|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
An córas fuinnimh a dhigiteáil –
plean gníomhaíochta an Aontais
|
|
_____________
|
|
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
An córas fuinnimh a dhigiteáil – plean gníomhaíochta an Aontais [Com(2022) 552 final]
|
|
|
|
TEN/798
|
|
|
|
Rapóirtéir: Thomas KATTNIG
|
|
Comhrapóirtéir: Zsolt KÜKEDI
|
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 24/11/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
07/03/2023
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
22/03/2023
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
577
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
198/1/7
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Tacaíonn CESE leis na cuspóirí agus is díol sásaimh dó an chuid is mó de na bearta a mholtar sa phlean gníomhaíochta. Go háirithe, shoiléirigh CESE an nasc idir an t‑aistriú fuinnimh agus an t‑aistriú digiteach , agus tharraing sé aird ar na buntáistí a bhaineann leis an digiteáil i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, déine laghdaithe fuinnimh agus bainistíocht níos fearr ar bhonneagar fuinnimh. Mar sin féin, cé gur údar spreagtha é an plean gníomhaíochta, is gnách leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den scéal fisiciúil atá ann i bhfírinne óir tá an‑éagsúil leis na cásanna úsáide digiteála a luaitear sa phlean gníomhaíochta.
1.2Cé go bhfuil an cur chuige agus na bearta sonracha sa phlean gníomhaíochta ar an mbóthar ceart, níl ag éirí leis an gCoimisiún an plean gníomhaíochta a chomhtháthú sa bheartas ginearálta fuinnimh. Le cur chuige neamhchomhtháite faoina ndírítear ar an digiteáil amháin agus faoina ndéantar neamhaird den chreat ginearálta, ní ghinfear ach na buntáistí atá mínithe i gceart sa phlean gníomhaíochta. Ní mór réitigh chomhoibritheacha a chruthú le digiteáil an chórais fhuinnimh, réitigh ina soláthraítear dreasachtaí ionas go mbeidh na húsáideoirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh digiteáilte nua; úsáid a bhaint as méadair chliste agus r‑fheithiclí ag a bhfuil córas déluachála a dtacaíonn le cobhsaíocht an chórais leictreachais, cuir i gcás. Bíonn uirlisí digiteacha ag teastáil chun malartú idir piaraí a dhéanamh, le haghaidh an fhéintomhaltais fhíorúil, agus leis an gcomhroinnt fuinnimh a dhéanamh. Mar sin féin, níl na cleachtais sin tarraingteach de dheasca bacainní riaracháin nó mar gheall ar an easpa dreasachtaí atá ann ina leith.
1.3Tá CESE á dhearbhú gur cinnte go bhfuil gá an córas fuinnimh a dhéanamh níos cliste agus níos solúbtha, ach tá an córas fuinnimh faoi bhrú i láthair na huaire mar gheall ar easnaimh atá ann, dolúbthacht an líonra tarchurtha agus dáileacháin de thoradh ar thearcinfheistíocht sa bhonneagar fuinnimh, cuir i gcás. Cé gur ghin soláthraithe áirithe brabús suntasach, ní leor an infheistíocht a rinneadh in eangacha cliste chun spriocanna an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. Tá síneadh agus claochlú na n‑eangacha ag dul ar gcúl mar gheall nach ndreasaítear infheistíocht sa digiteáil ná sa solúbthacht sa chreat rialála atá ann faoi láthair, ná infheistíocht i nithe eile, agus mar gheall nach bhfuil na heangacha atá ann faoi láthair oiriúnach a thuilleadh chun fuinnimh luainigh a tharchur agus a dháileadh. D'fhonn bristeacha líonra sa chóras fuinnimh digitithe a sheachaint, tá géarghá ann an córas fuinnimh a athrú ó bhonn aníos tríd an líonra (eangacha tarchuir agus dáileacháin) a fhorbairt agus a leathnú.
1.4Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na smaointe a bhaineann le ‘Infheistíochtaí sa bhonneagar digiteach leictreachais a chur chun cinn’ a ionchorprú in Airteagal 58 de Threoir 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna do mhargadh inmheánach an leictreachais agus, ar an ndóigh, sin creat rialála faoina ndreasaítear áirithiú na hinfheistíochta i ndigiteáil na n‑eangacha leictreachais. Ag an am céanna, ní mór margaí solúbthachta a fhorbairt chun ídiú, giniúint agus promhaltóireacht sholúbtha bunaithe ar theicneolaíochtaí digiteacha a dhéanamh níos tarraingtí.
1.5Breis agus sé bliana tar éis chur i láthair an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, is suarach an ról atá ag pobail fuinnimh agus an féintomhaltas comhchoiteann fós i gcórais fuinnimh na hEorpa. Go dtí seo, thug an Coimisiún Eorpach neamhaird ar na bacainní atá ar na foirmeacha fuinnimh sin a ghiniúint agus a ídiú. Ní mór dreasachtaí a thabhairt do mhuintir na hEorpa chun iad a spreagadh agus a ghríosú ar deireadh thiar chun a gcuid gníomhaíochtaí uile i ngort an fhuinnimh a dhigiteáil. Tá gá le teidlíocht shoiléir dhlíthiúil agus riaracháin freisin i cásanna go leor. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh chomhfhreagracha a fhorbairt, lena n‑áirítear tacaíocht dhíreach lena chuirtear ar chumas na bpobal fuinnimh agus na dtáirgeoirí is promhaltóirí comhchoiteanna tairbhe a bhaint as lán an phointéinsil atá iontu, tionscnaimh ina gcaithfidh na foirmeacha giniúna agus ídithe sin a bheith ina gcuid ríthábhachtach den chóras, go háirithe maidir le slándáil an tsoláthair. Mura ndéantar amhlaidh, ní dhéanfar aon difear le huirlisí digiteacha.
