|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115
[COM(2022) 305 final – 2022/0196 (COD)]
|
|
|
|
NAT/862
|
|
|
|
Rapóirtéir: José Manuel ROCHE RAMO
|
|
Comhrapóirtéir: Arnold PUECH d'ALISSAC
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 14/07/2022
An Chomhairle, 06/07/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
22/02/2022
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
24/11/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
14/12/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
574
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
157/01/04
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí tugtar isteach gnéithe agus bearta nua chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe a sainaithníodh i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.
1.2Aithníonn CESE go bhfuil gá leis an athbhreithniú seo agus cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó gur luadh roinnt mhaith de na teorainneacha a sainaithníodh sa Treoir reatha agus de na tionscnaimh atá beartaithe faoin togra nua sna barúlacha agus sna moltaí a rinneadh sa tuarascáil mheastóireachta lena mbaineann. Féachann an Rialachán le haghaidh a thabairt ar shaincheisteanna amhail an gá atá le comhchuibhiú níos fearr i gcur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, chomh maith le héagsúlacht na staideanna sna Ballstáit, oiliúint chuí a chur ar úsáideoirí, agus an tábhacht a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn, amhail an fheirmeoireacht bheacht.
1.3I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus sa straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030, is é is aidhm don togra le haghaidh Rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na gcóras bia. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE gur cuireadh na cuspóirí sin san áireamh, agus aitheantas á thabhairt aige ag an am céanna do na tairbhí a bhaineann leis sin ó thaobh feabhas a chur ar shláinte na saoránach agus na dtomhaltóirí agus ar an gcomhshaol.
1.4Leis an straitéis Eorpach nua tugtar isteach cuspóirí cainníochtúla maidir leis an úsáid a bhaintear as lotnaidicídí agus an riosca a bhaineann leo a laghdú faoi 2030. Is cinnte go bhfuil na cuspóirí sin uaillmhianach, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le hidirthréimhsí réasúnta a leagan síos lena gcuirtear san áireamh an laghdú stairiúil ar an úsáid, mar aon leis na cúinsí geografacha, agranamaíocha agus socheacnamaíocha sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart feirmeoirí a bheith in ann rochtain a fháil ar tháirgí nua malartacha le linn na n-idirthréimhsí sin freisin. I bhfianaise gur thóg sé 10 mbliana ar an meán ar na huirlisí reatha ísealriosca chun teacht ar an margadh, ba cheart do reachtóirí a bheith an-chúramach maidir leis an tráthchlár a shocraítear chun na cuspóirí sin a bhaint amach tríd an tsolúbthacht is gá a thabhairt isteach chun ‘nach bhfágfar aon duine ar lár’. Ina theannta sin, déantar foráil sa togra ón gCoimisiún maidir le srianta forleathana ar úsáid táirgí cosanta plandaí i ‘limistéir íogaire’. Cuireann CESE in iúl go gcumhdaítear stráicí móra talún i limistéir táirgthe talmhaíochta an Aontais leis an sainmhíniú atá beartaithe agus le raon feidhme na bhforálacha maidir le ‘limistéir íogaire’. Tá iarmhairtí forleathana ag ceanglas den sórt sin agus níor cheart, dá bhrí sin, é a chur chun feidhme ach amháin ar bhonn measúnú tionchair eolaíoch agus agranamaíoch fónta.
1.5Éilíonn táscairí riosca comhchuibhithe treoirlínte soiléire agus táscairí iomchuí. Mar gheall ar na sonraí teoranta atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le lotnaidicídí ceimiceacha a úsáid, ba cheart a bheith an-chúramach leis an modh a úsáidtear. Go háirithe, tá gá leis sin sa chás go n‑úsáidtear díolacháin tráchtála mar bhunlíne. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tréimhse ama a úsáidtear chun an méid sin a ríomh. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar mheastacháin maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh, mar shampla trí idirdhealú a dhéanamh idir údaruithe le haghaidh úsáid tráchtála agus údaruithe le haghaidh úsáid phríobháideach nó i ngairdíní (i.e. chun críoch talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta).
