TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Sárú ar smachtbhannaí/coireanna AE

_____________

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle– i dtreo Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais, 25 Bealtaine 2022
[COM(2022) 249 –
final]

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta atá leagtha síos in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, 25 Bealtaine 2022
[COM(2022) 247 –
final]

Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
[COM(2022)/684 
final]

SOC/739

Rapóirtéir: José Antonio MORENO DÍAZ

GA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 26/07/2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8/03/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22/03/2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

141/1/2

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Díol sásaimh do CESE is ea an cinneadh maidir le sárú smachtbhannaí a chur ar liosta na gcoireanna faoi Airteagal 83(1) CFAE, mar aon leis an togra le haghaidh Treoir a bhaineann le sainiú agus pionóis íosta a chomhfhogasú sa reachtaíocht náisiúnta i ndáil le sárú ar smachtbhannaí.

1.2Is oth le CESE, áfach, nach raibh an cinneadh thuasluaite faoi réir plé iomlán daonlathach i gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile Pharlaimint na hEorpa de bharr gur cuireadh an nós imeachta práinne i ngníomh. Ar an dul céanna, is cúis imní dó fós nach ndearnadh measúnú tionchair sular pléadh an togra le haghaidh Treoir a chuir an Coimisiún síos. Thairis sin amach, is oth le CESE nach luaitear Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i measc na ngeallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir i leith sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis as sárú ar smachtbhannaí.

1.3De réir mar atá an Treoir á forbairt, molann CESE don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an cúram daonnúil a leitheadú, gníomhaireachtaí daonnúla agus pearsanra a dhíolmhú ó dhliteanas coiriúil, rud a chuirfidh an fhoráil sin i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, agus a áirithiú san am céanna go ndéanfar foráil maidir le sásraí iomchuí chun mí-úsáid chun críoch coiriúil nó polaitiúil a chosc.

1.4Tacaíonn CESE le ráthaíochtaí agus cosaint iomchuí a chur san áireamh i gcomhair sceithirí agus iriseoirí a fhéachann le seachaint na smachtbhannaí a phoibliú, agus ba cheart go leitheadófaí na ráthaíochtaí sin mar aon leis an gcosaint atá luaite thuas a leitheadú.

1.5Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh féachaint chuige go gcuirfear an fhaisnéis chuí agus tacaíocht réamhghníomhach ar fáil don earnáil phríobháideach agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta fad is atá siad á n-oiriúnú don reachtaíocht nua agus iad ag cloí le ceanglais nua.

1.6Molann CESE don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a áirithiú, sa bhreis ar chomhchuibhiú na reachtaíochta a chur chun cinn, go mbeidh acmhainní riaracháin leordhóthanacha ann, mar aon le cistí leordhóthanacha agus pearsanra oilte ag na Ballstáit chun sáruithe smachtbhannaí a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, rud ba thacú leis an gcomhar idir na Ballstáit trí chomhroinnt an dea-chleachtais maidir le brath agus ionchúiseamh.

1.7Is díol sásaimh do CESE gur den éileamh atá sa togra le haghaidh Treorach go n-urramófaí prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, agus cuireann CESE i bhfáth gur gá na cearta próisis chuí agus coimircí eile ar chearta an duine atá cúisithe a ráthú.

1.8Is cúis imní do CESE fós go bhfuil coireanna coitianta ann atá chomh tromchúiseach céanna leis an bhforéigean inscnebhunaithe agus le coireanna fuatha atá fós lasmuigh de raon feidhme Airteagal 83(1) CFAE (‘Coireanna Eorpacha’), mar shampla, agus cuireann sé i bhfáth nár cheart tosaíocht a bheith ag riachtanais gheopholaitiúla ar chosaint ná ar leas na saoránach.

2.Cúlra

2.1Comhaontaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí beartais eachtraigh (ar a dtugtar ‘bearta sriantacha’ i mbéarlagair an Aontais) faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus is cineál reachtaíochta ceangailtí iad a bhfuil éifeacht dhíreach acu i ngach Ballstát de chuid an Aontais.

