GA

SOC/758

Bearta chun an stiogma i dtaobh VEID a chomhrac

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Bearta chun an stiogma i dtaobh VEID a chomhrac

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

Teagmháil

SOC@eesc.europa.eu

Riarthóir

Margherita LOGRILLO

Dáta an doiciméid

02/06/2023

Rapóirtéir: Pietro Vittorio BARBIERI

Comhrapóirtéir: Nicoletta MERLO

Arna hiarraidh ag

Uachtaránacht na Spáinne

Litir, 08/12/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31/05/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

64/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ó Uachtaránacht na Spáinne maidir le sprioc a leagan síos chun deireadh a chur san Eoraip faoi 2030 leis an stiogma agus an t‑idirdhealú i dtaobh VEID. Is rófhada neamhshuim á déanamh den tsaincheist sin, ainneoin go léiríonn na sonraí go lánsoiléir go bhfuil iarmhairtí díobhálacha na faidhbe sin le brath go fóill in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, i gcomhthéacsanna sóisialta ar leith agus i bpríomhghrúpaí sa daonra. Dá bhrí sin, tá CESE ar aon intinn le hUachtaránacht na Spáinne faoi gur cheart é a bheith ar cheann de na tosaíochtaí polaitiúla atá ar chlár oibre an Aontais deireadh a chur leis an stiogma agus an t‑idirdhealú i dtaobh VEID.

1.2Tá CESE ar aon intinn le hUachtaránacht na Spáinne faoi freisin go bhfuil gá le dearbhú ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha, dearbhú a chuirfí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2023, agus geallann CESE go dtacóidh sé leis an dearbhú sin agus go nglacfaidh sé páirt ann ar gach leibhéal, bealach agus fóram inar féidir leis.

1.3Chun an ceann is fearr a fháil ar stiogma, idirdhealú agus steiréitíopaí bréagacha, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí múscailte feasachta, oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn, go háirithe sna scoileanna, agus páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe, d’eagraíochtaí óige agus d’eagraíochtaí mac léinn sna gníomhaíochtaí sin.

1.4Ní mór na bacainní ar phróifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) a aithint agus deireadh a chur leo le go mbeidh drugaí áirithe níos so-rochtana; ní mór dul chun cinn a dhéanamh freisin maidir le PrEP a chur chun feidhme le go bhféadfar dul i gcion ar réimse níos leithne den daonra, sin le go bhféadfar dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF faoi 2030. A bhuí le hidirghabhálacha coisctheacha amhail PrEP agus próifiolacsas iartheagmhála (PEP) agus cóireáil choisctheach (TasP –Treatment as Prevention), is féidir tionchar suntasach a imirt ar an srian atá á cur le VEID agus ionfhabhtuithe gnéas‑tarchurtha eile.

1.5Ní mór comhdheiseanna a bheith ann do dhaoine a bhfuil VEID orthu a fhad a bhaineann sé le rochtain a bheith acu ar obair agus le dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh i saol na hoibre. Ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint freisin as socruithe sonracha ar nós uaireanta oibre solúbtha nó saoire bhreise le haghaidh cuairteanna leighis agus rúndacht a ráthú dóibh le linn na gcuairteanna sin.

1.6Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta sonracha a dhéanamh maidir leis na príomhghrúpaí sa daonra: le gur féidir dul i ngleic go héifeachtach leis an eipidéim den víreas VEID, is gá dul i gcion ar na grúpaí sin sa phobal trí fhaisnéis spriocdhírithe agus cláir choisctheacha arna gcur chun feidhme ar an leibhéal institiúideach a úsáid le go bhféadfaidh seirbhísí ar leith teagmháil a dhéanamh leo go réamhghníomhach, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha pobalbhunaithe, b’fhéidir.

1.7Ós rud é gur san Úcráin atá an dara heipidéim is mó den ghalar SEIF i réigiún Oirthear na hEorpa agus na hÁise Láir, is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do na tíortha óstacha leanúnachas cúraim agus tástáil agus cóireáil VEID saor in aisce a áirithiú do dhídeanaithe ón Úcráin, rud a chuirfidh leis an dóchúlacht go ndéanfar tástáil orthu gan beann ar a stádas cónaithe. Ós rud é gur mná agus leanaí iad formhór na ndídeanaithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an réiteach is oiriúnaí do na dídeanaithe ón Úcráin breis tástála a dhéanamh orthu in ospidéil, in ionaid cúraim phríomhúil agus i suíomhanna pobail.

1.8Is féidir leis an gcóireáil fhrith‑aisvíreasach dhá rud a dhéanamh san am céanna – sláinte daoine a bhfuil VEID orthu a fheabhsú agus tarchur VEID a chosc go héifeachtach – mar go bhfuil an‑éifeacht leis an gcóir leighis sin maidir le hualach víris VEID a shochtadh.

1.9Is fáthmheas luath ar ionfhabhtú VEID, tús luath a chur leis an teiripe agus an leanúnachas cúraim na clocha coirnéil chun leathadh an ionfhabhtaithe a chur faoi smacht. Ós rud é go bhfuil an sprioc sin bainte amach cheana féin ag roinnt tíortha, tá CESE ag iarraidh go mbeadh sprioc nua níos uaillmhianaí ann do gach tír a chaithfí a bhaint amach faoi 2030, rud a d’ardódh na leibhéil chumhdaigh go dtí suas le 95 % maidir le tástáil, cóireáil agus sochtadh an víris.

 

1.10Is féidir leis an leanúnachas cúraim agus an leanúnachas coisc araon a bheith ina bhfreagairt chuimsitheach ar bhonn sineirgisteach chun dul i ngleic leis an eipidéim den víreas VEID, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

1.11Tá CESE ag iarraidh go mbeadh straitéisí nua agus nuálacha ann chun cur leis an bhfáthmheas luath agus chun níos mó daoine a chur ar an eolas go bhfuil ionfhabhtú orthu trí chur leis na modhanna éagsúla agus áisiúla atá ann le go mbeidh tástáil VEID ar fáil ar bhonn níos forleithne, e.g. mearthástáil, tástáil pobail agus féintástáil, agus cur chuige comhtháite maidir le tástáil VEID agus tástáil Heipitíteas B agus Heipitíteas C.

