TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An staid shocheacnamaíoch i Meiriceá Laidineach tar éis ghéarchéim COVID-19 –
ról na sochaí sibhialta sa phróiseas téarnaimh

_____________

An staid shocheacnamaíoch i Meiriceá Laidineach tar éis ghéarchéim COVID-19 –

ról na sochaí sibhialta sa phróiseas téarnaimh

[tuairim féintionscnaimh]

REX/552

Rapóirtéir: Josep PUXEU ROCAMORA

GA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20/01/2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

16/11/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15/12/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

574

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

159/2/0

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Ba cheart na hiarrachtaí a dhíriú ar an idirphlé a fheabhsú agus an comhar idir an dá réigiún a neartú trí chur chuige cothrománach a ghlacadh agus trí idirphlé il-leibhéil a chur chun cinn.

1.2Neartaítear an caidreamh déréigiúnach bunaithe ar luachanna agus cuspóirí comhroinnte. Mar sin féin, ní mór an caidreamh sin a bheith tarraingteach ó thaobh acmhainní, aistriú teicneolaíochta, torthaí agus na gné sóisialta de.

1.3I gcomhthéacs iomaíocht gheopholaitiúil an Aontais agus Mheiriceá Laidinigh, ach neamhspleáchas straitéiseach a bhunú, bheadh sé indéanta an comhar idir an dá réigiún agus a dtiomantas don iltaobhachas a neartú, agus láithreacht agus ábharthacht níos láidre a thabhairt dóibh ar an leibhéal idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le saincheisteanna straitéiseacha.

1.4Tá an caighdeán íseal post ar cheann de na saintréithe is tábhachtaí a bhaineann le leochaileacht i Meiriceá Laidineach. Bheadh ga, le linn an téarnaimh, díriú ar chruthú post níos foirmiúla agus níos cuibhiúla a chur chun cinn, feabhas a chur ar an ngairmoiliúint agus ar na beartais earnála chomh maith le pá íosta agus cómhargáil a chur chun cinn, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta.

1.5Tá an Eoraip agus Meiriceá Laidineach tiomanta don daonlathas, don smacht reachta agus d’inbhuanaitheacht an chomhshaoil. Ciallaíonn an méid sin nach mór a áirithiú go bhfuil an chosaint agus na ráthaíochtaí is gá ar fáil don tsochaí shibhialta, ionas go mbeidh príomhról aici maidir leis an bhforbairt agus le géarchéimeanna a shárú, agus chun an t‑idirphlé atá ag teastáil chun teacht ar chonradh sóisialta nua a chur chun cinn.

1.6Tá sé ríthábhachtach cloí leis an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, rud a fhágann nach mór athmhachnamh a dhéanamh ar an leochaileacht, ní hamháin a mhéid a bhaineann le hioncam, ach an tionchar a bhíonn ag an leochaileacht ar ghrúpaí áirithe den tsochaí amhail mná, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus leanaí, i measc daoine eile. Is iad sochaithe sibhialta atá eagraithe go neamhshrianta agus go daonlathach an ionstraim is fearr chun nach ráiteas amháin a bheidh sa dearbhú sin ach go ndéanfar é a fhíorú.

1.7Leis an teannas sóisialta i Meiriceá Laidineach agus na bagairtí ar an daonlathas ar fud an domhain, leagtar béim ar an ngá atá le hathmhachnamh a dhéanamh ar an bhforbairt, agus beartais níos fearr, agus níos mó díobh, a chruthú, agus cuimsiú agus iolrachas níos fearr a chur san áireamh, d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar bhunchúiseanna na míshástachta chun na cúiseanna sin a iompú ina gcumasóirí don fholláine shóisialta. D’fhéadfadh an Eoraip agus Meiriceá Laidineach a bheith ina gcomhpháirtithe i gcomhghuaillíocht don daonlathas, don inbhuanaitheacht, don cheartas sóisialta agus don iltaobhachas 1 .

1.8Ba cheart don Eoraip agus do Mheiriceá Laidineach a bheith ina gcomhpháirtithe i gcomhghuaillíocht chun an daonlathas a chosaint, agus ar mhaithe le geilleagair agus sochaithe níos córa agus níos cothroime a chothú, lena neartófar an t‑iltaobhachas agus lena nglacfar go hiomlán le cosaint an chomhshaoil. Chun tacú leis an gcomhghuaillíocht seo, ní mór dá sochaithe sibhialta eagraithe, a n‑eagraíochtaí um chearta an duine, a n‑eagraíochtaí ceardchumainn agus gnó, a chomhlachais chomhshaoil, agus eagraíochtaí eile nach iad lánaitheantas a thabhairt di agus a bheith rannpháirteach go hiomlán inti.

