ECO/616
Euro digiteach agus stádas dlíthairisceana
nótaí bainc agus monaí euro
TUAIRIM
An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
Euro digiteach agus raon feidhme agus éifeachtaí stádais dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)
|
Teagmháil
|
eco@eesc.europa.eu
|
|
Riarthóir
|
Krisztina PERLAKY-TÓTH
|
|
Dáta an doiciméid
|
13/09/2023
|
Rapóirtéir: Antonio GARCÍA DEL RIEGO
Comhrapóirtéir: Stefano PALMIERI
|
Comhairliúchán
|
Litir ó Raúl FUENTES MILANI, Leas‑Bhuanionadaí na Spáinne chuig an Aontas Eorpach, 8/12/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
An rannóg atá freagrach
|
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
08/09/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
52/0/1
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Comhaontaíonn CESE le spriocanna thionscadal an euro dhigitigh, mar atá ról leanúnach an euro mar ancaire airgeadaíochta a áirithiú, rochtain ar airgead poiblí a áirithiú agus uathriail straitéiseach na hEorpa ó thaobh réimse na n‑íocaíochtaí de a fheabhsú i ngeilleagar atá ag digitiú go tapa.
1.2De réir mar a fheictear do CESE é, tá rath thionscadal an euro dhigitigh ag brath go mór ar an mbreisluach nithiúil a bhaineann leis, sin má bhaineann breisluach leis, ó thaobh na slándála, na muiníne, glacadh forleathan agus na hinrochtaineachta de, gan costais do na saoránaigh ná do na gníomhairí eacnamaíocha. Tá CESE den tuairim gur tábhachtach an cuspóir é an euro digiteach a thógáil mar ‘earra poiblí’ Eorpach saor in aisce. Ar ndóigh, dála an airgid thirim, bainfidh costais shistéamacha leis an euro digiteach, ach ba cheart na costais sin a chlúdach ar leibhéal na sochaí trí chéile seachas iad a bhrú ar úsáideoirí trí tháillí a ghearradh orthu chun croísheirbhísí a úsáid.
1.3Beidh stádas dlíthairisceana ag an euro digiteach agus ráthófar léi sin go nglacfar an euro digiteach ar bhonn uilíoch agus go nglacfar leis go forleathan. Chuige sin, measann CESE go mbeidh sé tábhachtach creat dlíthiúil Eorpach soiléir a bheith ann faoina bhféadfar díolúintí sealadacha a dheonú, ar bhonn eisceachtúil, d’íocaithe / do chineálacha áirithe íocaithe. Measann sé freisin go mbeidh sé tábhachtach comhchuibhiú a dhéanamh ar na cleachtais agus na caighdeáin sin a bhfuil difríochtaí eatarthu ó Bhallstát go chéile.
1.4Ionas go nglacfaidh na saoránaigh agus na gníomhairí eacnamaíocha go hiomlán leis an euro digiteach, tá CESE den tuairim nach mór do na hinstitiúidí Eorpacha cásanna úsáide airgeadra dhigitigh bainc ceannais (CBDC) a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainiú go soiléir agus roghanna deartha iomchuí a aimsiú i leith na bpríomh‑shaincheisteanna (an príobháideachas agus forfheidhmiú an dlí, an bhunteicneolaíocht, ról na hearnála príobháidí le hais ról an bhainc ceannais). Caithfear leanúint den taighde agus den anailís mhionsonraithe eacnamaíoch ar na himpleachtaí a bheidh ann don bhaincéireacht, d’íocaíochtaí, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Ar an gcaoi sin, beifear in ann na tionchair a thuiscint i gceart agus tabhairt isteach an chineáil nua airgid seo, má chinntear air sin, a dhearadh go cáiréiseach. Chuige sin, déanfar na costais oibriúcháin, costais an bhonneagair agus an tionchar féideartha ar an gcuimsiú airgeadais, ar infhaighteacht an airgid thirim do na saoránaigh agus ar uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a mheasúnú agus a chur i gcomparáid le buntáistí an tionscadail.
1.5Molann CESE díospóireacht phoiblí leathan a dhéanamh maidir leis na cúiseanna ar cheart euro digiteach a eisiúint agus na buanna agus na laigí a bhainfeadh leis sin, ionas go bhféadfaí cinntí eolacha a dhéanamh agus deimhin a dhéanamh de go dtuigfeadh an pobal an tionscadal.