1.6De bharr na n-éifeachtaí diúltacha a d’eascair as na géarchéimeanna is déanaí – an phaindéim agus an t-ionradh ar an Úcráin agus an cogadh dá bharr sin, mar aon leis an méadú géar atá tagtha ar éifeachtaí an athraithe aeráide (triomaigh, dóiteáin, tuilte, lotnaidí nua, tonnta teasa, etc.) – ní mór don Aontas táirgeadh bia agus slándáil bia a chur ar bharr an chláir oibre pholaitiúil.
1.7Mar sin féin, ba cheart don Aontas leanúint den treochlár a fhorbairt chun a ghealltanais a bhaint amach maidir le gníomhú ar son na haeráide agus maidir leis an inbhuanaitheacht. Agus é á chur san áireamh nach mór don Eoraip leanúint de na gníomhaíochtaí faoi Chlár Oibre 2030 agus na SDGanna a bhaint amach, ba cheart tionchair agus éifeachtaí an chomhthéacs reatha ar chórais agraibhia a chur san áireamh freisin. I ndáil leis an méid sin, agus i bhfianaise na géarchéime atá ann faoi láthair, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht maoluithe áirithe a chur i bhfeidhm ar bhonn ad hoc amháin atá teoranta ó thaobh ama de.
1.8Ba cheart an ghéarchéim sin a thapú mar dheis chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na héagobhsaíochta domhanda agus chun dinimic na slabhraí soláthair a athchóiriú trí fheabhsuithe buana a dhéanamh do dhaoine agus don phláinéad. Go háirithe, tá géarghá le tús a chur le díospóireacht chuimsitheach agus le machnamh ar shamhail an táirgthe agraibhia ba cheart don Aontas a shainiú sna blianta amach romhainn.
1.9Ag an am céanna, tá oibleagáid agus freagracht ar an Aontas táirgeadh agus slándáil bia a chur san áireamh mar phríomhchuspóir straitéiseach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, ina ndéantar tagairt don togra seo, a bheith bunaithe i gcónaí ar fhianaise eolaíoch iontaofa agus ba cheart measúnuithe tionchair ábhartha a bheith ag gabháil leis an bhfianaise sin chun a áirithiú go mbeidh na cuspóirí ailínithe mar is ceart agus go n-urramófar prionsabal na comhréireachta.
1.10Maidir leis sin, tá rabhadh tugtha cheana féin i staidéir éagsúla faoi na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag ardú ollmhór ar phraghsanna bia – mar thoradh ar laghdú ar fhómhair agus táirgeacht níos ísle – ar fud an domhain. D’fhéadfadh laghdú ar tháirgeadh talmhaíochta spleáchas an Aontais ar allmhairí bia ó thríú tíortha a mhéadú, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí dochar don chomhshaol, don tsochaí agus don gheilleagar.
1.11Ba cheart, dá bhrí sin, gurb é cuspóir deiridh an togra díriú ar réitigh mhalartacha (bosca uirlisí) lena dtabharfaí tús áite do bhainistiú comhtháite lotnaidí (IPM) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus ba cheart don bhainistiú sin leanúint de bheith ina bhunchloch den togra, agus méadú a dhéanamh ar úsáid roghanna malartacha, mar aon le tacú leis na roghanna sin, chun lotnaidí a rialú, amhail táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo nó táirgí cosanta plandaí bithbhunaithe. Faoi láthair, áfach, ní féidir na réitigh sin a chur in ionad lotnaidicídí ceimiceacha a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit úsáid an bhosca uirlisí sin a spreagadh a luaithe is féidir, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil scéimeanna dreasachta iomchuí i bhfeidhm.
