NAT/887
Deimhniúchán an aistrithe carbóin
TUAIRIM
An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin
[COM(2022) 672 final – 2022/0394 (COD)]
Rapóirtéir: Stoyan TCHOUKANOV
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 01/12/2022
Parlaimint na hEorpa, 01/02/2023
An Chomhairle Eorpach, 06/02/2023
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 192(1), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
09/03/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
46/01/01
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, óir aithníonn sé gur gá cur leis an aistriú carbóin agus cleachtais athghiniúnacha a chur chun cinn, gan aird a bhaint ón bpríomhsprioc na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d’fhonn teorainn a chur leis an téamh domhanda. Mar sin féin, tugann CESE dá aire go bhfágann an togra an iomarca pointí ríthábhachtacha le forbairt trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.
1.2Aithníonn CESE gur ann do scéimeanna éagsúla leis an aistriú carbóin a fhíorú agus a chúiteamh ar fud an Aontais agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh creat deimhniúcháin comhchoiteann cruth níos soiléire fónta ar chúrsaí ach rialacha Eorpacha uileghabhálacha a bhunú chun tomhas, fíorú, agus deimhniú thairbhí aeráide na n‑aistrithe carbóin a rialú. Fágann taobh deonach an chreata go ngabhann tionchar dreasachta leis, lenar féidir sruthanna nua ioncaim a sholáthar dóibh siúd ar spéis leo gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dhéanamh. Teastaíonn a thuilleadh soiléireachta ó CESE i dtaca leis an amlíne atá beartaithe ó thaobh cur chun feidhme iomlán de, ós rud é gur gá comhlachtaí agus aonaid deimhniúcháin a chruthú.
1.3Feictear do CESE gur ábhar imní an mhí‑úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an aistriú carbóin dá mba chuid de bheartas aeráide an Aontais é, idir an baol gur lú na laghduithe astaíochtaí a dhéanfaí nó go gcuirfí siar iad de dheasca gealltanas aistriú carbóin a dhéanamh amach anseo, agus an baol go ndéanfaí maíomh bréagach nó go gcuirfí snas glas ar chúrsaí trí chreidmheasanna carbóin a cheannach. D’fhonn an snas glas a chosc, iarrann CESE go ndéanfar an fad atá beartaithe an carbón a stóráil agus baol an aisiompaithe a léiriú trí dheimhnithe aistrithe carbóin difriúla a úsáid (lena gcumhdófaí ‘stóráil bhuan’, ‘feirmeoireacht carbóin’, agus ‘stóráil carbóin i dtáirgí fadtéarmacha’).
1.4Is díol sásaimh do CESE aidhm an Choimisiúin soiléiriú a thabhairt ar luach na ngníomhaíochtaí deimhnithe aistrithe carbóin, agus trédhearcacht ina thaobh a chur ar fáil, don phobal, do na soláthraithe aistrithe carbóin, agus do na ceannaitheoirí. Mar sin féin, teastaíonn a thuilleadh coimircí uaidh i dtaca le luach na ndeimhnithe agus leis an leas a bhaintear astu. Iarrann sé ar an gCoimisiún treoir shoiléir a chur ar fáil lena saineofar cén sórt maímh is iomchuí a dhéanamh i gcásanna difriúla aistrithe deimhnithe carbóin agus iarrann sé go ndéanfar idirdhealú i gcónaí idir na deimhnithe a bhaineann le stóráil bhuan, le feirmeoireacht carbóin, agus le stóráil carbóin i dtáirgí.
1.5I dtaca leis na modheolaíochtaí a fhorbrófar faoin gcreat amach anseo, iarrann CESE go dtabharfar cur síos soiléir ar chúrsaí freagrachta agus go gcuirfear an trédhearcacht chun cinn i gcónaí. Ní mór faireachán agus maolú leanúnach a dhéanamh ar bhaol an aisiompaithe. Caithfear an dliteanas agus an t‑aistriú dliteanais i gcás carbón aistrithe agus carbón stóráilte a shainiú go soiléir ar fud réimse iomlán na ngníomhaíochtaí aistrithe carbóin.
