GA

INT/998

Fadbhreathnaitheacht straitéiseach 2022

TUAIRIM

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

[COM(2022) 289 final]

Teagmháil

int@eesc.europa.eu

Riarthóir

Raúl MURIEL CARRASCO

Dáta an doiciméid

14/03/2023

Rapóirtéir: Angelo PAGLIARA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 27/10/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

10/03/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

45/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…

BROLLACH

Rinneadh an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach agus an tuairim seo a leanas a tharraingt suas tráth is lánfhollas na himpleachtaí sóisialta, geopholaitiúla agus eacnamaíocha is toradh ar ionsaí míleata leanúnach na Rúise ar an Úcráin. Na roghanna straitéiseacha atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach ar na saolta seo, ní hamháin go bhfágfaidh siad a rian ar an gcaoi a mbainfear cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh amach, ach beidh tionchar acu, ina theannta sin, ar athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

Dá bhrí sin, leis an tuairim seo a leanas uaidh, agus é lánfheasach san am céanna faoin ról bunúsach atá ag an tsochaí shibhialta eagraithe maidir le mórthreochtaí a shainaithint agus a léirmhíniú, agus faoina thábhachtaí atá sé dá réir go mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach go réamhtheachtach i bpróiseas fadbhreathnaitheachta straitéisí an Aontais, tá sé beartaithe ag CESE freisin rannchuidiú le dréachtú Thuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ina ndíreofar ar an treoir straitéiseach d’fhonn ról domhanda an Aontais a neartú.

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Molann CESE don Choimisiún leanúint den chlár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí a fhorbairt agus tá sé ag iarraidh go mbeadh sé féin ní ba rannpháirtí ná riamh sa phróiseas ón tús. Ach páirt ní ba mhó a bheith ag CESE, ina cháil mar urlabhraí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe, chuirfí feabhas ar acmhainneachtaí anailíse agus fadbhreathnaitheachta an Aontais agus chuideofaí le treochtaí agus réitigh fhéideartha a aimsiú.

1.2Tá súil ag CESE go mbeidh an clár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí, chomh maith le gníomhaíocht an Choimisiúin Eorpaigh sa réimse sin, dírithe ar shamhail nua forbartha a thógáil ina dtabharfar aird chuí ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.

1.3Ós ar thoilteanas agus iompar na ndaoine atá rath an dá aistriú ag brath, molann CESE don Choimisiún aird a thabhairt freisin ar ábhair imní na sochaí agus ar an drogall a d’fhéadfadh a bheith ar dhaoine roimh na hathruithe atá beartaithe.

1.4Déantar cur síos sa tuarascáil ar an gcineál todhchaí atá á lorg agus ar na hacmhainní is gá chun í a bhaint amach, siúd is nach dtéitear i ngleic domhain go leor leis na rioscaí agus na bagairtí atá ann. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún cuntas níos soiléire a thabhairt ar na rioscaí atá i gceist agus anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na cásanna féideartha i gcás nach gcomhlíonfar na cuspóirí inmhianaithe, go háirithe sa chuid sin den tuarascáil a bhaineann le hinfhaighteacht amhábhar, miotal tearc-chré agus acmhainní uisce agus le saincheisteanna gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann.

1.5Beidh tionchar ag na dúshláin gheopholaitiúla leanúnacha ar na córais soláthair agus ar a athléimní atá earnáil agraibhia na hEorpa. Cuid de na himeachtaí a tharla le déanaí de thoradh COVID-19 agus ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, is amhlaidh a chuir siad isteach ar ár gcóras dáileacháin agus is dócha go dtarlóidh a leithéid chéanna arís sa ghearrthéarma. Is díol sásaimh do CESE an moladh go laghdófaí spleáchas an Aontais ar allmhairí beatha, leasachán agus ionchur eile agus molann sé sainmhíniú ar an rud is neamhspleáchas straitéiseach oscailte ann a leagan síos ab infheidhme maidir le córais bhia, bunaithe ar tháirgeadh bia, ar lucht saothair agus ar thrádáil chóir. Bheadh sé mar aidhm uileghabhálach leis sin slándáil bia a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais trí bhíthin soláthar bia atá sláintiúil, inbhuanaithe, athléimneach agus cothrom.