1.12Ba cheart don bhosca uirlisí díriú ar úsáid a bhaint as réitigh agus bearta éagsúla atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar an nuálaíocht. Ní mór úsáid a bhaint as cineálacha frithsheasmhacha, síol deimhnithe, talmhaíocht chaomhantais, táirgeadh comhtháite, teicnící nua pórúcháin (NBTanna), an fheirmeoireacht orgánach, uainíocht na mbarr, teicnící digiteacha agus mionbhairr chun bogadh go rathúil i dtreo samhail atá bunaithe ar úsáid laghdaithe a bhaint as táirgí cosanta plandaí.
1.13Chun é sin a bhaint amach, tá ríthábhacht le córais cosanta plandaí atá inbhuanaithe, eolaíochtbhunaithe, éifeachtach, sábháilte agus inacmhainne, ar córais iad lena bhféadfar na huirlisí a chur ar fáil d’fheirmeoirí chun go mbeidh siad iomaíoch i gcónaí. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún a éileamh go mbeadh cómhalartacht ann ó thaobh na rialacha ionas go mbeidh allmhairithe táirgí ó thríú tíortha a láimhseáiltear le táirgí nach gceadaítear ar mhargadh an Aontais faoi réir rialacha atá ar a laghad coibhéiseach leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.
1.14Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach méadú díréireach ar an ualach maorlathach ar fheirmeoirí a sheachaint, rud a mbeadh tionchar níos mó fós aige ar fheirmeacha beaga agus meánmhéide nach bhfuil chomh frithsheasmhach céanna in aghaidh na staide sin mar gheall ar bharainneachtaí scála.
1.15Ar an taobh eile, ní mór do na comhlachtaí bainistíochta atá freagrach as sonraí staidrimh a nochtadh a bheith an-chúramach maidir lena láimhseáil, go háirithe agus lánurraim á tabhairt do chearta príobháideachais daoine aonair agus d’úinéireacht na sonraí, a fhreagraíonn d’fhaisnéis rúnda i mórán cásanna.
1.16Is díol sásaimh do CESE an tiomantas do shamhail chomhairleach neamhchlaonta, ghairmiúil agus neamhspleách lena gcuirtear ar chumas feirmeoirí leanúint de chleachtais inbhuanaithe a úsáid ar a dtalamh. Beidh an ról a d’fhéadfadh a bheith ag eagraíochtaí talmhaíochta agus comharchumainn i ndáil leis sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfidh na feirmeoirí an tairbhe is mó as, a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht choiteann b’fhéidir (e.g. comharchumainn talmhaíochta).
1.17Is díol sásaimh do CESE freisin gur tugadh isteach beart sonrach lena ndírítear ar thacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun feirmeoirí a chúiteamh as na costais a tabhaíodh. Measann sé, áfach, gur gá fós roinnt gnéithe dá chomhtháthú le CBT a shoiléiriú, go háirithe maidir leis an tráthchlár agus leis an gcur chun feidhme, ós rud é nach mór CBT nua agus pleananna straitéiseacha comhfhreagracha gach Ballstáit a fhormheas agus gur cheart dóibh teacht i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2023.
2.Cúlra
2.1Beartaíodh i dtosach togra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí don 23 Márta 2022 ach cuireadh siar é mar gheall ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin. D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach é an 22 Meitheamh 2022 mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí. Foilsíodh an Rialachán sa ‘Phacáiste um chosaint an dúlra’ in éineacht leis an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra. Is céim chinntitheach é an pacáiste i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus na Straitéise Bithéagsúlachta.