1.6Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú gur ar fhianaise eolaíochta a bhunófar na modheolaíochtaí agus gurb é saineolas an lucht eolaíochta a bheidh ina threoir. Cuireann CESE in iúl go bhfuil ualach róthrom ag baint le córas róchasta an deimhniúcháin le glacadh forleathan na gcleachtas a chur chun cinn. Tá cuma an-fhadálach an-teicniúil ar na nósanna imeachta lena mbaineann agus d’fhéadfaidís lagmhisneach a chur ar na hoibreoirí, ós rud é gur minice ná a mhalairt gur gnólachtaí beaga atá i gceist nach mbíonn ach corrlaigh chúnga bhrabúis acu sa chás is fearr.
1.7Tugann CESE dá aire gur gá réimse leathan gnéithe den aistriú carbóin a thomhas le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh, rud a mbíonn cianbhraiteacht agus sonraí satailíte ag teastáil lena aghaidh. I dtaca leis na tomhais is gá, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé riachtanach go gcoinneofar a ísle is féidir na costais a bhaineann le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh ar an aistriú carbóin, lena chinntiú go bhfuil rochtain fhorleathan ar an gcreat deimhniúcháin.
1.8Cuireann CESE i bhfáth nach mór a mheas go cúramach cé na bagairtí agus na fothorthaí a ghabhann leis an togra a bhféadfadh sé go mbeadh ar na príomhghníomhaithe (feirmeoirí agus tionscail na foraoiseachta, na tógála, agus an adhmaid) dul i ngleic leo, saincheisteanna comhshaoil agus socheacnamaíocha san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu sin sula gcomhtháthófar an creat deimhniúcháin i mbeartais eile, cuir i gcás sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT).
1.9Dar le CESE, níor cheart leas a bhaint as CBT atá ann faoi láthair leis an bhfeirmeoireacht carbóin ná an t‑aistriú carbóin a mhaoiniú. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh ról beag ag CBT ó thaobh aistrithe carbóin de, ceapadh an ionstraim sin ar mhaithe le táirgeadh an bhia, na beatha ainmhithe, agus na bithmhaise, rud arb é príomhchuspóir earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta é. Sa chomhthéacs sonrach sin, fotháirge is ea na haistrithe carbóin, rud a fhágann gur cheart foinsí breise maoiniúcháin a chur ar fáil.
1.10Tá an-chuid débhríochta ann ó thaobh an Choimisiúin de i dtaca leis an maoiniú agus síleann CESE go mbeidh sí sin ina údar mór díspreagtha dóibh siúd a mbeadh spéis acu ann. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil gá le cinnteacht de shaghas éigin i dtaca leis an maoiniú. I bhfianaise na ndeiseanna a bheidh ann carbón a aistriú amach anseo, molann CESE treochlár a fhorbairt le hionstraim choiteann airgeadais a chur ar bun le haghaidh na mbeart seo.
2.Barúlacha ginearálta
Caithfear cur leis an aistriú carbóin má táthar chun na spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach
2.1I gcomhréir le Comhaontú Pháras, ghabh an tAontas Eorpach air féin astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, agus astaíochtaí glandiúltacha as sin amach. De réir na tuarascála is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní leor díriú ar astaíochtaí a laghdú agus air sin amháin má táthar leis an sprioc a bhaint amach. Dar leis an bPainéal nach bhfuil de rogha air ach leas a bhaint as aistrithe dé-ocsaíde carbóin leis na hastaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú a chúiteamh má táthar leis an neodracht carbóin nó astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach
.
2.2Cé nach rogha ar an laghdú suntasach is gá a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an t‑aistriú carbóin, ní mór leas a bhaint as in éineacht leis na hiarrachtaí astaíochtaí a laghdú má táthar leis an aeráidneodracht agus astaíochtaí glandiúltacha a fhíorú. Dá bharr sin, ní mór cur go suntasach leis an aistriú carbóin ar fud an domhain le srian a choinneáil ar an tiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar agus teorainn a chur leis an téamh domhanda. D’fhonn a spriocanna aeráide a bhaint amach, measann an tAontas nach mór a chuid astaíochtaí a laghdú faoi 85-95 % i gcomparáid le leibhéil 1990, agus gur gá dul i muinín an aistrithe carbóin leis an mbearna a dhúnadh. Dá bhrí sin, beidh gá leis na céadta milliún tona (Mt) CO2 a bhaint as an atmaisféar gach bliain.
