil rochtain níos lú acu ar fhostaíocht ar chúiseanna teaghlaigh, is mó an dóchúlacht go dtitfidh siad chun bochtaineachta, agus bíonn níos lú uirlisí acu ansin chun éalú uaithi. D’fhéadfadh sé go rachadh infheistíocht i mbonneagar inláimhsithe agus doláimhsithe 22 do shaoráidí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh go mór chun tairbhe do lánfhostaíocht na mban.

3.3.8 Tá sé ríthábhachtach go mbainfidh daoine óga neamhspleáchas eacnamaíoch amach ós rud é go gcuirtear ar a gcumas, a bhuí leis sin, a bheith ina saoránaigh ghníomhacha. San Iodáil, is leis an innéacs um dheighilt idirghlúine 23 a dhéantar meastóireacht ar scála na mbacainní atá roimh dhaoine óga maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach agus is é sin an príomhchreat faoi Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a bheidh ann amach anseo. 24 Rinneadh tionscadal comhchosúil sa Ríocht Aontaithe (Intergenerational Fairness Index) inar baineadh leas as tacsanomaíocht agus táscairí a bhí beagán difriúil 25 ach tugtar léargas níos duairce ann ar ionchais dhaoine óga ar fud na hEorpa 26 . Tá taithí cheana féin ag an nGearmáin 27 , ag an Ostair 28 agus ag Flóndras ar an measúnú tionchair rialála le haghaidh daoine óga 29 . Aithníonn CESE a thábhachtaí atá na cleachtais sin agus molann sé do na Ballstáit uile inspioráid a bhaint as na dea-shamplaí sin.

3.4Foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe

3.4.1Cé gur mór an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, tuairiscíonn a lán daoine óga fós gníomhartha foréigin atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne. Measann CESE gur cheart feabhas a chur ar shaoráidí amhail ionaid dídine agus tionscadail lena ndéantar daoine a athimeascadh sa tsochaí chun a áirithiú go bhfuil uirlisí ar fáil do dhaoine chun an tráma a eascraíonn as an bhforéigean sin a phróiseáil agus chun tacú le híospartaigh foréigin agus gach cineál idirdhealaithe. Tá seirbhísí dlíthiúla, síceolaíocha agus idirghabhála sóisialta ríthábhachtach freisin.

3.4.2Ba cheart tús a chur le feachtais oideachais ar na hábhair sin i scoileanna agus san ionad oibre chun meas ar an éagsúlacht a chur chun cinn. Anuas ar na saincheisteanna sin a fhiosrú, ba cheart deiseanna a chur ar fáil leis na feachtais sin chun éisteacht agus labhairt le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus an idirdhealaithe inscnebhunaithe. Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról gníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, don tsochaí shibhialta eagraithe agus d’institiúidí oideachais ionas go n-éireoidh leis na tionscnaimh sin.

3.4.3San Aontas agus ar fud an domhain, d’fhulaing ban amháin as gach triúr foréigean fisiceach nó gnéasach. Go dtí seo, is íospartach de mhí-úsáid ghnéasach cailín amháin as gach cúigear. Tá an foréigean ar líne ag dul i méid; is íospartach d’fhoréigean inscnebhunaithe ar líne duine óg amháin as gach beirt 30 . Tá CESE ag áitiú ar na Ballstáit nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl 31 daingnithe acu go fóill é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

3.5Bacainní síceolaíocha agus mothúchánacha agus an t-idirdhealú

3.5.1Mar a shonraítear go soiléir i gCairt um Fholláine na Ginéive, cairt a chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun cinn agus arb é an toradh ar an 10ú Comhdháil Dhomhanda maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte (2021) 32 , is éard is dearcadh dearfach ar an tsláinte dearcadh ina gcuirtear an fholláine fhisiciúil agus an fholláine mheabhrach agus shóisialta san áireamh.

3.5.2Is iomaí rud a mbíonn tionchar acu ar fholláine agus ar mheabhairshláinte daoine óga. Is gnéithe iad an t-eisiamh, an stiogmatú, timpeallacht leochaileach teaghlaigh agus poist fhorbhásacha a d’fhéadfadh cur leis an riosca go bhforbróidh duine ar leith fadhbanna meabhairshláinte. D’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag easpa cóireála le linn na hógántachta, iarmhairtí a d'fhéadfadh fanacht leis an duine agus é nó í fásta, agus ina dhiaidh sin fiú. D’fhéadfadh na fadhbanna sin cur isteach ar an tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus teorainn a chur le deiseanna chun saol sásúil a bheith ag an duine sin.