2.Barúlacha ginearálta

2.1I Meiriceá Laidineach, tá moilliú ag teacht de réir a chéile ar an ngeilleagar, ós rud é gur tháinig deireadh le timthriall fáis na n-amhábhar. Roimh ghéarchéim COVID-19, ní raibh ach 0.3 % sa mheánráta fáis. Ba é 2014 - 2020 an tréimhse inar tharla an fás eacnamaíoch is ísle le fiche bliain anuas agus ní raibh an fiachas poiblí riamh chomh hard céanna agus atá sé anois.

2.2Bhí torthaí tromchúiseacha ag an ngéarchéim sláinte a d’eascair as paindéim COVID-19 ar an réigiún agus sháraigh meánlíon na gcásanna agus na mbásanna an meánlíon domhanda. Chuir sé sin ualach mór ar chórais sláinte, a raibh deacrachtaí acu cheana féin chun dul i ngleic le galair eindéimeacha agus fiú cúram príomhúil a chur ar fáil 2 . Cuireadh chun suntais le géarchéim COVID éifeachtaí diúltacha na mbeartas a cuireadh chun feidhme le blianta fada anuas, beartais a bhain le ciorruithe ar bhuiséid sláinte, laghdú foirne, agus dí-infheistiú i mbonneagar i measc nithe eile. Ba léir nach raibh na beartais sin éifeachtach agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin arbh é an víreas ba chúis leo.

2.3I bhfianaise na paindéime, d’fhéach formhór na dtíortha sa réigiún le srianta a fhorchur ar an tsoghluaisteacht agus tacaíocht agus aistrithe a ullmhú d’earnálacha leochaileacha. Ina theannta sin, cuireadh beartais fhioscacha agus airgeadaíochta fhrith-thimthriallacha nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun feidhme 3 . Mar sin féin, tá caillteanais arda ann maidir le beatha daoine, an geilleagar agus an cuimsiú sóisialta, mar gheall ar an laige struchtúrach agus ar a theoranta atá raon feidhme fioscach na mbeart freagartha.

2.4Tá an meánráta boilscithe sa réigiún ag ardú agus shroich sé 9.8 % in 2021. Mar gheall go bhfuil ardú tagtha air de bharr éifeacht an chogaidh, táthar ag súil go sroichfidh sé 11.2 % in 2022 4 . I ngeall ar an staid sin, tá méadú ag teacht ar na bearnaí a chuireann srian leis an bhforbairt.

2.5Tá ‘gaistí forbartha’, mar a thugtar orthu, os comhair Mheiriceá Laidineach 5 .

2.5.1Ciallaíonn an gaiste táirgiúlachta go bhfuil gá le struchtúir eacnamaíocha éagsúlaithe agus le táirgí agus seirbhísí níos sofaisticiúla. Ní hionann filleadh ar an táirgeadh príomhúil agus ráthaíocht maidir le comhtháthú cuí i slabhraí luacha domhanda agus ní chruthaítear leis sin mórán dreasachtaí infheistíocht a dhéanamh. Bhí tionchar ar leith ag an bpaindéim ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna), fiontair a bhfuil níos mó deacrachtaí acu maidir le teicneolaíochtaí nua a ghlacadh. Ina theannta sin, tá earnáil na talmhaíochta ag dul i laige i ngeall ar an gcogadh.

2.5.2D’fhonn an gaiste leochaileachta sóisialta a shárú, ba cheart na hinstitiúidí cosanta saothair agus sóisialta a fheabhsú, agus fostaíocht fhoirmiúil níos cuimsithí agus poist ar chaighdeán níos fearr a chruthú sna hinstitiúidí sin chun fáinne fí na leochaileachta, na luaineachta ioncaim agus na heaspa cosanta sóisialta a bhriseadh.

2.5.3Chun an gaiste institiúideach a réiteach, tá gá le hinstitiúidí níos fearr agus le beartais maidir le cuimsiú chun muinín a athbhunú, chun caighdeán na seirbhísí poiblí a fheabhsú agus chun freagairt do mhianta meánaicme leithne, agus chun bheith cinnte go bhféadfar spreagthaí an phobalachais agus an údarásaíochais a sheasamh.

2.5.4Tá an gaiste maidir le leochaileacht chomhshaoil fréamhaithe sa chlaontacht táirgthe i dtreo earnálacha atá dian ar acmhainní nádúrtha agus ní mór dul i ngleic leis na costais arda a bhaineann leis an tsamhail sin atá dian ar charbón agus ar shaothrú acmhainní neamh-inathnuaite a choigeartú.