2.3Chuige sin, tá roinnt tionscnamh tugtha isteach ag an Aontas go dtí seo:
·An Dlí Aeráide Eorpach, lena leagtar síos cuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;
·An Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (Land Use, Land-Use Change and Forestry, LULUCF), a ndéantar foráil sa togra is déanaí ina thaobh maidir leis an sprioc glan-aistriú carbóin 310 Mt coibhéis CO2 a dhéanamh in 2030, agus carbón á stóráil san ithir, i bhforaoisí agus i dtáirgí adhmaid; agus
·An Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, lena leagtar amach treochlár i dtaca leis an gcaoi a gcabhróidh an fheirmeoireacht carbóin leis an sprioc atá beartaithe in LULUCF a bhaint amach in 2030, mar aon le réitigh thionsclaíocha lenar féidir ar a laghad 5 Mt a bhaint in 2030. Fógraíodh pleananna sa teachtaireacht freisin, i dtaca le togra a fhorbairt le haghaidh creat rialála um aistrithe carbóin a dheimhniú.
Tionscadail aistrithe carbóin a rialú
2.4Trí bhíthin a thogra lena mbunaítear creat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach cur leis an aistriú carbóin ardcháilíochta inbhuanaithe ach cistiú a dhreasú, an snas glas a chomhrac, agus muinín a thógáil, mar aon le dálaí an mhargaidh a chomhchuibhiú.
2.5Tá trí phríomhchatagóir leagtha síos ag an gCoimisiún ó thaobh modhanna aistrithe carbóin de:
·Stóráil bhuan, rud a chuimsíonn modhanna amhail gabháil agus stóráil carbóin bithfhuinnimh agus dírghabháil agus stóráil carbóin. Ba cheart go mbainfí 5 Mt CO2 ar a laghad trí bhíthin an mhodha seo faoi 2030, agus go mbeadh suas le 200 Mt CO2 bainte faoi 2050;
·Feirmeoireacht carbóin, rud a chuimsíonn modhanna amhail an foraoisiú agus an t‑athfhoraoisiú, bainistiú níos fearr ar fhoraoisí, an agrafhoraoiseacht, ceapadh carbóin san ithir, agus athchóiriú tailte portaigh. I dteannta na dtáirgí stórála carbóin, cabhraíonn an fheirmeoireacht carbóin leis an sprioc atá beartaithe in LULUCF a bhaint amach, mar atá 310 Mt coibhéis CO2 a bhaint, in aghaidh na bliana, faoi 2030, agus geilleagar atá neamhdhíobhálach don aeráid a fhíorú faoi 2050;
·Táirgí stórála carbóin, rud a chuimsíonn modhanna amhail ábhair de bhunús adhmaid a úsáid sa tógáil, mar aon le gabháil agus úsáid carbóin ar bhonn níos fadmharthanaí, ar rudaí iad, i dteannta na feirmeoireachta carbóin, a chabhróidh leis na spriocanna thuasluaite atá beartaithe in LULUCF agus sprioc an gheilleagair neamhdhíobhálaigh a bhaint amach.
2.6Lena áirithiú nach ndeimhneofar de réir an rialacháin ach aistrithe carbóin ardcháilíochta, tá na bunchritéir seo a leanas leagtha síos ag an gCoimisiún:
·Caithfear gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a thomhas go cruinn agus ní mór tairbhí soiléire don aeráid a bheith ag baint leo (cainníochtú);
·Ní mór do na gníomhaíochtaí aistrithe carbóin an barr a bhaint de chleachtais an mhargaidh agus dá bhfuil gá leis de réir dlí (breisíocht);
·Ní mór míniú soiléir a thabhairt sa deimhniú ar fhad na stórála carbóin agus idirdhealú a dhéanamh idir an stóráil bhuan agus an stóráil shealadach (stóráil fhadtéarmach);
·Ar deireadh, ba cheart do ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin dul chun tairbhe do chuspóirí aeráide eile, cuir i gcás an bhithéagsúlacht, nó, ar a laghad, níor cheart dóibh dochar a dhéanamh don chomhshaol (inbhuanaitheacht).
