TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

_____________

An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh
(tuairim
féintionscnaimh)

SOC/718

Rapóirtéir: Maria del Carmen Barrera Chamorro

GA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20/01/2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

30/01/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22/02/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

576

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

123/43/20

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá don Aontas Eorpach dlús mór a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus neamhspleáchas na hEorpa ó sholáthróirí neamhiontaofa agus ó bhreoslaí iontaise luaineacha a mhéadú, mar gheall ar éifeachtaí diúltacha na héigeandála aeráide atá ag dul in olcas, chomh maith leis na héiginnteachtaí agus na géarchéimeanna atá ag eascairt as an staid nua gheopholaitiúil agus as staid nua an mhargaidh fuinnimh. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, pleananna an Choimisiúin Eorpaigh ar an ábhar sin (e.g. an plean REPowerEU agus an cistiú breise a chuirtear ar fáil dó tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta).

1.2Tá CESE á chur in iúl freisin go ndéanann rioscaí comhshaoil (an éigeandáil aeráide) agus rioscaí fuinnimh (an spleáchas ar bhreoslaí iontaise) difear do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do gach beart beartais gaolmhar. Bíonn tionchar mór ag na rioscaí sin, ar bhealaí éagsúla, ar na réigiúin, na hearnálacha eacnamaíocha, na hoibrithe agus na grúpaí daonra is leochailí. Dá réir sin, measann CESE nach mór díriú go sonrach ar na réigiúin atá i mbun Aistriú Cóir ina bhfuil nasc níos láidre idir forbairt na hearnála fuinnimh agus riachtanais an mhargaidh saothair agus ina mbeidh gníomhaíochtaí sonracha beartais ag teastáil.

1.3I ndáil leis an méid sin, léiríonn na staidéir is fónta go dtiocfadh méadú ar an olltáirgeacht intíre (OTI) dá mbeadh rath ar an aistriú glas i gcoitinne, agus ar an aistriú fuinnimh go háirithe (meastar i roinnt staidéar go dtiocfadh méadú 5.6 % ar OTI faoi 2050). Mhéadófaí na leibhéil fostaíochta freisin (measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair [EIS] agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite go gcruthófaí ceithre oiread níos mó post ná mar a chaillfear), mar aon le cáilíocht na bpost sin, i bhfianaise an ghá a bheidh le scileanna níos airde. Dá gcuirfí fuinneamh níos saoire ar fáil tríd an líon foinsí fuinnimh arna sainaithint agus arna ndreasú trí thacsanomaíocht ghlas iomchuí de chuid an Aontais a mhéadú agus, foinsí fuinnimh in‑athnuaite go sonrach, chuirfí feabhas ar an rochtain ar na seirbhísí sin agus ar an táirgeadh, rud a chruthódh níos mó post. Ar an mórgóir, is deacra poist a chruthaítear i réimse an fhuinnimh in‑athnuaite a athlonnú agus, ar an gcúis sin, rachaidh siad chun tairbhe do roinnt mhaith réigiún, go háirithe na réigiúin sin is mó atá i mbaol an dídhaonraithe. Ba cheart éifeachtaí dearfacha na timpeallachta oibre ar an tsláinte a chur san áireamh freisin.

1.4Bíodh sin mar atá, is cúis mhór bhuartha do CESE na éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha, eacnamaíocha, gairme agus sóisialta a bheidh ag an aistriú fuinnimh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Is measa fós na héifeachtaí sin mar gheall ar ghéarchéim an chogaidh san Úcráin agus ar an staid eacnamaíoch (boilsciú ard) atá ann faoi láthair. Bhí tionchar ag an ardú ar phraghsanna fuinnimh ar na teaghlaigh is leochailí, agus ar líon mór cuideachtaí ar fud an Aontais. Méadaíonn billí arda fuinnimh costais na gcuideachtaí agus bíonn tionchar aige sin ar a leibhéil táirgthe agus fostaíochta, rud a chiallaíonn nach mbíonn an dara rogha ag na cuideachtaí sin ach pleananna athstruchtúraithe a chur i bhfeidhm. Léirítear leis sin go bhfuil an beartas fuinnimh agus na hathruithe lena mbaineann ríthábhachtach má táthar chun dul in oiriúint don mhargadh saothair agus an chothromaíocht idir gníomhaithe an mhargaidh saothair – fostaithe agus fostóirí araon – a áirithiú. Is den riachtanas, dá bhrí sin, an margadh fuinnimh a chobhsú gan mhoill agus todhchaí an mhargaidh sin a bhainistiú trí na rialacha nua lenar cheart an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, an athléimneacht agus an t-iomaíochas a chur san áireamh.

1.5Chun éifeachtaí diúltacha an aistrithe fuinnimh a cheartú nó a mhaolú i gcomhthéacs éigeandálaí nua atá ann faoi láthair, tá CESE á mholadh go ndéanfaí beartais maidir leis an margadh saothair a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcreataí rialála agus i mbeartais chomhshaoil agus fuinnimh (dreasachtaí maidir leis an bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta mar bhreisluach a bhaineann leis an aistriú fuinnimh; cistí chun costais na bpróiseas athstruchtúraithe a roinnt, bíodh siad sealadach nó buan; cláir athscilithe chun feabhas a chur ar an infhostaitheacht i ngeilleagar dícharbónaithe, etc.) chomh maith le beartais leasa shóisialaigh (rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú, agus ioncam athsholáthair agus ioncam íosta leordhóthanach a ráthú, etc.). Ba cheart an comhtháthú sin, mar chuid den phlean forbartha do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a bhaint amach i gcónaí tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, agus é a bheith gan dochar do neamhspleáchas agus d’éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch éagsúil atá ag gach tír.

