INT/1020
An fhreagracht gnó nua‑aimseartha/MFBManna
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
An fhreagracht gnó nua‑aimseartha – bealaí chun cur le cumas MFBManna ionas go mbeidh claochlú rathúil ann
(Tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéirí: Milena ANGELOVA
Rudolf KOLBE
Ferre WYCKMANS
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
25/01/2023
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Tuairim féintionscnaimh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
03/10/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
73/0/1
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1An cur chuige réamhghníomhach deonach atá ag fiontar maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bhaint amach, agus a uaillmhianaí atá sé dul níos faide ná mar atá d’oibleagáid dhlíthiúil orthu ina leith sin, is é sin atá i gceist le freagracht gnó nua‑aimseartha MFBManna. I bhfiontar rathúil, déantar na gnéithe seo ar fad a chomhtháthú mar chuid dá straitéis agus sna hoibríochtaí a bhíonn ar siúl aige ó lá go chéile. Is meon ar leith é an fhreagracht ghnó go bunúsach, meon a bhaineann le luachanna agus cuspóirí an fhiontair féin, agus ionchais na ngeallsealbhóirí agus na sochaí i gcoitinne á gcur san áireamh san am céanna.
1.2Cé go bhfuil na gnéithe éagsúla freagrachta doscartha ó chéile tá ról ar leith ag gach ceann acu: baineann freagracht eacnamaíoch le dea‑fheidhmíocht eacnamaíoch, rud atá bunaithe ar iomaíochas agus brabúsacht, agus ar shláine i ngnóthaí airgeadais agus fioscacha freisin. Baineann freagracht shóisialta leis an bhfreagracht atá ar fhiontar dea‑chaidreamh a chothú leis na geallsealbhóirí, lena n‑áirítear na fostaithe, na tomhaltóirí, pobail áitiúla agus comhpháirtithe gnó. Tá ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcumarsáid le geallsealbhóirí seachtracha leis sin. Cuimsítear le freagracht chomhshaoil bainistiú cuí ar shaincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide, truailliú, bithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha.
1.3Is de réir a mhéide, a chineáil, a earnála, a shamhail ghnó, a sheasamh sa slabhra luacha, a shuíomh agus a mhargaí a chinntear na gnéithe is tábhachtaí atá le breithniú ag fiontar ar leith. Níl aon réiteach amháin a oireann do chách agus léirítear an méid sin sa sainmhíniú ar FBM nó ina gcreataí féin. Tagann athrú ar a bhfuil i gceist le freagrachtaí gnó freisin le himeacht ama. Mar thoradh air sin, déantar bainistiú réamhghníomhach agus réamhbhreathnaitheach ar fhorbairtí fadtéarmacha digiteacha, glasa agus déimeagrafacha a léiriú agus a áirithiú, agus léirítear agus áirithítear an athléimneacht is gá chun dul i ngleic le géarchéimeanna tobanna.
1.4Teastaíonn neart tacaíochta agus spreagtha ó MFBManna chun bainistiú iomlán a dhéanamh ar an bhfreagracht leathan gnó. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí gnó de gach cineál maidir le feasacht a mhúscailt. Chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a áirithiú, ní mór comhghuaillíochtaí foghlama/oiliúna MFBManna a chur chun cinn agus a éascú, agus ní mór comhar a fheabhsú idir institiúidí mhargadh an tsaothair, comhpháirtithe sóisialta, cumainn agus comhlachais ghairmiúla, agus eintitis oiliúna éagsúla agus ESSanna. Ní mór rochtain éasca a bheith ar sheirbhísí tacaíochta gairmiúla ar ardchaighdeán freisin.
1.5Iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go ndéanfaí uirlisí simplí praiticiúla a fhorbairt agus a chur ar fáil do MFBManna, seicliostaí, teimpléid, áireamháin agus anailís ar chásanna malartacha cuir i gcás, chun a n‑oibríochtaí a fheabhsú agus chun cabhrú lena bhforbairt, agus chun gur fusa dóibh tuairisciú a dhéanamh ar a ngealltanais freagrachta agus ar a bhfuil bainte amach acu. Molann CESE don Choimisiún Eorpach freisin feasacht a mhúscailt i gcónaí, i gcomhar leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí tacaíochta gnó, maidir leis na tairbhí a bhaineann le feidhmíocht fhreagrach agus roinnt dea‑chleachtas maidir le freagracht ghnó in MFBManna a choinneáil ar bun agus a nuashonrú.