1.6Tá sé á athdhearbhú ag CESE go bhféadadh éifeachtaí suntasacha dearfacha a bheith ag struchtúr soláthair fuinnimh atá aeráidneodrach, díláraithe agus digitithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar, go háirithe geilleagair réigiúnacha, ach an cur chuige ceart a úsáid ina leith
. Maidir leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá cur chuige ginearálta de dhíth ar an Aontas Eorpach, cur chuige ina gceanglófaí saincheisteanna sonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid le cuspóirí an bheartais maidir le comhtháthú sóisialta agus réigiúnach.
1.7Mar sin féin, tá CESE á thabhairt dá aire nach n-éireodh le beartas um athrú ach amháin má chuirtear dinimicí sóisialta éagsúla an aistrithe san áireamh agus má thugtar aghaidh orthu sna straitéisí agus sna bearta lena mbaineann. Ba cheart dúinn ról na dtomhaltóirí atá gníomhach san aistriú digiteach a neartú agus iad a spreagadh agus a chur ar a gcumas a oiread réiteach cliste agus is féidir a úsáid, ós rud é go bhféadfaidh siad feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus feidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, a fhad agus a chuirtear oibreoirí na gcóras dáileacháin san áireamh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ní mór na huirlisí sin a bheith soláimhsithe, agus ní mór aird a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, is rud riachtanach atá sa bheartas um aistriú cóir agus bainistiú gníomhach polaitiúil ar athraithe. Tá baol ann nach n‑éireoidh leis an aistriú mar gheall ar fhrithbheartaíocht ón bpobal má dhéantar neamhaird den ghné shóisialta ag céim an chur chun feidhme.
1.8Maidir le dearadh na gcóras fuinnimh agus an bhonneagair fhuinnimh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an tuiscint go gcaithfidh gach tomhaltóir a bheith rannpháirteach ann agus córais chliste fuinnimh á bhforbairt agus nach mór dreasachtaí a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh. ‘Nuálaithe áitiúla agus réigiúnacha a nascadh’, mar a luann an Coimisiún i bpointe 7.3, tá sé sin an‑tábhachtach ar fad. Le gníomhaíocht choiteann, amhail comhar idir cathracha agus pobail chliste, is féidir na réitigh is fearr agus is inacmhainne a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó réigiún a chruthú.
1.9Tá an digiteáil fuinnimh á treorú ag beartais dhigiteacha agus fuinnimh an Aontais cheana féin, ós rud é nach féidir saincheisteanna amhail idir‑inoibritheacht sonraí, slándáil an tsoláthair agus cibearshlándáil agus cosaint an tomhaltóra a chur de fhreagracht ar an margadh amháin, agus tá an‑tábhacht lena gcur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór cosc a chur ar shárú príobháideachais agus ar mhí‑úsáid sonraí ar gach bealach dá bhfuil ann. Ní hiad na réamhchúraimí teicniúla an t‑aon rud amháin a áirítear air sin, áirítear air freisin go mbeadh na húdaráis stáit freagrach as an spás sonraí sin agus as an bhfaireachán a dhéantar air agus iad faoi réir rialú polaitiúil agus daonlathach. Ag an am céanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar shonraí bonneagair chriticiúil a chosaint.
1.10Luann an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh gur ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfaidh an digiteáil dochar don chreat maidir le cosaint na dtomhaltóirí atá bunaithe cheana féin don mhargadh inmheánach leictreachais. Tá CESE ag tabhairt an méid sin dá aire, agus tá sé ag cur in iúl nach mór cearta na dtomhaltóirí ar an margadh fuinnimh a oiriúnú agus a fheabhsú. Níor cheart na tomhaltóirí a bheith faoi mhíbhuntáiste ná táillí ró‑ard a bheith á ngearradh orthu. Ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as uirlisí digiteacha, ar uirlisí iad a d'fhéadfadh cur le cosaint na dtomhaltóirí má fhorbraítear mar is ceart iad.
1.11Cibé tionscnamh atá i gceist, is tábhachtach méadar cliste a bheith ag an tomhaltóir sa bhaile. Ní hamhlaidh an cás i mBallstáit go leor fós, agus sin é an fáth a bhfuil géarghá borradh a chur faoi iarrachtaí chun méadrú cliste a chur in úsáid mar réamhriachtanas bunúsach don chuid is mó de na réitigh dhigiteacha san earnáil fuinnimh, go háirithe i gcás an tsoláthair leictreachais, agus leis an soláthar gáis, cé nach mbeadh an oiread chéanna i gceist leis sin. Na Ballstáit nach bhfuil méadair chliste curtha i bhfeidhm go forleathan acu fós, ní mór dóibh dlús a chur leis an bpróiseas sin agus cur leis na cuspóirí atá acu maidir leis an gcur i bhfeidhm sin. Léiríonn an fhianaise idirnáisiúnta gurb í an uair a bhíonn oibreoirí na n‑eangach freagrach an uair is mó a bhíonn éifeachtúlacht i rolladh amach na méadar cliste. Ba cheart méadair chliste a mheas amhail dá mba dhlúthchuid den eangach leictreachais iad.
1.12Tá baol ann nach ndéanfar seirbhísí sonraí‑bhunaithe agus réitigh teicneolaíochta nuálacha a chur chun feidhme tapa go leor mura mbeidh dóthain oibrithe ag a bhfuil ardscileanna agus gairmithe oilte ann chun cuidiú leis na seirbhísí agus na réitigh sin a chur chun feidhme. Tá acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag teastáil le haghaidh na mbeart is gá i gcomhair mhargadh an tsaothair agus i gcomhair na mbeartas oideachas. Ní mór plean gníomhaíochta a chur le chéile freisin má táthar chun cur chuige comhordaithe a áirithiú. Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach chuige sin go mbeadh dlúthchomhar ann leis na comhpháirtithe sóisialta.