1.6I bhfianaise chastacht na ndúshlán sin, tá CESE á mholadh go dtabharfaí tús áite do na hidirnaisc idir saincheisteanna an aistrithe fuinnimh, na margaí saothair agus na forbartha réigiúnaí, mar chuid de bheartas comhtháthaithe athnuaite (eacnamaíoch, sóisialta agus críochach). Bíodh is gurb ábhartha an ní é an caidreamh idir beartas fuinnimh an Aontais agus margadh an tsaothair sa chomhthéacs réigiúnach do gach réigiún san Aontas, is cás faoi leith é cás na réigiún atá i mbun Aistriú Cóir i ngeall ar an taithí mór atá acu i leith cúrsaí fuinnimh, rud a mbíonn tionchar aige ar thionscail ghaolmhara. Chuige sin, ba cheart táscairí úsáideacha, amhail an táscaire a bhaineann le hacmhainneacht na fostaíochta dícharbónaithe a chur san áireamh. Chun cuspóirí an bheartais aeráide a bhaint amach go héifeachtach, mar aon le cuspóirí an aistrithe fuinnimh, tá CESE á athdhearbhú go gcreideann sé gur gá an Sásra um Aistriú Cóir a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus é sin a dhéanamh ar luas a oirfidh d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mhóra araon. Is gá bearta réigiúnacha comhlántacha nua a chur i gcrích faoi na dálaí sin chun a oiread post agus is féidir a chaomhnú agus chun a áirithiú gur poist ardcháilíochta a bheidh sna poist nua a chruthófar. Ba cheart an t‑idirphlé sóisialta, an chómhargáil agus eintitis an gheilleagair shóisialta a áireamh ar shlí dháiríre agus éifeachtach sa mhéid sin i gcónaí. Ba cheart don Choimisiún an ghné shóisialta mhéadaithe sin a chur chun cinn. Agus beart nó beartas ar bith á bhreithniú, ní mór é a bheith foirmlithe i gcónaí ar dhóigh a n‑urramaíonn gnéithe na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, mar aon le róil, inniúlachtaí agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

1.7Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an bParlaimint, ar na Ballstáit agus ar réigiúin an Aontais Eorpaigh ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta ar bhealach níos nuálaí agus níos éifeachtaí a mhéid a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme beartas aistrithe fuinnimh a bhfuil breisluach ard ag baint leo ó thaobh na fostaíochta agus na cosanta sóisialta de, agus i dtaca le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Leagadh béim ar na míchothromaíochtaí críochacha sa réimse seo sna cás‑staidéir ábhartha a rinneadh ina leith agus, dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, trí bhíthin an idirphlé shóisialta agus rannpháirtíocht sa gheilleagar sóisialta, bearta a dhéanamh chun forbairt chríochach agus shocheacnamaíoch níos cothroime a éascú. Mar shampla, is féidir próisis chomhairliúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, comhshocruithe sóisialta a chur chun cinn chun aistriú eacnamaíoch, aistriú saothair agus aistriú fuinnimh atá cóir go sóisialta a áirithiú.

1.8Tá CESE á aithint gur gá beartais infheistíochta phoiblí agus phríobháideacha a neartú, mar aon le beartais cúitimh shóisialta, i bhfianaise na n‑éifeachtaí diúltacha ar iomaíochas chuideachtaí móra an Aontais agus FBManna, agus ar na teaghlaigh is leochailí. I measc sásraí eile, tá CESE á mholadh go n‑úsáidfí an plean REPowerEU faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun dálaí an mhargaidh a chobhsú agus chun soláthar a áirithiú do shaoránaigh uile na hEorpa. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an ngá agus ar an bpráinn sin trí níos mó bearta infheistíochta eacnamaíocha agus sóisialta a chur i bhfeidhm (mar shampla, cuidiú a chur ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais ghnó níos mó, acmhainní a ráthú chun bochtaineacht fuinnimh a chosc, etc.) ach gan na spriocanna dícharbónaithe a laghdú, toisc go mbeadh éifeachtaí diúltacha níos mó ag moilliú breise an phróisis sin ná mar a bheadh dá gcuirfí dlús leis sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

1.9Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. I dtaca leis sin de, tá dálaí dúshlánacha le sárú chun an fhostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn, chomh maith le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú (tríd an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

1.10De bhreis air sin, tá CESE á mholadh go mbeadh páirt níos mó ag na táirgeoirí is tomhaltóirí (tomhaltóirí fuinnimh éighníomhacha a dhéantar saoránaigh gníomhacha agus tomhaltóirí fuinnimh in‑athnuaite díobh) agus ag na saoránaigh (pobail fuinnimh) d’fhonn dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Eoraip.

1.11Creideann CESE gur cheart socruithe iomchuí nó comhaontuithe maidir le comhbheartú sóisialta cóir a bheith ag gabháil leis na pleananna críochacha um an aistriú fuinnimh. Trína bhíthin sin, ba cheart cruthú agus coinneáil post inbhuanaithe ardcháilíochta agus tacaíocht do dhaoine a bheith ina gcoinníollacha riachtanacha a mhéid a bhaineann le ceapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeart atá beartaithe, lena n‑áirítear na cistí a fhaightear chun an t‑aistriú fuinnimh a chur chun cinn.

1.12Mar sin féin, ní dearfach an fíorthaithí atá ann maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh ar leibhéal an mhacrabheartais. I bhformhór na dtíortha, meastar nach leor rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhforbairt beartas a bhaineann leis an dá aistriú (an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas).

2.Cúlra agus príomheilimintí

2.1Is díol sásaimh do CESE go bhfuil gealltanas ceangailteach tugtha ag an Aontas, arb é ceann d’astaírí móra an domhain, maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Athnuadh an gealltanas sin ag COP 27 (an 7-8 Samhain 2022), in ainneoin an amhrais ar astaírí móra domhanda eile faoi. Mar sin féin, tá CESE á chur i bhfios go láidir go mbeidh éifeachtacht na mbeart a ghlacfar chun geilleagar na hEorpa (agus go háirithe córas fuinnimh an Aontais) a dhícharbónú ag brath sna blianta amach romhainn ní hamháin ar chuspóir comhshaoil den sórt sin a bhaint amach ach freisin ar an aistriú a bheith cothrom do chách. Ba cheart na bearta sin a bheith ina gcuidiú agus sochaí inbhuanaithe rathúil á cur chun cinn ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní agus ardleibhéal fostaíochta á áirithiú.

2.2Sa tuairim uaidh Fís straitéiseach maidir le haistriú fuinnimh a chuirfidh ar chumas an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach 1 , aithníonn CESE na deiseanna maidir le rathúnas a chruthaítear leis an bpróiseas dícharbónaithe fuinnimh. Mar sin féin, tá rabhadh á thabairt aige freisin faoi na rioscaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag eascairt as an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair. Is measa fós iad na fadhbanna reatha, a chruthaíonn brú breise agus a fhágann gur deacair na cuspóirí dícharbónaithe arna leagan síos a bhaint amach (an cogadh san Úcráin, an ghéarchéim boilscithe, etc.), mar gheall ar fhadhbanna struchtúracha, amhail an t‑athrú aeráide, a bhfuil a n‑éifeachtaí diúltacha ar an Aontas agus ar a réigiúin ag éirí níos infheicthe.