3.5.3Tá CESE á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfaighidh ógánaigh scileanna so-mhothúchánacha agus go gcuirfear tacaíocht shíceolaíoch agus shóisialta saor in aisce ar fáil dóibh i scoileanna agus i ngrúpaí móra eile, chun dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn agus an foréigean agus an bhulaíocht a d'fhéadfadh tarlú áit ar bith agus trí mhodh ar bith (lena n-áirítear ar líne) a chomhrac.

3.5.4Is minic a thagraíonn daoine óga don uaigneas comhchoiteann, is é sin, cás ina mothaíonn daoine go bhfuil siad ina n-aonar cé go bhfuil siad i gcomhluadar daoine. Mar sin féin, cuirtear fadhb eile i bhfolach leis sin, is í sin, an neamhghníomhaíocht mar gheall ar leithlisiú cosanta. Is fóibe shóisialta í sin a bhfuil méadú ollmhór ag teacht uirthi . Is minic a bhíonn baint ag cineálacha dúlagair atá géar, a bheag nó a mhór, agus a théann i méid le himeacht ama, leis an bhfóibe sin. Is díol sásaimh do CESE na conclúidí ó chomhdháil chlabhsúir Bhliain Eorpach na hÓige dar teideal ‘Is leatsa an Todhchaí’ an 6 Nollaig 2022 inar iarradh go ndíreofaí níos mó ar chúram sláinte coisctheach agus ar mheabhairghalair agus ar an uaigneas a chomhrac.

3.5.5D’fhéadfadh an mheabhairshláinte cur isteach ar an gcumas atá ag an gcorp é féin a chothú i gceart agus bíonn iarmhairtí aige sin ar an tsláinte fhisiciúil i gcásanna tromchúiseacha. Le blianta beaga anuas, tá méadú ag teacht ar an itheachán gan smacht – ‘babhtaí itheacháin dosmachtaithe’ – agus is minic a bhaineann sé sin le murtall agus le siondróm meitibileach, ach bíonn sé mar thoradh ar neamhoird giúmair, strus méadaithe agus imní shóisialta freisin.

3.5.6Má roghnaítear slite maireachtála sláintiúla, is féidir cuidiú le roinnt galair neamhtheagmhálacha ainsealacha a chosc, amhail diaibéiteas, galair chardashoithíocha agus cineálacha áirithe ailse. Ní hamháin gur cuid fhíorluachmhar den phróiseas forbartha pearsanta é an deis a bheith ag duine spóirt a imirt agus a bheith rannpháirteach sa tsochaí agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha, ach tá na gníomhaíochtaí sin nasctha go dlúth le sláinte shíceolaíoch agus fhisiciúil níos fearr: ní mór na deiseanna sin a bheith ag gach duine óg.

3.6Dúshláin shóisialta

3.6.1Easpa pá cuibhiúil nó leordhóthanach ar a laghad, is minic a chuireann sé sin cosc ar dhaoine óga céimeanna tábhachtacha áirithe ina saol a bhaint amach, cuir i gcás, teach a cheannach nó a fháil ar cíos dóibh féin nó clann a thosú. Tá cothromaíocht dhéimeagrafach na mór-roinne á díchobhsú dá réir sin, tráth a bhfuil níos mó daoine óga ag cinneadh gan clann a bheith acu.

3.6.2Tá an staid sin ag dul in olcas mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta, go háirithe i gcathracha móra ina bhfuil na praghsanna i bhfad níos airde ná an pá agus bíonn sé deacair ar dhaoine óga maoiniú a fháil ó na bainc ach amháin más féidir leo ráthaíocht de chineál éigin a thairiscint. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cuidiú le daoine óga lena gcostais tithíochta a íoc agus beartais tithíochta poiblí a chothú chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil a ráthú, iad a spreagadh chun a mhaireachtáil go neamhspleách agus tacú leo agus a saol teaghlaigh á phleanáil acu.

3.6.3Ar an taobh eile, ní mór dúinn cuimhneamh gurb iad teaghlaigh, lena n-áirítear na cineálacha teaghlaigh is éagsúla is féidir linn a shamhlú, bunús na sochaí nua-aimseartha: tá teaghlaigh agus dul chun cinn déimeagrafach (nó cobhsaíocht dhéimeagrafach ar a laghad) mar bhonn taca lenár samhail forbartha. Mura bhfuilimid in ann tacaíocht chuí a thabhairt do theaghlaigh óga agus iad a spreagadh, beidh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcóras leasa iomlán, agus níl ansin ach saincheist amháin a bheidh romhainn.