1.6Ní thugtar aird sa Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar an tábhacht straitéiseach a ghabhann le córas tionsclaíoch Eorpach atá láidir, comhtháite, nuálach agus in acmhainn poist ardcháilíochta a chruthú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach réamhaisnéisí sonracha a fhorbairt maidir lena bhfuil i ndán do bheartas tionsclaíoch na hEorpa agus molann sé go nglacfaí beartais eacnamaíocha iomchuí chun feabhas a chur ar a iomaíochas agus a tháirgiúlacht fhadtéarmach agus chun borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i ndáil leis sin.

1.7Beidh tionchar ag ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ag an ngéarchéim fuinnimh agus ag an réaltacht nua eacnamaíoch agus gheopholaitiúil ar an gconair atá le gabháil againn i dtreo an dá aistriú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an tAontas meáite ar a chuspóirí a bhaint amach, ach, ag an am céanna, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle go ndéanfaí na huirlisí uile is gá a fhorbairt chun neamhspleáchas straitéiseach fuinnimh a neartú, an córas tionsclaíoch Eorpach a threisiú agus tacú le gnólachtaí agus oibrithe faoi mar a rinneadh le linn ghéarchéim na paindéime nuair a glacadh ionstraim a bhí bunaithe ar an gclár SURE.

1.8Is díol sásaimh do CESE gur mó na tagairtí a dhéantar don ghné shóisialta inti agus, mar a d’iarr sé cheana i dtuairim uaidh in 2021, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den anailís straitéiseach, uirlisí réamhaisnéise sonracha a fhorbairt a bhaineann le tionchar na n‑aistrithe ar na córais slándála sóisialta agus, dá bhrí sin, bearta sonracha a mholadh chun éifeachtaí sóisialta an dá aistriú a mhaolú.

1.9Chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a threisiú, creideann CESE gur gá don Aontas seasamh lena luachanna agus leanúint de bheith ag obair i gcomhar le tríú tíortha, an comhbheartas seachtrach atá aige a neartú, réitigh choiteanna a lorg agus a áirithiú go rachaidh ár gcomhar agus ár dtrádáil chun tairbhe do chearta eacnamaíocha agus sóisialta mhuintir na dtíortha sin, go háirithe i bhfianaise na hinbhuanaitheachta fadtéarmaí.

2.Barúlacha ginearálta

2.1Is móide an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh sna haistrithe glasa agus digiteacha, lena n‑áirítear d’fhonn neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a chur i gcrích, ionsaí míleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine agus na hiarmhairtí don chóras eacnamaíoch, sóisialta agus tionsclaíoch a ghabhann leis, mar atá iarmhairtí i réimsí na teicneolaíochta, na trádála, na gcaighdeán infheistíochta agus i leith athruithe ar an struchtúr tionsclaíoch. Ar na cúiseanna sin, is díol sásaimh do CESE an machnamh straitéiseach atá déanta ag an gCoimisiún ar an idirghníomhú idir an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach agus ar an gcaoi arb acmhainn dóibh treisiú a dhéanamh ar a chéile.

2.2I ngeall ar na géarchéimeanna uile a chuimil leis an Eoraip le déanaí, mar a tharla le COVID‑19 i dtosach báire agus leis an gcogadh ina dhiaidh sin, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar an tslándáil i ngnéithe éagsúla den saol agus cosaint nach beag á lorg ag daoine murab ionann is riamh. Chuige sin, is gá, d’fhonn cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach, aird ar leith a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta (agus ar na hiarmhairtí i ngach réimse eile) a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n‑áirítear trí fhoráil a dhéanamh d’ionstraimí beartais iomchuí. Maidir leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh drogall a bheith ar shaoránaigh na hEorpa, go háirithe iad siúd is leochailí amuigh, roimh na hathruithe a leanfaidh an dá aistriú, má mheasann siad gur chun a n-aimhleasa iarmhairtí na n-aistrithe sin.

