|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Slabhra soláthair amhábhar criticiúil atá athléimneach, inbhuanaithe agus freagrach
|
|
_____________
|
|
Ar son slabhra soláthair amhábhar criticiúil san Aontas Eorpach atá athléimneach, inbhuanaithe agus freagrach
(Tuairim féintionscnaimh)
|
|
|
|
INT/1021
|
|
|
|
Rapóirtéir: Cinzia DEL RIO
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
25/01/2023
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
An rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
04/09/2023
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
20/09/2023
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
581
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
156/36/44
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is éard is aidhm don tuairim seo an méid a dhéantar ar leibhéal na sochaí agus an chomhshaoil chun dul i ngleic leis an tionchar a imríonn úsáid mhéadaitheach amhábhar criticiúil sna slabhraí luacha i dtríú tíortha a shainaithint, ós tosaíocht atá ann, ar an ábhar nár tugadh dóthain airde go sea ar an nasc idir slabhraí luacha domhanda, an t‑athrú aeráide agus obair chuibhiúil. A fhad a bhaineann le huathriail straitéiseach na hEorpa, tá earnálacha ríthábhachtacha eile, cuir i gcás earnálacha na sláinte, na cosanta agus na leictreonaice, i nguais de thoradh na hiomaíochta éagóraí nó de thoradh cur isteach a dhéanann tríú tíortha orthu.
1.2De thoradh phaindéim COVID‑19, na n‑iarmhairtí geopholaitiúla a lean ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus ateannas a bheith ag fás idir na Stáit Aontaithe agus an tSín sa réigiún Ind‑Chiúin‑Aigéanach, is léire ná riamh cad é mar scoilt ollmhór atá ag teacht chun cinn i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta. I bhfianaise na hiomaíochta domhanda idir an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus an tSín, is é tosaíocht na rialtas agus an Aontais anois soláthar na n‑amhábhar is tábhachtaí a áirithiú d’fhonn tacú le claochlú digiteach agus glasú an chórais thionsclaíoch. Chuige sin, is gá slabhra soláthair nua a chruthú le haghaidh dúile tearc‑chré. Is bunchuspóir de chuid bheartais an Aontais sna tíortha uile i gcónaí an urraim do na caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil feadh na slabhraí luacha.
1.3Chun na dúshláin sin a fhreagairt, molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sraith cuspóirí agus gníomhaíochtaí ionas gur féidir slabhra soláthair AE a chruthú a bheidh athléimneach, inbhuanaithe agus freagrach. Dá bhrí sin, ba cheart na moltaí seo a leanas a bheith san áireamh i gcinntí beartais an Aontais:
1.4ar bhonn na dinimice idirnáisiúnta atá ann faoi láthair agus na n‑oibleagáidí ríthábhachtacha sóisialta agus comhshaoil, aithníonn CESE nach leor bearta deonacha ná bearta neamhcheangailteacha má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta sin;
1.5ról a thabhairt do na gníomhaithe uile, idir ghníomhaithe poiblí agus ghníomhaithe príobháideacha, i mbainistiú na cabhrach teicniúla agus airgeadais a theastóidh chun aistriú córasach a chur chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart a chinntiú nach dtiocfaidh tuilleadh bearnaí struchtúracha chun cinn idir Ballstáit an Aontais agus ba cheart cothromaíocht, cuimsitheacht agus rochtain chomhionann ar thacaíocht a áirithiú, ag tosú leis na bearta le haghaidh aistriú cóir, i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta;
1.6páirt ar mó ná stádas breathnóra í a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa in obair an Bhoird Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla. Tá súil ag an gCoiste go rachaidh an bord i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta atá san Aontas, d’fhonn cinntí cuimsitheacha agus cothrom na Féinne a áirithiú ó thaobh thíortha uile an Aontais de;