3.6.4Tá an daonra ag dul in aois san Eoraip agus tá easpa athnuachana ar bun ó ghlúin go glúin freisin. Mar sin, tá treochtaí déimeagrafacha á n-aisiompú agus tá gá le díriú ar theaghlaigh agus an obair a réiteach leis an tuismitheoireacht. Saoire do thuismitheoirí a mhéadú agus dlús a chur le forbairt saoráidí cúraim leanaí inrochtana sna Ballstáit sin ina nach bhfuil siad ar fáil, is príomhuirlisí iad sin chun comhionannas inscne a neartú agus a chur chun cinn, ós rud é go n-áirithítear leo go mbeidh an deis ag an mbeirt thuismitheoirí níos mó ama a chaitheamh lena leanaí agus go spreagfar rannpháirtíocht chomhionann i margadh an tsaothair.

3.7Dúshláin éiceolaíochta agus chomhshaoil

3.7.1Is gníomhairí tábhachtacha don athrú agus don nuálaíocht iad daoine óga agus iad ina gcomhpháirtithe riachtanacha i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe agus do chomhaontuithe agus ionstraimí iltaobhacha eile, lena n-áirítear Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus an Comhaontú Glas don Eoraip. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhealach níos fónta sa ghníomhú ar son na haeráide agus i saincheisteanna comhshaoil.

3.7.2Tá an t-oideachas ríthábhachtach chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach: ní mór an tábhacht a bhaineann le forbairt scileanna i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide, agus sa gheilleagar ciorclach freisin, a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart tacú le hoideachas leanaí ar an inbhuanaitheacht tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil do thuismitheoirí agus tríd an oideachas sibhialta 33 .

3.7.3Tá limistéir thuaithe i mbaol dídhaonraithe faoi láthair mar gheall ar easpa nó ganntanas seirbhísí agus bonneagair. Le hinfheistíochtaí spriocdhírithe sna réimsí sin, d’fhéadfaí cur le hiomaíochas, le cruthú post agus le caighdeán maireachtála níos fearr, rudaí lena ndéanfar an treocht sin a aisiompú agus daoine óga a spreagadh chun bogadh chucu. Thairis sin, trí shineirgí cliste a fhorbairt idir an inbhuanaitheacht, táirgeadh bia áitiúil agus an turasóireacht, d'fhéadfaí deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh i bpoist fhiúntacha lena mbaineann tionchar, rud a chuirfeadh le fás agus beogacht na réigiún sin.

3.7.4Tá daoine óga i measc na ndaoine is leochailí agus is íogaire maidir leis na tionchair chomhshaoil a chruthaítear leis an athrú aeráide 34 . Má leanann an téamh domhanda ar aghaidh gan laghdú, beidh iarmhairtí tubaisteacha sláinte aige ar leanaí agus ar dhaoine óga, e.g. arduithe ar leibhéil na bhfarraigí, tonnta teasa, galair, míchothú agus fadhbanna eile. Creideann beagnach 70 % de dhaoine faoi 18 mbliana d’aois gur éigeandáil dhomhanda é an t-athrú aeráide 35 , agus bíonn tionchar diúltach ag an imní sin ar fholláine mhothúchánach agus shíceolaíoch daoine óga. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh in 2021 ar 10 000 duine óg ó gach cearn den domhan gur bhraith níos mó ná 50 % de na daoine óga a ndearnadh suirbhé orthu go raibh brón, imní nó fearg orthu, gur mhothaigh siad nach raibh siad in ann cuidiú, agus/nó gur mhothaigh siad ciontach faoin athrú aeráide, agus dúirt 45 % díobh go mbíonn drochthionchar ag a gcuid mothúchán faoin athrú aeráide ar a saol laethúil agus ar a maireachtáil laethúil 36 . Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an gcomhghaol sin agus go gcuirfí leis an taighde ar ghníomhú ar son na haeráide agus le freagrúlacht rialtais ina leith.

3.7.5Meabhraíonn CESE an tuairim uaidh maidir le ról na ndaoine óga san aistriú glas 37 ina moltar sraith gníomhaíochtaí atá dírithe ar a áirithiú go mbeidh na glúnta óga ar thús cadhnaíochta san aistriú aeráide agus comhshaoil.

An Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2023

Cinzia Del Rio

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

_____________

N.B.:    Foscríbhinní ar an taobh eile den leathanach.



FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ó

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 4

SOC/759

An comhar maidir leis an óige

Pointe 3.3.1

Le leasú mar seo a leanas

Dréacht‑tuairim

Leasú

Is minic a bhíonn fostaíocht i measc na hóige forbhásach[1] (post sealadach, obair dhearbhánbhunaithe, obair ardáin, an geilleagar poistíneachta, obair chomhoibríoch, etc.). Go hiondúil, bíonn pá íseal ag gabháil le fostaíocht den sórt sin, agus uaireanta oibre neamhrialta agus cosaint shóisialta theoranta (tuarastal saoire, pinsean, saoire bhreoiteachta, , etc.) nó gan cosaint shóisialta ar bith.

[1] https://www.cedefop.europa.eu /en/ tools/ skills- intelligence/ involuntary- part- time- employment?year=2020&country=EU#2; https://www.youthforum.org/topics/platform- work#:~:text=Young%20workers%20who%20are%20at,any%20policies%20on%20this%20topic

De réir Eurofound, cé go raibh sé tuartha, níor tháinig méadú ar an dífhostaíocht ar mhargaí saothair an Aontais tar éis na paindéime. Cé nach ach ardú measartha a bhí sa mhéid sin, bhí an tionchar is mó aige ar oibrithe san aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois, ós rud é go bhfuil conarthaí fostaíochta sealadacha nó cineálacha conarthaí fostaíochta éiginnte eile, ag líon díréireach an aoisghrúpa sin, rud a chiallaíonn gur bhain siad níos lú tairbhe as na scéimeanna coinneála poist i gcomparáid le hoibrithe in aoisghrúpaí eile, agus mar gheall go raibh líon díréireach den aoisghrúpa sin fostaithe in earnálacha a raibh tionchar tubaisteach ag na dianghlasálacha orthu, mar shampla earnáil an fháilteachais agus earnáil na fóillíochta. Fágadh go leor daoine óga gan phost nuair a dhún gnólachtaí ar fud na hEorpa,rud a chuir leis na rátaí dífhostaíochta i measc na hóige, agus na rátaí sin ag leibhéal ard cheana féin. Is é tuairim CESE gur comhartha ar fhorbairt dhearfach é gur laghdaíodh an dífhostaíocht i measc na hóige chuig ráta atá níos ísle ná an ráta a bhí ann roimh phaindéim COVID-19.[1]

[1]Bliainiris Eurofound 2022 Cónaigh agus oibriú san Aontas an 4 Bealtaine 2023 https://www.eurofound.europa.eu/ publications/ annual- report/ 2023/living- and- working- in- europe-2022

Toradh na vótála:

Ar son:    19

In aghaidh:    34

Staonadh:    6

LEASÚ 5

SOC/759

An comhar maidir leis an óige

Pointe 3.3.2

Le leasú mar seo a leanas

Dréacht‑tuairim

Leasú

Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna. Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta ceangailteacha chun tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a ráthú agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

[1] https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.

Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna. Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta iomchuí a ndéanfar iad a chur chun feidhme i gceart chun tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a ráthú[1] agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

[1] https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.

Toradh na vótála:

Ar son:    21

In aghaidh:    35

Staonadh:    3

LEASÚ 6

SOC/759

An comhar maidir leis an óige

Pointe 3.3.3

Le leasú mar seo a leanas

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, CSE+ agus cistí eile atá ann chun poist lánaimseartha tháirgiúla a chruthú agus chun daoine óga a uas-sciliú i gcás inar gá, agus béim ar leith á leagan ar chonarthaí nach bhfuil dáta deiridh leo agus dálaí oibre cuibhiúla lena gcuirtear teorainn leis an riosca go mbeidh dálaí maireachtála agus oibre éagobhsaí[1] ann, agus creataí dlíthiúla náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna á gcur san áireamh ag an am céanna.

[1] IO C 152, 6.4.2022, lch. 27.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, CSE+ agus cistí eile atá ann chun poist lánaimseartha tháirgiúla a chruthú, agus chun daoine óga a uas-sciliú , mar d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh obair chuibhiúil teorainn leis an riosca go mbeidh dálaí maireachtála agus oibre éagobhsaí ann[1], agus creataí dlíthiúla náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna á gcur san áireamh ag an am céanna.

[1] IO C 152, 6.4.2022, lch. 27.