1.12Tá ról ríthábhachtach ag pobail maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le VEID, e.g. an chuntasacht a chur chun cinn, gníomhaíochas um chosc a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus teacht ar nuálaíochtaí atá ríthábhachtach don dul chun cinn inbhuanaithe.

1.13Chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, is é a mholann CESE tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cláir nua a cheapadh agus a chur chun feidhme le go bhféadfar cur leis an eolas ar stádas deimhneach VEID agus ar an gcumhdach cóireála, scaipeadh an víris agus, ar an gcaoi sin, tarchur VEID, a laghdú, agus srian a chur leis na cúiseanna le hidirdhealú, mar shampla i gcás rochtain a fháil ar fhostaíocht nó ar sheirbhísí airgeadais.

2.VEID san Eoraip

2.1Tá tarchur VEID fós ina mhórábhar imní don tsláinte phoiblí a bhfuil tionchar aige ar níos mó ná 36 mhilliún duine ar fud an domhain, agus a bhfuil 2.3 milliún duine díobh sin ina gcónaí i Réigiún na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), go háirithe in oirthear an réigiúin sin. Fáthmheasadh go raibh VEID ar bheagnach 107 000 duine i Réigiún na hEorpa in 2021, thart ar 17 000 duine san Aontas/LEE san áireamh. Is ag dul i laghad atá líon na gcásanna nua de VEID ó bhí 2012 ann agus bhí an titim sin níos suntasaí in 2020 agus 2021 (‑24 %), de thoradh éifeachtaí phaindéim COVID‑19, seans, ar úsáid na seirbhísí sláinte, agus/nó de thoradh laghdú ar an ráta tarchurtha mar gheall ar na bearta sláinte poiblí a cuireadh chun feidhme le linn phaindéim COVID‑19.

2.2Is codanna den daonra atá ar imeall na sochaí agus daoine a mbíonn an tsochaí sa tarr orthu de thoradh a n‑iompraíochta, atá thíos, den chuid is mó, le VEID san Eoraip: daoine a úsáideann drugaí infhéitheacha agus a bpáirtithe gnéis siúd, fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, daoine trasinscneacha, oibrithe gnéis, príosúnaigh agus imircigh.

2.3Tugann na sonraí fianaise ar phatrúin éagsúla eipidéime i dtíortha i Réigiún na hEorpa: is é an príomh‑mhodh tarchurtha in AE/LEE agus iarthar Réigiún na hEorpa ná gnéas‑tarchur idir fir, cé gur tarchur heitrighnéasach agus úsáid drugaí infhéitheacha na príomh‑mhodhanna tarchurtha a tuairiscíodh in oirthear an réigiúin.

2.4Tá fáthmheas déanach VEID ina dhúshlán go fóill i bhformhór thíortha an réigiúin: ba nuair a bhí an t‑áireamh de chealla CD4 ní b’ísle ná 350/mmc a fáthmheasadh os cionn 50 % de chásanna VEID.

3.Leanúnachas cúraim VEID do dhídeanaithe ón Úcráin

3.1Ó bhris an cogadh amach an 24 Feabhra 2022, tá níos mó ná 13.5 milliún duine easáitithe ina dtír féin nó ar cuireadh iallach orthu teitheadh chuig tíortha comharsanacha mar dhídeanaithe, agus ina measc tá daoine a bhfuil VEID orthu (a mheastar a bheith cothrom le hidir 10 000 agus 30 000 duine) agus príomhghrúpaí sa daonra.

3.2Is í an Úcráin an tír leis an dara heipidéim is mó den ghalar SEIF i Réigiún Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise. Tháinig méadú ar líon na bhfáthmheasanna nua de VEID idir 2016 (14 240 cás) agus 2019 (16 270 cás), cé gur ísligh líon na bhfáthmheasanna nua de bheagán in 2020 (15 660 cás), de dheasca ghéarchéim COVID‑19, seans. As an líon sin, léirigh sonraí faireachais gur as caidreamh heitrighnéasach a tolgadh 9 000-10 000 cás agus gur as úsáid drugaí infhéitheacha a tolgadh thart ar 5 000 cás.

3.3Sular bhris an cogadh amach bhí an‑dul chun cinn á dhéanamh ag an tír maidir leis na bearta i gcoinne SEIF: bhí cúram agus cóireáil VEID á gcur ar fáil saor in aisce i gclinicí VEID de chuid an rialtais fud fad na tíre agus bhí méadú ag teacht de réir a chéile ar an líon daoine a bhí ag maireachtáil le VEID trí chóireáil fhrith‑aisvíreasach. In 2021, measadh go raibh níos mó ná 150 000 duine ag fáil cóireáil fhrith‑aisvíreasach (62 %), sin as na 240 000 duine a bhfuil VEID orthu (0.6 % de dhaonra na hÚcráine), agus go raibh an víreas sochta in 94 % díobh siúd a bhí ag fáil cóireála.

3.4Tá gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe na Náisiún Aontaithe san Úcráin, amhail Ciste Éigeandála UNAIDS, ag obair go dlúth leis na húdaráis áitiúla chun teagmháil a dhéanamh le daoine atá i ngátar agus cabhrú leo. Le déanaí, chuir siad cúnamh daonnúil ar fáil do cheantair áirithe atá buailte go dona sa tír ach nach raibh aon rochtain orthu go dtí anois. Tá comhghuaillíocht d’eagraíochtaí rialtais, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ina cloch choirnéil go fóill féin den fhreagairt éifeachtach i gcoinne VEID san Úcráin le linn an chogaidh.

3.5Leanfaidh UNAIDS de bheith ag tacú le cosc, tástáil, cóireáil, cúram agus tacaíocht VEID do dhaoine ar fud na hÚcráine atá thíos leis an gcogadh agus do dhaoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht.