1.6Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh an creat beartais foriomlán mar thacaíocht do MFBManna agus go seachnófar na ceanglais chasta nach mór dóibh a chomhlíonadh go díreach nó trí shlabhraí luacha, rud a d’fhéadfadh acmhainní a atreorú ó bhearta nithiúla freagrachta gnó ar leibhéal an phobail agus a bhféadfadh ‘seachtrú’ na freagrachta gnó in MFBManna a bheith mar thoradh air. I ndáil leis sin, ní mór aird chuí a thabhairt, cuir i gcás, ar na ceanglais tuairiscithe. Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí a sheoladh roimh dheireadh na bliana maidir le caighdeán tuairiscithe neamhairgeadais is infheidhme ar bhonn deonach maidir le MFBManna d’fhonn é a ghlacadh in 2024, agus iarrann sé go mbeadh sé soiléir, simplí agus i gcomhréir leis an bprionsabal atá leabaithe sa Phacáiste Fóirithinte do FBManna.
2.Réamhrá
2.1Is iad MFBManna formhór mór phobal gnó na hEorpa – is MFBManna iad 99.8 % de na fiontair neamhairgeadais uile agus is leosan a bhaineann dhá thrian de na poist san earnáil phríobháideach sna 27 mBallstát. Is micrifhiontair iad 80-90 % díobh sin. Dá bhrí sin, is iad na micrifhiontair is mó a chuireann leis an athrú i dtreo na hinbhuanaitheachta, agus is iadsan is mó is cúis le rath an athraithe sin, is é sin má spreagtar iad agus má thugtar tacaíocht dóibh chun cur chuige iomlánaíoch i leith gnó inbhuanaithe agus freagrach a leabú ina gcuid oibríochtaí. Gné bhreise sa chomhthéacs sin is ea an borradh atá faoi fhiontair an gheilleagair shóisialta.
2.2Is é is cuspóir don tuairim féintionscnaimh seo, agus í ag cur le tuairimí ó CESE roimhe seo, féachaint ar phríomhghnéithe, ar phríomhchúiseanna agus ar dhea‑chleachtais na freagrachta gnó a sheasfaidh an aimsir maidir le MFBManna, agus tuairisc a thabhairt orthu, agus san am céanna, aird ar leith a thabhairt ar na fiontair is mó a bhfuil cabhair agus tacaíocht de dhíth orthu. Tá sé d’aidhm aici an bealach is fearr le gnó agus fiontraíocht fhreagrach a spreagadh agus a chur chun cinn a leagan amach agus a mholadh, lena n‑áirítear bearta chun a áirithiú go mbeidh an saineolas gairmiúil is gá ar fáil laistigh nó lasmuigh de MFBManna.
3.Spreagthaí agus gnéithe den fhreagracht gnó nua‑aimseartha
3.1Cuireann freagracht gnó nua‑aimseartha leis na bunchlocha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, i gcomhréir le prionsabail na hinbhuanaitheachta. Tá sé leabaithe ag an bhfiontar, ar bhealach réamhghníomhach, ina straitéis ghnó agus ina oibríochtaí laethúla. Is faoi MSME atá sé a leibhéal uaillmhéine a shocrú agus cinneadh a dhéanamh, mar shampla, an é go ndíreoidh sé ar na híoscheanglais amháin a chomhlíonadh nó an ndéanfaidh sé iarracht a bheith ina cheannródaí. Dá bhrí sin, eascraíonn freagracht ghnó as luachanna agus cuspóirí an fhiontraí nó an fhiontair féin, agus ionchais na ngeallsealbhóirí agus na sochaí i gcoitinne á gcur san áireamh.