2.6Bíonn tionchar ag fadhbanna struchtúracha agus gaistí forbartha 6 ar an téarnamh eacnamaíoch agus fostaíochta. Tháinig laghdú 6.8 % ar OTI réigiúnach in 2020 7 . Bhí meánráta fáis 6.1 % ann in 2021 agus táthar ag súil nach dtiocfaidh ach méadú 2.1 % ar an réigiún in 2022. Meastar nach leor an fás sin chun dul i ngleic le géarú na bhfadhbanna struchtúracha. Tá an staid ag dul in olcas de dheasca ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus an mhéadaithe ar phraghas na mbreoslaí iontaise, na n-ionchur talmhaíochta agus an bhia, cé go bhfuil níos mó earraí príomhúla á n‑onnmhairiú ag roinnt tíortha.

3.Tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na paindéime agus an chogaidh

3.1As na 22 mhilliún post a cailleadh in 2020, níor éirigh le 4.5 milliún díobh téarnamh go fóill, rud a leagann béim ar na poist ar bheagán oiliúna agus ar fhostaíocht na mban agus na hóige, agus ar an bhfostaíocht neamhfhoirmiúil. Idir 2019 agus 2020, tháinig laghdú ar ráta fostaíochta na mban ó 51.4 % in 2019 go 46.9 % in 2020. Bhí tionchar ag caillteanais post san earnáil intíre (20.9 %) ar idir 11 agus 13 mhilliún bean in 2019 8 .

3.2Chaill an réigiún breis agus deich mbliana ó thaobh an bhochtaineacht a laghdú agus d’fhéadfadh sé go bhfuil deich mbliana eile ós a chomhair chomh maith 9 . In 2021, shroich an ráta bochtaineachta 32.1 % agus shroich an ráta fíorbhochtaineachta 13.8 %. Tá 201 mhilliún duine buailte ag an mbochtaineacht agus tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá i bhfíorbhochtaineacht ó 81 mhilliún go 86 mhilliún.

3.3Léiríonn an ghéarchéim sláinte agus bhoilscitheach leochaileacht an daonra ar mheánioncaim, i ngeall ar leibhéil ísle ranníocaíochta le córais leasa shóisialta ranníocacha agus cumhdach íseal na gcóras leasa shóisialta neamhranníocach 10 . Tá meath tagtha ar an ngeilleagar neamhfhoirmiúil, ach fós féin gineann sé 140 milliún post, go háirithe d’oibrithe talmhaíochta, do mhná agus do dhaoine óga. Ciallaíonn sé sin leochaileacht níos mó, soghluaisteacht shóisialta níos ísle agus cumas teoranta ag an Stát cistí a thiomsú agus cosaint shóisialta a chur ar fáil.

3.4Bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar leanaí agus ar dhaoine óga ós rud é gur cuireadh teorainn leis an gcineál tacaíochta a chuirtear ar fáil leis an oideachas ar aghaidh a chéile: ní raibh 114 mhilliún páiste ag freastal ar scoil, agus mhair an staid sin dhá bhliain i roinnt tíortha. Leis an mbearna sa nascacht, i scileanna digiteacha agus i gcumas na dteaghlach dul i ngleic leis an digiteáil éigeantach, cruthaíodh difríocht idir daltaí ar ioncam ard agus daltaí ar ioncam íseal, arb ionann é agus dhá bhliain oideachais 11 . Ina theannta sin, tháinig méadú ar ualach na hoibre cúraim do mhná. Cuireadh isteach ar dhaoine faoi mhíchumas (thart ar 85 mhilliún duine) freisin. I ngeall ar an easpa faisnéis inrochtana, chomh maith leis an idirdhealú sa chúram sláinte, tá an cuimsiú sóisialta, rud atá leochaileach cheana, ag éirí níos measa agus faoi bhagairt ag an mboilsciú.

3.5Mar gheall ar na teorainneacha soláthair comhchruinnithe i dtuaisceart an domhain, d’éirigh le tíortha Mheiriceá Laidinigh rochtain a fháil, trí chaibidlíocht dhéthaobhach, ar 93 mhilliún dáileog ó chlár COVAX. D’onnmhairigh an tAontas breis agus 130 milliún dáileog agus bhronn na Ballstáit 10 milliún dáileog eile 12 . In ainneoin na ndeacrachtaí, tá 63.3 % den daonra sa réigiún vacsaínithe ar an meán le dhá dháileog. Cé go sroicheann an figiúr sin 89 % i roinnt tíortha, i dtíortha eile ní shroicheann sé ach 1 % 13 .

4.Corraíl shóisialta mhéadaithe

4.1Níor tugadh aghaidh go hiomlán ar na gluaiseachtaí sóisialta a bhain croitheadh as roinnt tíortha in 2019. Tá roinnt teannas ag éirí níos géire agus is measa fós iad mar gheall ar an ardú ar phraghsanna bia. Is ábhar imní do shaoránaigh caighdeán íseal na mbeartas poiblí, an t-éilliú, leochaileacht na meánranganna, an t-eisiamh sóisialta agus an easpa slándála. Níor baineadh amach na hionchais shóisialta a bhí ann le linn na chéad deich mbliana den 21ú haois agus leathnaigh an méid sin an bhearna idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí. Léirítear le torthaí thimthriall réigiúnach na dtoghchán don tréimhse 2020-2022 treocht an athraithe, rud a fhágann go bhfuil dúshláin mhóra ann d’uachtaráin tofa.