1.13Is ceanglas riachtanach í an chibearshlándáil chun iontaofacht an chórais fuinnimh a áirithiú de réir mar atá an córas fuinnimh sin ag éirí níos digitithe. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus, go háirithe, i bhfianaise na n‑imeachtaí a thit amach le déanaí, is follas an chontúirt a bhaineann le cibirionsaithe agus le gníomhartha sabaitéireachta in aghaidh bonneagar criticiúil. Mar sin féin, tagann fadhbanna chun cinn ní hamháin de thoradh ar ghníomhaíochtaí nach cibirionsaí ná gníomhartha sabaitéireachta iad, cuir i gcás ó chliseadh ar na crua‑earraí agus ar na bogearraí. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar dhearadh crua‑earraí agus bogearraí le linn na digiteála d’fhonn stóinseacht a áirithiú. Má chliseann ar na bonneagair sin nó má chuirtear isteach orthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann agus d’fhéadfadh fós go gcuirfí sábháilteacht an phobail i mbaol. Méadaíonn an ‘raon inionsaithe’ agus rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil de dhroim giniúint agus úsáid fuinnimh níos díláraithe i gcomhar leis an idirlíon. Caithfidh an córas fuinnimh digitithe (i dtéarmaí crua‑earraí agus bogearraí araon) a bheith iontaofa, agus caithfear infhaighteacht leanúnach á háirithiú leis.
1.14Creideann CESE nach bhfuil an aird agus an tacaíocht a mbeadh súil leis tugtha do straitéis chomhcheangailte an aistrithe fuinnimh ná don digiteáil sna ceantair thuaithe. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin do limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go ndéanfaí na geallsealbhóirí a spreagadh faoin gComhshocrú um an Tuath.
2.Cúlra
2.1D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht arb é is aidhm di digiteáil an chórais fhuinnimh a chur chun cinn. Is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta an Aontais An córas fuinnimh a dhigiteáil na cuspóirí a leagtar amach sa Tuarascáil Fadbhreathnaitheachta maidir leis an gclaochlú glas agus an claochlú digiteach, agus teicneolaíochtaí digiteacha ag cuidiú le sochaí aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní a chruthú, fad agus a áirithítear gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint as an aistriú sin.
2.2Sa Plean Gníomhaíochta atá ag an gCoimisiún i gcomhair an Aontais, molann sé sraith gníomhaíochtaí i gcúig réimse: an nascacht, an idir‑inoibritheacht agus malartú sonraí gan uaim a chur chun cinn trí spás sonraí coiteann a chruthú, infheistíocht san eangach cliste a chur chun cinn agus a chomhordú, seirbhísí níos fearr a sholáthar agus na seirbhísí sin a bheith bunaithe ar nuálaíocht dhigiteach chun tomhaltóirí a thabhairt i bpáirt san aistriú fuinnimh, cibearshlándáil a áirithiú sa chóras fuinnimh agus a áirithiú go bhfuil riachtanais fuinnimh na hearnála TFC, agus méadú ag teacht ar an earnáil sin, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Creideann an Coimisiún go bhféadfadh an digiteáil inacmhainneacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a fheabhsú.
2.3Deartar réitigh chliste chun níos mó smachta a thabhairt do thomhaltóirí ar a n‑ídiú fuinnimh agus a gcuid billí fuinnimh féin, agus bainistíocht úsáid fuinnimh a fheabhsú ar an mbealach sin, cé go bhfuil seans ann go dtuigfeadh go leor tomhaltóirí an poitéinseal sin gan aon réiteach cliste a bheith ag teastáil uathu. Ba cheart laghdú ar an ídiú fuinnimh a bheith ann de thairbhe na seirbhísí fuinnimh nuálacha, agus ba cheart fuinneamh a úsáid nuair atá sé ar fáil ar bheagán costais. Soláthraítear faisnéis thábhachtach le méadair chliste chun costais ídithe fuinnimh a laghdú, e.g. luacháil chliste feithiclí leictreacha, pumpaí teasa cliste in éineacht le painéil fhótavoltacha. Cuidíonn méadair chliste le custaiméirí smacht a choinneáil ar a gcuid billí, agus cuireann siad ar a gcumas stop a chur le billí míchruinne agus le cúlbhilleáil, dhá rud atá i measc na n‑ábhar imní is mó a bhíonn ag na tomhaltóirí. Foráiltear sa phlean gníomhaíochtaí maidir le huirlisí digiteacha, uirlisí a fhreastalaíonn ar leas na dtomhaltóirí agus a fhorbraítear i gcásanna áirithe i gcomhar leis na tomhaltóirí; foráiltear ann freisin maidir le scileanna digiteacha feabhsaithe, cistiú le haghaidh réiteach digiteach cliste trí chláir a fhéadfaidh cuidiú leis an gcuspóir chun an córas fuinnimh a dhigiteáil, tacaíocht le haghaidh rialtóirí náisiúnta agus táscairí coiteanna eangaí cliste á sainiú acu agus faireachán á dhéanamh acu ar na táscairí sin, spás coiteann Eorpach le haghaidh sonraí fuinnimh a chruthú, agus rannpháirtíocht dhlúth na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, go háirithe oibreoirí eangaí agus soláthraithe fuinnimh.
2.4De réir an Choimisiúin, is iontach na deiseanna a chuireann na teicneolaíochtaí TFC ar fáil le haghaidh an ghlasaithe. Ba cheart soláthar, stóráil agus éileamh fuinnimh a chothromú le réitigh digiteacha chun an córas fuinnimh a dhéanamh níos solúbtha, agus comhtháthú foinsí fuinnimh in‑athnuaite díláraithe a éascú. Ní mór margaí solúbthachta a fhorbairt chun infheistíochtaí sna roghanna solúbthachta a dhéanamh tarraingteach, gan beann ar cibé acu gineadóirí, tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí a bhaineann tairbhe de na huirlisí digiteacha.