2.2I gcomhréir leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, is iad seo a leanas príomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún:
·úsáid fhoriomlán agus riosca lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú 50 % faoi 2030 (sprioc laghdaithe 1) agus úsáid lotnaidicídí níos guaisí a laghdú 50 % faoi 2030 (sprioc laghdaithe 2) i gcomparáid leis an meán do na blianta 2015, 2016 agus 2017;
·cur chun feidhme agus forfheidhmiú an bhainistithe comhtháite lotnaidí a mhéadú;
·úsáid roghanna malartacha nach bhfuil chomh guaiseach céanna le lotnaidicídí ceimiceacha agus roghanna neamhcheimiceacha a mhéadú chun lotnaidí a rialú;
·feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí faireacháin maidir le forchur, úsáid agus riosca lotnaidicídí ar mhaithe leis an tsláinte agus an comhshaol;
·feabhas a chur ar chur i bhfeidhm, forfheidhmiú agus comhlíonadh forálacha dlíthiúla ar fud na mBallstát uile chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht beartais a fheabhsú; agus
·glacadh teicneolaíochtaí nua amhail an fheirmeoireacht bheacht a chur chun cinn chun úsáid fhoriomlán agus riosca lotnaidicídí a laghdú.
2.3Féadfaidh na Ballstáit a sprioc náisiúnta maidir le húsáid ceimiceán cosanta plandaí agus riosca na gceimiceán sin a laghdú trí chóras ualaithe agus an figiúr maidir le déine úsáide agus an figiúr maidir le húsáid agus riosca á gcur san áireamh. I gcás ar bith, ní fhéadfaidh céatadán an laghdaithe a bheith níos lú ná 35 % ná níos mó ná 70 % faoi 2030.
2.4Chun na torthaí sin a bhaint amach, leagtar síos sa togra a chuir an Coimisiún ar aghaidh spriocanna laghdaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas. Foráiltear leis na rialacha nua freisin nach mór do na Ballstáit spriocanna ceangailteacha a ghlacadh chun cuidiú le sprioc fhoriomlán an Aontais a bhaint amach. Déantar foráil sa Rialachán maidir le solúbthacht do na Ballstáit chun a staid náisiúnta a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart aird a thabhairt ar fhorbairtí stairiúla agus ar a dhéine atá úsáid lotnaidicídí i ngach Ballstát.
2.5Déanfaidh an Coimisiún úsáid agus riosca lotnaidicídí ceimiceacha a thomhas go bliantúil bunaithe ar na sonraí díolacháin táirgí cosanta plandaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit don Choimisiún. Úsáidfear díolacháin na mblianta 2015, 2016 agus 2017 mar bhonnlíne chun an laghdú 50 % a ríomh.
2.6Déanfar gach substaint ghníomhach a chuirfear ar an margadh i bhfoirm táirgí cosanta plandaí a aicmiú i gceann de na ceithre ghrúpa agus tabharfar ualú dóibh, lena n-áirítear ualú níos airde do na grúpaí is contúirtí.
2.7Go hachomair, is iad seo a leanas na príomhfhorbairtí san athbhreithniú:
·rialachán a ghlacadh, atá ceangailteach go díreach agus infheidhme go haonfhoirmeach i ngach Ballstát;
·spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí: laghdú 50 % ar úsáid agus ar riosca lotnaidicídí ceimiceacha agus úsáid lotnaidicídí níos guaisí faoi 2030;
·pleananna gníomhaíochta náisiúnta (NAPanna) cuíchóirithe agus tuarascálacha bliantúla lena dtacaítear le spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí;
·rialú lotnaidí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú, lena n-áirítear go ndéanann gach feirmeoir bainistiú comhtháite lotnaidí a chleachtadh agus nach n-úsáidtear lotnaidicídí ceimiceacha ach mar rogha dheireanach;
·clár nua chun tacú le cigireacht a dhéanamh ar threalamh leata lotnaidicídí;
·gealltanas go ndéanfar athbhreithniú ar tháscairí riosca comhchuibhithe i bhfianaise an staidrimh maidir le hionchuir agus aschuir talmhaíochta (SAIO);
·dreasachtaí d’fheirmeoirí chun lotnaidicídí a laghdú faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT): cistiú eisceachtúil chun tacú le comhlíonadh ar feadh cúig bliana;
·tréimhsí nua bailíochta le haghaidh deimhnithe oiliúna agus cruthúnas ar an oiliúint is gá le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe;
·toirmeasc ar gach úsáid lotnaidicídí i limistéir íogaire agus laistigh de 3 mhéadar de na limistéir sin;
·critéir níos déine maidir le maoluithe le haghaidh aerspraeála.