2.7Ionas gur soiléire na rialacha is infheidhme maidir le gach modh aistrithe carbóin, agus go gcuirfear na critéir cháilíochta i ngníomh, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe, modheolaíochtaí deimhniúcháin saincheaptha a fhorbairt agus a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe. Ar an gcéad dul síos, forbróidh an tAontas modheolaíochtaí agus tabharfaidh sé aitheantas do scéimeanna deimhniúcháin. Ar an dara dul síos, féadfaidh oibreoirí dul isteach i scéimeanna deimhniúcháin atá aitheanta ag an Aontas agus fíoróidh tríú páirtithe gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh deimhniúcháin. Déanfar taifead ar aistrithe carbóin deimhnithe i gclárlanna idir-inoibritheacha.
2.8Is ann do shineirgí éagsúla idir tionscnaimh atá ann cheana féin agus cinn atá ar na bacáin i ngort an aistrithe carbóin. De réir an rialacháin atá beartaithe, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tacaíocht phoiblí a fháil le haghaidh aistrithe carbóin trí bhíthin CBT, státchabhrach, nó an Chiste don Nuálaíocht;
·Aistrithe carbóin a chur san áireamh sa tuairisciú corparáideach, rud ar gá sainiú níos mine a dhéanamh air sa Tionscnamh um Maíomhanna Glasa nó sa Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach;
·Sineirgí le lipéid agus deimhniúcháin eile a chur chun tairbhe, cuir i gcás i réimse na feirmeoireachta orgánaí agus na bithmhaise inbhuanaithe;
·Aistrithe carbóin a chur san áireamh i gconarthaí slabhra soláthair, rud a bhunódh slabhraí luacha tionsclaíochta mar aon le sineirgí leis na córais inbhuanaithe bhia;
·Cur le sláine na margaí deonacha carbóin.
3.Barúlacha sonracha
Deimhniúchán láidir ar mhaithe le dlús a chur le hacmhainn aistrithe carbóin na hEorpa
3.1Má bhunaítear rialacha Eorpacha uileghabhálacha chun tomhas, fíorú, agus deimhniú thairbhí aeráide na n‑aistrithe carbóin a rialú, beidh sé ina chabhair mhór i dtaca le hacmhainn láidir aistrithe carbóin a fhorbairt san Eoraip. Airítear leis sin réimse leathan modhanna nuálacha lenar féidir le feirmeoirí, foraoiseoirí, an lucht tionscail, agus dreamanna eile nach iad CO2 neamhiontaise a ghabháil agus a stóráil.
3.2Céim riachtanach shuntasach i dtreo aistrithe carbóin a chomhtháthú i mbeartais aeráide an Aontais is ea an deimhniúchán. Airítear leis sin, cuir i gcás, dreasachtaí do lucht bainistithe talún ar mhaithe le carbón san ithir a stóráil (e.g. trí bhíthin CBT), soláthar ábhar tógála lena stóráiltear carbón neamhiontaise a chúiteamh (e.g. trí bhíthin cóid foirgneamh), nó tuairisciú ar spriocanna aeráide (e.g. trí bhíthin na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach).
3.3Dá bhrí sin, tá CESE go hiomlán i bhfabhar phrionsabal an chreata deimhniúcháin le haghaidh aistrithe carbóin agus ina fhabhar freisin mar chéim amháin i dtreo an deimhniúcháin láidir.
Mar is gá an carbón a aistrítear a rianú leis na comhthairbhí don aeráid, don gheilleagar, agus don tsochaí a áirithiú
3.4Cé go bhfuil sé riachtanach gur ar an mórchóir a dhéanfar an t‑aistriú carbóin, tá sé chomh tábhachtach céanna stiúir a choinneáil ar chúrsaí. Feictear do CESE gur ábhar imní an mhí‑úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an aistriú carbóin dá mba chuid de bheartas aeráide an Aontais é, idir an baol go ndéanfaí an maolú a dhíspreagadh, go ndéanfaí maíomh glas bréagach, agus go gcuirfí snas glas ar chúrsaí trí chreidmheasanna carbóin a cheannach.