2.5Ag an am céanna, cuirtear i dtábhacht sa phlean gníomhaíochta an gá atá le srian ar an ídiú fuinnimh san earnáil TFC. Sa phlean gníomhaíochta, foráiltear maidir le leathchúpla digiteach a chruthú le haghaidh eangach leictreachais na hEorpa, tacaíocht le haghaidh pobal fuinnimh trí uirlisí digiteacha, lipéid a bhaineann le fuinneamh a fhorbairt le haghaidh ríomhairí, lárionad sonraí agus blocshlabhraí, agus cód iompair Aontais a fhorbairt le haghaidh inbhuanaitheacht na líonraí teileachumarsáide.
2.6Tá méadú ag teacht ar an riosca a bhaineann le spiaireacht, cibearchoireacht agus cliseadh crua‑earraí a bhaineann le hídiú fuinnimh mar gheall go bhfuil an córas fuinnimh ag éirí níos digitithe le giniúint, tarchur agus dáileadh díláraithe fuinnimh agus níos mó gaireas digiteach ar an teallach. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún bearta cibearshlándála dea‑chomhordaithe chun athléimneacht fhoriomlán an chórais a neartú.
2.7Leagtar amach sa phlean go bhfuil idir ghníomhaíocht mheántéarmach agus fhadtéarmach ag teastáil chuige sin, chomh maith le creat rialachais. Míníonn an Coimisiún go mbeidh pobail leasmhara, gnólachtaí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta iomadúla rannpháirteach sa phróiseas, agus tugann sé dá aire nach mór maoiniú poiblí teoranta a úsáid ar bhealach críonna, sin agus go dteastaíonn níos mó infheistíochta príobháidí.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tugann an Coimisiún aghaidh ina phlean gníomhaíochta, mar is ceart, ar an bpoitéinseal ollmhór atá sna teicneolaíochtaí digiteacha chun solúbthacht an chórais leictreachais a mhéadú. Tacaíonn CESE leis na cuspóirí sin, agus is díol sásaimh dó an chuid is mó de na bearta atá á moladh sa phlean gníomhaíochta. Go háirithe, shoiléirigh CESE an nasc idir an t‑aistriú fuinnimh agus an t‑aistriú digiteach , agus tharraing sé aird ar na buntáistí a bhaineann leis an digiteáil i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, déine laghdaithe fuinnimh agus bainistíocht níos fearr ar bhonneagar fuinnimh. Mar sin féin, cé gur údar spreagtha é an plean gníomhaíochta, is gnách leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den scéal fisiciúil atá ann i bhfírinne óir tá an‑éagsúil leis na cásanna úsáide digiteála a luaitear sa phlean gníomhaíochta.
3.2Tá CESE den tuairim gurb iad seo a leanas na príomhdhúshláin atá roimh an earnáil fuinnimh: foinsí fuinnimh na hEorpa a éagsúlú; an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú; margadh fuinnimh comhtháite intíre a dhaingniú, feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh; an eangach fuinnimh a leathnú go tapa; an tslándáil soláthair a áirithiú; an geilleagar a dhícharbónú; astaíochtaí a laghdú; aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin le teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus fuinnimh ghlain; fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú agus a leathnú amach go suntasach d’fhonn na cuspóirí i leith na haeráide a chomhlíonadh; taighde agus oideachas gaolmhar a chur chun cinn; aistriú cóir a áirithiú, agus tacú leis an ngné shóisialta a bhaineann le fuinneamh, an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú, cuir i gcás. Is é digiteáil an chórais fuinnimh is bunús leis an méid sin, agus is rud é a fhágann gur féidir aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúsláin sin uile.
3.3Cé go bhfuil an cur chuige agus na bearta sonracha sa phlean gníomhaíochta ar an mbóthar ceart, níl ag éirí leis an gCoimisiún an plean gníomhaíochta a chomhtháthú sa bheartas ginearálta fuinnimh. Le cur chuige neamhchomhtháite faoina ndírítear ar an digitiú amháin agus faoina ndéantar neamhaird den chreat ginearálta, ní ghinfear ach na buntáistí atá mínithe i gceart sa phlean gníomhaíochta.
3.4Tá léargas i dtogra an Choimisiúin ar chás idéalach ina ndéantar an tógáil ar chóras fuinnimh dea‑fhorbartha (e.g. líonraí tarchurtha agus dáileacháin) agus ina ndéantar an córas sin a dhigiteáil. Mar sin féin, ní mór líonraí tarchurtha agus dáileachain a fhorbairt san Eoraip ar dtús sula bhféadfar teicneolaíocht dhigiteach chasta a fhorbairt. Is dícheall in aisce a bheidh sa digiteáil mura féidir fuinneamh atá bainistithe go ciallmhar a tharchur trí líonraí tarchurtha fuinnimh. Thairis sin amach, cuirtear méid ollmhór fuinnimh amú ar líonraí tarchurtha agus dáileacháin. Ar an saol seo féin, an leictreachas glas nach féidir a úsáid ná a tharchur, leictreachas ab éigean a rialáil, is rud é ar ar caitheadh ní ba mhó ná EUR 2 bhilliún roimh an ngéarchéim fuinnimh, agus bhí an tsuim sin níos mó ná EUR 12 bhilliún le linn na géarchéime fuinnimh i dtíortha móra amhail an Ghearmáin. Tiocfaidh méadú suntasach ar an gcaillteanas eacnamaíoch sin mura leathnófar eangacha leictreachais agus toillte stórála atá oiriúnach don chóras go pras agus mura n‑aimseofar bealaí níos fearr chun leictreachas a úsáid go díreach ar an láithreán in aon am amháin. Is cúnamh a bheidh i ndigiteáil na réimse sin leis na caillteanais sin a shainaithint agus le húsáid a bhaint as na sonraí a ghinfear amhlaidh i bhforbairt na líonraí.