2.8Tacóidh príomhphacáiste beartais le feirmeoirí agus le húsáideoirí eile san aistriú chuig córais táirgthe bia níos inbhuanaithe, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: i) méadú ar raon na roghanna malartacha bitheolaíocha agus ísealriosca atá ar an margadh; ii) dreasachtaí d’fheirmeoirí chun úsáid lotnaidicídí a laghdú faoin CBT nua; iii) taighde agus forbairt faoi Fhís 2030; agus iv) Plean Gníomhaíochta don Bhia Orgánach.
3.Barúlacha ginearálta
3.1I ngeall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair – an phaindéim agus an t-ionradh ar an Úcráin agus an cogadh dá bharr sin, mar aon leis an méadú géar atá tagtha ar éifeachtaí an athraithe aeráide (triomaigh, dóiteáin, tuilte, lotnaidí nua, tonnta teasa, etc.) – tá brú mór á chur ar chórais agraibhia Eorpacha agus dhomhanda. Ina ainneoin sin, níor cheart na bacainní sin a bheith ina mbac ar thiomantas diongbháilte an Aontais tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar aistriú cóir a bhaint amach, mar a leagtar amach i gClár Oibre 2030.
3.2Tá sé iarrtha ag CESE i roinnt mhaith dá thuairimí go mbeadh beartas cuimsitheach bia de chuid an Aontais ann lena gcuirfí an méid seo a leanas ar fáil; i) inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shoch-chultúrtha; ii) comhtháthú idir earnálacha, réimsí beartais agus leibhéil rialachais; iii) próisis chinnteoireachta chuimsitheacha; agus iv) meascán de bhearta éigeantacha (rialacháin agus cánacha) agus dreasachtaí (préimheanna praghsanna, rochtain ar chreidmheas, ar acmhainní agus ar árachas) chun dlús a chur leis an aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe.
3.3Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá le comhchuibhiú agus comhleanúnachas níos fearr idir beartais éagsúla agus reachtaíocht éagsúil an Aontais: an Comhaontú Glas don Eoraip, an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, an Straitéis Bhithéagsúlachta, an plean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú agus úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, etc.
3.4Ina theannta sin, níor cheart buiséad CBT a laghdú ná a choinneáil ar an leibhéal reatha, ach ba cheart é a mhéadú agus tacú leis an aistriú. Ba cheart formheas na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a bheith coinníollach freisin ar na Ballstáit a bheith ag glacadh pleananna cuimsitheacha chun timpeallacht an bhia a athmhúnlú agus dreasachtaí le haghaidh táirgeadh bia sláintiúil agus inbhuanaithe a nascadh le cruthú margaí nua do na táirgí sin.
3.5I ndáil leis sin, is díol sásaimh don Choiste an cinneadh chun tús áite a thabhairt do chistiú faoin CBT nua i dtreo cleachtais dheonacha atá dírithe ar úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí a chomhlíonadh, gan pionós a ghearradh nó an bonn a bhaineadh den ioncam ó úsáid cleachtas malartach eile atá dlíthiúil agus údaraithe freisin faoin reachtaíocht Eorpach. Go ginearálta, ní raibh rochtain ar mhaoiniú amhail pleananna glasa agus tionscnaimh forbartha tuaithe ach amháin le haghaidh tionscnaimh a théann níos faide ná ceanglais dhlíthiúla. Cuirfidh an creat nua ar chumas na mBallstát go léir cistiú a chur ar fáil d’fheirmeoirí ar feadh cúig bliana chun go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí go léir maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí.
