INT/973
Rialachas corparáideach inbhuanaithe
TUAIRIM
An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937
[COM(2022) 71 final]
Rapóirtéir: Antje GERSTEIN
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 04/04/2022
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 05/04/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 50(1)(2)() agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
|
|
|
Rannóg atá freagrach
|
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
27/06/2022
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
76/0/3
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
DD/MM/YYYY
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
…
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
…/…/…
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an togra ós céim thábhachtach chun cinn é chun creat reachtach AE comhleanúnach a bhunú maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí lena gcuirtear chun cinn an urraim do chearta an duine mar dhualgas ar ghnólachtaí agus ar stiúrthóirí. Deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach do chuideachtaí, d’fhostaithe agus dá ngeallsealbhóirí eile go léir an sprioc ba cheart a bheith ann.
1.2Ar an ábhar sin, tá CESE á iarraidh go gcuimhneodh comhreachtóirí ar choincheap na cothroime iomaíochta agus, ar a laghad, príomhfhorálacha a bheartú atá comhchuibhithe ina n‑iomláine chun neamhréireachtaí saobhacha idir dlíthe na mBallstát maidir le trasuí a sheachaint.
1.3Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Is iad sin an tagarmharc lena leagtar amach go soiléir dualgais agus freagrachtaí na ngníomhaithe uile (stáit, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus ionadaithe na bhfostaithe) agus ag a bhfuil samhail trí cholún ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ chun feabhas a chur ar staid chearta an duine feadh na slabhraí soláthair agus luacha ar fud an domhain. De réir oibleagáidí dlí idirnáisiúnta na Stát maidir le cearta an duine, ní mór dóibh cearta an duine aonair a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh laistigh dá gcríoch agus/nó laistigh dá ndlínse.
1.4Ní féidir athrú sistéamach inbhuanaithe a dhéanamh ar an láthair ach amháin trí thacú le tíortha agus é a chur ar a gcumas a ndualgas maidir le cearta an duine a chosaint a chomhlíonadh ar dhóigh níos fearr. Tá freagracht shoiléir ar chuideachtaí cearta an duine a urramú. Ní féidir leo, áfach, teacht in ionad ról ríthábhachtach agus dea‑fheidhmiú an Stáit. Sa chomhthéacs sin, is mór ag CESE an tionscnamh reachtach a d'fhógair an Coimisiún lena dtabharfar aghaidh go sonrach ar shaothar éignithe.
1.5Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí idirdhealú soiléir sa treoir idir na drochthionchair a bhfuil fiontar ina chúis leo nó a bhfuil tionchar aige orthu agus na tionchair nach bhfuil fiontar ina chúis leo nó nach bhfuil tionchar aige orthu ach a bhfuil nasc díreach acu lena chuid oibríochtaí, táirgí nó seirbhísí trí chaidreamh gnó. Ní mór a aithint go bhfuil gá le cur chuige rioscabhunaithe maidir le dícheall cuí agus go bhféadfadh córas socraithe tosaíochta bunaithe ar an measúnú riosca a bheith i gceist leis.
1.6Ba mhian le CESE a chur in iúl nach mór do lucht ceaptha beartas cuimhneamh ar sheasamh dúshlánach MFBManna agus a áirithiú go mbeidh uirlisí tacaíochta ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta nuair a thiocfaidh an reachtaíocht maidir le dícheall cuí i bhfeidhm.
1.7Tá próiseas leanúnach i gceist le dícheall cuí corparáideach a fheidhmiú agus ní mór ceardchumainn agus ionadaithe na bhfostaithe a bheith rannpháirteach ann má tá rath le bheith air. Tá CESE ag iarraidh go gcuimhneofaí ar chreat an Aontais maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh. Sa chomhthéacs sin, is féidir treoir agus tacaíocht a chur ar fáil a bhuí leis an ról atá á imirt ag ionadaithe eagraithe agus tofa na bhfostaithe, mar shampla bunaithe ar obair na gComhairlí Oibreacha Eorpacha nó ar Chreat‑Chomhaontuithe Idirnáisiúnta agus i seomraí boird cuideachtaí, i gcás inarb infheidhme.
