GA

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

TUAIRIM

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

Teagmháil

valeria.atzori@eesc.europa.eu

Riarthóir

Valeria Atzori

Dáta an doiciméid

14/04/2023

Rapóirtéir: José Antonio MORENO DÍAZ

Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne

Litir, 26/07/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

(tústuairim)

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

03/04/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

60/24/6

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1De réir an rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2017, is éard is obair fhorbhásach ann obair nach gcomhlíonann caighdeáin agus dlíthe AE, idirnáisiúnta agus náisiúnta nó nach gcuireann acmhainní leordhóthanacha ar fáil le haghaidh saol cuibhiúil nó cosaint shóisialta leordhóthanach.

1.2Is féidir leis an obair a bheith ina fachtóir i gcosaint na meabhairshláinte. San am céanna, is féidir léi cur le forbairt galar agus is é sin an fáth a measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur deitéarmanant sóisialta den tsláinte í.

1.3De réir fianaise eolaíoch stóinsithe, cuireann obair fhorbhásach leis an seans go dtiocfadh meath ar mheabhairshláinte oibrithe. Mar shampla, cuireann leibhéal ard éiginnteachta leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar, imní agus féinmharú; cuireann ardéilimh oibre agus easpa smachta leis an mbaol go mbeadh ar dhuine dul ar shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe; nó, méadaíonn an teaglaim den dá riosca sin an dóchúlacht go mbeadh neamhord dúlagair ar dhuine.

1.4D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i measc na gcineálacha oibre forbhásaí: fostaíocht pháirtaimseartha neamhdheonach; tuarastal íseal nach gcumhdaíonn bunriachtanais; conarthaí gan íosmhéid uaireanta, conarthaí ar éileamh nó conarthaí sealadacha chun riachtanais struchtúracha a chumhdach; neamhchinnteacht leanúnach maidir le fad na fostaíochta, uaireanta oibre, tuarastal, cúraimí, etc.; easpa neamhspleáchais agus forbartha i bhfeidhmiú na hoibre agus éilimh iomarcacha as a n‑eascraíonn uaireanta oibre fada nó diana agus coinbhleachtaí oibre-teaghlaigh. Is annamh a bhíonn na cineálacha oibre sin ina rogha dheonach ag oibrithe, cé go bhfuil oibrithe ann a roghnaíonn iad.

1.5Tá obair fhorbhásach níos forleithne i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach. I ngeall ar an méid sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta agus méadaítear an t‑idirdhealú agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar.

1.6De réir a bhfuil i dTreoir 89/391/CEE maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gCairt Shóisialta na hEorpa, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sa phlean gníomhaíochta lena ngabhann, ní féidir sláinte agus sábháilteacht ag an obair a chur i mbaol mar thoradh ar ghiniúint agus méadú brabús corparáideach ná ar laghdú costas saothair ná ar ráthaíocht solúbthachta d’fhostóirí.

1.7Tagann an obair fhorbhásach salach ar ghnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe san Aontas.

1.8Má táthar chun an obair fhorbhásach agus leitheadúlacht na bhfadhbanna meabhairshláinte lena mbaineann a laghdú, creideann CESE gur gá a áirithiú go gcuirfear chun feidhme agus go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta lena mbunaítear dálaí oibre agus fostaíochta atá ar ardcháilíocht agus sláintiúil chun go mbeifear in ann saol faoi dhínit a chaitheamh.

1.9Chuige sin, is é barúil CESE gur den ríthábhacht an faireachán agus an rialú ar chomhlíonadh na reachtaíochta sin a fhorfheidhmiú, faoina leithdháilfí acmhainní leordhóthanacha ar na húdaráis phoiblí inniúla (cóimheasa na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair [EIS]), agus smachtbhannaí iomchuí airgeadais a áirithiú i gcás neamhchomhlíonta.

1.10Molann CESE chomh maith cosc a chur ar chuideachtaí agus eagraíochtaí nach ráthaíonn comhlíonadh na reachtaíochta sin cur isteach ar thairiscintí poiblí agus státchabhair, rud a bheadh i gcomhréir leis na Treoracha reatha maidir le soláthar poiblí.

1.11Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 [Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027] (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na tairbhí a bhaineann leis an reachtaíocht sin a leathnú chuig tíortha uile an Aontais trí theoir a tharraingt suas.

1.12Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur céim chun tosaigh chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ag an obair é rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair a chomhrac ag an bhfoinse, trí idirghabhálacha eagraíochtúla a úsáid chun dálaí oibre a athchóiriú, i gcomhréir leis an méid a leag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus EIS amach ina dtreoirlínte agus ina nóta beartais i mí Mheán Fómhair 2022 1 .

1.13Tá CESE á thabhairt dá aire an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le togra 2021 le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus tacaíonn sé leis an gcaibidlíocht sin. Ar an gcaoi chéanna, molann CESE cineálacha cur chuige iomchuí a fhorbairt chun úsáid na hintleachta saorga ag an obair a bhainistiú ar bhealach ina gcuirtear cosc ar rioscaí ceirde agus ar an mbonn a bhaint de chearta saothair eile.

1.14Ar deireadh, iarrann CESE go ndearfaí beartas tionsclaíoch ar an leibhéal Eorpach chun poist ardcháilíochta a chruthú lena n-áiritheofar dálaí oibre sláintiúla agus lena bhfeabhsófar an t-iomaíochas.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Ar na tosaíochtaí atá ag rialtas na Spáinne agus é i mbun na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2023 tá an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar thionchar na héiginnteachta fostaíochta ar an meabhairshláinte, óir is ríthábhachtach an méid sin a chur ina cheart má táthar chun beartais nua saothair a shainiú trínar féidir bogadh i dtreo margaí saothair níos sláintiúla, níos cuimsithí agus níos cobhsaí atá bunaithe ar obair chuibhiúil. 2 Ar an ábhar sin, d’iarr sé ar CESE tústuairim a tharraingt suas chun na críche sin.

2.2Is rud í an obair fhorbhásach atá ar neamhréir le Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe do 2030 a bhaint amach, eadhon SDG 8 ‘obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch’, SDG 3 ‘sláinte agus dea‑bhail’ nó SDG 5 ‘comhionannas inscne’ 3 . De réir EDS 4 , téann obair chuibhiúil chun leasa na meabhairshláinte agus cuireann droch-thimpeallachtaí oibre, lena n-áirítear an t-idirdhealú agus neamhionannais, ualaí oibre iomarcacha, smacht neamhleor ar shocruithe oibre agus an éiginnteacht fostaíochta an mheabhairshláinte i mbaol.