3.6I ndoiciméad ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) 1 , doiciméad a foilsíodh i mí Iúil 2022, leagtar amach na príomhcheisteanna maidir le bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht agus le cur chun feidhme praiticiúil na seirbhísí le go bhféadfar na caighdeáin cháilíochta maidir le cúram VEID do dhídeanaithe ón Úcráin a choimeád, go háirithe an tábhacht atá leis go n‑áiritheoidh na tíortha óstacha an leanúnachas cúraim agus tástáil agus cóireáil VEID saor in aisce do dhídeanaithe ón Úcráin, rud a fheabhsóidh an deis a bheidh acu tástáil a fháil gan beann ar a stádas cónaithe, toisc go bhfágann rochtain theoranta ar an gcóireáil fhrith‑aisvíreasach gur mó an baol breoiteachta agus báis atá ann, agus gur mó seans go dtiocfadh tréithchineálacha frithsheasmhacha chun cinn agus go bhféadfaí iad a tharchur. Ós rud é gur mná agus leanaí iad formhór na ndídeanaithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an réiteach is oiriúnaí do na dídeanaithe ón Úcráin breis tástála a dhéanamh orthu in ospidéil, in ionaid cúraim phríomhúil agus i suíomhanna pobail.

4.VEID ar fud an domhain

4.1Tá comhdhearcadh láidir domhanda ann go bhfuil na huirlisí ar fáil anois chun deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF. Le fiche bliain anuas, tá sé tugtha le fios i líon mór staidéar a rinneadh i suíomhanna éagsúla gur féidir leis an gcóireáil fhrith‑aisvíreasach dhá rud a dhéanamh – sláinte daoine a bhfuil VEID orthu a fheabhsú agus tarchur VEID a chosc go héifeachtach (TasP nó cóireáil choisctheach) – mar go bhfuil an‑éifeacht leis an gcóir leighis sin maidir le hualach víris VEID a shochtadh (faoi bhun 200 cóip/mL an sainmhíniú air sin).

4.2Le blianta beaga anuas, is é an straitéis atá á cur i bhfeidhm go forleathan ná gur fáthmheas luath ar ionfhabhtú VEID, tús luath a chur leis an teiripe agus an leanúnachas cúraim na clocha coirnéil chun leathadh an ionfhabhtaithe a chur faoi smacht. In 2014, sheol UNAIDS an sprioc 90-90-90 (90 % de na daoine a bhfuil VEID orthu a fháthmheas, cóireáil a chur ar 90 % díobh siúd agus an t‑ualach víris (víréime) a shochtadh in 90 % díobh siúd a bhfuil cóireáil á cur orthu). Má bhaintear amach na spriocanna sin, beidh ualach víris sochta ag 73 % de na daoine a bhfuil VEID orthu (daoine a bhfuil ualach víris sochta acu, ní féidir leo VEID a tharchur).

4.3Tá fianaise ann gur baineadh an sprioc sin amach cheana féin i ndeireadh 2020 i roinnt tíortha; tíortha iad sin nach bhfuil aon chosúlacht eatarthu ó thaobh na tíreolaíochta, stádas ioncaim agus na heipidéimeolaíochta de. Tá na saineolaithe den tuairim go bhféadfadh na torthaí sin a léiriú go bhféadfaí sprioc nua níos uaillmhianaí a bhaint amach i ngach tír faoi 2030, rud a d’ardódh na leibhéil chumhdaigh go dtí suas le 95 % maidir le tástáil, cóireáil agus sochtadh an víris. Chun treise agus dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach mar chuid den fhreagairt i gcoinne na heipidéime de VEID, is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cláir nua a cheapadh agus a chur chun feidhme le go bhféadfar cur leis an eolas ar stádas deimhneach VEID agus ar an gcumhdach cóireála (cur chuige UTT – tástáil agus cóireáil uilíoch), chun scaipeadh an víris agus, ar an gcaoi sin, tarchur VEID, a laghdú. Níor cheart na cláir nua sin a dhíriú go heisiach ar bhearta caighdeánacha a chur i bhfeidhm, ach ba cheart iad a chur chun feidhme freisin de réir riachtanais agus éilimh shonracha na ndaoine a bhfuil VEID orthu.

4.4Le déanaí, tá cur chuige ar nós an leanúnachais cúraim, is é sin an leanúnachas coisc, á mholadh níos mó agus níos mó, cur chuige atá dírithe ar an daonra atá i mbaol ionfhabhtú VEID lena áirithiú nach n‑ionfhabhtófar daoine le VEID. Tógann an leanúnachas coisc ar an tástáil VEID óir is é sin an bonn láidir atá leis, maille le daoine nach bhfuil ionfhabhtaithe le VEID a chur i dteagmháil leis na seirbhísí coisc, an leanúnachas cúraim i leith na ndaoine sin agus seirbhísí comhairleoireachta leanúnaí maidir le laghdú riosca agus úsáid coiscíní ar bhonn leanúnach chun tolgadh agus tarchur VEID a chosc. Tá an leanúnachas cúraim tábhachtach freisin lena áirithiú go ndéantar tástáil VEID go rialta agus go ndéantar ionfhabhtú VEID a fháthmheas go luath i gcás ina dtolgtar VEID. Ní mór daoine nár ionfhabhtaíodh go dtí le deireanas a nascadh go pras leis na seirbhísí cúraim agus cóireála VEID agus le modhanna eile coisc, e.g. tástáil páirtithe gnéis, úsáid coiscíní agus drugaí frith‑aisvíreasacha coisctheacha. Tá sé léirithe i roinnt staidéar gur féidir leis an leanúnachas cúraim agus an leanúnachas coisc a bheith ina bhfreagairt iomlán, ar bhonn sineirgisteach ar leibhéal an daonra, chun dul i ngleic leis an eipidéim de víreas VEID.

4.5Tá gá le straitéisí nua agus nuálacha chun cur leis an bhfáthmheas luath agus chun níos mó daoine a chur ar an eolas go bhfuil ionfhabhtú orthu trí chur leis na modhanna éagsúla agus áisiúla atá ann le go mbeidh an tástáil VEID ar fáil ar bhonn níos forleithne, e.g. mearthástáil, tástáil pobail agus féintástáil, agus cur chuige comhtháite maidir le tástáil VEID agus tástáil Heipitíteas B agus Heipitíteas C.