1.8Is ábhar imní do CESE é go bhfuil neart coincheapa dlíthiúla doiléire sa togra ón gCoimisiún, coincheapa a bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint astu. Ar an ábhar sin, measann sé gur gá sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar théarmaí amhail ‘caidreamh gnó seanbhunaithe’, ‘slabhra luacha iartheachtach’ agus ‘bearta iomchuí’ toisc go sainmhíníonn siad nó go gcinneann siad, ní hamháin raon feidhme na treorach, ach freisin na ceanglais, smachtbhannaí agus dliteanais díchill chuí lena mbaineann, nó go mbíonn tionchar aige orthu.
1.9Tá CESE á iarraidh go mbeadh an togra níos soiléire maidir le grúpaí agus oibleagáidí díchill chuí. Seachas tagairt a dhéanamh do ‘cuideachta’ (Airteagal 3(a)), measann CESE go mbeadh ‘grúpa cuideachtaí’ ní b’oiriúnaí agus ní ba chomhleanúnaí a mhéid a bhaineann le sásraí nochta, nósanna imeachta tuairiscithe, láimhseáil tuarascálacha/gearáin agus oideachas laistigh de chuideachtaí.
2.Cúlra an togra ón gCoimisiún
2.1Is príomhábhar spéise don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit, do ghnólachtaí Eorpacha, d’oibrithe agus don tsochaí shibhialta iad cearta an duine. Is iad aistriú an Aontais chuig geilleagar glas aeráidneodrach agus an plean uaillmhianach atá aige Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach is bunús le rannpháirtíocht dhomhain an Aontais sa chlár oibre maidir le gnó agus cearta an duine. Agus é go hiomlán i bhfách leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana agus leis an méid a baineadh amach leo, eadhon Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, tá béim mhór á leagan ag CESE ar chomhleanúnachas beartas leis na hionstraimí sin. Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh comhleanúnachas idir beartais náisiúnta agus reachtaíocht Eorpach atá á dréachtú faoi láthair agus lena gcumhdaítear réimsí comhchosúla nó lena n‑áirítear rialacha maidir le dícheall cuí. Ar shamplaí áirithe de reachtaíocht den chineál sin tá an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach
, an togra le haghaidh Rialachán maidir le táirgí atá bainteach leis an dífhoraoisiú, an togra le haghaidh Rialachán nua maidir le cadhnraí, an Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe, Tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe agus tionscnamh reachtach an Choimisiúin atá ar na bacáin lena gcuirfear toirmeasc éifeachtach ar tháirgí a dhéantar le saothar éignithe a chur ar mhargadh an Aontais (toirmeasc margaidh)
.
2.2Tar éis do roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta maidir le dícheall cuí corparáideach a eisiúint, tá mian níos mó ann cothroime iomaíochta Eorpach a chruthú do chuideachtaí laistigh den Aontas agus ilroinnt a sheachaint. Chuige sin, chuir an Coimisiún Eorpach an togra seo chun tosaigh le haghaidh creat cothrománach chun gnólachtaí a spreagadh a gcion féin a dhéanamh chun cearta an duine agus an comhshaol a urramú.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá athrú as cuimse ag teacht ar an ngeopholaitíocht de dheasca ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí nach rabhthas ag súil leis. Dá thoradh sin, tá athmheasúnú bunúsach á dhéanamh ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus ar na spleáchais sa gheilleagar domhandaithe agus tá dlús á chur leis an iarracht atá ar bun san Eoraip tuilleadh neamhspleáchais a bhaint amach i bpríomhréimsí straitéiseacha. I bhfianaise an athchoigeartaithe fhorleathain ar shlabhraí soláthair a bheidh ann dá bharr sin, beidh gá le machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh atá idir dícheall cuí agus an dualgas cloí le smachtbhannaí arna gcinneadh go polaitiúil agus a chuireann teorainn le raon feidhme an ghnó. Dá bhrí sin, is éard atá á iarraidh ag CESE cur chuige praiticiúil lena gcuirtear dálaí iarbhír nua gnó san áireamh agus lena gcuirtear ar fáil an chomhairle a bhfuil géarghá léi.
3.2I bhfianaise a chasta atá slabhraí soláthair an lae inniu, ní mór tús áite a thabhairt do chríochnúlacht seachas luas agus a bheith tuisceanach agus mionsonraí na Treorach seo á ndearadh. De bhreis ar chaighdeáin agus ionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a urramú ina n‑iomláine, is é an pointe tosaigh ba cheart a bheith ann i gcónaí féachaint le gnéithe seanbhunaithe de Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chomhtháthú ar bhealach praiticiúil éifeachtach. Ar a bharr sin, ba cheart iarmhairtí/tionchar na Treorach seo ar chineálacha éagsúla cuideachtaí Eorpacha (e.g. MFBManna, struchtúir ghabháltais a oibríonn go hidirnáisiúnta) a mheas go cúramach.
