SOC/748
An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta
TUAIRIM
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta
(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)
Rapóirtéir: Justyna Kalina OCHĘDZAN
|
Comhairliúchán
|
Litir ó Uachtaránacht na Spáinne ar an gComhairle, 27/07/2022
|
|
Bunús dlí
|
Riail 304 de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tústuairim
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
03/04/2023
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
87/00/00
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Creideann CESE gur cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de d’fhonn cóineasú aníos a bhaint amach sna réimsí sin, agus ardleibhéal urraime do chearta an duine a bheith ag gabháil leis an bhforbairt sin. Baineann roinnt dúshlán leis na réimsí sin a fhorbairt ag an am céanna.
1.2Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá, i bhfianaise na ngéarchéimeanna iomadúla agus géarchéimeanna a d’fhéadfadh titim amach sa todhchaí, athmhachnamh a dhéanamh ar bhosca uirlisí an Aontais maidir le rialachas sóisialta d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus an éagothromaíocht a laghdú.
1.3Tá an cóineasú sóisialta aníos san Aontas i mbaol de dheasca géarchéimeanna iomadúla agus na n‑éifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann leo, ós rud é gur mó forbairt agus gur fearr comhordú an rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch ná an rialachas sóisialta. Feictear do CESE gur deis atá sa Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (NIES) chun comhordú iarrachtaí náisiúnta a fheabhsú d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach. Ba cheart úsáid níos fearr na struchtúr rialachais san Aontas teacht as sin freisin.
1.4Molann CESE NIES a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite beartas na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar le NEIS na próisis agus uirlisí faireacháin sin atá ann cheana agus go soláthrófar breisluach le NIES tríd an gcóineasú sóisialta aníos a éascú.
1.5Is é an bealach is fearr chun NIES a chur chun feidhme cur chuige céim ar chéim ina ndéantar, i gcás inarb iomchuí, tógáil ar na nósanna imeachta atá ann cheana féin agus an chur chuige sin leabaithe sna nósanna imeachta agus sna córais sin chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann leis.
1.6Molann CESE go ndéanfar éagothroime shóisialta a shainmhíniú mar na cásanna criticiúla a shainaithneofar leis an scórchlár sóisialta agus mar imeacht shoiléir ón gconair i dtreo spriocanna an Phlean Ghníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feabhas a chur ar cháilíocht na modheolaíochta chun torthaí sóisialta a thomhas ionas gur féidir prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus treochtaí ilbhliantúla a chur san áireamh go hiomlán.
1.7Molann CESE go ndéanfar NIES a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, fud fad a chéimeanna éagsúla. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, na Tuarascálacha Tíre agus grinn‑athbhreithnithe ad hoc a úsáid chun an éagothroime shóisialta a shainaithint agus chun dul i ngleic léi. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éagothroime shóisialta ar a dtugtar tuairisc sa tuarascáil tíre i bpointe ar leith sa bhrollach le haghaidh na moltaí tírshonracha agus sna moltaí féin. Leis na moltaí sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh le hathchóirithe sonracha a chur chun feidhme, arb athruithe iad, de réir anailís an Choimisiúin agus mheasúnuithe na mBallstát, na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus na n‑eagraíochtaí sóisialta, is mó is dócha a chuirfeadh feabhas ar an staid chriticiúil sna réimsí arna sainaithint. Mar fhreagairt air sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann na tionscnaimh agus na hathruithe sin a bheadh le cur chun feidhme a mholadh d’fhonn na cásanna criticiúla a shainaithnítear a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh i bplean den sórt sin measúnú ar an gcomhsheasmhacht idir na tionscnaimh atá san áireamh agus na beartais mhaicreacnamaíocha a leanann na Ballstáit atá i gceist, d’fhonn an chothromaíocht cheart a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus buiséadacha.