1.6Tá CESE go mór den tuairim dá dtabharfaí euro digiteach isteach go gcuirfí le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa ar fud an domhain, go n‑éascófaí an nuálaíocht agus go bhfeabhsófaí uathriail straitéiseach an Aontais Thairis sin, dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí cur le hinfhaighteacht agus luas na n‑íocaíochtaí trasteorann, an costas atá leo a laghdú agus malartuithe ní ba rianúla le limistéir airgeadra eile a éascú.
1.7Iompróidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta costais áirithe infheistíochta a bhainfeadh le bonneagar agus seirbhísí tosaigh an euro dhigitigh a chur i bhfearas, soláthraithe a bhfuil ceadúnas acu le bheith ag obair sa limistéar euro, ag gníomhú dóibh mar idirghabhálaithe leis an euro digiteach a dháileadh, ach le himeacht ama is fíor chomh mór céanna gur dócha gur tairbhe dóibh an t‑aistriú ó íocaíochtaí miondíola go híocaíochtaí sna cainéil dhigiteacha, cainéil a bhfuil deiseanna nua le baint astu le seirbhísí breise a dhíol a bhfuil breisluach ag dul leo. Ba cheart do BCE measúnú a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar conas agus a mhéid ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bheith i dteideal infheistíocht den sórt sin a fhorchúiteamh. Tá sé an‑tábhachtach freisin go n‑áiritheofaí i gcónaí nach mbeadh tionchar diúltach ag an euro digiteach ar an gcobhsaíocht airgeadais ná ar an bpoitéinseal chun iasachtaithe, ar choinníoll nach ndéanfaí difear míchuí do bhonn cistiúcháin na n‑institiúidí creidmheasa. Ar an gcúis sin, iarrann CESE gurbh éard a bheadh i nglacadh an euro dhigitigh bloc tógála riachtanach leis an aontas baincéireachta Eorpach a thabhairt i gcrích.
1.8Tá CESE den tuairim gur cheart prionsabal an stádais dlíthairisceana don euro, idir an fhoirm fhisiciúil agus an fhoirm dhigiteach de, a urramú agus gur gné thábhachtach iad na rialacha lena rialaítear an stádas dlíthairisceana maidir lena áirithiú go bhféadfar an dá fhoirm a úsáid.
1.9Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí seiceáil iomaíochais ar an togra le go bhféadfaí a dheimhniú go mbeadh tionchar dearfach aige a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcuspóirí a leagadh síos agus maidir le tacú leis na saoránaigh agus na fiontair, agus le poist a chruthú agus dálaí cuibhiúla oibre.
2.Cúlra
2.1I mí Dheireadh Fómhair 2021, sheol Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) céim imscrúdaithe an euro dhigitigh. Meastar go mairfidh an chéim seo thart ar dhá bhliain. Tá cinneadh le heisiúint ag an gComhairle Rialaithe i bhfómhar 2023 ar dá réir a chuirfí tús leis an gcéad chéim eile. Ansin, d’fhanfadh Comhairle Rialaithe BCE le glacadh an ghnímh reachtaigh roimh di cinneadh a dhéanamh maidir le heisiúint fhéideartha euro dhigitigh. Is iad cuspóirí sonraithe an Eurochórais (BCE agus na bainc cheannais náisiúnta) ceannasacht airgeadaíochta leanúnach a áirithiú agus ancaire airgeadaíochta ar chur ar fáil don euro. Ar an gcaoi chéanna, shainaithin an Coimisiún Eorpach na cúiseanna a leanas atá leis an bhfadhb: i ngeilleagar atá ag éirí níos digití, níl airgead bainc ceannais (i.e. airgead tirim) ar fáil i gcás baisc mhór gníomhaíochtaí eacnamaíocha; tá easpa iomaíochta ann sa mhargadh íocaíochtaí uile‑Eorpach, agus féadfaidh CBDCanna ón iasacht nó cripteamhonaí cobhsaí nach bhfuil ainmnithe in euro sciar den mhargadh a ghnóthú agus ról an euro a laghdú. Is iad na húsáidí a dtabharfaí tosaíocht dóibh: idirbhearta duine le duine, an ríomhthráchtáil, díolphointí fisiciúla agus íocaíochtaí rialtais. Tá an tEurochóras ag obair faoi láthair ar ghnéithe difriúla den dearadh agus ar scéim mhionsonraithe le haghaidh íocaíochtaí sa euro digiteach.