2.3De réir a bhfuil sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le dálaí oibre agus obair fhorbhásach 5 , is éard is obair fhorbhásach ann obair nach gcomhlíonann caighdeáin agus dlíthe AE, idirnáisiúnta agus náisiúnta nó nach gcuireann acmhainní leordhóthanacha ar fáil le haghaidh saol cuibhiúil nó cosaint shóisialta leordhóthanach.

2.4De réir theasáras na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), is éard a chiallaíonn obair fhorbhásach obair a bhfuil pá íseal ag gabháil léi, atá éiginnte agus neamhchosanta agus nach féidir le teaghlach maireachtáil uirthi 6 . Ina theannta sin, is é an sainmhíniú atá ag líonra idirnáisiúnta um thaighde ar obair fhorbhásach (PWR) ar an obair fhorbhásach ná gur tógán ilghnéitheach í lena n‑áirítear neamhshláine post, ioncam neamhleor agus easpa ceart agus cosanta sa chaidreamh fostaíochta, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibrithe neamhfhoirmiúla agus d’oibrithe foirmiúla araon, ach nach bhfuil sí teoranta don mhéid sin amháin 7 . Mar a thug Eurofound dá aire, níl sainmhíniú uilíoch ar obair fhorbhásach ach aithnítear go forleathan gur gá aghaidh a thabhairt uirthi chun dálaí oibre cuibhiúla agus sláintiúla a áirithiú, i gcomhréir le Clár Oibre EIS um Obair Chuibhiúil 8 .

2.5I bhfianaise na gcoincheap sin, is féidir a mheas gur forbhásach iad cineálacha áirithe fostaíochta agus dálaí oibre lena gcruthaítear poist ar chaighdeán íseal. Áirítear an méid seo a leanas leis sin: fostaíocht pháirtaimseartha ainneonach, uaireanta oibre fada nó an oibleagáid maidir le bheith ar fáil i gcónaí, pá íseal nó neamh‑intuartha, mí‑úsáid conarthaí sealadacha, conarthaí gan íosmhéid uaireanta nó conarthaí ar éileamh, obair neamhchonarthach nó obair gan bearta coisctheacha.

2.6Seo a leanas an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hobair fhorbhásach: uaireanta oibre níos faide déine; easpa neamhspleáchais agus forbartha ag an obair; laethanta agus uaireanta oibre dothuartha agus míshóisialta, as a bhféadfadh coinbhleacht oibre-teaghlaigh eascairt; uaireanta oibre agus pá neamhleor nach féidir bunriachtanais a chumhdach leo; neamhchinnteacht leanúnach i leith fhad na fostaíochta agus na ndálaí oibre (uaireanta oibre, pá, cúraimí, etc.); deacracht maidir le cearta saothair a fheidhmiú, lena n‑áirítear gníomhaíocht chomhchoiteann, rud a laghdaíonn cumhacht chonarthach; leochaileacht mhéadaithe i leith mí‑úsáide, idirdhealaithe agus ciaptha; agus éagumas duine saol faoi dhínit a chaitheamh ainneoin go bhfuil post aige (‘working poor’ [oibrithe atá bocht]).

2.7D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an obair fhorbhásach ar réimsí éagsúla den saol laethúil, lena n‑áirítear an tsláinte. Dar le EU‑OSHA, fuarthas amach i staidéir a rinneadh go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag an obair fhorbhásach ar an tsábháilteacht agus an tsláinte ag an obair. Dá éagobhsaí atá an obair, is ea is mó an ráta galrachta nó básmhaireachta lena mbaineann 9 .

2.8Léirítear le samplaí sonracha atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch den chaighdeán is airde ina gcuirtear oibrithe nochta i gcomparáid le hoibrithe neamhnochta (staidéir fadaimseartha nó staidéir a bhfuil bunachair mhóra acu a fhágann gur féidir sonraí randamacha agus cúiseanna seachtracha agus inmheánacha eile laistigh agus lasmuigh den timpeallacht oibre a chur as an áireamh), go gcuireann an éiginnteacht fostaíochta, rud is sainghné den obair fhorbhásach é, leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar (61 %), imní (77 %) 10 agus féinmharú (51 %) 11 . Léirítear leo freisin go mbíonn méadú 23 % ar an líon cásanna de shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe mar thoradh ar ardéilimh oibre, go mbíonn méadú 25 % 12 air sin mar thoradh an easpa smachta agus go mbíonn méadú 77 % air i gcás teaglaim den dá fhachtóir seo. Mar an gcéanna, bíonn méadú 14 % ar an seans go mbeidh dúlagar ar oibrí i ngeall ar uaireanta oibre fada 13 .

2.9Dá gcuirfí deireadh le nochtadh do rioscaí síceasóisialta ceirde san Aontas, thiocfadh laghdú idir 17 % agus 35 % ar an dúlagar agus laghdú idir 5 % agus 11 % ar ghalair chardashoithíocha 14 .

2.10Is annamh gur rogha dheonach iad cineálacha forbhásacha fostaíochta agus dálaí oibre. Léiríodh san fhianaise, arís is arís eile, gur forleithne an obair fhorbhásach agus dálaí oibre forbhásacha i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach 15 . Sa chomhthéacs sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta ó thaobh aicme, inscne, aoise, náisiúntachta agus eitneachta de agus d’fhéadfadh méadú teacht, i ngeall air sin, ar an idirdhealú trasearnálach, neamhionannais sláinte atá ann cheana agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar. Cé gurb annamh a bhíonn na cineálacha oibre sin ina gcéadrogha ag oibrithe, tá oibrithe ann a roghnaíonn iad.

2.11Ní hionann leibhéal na hoibre forbhásaí i dtíortha an Aontais 16 agus in earnálacha gníomhaíochta. Is airde an leibhéal sin in earnálacha a bhaineann leis an obair tí agus an obair chúraim (an earnáil glantacháin, seirbhísí sóisialta agus sláinte, earnáil an fháilteachais, earnáil na slándála, earnáil an tseachadta baile, etc.) 17 agus is measa fós é de bharr phaindéim COVID-19. Mar sin féin, tá ann don obair fhorbhásach i ngach earnáil, lena n‑áirítear san earnáil phoiblí, agus i ngach tír.