1.7cuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha a chur san áireamh maidir le foinsí soláthair a éagsúlú ar mhaithe le: a) éileamh ar amhábhair chriticiúla agus tomhaltas na n‑amhábhar sin a laghdú maille le hinfheistíocht a dhéanamh san athchúrsáil agus athúsáid; b) úsáid ábhar inathnuaite a mhéadú trí fhaireachán rialta a dhéanamh; c) infheistíocht a dhéanamh i gcleachtais mhianadóireachta agus táirgthe atá athléimneach, inbhuanaithe agus freagrach, ar a n‑áirítear i dtríú tíortha, chun caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a fheabhsú; d) cur leis an soláthar ó chomhpháirtithe a mheastar a bheith ‘iontaofa’, ó thaobh coimirce thráchtála, shóisialta agus chomhshaoil de; e) comhaontuithe trádála nua (comhaontuithe saorthrádála) a chaibidliú agus comhaontuithe atá ann cheana a chur in oiriúint trí ionstraimí a fheabhsú chun an Chaibidil maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme go héifeachtach, bunaithe ar na rialacha idirnáisiúnta saothair agus comhshaoil a urramú agus a chur chun cinn;
1.8achainí a iarraidh ar chomhreachtóirí an Aontais teacht ar chomhaontú faoi Threoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus tionscadail straitéiseacha a fhorbairt ar fud an tslabhra soláthair agus fochonraitheoireachta, ar a n‑áirítear i dtríú tíortha, i dtreo go n‑áiritheofar cur i bhfeidhm Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) le haghaidh cuideachtaí ilnáisiúnta, dearbhú trípháirteach EIS maidir le prionsabail a bhaineann le cuideachtaí ilnáisiúnta agus beartas sóisialta, agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca, rud a ligfidh dóibh tarraingt siar as na tíortha sin ar bhealach freagrach. Níor cheart caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a shárú de thoradh nósanna imeachta meara a úsáid le haghaidh tionscadail straitéiseacha. Cuireann CESE in iúl an athuair an méid a cuireadh i bhfios cheana i dtuairimí eile roimhe seo, is é sin, ‘[b]íodh is go mbaineann an oibleagáid maidir le dícheall cuí le cuideachtaí móra den chuid is mó, beidh tionchar indíreach aici ar MFBManna. Is é is cúis leis sin go méadóidh cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach a n‑éilimh ar sholáthraithe maidir le cur chun feidhme Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, maidir lena dtuairisciú neamh‑airgeadais agus maidir le bainistíocht a tslabhra soláthair féin.’ ‘[T]á CESE ag iarraidh ar na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil, go háirithe do MFBManna, ar bhealach praiticiúil, sonrach agus éifeachtúil agus é bunaithe ar chomhar struchtúrach leis na heagraíochtaí ionadaíocha lena mbaineann’;
1.9na nósanna imeachta maidir leis an dícheall cuí mar a shainítear sa straitéis a ghlac EIS i mbliana mar aon le treoirlínte nua ECFE maidir leis an dícheall cuí san earnáil eastóscach, ba cheart iad a bheith ina bpointí tagartha i dtaca leis an dícheall cuí a chur chun feidhme le haghaidh cuideachtaí a bhfuil baint acu leis an earnáil sin;
1.10comhlíonadh ceangailteach na rialacha agus na gcaighdeán idirnáisiúnta uile i gcomhaontuithe trádála a áirithiú, ag tosú leo siúd a bhaineann le trádáil aindleathach acmhainní, ar a n‑áirítear smachtbhannaí a bhaineann le trádáil;
1.11forálacha ECFE a chur i bhfeidhm i ndáil le stoic de thearc‑chréanna troma nó táirgí atá déanta as na tearc‑chréanna sin; i gcás inar féidir, foinsí na soláthairtí a shainaithint agus an dícheall cuí a chur chun feidhme ar fud an tslabhra soláthair, comhlíonadh oibleagáidí an díchill chuí a áirithiú agus neamhspleáchas ar thríú páirtithe a chothú. Is gá an cheist a chíoradh i dtaca lena bhféadfaí a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonadh leanúnach ó thaobh an tsoláthróra de;
1.12tacú leis na comhpháirtithe trádála chun obair chuibhiúil, pá comhionann agus comhdheiseanna ag an obair a chur chun cinn trí mheán an idirphlé shóisialta agus na cómhargála. Tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí chun go mbeidh siad in ann na rioscaí faoi leith a bhaineann leis an earnáil a shainaithint agus nósanna imeachta maidir leis an dícheall cuí a chur chun feidhme ina gcórais bhainistíochta;