2.3Dá gcuirfí go seasta le rannpháirtíocht CESE i ngníomhaíochtaí an timthrialla fadbhreathnaitheachta straitéisí, ina cháil mar urlabhraí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta eagraithe, neartófaí acmhainneachtaí anailíse agus fadbhreathnaitheachta an Aontais agus chuideofaí leis treochtaí a shainaithint ar bhealach ní ba chruinne.

2.4Cothaíonn CESE acmhainneacht na sochaí sibhialta eagraithe i réimse na fadbhreathnaitheachta straitéisí a bhuí lena chomhaltaí (agus, dá réir sin, leis na heagraíochtaí náisiúnta ar a ndéanann siad ionadaíocht), agus a bhuí leis an tsochaí shibhialta ar leibhéal an Aontais trí bhíthin an ghrúpa idirchaidrimh atá aige, áit a ndéantar ionadaíocht ar phríomhlíonraí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal an Aontais. Go sonrach, éascaíonn sé an t-idirphlé agus an comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta eagraithe, ardaíonn sé feasacht faoina thábhachtaí atá an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus cuireann sé fíoruirlisí ar fáil dóibh freisin chun é sin a bhaint amach. A bhuí le rannpháirtíocht struchtúrtha na sochaí sibhialta eagraithe a ndéanann CESE ionadaíocht uirthi, beidh sé níos éasca freisin na gnéithe éagsúla (gnéithe tionsclaíocha, sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, etc.) a chumhdach sa chlár oibre straitéiseach ar bhealach iomlánaíoch.

2.5Ar na cúiseanna sin go léir, is mór an fonn atá ar CESE oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach sa timthriall fadbhreathnaitheachta straitéisí ó thús an phróisis amach i dtreo go mbeidh an próiseas féin níos rannpháirtí. Sampla de sin is ea an éisteacht trínar bhailigh CESE tuairimí eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith le tuairimí saineolaithe, rud a chuir ar a chumas machnamh a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bheidh le sárú ag an Aontas agus é ag bogadh i dtreo Eoraip nua, Eoraip a bheidh inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de. Síos tríd an tuairim seo, tá ionchur agus moltaí á gcur ar fáil ag CESE maidir leis na príomhghnéithe sin ar cheart don Choimisiún Eorpach díriú orthu sa chéad tuarascáil eile a chuirfidh sé amach.

2.6I bhfianaise na ndúshlán agus na ndeiseanna a bheidh le sárú ag an Eoraip sna blianta amach romhainn, is mó ná riamh an tábhacht a bheidh leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach feasta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den chlár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí a fhorbairt trí dhlús a chur le rannpháirtíocht CESE ag céim anailíse agus forbartha na tuarascála.

2.7Ní chuirtear san áireamh mar is ceart sa tuarascáil an chaoi a gcuireann an bhearna dhigiteach idir réigiúin éagsúla an Aontais cur i gcrích chuspóirí na n‑aistrithe dúbailte i mbaol. Ní mór na deighiltí sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh na sochaí de agus ó thaobh na ndeiseanna atá ar fáil a chur sa mheá sa chéad tuarascáil straitéiseach eile.

2.8Is eol do CESE gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tionchar dearfach a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí aeráide, trí fheabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh freisin, agus gur féidir leis an aistriú glas an earnáil dhigiteach agus an geilleagar a athrú ó bhonn chomh maith. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE na tagairtí iomadúla a dhéantar don ghá atá le hinfheistíocht sa teicneolaíocht agus do bheartais iomchuí lenar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach, agus tacaíonn sé freisin leis na tagairtí a dhéantar don ghá atá le bearta cibearshlándála a ghlacadh chun teicneolaíochtaí straitéiseacha a chosaint.

2.9I roinnt áiteanna i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, leagtar béim ar na riachtanais fuinnimh a eascraíonn as an digitiú agus as an ídiú fuinnimh a dhéantar trí líonraí, córais agus gléasanna a oibriú, in ainneoin éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht mhéadaithe na bpróiseas is infheidhme maidir leo (talmhaíocht, lóistíocht, néalríomhaireacht, etc.). Is dealraitheach gur tráthúil na tagairtí don ghá atá le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus don chaoi ar gá leis an Eoraip tuilleadh béime a chur athuair ar gheilleagar ciorclach na hearnála (idir rochtain ar amhábhair mhórthábhachtacha agus bainistiú dramhaíola leictreonaí maille le forbairt ardteicneolaíochtaí digiteacha).