4.6Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDT) pacáiste cuimsitheach de sheirbhísí sláinte chun VEID a chosc agus béim ar leith á leagan ar theagmháil a dhéanamh le príomhghrúpaí sa daonra. Is den mhórthábhacht seirbhísí coisctheacha VEID a chomhtháthú le seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí coisc agus cúraim foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, seirbhísí cóireála andúile i ndrugaí, seirbhísí coisc agus cúraim Heipitíteas C, seirbhísí rialaithe eitinne, seirbhísí sláinte i bpríosúin, seirbhísí galar neamhtheagmhálach agus seirbhísí tacaíochta dlíthiúla agus sóisialta.

4.7Trí bhealaí éagsúla a bheith ar fáil chun rochtain a fháil ar thástáil VEID, d’fhéadfaí fáthmheas pras a dhéanamh ar ghrúpaí éagsúla atá go mór i mbaol ionfhabhtú VEID.

4.8Is é a mholann UNAIDS cur chuige ‘comhcheangailte coisc’ a thabhairt isteach maidir le VEID a chosc. Ós rud é nach leor aon straitéis amháin um chosc chun leathadh an ghalair a shrianadh, éilíonn an cur chuige sin bearta éagsúla bithleighis, iompraíochta agus struchtúracha a roghnaítear agus a chuirtear in oiriúint go sonrach chun freastal ar riachtanais áitiúla, mar atá curtha in iúl ag pobail atá thíos leis an víreas. Agus chun go n‑éireoidh leo, ní mór iad a bheith comhordaithe éifeachtúil comhsheasmhach agus comhthiomantas do spriocanna coiteanna a bheith mar spreagadh leo.

5.Freagairt pobail i leith VEID

5.1San am atá thart, ba nós le UNAIDS 2 taifeadadh maith a choinneáil ar ról na bpobal daoine a bhfuil VEID orthu, na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí nó atá leochaileach, maille le ról na mban agus na ndaoine óga, i soláthar seirbhísí VEID, i dtaighde agus forbairt drugaí, in abhcóideacht, i gcuntasacht shóisialta agus pholaitiúil, i slógadh acmhainní agus i gcosaint shóisialta agus chearta an duine. Tá sé léirithe le tríocha bliain anuas go bhfuil pobail daoine a bhfuil VEID orthu agus daoine a mbíonn tionchar ag VEID orthu ríthábhachtach ó thaobh rannpháirtíocht agus abhcóideacht a chothú maidir leis an gcothromas sláinte agus leis an maoiniú don tsláinte agus lena áirithiú go n‑aithnítear cearta daonna an uile dhuine agus go n‑urramaítear iad. Is fearr agus is éifeachtaí is féidir comhtháthú éifeachtach ardcháilíochta na gcóras sláinte agus cúraim sláinte uilíche a dhearadh, a chur chun feidhme agus a chothú má bhíonn pobail daoine a bhfuil VEID orthu agus daoine a mbíonn tionchar ag VEID orthu lárnach iontu. Chuir ceannaireacht agus rannpháirtíocht na bpobal go díreach le torthaí feabhsaithe maidir leis an rochtain ar sheirbhísí cóireála, coisc, tacaíochta agus cúraim VEID ar fud an domhain.

5.2Tá ról ríthábhachtach ag pobail maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le VEID, e.g. an chuntasacht a chur chun cinn, gníomhaíochas um chosc a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus teacht ar nuálaíochtaí atá ríthábhachtach don dul chun cinn inbhuanaithe. Is minic a bhíonn ardáin soláthair seirbhísí faoi stiúir an phobail níos éifeachtaí ná ardáin fhoirmiúla atá bunaithe ar shaoráidí sláinte chun dul i dteagmháil le pobail atá ar imeall na sochaí agus nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, go háirithe i suíomhanna ina mbíonn stiogma agus idirdhealú ann go rábach. Is iad na heagraíochtaí faoi stiúir an phobail is fearr atá in ann rudaí éagsúla a thabhairt faoi deara, mar atá, bearnaí sna seirbhísí, srianta a chuireann bac ar sholáthar agus glacadh seirbhísí, mar aon le deiseanna chun na seirbhísí a aithint mar chuid de chearta bunúsacha an duine aonair agus iad a bheith dírithe níos fearr ar dhaoine, agus iad a bheith níos áisiúla agus níos éifeachtaí.

5.3Tá ról ríthábhachtach ag ‘an pobal’ (a thuigtear mar ghrúpa de chumainn neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint acu le SEIF a chomhrac agus le cearta daoine a bhfuil VEID orthu a chosaint ar bhonn laethúil) maidir le guth a thabhairt do na pobail is leochailí agus is mó atá i mbaol, agus cuireann siad réitigh éifeachtacha ar fáil chun an eipidéim de VEID/SEIF a shrianadh. Déanann an pobal sin an oiread sin gur thiomnaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (UNAIDS) in 2019 an Lá Domhanda SEIF (1 Nollaig) don phobal leis an mana ‘Communities make the difference’.

5.4Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar fhaireachán leanúnach a áirithiú agus measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na beartais agus na creataí reachtacha éagsúla sláinte a ghlactar i ngach Ballstát, trí rannpháirtíocht gníomhaithe neamhspleácha neamhchlaonta, lena n‑áirítear d’fhonn dea‑chleachtais a thabhairt, dea-chleachtais a d’fhéadfaí a roinnt agus a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach.

5.5Fiú leis an bhfeasacht agus leis an gcuspóir gur mian leo stádas deimhneach VEID ‘a normalú’, moltar go n‑urramófaí príobháideachas gach duine le linn gach teagmhála leis na saoráidí sláinte chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus sna réimsí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnáthshaoil (scoil, obair, etc.). Dá bhrí sin, i ngach Ballstát, ní mór na rialacha a bheith dírithe ar chosaint chearta agus shaoirsí bunúsacha an duine a bhfuil VEID air nó uirthi, chomh maith le dínit bhunúsach an duine sin, a ráthú.

5.6Chun an ceann is fearr a fháil ar stiogma, idirdhealú agus steiréitíopaí bréagacha, ba cheart na gníomhaíochtaí múscailte feasachta, oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn, go háirithe sna scoileanna, agus páirt sna gníomhaíochtaí sin a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe, e.g. cumainn agus pobail áitiúla, eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí mac léinn.