1.13nósanna imeachta a ghlacadh ionas nach féidir le cuideachtaí a thairbhíonn de dhreasachtaí agus cineálacha eile tacaíochta, cibé acu go díreach nó go hindíreach é sin, cur leis an díobháil a eascraíonn as amhábhair agus tearc‑chréanna troma a baineadh ar bhealach neamhfhreagrach a úsáid, i gcásanna inar baol go ndéanfaí sáruithe ar chearta an duine agus ar chearta an chomhshaoil agus i gcásanna coinbhleachta;
1.14a áirithiú nach gcuirfear tionscadail straitéiseacha i gcrích go dtí go ndéanfar measúnú ar an tionchar a bheidh acu ar an gcomhshaol – tríd an uasteorainn 30 lá atá ann faoi láthair a shíneadh – agus go dtabharfar ról do na comhpháirtithe sóisialta agus do na pobail áitiúla d’fhonn is gur fusa do na páirtithe leasmhara uile teacht ar chomhaontú agus d’fhonn an baol go gcuirfí tionscadail i bhfeidhm i limistéir faoi chosaint a sheachaint. Ní foláir a áirithiú go mbainfear leas iomlán as acmhainneacht na dtionscnamh sin chun poist ardcháilíochta a chruthú;
1.15sprioc 30 % a leagan síos do thionscadail a bhfuil amhábhair thánaisteacha iontu ó líonadh talún nó ó shaoráidí athchúrsála, cuir i gcás, nó de thoradh aisghabháil dramhaíola. Ach oiread leis na nithe réamhráite, is tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na cuideachtaí lena mbaineann, bunaithe ar an méid atá déanta acu. Ní foláir a áirithiú go mbeidh an próiseas roghnúcháin trédhearcach agus daonlathach agus go mbeidh páirt ag institiúidí agus geallsealbhóirí uile an Aontais, seachas ag Bord nua an Choimisiúin um Ghrinnscrúdú Rialála amháin, sa phróiseas cinnteoireachta a ghabhann leis;
1.16comhar a chothú idir na gníomhaithe éagsúla sa slabhra táirgeachta agus glacadh comhaontuithe cuimsitheacha idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn. Ina theannta sin, mar atá leagtha amach ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), ba cheart tacú leis na geallsealbhóirí uile agus le cuideachtaí ilnáisiúnta agus náisiúnta bearta iomchuí a dhéanamh chun dualgas an stáit a áirithiú maidir le cearta an duine a chosaint agus lena áirithiú go n‑urramóidh na cuideachtaí na cearta sin, trí na hinstitiúidí poiblí a neartú agus trí fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta a threisiú;
1.17infheisteoirí agus tionscail na tearc‑chré a spreagadh chun tuarascálacha a fhoilsiú maidir le foinsí na soláthairtí tríú tír atá acu trí úsáid a bhaint as giaráil airgeadais agus as bearta sriantacha féideartha chun cuideachtaí a dhíspreagadh óna gcuid acmhainní a fhoinsiú i dtíortha contúirteacha. Ní foláir costais cosanta sóisialta agus comhshaoil, ar a n‑áirítear próisis cóireála dramhaíola agus próisis athchúrsála, a chur san áireamh freisin i gcostais an táirge;
1.18tacú le digitiú an tslabhra táirgeachta. Beidh úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ríthábhachtach chun bainistiú an tslabhra soláthair agus éifeachtúlacht an tslabhra táirgeachta a fheabhsú, agus chun fadhbanna a shainaithint go maith luath trí ardáin bainistithe orduithe, inrianaitheacht táirgí agus faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe;
1.19infheistíocht a dhéanamh san oiliúint, san uas‑sciliú agus sa nuálaíocht chun poist ardcháilíochta agus córais táirgthe inbhuanaithe a chruthú trí dhreasachtaí agus ionstraimí airgeadais an Aontais atá dírithe ar an slabhra táirgeachta ina iomláine a neartú.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Cúlra
2.1.1Fágann an comhthéacs geopholaitiúil nua gur gá na slabhraí táirgeachta a athdhearadh de réir critéir nua nach bhfuil nasctha den chuid is mó a thuilleadh le costais agus le dinimic an mhargaidh amháin: 1) neamhspleáchas ar thíortha ceannasacha aonair; foinsí soláthair a éagsúlú chun an baol go gcuirfí isteach ar an soláthar a sheachaint; 2) uathriail straitéiseach ar chúiseanna polaitiúla; 3) slándáil; 4) inbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta.
