|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Comhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile
[COM(2022) 89 final - 2022/0068 (COD)]
|
|
|
|
REX/557
|
|
|
|
Rapóirtéir: Jack O'CONNOR
|
|
Comhairliúchán
|
An Chomhairle, 22/03/2022
Parlaimint na hEorpa, 23/03/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an t-iascach), Airteagal 91 agus Airteagal 100 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an t-iompar), Airteagail 173, 182, 188 agus 189 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (cláir de chuid an Aontais), Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an comhbheartas tráchtála), Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).
|
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach
|
22/03/2022
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Rannóg um Chaidreamh Seachtrach
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
12/05/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
15/06/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
570
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
202/0/5
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Leis an Rialachán atá beartaithe, cumhachtaítear don Choimisiún Eorpach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le feidhmiú chearta an Aontais faoi fhorálacha an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar) agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an Comhaontú Trádála agus Comhair).
1.2Is iad an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, agus iadsan amháin, na páirtithe sna Comhaontuithe comhfhreagracha. Aontaíonn CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé go hiomlán iomchuí go ndéanfaí aon ghníomhaíocht a thionscnamh ar leibhéal an Aontais, le hiontaoibh nósanna imeachta coisteolaíochta, mar a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe.
1.3Aontaíonn CESE go dteastaíonn nós imeachta láidir agus éifeachtach ón Aontas i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar agus/nó an Comhaontú Trádála agus Comhair.
1.4Is cosúil go bhfuil údar iomlán le hiontaoibh nósanna imeachta coisteolaíochta mar bhealach chun an Coimisiún a chumhachtú chun bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar na Comhaontuithe ábhartha nó neamhchomhlíonadh na gComhaontuithe sin. Tá an méid sin ar aon dul freisin le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, lena gcinntear gníomhaíocht an Aontais.
1.5Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus tugann sé dá aire go mbeadh sé sin ar aon dul le forálacha comhchosúla sna Comhaontuithe ábhartha.
1.6I bhfianaise an mhéid thuas, tacaíonn CESE leis an Rialachán atá beartaithe. Ina theannta sin, tá CESE den tuairim gur comhréiteach idirinstitiúideach den scoth é seo chun dul i ngleic le haon chás a eascraíonn as sárú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus/nó an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, nó as neamhchomhlíonadh na gComhaontaithe sin.
2.Barúlacha ginearálta
2.1Leis an Rialachán atá beartaithe, cumhachtaítear don Choimisiún Eorpach bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun cearta an Aontais a fheidhmiú faoi fhorálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Ceapadh an Rialachán chun freagairt thráthúil agus éifeachtach a éascú d’aon sárú nó neamhchomhlíonadh a bhféadfadh an Ríocht Aontaithe a dhéanamh ar fhorálacha na gComhaontuithe ábhartha.
2.2Tá feidhm ag an gcumhachtú maidir leis an méid seo a leanas:
·bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh agus/nó bearta cúitimh arna n‑údarú ag binse eadrána a spreagadh arna iarraidh sin ag Páirtí, i gcás comhlíonadh neamhdhóthanach nó neamhiomlán, nó gníomhaíocht iomchuí i gcás nach gcomhoibríonn an Páirtí eile chun é a dhéanamh níos éasca dul ar iontaoibh nósanna imeachta ceangailteacha um réiteach díospóide;
·bearta feabhais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le mainneachtain ionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais a chur leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus/nó faoin gComhaontú Trádála agus Comhair i ndáil le fóirdheontais, an t-iompar de bhóthar agus an t-iascach;
·bearta athchothromaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le bearta coimirce arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;
·bearta athchothromaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le bearta coimirce lena gcruthaítear míchothromaíocht idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach, nó go sonrach i ndáil le héagsúlachtaí sna réimsí seo a leanas: cosaint saothair agus cosaint shóisialta, chomhshaoil nó aeráide, nó rialú fóirdheontais;
·frithbhearta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, mar fhreagairt do bhearta athchothromaithe faoi Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;
·bearta coimirce faoin gComhaontú um Tharraingt Siar (i gcás ina dtiocfaidh mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil ar dócha go leanfar díobh, nó atreorú na trádála, as cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann); faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i gcás mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil de chineál earnálach nó réigiúnach ar dócha go leanfar díobh);
·oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina shárófar forálacha áirithe den Chomhaontú sin nó i gcás nach gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le trádáil in earraí, an t‑aeriompar, an t‑iompar de bhóthar, an t‑iascach nó i gcláir de chuid an Aontais, nó i gcás ina mainníonn an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht airgeadais a íoc nó ina dtugann sí athruithe suntasacha isteach ar choinníollacha tosaigh áirithe.
2.3Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le haon chomhaontuithe déthaobhacha forlíontacha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.
2.4Sa chinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích, chumhachtaigh sí an Coimisiún formhór na mbeart a liostaítear i bpointe 2.2 a ghlacadh go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach i bhfeidhm. Beartaíodh go molfaí ionstraim dlí den chineál sin tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022.
