CCMI/210
An beartas tionsclaíoch le haghaidh tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh
TUAIRIM
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha
An beartas tionsclaíoch mar ionstraim chun spleáchais a laghdú agus chun borradh a chur faoi mhargadh an Aontais do tháirgí glasa sna tionscail sin atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh
(Tuairim féintionscnaimh)
Rapóirtéir: Matteo Carlo BORSANI
Comhrapóirtéir: Dirk JARRÉ
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
25/1/2023
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
09/11/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
23/0/0
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas Eorpach faoi láthair ar an dúshlán a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le haistriú chuig an ngeilleagar glas. Is mórthábhachtach an ról atá ag earnáil thionsclaíoch an Aontais san aistriú sin, ach tá sí ar a dícheall i láthair na huaire ag iarraidh ceart a bhaint de na praghsanna arda fuinnimh. Tá beartas tionsclaíoch ceaptha ag an gCoimisiún don Chomhaontú Glas, beartas atá dírithe ar na nithe seo a leanas: an rialáil a shimpliú, rochtain ar chistiú, scileanna a fheabhsú, agus athléimneacht na slabhraí soláthair.
1.2Dá ndéanfaí sochaí agus geilleagar na hEorpa a dhícharbónú, d’fhéadfaí fáinne óir a chruthú do thionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh agus don chomhshaol, rud a mhéadódh an t-éileamh ar tháirgí dícharbónaithe arna ndéanamh sna tionscail sin. Sa chás is fearr, éascófar leis sin próiseas claochlaithe níos glaise má ghluaiseann na tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh, earnálacha nach iad, agus teaghlaigh, i dtreo an fhuinnimh ghlais a luaithe a bheidh dóthain cainníochtaí de ar fáil ar phraghsanna atá réasúnta agus intuartha. Dá bhrí sin, ní mór creat rialála nua a chruthú a luaithe is féidir le haghaidh praghsanna fuinnimh, agus é sin a dhéanamh ar bhonn na bpraghsanna ísle atá ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar shlí a fhágfaidh nach gá súil ghéar a choinneáil ar phraghsanna an gháis.
1.3Cuireann CESE chun suntais gur gá baint chuí a bheith ag tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh le ceapadh na mbeartas sin agus le hardaidhmeanna an Aontais i réimse na haeráidneodrachta a chur chun feidhme ar an uile leibhéal. Molann CESE go ndéanfaí beartais a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith a fhorbairt de réir a bhfuil de chonstaicí ann agus de réir riachtanais shonracha bhrainsí éagsúla na dtionscal réamhráite. B’fhéidir freisin go bhféadfaí é sin ach an comhordú agus an comhleanúnachas idir beartais thionsclaíocha, beartais tráchtála agus beartais aeráide a mhéadú ar leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh.
1.4Ní foláir dúblú na rialachán agus an ró-rialáil a sheachaint, agus ní foláir reachtaíocht nua nó reachtaíocht leasaithe de chuid an Aontais atá faoi réir dianseiceálacha iomaíochais a sheachaint chun scóip bhreise i réimse na rialála a chruthú agus chun infheistíochtaí i nglasú na hacmhainneachta tionsclaíche intíre a mhealladh agus a choinneáil.
1.5Tugann CESE dá aire nár mhoill ar an Eoraip spriocanna uaillmhianacha a leagan síos don Chomhaontú Glas don Eoraip, ach gur go malltriallach féin a luigh sí isteach ar na creatchoinníollacha a thabhairt cothrom le dáta le go bhféadfaí claochlú tapa a chur i gcrích. Is léir ar an leagan amach atá ar chúrsaí faoi láthair go ndearnadh moill freisin leis an mbeartas tionsclaíoch don Chomhaontú Glas agus leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, siúd is gur cuireadh feabhas ar nithe áirithe, cuir i gcás a thapúlacht a dhéantar ceadanna a dheonú.
