NAT/873
Géarchéim maidir le praghsanna bia i ndiaidh an chogaidh san Úcráin
TUAIRIM
An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
Géarchéim maidir le praghsanna bia: ról na hamhantraíochta agus tograí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht i ndiaidh chogadh na hÚcráine
[Tuairim féintionscnaimh]
Rapóirtéir : Peter SCHMIDT
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
14/07/2022
|
|
Bunús dlí
|
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta
|
|
|
Tuairim féintionscnaimh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
24/11/2022
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
44/0/2
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):
1.1ag tarraingt aird ar ghéarchéim dhomhanda na bpraghsanna bia atá ag éirí níos measa mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, rud atá ag cur isteach ar sholáthar bia riachtanaigh amhail cruithneacht agus ola lus na gréine; á chur i bhfáth nach í an choinbhleacht amháin is cúis leis an ngéarchéim ach go bhfuil fadhbanna struchtúracha agus sistéamacha ann freisin a chuireann leis an ocras ar domhan agus atá ina mbagairt do shlí mhaireachtála an duine ar fud an domhain. Níor cheart caitheamh le bia mar shócmhainn airgeadais toisc nach tráchtearra é ar nós a lán tráchtearraí eile;
1.2á chur in iúl, cé go dtuigeann sé go mbíonn ceist na bpraghsanna bia agus na hamhantraíochta an-chasta nuair a bhíonn gá scrúdú breise a dhéanamh ar an gcúisíocht, nach leor an toradh atá ar struchtúr reatha an mhargaidh tráchtearraí ‘maidir leis an ngeilleagar inbhuanaithe atá de dhíth orainn’ ná maidir leis na cuspóirí atá nasctha leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an uaillmhian aeráide ná leis an aistriú cóir a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Is a mhalairt atá fíor agus is dochar atá an struchtúr sin ag déanamh dóibh. Déanann sé dochar do na hiarrachtaí atá ar bun chun fuascailt a fháil ó ghéarchéim an ocrais, chun ioncam cothrom a chur chun cinn d’fheirmeoirí agus d’oibrithe agus praghsanna cothroma a áirithiú do thomhaltóirí, chomh maith le próiseálaithe beaga agus meánmhéide bia agus an earnáil mhiondíola a chosaint ar na rioscaí a bhaineann leis an mboilsciú atá ag dul i méid. Ní mór, dá bhrí sin, an struchtúr sin a athrú tríd an reachtaíocht le go bhféadfar cur le dea‑bhail an duine agus le forbairt na sochaí ar mhaithe le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna). Ó tharla gurb é an tAontas Eorpach an margadh is mó rialáil atá ann cheana féin, is ríléir nach mbeidh éifeacht leis an rialáil sin mura leathnaítear í go dtí an leibhéal domhanda;
1.3á chur i bhfios nach mór déileáil leis an leibhéal ard comhchruinnithe sna slabhraí bia agus san úinéireacht airgeadais; á chur i bhfáth go bhfuil leibhéal ard comhchruinnithe i gceist i dtrádáil dhomhanda an ghráin. Meastar go bhfuil thart ar 70‑90 faoin gcéad de thrádáil dhomhanda an ghráin á rialú ag ceithre chuideachta: Archer-Daniels-Midland, Bunge, Cargill agus Louis Dreyfus. Ní hamháin go bhfuil olagaplacht ag na cuideachtaí sin ar thrádáil dhomhanda an ghráin, ach tá olagaplacht acu freisin ar an bhfaisnéis faoi bhunphrionsabail an mhargaidh, agus bíonn an‑bhaint acu freisin leis an airgeadrú;
1.4á thabhairt dá aire gur bealaí nua a mbaintear an‑úsáid astu is ea cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna) agus cistí frithpháirteacha innéacsbhunaithe, lena n‑áirítear na cistí sin atá nasctha go sonrach le bia agus talmhaíocht, chun infheistíocht airgeadais agus brabús a dhéanamh, agus bíonn gnáthdhaoine rannpháirteach sna meáin infheistíochta sin níos mó anois ná san am a caitheamh trína gcistí pinsin agus a gcuntais coigiltis scoir phearsanta. Le teacht chun cinn na gcistí infheistíochta sin atá nasctha le cothromas, tá na córais agraibhia á n‑athmhúnlú ar bhealaí a thugann tosaíocht do riachtanais na scairshealbhóirí seachas do spriocanna sóisialta agus comhshaoil eile;
1.5á thabhairt dá aire go bhfuil éiginnteacht á cruthú agus eagla agus scaoll á gcothú de dheasca praghsanna arda agus praghsanna atá ag dul in airde go mear agus de dheasca na rúndachta maidir le stoc‑chairn. Fágann an eagla agus an scaoll, go háirithe le linn tréimhsí d’éiginnteacht mhór, amhail i ndiaidh chogadh na hÚcráine, go n‑éiríonn leibhéal na bpraghsanna ró‑ard agus go spreagtar luaineacht praghsanna de réir mar a théann trádálaithe amhantracha i gceannas ar an margadh trí leas mór a bhaint as an mborradh ar na praghsanna;
1.6ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais cur le trédhearcacht an mhargaidh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Tuairisciú de réir critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) agus nochtadh neamhairgeadais na ngníomhaithe sin a bhfuil baint acu leis an amhantraíocht. Ní mór ról na rátála ESG a scrúdú a mhéid a bhaineann leis an amhantraíocht i réimse an bhia.