4.2Tá an réigiún ar cheann de na réigiúin ar domhan is mó atá thíos leis an éagothroime. Idir 2019 agus 2020, tháinig laghdú 1 % ar líon na ngrúpaí ardioncaim agus meán-ardioncaim agus laghdú 3.5 % ar líon na ngrúpaí meánioncaim agus meán-ísealioncaim. Tháinig méadú 4.7 % ar earnálacha ísealioncaim (a ghineann ioncam atá 1.8 oiread faoi bhun thairseach na bochtaineachta), agus méadú 3.3 % ar líon na ndaoine atá i mbochtaineacht nó i bhfíorbhochtaineacht 14 .

4.3Ábhar imní eile is ea an easpa slándála a bhíonn roimh dhaonra Mheiriceá Laidinigh, go háirithe i gcathracha. D’fhéadfadh sé, go cinnte, go mbeadh nasc idir an foréigean agus an choireacht eagraithe, an trádáil neamhdhleathach agus an fíoras nach bhfuil na stáit in ann srian a chur leis an méid sin 15 . Mar sin féin, ní leis an gcoireacht amháin a bhaineann an foréigean. Tá foréigean sóisialta ann freisin, foréigean atá nasctha le rátaí fíorbhochtaineachta, a bhfuil beartais phoiblí ag teastáil ina leith maidir le hobair chuibhiúil a chruthú agus maidir le hathruithe lena n‑áiritheofaí oideachas ardcháilíochta do chách, agus tá foréigean polaitiúil ann a bhfuil sé d’aidhm aige fáil réidh leis an bhfreasúra, agus cumhacht a choinneáil ar an mbealach sin. Tá méadú tagtha freisin, le linn na paindéime agus le linn na ráigeanna agóidí, ar an bhforéigean i gcoinne ceardchumannaithe, iriseoirí, cosantóirí an chomhshaoil agus chearta an duine agus lucht gnó, rud ar cúis mhór imní é.

4.4Tar éis chruinniú deiridh EuroLat, inar leagadh béim ar an ngá atá le cosaint níos fearr a thabhairt d’oibreoirí ceartais, bheadh sé úsáideach an mheastóireacht ar thionscadal COPLA (Corte Penal Latino Americana y del Carribe) úsáideach.

4.5Dúshlán struchtúrach is ea an leochaileacht i leith an athraithe aeráide: tá an réigiún ar cheann de na réigiúin is mó atá buailte, agus tá tionchar eacnamaíoch suas le EUR 85 852 mhilliún aige in aghaidh na bliana. Ní mór gné shóisialta an tionchair sin a mheas, lena n-áirítear an neamhshlándáil bia agus tubaistí atá ag éirí níos minice i gcónaí.

4.6Ciallaíonn easpa sábháilteachta, an bhochtaineacht agus réimis fhorlámhacha go bhfuil líon ard daoine ag bogadh ar fud na mór-roinne. Mar gheall ar leochaileacht na bpróiseas imirce agus tearmainn sin, tá géarchéim dhaonnúil ann nár tugadh aghaidh uirthi go leordhóthanach agus a bhfuil cur chuige réigiúnach ag teastáil ina leith.

4.7Tá na daonlathais i staid leochaileachta. Is iad na scothaicmí, na páirtithe polaitiúla agus na parlaimintí atá thíos le géarchéim dlisteanachta agus muiníne, rud a fhágann, in éineacht leis an dearcadh maidir le héilliú agus na leibhéil arda maidir le hilroinnt agus polarú polaitiúil, nach leor na sásraí comhchinnteoireachta agus cómhargála 16 . Le staid reatha na héagobhsaíochta domhanda, leagtar béim níos mó ar bhagairt an údarásaíochais agus ar an ngá atá le daonlathais a neartú.

5.I dtreo comhaontú sóisialta nua

5.1D’ainneoin na míshástachta agus na muiníne ísle as an gcóras, tá na saoránaigh toilteanach claochluithe polaitiúla a éileamh ar na sráideanna agus nuair a vótálann siad. Tá ról tábhachtach ag daoine óga agus ag mná sna gluaiseachtaí sin: is acmhainn luachmhar í a rannpháirtíocht sa réimse polaitiúil. Tá sé ríthábhachtach samhail d’idirphlé sóisialta institiúidithe a chur chun cinn amhail an t-idirphlé sin atá i bhfeidhm cheana féin san Eoraip agus an comhar atá ann cheana le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Comhlachas Idirnáisiúnta na gComhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta a chomhdhlúthú.