2.1.2Tá méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as slabhraí luacha, rud a chabhraíonn le fostaíocht a chruthú agus rud a rinne poist fhoirmiúla de na milliúin post neamhfhoirmiúil. Mar sin féin, mar atá curtha i bhfáth ag EIS, d’fhág sin freisin, in go leor cásanna, gur in olcas a chuaigh dálaí oibre agus gnéithe den tsláinte agus den tsábháilteacht, agus gur méadú a tháinig ar dhúshaothrú leanaí agus ar shaothar éignithe agus ar chineálacha idirdhealaithe, gan trácht ar chásanna atá ar díth cosaint dhlíthiúil. Ina theannta sin, bhí tionchar nach beag aige sin ar an gcomhshaol, go háirithe in earnáil na mianadóireachta, i limistéir thionsclaíocha agus i gcriosanna próiseála onnmhairí, áit a bhfuil cuid mhór ban ag obair, na milliúin díobh.
2.1.3Tá breis is 450 milliún oibrí ag obair sna slabhraí soláthair ar fud an domhain, ar mná iad 190 milliún díobh. Bhí tionchar mór ag paindéim COVID‑19 orthu siúd, ní hamháin in earnálacha an éadaigh agus na talmhaíochta, ach in earnálacha na mianadóireachta agus na ngluaisteán freisin. Sciar mór den lucht saothair atá fostaithe sna slabhraí soláthair domhanda, mná atá iontu agus iad ag obair go príomha i bpoist ar phá íseal agus ar bheagán oiliúna. San Eoraip, de réir shonraí EIS, tá 3.4 milliún oibrí ag saothrú leo in earnáil na mianadóireachta agus an scagtha amháin.
2.1.4Ó thaobh an chomhshaoil de, d’iarr an Banc Domhanda fiú amháin go ndéanfaí gníomhaíocht shineirgisteach trí bhíthin beartais nua táirgthe, ag tosú le mianraí straitéiseacha.
2.1.5Tá an Eoraip ag brath go mór ar thríú tíortha maidir le mianadóireacht agus próiseáil amhábhar criticiúil. 63 % den chóbalt a úsáidtear i gceallraí, baintear é i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, 97 % den mhaignéisiam is ón tSín a thagann sé, agus déantar beagnach 100 % de na dúile tearc‑chré a úsáidtear ar fud an domhain a scagadh sa tSín siúd is gur in áiteanna eile, go mór mór i Maenmar, a bhaintear iad. Soláthraíonn an Afraic Theas 71 % de na miotail atá sa ghrúpa ‘platanam’ (ruitéiniam, róidiam, pallaidiam, oismiam, iridiam agus platanam) agus soláthraíonn an Tuirc 98 % de sholáthairtí bóráite na hEorpa. I staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa le déanaí, cuirtear sonraí cothrom le dáta ar fáil maidir le leibhéil allmhairithe amhábhar criticiúil agus léirítear ann an chaoi a dtagann formhór na n‑amhábhar, ar amhábhair iad atá riachtanach d’earnálacha tionsclaíocha áirithe san Eoraip agus a allmhairíonn an tAontas Eorpach, ó thíortha nach bhfuil mórán saoirse eacnamaíoch acu agus a bhfuil leibhéil ísle daonlathais iontu, agus an chaoi a mbeidh sé deacair amhábhair ionaid a fháil sa ghearrthéarma.