1.6Ós amhlaidh atá, cuireann CESE chun suntais gur den mhórthábhacht tacaíocht mhaoiniúcháin agus infheistíochta a áirithiú don aistriú glas freisin. Is féidir le hionstraimí beartais maidir le cruthú margaidh agus le beartais tomhaltóirí feidhmiú freisin mar dhreasú chun an t‑aistriú i dtreo táirgí agus teicneolaíochtaí glasa a chur i gcrích.
1.7Cuireann CESE i dtábhacht go bhfuil gá le hidirghabhálacha atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar araon má tá i ndán go mbeidh éifeacht leis an mbeartas tionsclaíoch. I measc na n‑idirghabhálacha atá dírithe ar an éileamh, áirítear ábhar Eorpach i dtáirgí a chur chun cinn, soláthar poiblí inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus margadh a chruthú le haghaidh táirgí glasa. Ar na hidirghabhálacha ab fhéidir a bheith i gceist ar thaobh an tsoláthair, tá a leithéid seo: creat rialála a chruthú chun tacú le samhlacha táirgthe teicneolaíochta glaine, táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh dícharbónaithe a éascú; agus tacú le bonneagar hidrigine a fhorbairt. Baineann tábhacht freisin le sásraí fadtéarmacha a thabhairt isteach chun táirgeadh, inrochtaineacht agus tomhaltas leictreachais agus fuinnimh dícharbónaithe a éascú ar phraghsanna atá iomaíoch ar fud an domhain mar cuideoidh sé le hiomaíochas domhanda thionscail an Aontais, go háirithe na tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh.
1.8Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mbainfear amach spriocanna uaillmhianacha an Aontais don aeráid gan cothroime iomaíochta a bhaint amach ar fud an domhain trí bheartas trádála dea‑cheaptha agus trí ionstraimí láidre cosanta trádála a chur chun feidhme. Go deimhin, ní foláir don Aontas gníomhú chun cur in éadan tríú tíortha a théann san iomaíocht go héagórach trí chaidrimh trádála a neartú le comhpháirtithe atá saibhir ó thaobh acmhainní de agus a chloíonn le prionsabail na cóirthrádála. Ní mór faireachas margaidh a neartú chun comhlíonadh earraí allmhairithe a ráthú agus chun a áirithiú go mbeidh a dtáirgeadh i gcomhréir le caighdeáin agus rialacháin an Aontais, lena n‑áirítear maidir le hábhar athchúrsála na n‑earraí sin.
1.9Ba cheart don Aontas an sprioc a chur roimhe a chuid cuspóirí aeráide a bhaint amach agus fás eacnamaíoch agus cruthú post a chothú ag an am céanna. Ba cheart bearta atá dírithe ar uas‑sciliú agus athsciliú oibrithe a chur chun feidhme i ngach Ballstát. Is éard ba cheart a áireamh freisin sna tionscnaimh, sna hinfheistíochtaí agus sna beartais atá áirithe sa chreat sin ná bearta spriocdhírithe ar phobail ar ioncam íseal, ar oibrithe ar bheagán oiliúna agus ar ghrúpaí atá i mbaol de thoradh an aistrithe ghlais.
1.10Molann CESE go ndéanfaí an acmhainneacht institiúideach agus mhaorlathach is gá a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, mar atá sna Ballstáit féin, chun gur féidir luí isteach i gceart ar rialachas an bheartais thionsclaíoch don Chomhaontú Glas, ar an nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta agus ar mhargaí glasa a chur ar bun.
1.11San am céanna, molann CESE go mór don Choimisiún agus do na Ballstáit beartas tionsclaíoch straitéiseach a chur ar bun chun dlús a chur le beartais thionsclaíocha earnála agus leis na hathruithe is gá a dhéanamh ar chóras rialachais an Aontais, sin agus chun díospóireacht oscailte agus plé éifeachtach ar na saincheisteanna sin a chothú fud fad na sochaí sibhialta. Ba cheart do na díospóireachtaí seo dul go smior an scéil agus a bheith fuinniúil bríomhar; ní lú ná ba cheart a áirithiú go ndéanfar beart de réir bhriathra na ndíospóireachtaí sin go luath.