3.3Tá CESE á chur i bhfáth nach bhfuil sa Treoir atá beartaithe ach gné amháin de chlár oibre AE i bhfad níos cuimsithí chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, obair chuibhiúil agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain. Ní féidir athrú sistéamach inbhuanaithe a dhéanamh ar an láthair ach amháin trí thacú le tíortha agus é a chur ar a gcumas a ndualgas maidir le cearta an duine a chosaint a chomhlíonadh ar dhóigh níos fearr. Tá freagracht shoiléir ar chuideachtaí cearta an duine a urramú. Ní féidir leo, áfach, teacht in ionad ról ríthábhachtach agus dhea‑fheidhmiú an Stáit, go háirithe dualgas an Stáit cosaint a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine laistigh dá chríoch agus dá dhlínse trí bhearta iomchuí a dhéanamh chun sáruithe dá leithéid a chosc, a imscrúdú, a phionósú agus a cheartú trí bheartais éifeachtacha, reachtaíocht, rialacháin agus breithniú.
3.4Tá sé d’oibleagáid ar chuideachtaí cloí leis na dlíthe is infheidhme agus tá freagracht orthu cearta an duine a urramú i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe. Ní mór dóibh próiseas feidhmiúil díchill chuí a chur chun feidhme chun urraim do chearta an duine a áirithiú feadh na slabhraí luacha. Tá sé de dhualgas ar na Ballstáit agus ar a rialtais an dlí a chur orthu siúd a sháraíonn cearta an duine. Is iad seolaithe chearta an duine agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta lena ngabhann iad. Tá a lán cumhachtaí forfheidhmithe ag na Ballstáit, mar is ceart, nach bhfuil ag cuideachtaí agus nár chóir a bheith acu riamh. Áirítear orthu sin cigearacht a dhéanamh ar áiteanna oibre, fíneálacha a eisiúint, sócmhainní a urghabháil, ceadúnais ghnó a chúlghairm, daoine faoi dhrochamhras a ghabháil, mí‑úsáideoirí líomhnaithe a chúiseamh agus coirpigh chiontaithe a chur i bpríosún.
3.5Tá béim á leagan ag CESE air gur gá fós tús áite a thabhairt don chlaochlú glas, don chosaint shóisialta, do chearta an duine, lena n‑áirítear cearta ceardchumann agus cearta na n‑oibrithe. Ba cheart ról lárnach a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le trédhearcacht iontaofa a chruthú i ndáil le sáruithe ar chearta an duine agus ar chearta comhshaoil agus maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an gceanglas a leagtar amach i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht chun go mbeidh infheistíochtaí i gcomhréir leis an gceanglas ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus go gcomhlíonfar coimircí íosta.
3.6Is maith a thuigeann na ceardchumainn agus ionadaithe na n‑oibrithe nuair a d'fhéadfadh mí‑iompar tarlú. Ar an ábhar sin, tá CESE á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt d’ionadaithe na n‑oibrithe agus do cheardchumainn maidir le próisis díchill chuí a chur ar bun (mapáil riosca), faireachán a dhéanamh orthu (cur chun feidhme) agus sáruithe a thuairisciú (sásraí foláirimh). Ní éireoidh leis an gclaochlú chuig geilleagair inbhuanaithe atá níos sóisialta agus níos éiceolaí mura bhfuil comhpháirtíocht shóisialta thairbheach ann.
3.7Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an liosta de chearta idirnáisiúnta an duine ar a bhfuil an Treoir bunaithe ná cearta gaolmhara an duine amhail Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus an obair leantach air. Creideann CESE gur cheart an scrúdú ar chaighdeáin chearta an duine a aithnítear i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe
a bheith faoi réir dícheall cuí corparáideach. Ar na prionsabail sin tá prionsabail a bhaineann le bunchaighdeáin oibre EIS (gan saothar éignithe, saothar leanaí agus idirdhealú, agus saoirse comhlachais), le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus na Cúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Ina theannta sin, leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún Eorpach Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine agus i gCairt Shóisialta na hEorpa na cearta, na luachanna agus na prionsabail atá mar threoir ag an Aontas Eorpach ina iomláine.