6.Próifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) chun ionfhabhtú VEID a chosc

6.1Is cur chuige bithleighis maidir le VEID a chosc é an próifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) trínar féidir le daoine atá i mbaol mór VEID a tholgadh drugaí frith‑aisvíreasacha ó bhéal a thógáil. Tá fianaise mhaith ann maidir le cé chomh héifeachtach agus atá PrEP, ar choinníoll go dtógtar é mar a ordaítear. Is gné ríthábhachtach é den ‘cur chuige comhcheangailte coisc’ is gá chun an sprioc forbartha inbhuanaithe maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF a bhaint amach faoi 2030 agus tá úsáid PrEP molta i dtreoirlínte náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dar le ECDC, ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart PrEP a chomhtháthú sna cláir choisctheacha VEID atá acu cheana le haghaidh príomhghrúpaí sa daonra agus dóibh siúd is mó atá i mbaol ionfhabhtú VEID.

6.2I roinnt staidéar, rinneadh cur síos ar an nglacadh mall atá le PrEP i suíomhanna cliniciúla agus ar leanúnachas cúraim atá fo‑optamach. Nuair a chinntítear go dtógtar PrEP ar bhonn leanúnach is mó an tionchar ar líon na gcásanna VEID. Mar sin féin, éiríonn a lán daoine as PrEP a úsáid le linn na chéad bhliana dóibh a bheith á thógáil, agus fuarthas amach gur níos lú ná leath de na daoine sin a fuair cúram ina dhiaidh sin. Tá an iliomad cúiseanna ann a thugann ar dhaoine éirí as PrEP a thógáil: athrú ar a n‑iompraíocht ghnéis le linn tréimhsí áirithe dá saol, éifeachtaí díobhálacha drugaí, agus freisin an dearcadh gur riosca íseal atá i gceist lena n‑iompraíocht, imní a bheith orthu nach leor an chosaint a thugann PrEP, stiogma, cur isteach ar an ngnáthamh laethúil, úsáid substaintí, costas an chumhdaigh árachais agus easpa an chumhdaigh sin, agus tacaíocht airgeadais agus cuairteanna rialta ar an dochtúir.

6.3Tá éagsúlacht mhór san Eoraip i dtaobh fáil a bheith ar PrEP, cé chomh casta agus atá sin agus go mbíonn na cúinsí ag síorathrú. Léiríonn an briseadh síos geografach ar sholáthar PrEP go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó stát go stát san Eoraip agus san Áise Láir. Ní mór na bacainní ar PrEP a aithint agus deireadh a chur leo le go mbeidh drugaí áirithe níos so-rochtana agus ní mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le PrEP a chur chun feidhme le go bhféadfar dul i gcion ar réimse níos leithne den daonra sin le go bhféadfar dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF faoi 2030.

6.4Is féidir le hidirghabhálacha coisctheacha amhail PrEP agus PEP agus cóireáil choisctheach (TasP –Treatment as Prevention) tionchar suntasach a imirt ar an srian atá á cur le VEID agus ionfhabhtuithe gnéas‑tarchurtha eile.

7.Príomhghrúpaí sa daonra

7.1In ainneoin torthaí den scoth a bheith ann maidir le hionfhabhtú VEID a laghdú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain (agus laghdú mór ar líon na mbásanna le SEIF) le tríocha bliain anuas nó mar sin, níl an réimse cuimsitheach de bhearta comhcheangailte um chosc VEID ar fáil ar bhonn ‘uilíoch’, ná baol air. Agus in áiteanna gan aon chóireáil SEIF, bíonn ionfhabhtuithe VEID ag scaipeadh go díréireach, agus daoine ag fáil bháis dá dheasca sin.

7.2Tá ionfhabhtú VEID fós ag scaipeadh i bpobail nach féidir, ar chúiseanna éagsúla, teagmháil a dhéanamh leo chun bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm, nó, má ionfhabhtaítear iad, nach féidir leo leas a bhaint as an gcóireáil fhrith‑aisvíreasach atá ar fáil. Tugtar ‘príomhghrúpaí sa daonra’ ar na grúpaí sin atá níos leochailí ó thaobh VEID de, e.g. oibrithe gnéis, fir aeracha agus fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, príosúnaigh, daoine trasinscneacha, imircigh, agus páirtithe na ndaoine sin faoi seach, agus bíonn rátaí galrachta agus básmhaireachta níos airde ná mar atá sa phobal i gcoitinne ina saintréithe ag na grúpaí sin, bíonn rochtain níos teoranta ar sheirbhísí sláinte ann dóibh, agus bíonn ról lárnach acu freisin i leathadh na heipidéime. Mar sin féin, níor éirigh leis na comhsheirbhísí um chosc VEID teagmháil a dhéanamh ach le níos lú ná leath de na daoine sna grúpaí sin, rud a chruthaíonn go bhfuil na pobail sin fós ar imeall na sochaí agus go bhfágtar ar lár iad maidir leis an dul chun cinn is déanaí sa chomhrac i gcoinne SEIF.

7.3D’fhéadfadh na foghrúpaí sin den daonra a bheith leochaileach mar gheall ar chleachtais shonracha i measc na ngrúpaí sin, agus mar gheall ar an deacracht a bhaineann le rochtain a fháil ar sheirbhísí VEID de thoradh bochtaineachta agus dálaí atá ann de dheasca imeallú agus leithlisiú a fhulaingítear i gcomhthéacsanna éagsúla sóisialta ar chúiseanna éagsúla, amhail cúiseanna cultúrtha, reiligiúnacha agus fiú dlíthiúla.

7.4Le go bhféadfar teacht níos éasca ar gach príomhghrúpa, lena n‑áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir fhorimeallacha, ba cheart úsáid foirne allamuigh a chur chun cinn agus a neartú, soláthar seirbhísí bunúsacha amhail mearthástálacha san áireamh. Beidh na seirbhísí móibíleacha in ann gníomhú freisin mar chéadphointe teagmhála chun cúram níos éifeachtaí agus níos leanúnaí a thabhairt don duine aonair i suíomhanna a bheadh ní b’oiriúnaí do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair fhorimeallacha nó i limistéir nach bhfuil rochtain éasca orthu.