1.12Iarracht ar bith a thabharfar ar bheartas tionsclaíoch straitéiseach agus earnála a bhunú, teipfidh uirthi mura mbeidh faisnéis straitéiseach maidir le forbairtí eolaíochta, teicneolaíochta agus earnála á coimhdeacht. Molann CESE don Choimisiún Eorpach dul amach ar bhealaí agus modhanna nua chun na sonraí is mó tábhacht a bhailiú agus a anailísiú chun beartas tionsclaíoch straitéiseach a thabhairt chun cinn amach anseo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar bheartais a bhaineann le dícharbónú na dtionscal atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh d’fhonn tionchar an dícharbónaithe sin ar iomaíochas agus athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a thomhas. Ba cheart na meastóireachtaí sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú iontu.
2.Réamhrá agus cúlra
2.1In 2019 b’é an táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ba chúis le tuairim is 3.1 gigeathonna (Gt) de na hastaíochtaí C02 – ráta is lú ná 9 % d’astaíochtaí C02 an domhain an bhliain sin. Ar an taobh eile, b’é tomhaltas an Aontais ba chúis le 3.4 Gt de na hastaíochtaí CO2, nó 10 % d’astaíochtaí CO2 an domhain. I láthair na huaire, formhór na n‑astaíochtaí CO2 réamhráite sin is sliocht ar tháirgeadh earraí a allmhairítear ar mhaithe lena dtomhailt san Aontas, is amhlaidh a astaítear iad i dtíortha nach cuid den Aontas iad, go háirithe sa tSín (27 %), sa Rúis (12 %) agus sna Stáit Aontaithe (8 %) (sonraí ó 2019
).
2.2Tá raon leathan earnálacha i gceist le héiceachóras na dtionscal dianfhuinnimh, cuir i gcás earnálacha na gceimiceán, na cruach, an pháipéir, an phlaistigh, na mianadóireachta, an eastósctha agus an chairéalúcháin, na scaglainne, na stroighne, an adhmaid, an rubair, an mhiotail neamhfheiriúil, na gloine, an cheirmigh agus na snáithíní de dhéantús an duine. Is iad is saintréithe de na hearnálacha sin déine ard fuinnimh agus carbóin, ar thaobh amháin, agus an chaoi arb iad túsphointí a lán slabhraí luacha iad, ar an taobh eile, slabhraí luacha trína mbíonn amhábhair, ábhair phróiseáilte agus ábhar idirmheánacha á soláthar. San Eoraip, fostaítear 7.8 milliún duine in éiceachóras na dtionscal dianfhuinnimh agus gineann siad breisluach EUR 549 mbilliún (4.55 % de luach iomlán an Aontais). In 2019, ba iad na tionscail sin ba chúis le 22 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais.
2.3Ar a shon go bhfuil tuilleadh díchill á dhéanamh i réimse an bheartais thionsclaíoch le bearta a chur i bhfeidhm atá dírithe ar thionchar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an mbithsféar a laghdú, tá iachall á chur ar Bhallstáit an Aontais de dheasca na géarchéime fuinnimh a bheith i muinín tíortha eile arb ísle a gcostais fuinnimh ach arb airde a loirg charbóin. Ar an gcuma sin, réitítear an bealach tuilleadh eile d’iomaitheoirí ó réigiúin arb ísle a gcostais fuinnimh, rud a chuirfidh tús le rabharta d’allmhairí ar chostas íseal (ar minic lorg carbóin i bhfad níos airde acu) isteach san Aontas, agus rud a bhainfidh dá sciar féin den mhargadh domhanda. D’fhéadfadh sé sin milleadh faoin gComhaontú Glas don Aontas Eorpach agus léiríonn sé cad é mar ghéarghá atá le beartas tionsclaíoch láidir de chuid an Aontais a bheadh in ann athléimneacht eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte a áirithiú.