2.1.6Sampla nithiúil is ea Maenmar, nó Burma mar a ghairmtí de go hoifigiúil tráth dá raibh, tír atá faoi dheachtóireacht mhíleata fhoréigneach le dhá bhliain anuas agus atá á ‘úsáid’ ag an tSín mar láthair mhianadóireachta. Ó 2016 i leith, i Stát Kachin, réigiún atá i dtuaisceart na tíre, tá breis is 2 700 mianach tearc‑chréanna troma le fáil ar fud limistéar atá ar cóimhéid le Singeapór. De réir Tuarascáil ó Global Witness, ar an ábhar go ndearnadh an earnáil dheargthocsaineach seo a sheachfhoinsiú chuig Maenmar, d’fhág sin é ar an soláthróir diospróisiam agus teirbiam is mó ar domhan (ar dhá cheann de na miotail throma is luachmhaire dá bhfuil ann iad). Ina cheann sin, cé go bhfuil amhábhair chriticiúla an‑tábhachtach don táirgeadh nuálach, is minic deargthocsaineach iad dóibh siúd a oibríonn leo, rud is fíor i gcás litiam, mar shampla. De réir Choiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, ba cheart trí chineál de shalann litiam (carbónáit, hiodrocsaíd agus clóiríd litiam) a aicmiú mar ‘substaintí tocsaineacha do shláinte atáirgthe an duine’ toisc gur féidir an neamhthorthúlacht agus breitheanna anabaí a bheith mar thoradh orthu
. Tá roinnt monaróirí i gcoinne an aicmithe sin, agus é á mhaíomh acu go bhfuil an fhianaise eolaíoch ró‑lag chun údar a thabhairt le haicmiú chomh dian sin óir bheadh tionchar nach beag aige ar spriocanna tionsclaíocha na hEorpa d’fheithiclí leictreacha, do cheallraí agus d’amhábhair chriticiúla.
2.1.7Cuireann CESE chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndíreofaí i gcuspóirí na straitéise nua Eorpaí maidir le húsáid amhábhar (ar a n‑áirítear amhábhair thearca ar minic tocsaineach iad atá ríthábhachtach do thionscal na hEorpa) ar infheistíocht a dhéanamh i modhanna mianadóireachta nuálacha agus inbhuanaithe, ar ábhair thearca a athchúrsáil agus a athúsáid, agus ar ábhair neamhthocsaineacha a úsáid in ionad ábhair thocsaineacha, rud a fhágann an soláthar á aistriú ó thíortha ina bhfuil caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil i mbaol go tíortha nach fíor sin ina leith. San am céanna, tá sé ríthábhachtach sláinte agus sábháilteacht na n‑oibrithe a úsáideann na hamhábhair sin a chosaint, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Tá CESE ag iarraidh ar Bhallstáit an Aontais nach bhfuil daingniú déanta acu go fóill ar dhá choinbhinsiún bhunúsacha EIS (155 agus 187) maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena gcumhdaítear an ceart ar thimpeallacht shábháilte oibre, iad a dhaingniú gan mhoill.
2.1.8Is léir ón raon leathan sonraí atá ar fáil go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an mí‑úsáid ar an leibhéal áitiúil i gcásanna áirithe de thoradh scriosadh an chomhshaoil, coigistiú talún, earcú mílístí brúidiúla (atá nasctha le cúrsaí cumhachta i dtíortha áirithe), agus éileamh méadaithe ar an tearc‑chré agus ar fhuinneamh glas.