2.2De ghnáth, deirtear go mbaineann trí phríomhfheidhm / trí phríomh‑airí leis an airgead: (i) is aonad cuntais é; (ii) is féidir é a úsáid mar mhodh malartaithe, i.e. chun íocaíochtaí a dhéanamh; agus (iii) is stór luacha é. Tá dhá chineál airgid ann chomh maith: airgead bainc ceannais agus airgead príobháideach.
2.2.1Is é an t‑airgead tirim an t‑aon chineál airgid bainc ceannais atá ar fáil go díreach le húsáid ag an bpobal. Is airgead ‘príobháideach’ a eisíonn bainc thráchtála formhór an airgid atá ag na saoránaigh agus a bhíonn á úsáid acu, áfach. Ní ráthaíonn an stát an t‑airgead príobháideach seo go díreach. Mar sin féin, mar thoradh ar an rialáil agus an mhaoirseacht a dhéanann na bainc agus a bhuí le scéimeanna árachais taiscí, meastar go mbíonn taiscí miondíola chomh hard le EUR 100 000 sábháilte agus go bhfuil siad ar coibhéis leis an airgead poiblí.
2.2.2Ina lán tíortha, tá íocaíochtaí leictreonacha ag teacht i dtreis le hais an airgid thirim mar an modh íocaíochta is éifeachtaí. Faoi láthair, is airgead príobháideach é an t‑airgead digiteach ar fad atá inrochtana ag daoine aonair (cuir i gcás taiscí bainc miondíola), toisc nach bhfuil rochtain dhíreach ag daoine aonair ar airgead digiteach bainc ceannais.
2.2.3Go traidisiúnta, ba é an stát an príomhsholáthraí tosaigh airgid. Tá an t‑airgead poiblí ríthábhachtach i leith fheidhmiú an chórais airgeadaíochta dhá shraith. Ós rud é gur dliteanas de chuid an bhainc ceannais an t‑airgead sin, breathnaítear air mar fhoirm shábháilte airgid agus bíonn sé, dá bhrí sin, ina ancaire ag an gcóras airgeadaíochta. Tá sé tugtha le fios ag roinnt bainc cheannais, áfach, go bhféadfadh ról an airgid bainc ceannais mar ancaire airgeadaíochta a bheith i mbaol mar gheall ar threochtaí amhail an t‑aistriú i dtreo íocaíochtaí digiteacha, an laghdú ar úsáid an airgid thirim agus na deiseanna atá ann i leith réitigh íocaíochta nua bunaithe ar an airgead príobháideach (teacht chun cinn na mórchuideachtaí teicneolaíochta in earnáil na n‑íocaíochtaí nó teacht chun cinn cineálacha difriúla criptea‑airgeadra, mar shampla).
2.2.4Chun freagairt do na forbairtí sin, tá bainc cheannais ar fud an domhain ag smaoineamh ar leagan digiteach den airgead bainc ceannais (i.e. CBDCanna) a thabhairt isteach. Sa lá atá inniu ann, tá gach uile mhórbhanc ceannais ar a laghad ag fiosrú na hacmhainneachta a bhaineann le CBDCanna. Dála BCE, tá Banc Shasana ag fiosrú thabhairt isteach CBDC sa Ríocht Aontaithe faoi láthair, agus is amhlaidh an scéal sin freisin do Federal Reserve na Stát Aontaithe. Tá leagan píolótach den yuan digiteach seolta ag People’s Bank of China agus, faoi lár 2022, ba mhó ná 100 billiún yuan luach carnach na n‑idirbheart san fhoirm airgid sin cheana féin. Tá grúpa beag tíortha ann atá tosaithe cheana féin ar a CBDC féin a eisiúint go forleathan don phobal (is iad sin, tráth scríofa na tuairime seo, eNaira sa Nigéir, Sand Dollar sna Bahámaí agus JAM‑DEX in Iamáice).