3.2Bíonn cineálacha éagsúla tairbhí le baint ag MFBManna freisin a bhuí leis an bhfreagracht. Áirítear orthu sin cáil níos fearr, sásamh níos fearr i measc custaiméirí agus tarraingteacht mhéadaithe mar fhostóir, agus rochtain ar shlabhraí soláthair agus ar airgeadas. Tá nasc freisin idir an fhreagracht agus bainistiú riosca níos fearr agus slándáil níos fearr i dtaca le leanúnachas gnó, rud a théann chun tairbhe d’oibrithe, do phobail agus don tsochaí ina hiomláine chomh maith.
3.3Ní hamháin gurb é is sprioc le freagracht gnó nua‑aimseartha nach ndéanfar dochar, ach thar aon ní eile, go ndéanfaidh sí maitheas trí earraí agus seirbhísí inbhuanaithe, poist ardcháilíochta agus réitigh ar fhadhbanna comhshaoil a chur ar fáil, agus rannchuidiú le hioncaim do sheirbhísí poiblí, agus é á chur san áireamh san am céanna go méadaítear ar an gcomhtháthú sóisialta i mbailte agus i sráidbhailte a bhuí le MFBManna a bheith in aice láimhe.
3.4Chun go mbeidh siad in ann an ról ríthábhachtach atá acu sa gheilleagar agus sa tsochaí a chomhlíonadh, ní mór do MFBManna a bheith fónta agus inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de. Má tá rath fadtéarmach le bheith ar ghnólachtaí, tá sé riachtanach go mbeidh dea‑fheidhmíocht eacnamaíoch ann atá bunaithe ar éifeachtúlacht, brabúsacht agus iomaíochas, agus freagracht shóisialta agus chomhshaoil ag gabháil léi. Chomh maith leis sin, tá sláine i gceist le freagracht eacnamaíoch sa mhéid go gcuirtear iomaíocht chóir agus dea‑rialachas chun cinn, agus go bhfantar glan ar chleachtais a bhaineann leis an ngeilleagar dubh, an bhreabaireacht agus seachaint cánach.
3.5Baineann freagracht shóisialta agus freagracht shochaíoch leis an gcaidreamh atá ag fiontar lena gheallsealbhóirí ar fad, lena n‑áirítear na fostaithe, na tomhaltóirí, na pobail áitiúla agus na comhpháirtithe gnó. Iompar eiticiúil a chothabháil sna caidrimh sin ar fad atá i gceist léi, chomh maith le cearta an duine a urramú agus a chur chun cinn mar chuid de na caidrimh úd, é sin agus díriú, ar bhealach gníomhach, ar chaidreamh fadtéarmach le fostaithe a spreagadh, a fhorbairt agus a thógáil. Déanfar amhlaidh trí chonairí gairme aníos seasta a chur chun cinn agus leas á bhaint as an idirphlé sóisialta. Is dúshlánach an rud é freagairt do gach ionchas dá leithéid, mar go mbíonn éagsúlacht mhór idir na geallsealbhóirí, agus bíonn na coinníollacha ina bhfeidhmíonn fiontair an‑difriúil ó chéile, idir a dtimpeallacht áitiúil agus imthosca lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, is gné ríthábhachtach den fhreagracht gnó nua‑aimseartha é an t‑idirphlé oscailte le geallsealbhóirí seachtracha, anuas ar an idirphlé sóisialta, agus ní mór do na geallsealbhóirí uile atá rannpháirteach san idirphlé agus sa chomhar an fhreagracht fhrithpháirteach a léiriú.
3.6Is éard atá i gceist le freagracht chomhshaoil dea‑fheidhmíocht chomhshaoil a mhéid a bhaineann leis an athrú aeráide agus truailliú an chomhshaoil a mhaolú, an bhithéagsúlacht a chosaint agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú. Is minic a bhíonn an fhreagracht chomhshaoil fite fuaite le héifeachtúlacht na n‑oibríochtaí gnó agus na bainistíochta costais, agus níos mó de réir a chéile le deiseanna nua gnó a thapú freisin.