·Ba cheart gach gníomhaí ar fud an domhain a bheith ag tuairisciú do Chóras Faisnéise na Margaí Talmhaíochta (AMIS), lena n‑áirítear tíortha agus gníomhaithe príobháideacha;
·Idirbhearta thar an gcuntar (OTC) a ghrinnscrúdú tuilleadh;
1.7á chur i bhfios go soláthraíonn margaí na ndíorthach tráchtearraí príomhsheirbhísí do tháirgeoirí agus d’úsáideoirí tráchtearraí bia, amhail bainistíocht riosca agus praghas‑aimsiú, agus go ndéantar dochar d’fheidhmiú na margaí sin de thoradh gníomhaíochtaí amhantracha; ag tathant ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí Eorpacha na bearta riachtanacha a dhéanamh chun srian a chur leis an ró‑amhantraíocht tráchtearraí, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.7.1An margadh todhchaíochtaí a rialáil:
·margadh rialáilte a thabhairt isteach an athuair le haghaidh díorthaigh tráchtearraí bia, mar a tharla ar feadh na mblianta fada go dtí deireadh an chéid seo caite, d’fhonn feidhm na dtodhchaíochtaí a chaomhnú maidir leis an bhfálú. Bíonn tábhacht le todhchaíochtaí ó thaobh na bhfeirmeoirí de d’fhonn rioscaí a bhainistiú. Tugann todhchaíochtaí deis dóibh praghas an ionchuir agus praghas an aschuir a shocrú ar feadh tréimhse áirithe sa todhchaí;
·srianta diana ar ghluaiseacht praghsanna agus teorainneacha suímh laethúla a thabhairt isteach a luaithe a thugtar mínormáltachtaí faoi deara sna gníomhaíochtaí trádála ar mhargaí na dtodhchaíochtaí tráchtearraí (an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais – MiFID II). Ba cheart na teorainneacha suímh a atheagrú chun fíorleas páirtí trádála a léiriú i ndáil leis an ngá atá le fálú i gcoinne neamhchosaint fíorshaoil ar rioscaí;
·an rochtain ar dhíorthaigh/ar fhálú a theorannú d’infheisteoirí agus trádálaithe cáilithe agus eolacha ar fíorúdar imní dóibh na tráchtearraí talmhaíochta foluiteacha;
·oibleagáidí conarthacha gearrthéarmacha/meántéarmacha/fadtéarmacha a thabhairt isteach chun cur leis an gcobhsaíocht;
·tarraingt siar na mbanc agus na gcuideachtaí cistí ón amhantraíocht airgeadais i dtráchtearraí bia a chothú trí cheanglais chaipitil mhéadaithe a thabhairt isteach d’fhonn na héifeachtaí giarála a laghdú;
1.7.2Innéacsanna (innéacsanna tráchtearraí agus innéacsanna bia) a rialáil:
·Cistí innéacsanna tráchtearraí agus macasamhlú trí bhíthin babhtálacha agus táirgí arna dtrádáil ar an malartán a rialáil agus a chosc, ós rud é go n‑uasmhéadaíonn sé sin an nasc idir na margaí fuinnimh agus na margaí bia. Ní oibríonn na teorainneacha suímh i gcás trádálaithe innéacsanna tráchtearraí/trádálaithe babhtálacha toisc go sioncronaítear iad sin;
·Deireadh a chur le cistí infheistíochta poiblí/cistí frithpháirteacha do ghníomhaithe atá ag plé leis an amhantraíocht i réimse an bhia – agus níor cheart d’aon ghníomhaí poiblí a bheith ag trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí bia ar chúiseanna amhantraíochta nach bhfuil le leas an phobail;
·Toirmeasc a chur ar thráchtearraí saothraithe (e.g. cistí, ETFanna) a leithdháiltear i bpunanna na ngníomhaithe institiúideacha (e.g. cistí pinsin, árachas);
·Agus an gá leis an margadh sin a rialáil á chur san áireamh, ní mór moltaí nithiúla a fhorbairt tuilleadh i dtuairimí eile ó CESE amach anseo;
1.7.3Aghaidh a thabhairt ar an airgeadrú in earnáil an bhia óir déantar airgead ollmhór trí theacht i dtír ar dhaoine:
·Cánachas amhantair a thabhairt isteach ar an róbhrabús roimh dhíbhinní corparáidí mar aon le cáin amhantraíochta bia chun srian a chur leis an trádáil ardmhinicíochta;
·Olagaplachtaí a bhriseadh ar gach leibhéal den slabhra agus de na leasanna airgeadais;
2.An comhthéacs – géarchéim maidir le praghsanna bia i ndiaidh an chogaidh san Úcráin
2.1Ainneoin an dóchais go dtiocfadh an domhan chuige féin níos tapúla tar éis na géarchéime agus go dtosódh an tslándáil bia ag téarnamh ó phaindéim 2021, is méadú breise a tháinig ar an ocras ar domhan in 2021. De thoradh éagothromaíochtaí a tháinig as an tionchar a bhí ag an bpaindéim agus ag an téarnamh, agus de thoradh chumhdach agus fad teoranta na mbeart cosanta sóisialta, is amhlaidh a mhéadaigh na neamhionannais a bhí ina gcúis le buillí breise in 2021 i ndáil leis an sprioc maidir le Díothú an Ocrais a bhaint amach faoi 2030, agus bhí tionchar ar leith ar mhná agus ar leanaí. Meastar go raibh idir 702 agus 828 milliún duine ar domhan (a fhreagraíonn do 8.9 agus 10.5 faoin gcéad de dhaonra an domhain faoi seach) a raibh an t‑ocras rompu in 2021 – sin 150 milliún duine sa bhreis ar an iomlán ó 2019 i leith, sin sula raibh phaindéim COVID-19 ann.
2.2Tá an cogadh leanúnach san Úcráin, a bhfuil dhá cheann de na príomhtháirgeoirí gráin, síolta ola agus leasacháin is mó ar domhan páirteach ann, agus suaití seachtracha eile, ag cur isteach ar shlabhraí soláthair idirnáisiúnta agus ag cur le praghsanna an ghráin, an leasacháin agus an fhuinnimh. Tá an méid sin ag titim amach tráth a bhfuil na slabhraí soláthair fós ag teacht chucu féin ó COVID‑19 agus go bhfuil dochar á dhéanamh dóibh cheana féin ag eachtraí adhaimsire atá ag éirí níos coitianta, i dtíortha ísealioncaim go háirithe, agus d’fhéadfadh impleachtaí ollmhóra a bheith ann don tslándáil bia dhomhanda agus don chothú domhanda. Níl aon ghanntanas bia ann, ach de thoradh na coinbhleachta tá ganntanas gearrthéarmach ann agus tá briseadh ollmhór i slabhra an tsoláthair bia, mar aon le fadhbanna dáileacháin, lena n-áirítear san áit a bhfuil na stoic stóráilte, agus tá tionchar diúltach ag an gcoinbhleacht ar an táirgeadh (buaint agus plandáil/cur) san Úcráin.
2.3Le linn na bliana 2022, thaifead Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) innéacs praghsanna bia a bhí ar an innéacs is airde riamh, agus na praghsanna 34 % níos airde ná an bhliain roimhe sin. Is fiú a lua go raibh leibhéil chomh hard leis na buaicleibhéil a chonacthas in 2008 bainte amach ag innéacs praghsanna bia FAO cheana féin i mí Eanáir na bliana seo. Sa chomhthéacs sin, is éasca a thuiscint go ndéanfadh suaitheadh soláthair in dhá cheann de na príomhthíortha onnmhairithe gráin ar domhan na margaí domhanda a dhíchobhsú slí amháin nó slí eile. Mar sin féin, níl i mbunphrionsabail an mhargaidh ach páirtmhíniú ar fhairsinge agus scála na luaineachta praghsanna atá ann faoi láthair. Tá nádúr casta agus mífheidhmiúil na margaí gráin ar cheann de na lochtanna bunúsacha sa chóras bia a rinne géarchéim dhomhanda slándála bia as géarchéim na hÚcráine.
2.4Sa rún ó CESE
An Úcráin – an fhóirithint agus an atógáil – tograí ó shochaí shibhialta na hEorpa
, dhírigh an Coiste aird ar an ngéarchéim dhomhanda maidir le praghsanna bia, a rinneadh níos measa fós mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, agus iarradh ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí Eorpacha na bearta riachtanacha a dhéanamh chun srian a chur leis an amhantraíocht tráchtearraí agus cur le trédhearcacht an mhargaidh. In dhá rún ó Pharlaimint na hEorpa le deireanas iarradh freisin go ndéanfaí bearta chun an ró‑amhantraíocht a chosc.