2.12De réir Threoir 89/391/CEE maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair, tá dualgas ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú i ngach gné a bhaineann leis an obair. De réir Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá an ceart ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit. Ina theannta sin, tá an ceart ag gach oibrí teorainn a bheith leis an líon uasta uaireanta oibre, mar aon leis an gceart chun tréimhsí sosa laethúla agus seachtainiúla agus chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana, i measc nithe eile. Léirítear an méid sin freisin i gCairt Shóisialta na hEorpa, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i bprionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sa phlean gníomhaíochta lena ngabhann. Ní féidir dochar a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht oibrithe mar thoradh ar ghiniúint agus méadú brabús corparáideach ná ar laghdú costas saothair ná ar ráthaíocht solúbthachta d’fhostóirí.

3.Barúlacha sonracha

3.1Is toisc riosca maidir leis an obair fhorbhásach í éagothroime na cumhachta idir caipiteal agus lucht saothair. Ní mór an éagothroime sin a chothromú trí dhlíthe, tríd an idirphlé sóisialta agus trí ghníomhaíocht ceardchumainn d’fhonn timpeallacht a chothú lena gcosnaítear oibrithe agus lena gcoinnítear san am céanna dálaí eacnamaíocha fabhracha. Ar an dóigh sin, seachnaítear an iomaíocht éagórach.

3.2Is follas gur gá breis comhlíontachta leis an reachtaíocht maidir le cearta oibrithe agus a nionadaithe a áirithiú agus an reachtaíocht sin a fhorbairt, óir is iad seo a leanas na trí chúis is mó a spreagann fostóirí san Aontas chun aghaidh a thabhairt ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OSH): chun reachtaíocht a chomhlíonadh (89.2 %), chun gníomhaíocht phionósach ón údarás saothair inniúil a sheachaint (79.4 %) agus chun freastal ar éilimh na noibrithe agus a nionadaithe (81.8 %) 18 .

3.3Tá sampla a léiríonn a éifeachtaí atá an reachtaíocht maidir le héiginnteacht chonarthach a laghdú le feiceáil sa Spáinn: a bhuí leis an t‑athchóiriú saothair a glacadh le déanaí, de bhun comhairliúchán sóisialta, laghdaíodh na rátaí arda neamhghnácha fostaíochta sealadaí sa mhargadh saothair.

4.Moltaí

4.1Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil fianaise láidir ann go gcuireann an obair fhorbhásach leis an seans go mbeidh oibrí thíos le droch‑mheabhairshláinte. Ar an gcúis sin, i gcomhréir le moltaí ó shaineolaithe i réimse na sláinte ceirde agus na sláinte poiblí agus na heipidéimeolaíochta ceirde, agus moltaí ó institiúidí idirnáisiúnta maidir le meabhairshláinte san áit oibre agus na cearta a leagtar amach i dTreoir 89/391/CEE maidir le cosc ag foinse na rioscaí ceirde á gcur san áireamh freisin, tá na bearta go léir a mholtar sa tuairim seo bunaithe ar chur chuige arb é is aidhm dó teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an obair fhorbhásach chun meath ar an meabhairshláinte a chosc. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ó earnáil go chéile, agus fiú idir áiteanna oibre éagsúla laistigh den earnáil chéanna, idir na tosca riosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an meabhairshláinte, is minice ná a mhalairt gur tríd an idirphlé sóisialta ar leibhéal na hearnála nó na cuideachta is féidir teacht ar na réitigh is fearr lena gceadaítear cur chuige spriocdhírithe agus lena gcuirtear san áireamh na creataí dlíthiúla uile.

4.2Tá CESE á thabhairt dá aire gur thug an Coimisiún le fios, ina chreat straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair (2021-2027) 19 , go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas, i measc nithe eile:

·feachtas maidir le hionaid oibre shláintiúla de chuid EU-OSHA a sheoladh do na blianta 2023-2025 chun todhchaí dhigiteach shábháilte agus shláintiúil a chruthú, lena gcumhdófar rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha go háirithe;

·tionscnamh neamhreachtach ar leibhéal an Aontais a ullmhú i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ar tionscnamh é a bhainfidh leis an meabhairshláinte ag an obair agus lena ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn a mhéid a bhaineann le meabhairshláinte oibrithe, agus treoir maidir le gníomhaíocht a chur ar aghaidh roimh dheireadh 2022;

·an bonn anailíse, ríomhuirlisí agus treoir a fhorbairt le haghaidh measúnuithe riosca a bhaineann le poist agus próisis ghlasa agus dhigiteacha, lena n-áirítear rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíochta go háirithe.

4.3Cur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí agus náisiúnta atá ann cheana lena mbunaítear fostaíocht agus dálaí oibre ar ardcháilíocht a áirithiú

4.3.1Tugann CESE dá aire go gcumhdaítear an méid seo a leanas leis na treoracha Eorpacha atá ann faoi láthair maidir le dálaí oibre, fostaíocht, ionadaíocht agus rannpháirtíocht: cearta, oibleagáidí agus freagrachtaí a bhaineann le heagrú an ama oibre (2003/88/CE), cothromaíocht oibre is saoil (2019/1158/AE), pá íosta cuibhiúil (2022/2041/AE), an neamh‑idirdhealú (2006/54/CE; 2000/78/CE; 2000/43/CE), intuarthacht agus trédhearcacht dálaí oibre (2019/1152/AE), rioscaí ag an obair a chosc, an tsláinte agus cinnteacht fostaíochta, (89/391/CEE agus na forbairtí sonracha lena mbaineann), agus oibrithe agus a n-ionadaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (2009/38/CE, 2003/72/CE, 2002/14/CE). Ar an gcaoi chéanna, cosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse chun dul i mbun cómhargála, an tsaoirse chun léirsiú a dhéanamh agus an tsaoirse chun dul ar stailc. Dá gcuirfí an corpas dlíthiúil sin chun feidhme go hiomlán, d’fhéadfaí a chur ar chumas oibrithe obair chuibhiúil a bheith acu, éiginnteacht a laghdú, agus an mheabhairshláinte a chur chun cinn.

4.3.2Mar sin féin, tugann CESE dá aire go bhféadfaí cur le cur chun feidhme, forfheidhmiú agus comhlíonadh na ndlíthe sin maidir le dálaí oibre, ar dlíthe iad arna leagan síos mar chearta íosta dlíthiúla, chomh maith le cur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana.