2.2.5Is gá dúthracht a chaitheamh lena chinntiú nach ndéarfaí ná nach measfaí riamh gurb ionann CBDCanna agus criptea‑airgeadra, mar a thugtar air, go mór mór a mhéid a bhaineann leis an gcripteashócmhainn úd ar a dtugtar cripteamhonaí cobhsaí (atá in ainm a bheith ceangailte le luach airgeadra cúltaca thraidisiúnta nó linne sócmhainní). Is comparáid mhíthreorach amach is amach é sin. Bhí an praghas ar chripteashócmhainní áirithe ró‑luaineach lena n‑úsáid go forleathan le haghaidh íocaíochtaí. Fiú amháin na cripteamhonaí cobhsaí féin, is féidir leosan a bheith leochaileach i leith athruithe tobanna ar phraghsanna, mar a chonacthas nuair a theip ar an gcripteamhona cobhsaí Terra in 2022. Go dtí seo, i bhformhór na gcásanna, tá an chuma ar an scéal nach gcomhlíonann na cripteashócmhainní sin go leordhóthanach na trí fheidhm a luaitear thuas maidir leis an airgead. Mar mhalairt air sin, de réir a sainmhínithe, choinneodh CBDCanna luach 1:1 i gcoibhneas lena macasamhlacha fisiciúla. Dliteanas díreach de chuid an bhainc ceannais ba ea iad, ainmnithe san aonad náisiúnta cuntais. D’fhéadfadh sé, mar sin, go ngabhfadh deiseanna éagsúla agus cásanna úsáide féideartha leo nach mbaineann leis an airgead tirim fisiciúil.
2.2.6Tá margadh na seirbhísí íocaíochta san Aontas dírithe go mór ar réimsí áirithe, go háirithe íocaíochtaí le cárta ina raibh ar údaráis iomaíochta agus reachtóirí an Aontais gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh seacht n-uaire déag chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais fhrithiomaíocha. Ar an gcaoi chéanna, tá imscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair ar an margadh le haghaidh íocaíochtaí a dhéantar ar an bhfón póca, áit a bhfuil úinéireacht ag beirt oibreoirí ardán digiteach ceannasacha, oibreoirí a rialaíonn, i ndáiríre, na córais oibriúcháin ábhartha le haghaidh na bhfón póca. Tá an euro digiteach á chosaint le bearta leordhóthanacha príobháideachais agus cosanta sonraí, agus d’fhéadfadh sé spleáchas shaoránaigh na hEorpa ar líon beag gnólachtaí íocaíochta ceannasacha agus oibreoirí ardán digiteach a laghdú agus cosc a chur ar chomhdhlúthacht bhreise sna margaí sin.
2.3An 28 Meitheamh 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach togra reachtach maidir le bunú an euro dhigitigh. De bhun an togra sin: tugtar an ceart eisiach do BCE eisiúint an euro dhigitigh a údarú; deonaítear stádas dlíthairisceana don euro digiteach (glacadh éigeantach, le roinnt díolúintí); tugtar sainordú d’institiúidí creidmheasa an euro digiteach a dháileadh arna iarraidh sin ag a gcliaint (tá cead ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta nach bainc iad an euro digiteach a dháileadh ach níor tugadh an sainordú sin dóibh de réir an dlí); cuirtear ar chumas BCE teorainneacha a shocrú maidir le húsáid an euro dhigitigh mar stór luacha chomh maith le táillí uasta a chinneadh agus a fhoilsiú i leith muirir idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus muirir sheirbhíse ar an gceannaí arna leagan amach sa rialachán; leagtar síos gur cheart réitigh euro dhigitigh a dhearadh ar bhealach a chinnteodh ardleibhéal inrochtaineachta; agus leagtar síos na ceanglais phríobháideachais agus frithsciúrtha airgid i leith íocaíochtaí sa euro digiteach, lena n‑áirítear íocaíochtaí ar líne agus as líne araon.
2.4D’eisigh an Coimisiún togra reachtach chomh maith maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro. Sa togra sin, leagtar síos sa sainmhíniú ar dhlíthairiscint an airgid thirim go mbeidh sé éigeantach glacadh leis, ar aghaidhluach iomlán, leis an gcumhacht chun oibleagáid íocaíochta a chomhlíonadh. Ní dhiúltóidh an t‑íocaí don airgead tirim in euro a thairgfear mar íocaíocht ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe ar mhodh eile íocaíochta nó má thagann eisceacht i gceist. Leagtar amach ann freisin na coinníollacha faoina bhféadfaí diúltú d’airgead tirim in euro i gcomhréir leis an dlí. Ina theannta sin, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit de bhun an togra rochtain leordhóthanach éifeachtach ar an airgead tirim a áirithiú ar fud a gcríche féin, i ngach réigiún, na ceantair uirbeacha agus neamhuirbeacha san áireamh.
2.5D’iarr Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha na Spáinne ar CESE tuairim a dhréachtú maidir leis an togra chun euro digiteach a sheoladh agus maidir leis an mbreisluach a bhaineann le stádas dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro a rialáil ar leibhéal an Aontais. Breathnófar sa tuairim seo ar thionchar an dá bheart sin ar chuimsiú airgeadais, ar éiceachóras na n‑íocaíochtaí agus ar na breithnithe reachtacha ba cheart a chur san áireamh.