3.8Tá CESE den tuairim nach mór feabhas soiléir a chur ar an Treoir de ghrá comhchuibhiú, soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach. D’fhéadfaí creat éigeantach maidir le dícheall cuí a shocrú trí chaighdeán comhaontaithe a chur i bhfeidhm a fhorfheidhmeofaí trí smachtbhannaí comhréireacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha. Bheadh gá, áfach, le dliteanas a bhunú ar shárú ar shraith de chearta an duine a bheadh sainithe go soiléir.
4.Barúlacha sonracha
4.1Is ábhar imní do CESE é go bhfuil neart coincheapa dlíthiúla doiléire sa togra ón gCoimisiún, coincheapa a bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint astu agus a bhféadfaidh údaráis agus cúirteanna náisiúnta a chur i bhfeidhm ar dhóigheanna difriúla. Measann CESE go háirithe gur gá sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar an téarma ‘caidreamh gnó seanbhunaithe’, mar go sainmhínítear leis, ní hamháin raon feidhme na Treorach, ach freisin na ceanglais maidir le dícheall cuí, smachtbhannaí agus dliteanais i leith damáistí. Tá sainmhíniú níos láidre ag teastáil freisin ar choincheap na ‘slabhraí luacha iartheachtacha’. Ní faoin gcuideachta atá sé gníomhaíochtaí a custaiméirí a rialú agus freagracht a ghlacadh astu. Ní mór na ‘bearta iomchuí’ a mheastar a dhéanfaidh cuideachtaí chun bheith díolmhaithe ó dhliteanas a shainiú ar bhealach níos fearr agus samplaí a thabhairt leo mar thaca. Agus an meall mór ar deireadh, is doiléir na hoibleagáidí atá beartaithe do stiúrthóirí rannchuidiú na ‘geallsealbhóirí’ a chur san áireamh.
4.2Ní hamháin go n‑áirítear sa slabhra luacha soláthraithe díreacha agus indíreacha, i.e. gníomhaíochtaí ‘réamhtheachtacha’, faoi mar a mholtar sa dréacht‑Treoir, áirítear ann freisin úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, diúscairt táirge nó seirbhíse, i.e. gníomhaíochtaí ‘iartheachtacha’ nó deireadh ré. Go deimhin, bíonn fadhbanna éagsúla praiticiúla mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ‘iartheachtacha’ a rianú. Go sonrach, is é is dóichí go mbeidh sé níos deacra fós táirge a rianú tar éis é a chur ar an margadh ná soláthar amhábhar agus comhpháirteanna a rianú. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás táirgí athchúrsáilte, ar minic nach féidir iad a rianú.
4.3Ba cheart a bheith ag súil go ndearfadh gnólachtaí a bpróisis díchill chuí maidir le cearta an duine atá ar dhóigh rioscabhunaithe agus go mbeadh siad i gcomhréir leis an tionchar féideartha agus an tionchar iarbhír a bheidh acu. Ar an gcúis sin, tá CESE den bharúil gur gá an raon feidhme a mhúnlú dá réir, chun comhpháirtithe conarthacha díreacha nó comhpháirtithe indíreacha a chumhdach. Sa dara cás sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis, má tá sé réasúnta de réir chúinsí an cháis, go ndéanfaí beart chun méid an drochthionchar a chosc, a mhaolú, a laghdú nó deireadh a chur leis, mar shampla i gcás ardleibhéal comhtháthaithe ingearaigh. Is ann don modh freagrachta seanbhunaithe sin sa reachtaíocht atá ann cheana, mar shampla, i ndáil le hinrianaitheacht, faoi Bhunrialachán AE (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002). Leis sin, éilítear ar chuideachtaí córais agus nósanna imeachta a bhunú bunaithe ar an bprionsabal ‘céim siar ‑ céim chun tosaigh’ chun a chinneadh cé hé soláthróir díreach agus ceannaitheoir díreach a gcuid táirgí (gan an tomhaltóir deiridh a chur san áireamh). Is oiriúnach an cur chuige seanbhunaithe toisc gur féidir gach páirtí aonair sa slabhra luacha a choinneáil freagrach go soiléir as próisis ar féidir leis tionchar a imirt orthu.