4.4Is é sin an fáth a bhfuil an méid seo a leanas á mholadh ag CESE:

4.4.1faireachán agus forfheidhmiú na reachtaíochta saothair reatha atá cumhdaithe ag na Treoracha sin a mhéadú chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú. Chuige sin, beidh ar na Ballstáit acmhainní daonna leordhóthanacha a chur ar fáil don údarás saothair inniúil, de réir na gcóimheas arna moladh ag EIS 20 ;

4.4.2smachtbhannaí airgeadais iomchuí a áirithiú i gcás sáruithe ar na Treoracha sin;

4.4.3féachaint chuige nach mbeifear in ann cur isteach ar thairiscintí poiblí ná cúnamh poiblí Eorpach, náisiúnta nó áitiúil de chineál ar bith mura gcomhlíontar na Treoracha sin, i gcomhréir leis na Treoracha reatha maidir le soláthar poiblí;

4.4.4leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuireann Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) ar fáil maidir le comhordú AE i dtaca le faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta dá dtagraítear i bpointe 4.3.1.

4.4.5Tacaíonn CESE leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le togra 2021 le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus tugann sé an chaibidlíocht leanúnach ar sheasamh na Comhairle dá aire, mar aon leis na leasuithe a mhol an Coiste Fostaíochta i bParlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2022. Ar an gcaoi chéanna, molann CESE cineálacha cur chuige iomchuí a fhorbairt chun úsáid na hintleachta saorga ag an obair a bhainistiú ar bhealach ina gcuirtear cosc ar rioscaí ceirde agus ar an mbonn a bhaint de chearta saothair eile.

4.5Díriú ar rioscaí síceasóisialta ceirde a chosc (rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair)

4.5.1Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí 21 .

4.5.2Thairis sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur tugadh an ceart chun timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil isteach faoi chuimsiú na mbunphrionsabal agus na mbuncheart ag an obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair i mí an Mheithimh 2022 agus gur céim bhunriachtanach chun an mheabhairshláinte a chur chun cinn ag an obair é rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair a chomhrac ag an bhfoinse, trí idirghabhálacha eagraíochtúla a úsáid chun dálaí oibre a athchóiriú, i gcomhréir leis an méid a chomhaontaigh EDS agus EIS sna treoirlínte agus sa nóta beartais uathu i mí Mheán Fómhair 2022 ina ndéanann siad cur síos ar straitéisí praiticiúla 22 . Sa bhreis ar rioscaí síceasóisialta a chosc, molann na hinstitiúidí sin, mar dhara céim, feabhas a chur ar an meabhairshláinte ag an obair, í a chosaint agus a chur chun cinn, go háirithe trí oiliúint agus idirghabhálacha lena bhfeabhsaítear an litearthacht mheabhairshláinte. Is é an tríú céim tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a bhfuil riochtaí meabhairshláinte orthu chun páirt iomlán agus cothrom a ghlacadh san obair trí bhearta réasúnta cóiríochta a chur i bhfeidhm agus trí chláir um fhilleadh ar an obair a chur ar bun. Ar deireadh, molann siad timpeallacht chumasúcháin a chruthú ina mbeidh bearta trasearnálacha chun feabhas a chur ar an meabhairshláinte ag an obair trí cheannaireacht, infheistíocht, cearta, lánpháirtiú, rannpháirtíocht, fianaise agus comhlíonadh a chur chun cinn.

4.5.3Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE, mar a luadh freisin i gcreat‑chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais maidir leis an strus a bhaineann leis an obair, faoi Threoir Réime 89/391, go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar gach fostóir sábháilteacht agus sláinte ag an obair a chosaint. Áirítear leis an oibleagáid sin fadhbanna struis a bhaineann leis an obair toisc go mbaineann riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht leo.

4.5.4Sa chomhthéacs sin, molann CESE, leis an Treoir faoi chaibidil, go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann. Chuige sin, rialófaí an méid seo a leanas:

4.5.4.1ceanglais cháilíochta le haghaidh na modhanna measúnaithe a úsáidtear (ceanglais arna mbailíochtú le sonraí sláinte lena dtomhaistear rioscaí síceasóisialta arna mbunú le fianaise eolaíoch a thomhas agus lena léirítear neamhionannais, etc;);

4.5.4.2i gcás inar gá, bunú, pleanáil agus cur chun feidhme beart coisctheach chun deireadh a chur leis na rioscaí sin nó chun iad a laghdú: 1) mar fhreagairt ar thorthaí an mheasúnaithe riosca shíceasóisialta; 2) chun athrú a dhéanamh ag an bhfoinse ar dhálaí oibre a mheastar a bheith díobhálach, agus idirghabhálacha eagraíochtúla á n‑úsáid, sa chaoi is nach ndíreofar leis na bearta coisctheacha sin ach ar chumhachtú agus ar athshlánú;

4.5.4.3an oibleagáid ar fhostóirí féachaint le rioscaí ceirde a laghdú trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair lena n-athraítear dálaí oibre. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin: an teicneolaíocht agus próisis táirgthe le haghaidh earraí agus seirbhísí a fheabhsú agus cur leis an líon foirne chun ualaí a laghdú; lá oibre a bheidh comhoiriúnach le hobair chúraim laistigh de theaghlaigh a áirithiú; úsáid modhanna oibre rannpháirteacha agus comhoibritheacha a chur chun cinn chun gur féidir le hoibrithe a mbarúil a chur in iúl agus chun tacaíocht fheidhmiúil idir comhghleacaithe agus bainisteoirí a mhéadú; nósanna imeachta cothroma a bhunú maidir le hearcú, sannadh oibre, oiliúint agus ardú céime chun cáilíocht na ceannaireachta a fheabhsú; tascanna fiúntacha a dhearadh chun gur féidir scileanna agus eolas nua a chur i bhfeidhm agus cinn nua a fhoghlaim; cobhsaíocht a chur chun cinn ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de agus intuarthacht athruithe, ar gá iad a bheith réasúnach agus bonn cirt a bheith leo, d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a sheachaint; pá cuibhiúil chun gur féidir saol faoi dhínit a chaitheamh, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, an t-idirphlé sóisialta agus comhaontuithe cómhargála. Ar an dóigh sin, chuideodh na bearta uile sin leis an obair fhorbhásach a laghdú agus an mheabhairshláinte a chosaint;