2.5Ní leor an toradh atá ar struchtúr reatha an mhargaidh tráchtearraí ‘maidir leis an ngeilleagar inbhuanaithe atá de dhíth orainn’ ná maidir leis na cuspóirí atá nasctha leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an uaillmhian aeráide ná leis an aistriú cóir a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ní chabhraíonn sé ach an oiread chun ioncam cothrom a chur chun cinn d’fheirmeoirí agus d’oibrithe mar aon le praghsanna cothroma do thomhaltóirí, ná chun próiseálaithe bia (go háirithe FBManna) agus an earnáil mhiondíola a chosaint ar na rioscaí a bhaineann leis an méadú ar an mboilsciú.
3.Ról agus impleachtaí na hamhantraíochta tráchtearraí: margaí agus sásraí
3.1Is éard is amhantraíocht ann infheistíocht le súil is go ndéanfar gnóthachan sa todhchaí, agus bíonn riosca caillteanais i gceist léi freisin. Tá trí leagan den amhantraíocht tráchtearraí ann: (i) tráchtearra fisiceach a cheannach nó a dhíol glan amach, (ii) conradh a cheannach nó a dhíol ina sonraítear go ndéanfar tráchtearra a fháil nó a sheachadadh sa todhchaí, agus (iii) cothromas nó fiachas corparáide a tháirgeann tráchtearraí nó a thrádálann i dtráchtearraí a cheannach nó a dhíol. Is ‘conarthaí todhchaíochtaí’ nó ‘díorthaigh tráchtearraí’ a thugtar ar chonarthaí caighdeánaithe tráchtearraí agus déantar iad a thrádáil i ‘margaí na ndíorthach tráchtearraí’, ar margaí airgeadais rialáilte iad. Dá bhrí sin, is féidir amhantraíocht tráchtearraí a dhéanamh i margaí tráchtearraí fisiceacha agus airgeadais araon, agus go hindíreach i margaí cothromais agus bannaí.
3.2Chonacthas insreabhadh mór leachtachta ar mhargaí na ndíorthach tráchtearraí ag infheisteoirí ‘neamhthraidisiúnta’ ó thús na 2000idí tar éis athruithe ar na creataí rialála lena rialaítear na margaí sin. Is ‘airgeadrú’ na margaí tráchtearraí a tugadh ar theacht na dtrádálaithe nua. Cé gur chuir an méadú ar an leachtacht le doimhneacht mhargaí na ndíorthach tráchtearraí, rud a fhágann go mbíonn an chúbláil mhargaidh thar barr amach níos deacra, tionscnaíodh éileamh amhantrach nach mbaineann leis na dálaí i margadh na dtráchtearraí fisiceacha, rud a dhéanann dochar do chumas na margaí sin príomhfheidhmeanna áirithe a chomhlíonadh.
3.3Sa leagan bunaidh díobh, déanann margaí rialáilte na ndíorthach tráchtearrai dhá phríomhchuspóir a chomhlíonadh: (i) bainistíocht riosca le haghaidh táirgeoirí agus úsáideoirí tráchtearraí, agus (ii) praghas‑aimsiú. Is trí fhálú a dhéantar an bhainistíocht riosca, rud a chiallaíonn go nglactar suíomhanna fritháirimh sna margaí fisiceacha agus i margaí na ndíorthach agus, ar an gcaoi sin, go ndéantar praghas an tráchtearra a shocrú tráth a chuirtear an fálú i bhfeidhm. Éilíonn an fálú dlúthchaidreamh idir margaí na dtodhchaíochtaí tráchtearraí agus an margadh fisiceach. Chun an dlúthchaidreamh sin a áirithiú, is gnách an trádáil fhisiceach a thagarmharcáil i gcoinne phraghas an díorthaigh. Cé go n‑áirithítear éifeachtúlacht an fhálaithe leis an gcleachtas sin, áirithítear freisin go ndéantar suíomhanna amhantracha sna margaí díorthach a chur ar aghaidh go díreach chuig an margadh fisiceach.
3.4Déantar conarthaí todhchaíochtaí a thrádáil i leith míonna aibíochta éagsúla. Bíonn ceannaitheoir agus díoltóir comhaontaithe ann i gcás gach conartha todhchaíochtaí. Déanann teach imréitigh an mhalartáin na tairiscintí a dhéanann ceannaitheoirí agus díoltóirí a mheaitseáil (comhoiriúnú). Ní íoctar an praghas comhoiriúnaithe ina iomláine. Ina ionad sin, aistríonn an dá thrádálaí éarlais chuig cuntas éarlaise atá cláraithe leis an teach imréitigh. Baintear gnóthachain agus caillteanais as an éarlais féin. Bíonn ardleibhéal giarála i gceist leis an trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí dá bhrí sin.
3.5Nuair a bhíonn conradh todhchaíochtaí gar dá dháta aibíochta, bíonn dhá rogha ag na trádálaithe: (i) an conradh a choimeád agus seachadadh a fhórsáil (i gcás díoltóra) nó glacadh le seachadadh (i gcás ceannaitheora), nó (ii) suíomh fritháirimh a ghlacadh chun deireadh a chur leis an gconradh roimh an dáta aibíochta. Is trí shuíomhanna fritháirimh a shocraítear formhór mór na gconarthaí todhchaíochtaí tráchtearraí. Dá bhrí sin, sa trádáil i dtodhchaíochtaí tráchtearraí ní cheanglaítear ar thrádálaí a bheith ina úinéir ar an tráchtearra fisiceach atá á dhíol aige ná a bheith ina úinéir ar an acmhainn stórála chun glacadh leis an tráchtearra fisiceach atá á cheannach aige.
3.6Is bróicéirí amháin a fhéadfaidh a bheith ag trádáil i malartáin tráchtearraí chláraithe. Bíonn bróicéirí ag trádáil thar ceann a gcliant agus dóibh féin freisin. Tá margadh tánaisteach mór ann ina ndéantar díorthaigh tráchtearraí a dhíol ar aghaidh agus a athphacáistiú lasmuigh den mhalartán. Déantar conarthaí todhchaíochtaí a thrádáil freisin lasmuigh de mhalartáin rialáilte, dá ngairtear trádálacha Thar an gCuntar (OTC), sin i gcás ina ndéantar margadh gan aon bhaint a bheith ag teach imréitigh leis. Fágann sin gur furasta d’infheisteoirí miondíola rochtain a fháil ar dhíorthaigh tráchtearraí, go mór mór i bhfoirm cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna) le haghaidh tráchtearraí sonracha nó innéacsanna tráchtearraí.
3.7De thoradh dhírialáil mhargaí na ndíorthach tráchtearraí agus a éasca atá sé trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, bíonn na margaí sin an‑leachtach agus déantar i bhfad níos mó trádála i ndíorthaigh tráchtearraí ná i dtráchtearraí fisiceacha. Tá an leachtacht ríthábhachtach don phraghas‑aimsiú. Is é atá i gceist le praghas‑aimsiú, cumas an mhargaidh faisnéis faoi dhálaí fisiceacha éilimh agus soláthair a léiriú i gceart agus in am trátha. Ní féidir le praghas‑aimsiú a bheith ann mura ndéanfaidh na trádálaithe uile suíomhanna a ghlacadh go neamhspleách agus gur ar an eolas atá acu maidir leis na dálaí fisiceacha éilimh agus soláthair a bhunóidh siad na suíomhanna sin; ‘bunphrionsabail an mhargaidh’ a thugtar ar na dálaí sin. Déantar dochar don phraghas‑aimsiú má ghlacann trádálaithe suíomhanna nach bhfuil aon bhaint acu le bunphrionsabail an mhargaidh.