3.5Dá bhrí sin, creideann CESE go dteastaíonn creat deimhniúcháin éifeachtach láidir ón Aontas lena áirithiú nach ndeimhnítear ach an t‑aistriú carbóin ardcháilíochta iontaofa. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais an t‑aistriú carbóin a aithint agus a chúiteamh gan cur isteach ar an dícharbónú.
3.6Tá sé ríthábhachtach íosleibhéal cáilíochta a bhunú le haghaidh na n‑aistrithe carbóin uile, má táthar le cur ina luí ar na príomhghníomhaithe go bhfuil tairbhe aeráide dháiríre ag baint leis an aistriú carbóin atá deimhnithe ag an Aontas. Lena chois sin, beidh ar an Aontas a chur in iúl go soiléir amach anseo gur féidir na haistrithe carbóin deimhnithe a chomhtháthú go sábháilte sna beartais eile de chuid an Aontais a bhaineann le saincheist na haeráide ina hiomláine.
3.7Sa chomhthéacs sin, caithfear breisíocht a léiriú i dtaobh gníomhaíocht aistrithe carbóin, is é sin le rá gur aistríodh carbón nach n‑aistreofaí murach í. Ceanglas docht is ea an méid sin sa chás go mbainfear leas as na deimhnithe chun cúiteamh a éileamh, ach d’fhéadfaí é a mhaolú, b’fhéidir, i gcás nach mbíonn éileamh i gceist (e.g. i gcás íocaíochtaí díreacha ón rialtas le feirmeoirí ar mhaithe leis an aistriú chuig cleachtais athghiniúnacha a dhreasú). Ar an ábhar sin, ba cheart comhthairbhí inbhuanaitheachta a chruthú de thoradh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, in áit tionchar ‘neodrach’ a bheith acu, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún i láthair na huaire.
3.8Cuireann CESE i bhfáth freisin gur gá faireachán agus maolú leanúnach a dhéanamh ar bhaol an aisiompaithe (sceitheadh CO2 atá stóráilte). Caithfear an dliteanas agus an t‑aistriú dliteanais i gcás carbón aistrithe agus carbón stóráilte a shainiú go soiléir sonrach i gcás aistrithe carbóin de gach aon sórt.
An t‑idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir an carbón a stóráil go buan, an fheirmeoireacht carbóin, agus an carbón a stóráil i dtáirgí
3.9Is féidir difríochtaí suntasacha a bheith ann idir na modhanna aistrithe carbóin go léir i dtaca leis an gcaoi a mbaintear CO2 as an atmaisféar, i dtaca leis an áit a stóráiltear an carbón, agus i dtaca le fad na stórála.
3.10Ar an mórgóir, is é an carbón atá stóráilte i dtaiscumair thalún agus sa bhithmhais (modhanna aistrithe na dtimthriallta gearrthéarmacha) is leochailí agus is gairide tréimhse stórála ná an carbón atá stóráilte i dtaiscumair gheolaíocha (modhanna aistrithe na dtimthriallta fadtéarmacha).
3.11Dá thoradh sin, ba cheart na modhanna éagsúla aistrithe agus stórála carbóin a chomhaireamh, a bhainistiú, agus a dheimhniú ar bhealaí difriúla, de réir chineál na stórála carbóin. Déanann an tAontas idirdhealú cheana féin idir colún LULUCF agus astaíochtaí na hearnála tionsclaíochta. Leis an Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, tugtar isteach idirdhealú idir ‘carbón iontaise’, ‘carbón bithghineach’, agus ‘carbón an atmaisféir’, agus moltar lipéadú, rianú, agus cur san áireamh ar leith a dhéanamh ar na cineálacha carbóin sin faoi seach san Aontas faoi 2028 ar a dhéanaí.