3.5Ní haon bhréag a rá go bhfuil gá le hinfheistíocht nach beag i mbonneagair fuinnimh má tá i ndán go mbeidh eangacha cliste ann. Is fíor freisin go bhfuil roinnt mhaith Ballstát ann spreagann infheistíocht den saghas sin ós ríléir go bhfuil a gcuid reachtaíochta féin dírithe ar chaiteachas caipitil, agus is caiteachas oibríochtúil is mó a bhíonn i gceist le hinfheistíochtaí sa digiteáil. Ní leor an infheistíocht sin agus an dul chun cinn lena mbaineann comhordú agus faireachán a dhéanamh uirthi. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na smaointe a bhaineann le ‘Infheistíochtaí sa bhonneagar leictreachais digiteach a chur chun cinn’ a ionchorprú in Airteagal 58 de Threoir 2019/944 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus, ar an dóigh sin, creat rialála faoina ndreasaítear an infheistíocht i ndigiteáil na n‑eangacha leictreachais a áirithiú.
3.6Tá sé á chur in iúl ag an gCoimisiún Eorpach, agus a dhóthain údair aige, go bhfuil ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca le scéimeanna féintomhaltais comhchoiteanna agus pobail fuinnimh a fhorbairt. Bíodh is gur cuidiú iad na treoirlínte agus an t‑ardán turgnamhaíochta atá beartaithe i dtaca leis sin, ní hiad sin na gnéithe is tábhachtaí de. Breis agus cúig bliana tar éis chur i láthair an phacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, is suarach an ról atá ag pobail fuinnimh agus féintomhaltas comhchoiteann fós i gcórais fuinnimh na hEorpa. In a lán cásanna, is é is cúis leis sin bacainní móra maorlathacha agus easpa faisnéise a bheith ar na tomhaltóirí agus na táirgeoirí. Tá neamhaird tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar na bacainní sin go nuige seo. Ní mór dreasachtaí a thabhairt do mhuintir na hEorpa chun iad a spreagadh agus a ghríosú ar deireadh thiar chun a ngníomhaíochtaí uile i ngort an fhuinnimh a dhigiteáil. Ní mór an córas fuinnimh ina iomláine a bheith tarraingteach a dhóthain do na páirtithe a oibríonn sa chóras ionas ní hamháin go gcuideodh na dreasachtaí airgeadais leis an gcóras fuinnimh digitithe sin a chruthú, ach go spreagfadh an timpeallacht iomlán iad chun córas fuinnimh rialaithe, bainistithe agus slán a chruthú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh chomhfhreagracha a fhorbairt, tionscnaimh lena n‑áirítear tacaíocht dhíreach lena gcumasófar do phobail fuinnimh agus do thomhaltóirí comhchoiteanna tairbhe a bhaint as lán an phoitéinsil atá iontu, agus oibreoirí córas dáileacháin á gcur san áireamh chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Mura ndéantar amhlaidh, ní dhéanfar aon difear le huirlisí digiteacha.
3.7Rud eile a bhfuil gealladh faoi is ea luchtú déthreoch na bhfeithiclí leictreacha. Léirítear leis gur féidir leis na tomhaltóirí is gníomhaí cur go díreach le cobhsaíocht an chórais ach teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, TFC san áireamh, agus sin ar thaobh na heangaí agus ar thaobh an tomhaltóra araon. Bíodh sin mar atá, níl luchtú déthreoch feithiclí leictreacha in úsáid ach i gcás dornán beag gnólachtaí san Eoraip óir ní hamhlaidh a ceapadh an margadh chun dreasachtaí margadhbhunaithe a chur ar fáil le haghaidh soláthar leictreachas solúbtha an eangach isteach agus an eangach amach. Agus iarrachtaí á ndéanamh ag an gCoimisiún an margadh a dhearadh as an nua, ba cheart dó díriú go háirithe ar mhargadh a dhearadh ina bhfuil cásanna amhail an cás ar a dtugtar tuairisc i gcaibidil 4.2 den phlean gníomhaíochta tarraingteach agus faoina chuidítear leis na cásanna sin a phríomhshruthú, margadh faoinar féidir le hoibritheoirí líonra luchtú déthreoch a úsáid amach anseo mar thoisc i rialú lóid, rud nach mór a chur san áireamh sa reachtaíocht freisin chun slándáil an tsoláthair a áirithiú.
3.8Tá sé á athdhearbhú ag CESE go bhféadfadh éifeachtaí suntasacha dearfacha a bheith ag struchtúr soláthair fuinnimh atá aeráidneodrach, díláraithe agus digitithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar, go háirithe geilleagair réigiúnacha, ach an cur chuige ceart a chleachtadh ina leith
. Maidir leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, is cur chuige ginearálta atá de dhíth ón Aontas Eorpach, cur chuige ina gceanglaítear saincheisteanna sonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid le cuspóirí an bheartais maidir leis an gcomhtháthú sóisialta agus réigiúnach.
3.9I gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, leagann CESE béim ar an tuiscint gur tábhachtach an ní é dearadh teicnealathach na gcreatchoinníollacha eacnamaíocha agus cur chun cinn airgeadais teicneolaíochtaí, agus digiteáil an chórais fuinnimh go sonrach. Chomh maith céanna, tá CESE á thabhairt dá aire nach n‑éireodh go maith le beartas um athrú a bheith rathúil ach amháin má chuirtear san áireamh dinimicí sóisialta éagsúla an aistrithe agus má thugtar aghaidh orthu sin sna straitéisí agus sna bearta lena mbaineann. Ba cheart dúinn ról na dtomhaltóirí san aistriú digiteach a neartú agus iad a spreagadh chun a oiread réiteach cliste agus is féidir a úsáid, ós rud é go bhféadfaidh siad cuidiú le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus feidhmíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, agus dlúthpháirt ag gach cuid den slabhra luacha fuinnimh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Dá bhrí sin, is rud riachtanach atá sa bheartas um aistriú cóir agus bainistiú gníomhach polaitiúil ar athraithe. Tá baol ann nach n‑éireoidh leis an aistriú mar gheall ar fhrithbheartaíocht ón bpobal má dhéanfar neamhaird den ghné shóisialta ag céim an chur chun feidhme.