3.8Ní ghlacann gach trádálaí suíomhanna a bhunaítear ar bhunphrionsabail an mhargaidh. Déantar idirdhealú sa litríocht acadúil idir trádálaithe gníomhacha agus trádálaithe éighníomhacha. Déantar trádálaithe gníomhacha a mhiondealú ina dtrádálaithe eolacha agus ina dtrádálaithe aineolacha. Is éard is trádálaithe gníomhacha agus eolacha ann tithe trádála tráchtearraí a dhéanann todhchaíochtaí tráchtearraí a thrádáil chun críoch fálaithe agus amhantrach mar chuid dá bpríomhchúraimí gnó agus sainbhainisteoirí airgid (e.g. cistí fálaithe) a shaothraíonn straitéisí trádála atá bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh.
3.9Is éard is trádálaithe gníomhacha agus aineolacha (trádálaithe aiseolais dhearfaigh) ann bainisteoirí airgid a shaothraíonn straitéisí trádála atá bunaithe ar anailís ar phatrúin staidrimh agus gan ach ar fhíorbheagán faisnéise margaidh. Is éard is trádálaithe éighníomhacha agus aineolacha (trádálaithe innéacsanna) ann infheisteoirí institiúideacha, amhail cistí pinsin, agus infheisteoirí miondíola a infheistíonn in ETFanna, a dteastaíonn neamhchosaint ar thacar leathan praghsanna tráchtearraí uathu, lena n‑áirítear tráchtearraí talmhaíochta agus fuinneamh, mianraí agus miotail, ar mhaithe lena bpunann féin a éagsúlú. Déantar neamhchosaint a bhaint amach trí mhacasamhlú innéacsanna tráchtearraí, rud is cosúil le hinnéacsanna stocmhargaí.
3.10Is é atá i gceist le macasamhlú innéacsanna gan glacadh ach le suíomhanna ceannaigh a dhéantar a thar‑rolladh ag deireadh dháta aibíochta an chonartha todhchaíochtaí. Is féidir a rá, dá bhrí sin, go mbíonn trádálaithe innéacsanna aontaobhach maidir leis an suíomh a ghlacann siad. Sioncronaítear thar ghrúpaí tráchtearraí iad freisin, rud a chomharthaíonn éileamh láidir thar réimse leathan tráchtearraí, as a n‑eascraíonn comhghluaiseacht idir praghsanna grúpaí tráchtearraí éagsúla nach bhfuil aon bhaint aici le bunphrionsabail an mhargaidh.
3.11Is féidir cur isteach go mór ar chomharthaí praghais amhantracha den sórt sin de thoradh trádálaithe aiseolais dhearfaigh a dhéanann an tacaíocht mhargaidh a thomhas le haghaidh treonna praghsála. Sa chás go ndéanann trádálaithe aiseolais dhearfaigh geall a chur ar threo praghsála ar leith, tugann siad tacaíocht bhreise ar bhealach féinchomhlíontach don treo sin, rud a chruthaíonn bolgáin airgeadais agus ardleibhéal luaineachta praghsanna. Is féidir le bolgáin airgeadais a bheith ann ar feadh i bhfad, uaireanta, go háirithe nuair a bhíonn an fhaisnéis faoi bhunphrionsabail an mhargaidh teoranta, is é sin, i dtréimhsí a mbíonn méid mór éiginnteachta ann, agus más trádálaithe aineolacha agus éighníomhacha is mó atá i gceannas ar an margadh.
3.12Bíonn costas ag baint le faisnéis mhargaidh a bhailiú, é níos costasaí ná anailís staidrimh nó sracfhéachaint thapa a thabhairt ar na ceannlínte, go háirithe i gcás trádálaithe a infheistíonn i margaí éagsúla ag an am céanna. Ar an ábhar sin, níl ach fíorbheagán trádálaithe eolacha ann, agus is gnách gur tithe trádála móra iad a bhailíonn faisnéis mhargaidh mar chuid dá ngnó tráchtearraí fisiceacha. Fágann sé sin go mbíonn bolgáin airgeadais fhadtréimhseacha coitianta i margaí na ndíorthach tráchtearraí, go háirithe tráth éiginnteachta agus scaoll sa mhargadh.
3.13Bíonn leibhéal ard comhchruinnithe i gceist i dtrádáil dhomhanda an ghráin. Tá thart ar 70‑90 faoin gcéad de thrádáil dhomhanda an ghráin á rialú ag ceithre chuideachta agus déanann na cuideachtaí sin brabús an‑mhór: Archer-Daniels-Midland, Bunge, Cargill and Louis Dreyfus, ar a dtugtar ABCD mar ghrúpa (bhí an teacht isteach is airde ó bhliain a bhunaithe, beagnach, 120 bliain ó shin, ag ADM, sin agus ardú 38 % bliain i ndiaidh bliana ar an mbrabús oibriúcháin). Ní hamháin go bhfuil olagaplacht ag na cuideachtaí sin ar thrádáil dhomhanda an ghráin, ach tá olagaplacht acu freisin ar an bhfaisnéis faoi bhunphrionsabail an mhargaidh, lena n‑áirítear an stóráil. Sealbhaítear suíomhanna maidir le stóráil chun críoch idirbheartaíochta, réamhchúraim nó amhantrach. Déantar an fhaisnéis faoi na leibhéil stórála a chosaint go cúramach i gcoinne iomaitheoirí. Mar thrádálaithe, bíonn siad ag breathnú i gcónaí chun cinn, iad ag iarraidh ceannach ar phraghas íseal agus díol ar phraghas ard.
3.14Baineann ardleibhéal airgeadraithe le ABCD freisin. Is cuideachtaí liostaithe iad Archer-Daniels-Midland agus Bunge agus iad faoi réir brú ó scairshealbhóirí, a bhíonn i bhfabhar gnóthachain ghearrthéarmacha de rogha ar infheistíochtaí fadtéarmacha. Áirítear ar na scairshealbhóirí cistí fálaithe (e.g., Black Rock), bainc infheistíochta agus, go mór mór, freisin, infheisteoirí institiúideacha amhail cistí pinsin. Is cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach iad Cargill agus Louis Dreyfus, agus de bhreis ar thrádáil an ghráin, tá cistí fálaithe, bainc, cuideachtaí tarlaithe, lastais, stórála, réadmhaoine agus bonneagair i measc a bhfochuideachtaí.
3.15Déanann na trádálaithe tráchtearraí fisiceacha móra trádáil sna margaí díorthach agus sna margaí tráchtearraí fisiceacha araon agus bíonn seirbhís bróicéara dá gcuid féin acu le haghaidh rochtain dhíreach ar mhargaí na ndíorthach tráchtearraí. Bíonn tionchar mór acu ar a gcuid soláthróirí agus custaiméirí freisin. Cuireann an chumhacht sin ar a gcumas íocaíochtaí a mhoilliú chun na cúlchistí airgid a mhéadú nó seachadtaí tráchtearraí a mhoilliú sa chás go bhfuil siad ag súil le hathrú praghsanna a dhéanfaidh a leas. Murab ionann agus táirgeoirí agus tomhaltóirí, bíonn trádálaithe fisiceacha beo ar luaineacht sa mhargadh, toisc go gcruthaíonn athruithe móra tapa ar phraghsanna deiseanna chun stóráil agus suíomhanna airgeadais a dhíol agus brabúis mhóra a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr ama.