2.5D’ainneoin an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, cumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair raon leathan saincheisteanna seachas trádáil in earraí agus i seirbhísí. Áirítear orthu sin infheistíocht, iomaíocht, státchabhair, trédhearcacht cánach, an t-aeriompar agus an t‑iompar de bhóthar, fuinneamh agus inbhuanaitheacht, an t-iascach, cosaint sonraí agus comhordú na slándála sóisialta. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Forfheidhmiú Trádála ná le hionstraimí eile atá ann cheana raon feidhme an chineáil nua comhaontaithe seo go hiomlán. Mar thoradh air sin, ní mór ionstraim dlí nua a ghlacadh. Ba lex specialis an Rialachán atá beartaithe maidir le forálacha earnálacha dhlí an Aontais a mhéid a rialaíonn na forálacha sin an t-ábhar céanna.
2.6Na bunúis dlí atá ag an togra:
·Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an t-iascach);
·Airteagal 91 agus Airteagal 100 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an t‑iompar);
·Airteagail 173, 182 188 agus 189 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (cláir de chuid an Aontais);
·Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an comhbheartas tráchtála);
·Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).
2.7Is iad an Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair, agus na Comhaontuithe sin amháin, an t-aon ionstraim dlí atá ag an Aontas i leith na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, is é an tAontas amháin ar féidir leis gníomhaíocht a dhéanamh faoin dlí idirnáisiúnta. Mar sin féin, beartaítear leis an togra bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Bheadh feidhm ag nós imeachta scrúdúcháin an chórais coisteolaíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, toisc é a bheith beagnach cinnte go mbeadh tionchar ag na bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh ar na Ballstáit.
2.8Beartaítear leis an togra go ndéanfar athbhreithniú ar an Rialachán cúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Bheadh sé sin ar aon dul leis an bhforáil chéanna sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair.
2.9Ní chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe bearta a thagann faoi raon feidhme bheartais an Aontais sa limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais.
2.10Is é togra reachtach ar leith a rialaíonn glacadh beart i réimse chláir taighde agus oiliúna Euratom.
3.Barúlacha sonracha
3.1Tá sé mar aidhm leis an togra creat a chruthú a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt go héifeachtach agus go tráthúil i gcás ina sháraíonn nó i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar agus/nó an Comhaontú Trádála agus Comhair.
3.2Ós rud é gur comhaontuithe de chuid an Aontais amháin iad na Comhaontuithe sin, is léir gur cheart beart iomchuí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
3.3Agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na Ballstáit á gcur san áireamh, chomh maith leis an gceanglas maidir leis an éifeachtacht is fearr, is cosúil go bhfuil cur i bhfeidhm nós imeachta scrúdúcháin an chórais coisteolaíochta go hiomlán loighciúil agus go bhfuil údar maith leis.
3.4Tagann sé sin go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta toisc go gceadaíonn an córas coisteolaíochta do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme arna dtarmligean chuig an gCoimisiún.
3.5Is fiú a thabhairt faoi deara freisin go gceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, de mhaolú ar na nósanna imeachta rialta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ar fhorais phráinne (Airteagal 8), nó aon mhórshuaitheadh ar na margaí i réimse na talmhaíochta (Airteagal 7), gan iad a chur faoi bhráid an choiste chomhfhreagraigh roimh ré. Treisíonn an seach-chonair nós imeachta sin cumas an Aontais freagairt go tapa do sháruithe gan choinne ar na Comhaontuithe, más gá.
3.6Is díol sásaimh don Choiste raon cuimsitheach na mbeart a leagtar amach in Airteagal 1.2 den Rialachán atá beartaithe, chomh maith leis na teorainneacha a bhaineann leo.
3.7Ós rud é nach bhfuil aon fhasach ann chun Ballstát a tharraingt siar, ní thagann ceist na comhsheasmhachta leis an reachtaíocht atá ann cheana sa réimse beartais chun cinn.
3.8Leagtar amach go mionsonraithe in Airteagal 2.2 den Rialachán atá beartaithe critéir shoiléire chun roghnú aon bheart a rialú. Glacann CESE leis go gcomhlíonann an Rialachán atá beartaithe ceanglais na comhréireachta agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le feidhmiú tapa éifeachtach na gceart sin a áirithiú i gcás ina shárófaí nó nach gcomhlíonfaí na Comhaontuithe sin.
3.9Creideann CESE nach bhfuil aon ghá le measúnú tionchair i bhfianaise chineál nós imeachta an Rialacháin atá beartaithe.
3.10Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán tar éis cúig bliana, agus tugann sé dá aire go bhfuil sé sin iomchuí ós rud é go mbeadh sé i gcomhréir le forálacha comhchosúla sna Comhaontuithe ábhartha.
3.11I bhfianaise a bhfuil thuas, tacaíonn CESE leis an togra. Ina theannta sin, tá CESE den tuairim gur comhréiteach idirinstitiúideach den scoth é seo chun dul i ngleic le haon chás a eascraíonn as sárú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus/nó an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, nó as neamhchomhlíonadh na gComhaontaithe sin.
An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________