2.4Ina fhianaise sin, is féidir a mhaíomh go bhfuil athbheochan ar siúl ar na saolta i dtaca le beartas tionsclaíoch na hEorpa. An beartas tionsclaíoch don Chomhaontú Glas don Eoraip a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí, tá sé dírithe ar na nithe seo a leanas:
●timpeallacht rialála intuartha shimplithe;
●mear-rochtain ar mhaoiniú;
●scileanna a fheabhsú; agus
●trádáil oscailte do shlabhraí soláthair athléimneacha.
2.5Ar a mhuin sin, tá sé d’aidhm ag an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta infheistíochtaí ollmhóra a spreagadh feadh na slabhraí luacha tionsclaíocha glan-nialasacha, lena n-áirítear sna tionscail sin atá dian ar fhuinneamh.
2.6Le blianta beaga anuas, tá céim níos airde fós á cur roimhe ag an Aontas maidir lena spriocanna aeráide chun tionchar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an mbithsféar a laghdú, rud a fhágann go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na rialacháin nua do na blianta atá le teacht.
2.7Ba cheart bearta éifeachtacha le haghaidh uas-sciliú agus athsciliú oibrithe a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais, mar aon le beartais chúnaimh (ina measc tacaíocht airgeadaíochta nó seirbhísí do na hoibrithe lena mbaineann sna tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh). Tá gá freisin le tionscnaimh spriocdhírithe saothair le haghaidh na réigiún is cailltí leis an gclaochlú tionsclaíoch agus ba cheart pobail ar ioncam íseal, oibrithe ar bheagán oiliúna agus grúpaí atá i mbaol de thoradh an aistrithe ghlais a rannpháirtiú iontu.
3.An t‑aistriú a bhainistiú sna tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh, agus margaí glasa an Aontais a chruthú
Dícharbónú na dtionscal atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh: beartais a rachaidh chun tairbhe do chách
3.1Beidh tionchar cinntitheach ag an dícharbónú a dhéantar sna tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh ar phróiseas foriomlán an chlaochlaithe, go sonrach ar mórastaírí gás ceaptha teasa agus tomhaltóirí móra amhábhar. Dá bhrí sin, má laghdaítear go suntasach astaíochtaí CO2 na dtionscal atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh, beidh tionchar aige sin ar éifeachtúlacht an chlaochlaithe, arna tomhas ar bhonn an toraidh ar infheistíochtaí san fhuinneamh (EROI)
. Déanfaidh sin difear freisin don tionchar intuartha a bheidh ag úsáid fuinnimh in-athnuaite sa phróiseas ar an aeráid.
3.2Ba cheart réitigh an dícharbónaithe a bheith dírithe ar na riachtanais shonracha agus ar na constaicí sonracha a theagmhaíonn le gach earnáil le linn a phróisis féin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gurbh iad na beartais a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith an rogha ab fhearr.
3.3Ina cheann sin, ba cheart don Choimisiún comhordú agus comhleanúnachas a áirithiú idir na beartais thionsclaíocha, na beartais tráchtála agus na beartais aeráide.
3.4Mar sin féin, is creat casta maorlathach iad na próisis reachtacha agus rialála, rud a fhágann, i gcásanna áirithe, nach mbíonn na hinfheistíochtaí glasa chomh tarraingteach céanna do na tionscail. Chun scóip bhreise i réimse na rialála a chruthú agus chun infheistíochtaí glasa a mhealladh agus a choinneáil, ba cheart reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe de chuid an Aontais a chur faoi réir dianseiceálacha iomaíochais.
3.5I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht thréimhsiúil a dhéanamh ar bheartais a bhaineann le dícharbónú na dtionscal atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh d’fhonn tionchar an dícharbónaithe sin ar an iomaíochas agus ar an athléimneacht eacnamaíoch a thomhas.
3.6Tá sé an-tábhachtach freisin margaí agus timpeallachtaí gnó atá cobhsaí agus intuartha a chruthú ionas gur féidir le tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh tús a chur lena bpróiseas dícharbónaithe féin agus comaoin a chur ar an gclaochlú.