4.5.4.4an oibleagáid cuspóir coisctheach an mheasúnaithe a chur san áireamh go cuí d’fhonn bainistiú éifeachtúil na rioscaí sin a chur chun cinn, agus athmheasúnú maorlathach a sheachaint;

4.5.4.5na gníomhaíochtaí sin ar fad atá dírithe ar rioscaí síceasóisialta a chosc ag an bhfoinse, tá siad bunaithe ar rannpháirtíocht oibrithe agus a n‑ionadaithe ar leibhéal na háite oibre nó ar leibhéal na cuideachta, agus sin ó dhearadh an mheasúnaithe, go dtí athruithe eagraíochtúla agus an faireachán ar a n‑éifeachtacht maidir le rioscaí a laghdú. Ní mór é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le faisnéis agus comhairliúchán le hoibrithe agus/nó lena nionadaithe. Chun na críche sin, ní foláir a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá ann cheana gur ann do na comhlachtaí ábhartha agus go mbeidh siad gníomhaíoch nuair a fhoráiltear amhlaidh leis an reachtaíocht náisiúnta agus/nó le comhaontuithe cómhargála, eadhon coistí um shláinte agus sábháilteacht, oifigigh coisc, comhairlí oibreacha, etc., agus a chinntiú go mbeidh idirbheartaíocht idir ionadaithe ceardchumainn agus fostóirí i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na comhaontuithe cómhargála.

4.6Beartas tionsclaíoch atá ceaptha chun tacú le poist ardcháilíochta a chruthú

4.6.1Bíonn tionchar ag beartas tionsclaíoch tíortha aonair, i measc tosca eile, ar chumas cuideachtaí poist ardcháilíochta oilte a chruthú i ngeilleagar ar leith. Dá bhrí sin, molann CESE go gcuirfí san áireamh, agus an beartas tionsclaíoch á cheapadh ar an leibhéal Eorpach, an aidhm atá ann poist do dhaoine ardcháilíochta agus oilte a chruthú lena n‑áiritheofar dálaí oibre sláintiúla agus lena gcuirfear feabhas ar an iomaíochas. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe, i measc nithe eile, ar an méid seo a leanas:

4.6.1.1comhoibriú i bhfad níos gníomhaí idir na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí forbartha eacnamaíche poiblí, atá dírithe ar an mbonneagar is gá agus beartais ghníomhacha fostaíochta a chur ar fáil atá dírithe ar riachtanais shonracha na dtionscal is fearr is féidir poist áitiúla ardcháilíochta a chruthú. Chuige sin, is faoi chuideachtaí tairbhíocha atá sé íosmhéid na bpost sin a chur ar fáil;

4.6.1.2infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a dhíriú ar theicneolaíochtaí a mhéadaíonn an táirgiúlacht agus atá fabhrach don lucht saothair, d’fhonn cur lena scileanna breisluacha ar dhóigh shineirgisteach;

4.6.1.3critéir chun rioscaí ceirde a chosc agus sláinte oibrithe a chosaint a chur san áireamh agus beartais thionsclaíocha á ndearadh;

4.6.1.4caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur san áireamh, lena n-áirithítear cearta saothair i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta.

4.7Molann CESE go n‑áireofaí sa churaclam idirdhisciplíneach le haghaidh oideachas éigeantach agus na gairmoiliúna i ngach tír eolas ar chearta saothair aonair agus comhchoiteanna agus scileanna fiontraíochta d’fhonn an t‑eolas is gá ar an ábhar sin a thabhairt d’oibrithe agus d’fhostóirí amach anseo.

4.8Bunaithe ar na torthaí ar ar thángthas a bhuí le suirbhéanna agus sonraí Eurofound, EU-OSHA agus Eurostat, molann CESE na cineálacha oibre forbhásaí is forleithne agus na comhthéacsanna ina dtagann siad chun cinn (tíortha, earnálacha, etc.) a shainaithint go rialta, maille leis na grúpaí is mó a ndéantar difear dóibh (oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, mná, daoine óga, etc.), agus faireachán a dhéanamh ar an dóigh a bhforbraíonn siad.

4.9Molann CESE borradh a chur faoin taighde ar cháilíocht na hoibre agus an mheabhairshláinte, ag tosú le feabhas a chur ar chórais faisnéise agus faireachas eipidéimeolaíoch sna réimsí sin.

An Bhruiséil, 03 Aibreán 2023

Aurel Laurenţiu Plosceanu

Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

*

*    *

N.B.:    Foscríbhinní ar an taobh eile den leathanach.

FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ó

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 60(2) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 2.3

Pointe nua le cur isteach:

tar éis an phointe atá ann cheana

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Is le leas na sochaí ina hiomláine é an mheabhairshláinte agus an dea-bhail a chur chun cinn. I saol na hoibre, tá tábhacht le cur chun cinn na meabhairshláinte toisc gur féidir le fadhbanna meabhairshláinte a bheith ina gcúis le hísliú ar an táirgiúlacht oibre, le hísliú ar an bhfeidhmíocht oibre agus le hardú ar neamhláithreacht. Lena chois sin, tá baint ag deamheabhairshláinte le spreagadh agus táirgiúlacht a chothú. Dá bhrí sin, tá baint ag an éiginnteacht fostaíochta agus ag an meabhairshláinte leis an ‘dea-bhail’ ach ní hin le rá go bhfuil nasc díreach ó thaobh na cúisíochta de idir an éiginnteacht fostaíochta agus drochmheabhairshláinte nó dea-bhail easpach. Is é atá sa mheabhairshláinte meascán de chúinsí an duine, cúinsí an teaghlaigh agus cúinsí socheacnamaíocha, sin agus cúinsí comhshaoil, agus tá roinnt de na tosca riosca a bhaineann leis an meabhairshláinte le fáil in ionaid oibre agus sa tsochaí i gcoitinne freisin. Maidir leis an meabhairshláinte i gcoitinne, tá ról tábhachtach ag na córais cúraim sláinte. Gan athruithe agus oiriúnuithe tapa/riachtanacha a dhéanamh sna córais cúraim sláinte poiblí agus gan cabhair shíceolaíoch agus shíciatrach a bheith ar fáil i gcás éigeandála, go cianda agus mar chóireáil theiripeach, ní hamháin nach n‑éireoidh linn feabhas a chur ar mheabhairshláinte na bhfostaithe ach ní chuirfear feabhas ach an oiread ar mheabhairshláinte shaoránaigh uile na hEorpa.