Toradh na vótála:

Ar son:    31

In aghaidh:    34

Staonadh:    2

_____________

(1)    ECFE (2020), Survey on COVID-19 and Youth, Páras.
(2)    AN FÓRAM EACNAMAÍOCH DOMHANDA (2017), The Inclusive Growth and Development Report, an Ghinéiv, Eanáir 2017.
(3)    Rún ón gComhairle maidir le Creat athnuaite don chomhar Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) , IO C 311, 19.12.2009, lch. 1 . Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige (27 Meitheamh 2002), IO C 168, 13.7.2002, lch. 2 .
(4)    Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige ( IO C 456, 18.12.2018, lch. 1 ).
(5)    (2018/C 456/01), Féach pointe 2 faoi Recognise that, [Níl leagan Gaeilge ann], IO C 456, 18.12.2018, lch. 1 .
(6)     https://youth.europa.eu/eu-youth-dialogue_ga.
(7)    ECFE (2020), Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for All Generations?, OECD Public Governance Reviews, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/c3e5cb8ú-en .
(8)    Ghlac Uachtaránacht na hIodáile ar Chomhairle na nAirí i Rannóg na hÓige an cur chuige sin san Iodáil le déanaí. Féach Linee guida per la valutazione dell’impatto generazionale delle politiche pubbliche [Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ó ghlúin go glúin a bhíonn ag beartais phoiblí], Iúil 2022. Chun athbreithniú litríochta a fháil: féach MONTI L., The NRRP and the generational divide. From measuring to the impact assessment of youth policies, Social Policies, Bliain IX, 1/2022 Eanáir-Aibreán, lch. 113; CHEVALIER, T., - LONCLE, P. (2021). Introduction: the Development of Youth Policies in Europe in Past Decades, Youth and Globalization, 3(1), 1-11.; WALTHER, A. (2021). et al. Regimes of youth participation? Comparative analysis of youth policies and participation across European cities. Young, 2021, 29.2: 191-209.WALLACE C. - BENDIT R. (2009) Youth Policies in Europe: Towards a Classification of Different Tendencies in Youth Policies in the European Union, Perspectives on European Politics and Society, 10:3, 441-458,
(9)      ROSOLIA A., TORRINI R. (2016), The generation gap: a cohort analysis of earnings levels, dispersion and initial labor market conditions in Italy, 1974-2014, Páipéar ócáideach Uimh. 366, Banca D’Italia, an Róimh (teideal bunaidh: Il gap generazionale: Un'analisi di coorte dei livelli e della dispersione dei salari e delle condizioni iniziali nel mercato del lavoro in Italia, 1974-2014); MONTI L. (2022). The Italian Puzzle of the European Youth Guarantee. International Development Policy, Imleabhar Iúil 2022.
(10)    ATKINSON A.B (2011). Prosperity and fairness, Leagan athbhreithnithe den pháipéar a cuireadh i láthair ag Comhdháil Bhliantúil Taighde ECFIN, Samhain 2011.
(11)    AN FÓRAM EACNAMAÍOCH DOMHANDA (2023), The Economy of a Super-Ageing Society, Tionscnamh maidir le Geilleagar Fadsaoil, Cruinniú bliantúil, Davos, 18 Eanáir 2023. https://www.weforum.org/events/world-economic-forum-annual-meeting-2023/sessions/the-economy-of-a-super-ageing-society .
(12)      JOSEFSSON J., WALL J. (2020) Empowered inclusion: theorizing global justice for children and youth, Globalizations, 17:6, 1043-1060, DOI: 10.1080/14747731.2020.1736853
(13)      Féach Martinelli agus L. Monti, Misurare l’impatto generazionale delle politiche pubbliche: una sfida, un metodo in Amministrazione in Cammino, 29 Márta 2021; L. Monti, La valutazione di impatto generazionale delle politiche pubbliche: dalle linee guida del COVIGE al possibile Youth-check in Italia, in Amministrazione in Cammino, 30 Nollaig 2022.
(14)    Cioffi C., Pierattini S., Contrastare il divario generazionale attraverso la valutazione delle politiche pubbliche rivolte ai giovani [Dul i ngleic leis an mbearna ó ghlúin go glúin trí mheasúnú a dhéanamh ar bheartais phoiblí atá dírithe ar dhaoine óga], Amministrazione in Cammino, 2023.
(15)     IO C 486, 21.12.2022, lch 46.