3.16Déantar eagla agus scaoll a chothú de dheasca praghsanna arda agus praghsanna atá ag dul in airde go mear agus de dheasca na rúndachta maidir le stoc‑chairn. Fágann an eagla agus an scaoll, go háirithe le linn tréimhsí d’éiginnteacht mhór, amhail i ndiaidh chogadh na hÚcráine, go n‑éiríonn leibhéal na bpraghsanna ró‑ard agus go spreagtar luaineacht praghsanna de réir mar a théann trádálaithe amhantracha i gceannas ar an margadh trí leas mór a bhaint as an mborradh ar na praghsanna
. Is beag an leas atá ann do na trádálaithe fisiceacha idirghabháil a dhéanamh sa ghearrthréimhse agus sa mheántréimhse toisc go gcuireann praghsanna arda le luach a suíomhanna stórála amhantracha agus idirbheartaíochta, a bhíonn á ndíol acu ar bhrabús ollmhór. Thaifead na trádálaithe ABCD uile na brabúis ba mhó, nó beagnach ba mhó, riamh in 2021.
3.17Cothaítear imní maidir le ganntanas soláthair agus neamh-inacmhainneacht soláthair de dheasca praghsanna an-ard agus méadaítear ar an éileamh ar shealúchais stórála mar réamhchúram. Nuair a dhéantar tráchtearraí bia a chuileáil, trí allmhairí a stoc-charnadh nó trí thoirmisc ar onnmhairí a thabhairt isteach, cruthaítear ganntanais shaorga sa mhargadh fisiceach, rud a thugann tacaíocht bhreise don ardú praghsanna. Ar an gcaoi sin, déanann bunphrionsabail an mhargaidh bailíochtú ex post ar an mborradh ar phraghsanna amhantracha, ar bhealach féin-chomhlíontach. Le linn ghéarchéim bhia 2008, ba é freagairt na hIndia ar phraghsanna arda ar ghrán, toirmeasc a thabhairt isteach ar onnmhairiú ríse, rud a chuir méadú mór ar na praghsanna ríse. Faoi láthair, tá cainníochtaí móra arbhair, ríse agus cruithneachta á stoc-charnadh ag an tSín ar chúiseanna imní roimh ghanntanas. Cé gur gníomhaíocht amhantrach atá ar siúl ag rialtais atá ag gabháil do chuileáil tráchtearraí bia, is de thoradh eagla atá siad á dhéanamh sin agus mar gur mian leo an ceart chun bia a áirithiú dá saoránaigh seachas chun brabús a dhéanamh. Is léir go bhfuil difear idir na gníomhaíochtaí sin agus an amhantraíocht arna déanamh ag trádálaithe airgeadais agus fisiceacha. Nuair a dhéanann rialtais agus tomhaltóirí tráchtearraí bia a chuileáil, déantar sin de thoradh praghsanna arda bia, ní cúis leis na praghsanna arda é. Ní chuireann an cleachtas sin le slándáil an tsoláthair bia ná leis an uathriail straitéiseach san Aontas ná i dtíortha i mbéal forbartha ach an oiread.
4.Ról na ngníomhaireachtaí rátála comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus na gcuideachtaí trádála
4.1Faoi láthair, ní dhéanann éicilipéid náisiúnta amhail éicilipéad UZ49 na hOstaire nó éicilipéad FNG na Gearmáine amhantraíocht i réimse an bhia a chur san áireamh go sainráite ina bpróiseas meastóireachta. Bíonn toirmeasc de ghnáth ar dhíorthaigh nach chun críoch fálaithe amháin a úsáidtear iad. De réir na n‑éicilipéad, bíonn na slabhraí soláthair i dtionscal an bhia róchasta chun sraith rialacha atá so‑infheidhme a chur ar fáil. I measc roinnt samplaí tá úsáid leasacháin éagsúla ar féidir iad a mheas ar bhealach éagsúil bunaithe ar a lorg carbóin, na sonraí atá in easnamh chun saincheisteanna grabála talún a shainaithint, agus an easpa trédhearcachta a bhaineann le gníomhaíochtaí trádála amhantracha i dtuarascálacha bliantúla, etc. Ní critéir chruachódaithe maidir le heisiamh a bhíonn mar thoradh ar chastacht na slabhraí soláthair, ach ‘critéir chonspóideacha’ nach bhfuil chomh tábhachtach céanna agus dóchúlacht níos airde ann go ndéanfaidh gníomhaireachtaí rátála iad a léirmhíniú ar bhealaí an‑difriúil. Ní áirítear i bpróisis mheastóireachta na n‑éicilipéad náisiúnta critéir a chuirtear chun feidhme go sainráite ar critéir iad atá nasctha le tráchtearraí saothraithe. Ní bhíonn ach páirt bheag sa phróiseas rátála i gcoitinne ag critéir chonspóideacha a dhíríonn ar an rialachas, mar go bhféadfaí iad a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla. Cumhdaíonn na critéir chonspóideacha sin an eitic ghnó den chuid is mó, ina dtagann trádáil amhantrach, easpa trédhearcachta, grabáil talún, etc., i gceist. Tá éicilipéad amháin ann, mar shampla, lena ndéantar iniúchadh ar ‘cáilíocht ESG’ an chiste nuair is díorthaigh tráchtearraí a úsáidtear, ach tá doiléire i gceist sa phróiseas agus sna torthaí a d’fhéadfadh a bheith air agus ní dhéantar doiciméadú poiblí orthu.
4.2Tá an measúnú ar rialachas corparáideach (úinéireacht, rialú, an bord, cuntasaíocht, etc.) agus ar iompar corparáideach (eitic ghnó agus trédhearcacht chánach) an tionscail bia ina pháirt thábhachtach den rátáil ESG. Mar sin féin, bíonn cóimheasa in easnamh, cóimheasa amhail an céatadán trádála amhantraí i dtráchtearraí saothraithe arna dhéanamh ag ranna státchiste nó faisnéis thrédhearcach a bhaineann le leibhéil stórála sna saoráidí stórála, agus is annamh a chumhdaítear faoi chritéir an rialachais iad.