2.6Is díol mór sásaimh do CESE an iarraidh sin ó Aireacht na Spáinne mar go dtugann sí an deis don Choiste súil eile a chaitheamh ar an seasamh atá aige i leith thodhchaí an euro dhigitigh, ag cur leis na tuairimí a d’eisigh sé maidir leis an ábhar seo cheana.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Mar a chuir sé in iúl cheana féin ina thuairim maidir leis an euro digiteach, is díol sásaimh do CESE go bhfuil BCE agus an Coimisiún Eorpach ag treabhadh ar aghaidh leis an obair atá ar bun acu i dtreo airgeadra digiteach a thabhairt isteach. Má tá an euro digiteach chun bheith rathúil, ní mór é a bheith slán agus iontaofa ionas go mbeidh muinín ag na húsáideoirí as i gcónaí, is gá go nglacfar leis go forleathan agus caithfidh sé a bheith éasca rochtain a fháil air, gan costais a chur ar na saoránaigh ná ar na gníomhairí eacnamaíocha. Is príomhghnéithe den tionscadal sin ábhair amhail cuimsiú airgeadais agus digiteach, cobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus córas íocaíochta níos éifeachtúla agus níos iomaíche a chruthú.
3.2Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil an‑dul chun cinn déanta ag an Eurochóras cheana féin i gcéim imscrúdaithe an euro dhigitigh agus tá sé ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé plé poiblí domhain agus trédhearcach a dhéanamh ar an tionscadal. D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí forleathana ag an euro digiteach do shochaí agus geilleagar na hEorpa agus, ina fhianaise sin, ní foláir tacú leis trí dhíospóireacht dhaonlathach ar mhaithe le muinín an phobail a chothú.
3.3Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach bunús dlí láidir leordhóthanach a thabhairt don euro digiteach. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra reachtach ón gCoimisiún maidir leis an euro digiteach. Ní mór eisiúint agus dearadh an euro dhigitigh a bheith faoi réir próiseas daonlathach agus díospóireacht phoiblí fhairsing a chur ar bun ina thaobh sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacfaidh an pobal (i.e. saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa) leis an euro digiteach má táthar chun é a ghlacadh agus, thar aon ní eile, má tá an euro digiteach chun bheith rathúil. Ar an ábhar sin, ba cheart páirt sa phlé a thabhairt don phobal agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta le bheith cinnte go dtuigfí go maith an fáth atá le heisiúint an euro dhigitigh agus na gnéithe éagsúla a bhaineann leis. Mar ghuth na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip, tá ról CESE sna céimeanna is luaithe i gcur chun feidhme thionscadal an euro dhigitigh an‑tábhachtach ar fad chun saincheisteanna ríthábhachtacha a shainaithint agus chun cuidiú lena réiteach d’fhonn muinín na n‑úsáideoirí a chaomhnú.
3.4Mar atá i gcás an airgid thirim, beidh stádas dlíthairisceana ag an euro digiteach de réir an dlí agus, mar sin, beidh sé tábhachtach creat dlíthiúil soiléir a bheith ann dó. Is gá cleachtais agus caighdeáin éagsúla na mBallstát a chomhchuibhiú. Foráiltear sa chreat dlíthiúil reatha do phrionsabail ardleibhéil maidir le héifeacht an stádais dlíthairisceana agus d’eisceachtaí ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach le híocaíochtaí in airgead tirim. Tá difríochtaí idir cleachtais agus rialacha na mBallstát agus, dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na pleananna atá ag na comhreachtóirí cur chuige comhchuibhithe i leith rialacha a áirithiú ar fud an Aontais agus molann sé go gcuirfí treoir dhlíthiúil láidir ar fáil maidir leis an rud is díolúine incheadaithe ann sa chás seo.