5.2Ní mór do na saoránaigh ról lárnach a bheith acu sna claochluithe, agus ní mór na sásraí a neartú maidir le plé poiblí agus le rannpháirtíocht, chun a áirithiú go bhfuil siad inrochtana agus cosanta. Is gá muinín a athbhunú trí bheartais atá oscailte agus cuimsitheach a chruthú, agus straitéisí soiléire cumarsáide agus córais cúitimh shóisialta a áirithiú. Is gá freisin an chuntasacht a neartú, lena n-áirítear an mheastóireacht ar bheartais agus ar thionchar na mbeartas sin.

5.3Is féidir conradh sóisialta nua a bhaint amach trí chomhaontuithe trasearnálacha idir grúpaí socheacnamaíocha, críocha agus glúine agus trí straitéisí táirgthe athléimneacha inbhuanaithe a chothú lena gcruthófar poist ardcháilíochta agus lena dtacófar leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Mar an gcéanna, tá gá le córais chuimsitheacha agus éifeachtacha um chosaint shóisialta agus samhail níos inbhuanaithe maoiniúcháin don fhorbairt. Ba cheart a áirithiú leis sin go n‑urramófar cearta, go mbeidh poist cuibhiúil leis an íosphá maireachtála agus leis an gcómhargáil, go bhfuil an chosaint shóisialta uilíoch agus go n‑áiritheofar leis an idirphlé sóisialta go mbeidh bearta aistrithe córa ann don aeráid agus don teicneolaíocht.

5.4Chun an comhaontú sóisialta sin a bhaint amach, tá gá le beartas caiteachais phoiblí atá cobhsaí agus inbhuanaithe go fioscach. Sa ghearrthéarma, tá tábhacht le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta, an leachtacht a mhéadú agus a dhíriú chuig tíortha meánioncaim, agus faoiseamh ó fhiachas do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Tá an méid sin sa bhreis ar an ioncam poiblí a neartú trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht an bhailiúcháin. Sa mheántéarma, ní mór cánachas atá comhleanúnach agus éifeachtach a neartú chun caiteachas buan de bheartas sóisialta gníomhach a íoc. Beidh gá le comhdhearcadh idirnáisiúnta freisin ar mhaithe le fiachas poiblí a athstruchtúrú. San fhadtéarma, ní mór an ról atá ag cánacha, an bailiúchán digiteach agus an cánachas glas a mhéadú. Tá gá le comhar idirnáisiúnta freisin chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a laghdú 17 .

5.5Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach an geilleagar sóisialta margaidh sa réigiún a fhorbairt, i bhfianaise an róil thábhachtaigh atá aige maidir le córais táirgthe atá cuimsitheach agus athléimneach a fhorbairt. Chuige sin, is gá margaí cothroma agus bealaí dáileacháin cothroma a chruthú 18 . Tá sé tábhachtach ról na nGrúpaí Comhairleacha Baile a aithint agus a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe saorthrádála 19 .

6.Comhghuaillíocht leis an Aontas Eorpach:

6.1Aithnítear i mbeartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt gur gá rialacha mionsonraithe nua a chur chun feidhme taobh amuigh de na paraidímí Thuaidh-Theas agus dóibh siúd a bhaineann le cúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA), trí chineálacha nua comhpháirtíochtaí ilghníomhaithe agus il-leibhéil a ghlacadh 20 . Freagraíonn an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) don ghá atá le solúbthacht leithdháileadh geografach agus téamach na gcistí a fheabhsú, agus le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus ar threochlár na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Leis an straitéis ‘Global Gateway’, dírítear ar an domhan a nascadh ar bhealach cliste, glan agus slán san earnáil dhigiteach, san earnáil fuinnimh agus san earnáil iompair, agus córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú. Is é is aidhm do na hathruithe sin na hacmhainní agus na huirlisí is gá a chur ar fáil don Aontas chun a chuid luachanna agus leasanna a réiteach i réimse idirnáisiúnta atá níos casta, níos conspóidí agus níos idirnasctha.

6.2Chun na straitéisí a chomhordú, seoladh an tionscnamh ‘Team Europe’ (Foireann na hEorpa), tionscnamh a fhéachann le hiarrachtaí na n-institiúidí Eorpacha, na mBallstát agus a ngníomhaireachtaí cur chun feidhme a chomhcheangal leis na hinstitiúidí airgeadais forbartha.

6.3Is é is aidhm don chomhar Eorpach céimniú atá bunaithe ar ioncam per capita a shárú agus glacadh leis an gcoincheap ‘forbairt san idirthréimhse’, rud atá níos oiriúnaí do riachtanais an réigiúin. Mar sin féin, tá dúshlán fós le sárú maidir leis an idirphlé a fheabhsú agus an cumas neart an chaidrimh agus na buntáistí a bhaineann leis a chur in iúl.