Toradh na vótála:

Ar son:    25

In aghaidh:    49

Staonadh:    2

LEASÚ 2

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 2.6

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Seo a leanas an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hobair fhorbhásach: uaireanta oibre níos faide déine; easpa neamhspleáchais agus forbartha ag an obair; laethanta agus uaireanta oibre dothuartha agus míshóisialta, as a bhféadfadh coinbhleacht oibre-teaghlaigh eascairt; uaireanta oibre agus pá neamhleor nach féidir bunriachtanais a chumhdach leo; neamhchinnteacht leanúnach i leith fhad na fostaíochta agus na ndálaí oibre (uaireanta oibre, pá, cúraimí, etc.); deacracht maidir le cearta saothair a fheidhmiú, lena n‑áirítear gníomhaíocht chomhchoiteann, rud a laghdaíonn cumhacht chonarthach; leochaileacht mhéadaithe i leith mí‑úsáide, idirdhealaithe agus ciaptha; agus éagumas duine saol faoi dhínit a chaitheamh ainneoin go bhfuil post aige (‘working poor’ [oibrithe atá bocht]).

Seo a leanas an méid a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hobair fhorbhásach: uaireanta oibre níos faide déine; easpa neamhspleáchais agus forbartha ag an obair; laethanta agus uaireanta oibre dothuartha agus míshóisialta, as a bhféadfadh coinbhleacht oibre-teaghlaigh eascairt; uaireanta oibre agus pá neamhleor nach féidir bunriachtanais a chumhdach leo; neamhchinnteacht leanúnach i leith fhad na fostaíochta agus na ndálaí oibre (uaireanta oibre, pá, cúraimí, etc.); deacracht maidir le cearta saothair a fheidhmiú, lena n‑áirítear gníomhaíocht chomhchoiteann, rud a laghdaíonn cumhacht chonarthach; leochaileacht mhéadaithe i leith mí‑úsáide, idirdhealaithe agus ciaptha; agus éagumas duine saol faoi dhínit a chaitheamh ainneoin go bhfuil post aige (‘working poor’ [oibrithe atá bocht]). Mar sin féin, ní mór measúnú staide ar imthosca an duine aonair a úsáid i gcónaí d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a chinneadh. Ina theannta sin, tá aghaidh tugtha ar a lán de na saincheisteanna sin sa reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta a bhaineann leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair (OHS), le ham oibre agus le gnéithe ábhartha eile.

Toradh na vótála:

Ar son:    24

In aghaidh:    50

Staonadh:    2

LEASÚ 10

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.5.1

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí[20].

[20] Jain, A. et al (2022), The impact of national legislation on psychosocial risks on organisational action plans, psychosocial working conditions, and employee work-related stress in Europe. Social Science & Medicine 302.

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021‑2027 (COM(2021) 323 final) ina luaitear cur chuige an Choimisiúin[20], is é sin tionscnamh neamhreachtach a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an meabhairshláinte ag an obair ina ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe. Tacaíonn CESE freisin le cuspóir an Choimisiúin rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha a chuimsiú i bhfeachtas na n‑ionad oibre sláintiúil. D’fhéadfadh cur chuige an Choimisiúin, mar a leagtar béim air sa Teachtaireacht, féachaint, mar shampla, ar shaincheisteanna amhail aghaidh a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus an tionchar a bhíonn ag an gcaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, agus fianaise eolaíoch a chur i láthair lena léirítear gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí[21].

[20] Teachtaireacht Communication on the EU strategic framework on health and safety at work 2021‑2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021‑2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre] COM(2021) 323 final (níl leagan Gaeilge ann).

[21] Jain, A. et al (2022), The impact of national legislation on psychosocial risks on organisational action plans, psychosocial working conditions, and employee work-related stress in Europe. Social Science & Medicine 302.

Toradh na vótála:

Ar son:    25

In aghaidh:    50

Staonadh:    2

LEASÚ 13

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.5.3

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Sa chomhthéacs sin, molann CESE, leis an Treoir faoi chaibidil, go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann. Chuige sin, rialófaí an méid seo a leanas:

Sa chomhthéacs sin, molann CESE go dtabharfaí aird bhreise ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus sna hionaid oibre freisin, ar bheartais agus/nó gníomhaíochtaí iomchuí chun go gcuirfí le cosc príomhúil rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair trí chur chuige eagraíochtúil comhchoiteann i gcás inarb iomchuí sin. Chuige sin, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a rialú:

Toradh na vótála:

Ar son:    29

In aghaidh:    52

Staonadh:    3



LEASÚ 14

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.5.3.3

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

an oibleagáid ar fhostóirí féachaint le rioscaí ceirde a laghdú trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair lena n‑athraítear dálaí oibre. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin: an teicneolaíocht agus próisis táirgthe le haghaidh earraí agus seirbhísí a fheabhsú agus cur leis an líon foirne chun ualaí a laghdú; lá oibre a bheidh comhoiriúnach le hobair chúraim laistigh de theaghlaigh a áirithiú; úsáid modhanna oibre rannpháirteacha agus comhoibritheacha a chur chun cinn chun gur féidir le hoibrithe a mbarúil a chur in iúl agus chun tacaíocht fheidhmiúil idir comhghleacaithe agus bainisteoirí a mhéadú; nósanna imeachta cothroma a bhunú maidir le hearcú, sannadh oibre, oiliúint agus ardú céime chun cáilíocht na ceannaireachta a fheabhsú; tascanna fiúntacha a dhearadh chun gur féidir scileanna agus eolas nua a chur i bhfeidhm agus cinn nua a fhoghlaim; cobhsaíocht a chur chun cinn ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de agus intuarthacht athruithe, ar gá iad a bheith réasúnach agus bonn cirt a bheith leo, d’fhonn éiginnteacht fostaíochta a sheachaint; pá cuibhiúil chun gur féidir saol faoi dhínit a chaitheamh, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, an t‑idirphlé sóisialta agus comhaontuithe cómhargála. Ar an dóigh sin, chuideodh na bearta uile sin leis an obair fhorbhásach a laghdú agus an mheabhairshláinte a chosaint;