4.3Measann na gníomhaireachtaí rátála go bhfuil an margadh bia níos leochailí ná earnálacha eile. Tá riosca aeráide níos airde ná an meán ag an tionscal bia i gcomparáid le tionscail eile ESG, ós rud é go gcuireann an earnáil agraibhia le fadhbanna a bhaineann leis an aeráid (amhail ardú teochta, triomaigh, tuilte etc.) agus gur féidir leis na fadhbanna sin dochar a dhéanamh di freisin. Cé gur mhéadaigh meánrátáil ESG chuideachtaí thionscal an bhia le cúig bliana anuas, tá forlámhas i measc phiaraí na dtáirgí bia ag na cuideachtaí sin a bhfuil scairshealbhóir rialaithe acu, agus bíonn an úinéireacht teaghlaigh an-choitianta. Fágann an struchtúr corparáideach sin go mbíonn rioscaí rialachais ann a bhaineann le struchtúr casta úinéireachta a mbíonn cearta vótála difriúla ag baint leis: conarthaí/idirbhearta bainistíochta idir an chuideachta agus an t‑úinéir ceannasach, nó eintitis faoi úinéireacht an duine cheannasaigh chéanna. Trí thosaíocht a thabhairt do shaibhriú pearsanta an úinéara cheannasaigh in ionad brabúis inbhuanaithe a áirithiú, d’fhéadfadh infheisteoirí mionlaigh a bheith neamhchosanta ar na rioscaí ó chinntí a bhíonn go mór i bhfabhar na ngrúpaí teaghlaigh. Is úinéireacht rialaithe atá chun tosaigh i dtionscal na dtáirgí bia: in 58.4 % de na cuideachtaí san innéacs MSCI ACWI tá scairshealbhóir nó grúpa scairshealbhóirí a rialaíonn 30 % nó níos mó de na cearta vótála.
4.4Liostaítear formhór na gcuideachtaí i dtionscal an bhia (60 %) mar chuideachtaí atá os cionn ghrád infheistíochta na rátála ESG (BBB). Tá beagnach dhá chomheintiteas as gach deich gcomheintiteas a bhfuil rátáil ESG ard nó an-ard acu. Is é an toradh ar an méid sin go mbíonn insreafaí móra á gcur isteach i stoic thionscal an bhia ag bainisteoirí sócmhainní. Tá praghsanna bia ar an leibhéal is airde le deich mbliana anuas agus d’fhéadfadh an bisiú leanúint go ceann tamaill. Mar sin féin, tá infheisteoirí ag éirí níos drogallaí ná riamh roimh thionscail, amhail tionscal na hola pailme, a sháraíonn prionsabail ESG. Beidh méadú ag teacht ar an éileamh ar phunanna a thógáil a bheidh bunaithe ar thráchtearraí ESG-chomhlíontacha. Ó Mheán Fómhair 2008 go Meán Fómhair 2011, d’ardaigh innéacs FAO 12 %, rud atá níos airde ná an boilsciú. Bhí na gnéithe seo a leanas ag baint leis an tslí a ndeachaigh an t-ardú tobann ar phraghas an bhia i bhfeidhm ar na stoic: ar an gcéad dul síos, bhí tionchar ginearálta ag baint leis. Bhí tionchar dearfach ag an mbisiú ar phraghas an bhia ar na táirgeoirí bia, ar phróiseálaithe bia agus ar chuideachtaí earraí tomhaltais pacáistithe (FMCG). An uair seo, áfach, beidh ESG ina phríomhthoisc chinntitheach sna cinntí a dhéanfar maidir le leithdháileadh sócmhainní. Tá tearcfheidhmiú na stoc ola pailme le linn bhisiú phraghas na hola pailme in 2021 ina shampla de thionchar na gcúinsí nua sin ar phraghsanna scaireanna. Mar sin féin, mar a luaitear i bpointe 4.1‑4.4, ní chumhdaítear saincheist na hamhantraíochta i réimse an bhia leis na rátálacha ESG sin. Nuair a chuirtear trádáil fhíoramhantrach nó stoc‑charnadh iomarcach tráchtearraí fisiceacha san áireamh, mar shampla, trína n‑ardaítear leibhéil na bpraghsanna tuilleadh mar chuid d’eitic ghnó agus rialachas gnó na cuideachta, ní mór an rátáil ESG i gcoitinne a oiriúnú dá réir. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh an mheánrátáil ESG do thionscal an bhia agus do chuideachtaí cistí a bheith ró‑ard. Ní mór imscrúdú níos mine a dhéanamh air sin.
4.5Fágann an leibhéal ard comhchruinnithe in earnáil an agraibhia, leibhéal atá ag méadú go tapa, go bhfuil samhail thionsclaíoch an bhia agus na feirmeoireachta á cur chun cinn, rud a ghéaraíonn ar na drochiarmhairtí sóisialta agus comhshaoil agus a chuireann leis na míchothromaíochtaí cumhachta atá ann cheana. Is leis na hollchuideachtaí bainistíochta sócmhainní BlackRock, Vanguard, State Street, Fidelity agus Capital Group, i dteannta a chéile, cion suntasach de na gnólachtaí atá i gceannas ag pointí éagsúla ar na slabhraí soláthair agraibhia. Nuair a ghlactar leo mar ghrúpa, is leis na cúig ghnólacht bainistíochta sócmhainní sin thart ar 10‑30 % de scaireanna na ngnólachtaí is mó in earnáil an agraibhia. Is iad na gnólachtaí sin a bhfuil an leibhéal is airde úinéireachta ag na gnólachtaí móra bainistíochta sócmhainní iontu a bhíonn i gceannas i ndeighleoga an-chomhchruinnithe den mhargadh, lena n‑áirítear ionchuir thalmhaíochta, trádáil tráchtearraí, agus bianna próiseáilte agus pacáistithe. D’fhéadfadh éifeachtaí níos leithne a bheith mar thoradh ar na straitéisí corparáideacha sin i dteannta a chéile, éifeachtaí amhail éagothromaíocht níos mó sa chóras bia, lagú na nuálaíochta san earnáil, agus cumhacht bhreise pholaitiúil agus mhargaidh ag na príomhghnólachtaí san earnáil. Beidh gá le breis taighde chun bonn daingean a thógáil ar a bhféadfaí treonna beartais a fhoirmliú amach anseo i gcás infheistíochtaí a bhaineann le cothromas in earnáil an bhia agus na talmhaíochta.
4.6I gcás infheistíochtaí a bhaineann le cothromas in earnáil an agraibhia, tá gnéithe éagsúla den airgeadrú go mór i gceist. Is bealaí nua iad cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna) agus cistí frithpháirteacha innéacsbhunaithe, lena n-áirítear na cistí sin atá nasctha go sonrach le bia agus talmhaíocht, chun infheistíocht airgeadais agus brabús a dhéanamh, agus bíonn gnáthdhaoine rannpháirteach sna meáin infheistíochta sin níos mó ná riamh freisin trína gcistí pinsin agus trína gcuntais coigiltis scoir phearsanta. Le teacht chun cinn na gcistí infheistíochta sin atá nasctha le cothromas, tá na córais agraibhia á n‑athmhúnlú ar bhealaí a thugann tosaíocht do riachtanais na scairshealbhóirí de rogha ar spriocanna sóisialta agus comhshaoil eile. Is é Vaneck Vectors Agribusiness ETF, mar shampla, an ciste innéacs talmhaíochta is mó. Rinne sé brabús 8.32 % in aghaidh na bliana ar an meán le 10 mbliana anuas. Idir an dá linn, d’ardaigh glanluach na sócmhainní go 32 % idir 2020 agus 2021.