6.4Ag an bpointe seo, agus dúshláin thar a bheith tromchúiseach os ár gcomhair ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus náisiúnta, tá sé tábhachtach a chur in iúl go bhféadfadh an Eoraip agus Meiriceá Laidineach a bheith ina gcomhpháirtithe idéalacha i gcomhghuaillíocht chun an daonlathas a chosaint, ar mhaithe le geilleagair agus sochaithe níos córa agus níos cothroime a chothú, lena neartófar an t‑iltaobhachas agus lena nglacfar go hiomlán le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart a chur i bhfios go láidir, freisin, nach mbeadh an chomhghuaillíocht sin inmharthana gan aitheantas iomlán agus rannpháirtíocht iomlán a sochaithe sibhialta eagraithe, eagraíochtaí um chearta an duine, eagraíochtaí ceardchumainn agus gnó, agus comhlachais chomhshaoil, i measc eagraíochtaí eile.

7.Tacú le téarnamh a mbeidh an tsochaí shibhialta san áireamh ann

7.1In 2020, tharla athruithe i struchtúr thionscnaimh na hinfheistíochta dírí coigríche. Go dtí 2019, ba iad cuideachtaí Eorpacha na príomhinfheisteoirí sa réigiún agus ba iadsan a chur 55 % den infheistíocht dhíreach choigríche ar fáil. In 2020, tháinig laghdú 49 % ar an infheistíocht Eorpach, agus laghdú 35 % ar infheistíochtaí idir-réigiúnacha, i gcomparáid le laghdú 4 % ar an infheistíocht ó na Stáit Aontaithe 21 agus an méadú ar an infheistíocht ón tSín.

7.2Tá straitéis scoir géarchéime na hEorpa bunaithe ar a samhail eacnamaíoch a fheabhsú tríd an gComhaontú Glas don Eoraip agus trí chistí Next Generation EU. Tá an ghné sin ríthábhachtach don straitéis dhéréigiúnach. Dá bhforbrófaí ionstraimí chun tacú leis an aistriú fuinnimh, digiteach, glas agus sóisialta, bheadh buntáistí forleathana ann don dá réigiún.

7.3Tá sé ríthábhachtach an caidreamh trádála leis an Eoraip a neartú trí chomhaontuithe atá sínithe cheana féin nó trí chomhaontuithe eile atá á gcaibidliú, amhail na comhaontuithe le Mercosur, leis an tSile agus le Meicsiceo. Ní hamháin go neartaíonn na comhaontuithe sin an trádáil, ach bíonn tionchar acu ar cháilíocht na fostaíochta agus ar a feidhm shóisialta, ar an aistriú teicneolaíochta agus ar an aistriú chuig an inbhuanaitheacht. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gá le comhpháirtíocht trádála a chur chun cinn, comhpháirtíocht atá difriúil ó chinn eile ó thaobh cáilíochta agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach de, agus ó thaobh brabúsachta chomh maith, e.g. i gcomparáid le samhlacha caidrimh idirnáisiúnta creachacha agus neamhfhreagracha. Mar sin féin, trí bhíthin na gcomhaontuithe trádála, ní mór díriú ar dhaoine agus ar a gcearta bunúsacha, ar obair chuibhiúil agus ar dhlúthpháirtíocht leis na daoine is leochailí, ar urraim don chomhshaol agus ar chosaint an daonlathais agus ní mór a bheith in ann cearta a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe:

7.4Infheistíochtaí a mhealladh a thacaíonn le SDGanna a bhaint amach, agus creat rialála iltaobhach chun an méid sin a dhéanamh, trí dhíriú ar cháilíocht saoil daoine, ar fhostaíocht chuibhiúil, ar chuimsiú, ar inbhuanaitheacht agus ar chosaint an daonlathais. Tá comhar breise maidir le tionscadail agus cur chun feidhme rathúil an Chompáis Straitéisigh Eorpaigh inmhianaithe freisin d’fhonn cuspóirí coiteanna a bhaint amach.

7.4.1An digiteáil mar dheis don fhorbairt. Tá leibhéal idirmheánach bainte amach ag Meiriceá Laidineach a mhéid a bhaineann leis an digiteáil, ach tá an ráta fáis is ísle aige i measc na dtíortha atá ag teacht chun cinn. Maidir leis an réimse digiteach, tiocfaidh an Comhaontas Digiteach idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, atá nasctha le cábla snáthoptaice trasatlantach (EllaLink), agus straitéis nascachta an Aontais Eorpaigh ‘Global Gateway’, le chéile. Le tacaíocht láidir don digiteáil, ní mór an ghné shóisialta agus gnólachtaí a neartú.