3.10De thoradh ar chlaochlú an chórais fuinnimh, d’fhéadfadh brabúis gan choinne a bheith ann do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhéadfaidís muirir níos airde a ghearradh ar na réitigh nua a mhol siad dá réir sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh seirbhísí nuálacha, aipeanna agus córais bhainistíochta fuinnimh leas a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe atá ann d’úsáideoirí fuinnimh agus, ar an gcaoi sin, cuid den bhrú a bhaint de na tomhaltóirí a bhfuil praghsanna arda fuinnimh ag déanamh buartha dóibh. De thairbhe na digiteála, is féidir praghsanna ar an margadh a chur i gcomparáid le chéile, féachaint chuige go mbeidh praghsanna i leith roghanna solúbthachta cothrom (amhail aistriú ualaigh) agus é a léiriú ag céim luath de phróiseas an mhargaidh go bhféadfadh tomhaltóirí fuinnimh, teaghlaigh leochaileacha cuir i gcás, níos lú a íoc ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfadh réitigh chuntasaíochta fuinnimh chliste deis a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta an méid fuinnimh ar féidir leo íoc as a úsáid agus gan ligean dóibh dul i bhfiacha.
3.11Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an scéal atá ann i bhfírinne maidir le margadh na méadar cliste a chur san áireamh agus idirghabháil a dhéanamh más gá sin. D’fhéadfadh go mbeadh costais arda le híoc ag tionóntaí as an tsuiteáil atá beartaithe le haghaidh méadar cliste. Go praiticiúil, is beag iomaíocht atá ann idir na soláthróirí éagsúla a chuireann seirbhísí méadraithe ar fáil. Léiríodh i bhfiosrúcháin ar an earnáil sa Ghearmáin agus san Ostair go bhfuil táscairí suntasacha ann go bhfuil olagaplacht neamhiomaíoch ann san earnáil fhomheadraithe
. D’fhonn an t‑iomaíochas a áirithiú, ní mór a áirithiú gur féidir le soláthraithe tríú páirtí gairis taifeadta tomhaltais a úsáid freisin. Mura n‑áirithítear sin, bheadh athrú sa chuideachta billeála i gceist i gcónaí leis na costais a bhaineann leis na gairis taifeadta tomhaltais atá ann cheana féin a ionadú.
3.12Sa chomhthéacs sin, athdhearbhaíonn CESE an seasamh atá aige gur ríthábhachtach sochaí fuinnimh an dá shraith a chosc. Ní ceart gurbh éard a tharlódh nach mbeadh buntáiste ar an aistriú fuinnimh ach amháin ag teaghlaigh a bhfuil an trealamh agus an teicneolaíocht acu, agus gan i ndán do theaghlaigh eile ach iompar na gcostas. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis na dreasachtaí agus leis na huirlisí chun an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme chun cabhrú le custaiméirí agus le teaghlaigh leochaileacha, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh spriocanna uaillmhianacha maidir le téamh/fuarú ceantair drochthionchar a imirt ar dhálaí na tithíochta sóisialta.
3.13Maidir le dearadh na gcóras fuinnimh agus an bhonneagair fhuinnimh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an tuiscint go gcaithfidh gach tomhaltóir – teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail fuinnimh san áireamh – a bheith rannpháirteach san obair agus córais chliste fuinnimh á bhforbairt, agus nach mór dreasachtaí a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh, ach freisin, ionas go gcuideoidh sí le cistiú an aistrithe. ‘Nuálaithe áitiúla agus réigiúnacha a nascadh’, mar a luann an Coimisiún i bpointe 7.3, tá sé sin an‑tábhachtach ar fad. Le gníomhaíocht choiteann, amhail comhar idir cathracha agus pobail chliste, is féidir na réitigh is fearr agus is inacmhainne a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó réigiún a chruthú.
3.14Is éard atá á bheartú leis an bplean gníomhaíochta go bunófar spás coiteann Eorpach sonraí fuinnimh agus rialachas fónta lena áirithiú go gcomhordófar malartú sonraí agus úsáid sonraí fuinnimh ar bhonn uile‑AE. Tá an digiteáil fuinnimh á treorú ag beartais dhigiteacha agus fuinnimh an Aontais cheana féin, ós rud é nach féidir saincheisteanna amhail idir‑inoibritheacht sonraí, slándáil an tsoláthair agus cibearshlándáil agus cosaint an tomhaltóra a chur de fhreagracht ar an margadh amháin, agus baineann an‑tábhacht lena gcur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór cosc a chur ar shárú príobháideachais agus ar mhí‑úsáid sonraí ar gach bealach dá bhfuil ann. Ní hiad na réamhchúraimí teicniúla an t‑aon rud amháin a áirítear air sin, áirítear air freisin go mbeadh na húdaráis stáit freagrach as an spás sonraí sin agus as an bhfaireachán a dhéantar air agus iad faoi réir rialú polaitiúil agus daonlathach. Ní mór úinéireacht sonraí poiblí a chur chun cinn ós rud é gur toisc thábhachtach eacnamaíoch iad sonraí i sochaí atá líonraithe agus dhigitithe. Ar an taobh eile den scéal, ní mór monaplachtaí príobháideacha sonraí GAFA
a chosc. Ag an am céanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar shonraí bonneagair chriticiúil a chosaint.
3.15Cé go bhfuil gealladh faoin spás sonraí atá beartaithe, tá gá fós le rialacha soiléire lena rialaítear rochtain gach rannpháirtí sa mhargadh ar shonraí anaithnidithe ar spéis leo na sonraí sin a úsáid chun trádáil agus comhroinnt fuinnimh a phleanáil ar dhóigh níos fearr, mar shampla. Is den tábhacht é go gcuirfí leis an ‘rialachas láidir’ a luaitear sa phlean gníomhaíochta trí chearta bunúsacha a leagan síos do gach rannpháirtí sa mhargadh, tomhaltóirí, táirgeoirí is tomhaltóirí, trádálaithe fuinnimh, etc. san áireamh.