1.8Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana féin maidir le leithdháileadh cistí (lena n‑áirítear CSIE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile) a dhéanamh níos solúbtha ionas gur féidir iad a chur in oiriúint go tapa do na dúshláin shochaíocha atá ann cheana agus do na cásanna criticiúla a shainaithnítear i gcur chun feidhme NIES.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Tá an tuairim seo ina freagairt ar iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar thústuairim ó CESE maidir leis an Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (NIES). Is é an cúram atá ar CESE freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas: (i) Cad é an bealach is fearr, dar le CESE, NIES a fhorbairt mar shásra sonrach chun éagothroime shóisialta atá ag dul i méid a bhrath agus faireachán a dhéanamh uirthi san Aontas Eorpach? (ii) Cad é an bealach is fearr chun NIES a leabú sa struchtúr agus sa scéimre institiúideach atá ann cheana féin don Seimeastar Eorpach agus an t‑ualach riarachán a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena chur i bhfeidhm a laghdú? (iii) Conas is féidir Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a nascadh leis an gcóras faireacháin a thiocfaidh chun cinn le cruthú NIES? (iii) Conas is féidir an próiseas rialachais eacnamaíoch atá ann faoi láthair a úsáid chun an comhleanúnachas agus an comhchuibhiú a neartú idir gnéithe maicreacnamaíocha agus sóisialta an tSeimeastair Eorpaigh?
2.2Chun aistriú cóir glas agus digiteach a bhaint amach agus chun an tionchar diúltach a bhí ag COVID-19 a mhaolú, ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit aird ar leith a thabhairt ar chúiseanna na héagothroime sóisialta agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu forbairt eacnamaíoch a chothromú le forbairt shóisialta, nithe a fhabhraíonn an cuimsiú sóisialta, ar bhonn Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
2.3Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto i mí na Bealtaine 2021, mhol an Bheilg agus an Spáinn go ndéanfaí an scórchlár sóisialta athbhreithnithe a leathnú le sásra foláirimh a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí leantacha agus plé a spreagadh ar leibhéal an Choimisiúin agus ar leibhéal na n‑airí, rud lena dtógfaí ar an gcur chuige i leith éagothroime mhaicreacnamaíoch atá sa Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh.
2.4Maidir leis an bplé inar díríodh ar an ngné shóisialta den Seimeastar Eorpach a neartú trí nós imeachta um éagothroime shóisialta (NIES) a thabhairt isteach, leanadh ar aghaidh leis ag Comhairle EPSCO i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2021, agus chuir Uachtaránacht na Fraince é san áireamh sa phlé agus sa clár oibre don chéad leath de 2022. Luadh na conclúidí a bhí ar an bplé sin le linn Chomhairle EPSCO i mí an Mheithimh 2022.
2.5I gcomhthéacs chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, chomhaontaigh an tAontas agus na Ballstáit Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus 3 phríomhsprioc agus 3 sprioc thánaisteacha ag an bplean. Leag gach Ballstát a spriocanna féin síos chuige sin. Anuas air sin, déanfar faireachán ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta sna Ballstáit trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an scórchláir shóisialta agus na príomhtháscairí agus táscairí tánaisteacha a ghabhann léi. Ar bhonn an fhaireacháin sin, déantar cinneadh maidir le staid na mBallstát i gcomparáid leis an meán sna réimsí a chumhdaítear faoi na táscairí. Leis sin, is féidir réimsí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dteastaíonn gníomhaíocht ina leith i dtíortha sonracha (staideanna atá criticiúil go sóisialta) a shainaithint.
2.6Is é an Seimistear Eorpach an próiseas chun comhordú a dhéanamh ar bheartais an Aontais agus beartais na mBallstát maidir le hionstraimí chun cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach. Cuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an plean lena chur chun feidhme agus faireachán na dtorthaí sóisialta san áireamh sa Seimeastar freisin.
3.I dtreo cóineasú sóisialta aníos
3.1Creideann CESE, i bhfianaise na ngéarchéimeanna iomadúla, géarchéimeanna a d’fhéadfadh titim amach sa todhchaí agus i bhfianaise na héagothroime eacnamaíche agus sóisialta freisin, gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar bhosca uirlisí an Aontais maidir le rialachas sóisialta d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus an éagothromaíocht a laghdú. In 2022, d’fhreagair níos mó daoine gur easaontaigh siad, nó gur easaontaigh siad go láidir leis an abairt go bhfaigheann daoine an méid atá tuillte acu ina dtír féin. Bhí an sciar daoine a d’easaontaigh nó a d’easaontaigh go láidir ag 37 % i gcomparáid leis an 35 % a d’aontaigh leis an abairt.