3.7Léiríonn na hidirnaisc idir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na freagrachta a thábhachtaí atá sé na gnéithe sin ar fad a chomhtháthú le chéile chun iompar gnó freagrach ina iomláine a áirithiú. Níl bealach ar bith eile le freastal ar ionchais na ngeallsealbhóirí éagsúla, idir úinéirí agus chomhpháirtithe gnó, idir fhostaithe agus a n‑eagraíochtaí, a dtomhaltóirí agus an tsochaí i gcoitinne.
3.8De réir tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach, is mó a thugann FBManna aird ar ghníomhaíochtaí freagrachta a bhaineann le fostaithe agus tomhaltóirí. Tá baint ag cuid mhaith díobh freisin le cleachtais freagrachta a bhaineann leis an gcomhshaol.
3.9Cé go bhfuil gnéithe bunúsacha na freagrachta gnó coitianta do gach MFBM, is é cineál sonrach an fhiontair agus an timpeallacht oibriúcháin atá aige a chinneann na gnéithe is tábhachtaí atá le breithniú ag MFBM ar leith. Tá tionchar ag gnéithe éagsúla amhail méid, cineál, earnáil, samhail ghnó, suíomh sa slabhra luacha, custaiméirí agus margaí, agus suíomh geografach ar ghnéithe praiticiúla na freagrachta gnó. Ní féidir an éagsúlacht sin a léiriú leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar cad is ‘FBM’ ann. Sin é an fáth nach mór do gach MFBM, leis féin, an fhreagracht atá i gceist dá chuid oibríochtaí féin ar an leibhéal praiticiúil a mheas, agus ionchais na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí agus cumainn ghairmiúla maidir le tacú le sainaithint na ngnéithe bunriachtanacha agus le cur chun feidhme na n‑uirlisí is gá.
3.10Tá roinnt MFBManna dírithe go sonrach ar ghnéithe sóisialta agus comhshaoil agus d’fhéadfadh sé gur eintitis neamhbhrabúis atá iontu. Is minic a chuirtear poist ar fáil, a bhuí leis na fiontair sin a fheidhmíonn sa gheilleagar sóisialta, ar poist iad a chuidíonn le daoine óga, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíbhuntáiste imeascadh i margadh an tsaothair agus sa tsochaí. Féadfaidh siad díriú ar sheirbhísí cúraim nó ar sheirbhísí a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, nó ar sheirbhísí eile nach iad.
3.11Tagann athrú ar cad is freagracht ghnó ann freisin le himeacht ama, rud a léiríonn forbairtí geopholaitiúla, eacnamaíocha, sochaíocha, teicneolaíochta agus comhshaoil. Áirítear orthu sin aistrithe fadtéarmacha agus teagmhais thobanna araon. Ní hamháin go mbíonn dúshláin mar thoradh ar na forbairtí sin ach cruthaítear deiseanna nua freisin, rud as a dtagann freagrachtaí nua chun cinn.
3.12Baineann roinnt mhaith freagrachtaí agus deiseanna leis an gclaochlú digiteach. Tá comhroinnt sonraí ríthábhachtach chun an nuálaíocht agus breisluach eacnamaíoch a ghiniúint ach tá muinín agus éiceachórais thacúla idir comhpháirtithe gnó de dhíth chuige sin, chomh maith le cosaint chuí ar shonraí agus ar phríobháideachas daoine aonair. Is léir go bhfuil gá leanúnach le huas‑sciliú — d’úinéirí/bainisteoirí agus d’fhostaithe araon — chun go gcuirfear ar a gcumas na deiseanna a bhaineann leis an digiteáil thapa a thapú. Is fearr socruithe foghlama agus oiliúna ar leith a chomhaontú go déthaobhach tríd an idirphlé sóisialta. Thairis sin, trí bhíthin na digiteála, cuirtear uirlisí ar fáil chun dul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí freagrachta laistigh den fhiontar a thomhas.