3.6Ar an gcaoi chéanna, is mór ag an gCoiste na hiarrachtaí a rinneadh chun éifeachtúlacht na NAPanna a mhéadú maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as táirgí cosanta plandaí. Cé go bhféadfadh na NAPanna sin a bheith éagsúil go leor agus cé go bhféadfadh siad réimsí éagsúla a chumhdach agus gur spriocanna deonacha a bhí iontu, tá ábhar níos cuíchóirithe iontu, lena n‑áirítear liosta mionsonraithe tionscnamh agus na naisc atá acu le cuspóirí na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Iarrfar ar na Ballstáit uile bearta airgeadais agus bearta eile a liostú chun bainistiú comhtháite lotnaidí agus roghanna malartacha neamhcheimiceacha a chur chun cinn. Beidh orthu achoimre a dhéanamh ar na treochtaí sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn agus ar chur chun feidhme bunaithe ar gach cuspóir, agus cuíchóiriú a dhéanamh ar shonraí cainníochtúla maidir le comhlíonadh úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn agus ar chur chun feidhme gach dhá bhliain.
3.7Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach nach bhfágfar aon duine ar lár leis an tsamhail nua rialachais sin: ciallaíonn sé sin go n-áiritheofar gur féidir leis na Ballstáit uile úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr d’ainneoin a bpointí tosaigh éagsúla.
3.8Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart don tsochaí shibhialta eagraithe, agus go háirithe d’eagraíochtaí a bhfuil saineolas acu i réimse na lotnaidicídí, a bheith rannpháirteach go dlúth i ndearadh, i bhfaireachán agus i meastóireacht an Rialacháin nua amach anseo. Is gá feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise don phobal i gcoitinne, agus do thomhaltóirí go háirithe, maidir le ról lotnaidicídí, chomh maith le hoiliúint agus faisnéis d’úsáideoirí lotnaidicídí.
3.9Tá praghsanna cothroma bia (a léiríonn fíorthionchar an táirgthe don chomhshaol agus don tsochaí) ríthábhachtach chun córais bhia inbhuanaithe a bhaint amach san fhadtéarma. Tá sé ríthábhachtach, fiú le linn na géarchéime reatha, go n-áiritheoidh an tAontas fíor-chómhalartacht na rialacha i gcomhaontuithe um thrádáil fhabhrach.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar rochtain, infhaighteacht agus cost-éifeachtúlacht réiteach malartach agus teicneolaíochtaí nua chun táirgí cosanta plandaí a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. Bhí bainistiú comhtháite lotnaidí, amhail cleachtais íseal-ionchuir eile bainistithe lotnaidí ar cuid iad den táirgeadh comhtháite agus den fheirmeoireacht orgánach, ar cheann de phríomhghnéithe na Treorach agus tá sé i gcroílár an Rialacháin nua.
4.2Foráiltear mar riail ghinearálta sa togra le haghaidh rialacháin go n-úsáidfidh úsáideoirí gairmiúla, lena n-áirítear feirmeoirí, bearta neamhcheimiceacha sula mbainfidh siad leas as táirgí ceimiceacha cosanta plandaí. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí amhail uainíocht na mbarr, faireachas lotnaidí, bainistiú comhtháite lotnaidí agus cur i bhfeidhm modhanna neamhcheimiceacha rialaithe lotnaidí agus lotnaidicídí eile lena mbaineann riosca níos ísle.
4.3Ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil úsáid lotnaidicídí indéanta ná riachtanach in imthosca áirithe. Os a choinne sin, i gcásanna áirithe ní féidir ach lotnaidí a rialú ar bhealach sásúil (i dtáirgeadh bia tráchtála) trí lotnaidicídí a úsáid, i gcomhréir le príomhphrionsabal an bhainistithe chomhtháite lotnaidí mar rogha dheiridh. Mar shampla, ba cheart aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá siad maidir le húsáid ar mionscála.
4.4Tá dlús á chur ar an athrú aeráide le leathadh lotnaidí a éilíonn infhaighteacht lotnaidicídí nuair atá gach uirlis rialaithe eile ídithe. Tá an gá sin ag éirí níos soiléire ós rud é go léirítear le gach meastachán go dtiocfaidh méadú dhá bhilliún ar dhaonra an domhain thar na 30 bliain amach romhainn. Ba cheart an cás sin a chur san áireamh go leordhóthanach chun córas cobhsaí táirgthe bia a áirithiú a bheidh in ann soláthar a dhéanamh do dhaonra méadaitheach an domhain.