2.2Ní hionann agus an reachtaíocht a bhaineann le smachtbhannaí, rud a ghlactar go lárnach agus a bhfuil feidhm aici ar fud an Aontais, is ar bhonn díláraithe a dhéantar na smachtbhannaí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú: is iad údaráis na mBallstát atá i gceannas ar an bhfaireachán ar na toirmisc lena chinntiú go ngéilleann na gnólachtaí agus na saoránaigh dóibh, agus is iad atá i gceannas ar dheonú na maoluithe, ar bhunú na bpionós i gcás sáruithe, sin agus ar imscrúdú na sáruithe, mar aon leis an ionchúiseamh a dhéantar má bhíonn sárú ann. Baineann sé sin leis na smachtbhannaí ar fad ach amháin toirmisc ar theacht isteach, rud arna bhainistiú ag na húdaráis stáit iad féin.

2.3Fágann cineál díláraithe an chórais chun smachtbhannaí an Aontais a chur chun feidhme go mbíonn ilroinnt ann 1 : tá éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta ó thaobh sainmhínithe agus raon feidhme na sáruithe smachtbhannaí, agus ó thaobh na bpionós a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu. Tá éagsúlachtaí ann freisin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainneachtaí riaracháin chun imscrúdú a dhéanamh. Ina theannta sin, tá rogha leathan ag na húdaráis náisiúnta aonair cinneadh a dhéanamh maidir le maolú a dheonú ar fhorais dhaonnúla nó gan é a dheonú.

2.4Deimhníodh i dtaighde go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí ag Ballstáit éagsúla an Aontais 2 . Foilsíodh staidéar a rinne an Líonra Eorpach le déanaí maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh (‘an Líonra um Chinedhíothú’) a imscrúdú agus a ionchúiseamh, inar leagadh béim ar neamhréireachtaí suntasacha atá ann ó thaobh na bpionós a ghearrtar ar lucht sáraithe smachtbhannaí i measc Bhallstáit an Aontais 3 .

2.5Tá roinnt cumhachtaí maoirseachta ag an gCoimisiún i dtaca leis sin: áirithíonn sé go gcomhlíonann na Ballstáit uile a n-oibleagáidí faoi rialachán smachtbhannaí an Aontais, cuir i gcás, go bhfuil pionóis iomchuí i bhfeidhm acu. Mar a tharlaíonn i réimsí eile de rialachas an Aontais, tá an Coimisiún i dteideal tús a chur le nós imeachta um shárú i gcoinne aon Bhallstát nach gcomhlíonann na hoibleagáidí sin, cé nach ndearnadh aon ghníomhaíocht den sórt sin go dtí seo. Tacaíonn an Coimisiún freisin le smachtbhannaí a chur chun feidhme trí threoirlínte a eisiúint, e.g. maidir le maoluithe a dheonú.

2.6In ainneoin a shoiléire atá sé go bhfuil baol bunúsach chun ilroinnte sa chóras, thug sé tamall ar an gCoimisiún céimeanna 4 a ghlacadh chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí a fheabhsú. Bhí an Coimisiún gníomhach ina leith sin an athuair fiú sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin i bhFeabhra 2022, ach cuireadh dlús nua le cur chun feidhme agus forfheidhmiú smachtbhannaí de thoradh líon na smachtbhannaí a d’eascair as an gcogadh.

2.7Aithnítear i gCinneadh 2022/2332 5 an sárú ar smachtbhannaí an Aontais mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó ‘Coireanna Eorpacha’ mar is minice tagairt dóibh agus, dá réir sin, cuirtear ar chumas an Choimisiúin reachtaíocht a mholadh chun sainmhíniú ar chionta coiriúla chomh maith le pionóis sna Ballstáit a chomhfhogasú 6 .

2.8Tá údar leis an togra sin ar na forais go bhféadfadh sé go gcuirfeadh sáruithe le buanú na mbagairtí ar an tsíocháin agus an tslándáil, agus ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta an duine i dtríú tíortha. Is minic a bhíonn gné thrasteorann ag baint leis na sáruithe sin. Go sonrach, dearbhaítear ann gur ‘réimse coireachta an‑tromchúiseach é [sárú ar smachtbhannaí], ós rud é go bhféadfadh sé buanú a dhéanamh ar bhagairtí ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta, an bonn a bhaint de chomhdhlúthú agus de thacaíocht don [daonlathas], den smachta reachta agus de chearta an duine agus d’fhéadfadh damáiste suntasach eacnamaíoch, sochaíoch agus comhshaoil a bheith mar thoradh air’ 7 . Sa staid reatha, tugtar deis do dhaoine aonair agus do chuideachtaí atá ag smaoineamh ar smachtbhannaí a sheachaint an margadh is fearr a chuardach, agus ag an am céanna, cosc a chur ar chothrom iomaíochta a bhunú d’oibreoirí an Aontais.