(16)     https://www.cedefop.europa.eu/en/tools/skills-intelligence/involuntary-part-time-employment?year=2020&country=EU#2 ; https://www.youthforum.org/topics/platform-work#:~:text=Young%20workers%20who%20are%20at,any%20policies%20on%20this%20topic  
(17)     https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.
(18)     IO C 152, 6.4.2022, lch 27 .
(19)    ECFE/An Coimisiún Eorpach (2021), The Missing Entrepreneurs 2021: Policies for Inclusive Entrepreneurship and Self-employment .
(20)     IO C 100, 16.3.2023, lch 123.
(21)     https://www.iiep.unesco.org/en/international-policy-forum-flexible-learning-pathways-higher-education-13759#:~:text=What%20are%20flexible%20learning%20pathways,the%20needs%20of%20diverse%20students  
(22)    Tagraímid anseo do bhonneagair fhisiciúla (naíonraí, lena n-áirítear naíonraí corparáideacha) agus do sheirbhísí sonracha (tacaíocht eacnamaíoch, seirbhísí digiteacha nó seirbhísí eile), a bhféadfaí infheistiú iontu go díreach nó ‘go hindíreach’ trí pháirt agus aitheantas a thabhairt don tríú hearnáil agus d’obair chúraim.
(23)    Fondazione Bruno Visentini, Il Divario generazionale. La generazione Z e la permacrisi, V Rapporto 2022 [An bhearna idirghlúine. Glúin Z agus an ghéarchéim bhuan]. https://www.osservatoriopolitichegiovanili.it/v-rapporto-2022 ; MONTI L., MARTINELLI V (2021), Misurare l’impatto generazionale delle politiche pubbliche: una sfida, un metodo, Amministrazione in Cammino, 29.03.21
(24)    CIOFFI C., PIERATTINI S, (2023), Contrastare il divario generazionale attraverso la valutazione delle politiche pubbliche rivolte ai giovani, Amministrazione In Cammino, Roma.
(25)    MONTI L (2017). Diminishing prospects for young people: A comparison of the intergenerational fairness index and generational divide index in addressing the problem. Athbhreithniú ar an Staidéar Eorpach, Imleabhar 9, Uimhir 4, Nollaig 2017, lch. 160-164, ISSN: 1918-7173.
(26)    LEACH J-BROCKS M., OSTENSVIK K, KLINGMAN D. (2016), European Intergenerational Fairness Index: A crises for the young, , An Fhondúireacht Idirghlúine, Londain https://www.if.org.uk/wp-content/uploads/2016/03/European-Intergenerational-Fairness-Index_Final-2016.pdf ; LEACH J-HANTON A. (2014), Intergenerational Fairness Index, Leagan 2014, Londain, An Fhondúireacht Idirghlúine.
(27)    Kompentenzzentrum Jugend-Check (2022), The Youth-Check in German Regulatory Impact Assessment for the Young Generation. The Youth-Check in Germany. Aibreán 2022
(28)     https://www.bundeskanzleramt.gv.at/agenda/jugend/jugendpolitik/jugend-check.html  See also Bundesrecht konsolidiert: Gesamte Rechtsvorschrift für WFA-Grundsatz-Verordnung, Fassung vom 01.05.2023
(29)    Kompentenzzentrum Jugend-Check (2022), Comhdháil Idirnáisiúnta ar Mheasúnú Tionchair Rialála ar an nGlúin Óg an 9 Bealtaine 2022 i mBeirlín, Meitheamh 2022.
(30)     https://italy.representation.ec.europa.eu/notizie-ed-eventi/notizie/violenza-contro-le-donne-lue-istituisce-un-numero-di-assistenza-telefonica-livello-di-unione-e-2022-11-24_it#:~:text=%E2%80%9CLa%20violenza%20contro%20le%20donne,di%20violenza%20di%20genere%20online
(31)    Aithnítear i gCoinbhinsiún Iostanbúl gur sárú ar chearta an duine é an foréigean in aghaidh na mban agus cuidítear leis creat dlíthiúil a chruthú ar an leibhéal Eorpach chun mná a chosaint ar an bhforéigean agus chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean baile a chosc agus deireadh a chur leo, chomh maith le hionchúiseamh a thionscnamh ina leith.
(32)    Comhdháil Dhomhanda maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte – an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Ghinéiv, 13-15 Nollaig 2021.
(33)     IO C 100, 16.3.2023, lch. 38.  
(34)     https://www.undp.org/publications/aiming-higher-elevating-meaningful-youth-engagement-climate-action  
(35)    UNDP agus Ollscoil Oxford, 2021.
(36)    Marks, et al, 2021.
(37)    Tuairim ó CESE Ról na ndaoine óga san aistriú glas (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).