7.4.2An geilleagar foirmiúil a chur chun cinn agus an fhostaíocht neamhfhoirmiúil a sheachaint 22 . Áirítear i gcomhaontuithe ilpháirtí clásail shonracha lena gceanglaítear comhlíonadh chomhaontuithe EIS, chomh maith le cearta a ráthú, saothar leanaí a chosc agus cigireacht saothair a neartú. Bíonn tionchar dearfach ag na clásail sin ar fhorbairt acmhainní i dtíortha na nAindéas lenar síníodh comhaontuithe 23 .

7.4.3Tacaíocht dhíreach a thabhairt d’fheabhsú, do cháilíocht agus do chumhdach an oideachais ar gach leibhéal agus tacú le neartú na líonraí oideachais agus eolaíochta leis an Eoraip. Is acmhainn é clár Erasmus Mundus ar féidir leas breise a bhaint as chun ollscoileanna a nascadh le chéile.

7.4.4Ó 2021 i leith, tá tús curtha ag an Aontas le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas trádála agus chun a chur chuige i leith na trádála agus na forbartha inbhuanaithe a neartú. Tá sé dearbhaithe ag an Aontas gurb é an cuspóir atá ann beartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach a bhaint amach atá fite fuaite le príomhshruthú na forbartha inbhuanaithe. Agus an t‑iomaíochas idir earnálacha táirgiúla agus gníomhairí eacnamaíocha á gcur chun cinn (mór, meánmhéide agus beag), ní mór san am céanna luachanna agus prionsabail amhail an daonlathas, cearta uile an duine, an chultúir, na hinscne, an chomhshaoil, an tsaothair agus na gceardchumann a chur chun cinn freisin. Ba cheart don tsochaí shibhialta eagraithe sa dá réigiún páirt ghníomhach a ghlacadh chun a gcaidreamh a neartú trí chruinnithe téamacha fíorúla agus/nó aghaidh ar aghaidh, le féilire cruinnithe níos uaillmhianaí agus treochlár cur chun feidhme.

7.4.5Tá sé mar aidhm ag an Aontas an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus a bheith ar thús cadhnaíochta san iarracht dhomhanda maidir leis an bpláinéad a chosaint agus a théarnamh éiceolaíoch a chur chun cinn 24 . Tá cur chun cinn na gcuspóirí sin i mbeartas trádála na hEorpa i dtreo comhar comhshaoil 25 níos uaillmhianaí tábhachtach don chaidreamh trádála le Meiriceá Laidineach agus chun sochaí shibhialta a neartú a bhfuil roinnt mhaith bagairtí roimpi mar gheall ar an leochaileacht i leith an athraithe aeráide agus ar ghníomhaithe foréigneacha. Tá sé ríthábhachtach cosaint a thabhairt do na daoine sin agus dóibh siúd a chosnaíonn cearta an duine, agus do cheardchumainn agus d’iriseoirí, agus áitiú ar rialtais Mheiriceá Laidinigh gealltanas a thabhairt chun a sláine a áirithiú.

7.4.6Tacaíonn tionscnamh Fhoireann na hEorpa le hiarrachtaí i gcoinne an dífhoraoisithe san Amasóin, agus leis an gcéim nua den chlár EUROCLIMA+ déanfar EUR 140 milliún a leithdháileadh chun tacú le gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras. Mar sin féin, níor dhírigh Meiriceá Laidineach ach 15 % den infheistíocht fhioscach ar an téarnamh eacnamaíoch i ndiaidh na paindéime, agus níos lú ná 6.9 % ar an téarnamh glas. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an réigiún chun cánachas, caiteachas poiblí agus infheistíocht phríobháideach ghlas a ghiniúint. Is inmhianaithe freisin comhghuaillíocht a neartú chun amhábhair straitéiseacha a bhainistiú ar bhealach freagrach agus aistriú teicneolaíochta inbhuanaithe bunaithe ar thaithí agus ar shaineolas na hEorpa a áirithiú.

7.4.7D’fhonn bonn taca a chur faoi chomhpháirtíocht an Aontais Eorpaigh le Meiriceá Laidineach, ní mór bailchríoch a chur ar an gcomhaontú le Mercosur, ar cómhargadh é ina bhfuil 780 milliún tomhaltóir, a d’fhéadfadh OTI a mhéadú 1.5 % sa Bhrasaíl nó suas le 10 % i bParagua. Ba cheart do chosaint an chomhshaoil a bheith ina céim chun cinn a réitíonn an bealach do chomhpháirtíochtaí déréigiúnacha den ghlúin nua. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh maidir le córais inmharthana a chuardach chun deimhnithe um chosaint an chomhshaoil a chur san áireamh do roinnt táirgí agus clásail chomhuaineacha. Má chuireann an tAontas an ghné sin in iúl go rathúil, neartóidh sé an fhís atá aige don fhorbairt dhomhanda agus a chumas straitéiseach.