2.9Tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir leis an téacs an 30 Meitheamh 2022 agus d’iarr sí ar Pharlaimint na hEorpa toiliú a thabhairt maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle sáruithe ar bhearta sriantacha an Aontais a chur leis na réimsí coireachta a leagtar síos in Airteagal 83(1) CFAE 8 . Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú tríd an nós imeachta práinne an 7 Iúil 2022 9 . Glacadh an Cinneadh an 28 Samhain 2022 10 .

2.10Thíolaic an Coimisiún dréacht-treoir an 2 Nollaig 2022 ina moltar rialacha íosta a bhunú i leith an tsainmhínithe ar chionta coiriúla agus pionóis a ghearrfar ar lucht sáraithe smachtbhannaí 11 .

3.Barúlacha ginearálta

3.1Forbairt dhearfach atá ann sáruithe ar smachtbhannaí a bheith á sainaithint mar réimse coireachta faoi Airteagal 83(1) CFAE feasta; is forbairt é freisin a bheidh ina chuidiú agus rangú sáruithe ar smachtbhannaí agus na pionóis lena mbaineann á chomhchuibhiú ar fud an Aontais, mar aon le feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na smachtbhannaí iad féin.

3.2Molann CESE don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na hábhair imní a leagtar amach sa roinn seo a leanas a thabhairt dá n-aire nuair a bheidh siad ag moladh agus ag glacadh na Treorach atá idir chamáin faoi láthair, mar aon le reachtaíocht thánaisteach, shubstainteach eile a bhaineann le rialacha íosta a thabhairt isteach, rialacha maidir le cionta coiriúla a shainiú agus maidir leis na pionóis a ghearrfar ar lucht sáraithe smachtbhannaí.

4.Barúlacha sonracha

4.1Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú don dréachtchinneadh ón gComhairle trí nós imeachta práinne. Is éard atá i gceist leis sin gur thug Parlaimint na hEorpa a toiliú, cé nach ndearna a Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) plé ar an scéal roimh ré. Níor cheart don riachtanas láidir geopholaitiúil atá mar bhunús le glacadh an togra baint ón ngá atá le grinnscrúdú daonlathach cuí a dhéanamh ar thograí reachtacha. Ba cheart cloí le caighdeáin chuntasachta dhaonlathacha. Cuireann CESE in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú iomchuí ar an togra le haghaidh Treoir maidir le rialacha íosta a thabhairt isteach i ndáil le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú, pionóis ar lucht sáraithe smachtbhannaí, atá faoi bhreithniú i láthair na huaire.

4.2Ar an dul céanna, luaitear sa togra le haghaidh Treorach gur staon an Coimisiún ó mheasúnú tionchair a dhéanamh, mar gheall ar ‘chomh práinneach atá sé na daoine aonair agus daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a choinneáil cuntasach’ 12 . Tugann CESE dá aire a ábhartha atá sé dlús a chur faoi ghlacadh na Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar smachtbhannaí an Aontais; bíodh sin mar atá, dar leis an gCoiste nach fiú an measúnú tionchair ba cheart a bheith ann ó thaobh ullmhúchán na Treorach de a sheachaint de bharr na práinne atá le sainmhínithe agus pionóis a chomhchuibhiú. Is amhlaidh atá ós féidir na daoine agus na daoine dlítheanacha atá freagrach as sárú na smachtbhannaí a thabhairt chun cuntais cheana féin faoin reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana, rud a chiallaíonn go ngearrfar pionós ar lucht sáraithe smachtbhannaí fiú dá gcuirfí moill ar ghlacadh na Treorach. Dá bhrí sin, tá CESE i bhfách le gnáthmheasúnú tionchair a dhéanamh agus, ach a nglacfar an Treoir, molann CESE go gcuirfear i bhfeidhm go tapa í.