2.10Mar sin féin, b’iomchuí a lua ar bhealach ní ba shoiléire cé na tairbhí ó thaobh inbhuanaitheachta agus coigilt fuinnimh de a bhaineann leis an aistriú digiteach (timpeallacht gan pháipéar agus ‘ionadú’ a dhéanamh), rud ba chuidiú chun a chur ar a súile don phobal agus do lucht déanta beartas cad é luach atá leis na próisis mhóra claochlaithe sin agus cad é tionchar a bheidh acu.

2.11Ar na hathruithe a bhaineann leis an digitiú, ní dhéantar tagairt beag ná mór do na criptea‑airgeadraí ná na hairgeadraí digiteacha. Tá leitheadúlacht mhéadaitheach na n‑airgeadraí réamhráite nasctha go díreach, ámh, le nádúr forleitheadach an digitithe féin mar phróiseas agus le forbairt na teicneolaíochta blocshlabhra. Imíonn sreafaí na n‑airgeadraí sin ó chumas rialála na stát go minic, rud a fhágann neart deiseanna ann don gheilleagar neamhdhleathach cur chun ratha dá réir. Dá bhrí sin, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le roinn ar leith sa tuarascáil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach chun léirmhíniú agus anailís a dhéanamh ar úsáid criptea-airgeadraí agus airgeadraí digiteacha, agus molann sé don Choimisiún creat rialála aonair a ghlacadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le conclúidí G20.

2.12Toisc nach ndearnadh amhlaidh i gcás mórán réimsí eile, is díol sásaimh do CESE roinn thiomnaithe sa tuarascáil a bheith dírithe ar an talmhaíocht mar go leagtar béim lárnach inti ar ról an bheartais Eorpaigh agus an seasamh lárnach atá aige maidir le forbairtí amach anseo a chinneadh a fhad a bhaineann le cúrsaí fadbhreathnaitheachta. Sa chás sin, sonraítear sa tuarascáil na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas chun cúlú contúirteach a chosc, rud nach ndéantar i gcoitinne sna réimsí eile atá faoi scrúdú.

2.13Ba cheart córais bhia an Aontais Eorpaigh a bheith ní b’éagsúlaithe, ba cheart an lucht saothair i réimse na talmhaíochta a neartú, go háirithe trí dhaoine óga a mhealladh chuici agus trí dhálaí maithe oibre agus luach saothair cuibhiúil a áirithiú; ba cheart na beartais trádála a ailíniú le caighdeáin inbhuanaitheachta bia an Aontais agus le cuspóir an iomaíochais. Ba cheart dul i ngleic leis an gcomhchruinniú i slabhraí bia agus leis an úinéireacht airgeadais chomh maith le trédhearcacht an mhargaidh, chun a áirithiú nach gcuirfear géarchéimeanna a tharlóidh amach anseo in olcas de dheasca amhantraíocht iomarcach tráchtearraí.

2.14Is mian le CESE a thabhairt chun suntais gur den ríthábhacht rochtain a bheith ann ar amhábhair chriticiúla i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní hamháin chun cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach, ach, thar aon ní eile, chun an córas tionsclaíoch Eorpach a chothabháil agus a neartú agus chun athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus fostaíochta a bhaint amach. Chuige sin, molann CESE don Choimisiún grinnanailís níos mionsonraithe a dhéanamh trí uirlisí iomchuí anailíse (ón taobh geopholaitiúil freisin) agus fadbhreathnaitheachta a úsáid.

2.15Tá sé á chur in iúl ag CESE nach ceart féachaint ar na hacmhainní uisce agus an t-uisce féin, dá dtagraítear thall agus abhus sa tuarascáil, mar fhadhb ach gur cheart a mheabhrú gur réimse acmhainneachta iad freisin, go háirithe maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht uisce, bainistiú acmhainní agus feachtais múscailte feasachta faoin tomhaltas freagrach. Go háirithe, tá ról nach beag ag an ngeilleagar gorm agus tá acmhainneacht níos mó ná riamh aige i dtaca le geilleagar an Aontais agus an geilleagar domhanda, ó thaobh cruthú post agus leas agus sláinte na ndaoine de. Creideann CESE gur cheart na deiseanna sin a thapú a mhéid is féidir, deiseanna a chumhdaíonn raon leathan earnálacha agus oibríochtaí, idir chinn thraidisiúnta agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus, san am céanna, an drochthionchar ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú.