3.7Tá freagairt straitéiseach dhiongbháilte de dhíth ar an Eoraip i ngeall ar chur chuige straitéiseach na Síne agus ar an rath mór atá ar Inflation Reduction Act na Stát Aontaithe. Tuigtear don saol gurb í an Eoraip crann soilse an chláir oibre ghlais ó chuir sí le chéile an Comhaontú Glas don Eoraip in 2019. Mar sin féin, cé gur mian leis an Aontas go gceapfadh an saol gurbh é féin atá ar thosach an tslua san aistriú glas, is lú go mór fada a chuid infheistíochtaí san ábhar sin ná infheistíochtaí na Síne agus níl siad chomh solúbtha céanna le hinfheistíochtaí na Stát Aontaithe. De thoradh na bhfóirdheontas táirgeachta agus na mbuntáistí cánach atá ar fáil faoi Inflation Reduction Act na Stát Aontaithe, is amhlaidh atá cuideachtaí áirithe de chuid an Aontais á mealladh chun a n-infheistíochtaí i réimse na teicneolaíochta glaise a aistriú chuig na Stáit Aontaithe chun aimhleasa na hEorpa. Ní foláir don Eoraip an córas rialachais a athchóiriú má tá i ndán go mbeidh sí in ann dul san iomaíocht leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín.
3.8Ina theannta sin, ba cheart an comhordú idir réimsí éagsúla beartais a mheas ar bhonn laethúil, seachas tabhairt faoi i bpróiseas fadálach amháin.
3.9Aon iarracht a dhéanfar chun beartas tionsclaíoch straitéiseach a bhunú, teastóidh faisnéis straitéiseach maidir le forbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus earnála ina comhair. Ba cheart dul amach ar bhealaí agus modhanna nua chun na sonraí is mó tábhacht a bhailiú agus a anailísiú i dtreo gur féidir beartas tionsclaíoch straitéiseach a thabhairt chun cinn lá is faide anonn.
Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais chun spleáchais a sheachaint
3.10Sna blianta amach romhainn, beidh méideanna ollmhóra d’amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha de dhíth ar an Aontas chun freastal ar riachtanais an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a chaomhnú ag an am céanna. Is iad na tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh a sholáthraíonn cion nach beag de na hábhair agus táirgí atá riachtanach chun tacú leis an aistriú glas in earnálacha eile den gheilleagar; os a choinne sin, tomhlaíonn na tionscail sin fuinneamh in-athnuaite agus táirgí glasa arna dtáirgeadh ag na hearnálacha réamhráite freisin. Dá bhrí sin, ba ríthábhachtach soláthar cobhsaí a bheith ann. Ina theannta sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar tháirgí iartheachtacha atá straitéiseach agus ríthábhachtach chun geilleagar an Aontais a dhícharbónú.
3.11I roinnt staidéar, tá táirgí agus teicneolaíochtaí sainaitheanta cheana féin ag an Aontas agus ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, ar táirgí agus teicneolaíochtaí iad atá ríthábhachtach don dícharbónú, agus ba cheart iad a chur san áireamh nuair a bheidh beartais an Aontais á gceapadh acu amach anseo
. Tá earnáil tionsclaíochta an Aontais in iomaíocht le hallmhairí saofa ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe, i gcásanna áirithe, as praghsanna fuinnimh státrialáilte agus as fóirdheontais shuntasacha. Is bagairt eiseach í an ghéarchéim fuinnimh atá san Eoraip faoi láthair ar bhonn tionsclaíoch na hEorpa.