5.An creat rialála atá ann faoi láthair: na dúshláin agus na bacainní
5.1D’fhorchuir Treoir MiFID II (2014/65/AE) ceanglais chuimsitheacha maidir le nochtadh agus tuairisciú chun srian a chur ar an trádáil amhantrach iomarcach agus chun an trédhearcacht a chur chun cinn. Moladh teorainneacha suímh in aghaidh an ionaid trádála, ní hamháin i gcás trádáil urrús, ach go mbeadh idirbhearta coibhéiseacha OTC á gcumhdach freisin. Tá d’oibleagáid ar ghnólachtaí freisin tuairiscí laethúla suíomhanna a sholáthar do na hionaid agus do na rialtóirí.
5.2Tá na bearta sin, go háirithe na srianta ar shuíomhanna, úsáideach ach tá siad teoranta freisin maidir lena n‑éifeachtacht chun srian a chur ar amhantraíocht iomarcach sa mhargadh airgeadais. Tá dlúthbhaint acu leis an gceist maidir le ról na hamhantraíochta sin i bhfoirmiú praghsanna. Ní bhaineann cáineadh na dteorainneacha suímh ag an tsochaí shibhialta agus ag lucht acadúil go heisiach le cur i bhfeidhm lag (féideartha) na dteorainneacha suímh, ach baineann sé freisin le saincheisteanna rialála amhail (i) minicíocht an athbhreithnithe, (ii) cistí innéacs á gcur san áireamh agus teorainneacha suímh á gcinneadh, agus (iii) rialacha díolúine na rialtóirí. Ní mór do na rialtóirí aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le cathain a thagann teorainneacha suímh i bhfeidhm agus cén fáth nach raibh foláireamh á thabhairt mar gheall ar na hinsreafaí láidre caipitil i dtráchtearraí talmhaíochta le dhá bhliain anuas. Tá gá freisin le trédhearcacht bhreise ó na rialtóirí.
5.3Ba cheart na hidirbhearta uile a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta a luaithe a tharlaíonn siad: ba cheart tuairisciú idirbheart fíor-ama (nó chomh gar agus is féidir) a chur i bhfeidhm maidir leis na díorthaigh tráchtearraí uile, lena n-áirítear conarthaí thar an gcuntar, ar na mórmhalartáin uile. Ba cheart a oiread trádálacha agus is féidir a dhéanamh ar ardáin thrédhearcacha agus ba cheart na conarthaí thar an gcuntar uile a chlárú. Ba cheart cineálacha éagsúla contrapháirtithe a bheith faoi réir na gceanglas iomchuí maidir le nochtadh: ba cheart rannpháirtithe margaidh agus suíomhanna a aicmiú de réir cineál eintitis (e.g. banc nó trádálaí fisiceach) agus gníomhaíochta (e.g. amhantrach nó fálaithe) agus a bheith faoi réir na gceanglas iomchuí maidir le nochtadh agus na sriantachtaí rialála a leanann astu.
5.4Ní eisíonn CFTC, mar shampla, ach sonraí seachtainiúla maidir le suíomhanna trádála, cé gurb ann do na sonraí laethúla.
5.5Ba cheart teorainneacha a thabhairt isteach maidir leis an méid is féidir leis na praghsanna dul suas nó síos in aon lá amháin agus ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an malartán an margadh a dhúnadh má sháraítear na teorainneacha. Ba cheart teorainneacha praghsanna ionlae atá faoi cheangal ama a chur i bhfeidhm, á socrú ar dtús ar leibhéil chúramacha ach oiriúnacha, a d’fhéadfaí a ghéarú de réir a chéile tar éis faireachán a dhéanamh ar aon iarmhairtí díobhálacha a bheadh ann, amhail leachtacht lag.
5.6Ina theannta sin, ba cheart teorainneacha suímh a atheagrú chun an tionchar a bheadh ag gníomhaí amháin ar na praghsanna a laghdú. Ba cheart teorainneacha suímh ex ante a chomhiomlánú ar fud na margaí airgeadais. Ba cheart teorainneacha a thabhairt isteach maidir leis an méid uaireanta a d’fhéadfaí conarthaí a aistriú in aon lá amháin.
5.7Ba cheart trádálacha thar an gcuntar a rialáil, agus ba cheart idirbhearta a chlárú le teach imréitigh chun go ndéanfar maoirseacht. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag malartáin chláraithe éirí as an trádáil más rud é nach féidir ordú ón margadh a áirithiú. Níor cheart go mbeadh aon trádálaí in ann an malartán a chur faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thabhaítear mar gheall ar stadanna trádála atá laistigh de shainchúram rialála na malartán.
5.8Ba cheart teorainneacha suímh comhiomlánaithe a thabhairt isteach le haghaidh conarthaí díorthach den uile chineál agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar na contrapháirtithe uile: ba cheart aon díolúintí ó theorainneacha suímh a theorannú do ghnólachtaí a dhéileálann go díreach i dtráchtearraí fisiceacha agus a úsáideann margaí tráchtearraí chun rioscaí atá lárnach dá ngnó tráchtála a fhálú.
5.9Ba cheart córas cánach a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as amhantraíocht éighníomhach, as cistí arna dtrádáil ar an malartán agus as trádáil ardmhinicíochta sna margaí díorthach talmhaíochta. D’fhéadfaí leas a bhaint as cáin ar idirbhearta airgeadais freisin chun srian a chur leis an ró‑amhantraíocht agus chun airgead don fhorbairt agus mar mhaoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a thiomsú ag an am céanna. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith ródheacair cáin a ghearradh ar idirbhearta nach maireann ach cúpla milleasoicind. A bhuí leis an trádáil uathoibrithe, is ocht soicind an meánfhad a mhaireann trádáil amháin. B’oiriúnaí cáin a ghearradh ar an malartán mar eintiteas bunaithe ar chritéir shainithe seachas díriú ar gach trádáil ar leith isteach agus amach.
5.10Mar gheall ar ghéarchéim na hÚcráine tá praghsanna cruithneachta an-éagsúil ar roinnt margaí áitiúla, agus an tóin ag titim as an difreálach idir praghsanna airgid agus todhchaíochtaí tagarmhairc ar mhalartán Chicago de réir mar atá ceannaitheoirí cruithneachta ag doicheall roimh na praghsanna is airde dá bhfacthas ó 2008 i leith. D’fhéadfadh sé go bhfuil neamhshuim á déanamh de leasanna feirmeoirí leis an méid sin, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mboilsciú costas feirme is measa le blianta. Tá dochar á dhéanamh do chumas feirmeoirí san am i láthair a seanbharr cruithneachta, agus an barr nua cruithneachta fiú, a chur ar an margadh mar thoradh ar chás seo an mhargaidh airgid thirim, de thoradh an chogaidh. Tá sé á rá ag saothróirí gráin áirithe go raibh deireadh á chur lena dtairiscintí ag feirmeoirí a shaothraíonn ainmhithe le grán. Tá na todhchaíochtaí cruithneachta trína chéile. Tá éagsúlacht mhór idir todhchaíochtaí agus airgead tirim.
5.11Chun an plé faoi thuilleadh rialála a fheiceáil ina cheart, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na margaí airgeadais is mó rialáil san Aontas Eorpach cheana féin. Is ríléir nach mbeidh éifeacht leis an rialáil sin mura leathnaítear í go dtí an leibhéal domhanda.