3.12De bhreis air sin, ba cheart a chur i bhfáth go bhfuil ról difriúil ag na trí ghrúpa modhanna aistrithe carbóin (stóráil bhuan, feirmeoireacht carbóin, agus stóráil carbóin i dtáirgí) i dtaca leis an dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta, agus torthaí, costais, dúshláin úsáide, leibhéil aibíochta, tuairimí pobail difriúla ag baint leo faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart iad a dhreasú agus a rialú ar bhealaí difriúla, agus beartais agus tacaíocht airgeadais shaincheaptha a cheadú a fhreastalaíonn ar riachtanais gach modha aistrithe dé-ocsaíde carbóin faoi seach.
3.13Ina fhianaise sin, tagann CESE le haidhm an Choimisiúin soiléiriú a thabhairt ar luach na ngníomhaíochtaí deimhnithe aistrithe carbóin, agus trédhearcacht ina thaobh a chur ar fáil, don phobal, do na soláthraithe aistrithe carbóin, agus do na ceannaitheoirí.
3.14Mar sin féin, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún a thuilleadh fós a dhéanamh agus treoir a thabhairt freisin ina sainítear ar féidir a mhaíomh i dtaobh na gcineálacha difriúla aistrithe carbóin deimhnithe (i.e. stóráil bhuan, feirmeoireacht carbóin, stóráil carbóin i dtáirgí). Beidh sé sin ríthábhachtach i dtaca le réimse iomlán na gcásanna deimhniúcháin aistrithe carbóin a d’fhéadfadh a bheith ann a chothú, agus sláine na dtairbhí aeráide arna maíomh á háirithiú agus an snas glas á chosc.
Trédhearcacht agus ról na heolaíochta i bhforbairt na modheolaíochtaí a áirithiú
3.15Ós rud é go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i mbun próiseas ar leith, le tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe, le modheolaíochtaí na ngníomhaíochtaí aistrithe carbóin a fhorbairt agus a thuilleadh sonraí a leagan amach i dtaca leis na deimhnithe i ngníomhartha tarmligthe, iarrann CESE ar an gCoimisiún ról a thabhairt don tsochaí shibhialta ann agus comhairle a lorg uaithi.
3.16Iarrann CESE ar an gCoimisiún a áirithiú gur ar fhianaise eolaíochta a bhunófar na modheolaíochtaí atá le forbairt agus gurb é saineolas an lucht eolaíochta a bheidh ina threoir.
3.17Tugann CESE dá aire gur gá réimse leathan gnéithe den aistriú carbóin a thomhas le faireachán, tuairisciú, agus fíorú a dhéanamh, rud a mbíonn cianbhraiteacht agus sonraí satailíte ag teastáil lena aghaidh. I dtaca leis na tomhais is gá, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé riachtanach na costais a bhaineann le faireachán, tuairisciú, agus fíorú na n‑aistrithe carbóin a choinneáil a ísle agus is féidir, lena chinntiú go bhfuil rochtain fhorleathan ar an gcreat deimhniúcháin.
3.18Ba cheart don Aontas cuimhneamh ar chistiúchán tiomnaithe a chur ar fáil ar mhaithe leis an taighde, le forbairt na modheolaíochtaí, agus leis an gcéim phíolótach. Ó thaobh na ngníomhaithe beaga de, beidh sé riachtanach tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh fothú acmhainneachta agus leis na costais riaracháin a íoc, má táthar leis an rochtain ar an gcreat deimhniúcháin a dhéanamh daonlathach.
3.19Ar deireadh thiar, cuireann CESE i bhfáth nach mór a mheas go cúramach cé na bagairtí agus na fothorthaí a ghabhann leis an togra a bhféadfadh sé go mbeadh ar na príomhghníomhaithe (feirmeoirí agus tionscail na foraoiseachta, na tógála, agus an adhmaid) dul i ngleic leo, saincheisteanna comhshaoil agus socheacnamaíocha san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu sin sula gcomhtháthófar an creat deimhniúcháin i mbeartais eile, cuir i gcás in CBT.
An Bhruiséil, 9 Márta 2023
Peter SCHMIDT
Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
_____________