7.5I gcásanna áirithe, bíonn na mná níos mó faoi mhíbhuntáiste ná na fir, bíonn siad níos mó faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann cúrsaí gnéis a phlé ar a dtéarmaí féin, agus is minic a bhíonn siad ina n‑íospartaigh foréigin 3 . I gcásanna eile, cuireann an t‑idirdhealú a bhaineann le cleachtais áirithe, chomh maith le claontacht, éadulaingt nó fiú dlíthe pionósacha lena ndéantar an homaighnéasachas a choiriúlú, cosc ar rochtain saor in aisce ar sheirbhísí. Is minic a fheicimid forluí idir tosca difriúla éagsúla a mhéadaíonn ar an leochaileacht.

7.6Ní mór comhdheiseanna a bheith ann do dhaoine a bhfuil VEID orthu a fhad a bhaineann sé le rochtain a bheith acu ar obair agus le dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh i saol na hoibre. Ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint freisin as socruithe sonracha ar nós uaireanta oibre solúbtha nó saoire bhreise le haghaidh cuairteanna leighis agus rúndacht a ráthú dóibh le linn na gcuairteanna sin. I roinnt tíortha, tá cosc ar dhaoine atá ionfhabhtaithe le VEID poist áirithe a chleachtadh, e.g. póilíní, seirbhísí custaim agus saoráidí coinneála 4 . Bíonn deacrachtaí fós ag daoine a bhfuil VEID orthu agus iad ag cur isteach ar árachas, morgáistí agus iasachtaí, agus is minic a ghearrtar rátaí níos airde orthu, fiú má rinneadh bearta i roinnt Ballstát chun an rochtain ar na seirbhísí sin a éascú agus teorainn a chur leis na méaduithe ar na rátaí do dhaoine atá i ndrochriocht sláinte. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh athrach dálaí ann a léireoidh an feabhas atá tagtha ar an gcóireáil, ar an tsláinte agus ar an ionchas saoil. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhianaise staidrimh anaithnidithe atá ar fáil tríd an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a úsáid chun an rochtain ar sheirbhísí airgeadais den sórt sin a fheabhsú.

7.7Bhí tionchar mór ag éigeandáil eipidéimeolaíoch COVID‑19 ar na córais sláinte ar fud an domhain, rud a chuireann leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana agus a fhágann go bhfuil sé níos deacra spriocanna na hEagraíochta Domhanda Sláinte a bhaint amach, go háirithe i dtíortha nach bhfuil ach acmhainní teoranta iontu. Ar an gcuma chéanna, creidtear gur tháinig méadú dosheachanta ar líon na gcásanna VEID nuair a tharla cur isteach ar na bearta coisctheacha; ba leor an méadú sin chun an dul chun cinn go léir a rinneadh trí iarrachtaí na mblianta roimhe sin a chur ar ceal.

7.8San Eoraip, is iad na príomhghrúpaí is mó atá thíos le VEID ná andúiligh drugaí, fir a mbíonn gnéas acu le fir eile agus imircigh. Ní hionann an ráta leitheadúlachta ó limistéar go chéile, ag brath ar na tíortha lena mbaineann. Le gur féidir dul i ngleic go héifeachtach leis an eipidéim de VEID, is gá dul i gcion ar na grúpaí sin sa phobal trí fhaisnéis spriocdhírithe agus cláir choisctheacha arna gcur chun feidhme ar an leibhéal institiúideach a úsáid le go bhféadfaidh seirbhísí ar leith teagmháil a dhéanamh leo go réamhghníomhach, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha pobalbhunaithe, b’fhéidir.

7.9Is ceart doshannta ag gach duine é an cúram sláinte 5 . Dá bhrí sin, ní mór rochtain ar chúram leighis agus ar íoschaighdeán coiteann de sheirbhísí cáilíochta ar mhaithe le dea‑bhail daoine a bhfuil tionchar ag VEID orthu a bheith saor in aisce agus an rochtain sin a ráthú do gach duine a bhfuil VEID air nó uirthi gan idirdhealú ná teorannú, de réir mholtaí an Aicmithe Idirnáisiúnta Galar, mar is amhlaidh i gcás aon ghalar eile. Ní mór faireachán agus rialú cúramach a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta.

8.Andúiligh drugaí

8.1Bhí baint i gcónaí ag an andúil i ndrugaí infhéitheacha le tarchur VEID, sin mar gheall ar ábhar ionfhabhtaithe a bheith á mhalartú agus drugaí á n‑úsáid. Mar sin féin, is féidir úsáid drugaí neamh‑infhéitheacha a bheith bainteach freisin le cleachtais ghnéis neamhshábháilte, agus, dá bhrí sin, leis an mbaol go bhféadfaí VEID, nó ionfhabhtuithe gnéas‑tarchurtha eile, a tholgadh agus a tharchur. Go háirithe, is minic a bhaineann úsáid spreagthach amhail cócaon, cnagchócaon (craic) agus meitiolamfataimín le cleachtais ghnéis ardriosca. Níor chóir, dá bhrí sin, beag is fiú a dhéanamh de ghnéas‑tarchur VEID i measc andúiligh drugaí.

8.2Andúiligh drugaí, a bhí an‑óg agus ar mná den chuid is mó iad, a bhí i gceist le breis agus 80 % de na hionfhabhtuithe VEID in oirthear na hEorpa in 2018. Is mó líon na mban óg ná na bhfear; tá an striapachas ar cheann de na cúiseanna leis sin, rud atá nasctha go dlúth le húsáid drugaí. Tá fianaise ann freisin go dtarlaíonn eipidéimí áitiúla de VEID i measc pobail imeallaithe de dhaoine a insteallann drugaí in iarthar na hEorpa.

8.3Bíonn na rátaí úsáide drugaí níos airde i measc na bpríosúnach agus bíonn patrúin úsáide níos dainséaraí i gceist leo ná sa phobal i gcoitinne, lena n‑áirítear an úsáid phaireintreach, rud a fhágann go bhfuil andúiligh drugaí i bpríosúin an-leochaileach.

8.4Bíonn rátaí ísle rochtana ar thástáil ag andúiligh drugaí, agus is mó seans atá ann go bhfaighidh siad fáthmheasanna déanacha. Fiú san Iodáil, ba chéatadán íseal den líon iomlán úsáideoirí seirbhísí andúile áitiúla na handúiligh drugaí a cuireadh faoi thástáil VEID, agus níor ghnách leis na seirbhísí sin tástáil a thairiscint mura raibh comharthaí sóirt a bhaineann le VEID ar an duine.