2.16Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs an dá aistriú, aird níos mó a thabhairt ar na hathruithe a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, go háirithe i ndáil le soláthar fuinnimh agus amhábhar criticiúil.

2.17Tá CESE i bhfách leis an iarraidh go gcuirfí beartais Eorpacha in oiriúint do shamhail nua eacnamaíoch, go méadófaí an infheistíocht, rud a chuirfidh leis an bhfolláine, agus go gcuirfí le táirgiúlacht agus iomaíochas chóras tionsclaíoch agus eacnamaíoch na hEorpa. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí réamhaisnéisí sonracha maidir le todhchaí bheartas tionsclaíoch na hEorpa, rud atá ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach iomlán a bhaint amach.

2.18Tá CESE i bhfách leis an moladh dlús a chur leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach chun cuspóirí an dá aistriú a bhaint amach. Mar sin féin, tá sé á thabhairt le fios aige go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag cinntí eacnamaíocha na hEorpa ar chúrsaí infheistíochta, go háirithe toisc a dhóchúla atá sé go dtiocfaidh méadú breise ar na rátaí úis.

2.19Is díol sásaimh do CESE an iarraidh ar aistriú cóir atá sa tuarascáil agus go leagtar béim níos mó inti (seachas mar a leagadh sa cheann roimhe seo) ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar ról an idirphlé shóisialta. Ina theannta sin, creideann CESE go mbeidh an bhéim ar an ngné shóisialta agus ar cháilíocht na hoibre ina dtosaíochtaí ar an gclár oibre Eorpach, rud a mhodhnóidh scála na dtosaíochtaí ós gnách go fóill iad a rangú in ionad comhlántach faoin scála sin. 

2.20Is mór ag CESE an aird a thugtar i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ar na hathruithe a tháinig as an dá aistriú maidir le margadh an tsaothair agus staid eacnamaíoch na gcodanna is leochailí den tsochaí (teaghlaigh, pobail), chomh maith leis an mbéim chomhuaineach a leagtar ar an ngá atá ann acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh na hidirghabhála sóisialta. Tá CESE ag iarraidh freisin go dtabharfaí aird ní ba mhó ar shaincheisteanna a bhaineann leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta.

2.21Tá sé ag iarraidh ar an Aontas aosú an daonra agus an t-athrú déimeagrafach a chur san áireamh, chomh maith leis an méadú is intuartha ar an éileamh ar sheirbhísí cúraim, ar thaobh amháin, agus ar an nganntanas oibrithe cúraim sláinte, ar an taobh eile. Ní mór don Aontas a áirithiú go mbeidh costais an chúraim inrochtana agus inacmhainne i gcónaí agus nach ngabhfaidh sé thar ruthag an phobail.

2.22Tá aird á tarraingt ag CESE air gur go fánach a dhírítear i dTuarascáil 2022 ar an hibridiú san ionad oibre, rud a bhfuil dlús á chur leis de bharr an digitithe: mar shampla is go cliathánach a dhéantar tagairt dó sa mhír ar an digitiú agus an t-éileamh ar iompar. Cuirtear i láthair é, dá réir sin, mar thoradh ar phróiseas claochlaithe teicneolaíochta gan dul amach air i gceart, rud a fhágann faillí á déanamh sna héifeachtaí a bhíonn aige ar dhálaí oibre agus ar chaidrimh fostaíochta, agus ar na ceanglais rialála ghaolmhara.