3.13Mar gheall ar an ngéarghá leis an athrú aeráide a chomhrac, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag an bhfuinneamh maidir le freagracht na MFBManna. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus trí bhreoslaí iontaise a ionadú, ní hamháin go gcuirtear leis an aistriú glas, ach cuirtear feabhas ar an tslándáil fuinnimh agus ar chúrsaí inacmhainneachta freisin. Is amhlaidh atá i gcás éifeachtúlacht ábhar, athúsáid, athchúrsáil agus gach gné den gheilleagar ciorclach. Ós rud é gurb é uisce an acmhainn nádúrtha is criticiúla dá bhfuil ann, ní mór do MFBManna aird ar leith a thabhairt ar úsáid inbhuanaithe uisce. Cé gur uirlis thábhachtach í an digiteáil san aistriú glas, ní mór bainistiú maith a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na digiteála í féin freisin.
3.14Bíonn tionchar breise ag forbairtí déimeagrafacha ar fhreagracht ghnó. Tá cineálacha nua cleachtas ag teastáil níos mó ná riamh i saol na hoibre chun daoine ar aoiseanna agus de chultúir éagsúla a mhealladh agus a choinneáil, lena n‑áirítear imircigh oibre. Téann éagsúlacht foirne chun tairbhe don ghnó ach baineann riachtanais bhainistíochta léi freisin, lena n‑áirítear riachtanais oiliúna nua. Tá sé riachtanach scileanna a fhorbairt go cuí chun freagairt don éileamh a eascraíonn as an digiteáil agus an glasú araon, agus as cineálacha nua post i gcoitinne.
3.15Is léir ó ghéarchéimeanna tobanna, go háirithe paindéim COVID‑19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, gur cuid thábhachtach den fhreagracht ghnó í an athléimneacht (i.e. an cumas déileáil le rioscaí agus suaitheadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin). Tá an‑luach ag baint le leanúnachas gnó in imthosca eisceachtúla ó thaobh earraí agus seirbhísí a sholáthar agus ó thaobh poist a chosaint. Dá réir sin, tá sé riachtanach go mbeifear ullamh do dhálaí éagsúla agus athraitheacha, go gcuirfear tacaíocht ar fáil ón earnáil phoiblí agus go rachfar i gcomhar leis na geallsealbhóirí. Mar a léiríodh trí bhíthin ghéarchéim COVID‑19, tá ról dearfach ag an idirphlé sóisialta ar leibhéil éagsúla maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a shocrú chun gníomhaíochtaí agus fostaíocht a choinneáil ar bun le linn géarchéime.
4.Freagracht gnó réamhghníomhach i bhfírinne
4.1Mar gheall ar dhifríochtaí i gcineál agus i dtimpeallacht oibriúcháin na bhfiontar, ní hionann na cleachtais freagrachta gnó ar fad ar leibhéal an phobail. Mar sin féin, is léir ó shamplaí nithiúla ó chineálacha éagsúla fiontar go bhfuil cosúlachtaí ann lena léirítear na gnéithe agus na claontaí atá i réim maidir le freagracht ghnó.
4.2Is gá feasacht chuí agus eolas cuí a bheith ag fiontar ar bith ar na saincheisteanna agus na claontaí atá i mbéal an phobail sula ndéanfar bainistíocht rathúil ar an bhfreagracht ghnó. Sa chaoi sin, tá deis ag an bhfiontar a sheasamh féin a shainiú i dtaca le freagracht ghnó. Mar shampla, féadfaidh an fiontar cinneadh straitéiseach a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil sé ag iarraidh buntáiste iomaíoch a bhaint as an bhfreagracht ghnó nó nach bhfuil.
4.3Tá tiomantas an fhiontraí nó ardbhainistíocht an fhiontair ríthábhachtach má táthar chun bainistíocht rathúil ar fhreagracht ghnó a bhaint amach, agus tá sé chomh tábhachtach céanna go nglacfadh na hoibrithe ar fad le cur chuige na freagrachta ina gcuid oibre ar fad. Féadfaidh fiontair daoine áirithe a cheapadh freisin chun pleanáil agus cur chun feidhme na mbeart a stiúradh. I gcás fiontair fhíorbheaga agus micrifhiontar, is féidir le heagraíochtaí FBM, cumainn ghairmiúla, comhlachais, etc. tacú leis na gníomhaíochtaí sin.