8.5Is cinnte nach mórán rochtana a fhaigheann úsáideoirí drugaí ar chóireáil, cé go n‑athraíonn an scéal ó thír go tír. Tríd is tríd, meastar nach bhfuil ach 8 % de na handúiligh drugaí ag fáil cóireáil fhrith‑aisvíreasach, agus, as líon iomlán na ndaoine atá ag fáil cóireála, nach bhfuil sna handúiligh drugaí ach 20 % díobh sin. I gcomparáid leo siúd a bhfuil VEID orthu sa phobal i gcoitinne, is lú an seans go n‑éireoidh le handúiligh drugaí an víreas a shochtadh. Is é is cúis leis sin gurb ísle an ráta ag a gcloíonn andúiligh drugaí leis an gcóireáil agus gurb é a tharlaíonn go minic go n-éiríonn siad as an gcóireáil sin. Mar thoradh air sin, tá SEIF ina bhaol níos mó báis i measc na n‑andúileach drugaí sin a bhfuil stádas deimhneach VEID acu.

8.6Má táimid chun an sprioc a bhaint amach maidir le rochtain uilíoch ar chóireáil VEID a áirithiú, laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, tá gá le cláir atá dírithe ar theagmháil a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le handúiligh drugaí.

9.Fir a mbíonn gnéas acu le fir eile

9.1Ar an iomlán, tá fir a mbíonn gnéas acu le fir eile 27 n‑oiread níos mó i mbaol VEID a tholgadh ná an pobal i gcoitinne 6 . Tá roinnt tosca bitheolaíocha ann a fhágann go bhfuil sé níos éasca VEID a tholgadh. Is trí ghnéas tóna gan chosaint is mó a tholgann fir a mbíonn gnéas acu le fir eile VEID. Is é an cleachtas gnéis sin an bealach is airde riosca chun VEID a tholgadh i gcomparáid le cleachtais ghnéis eile. Sa ghrúpa seo den daonra, is féidir leis an líon ard páirtithe gnéis a bhíonn ag duine agus úsáid fhorleathan substaintí áineasa, lena n‑áirítear drugaí infhéitheacha (cleachtas ina dtarlaíonn caidreamh collaí ar a dtugtar ‘chemsex’ go minic), cur leis an líon ard cásanna VEID i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile.

9.2Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar scaipeadh VEID ar an iomlán, sin de thoradh teacht níos éasca a bheith ar an gcóireáil fhrith‑aisvíreasach, níl an laghdú céanna tugtha faoi deara i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile. Go deimhin féin, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna VEID sa ghrúpa seo i roinnt mhaith tíortha san iarthar le blianta beaga anuas 7 agus tá méadú de réir a chéile ar líon na gcásanna ar tarchur sa ghrúpa seo is cúis leo.

9.3Cé go gcabhraíonn coiscíní le tarchur VEID agus ionfhabhtuithe gnéas‑tarchurtha eile a chosc, ní bhaintear úsáid fhorleathan as coiscíní mar gheall ar bhacainní a thagann as tosca cultúrtha, oideachais agus soláthair i gcomhthéacsanna sóisialta agus seirbhísí sláinte éagsúla.

 

9.4Tá bacainní éagsúla ann maidir le rochtain a fháil ar uirlisí coisctheacha ina lán tíortha agus ina lán cúinsí ar leith mar gheall ar stiogma, homafóibe agus idirdhealú, rud a fhágann go mbíonn sé deacair rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte agus ar fhaisnéis chuí. Tá a lán cásanna ann de dhlíthe pionósacha a dhéanann coirpigh díobh siúd a mbíonn gnéas acu le daoine eile den inscne chéanna, rud a chuireann iallach orthu dul i bhfolach agus a ngnéaschlaonadh nó, níos measa fós, a bhféiniúlacht, a cheilt. Fiú nuair nach mbíonn idirdhealú follasach sna dlíthe, fágann stiogma agus eagla go mbíonn drogall ar dhaoine dul chomh fada le seirbhísí VEID, rud a fhágann nach mbíonn siad ar an eolas faoi na huirlisí atá ar fáil chun ionfhabhtú VEID a chosc.

9.5Bíonn tionchar ag stiogma freisin ar an teacht a bhíonn ag daoine ar thástáil agus ar fháthmheas. Is iomaí fear sa ghrúpa seo a thuairiscigh go raibh imní air faoin drochthuairim a d’fhéadfadh a bheith ag na gairmithe cúraim sláinte ina leith agus a chuireann an tástáil ar an méar fhada dá dheasca sin, agus gur fáthmheas déanach an toradh a bhíonn air sin go minic. Gan iad a bheith ar an eolas faoina stádas ionfhabhtaithe, ní bhíonn teacht ag na daoine sin ar dhrugaí frith‑aisvíreasacha, drugaí a mbíonn éifeacht acu ar shláinte an duine a thógann iad, ach a laghdódh freisin an baol go ndéanfadh an duine sin an víreas a tharchur chuig páirtithe gnéis.

9.6Tá sé tugtha le fios ag a lán fear gurbh fhearr leo dul faoi thástáil i seirbhís nach cuid de na saoráidí cúraim sláinte traidisiúnta í. D’fhéadfadh cláir thástála a fhaigheann tacaíocht ón bpobal (eagraíochtaí neamhrialtasacha) a bheith ina mbealach iontach, i gcásanna éagsúla, chun an cosc a chur chun cinn agus seirbhísí tástála a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i mbaol agus a mbíonn rátaí ionfhabhtaithe níos airde ina measc.

9.7Lena áirithiú gur féidir an sprioc 90-90-90 a bhaint amach i gcás fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, tá géarghá le comhar idir na pobail agus na hinstitiúidí.

10.Imircigh

10.1Meastar go bhfuil thart ar 231 mhilliún imirceach ann ar fud an domhain. Fágann an imirce go mbíonn daoine go mór i mbaol ionfhabhtú VEID mar gheall ar thosca socheacnamaíocha agus polaitiúla. Go deimhin, tá sé aitheanta i roinnt tíortha gurb í an imirce an toisc riosca is airde maidir le VEID a tholgadh. Bíonn ar imircigh déileáil le bacainní ar bhonn laethúil, rud a fhágann gur deacair dóibh teacht a bheith acu ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta. Fágann an t‑eisiamh sóisialta go háirithe go mbíonn imircigh go mór i mbaol VEID a tholgadh.