3.2Dar le CESE, is dúshlán mór é cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach ag an am céanna mar chuid de chóineasú cuimsitheach aníos. Le blianta beaga anuas, forbraíodh nósanna imeachta maidir le rialachas fioscach agus comhshaoil agus maidir le rialachas comhshaoil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus cuireadh comhordú eatarthu ar bun freisin. Tá an ghné shóisialta de rialachas an Aontais ag titim chun deiridh a mhéid a bhaineann le forbairt sna réimsí sin agus sa chomhordú eatarthu.
3.3Agus géarchéim a bhaineann le fuinneamh, imirce, cogadh, aeráid agus an tréimhse iar‑COVID buailte linn, teastaíonn ceannaireacht láidir eacnamaíoch agus shóisialta ón Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon. Dá bhrí sin, molann CESE NIES a chur chun feidhme mar shásra faireacháin agus comhordaithe, sásra a chabhródh le cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaint amach agus le rannchuidiú leis an gcóineasú ar fud an Aontais ag an am céanna.
3.4Ba cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana féin maidir le leithdháileadh cistí (lena n‑áirítear CSIE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile) a dhéanamh níos solúbtha ionas gur féidir iad a chur in oiriúint go tapa do na dúshláin shochaíocha atá ann cheana agus do na cásanna criticiúla a shainaithnítear, inter alia, i gcur chun feidhme NIES. Tá gá le freagairtí náisiúnta níos fearr, agus i gcás inarb iomchuí, freagairtí níos fearr ar leibhéal an Aontais i bhfianaise COVID-19, an chogaidh san Úcráin, na ngéarchéimeanna costais maireachtála, na géarchéime aeráide agus na géarchéime imirce, má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí fadtéarmacha a bhaineann le géarchéimeanna agus cineálacha nua eisiata. An costas maireachtála atá ag dul i méid, is é sin an t‑údar imní is mó atá ag 93 % de mhuintir na hEorpa faoi láthair, agus is iad an bhochtaineacht agus an t‑eisiamh sóisialta an t‑údar imní is mó atá ag 82 % díobh. Fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair eile go gcreideann 78 % de mhuintir na hEorpa gur cheart caiteachas poiblí foriomlán ar bheartais shóisialta ríthábhachtacha a mhéadú.
4.Freagraí ar cheisteanna Uachtaránacht na Spáinne
4.1Molann CESE go ndéanfar éagothroime shóisialta a shainmhíniú mar na cásanna ina shainaithneofar leis an scórchlár sóisialta agus mar imeacht shoiléir ón gconair chun spriocanna an Phlean Ghníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart feabhas a chur ar cháilíocht na modheolaíochta chun torthaí sóisialta a thomhas ionas gur féidir prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus treochtaí ilbhliantúla a chur san áireamh go hiomlán. A mhéid a bhaineann le tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le Spriocanna an Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, níor cheart ach táscairí iontaofa agus inchomparáide amháin a mheas.
4.2Molann CESE NIES a chur chun feidhme agus é a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite beartas na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar le NEIS na próisis agus na huirlisí faireacháin atá ann cheana agus go soláthrófar breisluach leis tríd an gcóineasú sóisialta aníos a éascú. Ag an am céanna, ní mór ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint chun braistint úinéireachta sna Ballstáit agus tiomantas uathu a áirithiú.