4.4D’fhéadfadh modh earnála a áireamh i gcur chuige rioscabhunaithe freisin. Is geal le CESE go n‑aithnítear sa Treoir atá beartaithe go bhfuil sonraíochtaí earnála i mbeartais díchill chuí ar gá aird a thabhairt orthu. Tá CESE ag iarraidh ar chomhreachtóirí na tionscnaimh agus na caighdeáin thábhachtacha il‑gheallsealbhóirí a ceapadh in earnálacha atá thar a bheith leochaileach (amhail cócó, bananaí agus ola phailme) a chur san áireamh.
4.5Tá CESE á mheabhrú go n‑éilítear le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe Uimh. 15 agus Uimh. 22 leigheasanna i gcásanna ina bhfuil fiontar ina chúis le sáruithe ar chearta an duine nó inar rannchuidigh sé leo. Mar sin féin, ní chuirtear de cheangal ar chuideachta le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe leigheasanna a chur ar fáil nuair is cuideachta eile sa slabhra soláthair is cúis leis an drochthionchar. Is léiriú iad na forálacha sin ar an mbunphrionsabal dlíthiúil nár cheart dliteanas a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil nasc soiléir intuartha ann idir an damáiste a dhéantar don duine díobhálaithe agus an gnólacht atá freagrach as an damáiste sin. Ar an gcaoi chéanna, leagtar béim i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta nach leor féachaint le drochthionchar a chosc i slabhraí soláthair óir ní aistrítear freagracht ó eintiteas atá ina chúis le drochthionchar ar an bhfiontar a bhfuil caidreamh gnó aige leis. Chun críoch comhleanúnachais, measann CESE nár cheart dliteanas sibhialta a chur ar chuideachtaí faoi Threoir an Aontais ach amháin i gcás ina bhfuil siad ina gcúis le sárú ar chearta an duine nó inar rannchuidigh siad leis (i.e. ina gcúis leis go pointe áirithe).
4.6Aontaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin nach mór smachtbhannaí a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá ‘éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach’. I gcás faillí agus intinne, ba cheart don údarás a bheith in ann fíneálacha iomchuí a shocrú. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme na smachtbhannaí a shainiú ar an leibhéal Eorpach.
4.7Tá CESE á iarraidh go mbeadh an togra níos soiléire maidir le grúpaí agus oibleagáidí díchill chuí. Sa téacs reatha agus, go sonrach, sa sainmhíniú ar ‘cuideachta’ (Airteagal 3(a)), tuigtear go bhfuil feidhm ag ceanglais na Treorach maidir le cuideachtaí aonair seachas grúpaí cuideachtaí. Thabharfadh sé sin le tuiscint go mbeadh cuideachta ó Bhallstát a bhfuil fochuideachtaí aici atá ag feidhmiú i mBallstáit eile faoi réir cinntí údarás maoirseachta éagsúil, rud a bheadh deacair ó thaobh na praiticiúlachta de agus níos liopasta. Is iomaí buntáiste atá ag baint le réiteach grúpa, ina measc níos mó comhleanúnachais maidir le sásraí nochta, nósanna imeachta tuairiscithe, láimhseáil tuarascálacha/gearán agus oiliúint agus feasacht laistigh de chuideachta. Aithnítear é seo sa togra le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ina ndéantar foráil maidir le díolúine d’fhochuideachtaí má dhéantar tuairisciú ag leibhéal an ghrúpa. Is fearr a bheifí in ann dul i ngleic leis na difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta is dócha a bheidh ann agus an Treoir seo á trasuí sna 27 mBallstát dá mbeadh réiteach grúpa ann. Is féidir leis a bheith i gcomhréir leis an leibhéal is airde nó dul thairis. Ar na cúiseanna sin, measann CESE gur cheart tús áite a thabhairt do réiteach grúpa maidir le dícheall cuí.