5.12Mar fhocal scoir, ní hí amhantraíocht na margaí airgeadais amháin is cúis le dinimic na bpraghsanna ar mhargaí na dtodhchaíochtaí tráchtearraí agus le méaduithe ar phraghsanna bia dá réir, ach is gné thábhachtach den scéal í mar sin féin. Tá gá le hanailís níos doimhne ar na hionstraimí rialála agus ar a bhfeidhmiú agus lena n-oiriúnú, más gá sin, le linn na géarchéime.
6.An bealach chun cinn: tograí ón tsochaí shibhialta le haghaidh gníomhaíochta
6.1Tá CESE á iarraidh freisin ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais cur le trédhearcacht an mhargaidh, go háirithe trí thuairisciú ESG agus nochtadh neamhairgeadais na ngníomhaithe a bhfuil baint acu leis an amhantraíocht. Ní mór ról na rátála ESG a imscrúdú ó thaobh na hamhantraíochta bia de. Go háirithe, ní mór modheolaíochtaí na ngníomhaireachtaí rátála a chur faoi athbhreithniú faoin tslí a ndéanann siad tionscal an bhia agus na rannpháirtithe in earnáil an bhia i gcoitinne a mheas. Faoi láthair, baineann comhghaolú faoi bhun 50 % le rátálacha ESG. Dá thoradh sin, déantar measúnuithe iomrallacha a mbíonn tionchar suntasach acu ar insreafaí na n‑agraichistí.
6.2Ba cheart gach gníomhaí ar fud an domhain, lena n‑áirítear tíortha agus gníomhaithe príobháideacha, a bheith ag tuairisciú do Chóras Faisnéise na Margaí Talmhaíochta (AMIS), trí FAO, b’fhéidir. Dá mhéad atá ar eolas againn faoi chúlchistí bia is ea is fearr é. Tá géarghá le faisnéis faoi stóráil/sreabhadh cúlchistí ar fud an domhain. Ba cheart grinnscrúdú breise a dhéanamh freisin ar idirbhearta thar an gcuntar. Ní mór imréiteach a dhéanamh i leith gach táirge thar an gcuntar agus é a chlárú trí theach imréitigh. Ní mór na sonraí faoi shuíomhanna arna miondealú de réir cliant a chur ar fáil do na rialtóirí.
6.3Tá CESE á chur i bhfáth go gcomhlíonann margaí na ndíorthach tráchtearraí príomhsheirbhísí do tháirgeoirí agus d’úsáideoirí na dtráchtearraí bia, eadhon bainistíocht riosca agus praghas‑aimsiú, agus go bhfuil an amhantraíocht ag déanamh dochair d’fheidhmiú na margaí sin. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit agus ar institiúidí Aontais na bearta riachtanacha a dhéanamh chun srian a chur le ró-amhantraíocht tráchtearraí, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
6.3.1Is gá margadh na dtodhchaíochtaí a rialáil maidir le díorthaigh tráchtearraí bia, mar a tharla ar feadh na mblianta fada go dtí deireadh an chéid seo caite, d’fhonn feidhm na dtodhchaíochtaí a chaomhnú maidir leis an bhfálú. Ar na bearta eile a mholtar tá an méid seo a leanas:
·srianta diana ar ghluaiseacht praghsanna agus teorainneacha suímh laethúla a thabhairt isteach a luaithe a thugtar mínormáltachtaí faoi deara sna gníomhaíochtaí trádála ar mhargaí na dtodhchaíochtaí tráchtearraí (MiFID II). Ba cheart na teorainneacha suímh a atheagrú chun fíorleas páirtí trádála a léiriú i ndáil leis an ngá atá le fálú i gcoinne neamhchosaint fíorshaoil ar rioscaí. Ba chabhair é breis trédhearcachta agus cur chun feidhme éifeachtach na dteorainneacha suímh a bheith ann;
·an rochtain ar dhíorthaigh/ar fhálú a theorannú d’infheisteoirí agus trádálaithe cáilithe agus eolacha ar fíorúdar imní dóibh na tráchtearraí talmhaíochta foluiteacha;
·oibleagáidí conarthacha gearrthéarmacha/meántéarmacha/fadtéarmacha a thionscnamh chun cur leis an gcobhsaíocht;
·tarraingt siar na mbanc agus na gcuideachtaí cistí ón amhantraíocht airgeadais i dtráchtearraí bia a chothú trí cheanglais chaipitil mhéadaithe a thabhairt isteach d’fhonn na héifeachtaí giarála a laghdú. Léiríonn samplaí d’institiúidí móra airgeadais (amhail Deutsche Bank, ERSTE Bank, Raiffeisen Austria, etc.) a chuir cosc ar thrádáil amhantraíochta bia trí dhíorthaigh gur féidir leis na gníomhaithe sin a rialachas a oiriúnú dá réir;
·rialáil níos láidre i gcás aimhrialtachtaí. Ba cheart do na malartáin rialacha a thabhairt isteach trína dteorannaítear tionchar díchobhsaitheach na trádála ardmhinicíochta;
·ní mór sásraí faireacháin agus smachtbhannaí le haghaidh suíomhanna mí‑úsáideacha sa mhargadh a threisiú agus a dhéanamh níos solúbtha le gur féidir déileáil leo go tráthúil.
6.3.2Innéacsanna a rialáil (innéacsanna tráchtearraí agus innéacsanna bia), go háirithe trí chistí innéacsanna tráchtearraí a rialú agus trí thoirmeasc a chur ar mhacasamhlú trí bhabhtálacha agus táirgí arna dtrádáil ar mhalartán, toisc go n-uasmhéadaíonn sé sin an nasc idir margaí fuinnimh agus bia. Ní oibríonn teorainneacha suímh do thrádálaithe innéacsanna tráchtearraí/trádálaithe babhtálacha, mar go sioncronaítear iad. Ba cheart deireadh a chur freisin le cistí poiblí do ghníomhaithe a bhfuil baint acu le hamhantraíocht i réimse an bhia – agus níor cheart aon ghníomhaí poiblí a bheith ag trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí bia ar chúiseanna amhantraíochta nach bhfuil le leas an phobail. Ba cheart toirmeasc ar thráchtearraí saothraithe (e.g. cistí, ETFanna) a leithdháiltear i bpunanna na ngníomhaithe institiúideacha (e.g. cistí pinsin, árachas) a thabhairt isteach freisin. I bhfianaise a riachtanaí atá sé an margadh seo a rialáil, ní mór moltaí nithiúla a fhorbairt tuilleadh sna tuairimí ó CESE amach anseo.
6.3.3Aghaidh a thabhairt ar airgeadrú earnáil an bhia mar go bhfuil mórchuid airgid á giniúint trí theacht i dtír ar dhaoine, e.g. trí chánachas amhantair a thabhairt isteach ar róbhrabús na gcorparáidí roimh dhíbhinní agus cáin amhantraíochta bia chun srian a chur leis an trádáil ardmhinicíochta, mar aon le holagaplachtaí ar gach leibhéal den slabhra agus de na leasanna airgeadais a bhriseadh.
An Bhruiséil, 24 Samhain 2022
Peter SCHMIDT
Cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
_____________