4.3Is é is aidhm do NIES comhordú idir an tAontas agus na Ballstáit a fheabhsú a mhéid a bhaineann le cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Glacann CESE leis go bhfuil sé curtha i bhfeidhm i bpáirt cheana féin laistigh de chreat Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sna spriocanna 2030 a ghabhann leis agus san fhaireachán ar na torthaí sóisialta. Mar sin féin, an easpa infheistíochta sóisialta agus athchóirithe sna Ballstáit sin a aithneofar mar a bheith i staid shóisialta chriticiúil de réir an Scórchláir Shóisialta, is cúis imní do CESE go gcuirfeadh na gnéithe sin bac ar na cuspóirí sin a bhaint amach. Déantar baint amach spriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus cóineasaithe shóisialta aníos a chur i mbaol leis na staideanna sin agus ba cheart aird ar leith a thabhairt orthu laistigh de NIES.
4.4Creideann CESE gur cheart NIES a chur ar aon leibhéal tábhachta leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis nó an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Le NIES, féadfar an méid atá bainte amach cheana féin maidir le rialachas sóisialta a fheabhsú trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na próisis agus na bealaí atá ann cheana chun cóineasú sóisialta a thomhas agus próisis agus bealaí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. Ba cheart an Clár Ilbhliantúil Táscach agus NIES a chomhordú agus níor cheart aon fhorluí a bheith eatarthu.
4.5Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil inniúlachtaí difriúla ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit chun beartas sóisialta maidir le hobair, oideachas, sláinte agus cosaint shóisialta a mhúnlú, ar réimsí iad a chumhdaítear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Na príomhinniúlachtaí agus na príomhfhreagrachtaí sa réimse seo, luíonn siad sin leis na Ballstáit, is é sin rialtais mar aon le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus geallsealbhóirí éagsúla amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Mar thoradh ar roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, tá an tAontas Eorpach ag tabhairt faoi go leor tionscnamh sna réimsí sin a bhaineann le comhordú, rialáil agus airgeadas, laistigh de chreat an bheartais chomhtháthaithe agus na dtosaíochtaí sóisialta a ghabhann leis.
4.6I dtuairim CESE, is féidir NIES a chur chun feidhme san Aontas leis an staid dhlíthiúil mar atá sí faoi láthair. Dá bhrí sin, cé go bhfuil cúraimí sóisialta tábhachtacha le déanamh ag an Aontas, agus go bhféadfaidh sé tabhairt fúthu trí dhearbhuithe (Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann leis), moltaí, ionstraimí airgeadais (coinníollacht shóisialta agus tosaíochtaí sóisialta an bheartais chomhtháthaithe) agus ionstraimí comhordaithe (an Seimeastar Eorpach agus faireachán ar na torthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta). Cuirtear san áireamh sa chur chuige sin inniúlachtaí sonracha ag leibhéil éagsúla chomh maith le ról na ngeallsealbhóirí éagsúla, i.e. eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Le NIES, féadfar tacú le lucht ceaptha beartais ina n‑iarrachtaí chun cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach agus éagothromaíochtaí a laghdú. Ba cheart a chur san áireamh ann na gnéithe sóisialta ábhartha arna sainiú go comhpháirteach leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí éagsúla.
4.7Má dhéantar NIES a nascadh i gceart le sásraí atá ann cheana féin, amhail an Seimeastar Eorpach agus go háirithe an scórchlár sóisialta, féadfaidh sé cuidiú le cur leis an méid a baineadh amach cheana féin, i.e. Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faireachán ar na torthaí sóisialta bunaithe ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
4.8Agus na tosca thuas á gcur san áireamh, measann CESE gur cheart é a bheith mar chéad chéim i bhforbairt NIES na hathruithe a thabhairt isteach sna prionsabail lena dtreoraítear an Coimisiún Eorpach tráth a bhíonn tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht, tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha á n‑ullmhú aige laistigh den Seimeastar.
4.9Ba cheart fochaibidil ar leithligh a bheith mar chuid den tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht agus de na tuarascálacha tíre ina ndírítear ar éagothroime shóisialta a chuireann an cóineasú sóisialta aníos i mbaol, agus ina luaitear na réimsí a sainaithníodh mar réimsí criticiúla san fhaireachán ar an scórchlár sóisialta. Ní bheidh feidhm aige sin ach amháin maidir leis na Ballstáit sin ina sainaithnítear réimsí den sórt sin.