3.12Ba cheart beartas aeráide agus tionsclaíoch an Aontais a chur i gcomhréir le chéile chun tiomantas earnáil tionsclaíochta an Aontais a chur chun cinn maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda araon. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas coinneáil air ag cosaint na dtionscal atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh ar sceitheadh carbóin. Ina theannta sin, toisc an ghéarghá atá le leictriú na bpróiseas tionsclaíoch a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún na treoirlínte maidir le bearta Státchabhrach áirithe a leasú i gcomhthéacs an chórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa tar éis 2021. Ba cheart cur le liosta na n-earnálacha is incháilithe le haghaidh cúiteamh a fháil ar chostais indíreacha carbóin a chuirtear ar aghaidh go dtí an custaiméir trí bhíthin praghsanna leictreachais. Ba cheart sin a dhéanamh chun na praghsanna leictreachais níos airde atá ann faoi láthair a thabhairt san áireamh agus chun earnálacha agus fo-earnálacha atá i mbaol sceitheadh carbóin a chur san áireamh, ós earnálacha iad sin a bhfuil acmhainneacht shuntasach leictriúcháin acu.
3.13Ina cheann sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán chun feabhas a chur ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais lena n-áirithítear bunsoláthairtí fuinnimh ar phraghsanna rialáilte cobhsaí.
3.14Ar deireadh, cé gur ann don Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus don bheartas tionsclaíoch don Chomhaontú Glas ar pár, is gá fós féin iad a thiontú ina n-idirghabhálacha beartais. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh ionas gur féidir dó an acmhainneacht institiúideach agus mhaorlathach a theastaíonn a chruthú laistigh de na Ballstáit chun rialachas an chlaochlaithe ghlan-nialasaigh a bhainistiú agus chun margaí glasa a chruthú.
4.Margaí glasa agus na tréithe a bhaineann le beartas tionsclaíoch éifeachtach de chuid an Aontais
4.1Is gá tionscail na hEorpa a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bplean uaillmhianach dícharbónaithe i dtreo na neodrachta carbóin atá ann. Mar chuid de sin, is gá acmhainneachtaí táirgeachta agus forbairtí teicneolaíochta a mhéadú, go sonrach trí bhorradh a chur faoi infheistíochtaí agus trí dhlús a chur le cruthú margaí le haghaidh táirgí glasa (bunaithe ar an táscaire maidir le lorg carbóin).
4.2D’fhéadfadh sé go mbeadh an táirgeadh tionsclaíoch dícharbónaithe faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an iomaíochais de i gcomparáid leis an táirgeadh tionsclaíoch traidisiúnta atá dian ar charbón. Is éard is cúis leis sin go bhfuil níos mó rioscaí ann maidir le teicneolaíochtaí nua a chur chun feidhme, costais táirgthe níos airde (OPEX) agus costais ionchuir níos airde. Tá roghanna éagsúla ag lucht ceaptha beartas chun idirghabháil a dhéanamh ó thaobh soláthar nó éileamh astaíochtaí gáis CO2. Ó thaobh an tsoláthair de, d’fhéadfaí a áireamh leis sin an córas trádála astaíochtaí (CTA) agus an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT), chomh maith le tacaíocht phoiblí don infheistíocht, don nuálaíocht, don taighde agus don fhorbairt agus d’ionchuir fuinnimh. Ó thaobh an éilimh de, d’fhéadfaí díriú ar an soláthar poiblí glas, go háirithe trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Idirghabhálacha ar thaobh an éilimh
4.3Tá bacainní sistéamacha sa tslí ar thráchtálú na dtáirgí tionsclaíocha a bhfuil ráta astaíochtaí ísle acu. Ba cheart earnáil tionsclaíochta an Aontais a ghlasú bonn ar bhonn le feachtais éifeachtacha múscailte feasachta, le fóirdheontais aschuir agus le bearta comhchosúla d’fhonn a áirithiú go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar an éileamh ar tháirgí an mhargaidh ghlais.
4.4Thar lear a tharlaíonn cuid mhaith de phróiseas na slabhraí luacha tionsclaíocha faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil leochaileachtaí inaitheanta ann do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas ábhar Eorpach i dtáirgí a chur chun cinn feadh na slabhraí luacha domhanda. Ba cheart don soláthar poiblí dreasachtaí a cheapadh le haghaidh earraí a dhéantar as comhpháirteanna ar de thionscnamh an Aontais iad. Ní mór do na húdaráis phoiblí ualú idir 15 % agus 30 % den chritéar dámhachtana a thabhairt dóibh siúd a dhéanfaidh tairiscint ina léireofar a mhéid a cuireadh leis an inbhuanaitheacht agus an athléimneacht. Tá níos mó i gceist leis seo seachas na critéir a bhaineann le praghas (íseal) amháin agus tá sé i gcomhréir leis an bprionsabal a bhaineann leis ‘an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch’. Ba cheart go mbeadh cur chuige níos ceangailtí maidir le hinbhuanaitheacht nó leis an bprionsabal réamhráite ann dá thoradh sin.