2.3Is eol do CESE go bhfuil tionchar tromchúiseach ag praghsanna arda gáis agus leictreachais ar na cuideachtaí uile agus ar na teaghlaigh is leochailí. Mar thoradh ar an mbís bhoilscitheach, tá gléasraí tionsclaíocha á ndúnadh (e.g. Slovalco sa tSlóvaic) agus dochar á dhéanamh d’iomaíochas roinnt mhaith cuideachtaí.

2.4Tá CESE á thabhairt dá aire freisin na tuarascálacha ó Eurofound 2 , ina léirítear go bhfuil méadú tagtha ar an mbochtaineacht fuinnimh. Cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit maidir le bearta sóisialta a thabhairt isteach chun éifeachtaí socheacnamaíocha géarchéimeanna agus éigeandálaí nua a mhaolú, is léir nach leor na bearta sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na cuspóirí sóisialta a neartú, faoi mar a chuir EEA i bhfáth, pacáistí beartas agus beart um maolú an athraithe aeráide a dhearadh agus a chur chun feidhme agus dáileadh na dtionchar sóisialta a mheas agus a dhéanamh amach conas féachaint chuige go mbeidh siad níos cothroime i gcás nach féidir iad a sheachaint (Exploring the social challenges of low carbon energy policies in Europe, Deireadh Fómhair 2021 3 ).

2.5I gcomhthéacs na n‑éigeandálaí nua sin, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí bearta spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a leathnú agus dlús a chur leo chun na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus fostaíochta is díobhálaí a bhaineann le spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach a fhritháireamh, gan na spriocanna sin a cheistiú. Creideann CESE freisin gur cheart na bearta sin a bheith leabaithe sna beartais chomhtháthaithe. Sa tuairim uaidh (ECO/579 4 ), thug CESE chun léire an bhéim sin ar bheartais chomhtháthaithe i gcomhthéacs bheartais aeráide an Aontais, d’fhonn aird a tharraingt ar bhearta chun cuidiú le cuideachtaí iad féin a chur in oiriúint do riachtanais an aistrithe fuinnimh, lena n‑áirítear an t‑athstruchtúrú lena ngabhann, agus chun an bhochtaineacht fuinnimh a chosc.

2.6Ar bhonn níos struchtúrtha, is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ reachtaíocht an Aontais a athbhreithniú agus a nuashonrú agus tionscnaimh nua a sheoladh. Déanfar amhlaidh lena áirithiú go mbeidh beartais an Aontais i gcomhréir leis na spriocanna aeráide a chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, mar a gealladh sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus a rinneadh ceangailteach leis an dlí aeráide Eorpach. Creideann CESE, dá bhrí sin, go bhféadfadh beartais chun an éigeandáil aeráide a chomhrac a bheith ina gcúis le hathruithe móra ar an ngeilleagar agus suaitheadh sóisialta a chruthú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, rud a dhéanfadh difear don fhostaíocht agus don dea‑bhail, go háirithe i réigiúin áirithe. Ar a mhuin sin, ba cheart a chur i bhfios go láidir nach féidir dul chun cinn sóisialta a dhéanamh gan feidhmíocht láidir eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, nach féidir fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bheith ann gan aistriú glas agus aistriú fuinneamh atá cothrom ó thaobh na sochaí agus an tsaoil oibre de a áirithiú.

2.7Is déine a bheidh an tionchar ar mhargaí saothair in earnálacha agus i réigiúin áirithe, go háirithe iad siúd ina bhfuil tionscail diancharbóin a d’fhéadfadh dúnadh síos. Ní mór saoráid um aistriú cóir a bheith ag gabháil leis an ngá atá le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Ó tharla nach dtarlóidh éifeachtaí dearfacha an aistrithe sin go huathoibríoch, tá CESE suite de, má táthar chun aistriú fuinnimh rathúil a áirithiú, go bhfuil sé ríthábhachtach beartais infheistíochta chuimsitheacha a cheapadh agus a chur chun feidhme (lena gcuirtear poist chuibhiúla inbhuanaithe chun cinn) agus ról a thabhairt don tsochaí ina leith sin. Ar an dóigh sin, beidh guth ag na daoine a fhostaítear agus ag a n‑ionadaíochtaí ar an leibhéal maicreacnamaíoch (leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta), idirmheánach (leibhéal na n‑earnálacha) agus micreacnamaíoch (leibhéal na gcuideachtaí agus na n‑aonad áitiúil).

2.8Sna cásanna neamhchinnte agus athraitheacha sin, measann CESE go bhfuil creataí an Aontais Fuinnimh agus an Chomhaontaithe Ghlais iomchuí, ach nach leor iad chun beartais aeráide agus fuinnimh a chur chun feidhme, beartais lena n-áirithítear comhtháthú sóisialta agus réigiúnach trí dhian-infheistíochtaí sa nuálaíocht theicneolaíoch, i gcruthú post ardcháilíochta inbhuanaithe, i gcumhachtú caipitil dhaonna agus i gcruthú caipitil shóisialta réigiúnaigh. Tá CESE á mholadh go mbainfí úsáid as dea‑chleachtais chun an méid sin a bhaint amach 5 . Tá CESE á mheabhrú go bhfuil straitéisí den sórt sin ann cheana, amhail tionscadail chun stáisiúin ghrianchumhachta a thógáil ar sheanláithreáin mianadóireachta ligníte sa Phortaingéil agus sa Ghréig, nó an tacaíocht straitéiseach mhór atá sa Liotuáin don choincheap ‘táirgeoir is tomhaltóir’. Tá CESE á thabhairt dá aire nach cleachtas forleathan ná ceannasach í an taithí sin go fóill.

2.9De réir na tuarascála a ullmhaíodh ar iarratas ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i bParlaimint na hEorpa, meastar go dtiocfaidh laghdú 5.6 % ar OTI an Aontais in 2050 i ngeall ar an easpa uaillmhéine i mbeartais an Aontais maidir le haistriú fuinnimh cóir. Tá CESE den tuairim nach mór aistriú cóir a áirithiú, lena n-áirítear ó thaobh na fostaíochta de, chun an costas sin a sheachaint. Sa tuarascáil sin, moltar agus déantar measúnú ar roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun na críche sin, ina measc 6 :

·leibhéil uaillmhianacha maidir le cistiú ón Aontas, sa bhreis ar acmhainní na mBallstát, chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain. I dtuairim INT/913 uaidh, chuir CESE in iúl go seasann sé leis an méid sin;

·ghinfeadh ceannaireacht dhomhanda an Aontais sa chomhar iltaobhach i ndáil leis an aistriú fuinnimh EUR 94 000 bhilliún in aghaidh na bliana;

·chabhródh an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht le OTI an Aontais a mhéadú EUR 39 000 mbilliún in aghaidh na bliana, ós rud é go gcuirtear níos mó soiléireachta ar fáil ann faoi cad atá i gceist le hinfheistíocht fhreagrach fuinnimh agus go gcuirtear chun cinn ann an rialachas comhshaoil agus sóisialta.