3.5Ba cheart go mbeadh an tAontas ní b’iomaíche de thoradh an euro dhigitigh mar is dócha go gcuirfí tuilleadh modhanna íocaíochta ar fáil leis nach mbeadh chomh spleách céanna ar ghníomhaithe neamh‑Eorpacha seachas mar a bhíonn na modhanna atá ann faoi láthair. Ar mhaithe le treise a chur leis an mbarúil sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí seiceáil iomaíochais ar an togra.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tá CESE i bhfabhar na samhla dáilte dhá shraith atá beartaithe don euro digiteach. De réir na samhla sin, thiocfadh eisiúint an euro dhigitigh faoi chúram an Eurochórais agus thiocfadh taobh an dáilte faoi chúram idirghabhálaithe údaraithe, i.e. soláthraithe ceadúnaithe seirbhísí íocaíochta, chomh maith le comhlachtaí poiblí údaraithe áirithe. Agus ról ag roinnt comhlachtaí poiblí i ndáileadh an euro dhigitigh, d’áiritheofaí go nglacfaí an euro digiteach go tapa agus ar bhonn uilíoch agus go nglacfadh formhór mór an phobail leis. Infhaighteacht an euro dhigitigh trí bhíthin na n‑údarás poiblí, sin rud ríthábhachtach i gcomhair na creidiúnachta atá aige ina airgead den chineál poiblí. Dá bhrí sin, ní mór bealaí dáileacháin na hearnála poiblí a bheith éifeachtach inchreidte.
4.2Tá CESE den tuairim gur gnéithe riachtanacha iad an cuimsiú airgeadais agus an cuimsiú digiteach nach mór a chur san áireamh i dtionscadal an euro dhigitigh go cuí, go mór mór ós rud é go bhféadfadh Comhairle Rialaithe BCE cinneadh a dhéanamh, go luath, bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile ina bhforbródh agus ina dtástálfadh sí, i measc nithe eile, na réitigh theicniúla a theastódh chun an euro digiteach a sholáthar agus a dháileadh. Ós rud é gur dliteanas de chuid an bhainc ceannais an t‑airgead sin, ba cheart an euro digiteach a bheith ar fáil go huilíoch gan srian gan díolúine do na saoránaigh agus na gnólachtaí. Creideann CESE gur cheart don Eurochóras leanúint den obair shonrach atá ar bun aige ar ábhar an chuimsithe, i dteannta na ngeallsealbhóirí go léir atá ábhartha (lena n‑áirítear na tomhaltóirí agus an earnáil airgeadais), agus cruinniú comhchéime ar leith a reáchtáil ina ndíreofar ar an gcuimsiú airgeadais agus ar an euro digiteach. Rogha bhreise do na tomhaltóirí ar na híocaíochtaí leictreonacha a dhéantar faoi láthair a bheidh sa euro digiteach, agus é ar eolas acu go nglacfar lena n‑íocaíochtaí ar fud an limistéir euro. Tá sé tábhachtach cosaint na dtomhaltóirí agus leasanna na dtomhaltóirí a ráthú i gcónaí. Ba cheart ábhar an chuimsithe dhigitigh, cuir i gcás an rochtain ar ghléasanna digiteacha agus an t‑eolas maidir lena n‑úsáid, a chur san áireamh san obair sin ós rud é gur modh digiteach íocaíochta a bheidh sa euro digiteach de réir a nádúir. Chomh maith leis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na costais go léir a bhaineann le gnéithe an chuimsithe airgeadais agus dhigitigh agus tograí a chur ar aghaidh maidir le conas na costais sin a chumhdach.
4.3Tá CESE den tuairim, ó thaobh thírdhreach na n‑íocaíochtaí miondíola de, gur gá don Eurochóras an nuálaíocht a chur chun cinn i bhfianaise na n‑athruithe tapa ar saintréith den earnáil sin iad, agus aird á tabhairt ar na próifílí riosca lena mbaineann agus ar iad a mhaolú. Leis an euro digiteach, ba cheart feidhmeanna nuálacha a chur chun cinn don úsáideoir deiridh agus an próiseas íocaíochta a fheabhsú. Agus an euro digiteach ann, d’fhéadfaí, mar shampla, bacainní iontrála a laghdú, an iomaíocht a chothú agus deis a chruthú le cineálacha nua táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ach tacú leis an in‑ríomhchláraitheacht.
4.4Mar chuid de stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh, beidh sé thar a bheith tábhachtach ceannaithe a chosaint ar tháillí iomarcacha a d’fhéadfadh idirghabhálaithe a ghearradh orthu. Cé go gcreideann CESE go mbeadh a thuilleadh iomaíochta ann ó thaobh táillí de a bhuí leis an euro digiteach, d’áiritheofaí leis an bprionsabal seo nach bhféadfaí táillí a ghearradh ar cheannaithe ar ráta is airde ná na leibhéil reatha atá ann i leith modhanna inchomparáide íocaíochtaí.