1.Gníomhaíocht an Aontais agus inbhuanaitheacht na slabhraí luacha
1.1In 2020, sheol an Coimisiún Eorpach Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais chun an reachtaíocht a oiriúnú agus éiceachórais thionsclaíocha níos athléimní ná mar atá ann faoi láthair a thógáil san Aontas.
1.2An 1 Feabhra 2023, sheol an tAontas Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais agus is iad an dá ionstraim atá ann an Gníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta agus an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla.
1.3Sainaithnítear sa straitéis Eorpach cuspóirí fadtéarmacha chun a áirithiú gur neamhspleáiche don Aontas Eorpach ar an leibhéal domhanda, ach ba cheart é a bheith mar aidhm léi freisin straitéis nua a chur chun cinn i leith soláthróirí tríú tír, agus leasanna eacnamaíocha agus trádála an Aontais a nascadh go dlúth le comhlíonadh na n‑oibleagáidí maidir le cearta sóisialta agus saothair faoi dhlí an Aontais, faoin dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus faoin dlí idirnáisiúnta comhshaoil. Baineann staidéar spriocdhírithe amháin le modheolaíocht an mheasúnaithe saolré shóisialta mar uirlis chun amhábhair a fhoinsiú ar bhealach freagrach san Eoraip.
1.4Léiríonn taighde de chuid na gníomhaireachta nuachta Associated Press nach raibh an tearc‑chré san áireamh i Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le mianraí a bhaintear i limistéir ina bhfuil coinbhleacht. Is éard is aidhm don Rialachán sin soláthar mianraí a chosc nó a laghdú i gcás réigiúin ina maoinítear coinbhleachtaí armtha le cabhair brabúis a dhéantar ar an soláthar sin; is infheidhme é, ámh, maidir le líon teoranta mianraí – stán, tantalam, tungstan agus ór (3TG) – ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, ó thíortha comharsanacha, agus ó limistéir ardriosca eile, agus maidir leosan amháin. I ráiteas ón gCoimisiún Eorpach leagadh béim ar na bearnaí sa mhaoirseacht ar an slabhra soláthair a shíneann a fhad leis an Eoraip, agus tugadh le fios ann nach léir fós cén toradh a bheidh ar bhrú ón tSín maidir le tearc‑chré a rialáil.
1.5Is éard is aidhm don Chomhpháirtíocht Slándála Mianraí a bunaíodh in 2019 – idir na Stáit Aontaithe, Ceanada agus an Astráil ar dtús, agus a ndeachaigh an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach isteach inti ina dhiaidh sin – táirgeadh freagrach agus soláthar sábháilte mianraí a chur chun cinn, ar nithe iad sin atá riachtanach don gheilleagar domhanda agus don tslándáil náisiúnta. Is straitéis í a thugann aghaidh ar ábhair mhéadaitheacha imní faoi leith maidir le spleáchas ar allmhairí mianraí criticiúla, rud atá riachtanach chun táirgí ardteicneolaíochta a tháirgeadh.
1.6Tacaíonn CESE le cuspóirí Chomhghuaillíocht Amhábhar an Aontais, a sheol an tAontas Eorpach in 2020, agus chuir sé in iúl, sa tuairim uaidh maidir le slabhraí soláthair inbhuanaithe agus obair chuibhiúil sa trádáil idirnáisiúnta, gur leagadh béim ar na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach gcaithfear leis na cuspóirí maidir le cearta an duine agus obair chuibhiúil mar scéal thairis sna beartais trádála agus sa rialachas corparáideach, ag tosú leis an dícheall cuí (a bhfuil togra le haghaidh treoir ón Aontas ann ina leith cheana). Ba cheart sin a neartú ar fud an tslabhra luacha ina iomláine, mar a fhoráiltear go páirteach i reachtaíocht na Fraince agus na Gearmáine.