4.3Is díol sásaimh do CESE na comhairliúcháin chuimsitheacha a rinne an Coimisiún le raon leathan páirtithe leasmhara. Bíodh sin mar atá, is oth le CESE nár luadh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina measc sa togra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus pionóis i leith sárú ar smachtbhannaí.

4.4Maidir leis an aird a dhírítear ar sháruithe ar smachtbhannaí a bhrath, a ionchúiseamh agus a phionósú, ba cheart bearta inchomparáide a dhéanamh chun treoir a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí a chur chun feidhme. Easpa feasachta i measc na ngeallsealbhóirí san earnáil phríobháideach, ainneoin iarrachtaí na ngníomhaireachtaí náisiúnta iad a chur ar an eolas, sin is cúis go minic le heasnaimh ó thaobh chur chun feidhme na smachtbhannaí 13 . Ba cheart a mheabhrú gur fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad formhór na n-oibreoirí eacnamaíocha san Aontas, agus is minic nach mbíonn cur amach acu ar na dualgais a eascraíonn ón reachtaíocht maidir le smachtbhannaí ós rud é gurbh annamh a bhí ann do bhearta eacnamaíochta i gcleachtas smachtbhannaí a bhí ann roimhe seo 14 . Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá ar bun ag an gCoimisiún faoi láthair agus é ag iarraidh feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar d’oibritheoirí eacnamaíocha agus spreagann sé dó leanúint leis sin 15 .

4.5Ba cheart forálacha leordhóthanacha a dhéanamh chun gníomhaíocht dhaonnúil a chosaint i ndlínsí atá faoi réir smachtbhannaí. Is ábhar imní i gcónaí é an dliteanas i leith sáruithe ar smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ann do ghníomhaithe daonnúla a thugann faoiseamh do dhlínse atá faoi réir smachtbhannaí troma 16 . Is minic a thugann na gníomhaithe sin le fios a dheacra atá sé a ráthú nach ndéantar sárú ar an reachtaíocht maidir le smachtbhannaí fad is atá siad ag obair, mar aon leis na himpleachtaí diúltacha atá ann ó thaobh smachtbhannaí an Iarthar a bhfuil baint acu leo, dar le lucht troda cogaidh 17 . Ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2664 i mí na Nollag 2022 18 , rún a chuir údaráis na Stát Aontaithe 19 chun feidhme go mear, ina bhfuil díolúine ghinearálta lena gceadaítear cistí agus seirbhísí a sholáthar d’eagraíochtaí daonnúla 20 . Leis an rún seo, déantar eisceacht de chlásail chaola dhaonnúla i reachtaíocht an Aontais, agus dá bharr tá ag díriú ar an gceist. D’fhonn a áirithiú nach gcuirfidh an creat pionóis bac ar an ngníomhaíocht dhaonnúil, ba cheart an friotal a neartú sa Treoir atá beartaithe. Faoi mar atá i láthair na huaire, eisiatar ‘cabhair dhaonnúil a sheachadadh do dhaoine i ngátar’ ón gcoiriúlú 21 . Tacaíonn CESE le glacadh díolúine daonnúla atá níos leithne a chuirfidh dliteanas coiriúil faoi smachtbhannaí an Aontais le haghaidh gach baill foirne d’eagraíochtaí daonnúla neamhchlaonta ar ceal. Dá mbeadh a leithéid de chlásal ann, bheadh creataí dlíthiúla smachtbhannaí an Aontais ag teacht leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI). San am céanna, ba cheart forálacha a bheith ann chun cosc a chur ar mhí-úsáid chun críocha coiriúla nó polaitiúla. Ba cheart cosaint na ngníomhaithe daonnúla a thabhairt d’iriseoirí iniúchacha.