2.10Creideann CESE go bhfuil cuideachtaí móra, ach FBManna freisin, ina gcuid ríthábhachtach den réiteach chun geilleagar iomaíoch, aeráidneodrach, ciorclach agus cuimsitheach a fhorbairt san Aontas. Ba cheart na coinníollacha cearta cistiúcháin agus tacaíochta a chruthú agus a choinneáil ar bun. Ní mór rochtain níos fearr a bheith ag FBManna air, trí nósanna imeachta riaracháin simplithe agus oiriúnaithe. Ach sheirbhísí tacaíochta a chruthú do FBManna, beidh sé níos éasca dóibh rochtain a fháil ar na bearta sin agus chuirfí chun cinn éiceachórais ghnó inbhuanaithe i réigiúin uile an Aontais (NUTS II agus III), agus ní hamháin sna réigiúin sin atá cáilithe faoi láthair mar réigiúin an aistrithe chóir (thart ar chéad réigiún faoi NUTS III agus 31 réigiún faoi NUTS II) 7 .

2.11Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Aeráide Sóisialta 8 . Mar sin féin, tá CESE suite de nach gcuirfidh na cistí sin an tacaíocht airgeadais ar fad is gá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí socheacnamaíocha agus fostaíochta ar bhealach atá freagrach go sóisialta. Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach cistiú amháin atá i gceist le haistriú fuinnimh cóir, ach go n‑áirítear leis freisin an cuspóir maidir le poist ardcháilíochta a chruthú, rannpháirtíocht dhaonlathach a neartú (lena n‑áirítear ar leibhéal na gcuideachtaí), neamhspleáchas agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch a urramú, agus iomaíochas chuideachtaí na hEorpa a chothabháil agus a mhéadú tuilleadh. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí bearta sonracha ar gach leibhéal, lena n‑áirítear i bhfeidhmiú an tSeimeastair Eorpaigh, chun rannpháirtíocht na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach agus na gcomhpháirtithe sóisialta a mhéadú. Measann CESE freisin gur gá ceanglas a leagan amach maidir le sásraí chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar úsáid chuí cistí don aistriú fuinnimh cóir, trína fhíorú go bhfuil na cuspóirí sóisialta agus gairme á gcomhlíonadh ag na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as an gcistiú poiblí sin.

2.12Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna fostaíochta agus sóisialta a neartú sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna sin:

·beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

·úsáid a bhaint as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

·an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in‑athnuaite, etc.);

·an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin.

3.Comhthéacs agus príomhionchur ó fhianaise eolaíoch idirnáisiúnta maidir le tionchar an aistrithe fuinnimh chóir ar an bhfostaíocht

3.1Tá CESE á thabhairt dá aire gur féidir difear a dhéanamh don fhostaíocht ar bhealaí éagsúla trí fhoinsí in‑athnuaite a chur in ionad gnáthghléasraí cumhachta breoslaí iontaise. D’fhéadfadh an méid sin poist ghlasa nua a chruthú in earnáil an fhuinnimh in‑athnuaite ach poist a dhíláithriú in earnálacha eile. Ní mór a chur san áireamh go bhféadfadh an méadú a d’fhéadfadh teacht ar phraghsanna fuinnimh srian a chur leis an éileamh ar shaothar in earnálacha dianfhuinnimh agus cumhacht ceannaigh na dteaghlach príobháideach a laghdú. Deimhnítear leis an bhfianaise go gcruthaítear, go scriostar nó go gclaochlaítear poist i dtíortha tionsclaíocha leis an mbeartas fuinnimh i leith foinsí in‑athnuaite.

3.2Tá CESE á thabhairt dá aire nach bhfuil aon chomhthoil eolaíoch iomlán ann maidir leis an tionchar deiridh a bheidh ag an aistriú fuinnimh ar an bhfostaíocht. Léirítear le roinnt staidéar cásanna nach raibh aon ghlanfhás fostaíochta ann (sa Pholainn) nó ina raibh glanfhás fostaíochta an‑bheag (sa Ghearmáin). Mar sin féin, measann EIS go gcaillfear thart ar 6 mhilliún post mar thoradh ar dhícharbónú an gheilleagair, ach go dtiocfaidh méadú faoi cheathair ar na poist a chruthófar, ó 11 mhilliún go 43 mhilliún in 2030 do thíortha na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (IRENA) 9 . Sna cásanna uile a ndearnadh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh cur i láthair orthu, léirítear go dtiocfaidh méadú ar úsáid an fhuinnimh ghlain, rud a dhéanfaidh cúiteamh ar chaillteanais fostaíochta in earnálacha na mbreoslaí iontaise. Má bhaintear amach an aeráidneodracht faoi 2050, beidh ról nua ag 16 mhilliún oibrí i réimse an fhuinnimh ghlain. I dtuarascáil 2022 na Stát Aontaithe maidir le fuinneamh agus fostaíocht (USEER) 10 , cuirtear meastacháin den chineál céanna i láthair: a bhuí le fuinneamh glan, tháinig méadú 4 % ar an bhfostaíocht in earnáil an fhuinnimh (cé nár tháinig méadú ach 2.8 % ar an bhfostaíocht i gcoitinne).

3.3Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil roinnt míchothromaíochtaí ann. Tarlaíonn sé nach mbíonn poist nua a bhaineann le fuinneamh glan agus na poist a ionadófar lonnaithe san áit chéanna. Bíonn scileanna nua ag teastáil do na poist nua sin chomh maith. Chuige sin, ba cheart an reachtaíocht náisiúnta agus na beartais fuinnimh a dhíriú ar a áirithiú go mbeidh rath ar an oiliúint don aistriú agus go rachaidh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach. Ina cheann sin, i dtionscal an fhuinnimh in‑athnuaite, tá cion na mban sa lucht saothair (32 %) níos airde ná mar atá i gcodanna eile den earnáil fuinnimh, cé nach bhfuil an céatadán ach 21 % in earnáil na gaoithe. Léiríonn sé sin go bhfuil steiréitíopaí inscne á gcothú sa réimse sin i gcónaí. Dá bhrí sin, ní mór, trí bhíthin na reachtaíochta náisiúnta agus na mbeartas cur chun feidhme, béim a leagan ar chuspóirí comhionannais inscne sna poist nua sin.