1.7Dá nglacfaí beartais agus cláir le haghaidh geilleagar ciorclach, beartais agus cláir a mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach iontu cheana féin ag céim an deartha, d’fhéadfaí an lúb a dhúnadh, mar is ceart, agus margaí nua a chruthú ar mhaithe le hamhábhair thearca a athchúrsáil agus ba mhór ab acmhainn, dá réir sin, poist atá bainteach leis an ngeilleagar ciorclach a chruthú d’amhábhair thánaisteacha agus don athchúrsáil. De réir roinnt staidéar, d’fhéadfaí 700 000 post nua a chruthú faoi 2030. Mar sin féin, chun go dtarlódh sé sin, bheadh gá le tuilleadh dreasachtaí agus gealltanas ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta.
1.8Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfaí faireachán ar chur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais, agus go ndéanfaí iarracht lena áirithiú nach de chineál deonach a thuilleadh iad na hionstraimí lena gcosnaítear cearta an duine agus na cearta saothair, ar aon chomhrian leis an gclár oibre idirnáisiúnta trádála agus infheistíochta.
1.9Tugann CESE dá aire, in ainneoin a thiomanta atá an Coimisiún, go bhfuil tíortha na hEorpa i bhfad chun deiridh agus in earraid le chéile ó thaobh straitéis chomhchoiteann a ghlacadh chun na fadhbanna i dtaca le soláthar amhábhar a laghdú. Go dtí seo, is amhlaidh a conraíodh an cúram sin chuig tíortha atá an‑mhífhreagrach go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de i leith na mianadóireachta agus an scagtha.
1.10An staidéar a rinne Parlaimint na hEorpa maidir le slabhraí luacha agus sineirgí le beartais trádála, is é atá mar bhonn le rún a glacadh le déanaí agus, rud eile, céim sa treo ceart atá ann. Is amhlaidh a iarrtar sa rún go dtabharfadh tíortha Eorpacha beartas tionsclaíoch nua chun cinn d’fhonn aghaidh a thabhairt ar uathriail straitéiseach an Aontais sna príomhearnálacha ar bhealach struchtúrach comhtháite, agus gan moill a chur ar an dul chun cinn atá ar siúl maidir leis na spriocanna glasa faoin gComhaontú Glas, agus caighdeáin saothair agus shóisialta á n‑áirithiú ar fud an tslabhra táirgeachta.
1.11Beidh sé ríthábhachtach comhghuaillíochtaí a chothú le rialtais atá ‘ar aon intinn’ leis an Aontas, sineirgí láidre a chothú le rialtais dhaonlathacha agus bearta a dhéanamh de bhun sineirgí, idir urraim do chearta bunúsacha saothair agus cosaint an chomhshaoil. Sa lá atá inniu ann, tá go leor rialtas tar éis acmhainní suntasacha airgeadais a chur i leataobh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin: Stáit Aontaithe Mheiriceá lena Inflation Reduction Act, an India le raon dreasachtaí san earnáil fhótavoltach agus ceallraí, agus an tSeapáin le plean infheistíochta dar luach thart ar EUR 140 billiún. Ceann de chuspóirí an chomhaontaithe maidir le hamhábhair chriticiúla idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe is ea go measfar i dtaca le dúile tearc‑chré arna mbaint nó arna bpróiseáil san Aontas gur sna Stáit Aontaithe a rinneadh iad freisin, i gcomhréir leis an gcomhaontú idir na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin.
1.12Creideann CESE gur cheart na comhaontuithe déthaobhacha sin a fhormheas faoi chuimsiú G7 le gur féidir comhstraitéis a thabhairt chun cinn maidir le trádáil dúl tearc‑chré, agus tá na mórgheilleagair tiomanta freisin do chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chosaint sna tíortha sin ina ndéantar mianadóireacht agus scagadh.
An Bhruiséil, 20 Meán Fómhair 2023
Oliver RÖPKE
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________