4.4Cé gur cuid de chultúr foriomlán na bhfiontar í an fhreagracht, déantar iarrachtaí nithiúla í a chomhtháthú sna hoibríochtaí gnó éagsúla, lena n‑áirítear táirgeadh agus trádáil earraí agus seirbhísí, soláthar acmhainní táirgthe, agus forbairt táirgí agus próiseas. Chuige sin, teastaíonn comhar idir feidhmeanna éagsúla.
4.5Cuid thábhachtach den fhreagracht ghnó is ea daoine a mhealladh, a spreagadh agus a choinneáil trí na scileanna cearta a chothú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach agus trí chonairí gairme cobhsaí agus dálaí oibre cobhsaí a chur ar fáil, agus trí dhul i mbun idirphlé sóisialta ar leibhéil éagsúla, agus méid agus éagsúlacht na MFBManna agus gnéithe sonracha na gcóras náisiúnta á gcur san áireamh.
4.6Úsáidtear cineálacha éagsúla uirlisí i bhfiontair chun a gcuid freagrachta a chur i bhfeidhm, ina measc ráitis luacha, prionsabail ghnó, treoirlínte praiticiúla agus córais bhainistíochta. Cé go bhfuil uirlisí ar leith ann le haghaidh gnéithe éagsúla den fhreagracht, is praiticiúla i bhfad, dar le roinnt mhaith fiontar, an fhreagracht a chomhtháthú ina dtreoirlínte gnó foriomlána agus ina gcórais bhainistíochta. Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar a n‑oibríochtaí agus a gcleachtais féin, déanann neart fiontar cur síos, freisin, ar an méid a bhfuil siad ag súil leis óna gcomhpháirtithe gnó nó ó chomhoibrithe eile. Is féidir le heagraíochtaí gairmiúla, ceardchumainn agus cumainn tacú le MFBManna trí threoirlínte agus uirlisí leordhóthanacha a chur ar fáil.
4.7Gné eile chun freagracht ghnó a chur i bhfeidhm is ea cuspóirí agus spriocanna a leagan síos, mar a dhéantar i gcúrsaí gnó i gcoitinne. Cuirtear creat le haghaidh gníomhaíocht nithiúil ar fáil leis an méid sin, mar aon le heagrú agus sceidealú cuí na ngníomhaíochtaí. Chun an dul chun cinn a thomhas, ní mór táscairí ábhartha a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu.
4.8Chomh maith leis an idirphlé sóisialta idir fostóirí agus ceardchumainn, is uirlis lárnach é an t‑idirghníomhú idir an fiontar agus na geallsealbhóirí seachtracha chun tuiscint níos fearr a fháil ar na hionchais éagsúla. San am céanna, is bealach é chun na geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi chuspóirí, gníomhaíochtaí agus éachtaí an fhiontair ó thaobh freagrachta de. Tá éagsúlacht mhór idir na bealaí difriúla a úsáideann fiontair chun eolas a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus chun cumarsáid a dhéanamh leo: idir chruinnithe duine le duine, phoist ar na meáin shóisialta agus tuairisciú foirmiúil.
5.Conas freagracht ghnó a spreagadh agus conas tacú léi
5.1Feabhas a chur ar chumais na bhfiontar
5.1.1Is iomaí dúshlán atá roimh MFBManna agus iad ag iarraidh bainistiú a dhéanamh ar gach gné den fhreagracht ghnó. Tá easpa inniúlachtaí, scileanna, oibrithe agus acmhainní ag roinnt mhaith MFBManna agus measann siad go bhfuil sé deacair freagracht a chomhtháthú ina gcultúr oibre agus cumarsáid a dhéanamh maidir leis na cineálacha éagsúla freagrachta. Is minic a mheastar go bhfuil na ceanglais agus na hionchais rótheibí agus rófhada ón saol praiticiúil. Bíonn sé dúshlánach do MFBManna, freisin, sonraí maidir le freagracht a bhailiú agus a úsáid.
5.1.2Sin é an fáth a dteastaíonn cuid mhaith tacaíochta agus spreagtha ó MFBManna a d’fhéadfadh cur go mór lena gcuid iarrachtaí. In ionad rialáil a mhéadú, is gá feasacht, inniúlachtaí agus scileanna a mhéadú laistigh d’fhiontair, agus ní mór do ghníomhaithe seachtracha treoir agus saineolas a chur ar fáil. Tá tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar gach uile MFBM, bíodh sin na fiontair is lú forbairt, na leantóirí nó na ceannródaithe.