3.4Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach a aithint nach ceist teicneolaíochta agus infheistíochta poiblí agus príobháidí amháin é an t‑aistriú fuinnimh, ach gur dúshlán mór sóisialta domhanda é. Dá bhrí sin, ní mór rannpháirtíocht na sochaí sibhialta (úsáideoirí) agus táirgeoirí na sochaí saothair (cuideachtaí agus oibrithe, ar bhonn díreach agus trína n‑ionadaíochtaí) a ráthú agus a chur chun cinn. Ní mór an aeráid a chur san áireamh sna beartais agus sna cinntí uile. Thairis sin, creideann CESE gur cheart na beartais agus na cinntí sin a cheapadh trí phróisis agus, i gcás inarb iomchuí, trí chomhaontuithe comhairliúcháin shóisialta idir na húdaráis ar gach leibhéal agus na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart urraim do neamhspleáchas agus d’éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch náisiúnta, agus d’eagraíochtaí ionadaíocha eile na sochaí sibhialta, a bheith ina bonn taca leis an méid sin i gcónaí, chun aistriú cuimsitheach fuinnimh a bhaint amach d’oibrithe, do thomhaltóirí agus don phobal i gcoitinne.

3.5Tá CESE á thabhairt dá aire, agus foilseacháin eolaíochta agus an taithí (idir rathúil agus easnamhach) a fuarthas ó fhíorchásanna á n‑athbhreithniú aige, nach bhfuil conair réamhshocraithe amháin don aistriú agus go bhfuil an tionchar a bhíonn ag aistrithe fuinnimh ar phoist agus ar ionaid oibre ag brath ar na dálaí sóisialta faoina dtugtar teicneolaíochtaí isteach agus ar athruithe ar an aistriú fuinnimh. Léirítear le fianaise ó chás‑staidéir ar leibhéal na gcuideachtaí (e.g. Renault, Siemens Energy 11 ) go raibh torthaí dearfacha (gairmoiliúint níos fearr, táirgiúlacht níos mó agus cáilíocht níos airde táirgí) mar thoradh ar ghlacadh na n‑athruithe, sna cásanna ina raibh na hoibrithe rannpháirteach.

3.6Mar sin féin, ní conclúidí dearfacha iad na conclúidí maidir leis an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh ar leibhéal an mhacrabheartais. I bhformhór na dtíortha, meastar nach leor rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhforbairt beartas a bhaineann leis an dá aistriú (an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas). Bunaithe ar thaithí roinnt tíortha, d’fhéadfadh an t‑easnamh sin a bheith mar thoradh ar dhá dhúshlán bhunúsacha atá os comhair na gcomhpháirtithe sóisialta:

·d’ainneoin go bhfuil éagsúlacht shuntasach sna creataí institiúideacha, tá easpa beart i ngach ceann de na creataí sin chun an t‑idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn maidir le cearta sóisialta agus saothair a mhúnlú, ar cearta iad a bhaineann leis an aistriú fuinnimh cóir (e.g. an Iodáil, an Spáinn, an Pholainn, an Ghearmáin, etc.);

·cumas neamhleor na gcomhpháirtithe páirt chuí a ghlacadh sa phlé maidir le todhchaí na hoibre i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh, tosaíochtaí a cheapadh agus a gcláir oibre a chur i gcrích go héifeachtach, in ainneoin na reachtaíochta náisiúnta, amhail reachtaíocht na Spáinne lena gcuirtear chun cinn comhaontuithe comhbheartaithe sóisialta ar mhaithe le haistriú fuinnimh cóir (Dlí 7/2021).

4.Barúlacha ginearálta

4.1Tá CESE á thabhairt dá aire na hanailísí lena léirítear go bhféadfadh ionstraimí beartais agus ionstraimí dlíthiúla de chuid an Aontais a bheith tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe fuinnimh ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an tsaothair de. Mar sin féin, measann CESE freisin gur cheart na hionstraimí atá ann cheana agus a chuirtear chun feidhme i ngach uile Bhallstát (e.g. an Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó an Treoir lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo) a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Tá CESE á iarraidh go spreagfaí agus go nglacfaí, ar na leibhéil iomchuí éagsúla, na hathchóirithe is iomchuí arb é is aidhm dóibh an t‑idirphlé sóisialta a neartú agus an chómhargáil a áireamh sna próisis maidir le haistriú fuinnimh cóir, chun cothromaíochtaí dearfacha a chur chun cinn ó thaobh poist inbhuanaithe a chruthú agus oibrithe a chosaint, agus bonn láidir eacnamaíoch agus gnó á choinneáil i ngach Ballstát agus i ngach réigiún, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú ag an am céanna.

4.2Maidir leis na hathruithe eacnamaíocha agus na hathruithe ar struchtúir na fostaíochta a eascraíonn as an aistriú fuinnimh, is léir ón taithí a fuarthas nach n‑éiríonn leo i gcónaí a mhéid a bhaineann le haistriú cóir sóisialta agus gairme a bhaint amach. Braitheann an rath sin ar cibé acu a chaomhnaítear nó nach gcaomhnaítear an fhostaíocht go príomha trí phoist a aistriú, ó phoist atá neamh‑inbhuanaithe i ngeall ar a lorg carbóin, go poist eile atá inbhuanaithe. Bíonn tionchar freisin ag an idirghníomhaíocht idir beartais fuinnimh agus fostaíochta ar an timpeallacht nó ar an gcomhthéacs réigiúnach níos leithne, rud a chruthaíonn deiseanna agus rioscaí (e.g. taraifí ionfhotha; praghsanna fuinnimh atá ag ardú agus a chuireann poist thionsclaíocha i mbaol, faoi mar a tharla sa Ghearmáin agus sa Spáinn). Tá CESE á thabhairt dá aire, de réir na taithí a fuarthas i roinnt réigiún, amhail in imchuach mianadóireachta thuaisceart na Spáinne, go bhfuil líon na bpost nua a chruthaítear leis an aistriú fuinnimh i bhfad níos ísle agus go bhfuil pá níos ísle ag baint leis na poist sin, i gcomparáid leis na poist a bhí ann roimhe.

4.3Ó thaobh an domhain mhóir de, tá CESE á thabhairt dá aire go léirítear leis na staidéir is fónta atá ar fáil go bhfuil gairm ardoilte ag thart ar 45 % d’oibrithe an domhain atá fostaithe in earnáil an fhuinnimh, agus sin i gcomparáid le thart ar 25 % d’oibrithe ar fud an gheilleagair. Níl an méid sin indéanta i ngach áit, áfach, agus ní mór aistriú cóir duineláraithe a áirithiú do na hoibrithe lena mbaineann ionas nach mbeidh glandífhostaíocht mar thoradh ar an dícharbónú, mar atá i gcás na Polainne.