An Bhruiséil, 15 Nollaig 2022

Christa SCHWENG

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)     IO C 429, 11.12.2020, lch. 197 ; IO C 290, 29.07.2022, lch. 11 .
(2)    UNESCO (2021), Covid-19 and vaccination in Latin America and the Caribbean: challenges, needs and opportunities [COVID-19 agus vacsaíniú i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib: dúshláin, riachtanais agus deiseanna].
(3)    ECFE (2021), Latin America Economic Outlook 2020 [Réamhaisnéis eacnamaíoch maidir le Meiriceá Laidineach in 2020].
(4)    Sonraí CAI.
(5)    ECFE (2022), Latin America Economic Outlook 2021 [Réamhaisnéis eacnamaíoch maidir le Meiriceá Laidineach in 2020].
(6)    Idem.
(7)    An Coimisiún Eacnamaíochta do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib (ECLAC), 2021: Economic Survey of Latin America and the Caribbean [Staidéar Eacnamaíoch maidir le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib].
(8)    EIS (2022), Tírdhreach na hoibre; ECLAC, 2021, Panorama Social de América Latina [Léargas Sóisialta ar Mheiriceá Laidineach].
(9)    ECLAC (2021), op. cit.
(10)    Nieto Parra, (2020), Desarrollo en transición en América Latina en tiempos de la COVID-19 [Forbairt san idirthréimhse i Meiriceá Laidineach le linn phaindéim COVID-19], Fundación Carolina.
(11)    UNESCO (2021), Responding to COVID-19: Education in Latin America and the Caribbean [Freagairt ar phaindéim COVID-19: An t-oideachas i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib].
(12)    2.12.2021 - Cruinniú de cheannairí an Aontais Eorpaigh agus Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib: Oibriú as lámha a chéile ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe i ndiaidh phaindéim COVID-19 – Preaseisiúint ón Uachtarán Charles Michel agus ón Uachtarán Ursula von der Leyen.
(13)    Our World in Data.
(14)    ECLAC (2021), op. cit.
(15)    UNODC (2019), Global Study on Homicide [Staidéar domhanda maidir le dúnbhású].
(16)    IDEA Int.(2021), The State of Democracy in the Americas 2021 [Staid an Daonlathais i gCríocha Mheiriceá, 2021].
(17)    ECLAC (2021), Panorama Fiscal de América Latina [Léargas Fioscach ar Mheiriceá Laidineach].
(18)    An Coimisiún Eorpach (2021), Plean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar sóisialta.
(19)     IO C 429, 11.12.2020, lch. 197 ; IO C 290, 29.07.2022, lch. 11 .
(20)    Sanahuja,. J.A. agus Ruiz Sandoval, E. (2019), La Unión Europea y la Agenda 2030 en América Latina: políticas de cooperación en una región de «desarrollo en transición» [An tAontas Eorpach agus Clár Oibre 2030 i Meiriceá Laidineach: beartais maidir le comhar i réigiún ‘na forbartha san idirthréimhse’], Fundación Carolina; an Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt (ECD) 2017, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, 2018.
(21)    Tuarascáil ó ECLAC (2021), Foreign Direct Investment in Latin America and the Caribbean 2021 [Infheistíocht dhíreach choigríche i Meiriceá Laidineach, 2021].
(22)    Féach: an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt (2006); Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hobair chuibhiúil do chách a chur chun cinn (2006) (Níl leagan Gaeilge ann); Clár Oibre don Athrú, an Coimisiún Eorpach (2011); an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt (2011); Doiciméad oibre ‘Obair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain: slabhraí luacha domhanda freagracha le haghaidh téarnamh cothrom, inbhuanaithe agus athléimneach ó ghéarchéim COVID-19’, an Coimisiún Eorpach (2020) (Níl leagan Gaeilge ann); Ionstraim nua an Aontais um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) (2020).
(23)    Fairlie Reinoso, A. (2022), Nuevos retos para el Acuerdo Comercial Multipartes de la Unión Europea con Perú, Colombia y Ecuador [Dúshláin nua do Chomhaontú Trádála Ilpháirtí an Aontais Eorpaigh le Peiriú, leis an gColóim agus le hEacuadór], Fundación Carolina agus Fondúireacht AE-MLC.
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, [COM(2019) 640 final] (Níl leagan Gaeilge ann).
(25)    Giles Carnero, R. (2021), La oportunidad de una cláusula ambiental de elementos esenciales en acuerdos comerciales de la Unión Europea con Estados terceros: a propósito del Acuerdo Unión Europea-Mercosur [Deis maidir le clásal comhshaoil de ghnéithe riachtanacha i gcomhaontuithe trádála an Aontais le tríú tíortha: an Comhaontú idir an tAontas agus Mercosur; Fundación Carolina DT. 44.