Glasú an tsoláthair phoiblí
4.5Rud nach raibh mórán éifeachta aige go fóill ar astaíochtaí CO2 is ea glasú an tsoláthair phoiblí; bheadh sé sin an-tairbheach chun cuspóirí dícharbónaithe na dtionscal dianfhuinnimh a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, freisin, d’fhéadfaí margaí a chruthú fós do tháirgí glasa. D’fhéadfaí Tacsanomaíocht an Aontais
(a cruthaíodh chun tacú le hinfheistíocht inbhuanaithe trí chritéir shoiléire a shainiú ar leibhéal an tionscail maidir le gníomhaíocht ghlas) a úsáid freisin le haghaidh soláthar poiblí, T&D, nuálaíocht agus cinnteoireacht infheistíochta.
Idirghabhálacha ar thaobh an tsoláthair
4.6Sa chomhthéacs sin, bheadh rath ar an mbeartas dícharbónaithe ina iomláine dá gcuirfí coinníollacha iomchuí creata rialála le haghaidh samhlacha táirgthe teicneolaíochta glaine i bhfeidhm agus ba chomhlánú iad ar uaillmhianta aeráidneodrachta an Aontais mar a chuirtear i bhfeidhm iad ar an uile leibhéal.
4.7Baineann tábhacht freisin le sásraí fadtéarmacha a thabhairt isteach chun táirgeadh, inrochtaineacht agus tomhaltas leictreachais agus fuinnimh dícharbónaithe a éascú ar phraghsanna atá iomaíoch ar fud an domhain mar cuideoidh sé sin le hiomaíochas thionscail an Aontais, go háirithe na tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh. Tá gá le creat soiléir achomair chun hidrigin ghlas agus bhándearg a tháirgeadh ar chostas réasúnta, chomh maith le sásraí chun tacú le bonneagar hidrigine a fhorbairt agus oibrithe a athsciliú agus a uas-sciliú do thionscail hidriginbhunaithe.
4.8Faoi chuimsiú an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla a mhol an Coimisiún, creideann CESE gur cheart na liostaí d’amhábhair chriticiúla agus d’amhábhair straitéiseacha atá ann faoi láthair a chomhlánú le hábhair is ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach a d’fhéadfadh a bheith criticiúil agus straitéiseach amach anseo (e.g. alúmanam, fearó‑chóimhiotail, graifít shintéiseach, airgead), agus le hamhábhair thánaisteacha iarthomhaltais (e.g. dramh-mhiotal).
Beartas trádála
4.9Ní bhainfear aon cheann de na spriocanna sin amach mura mbeidh cothrom iomaíochta domhanda ann a bhuí sin le beartas trádála dea-cheaptha agus ionstraimí láidre cosanta trádála chun earnáil tionsclaíochta an Aontais a chosaint ar iomaíocht éagórach agus ar dhumpáil ó thríú tíortha. Ba cheart don Aontas tabhairt faoin méid seo a leanas a áirithiú: bearta cosanta trádála a chur chun feidhme níos tapa; imscrúduithe níos tapa agus níos éifeachtúla a dhéanamh; agus cur i bhfeidhm forleathan beart sealadach a éascú.
4.10Is é an aidhm atá le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach ná sceitheadh carbóin a sheachaint agus dícharbónú domhanda a dhreasú. Ba cheart don Aontas gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcodanna eile den domhan mar gheall ar an sásra sin.