4.5Ar an taobh eile, tá méadú ag teacht ar thriomaigh, ar thuilte, ar thonnta teasa agus ar na hathruithe móra teochta atá ag tarlú le blianta beaga anuas, rud a chuireann bac ar chumas táirgthe bia agus ar tháirgeacht barr na bhfeirmeoirí. I ndáil leis an méid sin, i gcomhthéacs reatha na ngéarchéimeanna arb í an phaindéim is cúis leo agus a d’éirigh níos measa i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, mar aon le héifeachtaí thuasluaite an athraithe aeráide, is gá a áirithiú go gcoinneofar táirgeacht chobhsaí sa táirgeadh talmhaíochta chun táirgí ardcháilíochta i gcainníochtaí leordhóthanacha a sholáthar don domhan d’fhonn slándáil an tsoláthair bia a chosaint.
4.6Leagtar béim sa Rialachán freisin ar an ról lárnach a bheidh ag comhairleoirí neamhspleácha, a chuirfidh comhairle ghairmiúil ar fáil i gcomhréir leis na caighdeáin infheidhme a bhaineann go sonrach le barra agus le bainistiú comhtháite lotnaidí. I ndáil leis an méid sin, tá sé ríthábhachtach ról comhairleach na n-eagraíochtaí gairmiúla talmhaíochta agus na gcomharchumann atá ag tacú go díreach leo ar an láthair a neartú agus a chur chun cinn. Sa Spáinn, mar shampla, tá sé éigeantach tuairim comhairleora a fháil maidir le formhór mór na mbarr. I ngeall air sin, tá níos mó ná 20 000 comhairleoir sa tír atá deimhnithe go hoifigiúil.
4.7Sa mheastóireacht a rinne sé roimhe seo ar an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, leag CESE béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcóras faireacháin agus comhlíonadh a áirithiú idir an Treoir maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí agus NAPanna. I gcomhthéacs úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, beidh ar úsáideoirí gairmiúla taifead a dhéanamh ar na cúiseanna atá le hidirghabháil ar bith (ceimiceach, bitheolaíoch, fisiceach nó cultúrtha).
4.8I ndáil leis sin, ba cheart tábhacht ar leith a thabhairt do limistéir atá íogair nó faoi chosaint sa togra le haghaidh rialacháin. Ní bheifear in ann táirgí cosanta plandaí a úsáid a thuilleadh i limistéir áirithe atá íogair nó faoi chosaint (limistéir ghlasa uirbeacha, lena n-áirítear páirceanna nó gairdíní poiblí, clóis súgartha, limistéir áineasa nó spóirt, conairí le haghaidh úsáid phoiblí, limistéir faoi chosaint Natura 2000, agus aon limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de ar féidir iad a chaomhnú do phailneoirí atá i mbaol) ach amháin má chomhlíontar coinníollacha áirithe agus má chuireann an gairmí réasúnú mionsonraithe ar fáil maidir leis na táirgí a úsáidfear, agus maidir le conas, cathain agus cá fhad a úsáidfear iad. Chuige sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh foireann cháilithe leordhóthanach ag na húdaráis cheadaithe inniúla chun moilleanna a sheachaint a mbeadh cur i bhfeidhm déanach modhanna rialaithe lotnaidí mar thoradh orthu agus a chuirfeadh cosc ar ghníomhaíocht thráthúil i gcoinne teacht chun cinn lotnaidí.