4.4Tá CESE suite de, mar a luaitear i dtuarascálacha IRENA agus EIS 12 , gur léiriú soiléir í acmhainneacht an fhuinnimh in‑athnuaite gur féidir obair chuibhiúil inbhuanaithe a chur ar fáil gan aon ghá a bheith ann rogha a dhéanamh idir an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus poist a chruthú. Ba cheart an dá ghné sin a bheith fite fuaite le chéile, rud is féidir a dhéanamh, trí na dálaí cearta dlíthiúla, polaitiúla agus airgeadais a chruthú, lena n‑éilítear cuntasacht chuí ar gach cuideachta a fhaigheann cistí agus lena n‑áirithítear rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile (na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta agus na saoránaigh) ina rialachas.

5.Barúlacha sonracha

5.1Tá CESE á thabhairt dá aire go mbeidh seasamh níos straitéisí sa gheilleagar ag tionscal an fhuinnimh, ós rud é gur príomhspreagadh é do gach earnáil. Mar sin féin, i bhfianaise na ngéarchéimeanna agus na n‑athruithe atá ann faoi láthair, tá míchothromaíochtaí agus rioscaí éagsúla ag baint leis an tionscal sin, ar gá aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí iomchuí, beartais chomhleanúnacha agus struchtúir nua rialachais, d’fhonn rannpháirtíocht sa gheilleagar críochach, na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú. Ba cheart socruithe iomchuí nó comhaontuithe maidir le comhbheartú sóisialta cóir a bheith ag gabháil leis na pleananna críochacha um an aistriú fuinnimh. Maidir leis na socruithe nó na comhaontuithe sin, ní mór cruthú agus coinneáil post inbhuanaithe ardcháilíochta agus tacaíocht do dhaoine a bheith ina gcoinníollacha riachtanacha dóibh, a mhéid a bhaineann le ceapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeart atá beartaithe.

5.2Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta 13 . Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh, agus chun ráthaíochtaí maidir le hioncam leordhóthanach a chruthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n‑éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

5.3Tá CESE á athdhearbhú gur gá acquis ábhartha an Aontais agus na mBallstát a chur chun feidhme i réimse dhlí an tsaothair agus na slándála sóisialta. Tá sé athdhearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún go bhfuil siad tiomanta oibriú ar mhaithe le hEoraip níos córa agus níos cothroime, rud atá ag teacht leis an seasamh a ghlac CESE nuair a fógraíodh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ag cruinniú mullaigh Göteborg an 17 Samhain 2017. Ba cheart an Colún a bheith ina threoir do chóineasú aníos athnuaite i dtreo dálaí oibre agus maireachtála feabhsaithe agus d’fhonn athchóirithe i margaí saothair agus i mbeartais shóisialta a threorú 14 .

5.4Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil difríochtaí suntasacha sa reachtaíocht lena gcuirtear an Dlí Aeráide Eorpach chun feidhme. Mar shampla, i reachtaíocht na Fraince, leagadh béim ar an ngné sin a bhaineann le ról a thabhairt do chuideachtaí agus d’ionadaithe oibrithe san idirghníomhaíocht idir an t‑aistriú glas agus saincheisteanna soch‑ghairme; ar an taobh eile, i reachtaíocht tíortha eile, amhail reachtaíocht na hIodáile agus na Spáinne, mar aon le reachtaíocht réigiúin uile an aistrithe chóir i dtíortha Oirthear na hEorpa, is beag trácht a dhéantar ar na hoibleagáidí agus na cearta sin. Tá CESE á thabhairt dá aire, mar shampla, taithí rathúil na Fraince (Dlí Uimh. 2021-1104) lenar leagadh síos an coincheap ‘dúshláin an aistrithe ghlais’ sa Chód Saothair, lena n‑áirítear inniúlachtaí maidir le comhaontuithe earnála, córais le haghaidh poist réamhbhreathnaitheacha a bhainistiú agus scileanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann go sonrach leis an aistriú glas agus fuinnimh (Airteagal L 2242-20), chomh maith le ceart na gceardchumann foláirimh chomhshaoil agus sláinte phoiblí a eisiúint (L 4133-L 4133-4). Dá bhrí sin, agus neamhspleáchas agus éagsúlacht na gcóras caidrimh thionsclaíoch Eorpach á n‑urramú go docht aige, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a chur chun cinn maidir le malartú dea‑chleachtas idir na Ballstáit agus na réigiúin éagsúla.

5.5Tá CESE á áitiú gurb é cur chuige réamhghníomhach agus cuimsitheach lena n-áirithítear beartais shonracha saothair agus leasa shóisialta an réamhriachtanas is tábhachtaí chun aistriú rathúil a bhaint amach. Chun go mbeidh rath ar na beartais, ní mór iad a bheith oiriúnaithe d’fhíor‑riachtanais an mhargaidh saothair, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise go fuinneamh in‑athnuaite, ach gan bheith teoranta dóibh siúd, agus leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil sna réigiúin atá saibhir ó thaobh acmhainní de. Bíodh is gurb úsáideach an ní é an Ciste um Aistriú Cóir, tá teorainneacha ag baint leis, agus ní mór é sin a cheartú. Ní freagairt uilechuimsitheach é ar dhúshláin an aistrithe chóir, ach is féidir tacú leis trí bhearta beartais breise a thabhairt isteach ar leibhéal na mBallstát.

5.6D’fhonn feabhas a chur ar an gcaidreamh idir beartais chomhshaoil, an t‑aistriú fuinnimh, beartais an mhargaidh saothair agus beartais cosanta sóisialta, tá CESE á iarraidh go dtabharfaí aird níos mó ar na táscairí fostaíochta inbhuanaithe atá ar fáil chun an Sásra um Aistriú Cóir atá beartaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart an táscaire a bhaineann le hacmhainneacht na fostaíochta dícharbónaithe (DEP) a chur san áireamh ar leibhéil éagsúla NUTS. De ghrá sonraí a fháil faoi thionchar na géarchéime fuinnimh nua ar an bhfostaíocht, tá líon suntasach taithí cláraithe ag an bhFhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú de chuid Eurofound 15 .