4.5D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an euro digiteach ar éiceachóras na n‑íocaíochtaí atá san Eoraip faoi láthair. Ní fios go fóill, áfach, cén sórt tionchair a bheadh i gceist leis sin. Leis an euro digiteach, tá sé beartaithe go gcumhdófar mórán de na cásanna a bhaineann le híocaíochtaí laethúla, réimse a bhfuil modhanna íocaíochta leictreonacha ar fáil ann cheana féin. Má tá an euro digiteach chun bheith rathúil agus má táthar chun é a ghlacadh go forleathan, creideann CESE nach mór é a bheith soiléir do na húsáideoirí cad iad na gnéithe a bhaineann leis an euro digiteach a fhágann nach ionann é agus na modhanna eile íocaíochta atá ann cheana agus/nó cad iad na gnéithe a mbaineann breisluach leo. Creideann CESE gur cheart a shuíomh go cúramach ar cheart foráil a dhéanamh do chóras sealadach cúitimh do na hidirghabhálaithe a dhéanfaidh an euro digiteach a dháileadh.
4.6Mar an gcéanna le tionscadal an euro dhigitigh, is tosaíocht mhór eile do na húdaráis é íocaíochtaí meandracha a fhorbairt agus rinne an Coimisiún togra le haghaidh rialachán maidir le híocaíochtaí meandracha a eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2022. Ina lán cásanna, d’fhéadfadh an euro digiteach roinnt de na cásanna a chumhdaítear le réitigh íocaíochta meandraí cheana a chumhdach chomh maith. Tuigeann CESE gur cheart aon fhorluí nó aon dúbláil ó thaobh infheistíochtaí de a sheachaint agus gur cheart do na húdaráis an caidreamh idir an dá thionscnamh thábhachtacha seo a shoiléiriú ina iomláine, ós rud é go bhféadfadh sé go n‑athrófaí an córas idirnáisiúnta airgeadaíochta/airgeadais ó bhonn dá nglacfaí airgead digiteach, rud a ngabhfadh mórimpleachtaí leis do gheilleagar na hEorpa agus don gheilleagar domhanda.
4.7Tá CESE den tuairim gur cheart aird chuí a thabhairt freisin ar ról na mórchuideachtaí teicneolaíochta i margadh íocaíochtaí na hEorpa agus gur cheart cothrom na Féinne a ráthú do na rannpháirtithe éagsúla i réimse an euro dhigitigh. D’fhonn uathriail straitéiseach na hEorpa agus príobháideachas na saoránach a fheabhsú, ba cheart do lucht thionscadal an euro dhigitigh measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhainfeadh lena thuilleadh cumhachta agus sciar níos mó den mhargadh a thabhairt do na mórchuideachtaí teicneolaíochta i réimse na n‑íocaíochtaí san Eoraip.
4.8Is díol sásaimh é go n‑áirítear stádas dlíthairisceana don euro digiteach sa togra reachtach ón gCoimisiún chomh maith le rialacha comhchuibhithe maidir leis na cásanna inarb éigean do na ceannaithe glacadh leis an euro digiteach. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh sna ceanglais maidir le glacadh éigeantach do dhíolúine shealadach a d’fhéadfaí a thabhairt, ar bhonn eisceachtúil, d’íocaithe áirithe / do chineálacha áirithe íocaithe i gcásanna sonracha ach iad a mheas go cúramach. Tá CESE ag moladh go dtabharfaí an euro digiteach isteach de réir a chéile de réir clár ama réamhshocraithe uaillmhianach chun go mbeadh sé ní b’fhusa do na ceannaithe é a ghlacadh, agus go bhféachfaí, ar an gcaoi sin, leis an sprioc dheiridh maidir le glacadh uilíoch éigeantach leis an euro digiteach a chur i gcrích.
4.9Ní bheifear in ann cuspóirí an euro dhigitigh a bhaint amach gan stádas dlíthairisceana. Cibé ar bith, is é tuairim CESE nach luífeadh sé le ciall an euro digiteach a ghlacadh murar rud é go dteastódh ó thomhaltóirí agus ó ghnólachtaí (i.e. úsáideoirí) é a úsáid. Tá rath an euro dhigitigh ag brath ar ghnéithe eadhon an tslándáil, an mhuinín, glacadh forleathan agus an inrochtaineacht, gan costais a chur ar na saoránaigh ná ar na gníomhairí eacnamaíocha. Dúshlán cultúrtha is mó atá roimh an euro digiteach, seachas dúshlán teicneolaíochta nó dlíthiúil amháin. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sreabhadh leordhóthanach faisnéise agus oiliúna ar fáil do shaoránaigh na hEorpa agus do ghníomhaithe eacnamaíocha (FBManna, etc.) i ngach tír den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) le gur féidir leo tuiscint a fháil ar a áisiúla atá tionscadal an euro dhigitigh.