4.11Molann CESE don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an sásra réamhráite chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin atá ann le haghaidh earraí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha. Ní mór tabhairt faoi sin le linn na tréimhse meastóireachta sula gcuirfear an beart i gcrích. Más é conclúid na tuarascála sin go bhfuil riosca sceite carbóin ann le haghaidh earraí a tháirgtear san Aontas, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Ina theannta sin, ní mór dul amach ar raon leathan beart láidir chun teacht timpeall a sheachaint le linn na hidirthréimhse agus ní mór iad a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin maidir le hallmhairí.
4.12Ní mór cur leis an bhfaireachas margaidh chun comhlíonadh earraí allmhairithe a ráthú, lena n‑áirítear maidir le hábhar na n-earraí sin a athchúrsáil. Ba cheart don Aontas a mhachnamh a dhéanamh ar a fhéideartha a bheadh sé rialacháin an Aontais maidir le hallmhairiú earraí tionsclaíocha agus maidir leis an ríomhthráchtáil a chomhchuibhiú agus a neartú chun táirgí inbhuanaithe cothroma a chur chun cinn.
Maoiniú agus infheistíochtaí
4.13Tá gá le comhsheasmhacht beartas i ngach ceann de rialacháin an Aontais chun intuarthacht a áirithiú agus infheistíochtaí glana a mhealladh, sin agus chun tacú leis an aistriú glas agus le hiomaíochas na tionsclaíochta. Beidh ionstraimí stuama beartais maidir le cruthú margaidh ag teastáil freisin chun luach na n-ábhar tionsclaíoch ísealcharbóin a aithint agus a chur in ord tosaíochta agus chun cur leis an éileamh ar tháirgí a dhéantar as na hábhair sin.
4.14Tá maoiniú de dhíth freisin chun borradh a chur faoin taighde agus faoin bhforbairt ionas gur féidir leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Tá sé ríthábhachtach an próiseas iarratais ar chistiú poiblí a shimpliú chun dlús a chur leis an nuálaíocht agus leis an inbhuanaitheacht.
4.15Ba cheart na nósanna imeachta údarúcháin a thuiscint i gcomhthéacs tionscadail infheistíochta agus nuálaíochta a bhfuil sé d’aidhm acu iomaíochas eacnamaíoch agus glasú an gheilleagair a chur chun cinn. Tá gá freisin le tionscadail tosaíochta a shainaithint a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí amhail oibríochtaí mianadóireachta, mínghlanta agus athchúrsála chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú do thionscail an Aontais. Beidh tábhacht thar na bearta le nósanna imeachta ceadúcháin a bhrostú ar an leibhéal náisiúnta agus le rochtain níos éasca ar mhaoiniú chun uathriail straitéiseach a áirithiú sna slabhraí luacha sin. Le linn an phróisis sin, tá sé ríthábhachtach cothrom iomaíochta a chaomhnú laistigh de mhargadh aonair an Aontais. Is do na Ballstáit a bhfuil acmhainní airgeadais nach beag acu is fabhraí na deiseanna nua atá ann le haghaidh fóirdheontais náisiúnta faoin gcreat géarchéime sealadach, ós amhlaidh atá claonadh le sonrú sna Ballstáit acmhainneacha sin dul i muinín tuilleadh bearta náisiúnta maoiniúcháin.
An geilleagar ciorclach
4.16Chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ba cheart don Aontas a aird a dhíriú ar thacaíocht a chur ar fáil do theicneolaíochtaí agus saoráidí bailiúcháin, sórtála agus athchúrsála. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an geilleagar ciorclach feidhmiú mar ionstraim lenar féidir an dícharbónú a chur chun cinn agus an t‑éileamh ar tháirgí athchúrsáilte a mhéadú trí mhargaí a chruthú do tháirgí athchúrsáilte. Ar an drochuair, tá an reachtaíocht féin ag cur bac ar athchúrsáil dramhaíola. Is gá an próiseas a shimpliú chun borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí athchúrsála.
An Bhruiséil, 9 Samhain 2023
Pietro Francesco DE LOTTO
Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
____________