4.6Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach a fhad a bhaineann le glacadh na reachtaíochta agus féachaint chuige go bhfuil dóthain acmhainní riaracháin, airgeadais, teicneolaíochta agus acmhainní daonna ar fáil, mar aon leis an oiliúint iomchuí le go mbeidh sé ar a gcumas ag maorlathais náisiúnta, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe éifeacht a thabhairt d’ábhar na reachtaíochta. D’éagmais trealamh leordhóthanach, baill foirne agus dearlaic airgeadais, is cosúla ná a mhalairt go dteipfidh ar chomhchuibhiú na reachtaíochta agus é ag iarraidh lucht sáraithe smachtbhannaí a bhrath agus a ionchúiseamh, agus pionós a ghearradh orthu. Chomh maith leis sin, molann CESE don Choimisiún critéir a shainiú a chuirfidh sé i bhfeidhm ar an bhfaireachán d’fhonn treoir a thabhairt do na geallsealbhóirí.

4.7Más amhlaidh a cheadaítear sócmhainní a choigistiú, ba cheart cuid de na fáltais a leithdháileadh i dtreo is go dtugtar cúiteamh d’íospartaigh agus, i gcás na smachtbhannaí úd atá i bhfeidhm i gcoinne spriocanna na Rúise i ndáil leis an gcogadh san Úcráin, iad a chur i dtreo iarrachtaí atógála i ndiaidh an chogaidh san Úcráin. Tacaíonn CESE leis an éileamh sin, éileamh atá i gcomhréir leis an tuairim ó CESE 22 maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir i ndáil le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún oibriú i gcomhar le heagraíochtaí tiomanta na sochaí sibhialta maidir le híospartaigh a shainiú mar aon le sásraí a dhearadh chun go gcuirfear fáltais ó imghabháil smachtbhannaí ar aghaidh chuig na híospartaigh, nó chuig iarrachtaí ar infheistíochta sóisialta a rachadh chun sochair dóibh. Ar mhaithe le cuntasacht, molann CESE na figiúirí a bhaineann le sócmhainní a coigistíodh agus an áit a gcuirfear iad ina dhiaidh sin a fhoilsiú, rud a chuirfeadh leis an trédhearcacht.

4.8Ba cheart forálacha leordhóthanacha a bheith sa Treoir atá beartaithe freisin, forálacha a chuirfeadh cosaint ar fáil do sceithirí agus d’iriseoirí iniúchacha a nochtann cleachtais lucht sáraithe smachtbhannaí. Tá ról lárnach acu óir tugann siad ‘rabhadh luath’ dúinn agus ní mór cosaint a chur ar fáil dóibh dá réir. I ndáil leis sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún maidir le cur leis an gcosaint a chuirtear ar fáil faoi Threoir (AE) 2019/1937 23 maidir le sáruithe ar bhearta sriantacha AE a thuairisciú agus maidir leo siúd a thuairiscíonn sáruithe dá leithéid.

4.9Mar a léirítear i bhfoclaíocht na Treorach atá ann faoi láthair, ba cheart forálacha a dhéanamh chun seasamh le prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta maidir le pionóis choiriúla, i gcomhréir leis an bprionsabal nulla poena sine lege. Cuireann CESE i bhfáth gur gá cearta próisis chuí agus coimircí eile ar chearta an duine atá cúisithe a ráthú.

4.10Ar an ásc deiridh, cé gur próiseas mear a bhí ann sáruithe ar smachtbhannaí ar ‘Coir Eorpach’ a shainaithint, is cúis imní do CESE nach féidir coireanna coitianta a chumhdach faoi raon feidhme Airteagal 83(1) CFAE, coireanna fuatha agus an foréigean inscnebhunaithe, mar shampla. Níor cheart tosaíocht a thabhairt do na riachtanais gheopholaitiúla más faillí i gcoireanna eile is toradh air, coireanna a bheadh ag déanamh tinnis do na saoránaigh i láthair na huaire sin.

4.11Mar fhocal scoir, is é is aidhm do chomhchuibhiú na bpionós inchreidteacht na smachtbhannaí a glacadh faoi CBES a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh meas a léiriú ar na toirmisc ar víosaí leis an dícheall céanna lena bhfuiltear ag súil ó na saoránaigh agus ó oibreoirí an Aontais 24 .