3.16A mhéid a bhaineann le comhordú straitéiseach ar leibhéal an Aontais, foráiltear sa phlean gníomhaíochta do bhunú Grúpa Saineolaithe um an bhFuinneamh Cliste (rud ar a dtugtaí Tascfhórsa um Eangacha Cliste tráth). Is é is cuspóir don ghrúpa sin rannchuidiú le forbairt an chreata Eorpaigh um chomhroinnt sonraí a bhaineann le fuinnimh, an comhordú a neartú ar leibhéal an Aontais i ndáil le malartuithe sonraí san earnáil fuinnimh, na prionsabail cheannasacha a shainiú, comhsheasmhacht maidir le tosaíochtaí agus tionscnaimh éagsúla comhroinnte sonraí a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus spás coiteann Eorpach sonraí fuinnimh á fhorbairt agus á rolladh amach aige. Cuireann CESE in iúl nach foláir treoirlínte agus cuspóirí soiléire a leagan síos ina thaobh sin agus gur ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe páirteach san obair sin.
3.17Cur chuige spéisiúil is ea an smaoineamh tacaíocht a thabhairt d’oibreoirí córas tarchurtha agus d’oibreoirí córas dáileacháin chun leathbhreac digiteach na heangaí leictreachais a chruthú. Is féidir cuidiú le samhaltú eangach a bhuí leis sin. Mar sin féin, ní mór a shonrú go beacht cad é an ról a bheidh ag an leathbhreac digiteach maidir le leathnú na n‑eangach a phleanáil, maidir leis an eangach a chur i gclisteacht , maidir le roghanna solúbthachta a chomhtháthú, lena n‑áirítear gléasraí cumhachta fíorúla, táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh, agus comhroinnt fuinnimh, agus maidir le hathléimneacht a optamú. I ndáil leis sin, is cosúil gur gá leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2017/944 chomh maith.
3.18Luann an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh gur ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfaidh an digiteáil dochar don chreat maidir le cosaint tomhaltóirí atá bunaithe cheana féin don mhargadh inmheánach leictreachais. Tá CESE ag tabhairt an méid sin dá aire, agus tá sé ag cur in iúl nach mór cearta na dtomhaltóirí ar an margadh fuinnimh a oiriúnú agus a fheabhsú. Níor cheart tomhaltóirí a bheith faoi mhíbhuntáiste ná táillí ró-ard a bheith á ngearradh orthu. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, ar dhaoine faoi mhíchumas agus orthu siúd a bhfuil easpa scileanna digiteacha orthu. Tá rialacháin chosanta leordhóthanacha de dhíth i dtaca leis sin ós léir cheana nach féidir le roinnt mhaith tomhaltóirí fanacht bord ar bhord le faisnéis dhigiteach agus leis na billí.
3.19Foráiltear sa Teachtaireacht nár cheart tionchar diúltach a bheith ag an digiteáil ar chumas na mBallstát praghsanna rialáilte a bhunú, go háirithe i gcás custaiméirí leochaileacha agus i gcás daoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh. Is féidir le húdaráis phoiblí an bhochtaineacht fuinnimh a shainaithint, faireachán a dhéanamh uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr, a bhuí le huirlisí digiteacha. Ar an dul céanna, is féidir leis an earnáil fuinnimh a cuid oibríochtaí a optamú, díriú ar shlándáil an tsoláthair agus tús áite a thabhairt d’úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh.
3.20Is díol sásaimh do CESE gur fhógair an Coimisiún go n‑áiritheofar go mbeadh comhar idir príomhthionscadail T&N agus é féin mar aidhm leis sin straitéisí a shainaithint a spreagfaidh tomhaltóirí chun uirlisí digiteacha inrochtana agus inacmhainne a dhearadh agus a úsáid faoi lár na bliana 2023. Cuireann CESE in iúl arís eile go bhfuil gá fós le hinfheistíocht nach beag sa taighde agus sa nuálaíocht.
‑Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcórais chliste agus inathnuaite fuinnimh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus chun praghsanna inacmhainne a áirithiú agus poist a chruthú. Molann CESE arís eile, mar a mhol sé i dtuairim ECO/569, go gcuirfí an riail óir i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht phoiblí. Cibé tionscnamh atá i gceist, is tábhachtach méadar cliste a bheith ag an tomhaltóir sa bhaile. Ní hamhlaidh an cás i mBallstáit go leor fós, agus is é sin an fáth a bhfuil géarghá borradh a chur faoi iarrachtaí chun méadrú cliste a chur in úsáid mar réamhriachtanas bunúsach don chuid is mó de na réitigh dhigiteacha san earnáil fuinnimh. Na Ballstáit nach bhfuil méadair chliste curtha i bhfeidhm go forleathan acu fós, ní mór dóibh dlús a chur leis an bpróiseas sin agus cur leis na cuspóirí atá acu maidir leis an gcur i bhfeidhm sin.
3.21Tá baol ann nach ndéanfar seirbhísí sonraí‑bhunaithe agus réitigh teicneolaíochta nuálacha a chur chun feidhme tapa go leor mura mbeidh dóthain oibrithe ag a bhfuil ardscileanna agus gairmithe oilte ann chun cuidiú leis na seirbhísí agus na réitigh sin a chur chun feidhme
. Creideann CESE nach mór bearta iomchuí a dhéanamh láithreach bonn i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun na spriocanna a bhaint amach.
3.22Mar sin féin, tá gá freisin le acmhainní agus cláir airgeadais leordhóthanacha chun oiliúint a chur ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, ar mhná agus ar dhaoine óga go háirithe trí chláir shonracha agus chun dálaí creata tarraingteacha a chruthú dóibh. Áirítear air sin ráthaíochtaí poist chomh maith le tionscnamh oiliúna agus cáilíochta agus raon leathan deiseanna chun athsciliú agus breisoideachas a fháil. Tá acmhainní airgeadais leordhóthanacha teastáil le haghaidh na mbeart is gá i margadh an tsaothair agus sa bheartas oideachas. Ní mór freisin plean gníomhaíochta a chur le chéile má táthar chun cur chuige comhordaithe a áirithiú.