5.7Tá CESE á iarraidh freisin go gcuirfí dlús le cur chun feidhme an tSásra um Aistriú Cóir agus go gcuirfí feabhas ar chur chun feidhme an tSásra sin 16 . Is mór ag CESE go gcuirfear EUR 55 bhilliún ar fáil idir seo agus 2027 sna réigiúin is mó a ndéanann an t‑aistriú fuinnimh difear dóibh, chun an cuspóir ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a bhaint amach. Is éard is cuspóir dó sin éifeachtaí socheacnamaíocha an aistrithe chuig geilleagar atá aeráidneodrach a fhritháireamh trí thrí cholún: Ciste nua um Aistriú Cóir (os cionn EUR 25 000 bhilliún in infheistíochtaí), an scéim InvestEU um Aistriú Cóir (EUR 15 000 bhilliún don earnáil phríobháideach) agus an tsaoráid iasachta nua don earnáil phoiblí (cuirfear EUR 18 500 billiún d’infheistíocht phoiblí léi).

5.8Mar an gcéanna, agus na pleananna críochacha um aistriú fuinnimh á gcur ar bhonn foirmiúil, measann CESE freisin gurb iomchuí ní hamháin comhaontuithe aistrithe a chur chun cinn, ach dea‑chleachtais i réimse na cómhargála agus rannpháirtíocht na n‑oibrithe san aistriú fuinnimh atá cóir go sóisialta a chur chun cinn freisin. I ndáil leis an méid sin, ba cheart a mheabhrú go bhfeabhsaítear cáilíocht an chomhshaoil mar thoradh ar aistriú chuig foinsí fuinnimh in‑athnuaite, trí astaíochtaí truailleán aeir a laghdú. Téann an méid sin chun tairbhe na sláinte agus na táirgiúlachta saothair chomh maith.



5.9Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go gcruthófar le gné ghlas na hEorpa agus leis an aistriú fuinnimh sineirgí dearfacha agus aistriú cuimsitheach, chun cur le rath cuideachtaí, chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe ardcháilíochta a mhéadú d’oibrithe agus chun folláine na saoránach uile a fheabhsú laistigh d’éiceachóras ina n‑urramaítear an pláinéad.

An Bhruiséil, 22 Feabhra 2023

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

*

*    *

N.B.:    Foscríbhinní ar an taobh thall.



FOSCRÍBHINN 1

Study on "Energy policy and the labour market: consequences for employment in regions undergoing energy transitions"

Preliminary conclusions and recommendations (28.11.2022)

·Basing on the researched examples of energy transition, it can be argued that transition processes which engage various actors and involve stakeholder coordination (i.e. trade unions, science, enterprises, government, NGOs etc.) are more likely to ensure a just outcome in terms of social and economic effects. In other words, a just transition requires the engagement of various actors, at different levels, and an approach which includes many different policy instruments (policy mix). A holistic approach to the energy system – encompassing industrial policies, labour market policies, social protection measures, diversity and inclusion programmes, and skills training and retraining strategies – which requires working together with many stakeholders across different industries may be, thus, regarded as vital for a just transition.

·Coal regions, on which concentrated our study, are areas which often do not exactly fit the regional and administrative boundaries. Thus the participation in the afore-mentioned coordinating bodies as well as relevant policies and policy tools, whenever justified, should not be limited to a given region but rather should acknowledge a network of relationships between regions.

·The process of developing regional transition plans and policies should be transparent and well designed so that all involved stakeholders are well informed and know next steps. This includes supporting trust building measures.

·Developed policies and policy tools should take into account the demographic situation of a given region, especially in the context of youth outflow, low birth rates and regional development plans with a longer time horizon.

·The policy mix aimed at facilitating a just transition which could successfully mitigate the risks associated with this process in the area of employment should include elements operating at different governance levels (EU, national, regional, local). In this context, the regional level is regarded as suitable to work on the improvements in employment.

·Moreover, involving local and regional level is crucial in the context of ensuring further sustainable development of municipalities and regions in general. In some regions undergoing transition (e.g. in Lusatia) mayors and district councils are concerned that large parts of business tax revenues will disappear and that municipalities will no longer be able to fulfil their duties.

·As our research showed, good cooperation between social partners and between trade unions and employment policies enhances the likelihood of the transition's success.

·The research suggests that investing in skills, training and retraining is an important element of just transition. A better coordination between the energy sector and educational institutions is important to respond to the emerging trends in the educational needs of the energy sector and other sectors. Also, cooperation between companies (business entities) is an important element of educating employees on new qualifications. In this context it is necessary to verify and monitor which qualifications are needed in the context of creating new jobs.

·New jobs emerging as a result of energy transition should be decent jobs, with adequate and competitive salary as one of key components.

·Other policy instruments which are needed to facilitate a fair energy transition may include social insurance programs, temporary income support, unemployment support, community care programmes, labour market support (e.g., retraining, skills upgrading, skills transferability), environmental rehabilitation and repurposing strategies. However, the capability to use these instruments varies across regions – not only because of different resources and abilities at a region's disposal, but also the range of the regional authorities' competences, as some of the potential measures may fall within the scope of the central government.

·Access to adequate funding supporting transition and allowing to properly implement the agreed policies and plans is key. Dispersed ad-hoc interventions (like in case of ZE PAK in Poland), although very much needed in the absence of other actions, cannot fully address all challenges related to up- and reskilling of workers.

·Transition policies and plans should be regularly evaluated and reviewed in terms of meeting the climate targets as well as other relevant indicators, including those related to training and employment and securing new decent workplaces.



FOSCRÍBHINN a ghabhann leis an TUAIRIM
ó

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/718

An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 2.12

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna fostaíochta agus sóisialta a neartú sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna sin:

·beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

·úsáid a bhaint as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

·an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in‑athnuaite, etc.);

·an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a spreagadh go neartófaí an bhéim ar spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus ar bheartais fostaíochta agus shóisialta sa mheasúnú ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i bpleananna críochacha na mBallstát um an aistriú cóir. Áirítear an méid seo a leanas leis na spriocanna agus na beartais sin:

·beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair lena n-éascaítear aistrithe post, trí athsciliú agus infheistíochtaí oideachais i bpoist ghlasa ardcháilíochta;

·úsáid a bhaint as beartais agus bearta iomchuí maidir leis an margadh saothair agus, i gcás ina gceanglaítear é sin de réir rialacha náisiúnta, as cistí ó na Stáit agus ó chuideachtaí tairbhíocha chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a chaileann a bpost mar gheall ar an dícharbónú, chun a áirithiú gur féidir leis an aistriú fuinnimh tionchar dearfach a imirt ar an bhfostaíocht;

·an acmhainneacht eacnamaíoch réigiúnach a eascraíonn as foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chothú agus as cineálacha nua rannpháirtíochta sa táirgeadh leictreachais (mar shampla, comharchumainn féinsoláthair a chruthú a mbeidh sé de chumas acu barrachais a ghiniúint don phobal; féinfhostaíocht a chur chun cinn i nginiúint fuinnimh in‑athnuaite, etc.);

·an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac go héifeachtach. Cumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta rochtain ar sheirbhísí fuinnimh don daonra ar fad (Prionsabal 20);

Chun na cuspóirí uaillmhianacha sin a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach forbairt pleananna críochacha le haghaidh fostaíochta agus scileanna don todhchaí a spreagadh, agus go mbeadh ról gníomhach ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas sin. Ba cheart a chur san áireamh sna pleananna sin chomh maith iarmhairtí eacnamaíocha luas an aistrithe ar chuideachtaí, agus FBManna go sonrach.