4.9Ar an taobh eile, ba cheart dálaí sonracha geografacha agus aeráide sna Ballstáit a chur san áireamh chun a áirithiú nach gcuirfear srian rómhór ar úsáid táirgí cosanta plandaí a fhorchuirtear ar thalamh talmhaíochta i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, ar limistéir iad nach mbeadh in ann dul i ngleic le teacht chun cinn lotnaidí nua murach sin. Mar shampla, le líonra Natura cumhdaítear 27 % den chríoch sa Spáinn, lena n-áirítear na mílte heicteár de bharra talmhaíochta agus de thalamh do bhainistiú beostoic. D’fhéadfadh straitéis mhaith a bheith i gceist leis na limistéir éagsúla a chriosú trí chríochú agus idirdhealú a dhéanamh idir na limistéir sin ina bhfuil tearmann dúlra faoi chosaint agus limistéir eile. I ndeireadh na dála, ba cheart an cinneadh maidir le húsáid a theorannú i limistéir íogaire a bheith bunaithe ar fhianaise láidir eolaíoch agus agranamaíoch a thacaíonn le haicmiú limistéir ar leith mar limistéar faoi chosaint.
4.10Leagfar síos go mion an tairseach a bheidh le sroicheadh sula ndéanfar idirghabháil cheimiceach sna rialacha a bhaineann go sonrach le barra agus beidh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as clár leictreonach de bhainistiú comhtháite lotnaidí agus de tháirgí cosanta plandaí a bhunú, lena n-áiritheofar go ndéanfaidh úsáideoirí gairmiúla a sonraí a iontráil.
4.11Ina theannta sin, ós rud é go raibh an easpa eolais maidir leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as lotnaidicídí ar cheann de na príomhchonstaicí ar chur chun feidhme na Treorach maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, is díol sásaimh do CESE go bhfuil cuid mhaith dá mholtaí maidir le hoiliúint agus fothú acmhainní curtha san áireamh ag an gCoimisiún.
4.12Cruthófar clár leictreonach lárnach nua maidir le deimhniúcháin oiliúna. Beidh faisnéis mhionsonraithe ann maidir le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe oiliúna (cúig bliana don chomhairleoir agus 10 mbliana don dáileoir nó don úsáideoir gairmiúil). Beidh gá le tástáil oiliúna sula bhféadfaidh an t-úsáideoir táirgí údaraithe cosanta plandaí a cheannach nó a úsáid le haghaidh trealamh leata d’úsáid ghairmiúil agus sula bhféadfaidh comhairleoir comhairle a thabhairt. Beidh ar dháileoirí dóthain ball foirne oilte a bheith acu.
4.13Ba cheart príobháideachas a áirithiú agus sonraí talmhaíochta á n-úsáid ag an lucht riaracháin agus, thar aon ní eile, trí rochtain níos fearr a thabhairt d’fheirmeoirí ar úsáid scileanna digiteacha agus leathanbhanda chun ualaí agus iarrachtaí breise ar fheirmeoirí a sheachaint, ar feirmeoirí iad nach mbíonn na modhanna teicniúla agus daonna acu go minic chun an fhaisnéis is gá a sheoladh chuig an gclár leictreonach.
4.14Chun an Rialachán a chur chun feidhme, bheadh sé tairbhiúil feasacht a mhéadú ar ról agus úsáid lotnaidicídí i measc na saoránach, agus i measc tomhaltóirí go háirithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach. Bheadh ról ríthábhachtach ag feachtais ardaithe feasachta agus phoiblíochta lena ndírítear ar eolas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne agus do lucht ceaptha beartas. Ba cheart faisnéis a scaipeadh, mar shampla, maidir le tosca a bhaineann le praghsáil bia, agus maidir le saincheisteanna a bhaineann níos dlúithe le lipéadú nó deimhniú táirgí.
4.15Ní mór cothroime iomaíochta a áirithiú sa trádáil idirnáisiúnta freisin. Mar gheall ar chomhsheasmhacht idir beartais éagsúla de chuid an Aontais, ní mór a bheith an-chúramach maidir le cosc a chur ar allmhairiú táirgí bia a chóireáiltear le táirgí a bhfuil cosc orthu san Aontas.
An Bhruiséil, 14 Nollaig 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________