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023

Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)    Portela, C., ‘Implementation and Enforcement’, in N. Helwig et al., Sharpening EU sanctions policy, FIIA Report 63, Institiúid na Fionlainne um Ghnóthaí Idirnáisiúnta: Heilsincí. Staidéar a choimisiúnaigh Oifig Phríomh‑Aire na Fionlainne, 2020, lch. 107‑117.
(2)    Druláková, R. agus Přikryl, P., The implementation of sanctions imposed by the European Union, Central European Journal of International and Security Studies, lm. 10, uimh. 1, 2016, lch. 134‑160.
(3)     An Líonra um Chinedhíothú , Prosecution of sanctions (restrictive measures) violations in national jurisdictions a comparative analysis [Ionchúiseamh ar sháruithe ar smachtbhannaí (bearta sriantacha) i ndlínsí náisiúnta: anailís chomparáideach], 2021.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: an oscailteacht, an neart agus an athléimneacht a chothú]. COM(2021) 32 final .
(5)    Cinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh IO L 308, 29.11.2022, lch. 18‑21 .
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: I dTreo Treorach maidir le pionóis choiriúla as sárú ar bhearta sriantacha an Aontais, COM(2022) 249 final .
(7)    Tá macalla na foclaíochta seo i dTeachtaireacht COM(2022) 249 final ón gCoimisiún, leathanach 4, i réamh-alt 10 de Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle, IO L 308, 29.11.2022, lch. 18‑21.
(8)    Comhairle an Aontais Eorpaigh, preaseisiúint , 30 Meitheamh 2022.
(9)    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa. TA/2022/0295 .
(10)     IO L 308, 29.11.2022, lch. 18‑21 .
(11)    Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i gcás sárú ar bhearta sriantacha an Aontais COM(2022) 684 final .
(12)     COM(2022) 684 final .
(13)    Druláková, R. agus Zemanová, S., Why the implementation of multilateral sanctions does (not) work: lessons learnt from the Czech Republic, European Security, Iml. 29, uimh. 4, 2020, lch. 524‑44.
(14)    Portela, C., Sanctions in EU foreign policy, in N. Helwig et al., Sharpening EU sanctions policy, FIIA Tuairisc 63, Institiúid na Fionlainne um Ghnóthaí Idirnáisiúnta: Heilsincí. Staidéar a choimisiúnaigh Oifig Phríomh‑Aire na Fionlainne, 2020, lch. 23‑49.
(15)    Cinneadh (CBES) 2022/1506 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú, IO L 235, 12.9. 2022, lch. 30‑31 .
(16)    Portela, C., What if the EU made sanctions compatible with humanitarian aid?, in F. Gaub (eag.) What if…?. Fourteen Scenarios for 2021, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS): Páras, 2020.
(17)    Debarre, A., Safeguarding humanitarian action in sanctions regimes, Nua Eabhrac: International Peace Institute, 2019.
(18)    Rún 2664 ó na Náisiúin Aontaithe, S/RES/2664(2022) .
(19)     Preaseisiúint ó Státchiste na Stát Aontaithe, Treasury Implements Historic Humanitarian Sanctions Exceptions [Eisceachtaí i Smachtbhannaí Daonnúla á gCur i bhFeidhm go Stairiúil], 20 Nollaig 2022.
(20)    Sonraítear i mír oibre 1 de Rún S/2664 (2022) go gceadaítear soláthar na gcistí nó soláthair na n-earraí agus seirbhísí is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe (...) nó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó daoine eile, arna gcur isteach ag Coistí aonair arna mbunú ag an gComhairle seo, cúnamh daonnúil a sholáthar go tráthúil agus nach sárú iad ar reo sócmhainní arna bhforchur ag an gComhairle seo ná ag a Coistí Smachtbhannaí.
(21)     COM(2022) 684 final .
(22)     IO C 100, 16.3.2023, lch. 105–110 .
(23)    Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, IO L 305, 26.11.2019, lch. 17‑56 .
(24)    Mangas Martin, A., Sobre la vinculatoriedad de la PESC y el espacio aéreo como territorio de un estado (Comentario al auto del TS español de 26 de noviembre de 2020, sala de lo penal) [Maidir le gné cheangailteach CBES agus an aerspáis mar chríocha stáit (Tráchtaireacht ar fhoraithne bhreithiúnach Chúirt Uachtarach na Spáinne, 26 Samhain 2020, roinn choiriúil)]. Revista General de Derecho Europeo, 53, 2021.