4.10Molann CESE go ndéanfar NIES a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, fud fad a chéimeanna éagsúla. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, na Tuarascálacha Tíre agus grinn‑athbhreithnithe ad hoc a úsáid chun an éagothroime shóisialta a shainaithint agus chun dul i ngleic léi.
4.11Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an eagothroime shóisialta ar a dtugtar tuairisc sa tuarascáil tíre i bpointe ar leith sa bhrollach le haghaidh na moltaí tírshonracha agus sna moltaí féin. Leis na moltaí sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh le hathchóirithe sonracha a chur chun feidhme, arb athruithe iad, de réir anailís an Choimisiúin agus mheasúnuithe na mBallstát, na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus na n‑eagraíochtaí sóisialta, is mó is dócha a chuirfeadh feabhas ar an staid chriticiúil sna réimsí arna sainaithint. Mar fhreagairt air sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, na tionscnaimh agus na hathchóirithe a mholadh d’fhonn na cásanna criticiúla a shainaithnítear a fheabhsú. Maidir le plean den sórt sin le haghaidh tionscnamh agus athchóirithe, d’fhéadfaí a áireamh ann measúnú ar an gcomhsheasmhacht idir na tionscnaimh atá san áireamh agus na beartais mhaicreacnamaíocha a leanann na Ballstáit lena mbaineann, d’fhonn an chothromaíocht cheart a áirithiú idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus buiséadacha.
4.12Ba cheart don Aontas ionstraimí nua agus ionstraimí atá maoinithe ar bhealach níos fearr a chur chun feidhme chun NIES agus moltaí an tSeimeastair a chur in iúl go díreach do phobail na mBallstát d’fhonn trédhearcacht agus an tionchar ar na cásanna sna Ballstáit a chruthú.
4.13Chun cosc a chur ar an gcóineasú anuas, ba cheart do Bhallstáit atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach plean athchóirithe agus sóisialta a ghlacadh le haghaidh na réimsí a shainaithneofar mar réimsí criticiúla. Sa chás sin, ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit atá i gceist pleananna caiteachais cistí eile, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a idirbheartú arís, i gcomhaontú leis an gCoimisiún.
4.14Is é an chéad chéim i bhforbairt NIES, mar a mholtar thuas, an t‑ualach is lú is féidir i dtéarmaí obair bhreise anailíseach agus riaracháin a chur ar an Aontas agus ar na Ballstáit araon. Ní mholann CESE tuairisciú breise le haghaidh na mBallstát uile, agus ní mholann sé nósanna imeachta nua a chur i bhfeidhm i gcomhar faireacháin agus tuairiscithe anuas ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana féin.
4.15An córas faireacháin reatha a forbraíodh le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a bhfuil scórchlár shóisialta ag gabháil leis, tá sé bunaithe cheana féin agus é bunaithe ar mhodheolaíocht chasta chun tacar mór táscairí a léirmhíniú. Comhfhreagraíonn na táscairí sin do phríomhréimsí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Déantar faireachán freisin ar an dul chun cinn maidir le baint amach spriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach freisin. Ba cheart NIES a leabú sa phróiseas atá ann don Seimeastar Eorpach faoi láthair agus na táscairí (an Scórchlár Sóisialta) atá ann cheana a úsáid.
4.16Sa chéad chéim eile de chur i bhfeidhm NIES, ba cheart raon feidhme an tomhais agus na dtáscairí a fhorbairt i gcomhréir leis an sainmhíniú ar éagothroime shóisialta arna ghlacadh i gcomhthéacs an chóineasaithe shóisialta aníos.
4.17Ba cheart a áireamh san anailís agus sna comhairliúcháin a dhéanfar sa todhchaí ar NIES freagraí ar a mhéid a gcomhfhreagraíonn táscairí faireacháin an scórchláir do phrionsabail uile Cholún Eorpach na gCeart agus freagraí ar a mhéid a fhéadfaidh na réimsí a shainaithnófar mar réimsí criticiúla bac a chur ar an gcóineasú sóisialta aníos.