5.1.3Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí gnó de gach cineál – lena n‑áirítear eagraíochtaí, cumainn agus comhghuaillíochtaí fostóirí nó FBManna – maidir le feasacht a mhúscailt agus maidir le fiontair a chur ar an eolas faoin ngá atá le freagracht ghnó agus faoi na tairbhí a bhaineann léi. Ina theannta sin, tá saineolas gairmiúil éagsúil de dhíth chun freastal ar an réimse leathan gnéithe is gá a chumhdach, agus tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an saineolas sin ar fáil laistigh de MFBManna agus, i roinnt mhaith cásanna freisin, trí thacaíocht sheachtrach.
5.1.4Ó tharla iad a bheith níos lú ó thaobh méide de, ní mór do MFBManna a bheith in ann comhghuaillíochtaí foghlama/oiliúna a chruthú, ar comhghuaillíochtaí iad nach mór d’institiúidí mhargadh an tsaothair, na comhpháirtithe sóisialta agus cumainn agus comhlachais ghairmiúla a chur chun cinn agus a éascú. Chun ábhar foghlama atá infheidhme go praiticiúil a shainiú, tá gá freisin le comhar le hollscoileanna agus le heintitis oiliúna eile.
5.1.5Ní mór rochtain éasca a bheith ag MFBManna ar sheirbhísí tacaíochta gairmiúla iomchuí ar ardchaighdeán, agus é á chur san áireamh gur minic gur fearr a thuigeann soláthraithe seirbhíse, ar MFBManna iad féin, na riachtanais a bhíonn ag cliaint MFBM. Is féidir tacú leis na seirbhísí sin trí chláir chomhair na gcomhpháirtithe sóisialta agus na gcumann agus na gcomhlachas gairmiúil.
5.1.6Le freagracht gnó nua‑aimseartha, ní mór oiriúnú solúbtha a dhéanamh ar bhearta forbartha gairmiúla leantaí, ar mhaithe le MFBManna iad féin ach chun tacú, freisin, le seirbhísí gairmiúla liobrálacha, agus ní mór dóibh a bheith ina gcuid lárnach de chláir um chruthú gnó.
5.1.7Tá sé ríthábhachtach rochtain ar thionscnaimh a chur chun cinn, ar tionscnaimh iad a bhíonn dírithe go rómhinic ar chuideachtaí móra. Chuige sin, tá na cistí earnála, réigiúnacha agus Eorpacha lena ndírítear go sonrach ar oideachas agus oiliúint a chur ar cheannairí gnó agus fostaithe riachtanach.
5.2Treoir, uirlisí agus samplaí de dhea‑chleachtais a chur ar fáil
5.2.1Ós rud é go bhfuil géarghá le hacmhainní MFBManna chun gnó a dhéanamh, ní hé gurb iad córais fhoirmiúla chasta achrannacha an bealach is fearr le dul chun cinn a dhéanamh i réimse na freagrachta gnó. Is fearr a oireann uirlisí níos simplí agus níos solúbtha, amhail seicliostaí agus teimpléid, d’fhiontair bheaga. Cuideoidh siad sin ar fad le MFBManna na ceanglais reachtacha a chomhlíonadh, i gcomhréir le gealltanas an Phacáiste Fóirithinte do FBManna.
5.2.2Aithníonn CESE an seicliosta a d’fhoilsigh an Coimisiún lena gcuirtear leideanna ar fáil d’fhiontair maidir leis na nithe a leanas: an chaoi lena straitéis freagrachta a fhorbairt, na gníomhaíochtaí nithiúla ba cheart a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla freagrachta, leithdháileadh cliste acmhainní, spriocanna a leagan síos agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar. Tá liosta ar fáil ann, freisin, de na treoirlínte, uirlisí agus líonraí atá ar fáil chun tacú le fiontair. Is féidir teacht ar dhea‑chleachtais eile freisin; clúdaítear níos mó ná 1 200 sampla nithiúil ó 600 cuideachta in BipiZ Platform of Best Practices cuir i gcás.