2.23Tugann CESE dá aire go bhfuil an baol ann go mbeidh an córas fadbhreathnaitheachta straitéisí dírithe rómhór ar chúinsí eacnamaíocha chomh maith le bheith dírithe ar an iomaíocht agus ar an margadh mar dhia gurb é sin an ‘gliú’ ceart a choimeádann gníomhaíochtaí Eorpacha, leasanna Eorpacha agus an straitéis Eorpach le chéile. Bronnann sé ról comhlántach ar an tsochaí shibhialta agus ar an lucht saothair, gan a chur san áireamh an chaoi a bhféadfadh an dá aistriú tuilleadh saibhreas nua a dhéanamh, rud a d’éascódh cruthú samhlacha nua a bheadh in acmhainn leochaileachtaí a laghdú agus na tairbhí a ghintear a shóisialú.

2.24Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún suirbhé sonrach Eorabharaiméadair a dhéanamh ar na hábhair atá le cumhdach sa chéad Tuarascáil eile maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar ionchais agus ar thuairimí na saoránach. Tá sé sin ríthábhachtach freisin le gur féidir a thuar cén glacadh a bheidh leis na bearta a thiocfaidh as an anailís.

An Bhruiséil, 10 Márta 2023

Alain COHEUR

Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

*

*    *

N.B.: Foscríbhinn ar an taobh eile den bhileog.



FOSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
TUAIRIM
ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

·CCMI (Consultative Commission on Industrial Change)

Sustainable recycling, use of secondary raw materials and Just Transition in the European ferrous and nonferrous metal industry (CCMI/191)

Making packaging a safe, affordable and eco-friendly industry (CCMI/186)

Addressing structural shortages and strengthening strategic autonomy in the semiconductor ecosystem (CCMI/192)

The role of EU structural and cohesion policy in driving forward the transformation of the economy in an innovative and smart manner (exploratory opinion at the request of the German presidency) (ECO/514)

8th Cohesion Report (ECO/579)

·INT (Single Market, Production and Consumption)

How will given industrial ecosystems contribute to the strategic autonomy of the EU and the wellbeing of Europeans? (INT/964)

A competitiveness check to build a stronger and more resilient EU economy (INT/1000)

Action Plan for the social economy (INT/972)

·NAT (Agriculture, Rural Development and the Environment)

Food price crisis: the role of speculation and concrete proposals for action in the aftermath of the Ukraine war (NAT/873)

EU long-term vision for rural areas (NAT/839)

Aligning food business strategies and operations with the SDGs for a sustainable post-COVID-19 recovery (NAT/821)

Towards a holistic strategy on sustainable rural/urban development (NAT/820)

Towards an EU strategy on sustainable consumption (NAT/789)

Compatibility of EU trade policy with the European Green Deal (NAT/791)

Towards structured youth engagement on climate and sustainability in the EU decision-making process (NAT/788)

The sustainable economy we need (own-initiative opinion) (NAT/765)

Reflection Paper "Towards a Sustainable Europe by 2030" (NAT/760)

Civil society's contribution to the development of a comprehensive food policy in the EU (own-initiative opinion)  (NAT/711)

Leaving no one behind when implementing the 2030 Sustainable Development Agenda (SC/53)

·REX (External Relations)

Setting the course for a sustainable blue planet, an update of the international ocean governance agenda (REX/558)

Forced labour products ban (REX/565)

The power of trade partnerships: together for green and just economic growth (REX/561)

Youth action plan in the EU external action (REX/566)

Energy policies and strategies in the Euro-Mediterranean region (REX/555)

Socio-economic situation in Latin America following the COVID-19 crisisthe role of civil society in the recovery process (REX/552)

Geopolitical impact of energy transition (REX/550)

Youth Policy in the Western Balkans, as part of the Innovation Agenda for the Western Balkans (REX/553)

A new framework for free trade agreements, economic partnership and investment agreements that guarantees the real involvement of CSOs and the social partners and ensures public awareness (REX/536)

Next Generation Trade and Sustainable DevelopmentReviewing the 15-point action plan (REX/535)

Renewed partnership with the Southern Neighbourhood – A new Agenda for the Mediterranean (REX/540)

Trade Policy Review - An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy (REX/539)

EU and Africa: Making an equal development partnership a reality based on sustainability and common values (REX/527)

Sustainable supply chains and decent work in international trade (REX/532)

Contribution of civil society to the Green Agenda and sustainable development of the Western Balkans as part of the EU accession process (REX/528)

·SOC (Employment, Social Affairs and Citizenship)

The EU Youth Test (SOC/728)