4.18Tá tionchar suntasach ag staid fhoriomlán na mBallstát, lena n‑áirítear an ghné eacnamaíoch, ar scála agus ar dhinimic na bhfadhbanna sóisialta a dhéanann difear d’áitritheoirí na mBallstát agus ar an gcóineasú sóisialta aníos dá réir sin. Má éilítear dea‑fheidhmíocht eacnamaíoch le haghaidh dea‑fheidhmíocht shóisialta, beidh na sásraí comhordúcháin lena ráthaítear dea‑fheidhmíocht shóisialta (Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus Clár Ilbhliantúil Táscach) ríthábhachtach don dea‑fheidhmíocht shóisialta. Cuirtear an cur chuige thuas san áireamh sa chéad chéim a mholann CESE i bhforbairt NIES, is cur chuige é sin a bhfuil loighic rialachais fhioscaigh agus mhaicreacnamaíoch laistigh den Aontas mar bhonn taca faoi.
5.Dúshláin agus tosaíochtaí maidir le forbairt NIES
5.1Ba cheart don Choimisiún, don Chomhairle, do na Ballstáit agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta grinnanailís agus plé níos grinne a dhéanamh ar NIES a fhorbairt tuilleadh mar chuid de chóras comhtháite comhordaithe beartais na mBallstát faoin Seimeastar Eorpach, agus ba cheart anailís a dhéanamh ar ionstraimí eile de chuid an Aontais, d’fhonn a rolladh amach i gcomhthráth leis an athchóiriú ar rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch.
5.2Ba cheart scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar indéantacht pholaitiúil, riaracháin agus eacnamaíoch NIES a chur chun feidhme agus a fhorbairt. Ba cheart aird a thabhairt nach bhfuil aon dúbláil maidir le nósanna imeachta ann d’fhonn an maorlathas a choinneáil ag an íosmhéid agus chun na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas ar bhealach fiúntach.
5.3Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart ról na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí in NIES a fheabhsú chun tacaíocht pholaitiúil thorthaí na hionstraime a neartú. D’fhéadfaí rannpháirtíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí a áirithiú trí na conclúidí ón gComhairle maidir le NIES a ghlacadh ag deaireadh an phróisis.
5.4Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach le haghaidh chur chun feidhme NIES go dtarraingítear ar chonclúidí praiticiúla sonracha a thagann ón bhfaireachán a dhéantar ar na torthaí sóisialta agus ar a mhéid a bhfuil cuspóirí sóisialta an Aontais bainte amach sna Ballstáit.
(a)Baineann an chéad chonclúid le comhordú idir rialachas fioscach agus maicreacnamaíoch agus NIES. Ba cheart rabhadh soiléir go bhfuil an tAontas ag tacú le hathchóirithe agus infheistíochta sóisialta i réimsí sóisialta criticiúla a thabhairt do Bhallstáit atá faoi réir nósanna imeachta um easnamh iomarcach agus/nó i mbaol míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus iad siúd ag a bhfuil réimsí criticiúla ar an scórchlár sóisialta atá imithe ón gconair i dtreo spriocanna sóisialta a bhaint amach. Is de rogha ag gach Ballstát atá sé na réitigh agus na cuir chuige is iomchuí a mholadh chun réimsí criticiúla a leigheas.
(b)Baineann an dara conclúid phraiticiúil le cur i bhfeidhm na chéad chonclúide i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach a chur san áireamh, i bhforoinn ar leithligh sna tuarascálacha tíre, anailís ar éagothroime shóisialta bunaithe ar fhaireachán ar na torthaí sóisialta agus dul chun cinn i dtreo cuspóirí sóisialta. Ba cheart dó na nithe sin a chur san áireamh sna moltaí tír‑shonracha freisin, i mbrollach na moltaí agus sna moltaí féin.
Ba cheart ról na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí a dhaingiú sa phróiseas seo freisin.
An Bhruiséil, 3 Aibreán 2023
Aurel LAURENŢIU PLOSCEANU
Cathaoirleach na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
_____________