5.2.3Tá cabhair de dhíth ar MFBManna chun cumarsáid a dhéanamh leis na geallsealbhóirí maidir lena bhfreagracht. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach uirlis shoiléir shimplí ar líne a chur ar fáil, lena n‑áirítear áireamhán astaíochtaí CO2 atá éasca le húsáid, agus a bheidh infheidhme chun críocha MFBManna. Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí a sheoladh roimh dheireadh na bliana maidir le caighdeán tuairiscithe neamhairgeadais is infheidhme ar bhonn deonach maidir le MFBManna d’fhonn é a ghlacadh in 2024, agus iarrann sé go mbeadh sé soiléir, simplí agus i gcomhréir leis an bprionsabal atá leabaithe sa Phacáiste Fóirithinte do FBManna
.
5.3Creat beartais tacaíochta a chruthú
5.3.1Ní mór creat reachtach atá simplí, soiléir agus intuartha a chur ar fáil do MFBManna chun cur ar a gcumas glacadh le féidearthachtaí na freagrachta gnó nua‑aimseartha, is é sin cur chuige réamhghníomhach deonach na bhfiontar chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bhaint amach agus a uaillmhéine agus atá siad i ndáil le dul níos faide ná na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu. Tá sé tábhachtach ceanglais atá ró‑shaintreorach agus casta a sheachaint, rud a d’fhéadfadh acmhainní a atreorú ó bhearta nithiúla ar leibhéal an phobail agus a bhféadfadh ‘seachtrú’ na freagrachta gnó in MFBManna a bheith mar thoradh air.
5.3.2Ní mór aird ar leith a thabhairt ar cheanglais a bhfuil tionchar indíreach acu ar MFBManna. Uaireanta, in ainneoin MFBManna a bheith eisiata go díreach ó roinnt ceanglais rialála, dírítear orthu go hindíreach trí shlabhraí luacha, trí cheanglais ó chuideachtaí móra custaiméirí, infheisteoirí nó airgeadaithe. I ndáil leis sin, ní mór aird chuí a thabhairt, cuir i gcás, ar na ceanglais tuairiscithe. Déanann roinnt tionscnaimh rialála difear do MFBManna trí shásraí indíreacha eile, lena n‑áirítear trí thionchair ar phraghsanna fuinnimh, ábhar agus acmhainní eile.
5.3.3Tá sé níos deacra tionchair indíreacha agus iolraitheora a mheas agus, dá bhrí sin, is minic nach gcuirtear san áireamh i gceart iad, agus d’fhéadfadh an próiseas comhairliúcháin neamhshuim a dhéanamh de thuairimí MFBManna. Ní thagann an méid sin le prionsabail na Rialála Níos Fearr; tá éiginnteacht ann do MFBManna i gcásanna den sórt sin maidir le fíorcheanglais agus iarmhairtí na rialachán nua. Ina theannta sin, nuair a shainítear ceanglais mhionsonraithe i ngníomhartha tarmligthe nó i gcaighdeáin, ní fios na tionchair iarbhír a bheidh acu go dtí céim i bhfad Éireann níos faide anonn. Is é toradh an scéil sin ar fad nach féidir le fiontair bheaga a bheith ar an eolas faoi na ceanglais atá le teacht ná ní féidir leo a bheith ullamh dóibh, gan trácht ar an deis a bheith acu tionchar a imirt ar na ceanglais ar bhealach iomchuí. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, an cur chuige rialála atá ann faoi láthair a mheas agus a áirithiú go mbeidh na rialacháin ag teacht leis an saol mar atá do MFBManna ó thaobh a n‑acmhainní agus a suíomh margaidh de. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil, go háirithe do MFBManna, ar bhealach praiticiúil, sonrach agus éifeachtúil agus é bunaithe ar chomhar struchtúrach leis na heagraíochtaí ionadaíocha lena mbaineann.
An Bhruiséil, 3 Deireadh Fómhair 2023
Sandra PARTHIE
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
____________