Cúis

Is éard atá beartaithe leis an leasú seo foclaíocht an téacs a shoiléiriú a mhéid a bhaineann leis an mbéim ar chuspóirí/spriocanna sóisialta agus fostaíochta a neartú agus léiriú a thabhairt air nach leor de réiteach ar chaillteanais phoist iad íocaíochtaí as cistí (i gcás ina gceanglaítear é sin de réir rialacha náisiúnta). Tá i bhfad níos mó ag teastáil (beartais, bearta riaracháin etc.) chun tacú leo siúd gan phost agus iad a ath‑lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

Ar deireadh, faoi mar a léirítear i bpointe 1.6 den dréacht‑tuairim, is tábhachtach gabháil ar luas a oirfidh do chuideachtaí, agus FBManna go sonrach.

Toradh na vótála:

Ar son:

73

In aghaidh:

78

Staonadh:

8

LEASÚ 2

SOC/718

An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 5.2

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta[1]. Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh, agus chun ráthaíochtaí maidir le hioncam leordhóthanach a chruthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n‑éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

[1] Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (nár foilsíodh fós).

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil an Seimeastar Eorpach ar cheann de na príomhchórais rialachais chun aistrithe atá cóir go sóisialta a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin gur céim sa treo ceart é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh agus faireachán a bheith á dhéanamh air tríd an Scórchlár Sóisialta[1]. Creideann CESE, áfach, gur cheart béim níos mó a chur ar an idirghníomhaíocht idir beartais chomhshaoil agus saothair chun a áirithiú go gcruthófar poist ardcháilíochta inbhuanaithe sa deireadh. Ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcomhréir lena gcuid rialacha náisiúnta, rochtain ar shochair dhífhostaíochta nó ar ioncam íosta leordhóthanach a chur ar fáil agus a ráthú dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n‑éiríonn leo post eile a fháil. Ba cheart ról na réigiún agus a gcaipiteal sóisialta, an speisialtóireacht chliste agus clár oibre don chaipiteal daonna a neartú.

[1] Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe (nár foilsíodh fós).

Cúis

Ó tharla go dtagraítear sa téacs ‘dóibh siúd a chailleann a bpost agus nach n‑éiríonn leo post eile a fháil’, luífeadh sé le ciall, is cosúil, gur ‘ioncam íosta’ atá i gceist le ‘ioncam’. Sa chás sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear a bheith ag teacht leis an bhfoclaíocht i bpointe 1.5 den dréacht‑tuairim, eadhon ‘rochtain uilíoch ar (...) ioncam íosta leordhóthanach a ráthú’. Ar a bharr sin, d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh do chórais sochar dífhostaíochta na mBallstát.

Toradh na vótála:

Ar son:

79

In aghaidh:

98

Staonadh:

8

LEASÚ 3

SOC/718

An beartas fuinnimh agus an margadh saothair

Pointe 1.9

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. I dtaca leis sin de, tá dálaí dúshlánacha le sárú chun an fhostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn, chomh maith le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú (tríd an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

Tá CESE den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag cuideachtaí móra agus ag FBManna araon maidir le cuspóir an aistrithe fuinnimh a bhaint amach tríd an bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn agus a chur ar fáil agus tríd an ról a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh a áirithiú (rud a chuirfeadh leis an mbochtaineacht fuinnimh a chosc, cuir i gcás). Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí is mó atá ag FBManna, tá CESE á iarraidh go bhfeabhsófaí na cláir lena dtugtar rochtain do FBManna ar mhaoiniú, go gcuirfí dlús leis na cláir sin agus go ndéanfaí iad a shimpliú, agus go gcuirfí tacaíocht leanúnach agus seirbhísí tacaíochta ar fáil.

Cúis

Is éard is aidhm don leasú seo an téacs a shoiléiriú chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuidíonn cuideachtaí le fostaíocht inbhuanaithe a chur ar fáil agus, ar an dóigh sin, leis an gcosaint shóisialta.

Toradh na vótála:

Ar son:

76

In aghaidh:

99

Staonadh:

8

_____________

(1)     IO C 75, 28.02.2023, lch. 102 .
(2)     https://www.eurofound.europa.eu/publications/customised-report/2022/the-cost-of-living-crisis-and-energy-poverty-in-the-eu-social-impact-and-policy-responses-background
(3)     https://www.eea.europa.eu/publications/exploring-the-social-challenges-of .
(4)     IO C 323, 26.8.2022, lch. 54 .
(5)    Féach IO C 47, 11.2.2020, lch. 30 agus IO C 62, 15.2.2019, lch. 269 .
(6)     https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/694222/EPRS_STU(2021)694222_EN.pdf
(7)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/background
(8)     IO C 152, 6.4.2022, lch. 158 .
(9)     https://irena.org/-/media/Files/IRENA/Agency/Publication/2019/Jan/IRENA_Gender_perspective_2019.pdf
(10)     https://www.energy.gov/policy/us-energy-employment-jobs-report-useer
(11)     https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2022/733972/IPOL_STU(2022)733972_EN.pdf
(12)     https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---dgreports/---dcomm/---publ/documents/publication/wcms_823807.pdf
(13)    Tuairim ó CESE Breithnithe breise maidir le Suirbhé Bliantúil 2022 don Fhás Inbhuanaithe, IO C 75, 28.02.2022, lch. 35 .
(14)    Tuairim ó CESE Pá Íosta Cuibhiúil ar fud na hEorpa, IO C 429, 11.12.2020, lch. 159 .
(15)     https://www.eurofound.europa.eu/observatories/emcc/european-restructuring-monitor
(16)     https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal/finance-and-green-deal/just-transition-mechanism_ga