an oibleagáid ar fhostóirí féachaint le rioscaí ceirde a laghdú trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sainaitheanta síceasóisialta a bhaineann leis an obair lena n‑athraítear dálaí oibre. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin: an teicneolaíocht agus próisis táirgthe le haghaidh earraí agus seirbhísí a fheabhsú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as an bhfoireann nó, i gcás inarb iomchuí, cur leis an líon foirne chun ualaí a laghdú; eagrú oibre solúbtha a chur chun cinn d’fhonn cothromaíocht oibre is saoil a éascú, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú le lá oibre a bheith comhoiriúnach le hobair chúraim laistigh de theaghlaigh; úsáid modhanna oibre rannpháirteacha agus comhoibritheacha a chur chun cinn chun gur féidir le hoibrithe a mbarúil a chur in iúl agus chun tacaíocht fheidhmiúil idir comhghleacaithe agus bainisteoirí a mhéadú; nósanna imeachta cothroma a chur i bhfeidhm maidir le hearcú, sannadh oibre, oiliúint agus ardú céime chun cáilíocht na ceannaireachta a fheabhsú; iarracht a dhéanamh tascanna fiúntacha a dhearadh chun gur féidir scileanna agus eolas nua a chur i bhfeidhm agus cinn nua a fhoghlaim; cobhsaíocht agus solúbthacht araon a chur chun cinn ó thaobh fostaíochta agus dálaí oibre de agus intuarthacht agus inoiriúnaitheacht a mhéid a bhaineann le hathruithe; agus pá i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, an t‑idirphlé sóisialta agus comhaontuithe cómhargála. Ar an dóigh sin, is féidir leis na bearta uile sin rannchuidiú leis an obair fhorbhásach a laghdú agus an mheabhairshláinte a chosaint, ar gné riachtanach í chun saol faoi dhínit a chaitheamh;

Toradh na vótála:

Ar son:    29

In aghaidh:    48

Staonadh:    3

LEASÚ 16

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.5.4

Pointe nua le cur isteach:

tar éis an phointe atá ann cheana – ar aon leibhéal leis

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá ganntanas lucht saothair a bhfuil na scileanna cuí acu i ngach Ballstát san Aontas. Is iontach an deis é, mar sin, a chur ar chumas a lán daoine atá in obair fhorbhásach scileanna nua a shealbhú a chuirfidh ar a gcumas poist ardcháilíochta a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, iad a chosaint ar rioscaí meabhairshláinte. Freagraíonn an tosaíocht sin freisin do na huaillmhianta Eorpacha a ghabhann le Bliain na Scileanna. Ní mór d’iarrachtaí na mBallstát díriú ar an ngairmoiliúint ar feadh an tsaoil trí dheireadh a chur leis na bacainní ar an rochtain ar oiliúint do chách, go háirithe in FBManna.

Toradh na vótála:

Ar son:    29

In aghaidh:    55

Staonadh:    2



LEASÚ 17

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.6.1.1

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

comhoibriú i bhfad níos gníomhaí idir na húdaráis phoiblí, lena náirítear gníomhaireachtaí forbartha eacnamaíche poiblí, atá dírithe ar an mbonneagar is gá agus beartais ghníomhacha fostaíochta a chur ar fáil atá dírithe ar riachtanais shonracha na dtionscal is fearr is féidir poist áitiúla ardcháilíochta a chruthú. Chuige sin, is faoi chuideachtaí tairbhíocha atá sé íosmhéid na bpost sin a chur ar fáil;

comhoibriú i bhfad níos gníomhaí idir na húdaráis phoiblí, lena náirítear gníomhaireachtaí forbartha eacnamaíche poiblí, atá dírithe ar an mbonneagar is gá agus beartais ghníomhacha fostaíochta a chur ar fáil atá dírithe ar riachtanais shonracha na dtionscal is fearr is féidir poist áitiúla ardcháilíochta a chruthú;

Toradh na vótála:

Ar son:    28

In aghaidh:    54

Staonadh:    5

LEASÚ 18

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 4.6.1.3

Pointe le scriosadh

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

critéir chun rioscaí ceirde a chosc agus sláinte oibrithe a chosaint a chur san áireamh agus beartais thionsclaíocha á ndearadh;

Toradh na vótála:

Ar son:    29

In aghaidh:    58

Staonadh:    3

LEASÚ 19

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.3

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

De réir fianaise eolaíoch stóinsithe, cuireann obair fhorbhásach leis an seans go dtiocfadh meath ar mheabhairshláinte oibrithe. Mar shampla, cuireann leibhéal ard éiginnteachta leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar, imní agus féinmharú; cuireann ardéilimh oibre agus easpa smachta leis an mbaol go mbeadh ar dhuine dul ar shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe; nó, méadaíonn an teaglaim den dá riosca sin an dóchúlacht go mbeadh neamhord dúlagair ar dhuine.

De réir fianaise eolaíoch stóinsithe, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh obair fhorbhásach leis an seans go dtiocfadh meath ar mheabhairshláinte oibrithe. Mar shampla, d’fhéadfadh leibhéal ard éiginnteachta cur leis an seans go mbeadh duine thíos le dúlagar, imní agus féinmharú; d’fhéadfadh ardéilimh oibre agus easpa smachta cur leis an mbaol go mbeadh ar dhuine dul ar shaoire bhreoiteachta i ngeall ar neamhord meabhairshláinte diagnóisithe; nó, d’fhéadfadh an teaglaim den dá thoisc riosca sin an dóchúlacht go mbeadh neamhord dúlagair ar dhuine a mhéadú. Mar sin féin, ní mór measúnú staide ar imthosca an duine aonair a úsáid i gcónaí d’fhonn éiginnteacht fostaíochta nó neamhshláine post a chinneadh.

Nasctha le pointe 2.6 (diúltaíodh do leasú 2)

LEASÚ 21

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.5

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá obair fhorbhásach níos forleithne i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach. I ngeall ar an méid sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta agus méadaítear an t‑idirdhealú agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach ann, de réir Eurofound, d’aon sainmhíniú ar choincheap na hoibre forbhásaí a bhfuil glacadh uilíoch leis ar fud na hEorpa, cé go naithnítear go forleathan gur gá aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan casta sin[1]. I gcás ar bith, ní mór éiginnteacht fostaíochta a bheith bunaithe i gcónaí ar mheasúnú staide. Tá obair fhorbhásach níos forleithne, go ginearálta, i measc oibrithe a bhíonn i mbun obair láimhe, ban, daoine óga agus imirceach. I ngeall ar an méid sin, géaraítear ar neamhionannais shóisialta agus méadaítear an t‑idirdhealú agus an grádán sóisialta a bhaineann le meabhairghalar. Ag an am céanna, d’fhéadfadh na cineálacha oibre sin a bheith ina gcéim chun cinn freisin chun dul isteach sa mhargadh saothair agus chun fostaíocht níos buaine a bhaint amach de réir a chéile.