4.10Tá CESE den tuairim gur tábhachtach an cuspóir é an euro digiteach a thógáil mar ‘earra poiblí’ Eorpach saor in aisce. Ar ndóigh, dála an airgid thirim, bainfidh costais shistéamacha leis an euro digiteach, ach ba cheart na costais sin a chlúdach ar leibhéal na sochaí trí chéile seachas iad a bhrú ar úsáideoirí trí tháillí a ghearradh orthu chun croísheirbhísí a úsáid.
4.11Fiú dá mbronnfaí stádas dlíthairisceana ar an euro digiteach, ba cheart a thuiscint go mbeadh teorainn lena shealbhú agus lena úsáid fós. Is amhlaidh atá an scéal sin maidir le dlíthairiscint an airgid thirim faoi láthair. Mar shampla, ní féidir le daoine íocaíochtaí a dhéanamh in airgead tirim i roinnt Ballstát os cionn tairseach áirithe. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach feidhmiú an airgeadra dhigitigh a chaighdeánú i ngach tír ar an gcaoi chéanna a ndéantar na tairseacha sin a chomhchuibhiú. Ní cur isteach ar choincheap an stádais dlíthairisceana teorainneacha a chur le húsáid an airgid thirim, ar coincheap é sin a ngabhann oibleagáid ghinearálta leis glacadh le hairgead tirim. Tá CESE den tuairim gur cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal sin agus machnamh á dhéanamh ar stádas dlíthairisceana an euro dhigitigh chomh maith.
4.12Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an chobhsaíocht airgeadais agus maoiniú an gheilleagair a choimirciú. Ar an ábhar sin, ba cheart a áirithiú nach ndéanfaí difear míchuí don phoitéinseal atá ag na hinstitiúidí creidmheasa iasachtaí a thabhairt agus, ar an gcaoi sin, nach ndéanfaí difear dá mbonn cistiúcháin. Chuige sin, ba cheart do BCE teorainn a shocrú i dtaca le sealúchais sa euro digiteach i dtús ama. Ní chuirfeadh sé sin isteach ar inúsáidteacht an euro dhigitigh mar mhodh íocaíochta, a bhuíochas sin ar shásra na cascáide agus an aisiompaithe cascáide. Tá sé ríthábhachtach an euro digiteach a thabhairt isteach de réir a chéile ag an tús agus clár ama réamhshocraithe a bhunú le haghaidh feidhmiú iomlán sa ghearrthéarma.
4.13Maidir leis an tsamhail ar líne, braitheann cur i gcrích na n‑idirbheart ar nascacht bhuan leis an mórleabhar, rud ar foinse uathúil faisnéise cruinne é. Mar mhalairt air sin, maidir leis an tsamhail as líne (feidhmiúchán a d’fhéadfadh an t‑úsáideoir a dhíghníomhachtú), cuirtear idirbhearta i gcrích go háitiúil idir an t‑íocóir agus an t‑íocaí gan bheith ag brath ar nascacht leis an mórleabhar agus cuirtear deis ar fáil chun an soláthar seirbhísí a leathnú. Ós rud é go mbaineann rioscaí leis an tsamhail as líne, arb iad ‘fadhb an chaiteachais dhúbailte’ nó an góchumadh is mó a bhíonn i gceist leis sin, measann CESE gur cheart luach eile, nach mbaineann leis na seirbhísí íocaíochta digití atá ann faoi láthair cheana féin, a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais leis an euro digiteach. Chun nach n‑úsáidfí an euro digiteach le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha, creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú, i gcás idirbhearta ar líne agus as líne araon, go ngabhfadh na leibhéil chéanna phríobháideachais agus rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta leis an euro digiteach agus a ghabhann leis na modhanna íocaíochta digití atá ann faoi láthair, mar aon leis na hiarrachtaí céanna chun an imghabháil cánach a chomhrac. Ba cheart a ráthú freisin nach n‑éascófaí gníomhaíochtaí coiriúla mar thoradh ar an bpríobháideachas breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hidirbhearta as líne.
An Bhruiséil, 8 Meán Fómhair 2023.
Ioannis VARDAKASTANIS
Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta
_____________