3.23Tá CESE ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar idir na soláthraithe oiliúna agus na gnólachtaí i ndearadh na gcúrsaí oiliúna chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a sholáthar le haghaidh chlaochlú digiteach agus inbhuanaithe an gheilleagair, lena n‑áirítear trí bhreisoideachas agus athoiliúint a chur ar oibrithe agus fiontraithe araon. Déanfar na bearta sin a neartú agus a chur chun feidhme go héifeachtach le linn Bhliain Eorpach na Scileanna 2023.
3.24Is ceanglas riachtanach í an chibearshlándáil chun iontaofacht an chórais fuinnimh a áirithiú de réir mar atá an córas fuinnimh sin ag éirí níos digitithe. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus, go háirithe, i bhfianaise na n‑imeachtaí a thit amach le déanaí, is follas an chontúirt a bhaineann le cibirionsaithe agus le gníomhartha sabaitéireachta in aghaidh bonneagar criticiúil. Mar sin féin, tagann fadhbanna chun cinn ní hamháin de thoradh ar ghníomhaíochtaí nach cibirionsaí ná gníomhartha sabaitéireachta iad, ach de thoradh freisin cliseanna sna crua‑earraí agus sna bogearraí. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar dhearadh crua‑earraí agus bogearraí le linn na digiteála d’fhonn an stóinseacht a áirithiú. Má chliseann ar bhonneagar criticiúil nó má chuirtear isteach air, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann, agus d'fhéadfadh go gcuirfí sábháilteacht an phobail i mbaol. Méadaítear an ‘raon inionsaithe’ agus na rioscaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil de dhroim giniúint agus úsáid fuinnimh níos díláraithe i gcomhar leis an idirlíon.
3.25D’fhéadfadh slabhra luacha iomlán an chórais fuinnimh, ó chéim an táirgthe agus an tarchuir go céim an dáileacháin agus an tomhaltóra, lena n‑áirítear gach comhéadan digiteach ar feadh an tslabhra, a bheith ina sprioc don cibirionsaí don ionsaí fisiciúil. Is ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair chriticiúil sin. Ní mór don Aontas a bheith níos ullmhaithe i gcoinne ionsaithe den chineál sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí measúnú criticiúil láithreach bonn ar na bearta uile a rinneadh go dtí seo, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh straitéis chuimsitheach ann chun an tAontas a chosaint ar bhagairtí mar thubaistí nádúrtha, ionsaithe fisiciúla agus cibirionsaithe. Ina fhianaise sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar thuairimí eile dá chuid faoin ábhar sin
agus molann sé gur cheart an infheistíocht eachtrach uile a dhéantar in earnálacha straitéiseacha san Aontas a bheith ag teacht le beartas slándála an Aontais.
3.267% den leictreachas a chaitear ar domhan, is in earnáil TF a chaitear é. Ós amhlaidh atá, is ríthábhachtach féachaint chuige go laghdófar riachtanais fuinnimh earnáil TFC, riachtanais atá ag dul i méid, i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta agus sinn i mbun an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Aontaíonn CESE leis an tuiscint gur den riachtanas aghaidh a thabhairt ar thomhaltas fuinnimh agus acmhainní feadh slabhra luacha TFC agus ar na príomhfhoinsí breise tomhaltais fuinnimh a bhaineann le TFC. Is ann cheana do réitigh maidir leis an gcaoi chun fuíoll teasa ó ionaid sonraí a athúsáid chun tithe teasa agus gnólachtaí a théamh. Dá bhrí sin, ba thábhachtach caitheamh le dramhtheas ar aon chéim le foinsí in‑athnuaite fuinnimh san athbhreithniú a dhéanfar ar an Treoir maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (RED III) agus ar reachtaíocht eile a bhaineann leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Mar sin féin, má tá i ndán go mbeidh torthaí optamacha ann, is réitigh nithiúla atá ag teastáil, réitigh is féidir a chur i bhfeidhm, réitigh ba shamhail den dea-chleachtas.
3.27Ní mór na rudaí seo a leanas a áirithiú ar fud an domhain i bhfóraim idirnáisiúnta agus i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta: caighdeáin theicniúla idir‑inoibritheacha, an chibearshlándáil, cosaint sonraí agus príomhghnéithe eile de chóras fuinnimh digitithe. Chun dul chun cinn a dhéanamh san aistriú glas agus san aistriú digiteach le tíortha comhpháirtíochta trí theagmhálacha déthaobhacha, iarrann CESE ar an gCoimisiún gnéithe digiteacha agus glasa a ionchorprú i dtionscadail, i gcomhpháirtíochtaí agus i gcomhaontuithe comhair atá bainteach le fuinneamh.
4.Barúlacha sonracha
4.1Creideann CESE nach bhfuil an aird agus an tacaíocht a mbeadh súil leo faighte ag na ceantair thuaithe le haghaidh straitéis chomhcheangailte an aistrithe fuinnimh ná le haghaidh na digiteála. Tá sé ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin i gcomhair limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus, sin agus na geallsealbhóirí a spreagadh faoin gComhshocrú um an Tuath.
4.2Tá áirithiú chomhionannas mhargadh an tsaothair in earnáil an fhuinnimh á mholadh ag CESE trí dheiseanna a thabhairt i gceist le haghaidh na mban agus, san am céanna, cosc a chur ar an aistriú fuinnimh agus ar an aistriú digiteach a dhéanfadh aimhleas do ghairm agus do phá na mban, agus trí chur le hidirphlé sóisialta agus le comhaontuithe comhchoiteanna i dtaobh le comhionannas sna cuideachtaí fuinnimh ar fud na hEorpa.
An Bhruiséil, 22 Márta 2023
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________