[1] https://www.eurofound.europa.eu/it/node/91840

Toradh na vótála:

Ar son:    32

In aghaidh:    52

Staonadh:    4

LEASÚ 23

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.11

Le leasú mar seo a leanas:

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 [Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027] (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, molann CESE reachtaíocht shonrach a ghlacadh maidir le rioscaí síceasóisialta a chosc ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis an Treoir maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a fhorbairt agus a nuachóiriú (89/391/CEE), ionas go dtabharfar aghaidh ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus go n-athrófar an chaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, ós rud é go léirítear le fianaise eolaíoch gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na tairbhí a bhaineann leis an reachtaíocht sin a leathnú chuig tíortha uile an Aontais trí theoir a tharraingt suas.

Tá CESE á thabhairt dá aire an Teachtaireacht EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 [Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027] (COM(2021) 323 final). Ina theannta sin, aontaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin tionscnamh neamhreachtach a ullmhú ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, maidir leis an meabhairshláinte ag an obair ina ndéantar measúnú ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le meabhairshláinte oibrithe. Tacaíonn CESE freisin le cuspóir an Choimisiúin rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha a chuimsiú i bhfeachtas na n‑ionad oibre sláintiúil. D’fhéadfadh cur chuige an Choimisiúin, mar a leagtar béim air sa Teachtaireacht, féachaint, mar shampla, ar shaincheisteanna amhail aghaidh a thabhairt ar rioscaí síceasóisialta ceirde ag an bhfoinse, agus an tionchar a bhíonn ag an gcaoi a ndéantar an obair a dhearadh, a bhainistiú agus a eagrú, agus fianaise eolaíoch a chur i láthair lena léirítear gur gníomhaíocht choisctheach níos éifeachtaí í reachtaíocht náisiúnta shonrach sa réimse sin a laghdaíonn nochtadh do na rioscaí sin ar bhealach níos éifeachtaí.

Nasctha le pointe 4.5.1 (diúltaíodh do leasú 10)

LEASÚ 25

SOC/745

Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte

Pointe 1.15

Pointe nua le cur isteach:

tar éis phointe 1.14

Arna chur síos ag:

BLIJLEVENS René

DANISMAN Mira-Maria

MICHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

POTTIER Jean-Michel

VADÁSZ Borbála

Dréacht‑tuairim

Leasú

Tá ganntanas lucht saothair a bhfuil na scileanna cuí acu i ngach Ballstát san Aontas. Is iontach an deis é, mar sin, a chur ar chumas a lán daoine atá in obair fhorbhásach scileanna nua a shealbhú a chuirfidh ar a gcumas poist ardcháilíochta a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, iad a chosaint ar rioscaí meabhairshláinte.

Nasctha le pointe 4.5.4 (diúltaíodh do leasú 16)

_____________

(1)     https://www.ilo.org/global/about-the-ilo/newsroom/news/WCMS_856821/lang--en/index.htm
(2)    An Dara Leas-Phríomh-Aire, an Aireacht Saothair agus Geilleagair Shóisialta: Iarraidh ar thústuairim.
(3)      Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, 70ú seisiún (2015), Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development, rún arna ghlacadh ag an Tionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015.
(4)       https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/mental-health-at-work
(5)     https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2017-0290_GA.html
(6)       https://osha.europa.eu/en/tools-and-resources/eu-osha-thesaurus/term/62001d
(7)     https://doi.org/10.1186/s13643-021-01728-z
(8)     https://www.eurofound.europa.eu/it/node/91840
(9)      EU-OSHA (2013), Priorities for occupational safety and health research in Europe: 2013-2020 [Tosaíochtaí don taighde maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair san Eoraip: 2013-2020]. Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. 10.2802/25457.
(10)      Niedhammer, I., Bertrais, S., & Witt, K. (2021). Psychosocial work exposures and health outcomes: a meta-review of 72 literature reviews with meta-analysis. Scandinavian Journal of Work, Environment & Health, 47(7), 489–508.
(11)      Blomqvist, S., Virtanen, M., LaMontagne, A. D., & Magnusson Hanson, L. L. (2022). Perceived job insecurity and risk of suicide and suicide attempts: a study of men and women in the Swedish working population. Scandinavian Journal of Work, Environment & Health, 48(4), 293–301.
(12)      Duchaine, CS et al. (2020). Psychosocial stressors at work and the risk of sickness absence due to a diagnosed mental disorder: a systematic review and meta-analysis. JAMA psychiatry, 77(8), 842-851.
(13)      Niedhammer, Bertrais, Witt (2021), (féach thuas).
(14)      Niedhammer I et al. (2022). Update of the fractions of cardiovascular diseases and mental disorders attributable to psychosocial work factors in Europe. International Archives of Occupational and Environmental Health, 95(1), 233-247.
(15)       https://oshwiki.osha.europa.eu/en/themes/precarious-work-definitions-workers-affected-and-osh-consequences
(16)      Matilla-Santander N. et al. (2019). Measuring precarious employment in Europe 8 years into the global crisis. J Public Health (Oxf), 41(2):259-267.
(17)      Eurofound (2021). Working conditions and sustainable work: An analysis using the job quality framework [Dálaí oibre agus obair inbhuanaithe: anailís ina n-úsáidtear an creat cáilíochta poist]. Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
(18)       https://visualisation.osha.europa.eu/esener/en/survey/datavisualisation/2019
(19)      Teachtaireacht Communication on the EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 – Occupational safety and health in a changing world of work [Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 – Sábháilteacht agus sláinte cheirde i ndomhan athraitheach oibre] (COM(2021) 323 final) (níl leagan Gaeilge ann).
(20)       https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_dialogue/---lab_admin/documents/publication/wcms_739890.pdf  
(21)    Jain, A. et al (2022), The impact of national legislation on psychosocial risks on organisational action plans, psychosocial working conditions, and employee work-related stress in Europe. Social Science & Medicine 302.
(22)       https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_protect/---protrav/---safework/documents/publication/wcms_856976.pdf