4.8Bíodh is go mbaineann an oibleagáid maidir le dícheall cuí le cuideachtaí móra den chuid is mó beidh tionchar indíreach aici ar MFBManna. Is é is cúis leis sin go méadóidh cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach a n‑éilimh ar sholáthraithe maidir le cur chun feidhme Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, maidir lena dtuairisciú neamh‑airgeadais agus maidir le bainistíocht a tslabhra soláthair féin. Is fusa do chuideachtaí móra ná do chuideachtaí beaga an iarracht shuntasach sin a dhéanamh agus níl na cuideachtaí beaga sin curtha san áireamh i raon feidhme na reachtaíochta sin go fóill. Is lú go mór an tionchar atá ag cuideachtaí beaga chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le cearta an duine ina slabhra soláthair agus tá i bhfad níos lú acmhainní acu chun measúnuithe riosca cuimsitheacha a dhéanamh. Tá CESE á mholadh go mbunódh an Coimisiún Eorpach deasc chabhrach a sholáthróidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le rioscaí a bhaineann le cearta an duine i dtíortha agus i réigiúin. Ba cheart geallsealbhóirí a bheith in ann dul i dteagmháil le deasc chabhrach dá leithéid agus go bhféadfadh tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta comhoibriú léi. Ba cheart don deasc chabhrach sin tacú freisin le fothú acmhainneachta na soláthróirí i dtríú tíortha agus a bhfeidhmíocht chomhshaoil a neartú. Sa bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil, go háirithe do MFBManna, ar bhealach praiticiúil, sonrach agus éifeachtúil agus é bunaithe ar chomhar struchtúrach leis na heagraíochtaí ionadaíocha lena mbaineann. Measann CESE gur den bharrthábhacht é go mbeadh raon feidhme na gcuideachtaí a dtugtar aghaidh orthu leis an Treoir seo i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a luaitear faoi phointe 2.1.
4.9Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an earnáil airgeadais curtha san áireamh go sainráite ag an gCoimisiún sa togra. Áirítear leis an maoiniú inbhuanaithe cearta an duine a urramú agus is gné thábhachtach é chun an geilleagar a athrú ó bhonn i gcaoi go mbeidh sé níos glaise agus níos sóisialta. Mar sin féin, tá an méid atá sa togra maidir le nósanna imeachta fíorúcháin i ndáil le hiasachtú nó maoiniú fós doiléir agus is baolach go ndéanfaí forálacha na Treorach, nach n‑áirítear go sainráite inti MFBManna, a leathnú go hindíreach de facto. Beidh tionchar indíreach aige sin ar MFBManna mar sholáthraithe i slabhra an tsoláthair agus, dá bhrí sin, beidh dúshláin ollmhóra le sárú acu.
4.10Is feasach do CESE go bhfuil Rialachas Corparáideach Inbhuanaithe nasctha le tiomantas soiléir inchreidte stiúrthóirí, lena n‑áirítear próiseas díchill chuí a bhunú i gcuideachta atá láidir agus dea‑fheidhmiúil. Is é is aidhm dó cuideachtaí a thabhairt chun cuntais as tionchar a gcuid oibríochtaí. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí ina soiléirítear an chaoi a bhfuil feidhmíocht cuideachtaí agus stiúrthóirí nasctha le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Tá CESE á thabhairt dá uídh nach mór a áireamh i measc dualgais stiúrthóirí oibleagáidí díchill chuí iontaofa atá bunaithe ar chóras smachtbhannaí i gcásanna nach n‑urramaíonn cuideachtaí iad. Inbhuanaitheacht éiceolaíoch, shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach is ea an sprioc ba cheart a bheith ag geallsealbhóirí uile cuideachta, seachas scairshealbhóirí amháin. I roinnt Ballstát tá sé éigeantach deis a thabhairt d’ionadaithe na n‑oibrithe a dtuairimí a chur in iúl i seomraí boird. Ba cheart reachtaíocht agus rialacha náisiúnta den chineál sin a urramú.
4.11Thug CESE dá aire Bord um Ghrinnscrúdú Rialála de chuid an Choimisiúin féin agus go bhfuil amhras air faoi gnéithe a bhfuil níos mó i gceist leo ná dícheall cuí trína chur in iúl, inter alia, nach bhfuil sé soiléir cén fáth gur gá dualgais na stiúrthóirí a rialáil sa bhreis ar cheanglais maidir le dícheall cuí agus nach mór an breisluach a bhaineann le dualgais na stiúrthóirí a mhíniú agus a mheasúnú ar bhealach níos fearr ós rud é go n‑éilítear leis an rogha maidir le dícheall cuí bainistíocht riosca agus tuiscint ar leasanna na ngeallsealbhóirí. Ina fhianaise sin, feictear do CESE go bhfuil gá le tuilleadh forbartha i ndáil leis sin agus nach mór dualgais stiúrthóirí a chur ag luí ar dhóigh níos fearr le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.
An Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022
Alain COHEUR
Cathaoirleach na Rannóige um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
_____________