10.2Is imircigh atá i gceist le níos mó ná aon trian de na cásanna nua VEID a fháthmheastar san Aontas Eorpach 8 . Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar an líon sin, is ó thíortha ina mbíonn VEID ag scaipeadh go rábach (an Afraic fho‑Shahárach, mar shampla), a thagann leath de na himircigh a bhfáthmheastar VEID a bheith orthu, rud a thugann le fios gur óna dtír thionscnaimh a tháinig an t‑ionfhabhtú. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar an méid fianaise a thugann le fios gur tar éis na himirce, sa tír óstach, a tholgtar líon mór de na hionfhabhtuithe 9 . Níor cheart beag is fiú a dhéanamh, ach an oiread, den fhéidearthacht go dtolgfaí VEID le linn cuairteanna sealadacha ar an tír thionscnaimh.

10.3Is mná líon mór de na heachtrannaigh a bhfuil VEID orthu. Maidir le líon na gcásanna nua de VEID a fháthmheastar i measc shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, is é 16 % céatadán na mban, ach ardaíonn an céatadán sin go 40 % i measc na n‑eachtrannach – ar mná de bhunús na hAfraice den chuid is mó iad.

10.4Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid ECDC a foilsíodh in 2017 (a bhí dírithe go hiomlán ar cheist na n‑imirceach a bhfuil VEID orthu) go mbíonn deacrachtaí ag eachtrannaigh san Eoraip rochtain a fháil ar sheirbhísí coisctheacha VEID agus ar thástáil VEID. Is iad na príomhbhacainní a tugadh le fios an stiogma agus an t‑idirdhealú, go háirithe i leith daoine ó thíortha ina bhfuil líon ard cásanna VEID (lena n‑áirítear stiogma agus idirdhealú a dhéanann gairmithe cúraim sláinte). Dá thoradh sin, ní fhaigheann eachtrannaigh a bhfuil VEID orthu fáthmheas chomh luath céanna le saoránaigh an Aontais, agus comharthaí easpa imdhíonachta orthu cheana féin. A luaithe a thugtar an fáthmheas, bíonn fadhbanna ag eachtrannaigh, go háirithe iad siúd nach bhfuil ceadanna cónaithe dlíthiúla acu, rochtain a fháil ar an gcóireáil. Ní chuireann cúig thír déag an chóireáil fhrith‑aisvíreasach cheart ar fáil d’eachtrannaigh, agus níor chomhlíon na tíortha sin na gealltanais a tugadh i gCoinbhinsiún Bhaile Átha Cliath in 2004 maidir le hidirdhealú agus sáruithe ar chearta na bpobal is laige agus is leochailí a chomhrac, ar pobail iad ar lú an chosaint a tugadh dóibh riamh is choíche.

An Bhruiséil, 31 Bealtaine 2023

Cinzia DEL RIO
Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

_____________

(1)    An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, Operational considerations for the provision of the HIV continuum of care for refugees from Ukraine in the EU/EEA, 5 Iúil 2022, Stócólm: ECDC, 2022.
(2)    In 2016, shínigh ceannairí domhanda Dearbhú Polaitiúil na Náisiún Aontaithe maidir le Deireadh a chur le SEIF, inar aithníodh an ról ríthábhachtach atá ag pobail maidir le habhcóideacht, rannpháirtíocht i gcomhordú freagairtí i leith SEIF agus soláthar seirbhísí. Ina theannta sin, d’aithin siad nach mór cur leis na freagairtí pobail i leith VEID agus a bheith tiomanta do 30 % ar a laghad de na seirbhísí a chur faoi stiúir an phobail faoi 2030.
(3)    Cé gur shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Iostanbúl in 2017, níl sé daingnithe fós ag roinnt de na Ballstáit.
(4)    Is minic gurbh i luathbhlianta na heipidéime, nuair ba lú a bhí ar eolas faoi tharchur VEID agus gan aon chóireáil ar fáil, a ritheadh na rialacháin sin.
(5)    Is rud é sin a chuirtear in iúl le hAirteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus le hAirteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(6)    Cé go bhfuil baol ard tolgtha VEID ann ar fud an domhain i measc na bhfear a mbíonn gnéas acu le fir eile, tá éagsúlacht mhór sna rátaí ionfhabhtaithe ó limistéar go limistéar: is sa ghrúpa seo atá 50 % de na cásanna nua de VEID a thuairiscítear i Meiriceá Thuaidh agus in Iarthar na hEorpa, 47 % de na cásanna nua a thuairiscítear i Meiriceá Laidineach, thart ar 20 % de na cásanna nua a thuairiscítear in Oirthear na hEorpa, san Áise, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, agus 12 % de na cásanna nua a thuairiscítear san Afraic.
(7)    In iarthar na hEorpa, tháinig méadú beagnach 20 %, idir 2010 agus 2014, ar líon na ndaoine a bhfuil stádas deimhneach VEID acu i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile. I gcás na bhfear san Iodáil, is sa ghrúpa sin a fheictear formhór na bhfáthmheasanna nua de VEID.
(8)    Tá éagsúlachtaí móra ó thír go chéile maidir leis an gcéatadán de chásanna nua VEID ar imircigh iad – 70 % i Lucsamburg agus sa tSualainn, agus 5 % i roinnt tíortha in Oirthear na hEorpa, mar atá, an Pholainn, an Liotuáin agus an Rómáin. Tá níos mó ná 10 dtír ann ina bhfuil an céatadán sin os cionn 50 %.
(9)    Maidir le meastacháin ar ionfhabhtuithe VEID a tolgadh tar éis na himirce, ar an líon is lú tá 2 % i measc imircigh as an Afraic fho‑Shahárach a chuaigh chuig an Eilvéis agus ar an líon is mó tá 62 % i measc fir ghorma a mbíonn gnéas acu le fir eile, arb as Réigiún Mhuir Chairib dóibh agus ar chuig an Ríocht Aontaithe a chuaigh siad ar imirce.